Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1978 - 1979::17 November, 1983::Report

TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEABHRÁN ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 5 MÁRTA 1981

TUARASCÁIL DAR DÁTA 24 MEITHEAMH 1976

Moill ag Bailiú Suimeanna Cúiteacha Airgid

Mír 29


1. Tugann an Coiste dá aire an cor atá leagtha amach sa mheabhrán ón Aire maidir le bailiú na suimeanna cúiteacha airgid atá gan íoc agus maidir leis an trádáil chompallach i muca agus in eorna.


Ag tabhairt fianaise dó os comhair an Choiste i ndáil le cuntais na bliana 1979 dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh caingean dlí ag dul ar aghaidh sna cásanna go léir, beagnach, ina raibh suimeanna cúiteacha airgid gan íoc ach mhínigh sé gur tharla castacht sa scéal toisc gur thug trádálaí ar coinníodh fóirdheontas i leith suimeanna cúiteacha airgid uaidh caingean os comhair na hArd-Chúirte in aghaidh an Aire Talmhaíochta. Is é ba bhun leis an gcaingean sin cleachtas na Roinne gan an fóirdheontas i leith suimeanna cúiteacha airgid a íoc agus gan dul i mbun an mhuirir i leith suimeanna cúiteacha airgid a bhailiú sna cásanna ina raibh ábhar amhrais ann maidir le honnmhairí. Ba mhó i ngach cás an fóirdheontas a coinníodh siar ná na muirir agus dá bhfaighfí mar sin go raibh na honnmhairí ceart is amhlaidh a bheadh glansuim dlite den Roinn do na trádálaithe áirithe sin. Thug an Ard-Chúirt breithiúnas i gcoinne an Aire ach nuair a chuathas i gcomhchomhairle le Coimisiún CEE bhíothas á mheas ar cheart achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí, nó faoi dheoidh, b’fhéidir, chun Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh an baol ann, mura leanfaí den ábhar seo chomh fada riamh agus ab fhéidir, go mbeadh freagracht an airgid ar an Státchiste agus gur rud é sin ba chóir don Roinn Talmhaíochta a sheachaint dá mb’fhéidir.


Aontaíonn an Coiste gur cheart gach beart ab fhéidir a dhéanamh le nach dtitfeadh muirear ar an Státchiste agus ba mhaith leis eolas a fháil ar a dtarlóidh feasta maidir leis an ábhar seo.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 21 AIBREÁN 1977

Bunoideachas—Scéim Oiriúnúcháin agus Leathnúcháin do Choláiste Oiliúna Oidí Náisiúnta

Mír 19


2. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an dréacht-ghníomhas muirir á ráthú gur chun oidí a oiliúint nó chun críocha ceadaithe oideachasúla eile agus chun na gcríocha sin amháin a úsáidfear áitreabh an Choláiste á phlé fós leis an bPríomh-Aturnae Stáit. Is deacair leis an gCoiste a thuiseint conas a d’fhéadfadh na pléití sin a bheith chomh fadálach agus atá agus molann sé go láidir go dtabharfaí chun críche iad gan a thuilleadh moille. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó nuair a bheidh sin déanta.


Meánoideachas—Ranníocaí áitiúla i leith Costais Chaipitiúla Scoileanna Pobail

3. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl ag an Roinn Oideachais go bhfuil gach dícheall á dhéanamh chun na gníomhais iontaobhais do na scoileanna pobail a chríochnú a luaithe is féidir ach go bhfuil deacrachtaí sa bhealach i ndáil le scoileanna nach scoileanna atá á gcur in ionad meánscoileanna nó scoileanna gairmoideachais láithreacha toisc go bhfuil an Cumann Gairmoideachais in Éirinn tar éis a mholadh do Choistí Gairmoideachais gan aon ghníomhais a shíniú sna cásanna sin go dtí go mbeidh léiriú faighte ar phointí áirithe a bhaineann leis na gníomhais agus ar shaincheisteanna i dtaobh scoileanna eile atá le soláthar fós. Tugann an Coiste dá aire freisin, maidir le scoileanna pobail a bunaíodh trí mheánscoileanna láithreacha a chónascadh, nach bhfuil críoch curtha fós leis na caibidlí faoi mhéid na ranníocaí áitiúla is iníoctha ag údaráis chrábhaidh.


Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais na bliana 1979 mhínigh sé go raibh na gníomhais iontaobhais sínithe ag an bpointe sin ag na hiontaobhaithe go léir maidir le deich scoil agus go n-íocfaí na ranníocaí áitiúla bliain tar éis na gníomhais a shíniú. Táthar tar éis teacht ar réiteach i bprionsabal freisin i ndáil leis na scoileanna go léir ach tharla fadhbanna i roinnt cásanna maidir le himlíniú na láithreán agus bhí deacrachtaí i gcónaí ann ag iarraidh méid dlite an ranníoca áitiúil a chinneadh i gcásanna inar cónascadh scoileanna láithreacha.


Is údar díomá don Choiste a mhoille atá an gnó seo go léir ag dul ar aghaidh agus is é a dhóchas go mbeidh na bacainní eile go léir sáraithe ag an Roinn Oideachais sula dtabharfaidh sé a chéad tuarascáil eile agus go mbeidh na gníomhais uilig sínithe ag na páirithe leasmhara go léir faoin am sin.


Tugann an Coiste dá aire gur mar leithreasaí-i-gcabhair sa Vóta Meánoideachais a thabharfar cuntas ar na ranníocaí áitiúla a bheidh bailithe. Tugann sé dá aire chomh maith gur dhúirt an Roinn Oideachais nach bhféadfadh sí, mar gur choinnigh sí ina rún daingean riamh eolas ar mhéid beacht na ranníocaí áitiúla i leith tógáil scoileanna i gcoitinne, glacadh le moladh an Choiste go ndéanfaí aon ranníoc áitiúil ar ar comhaontaíodh, agus ba lú ná 5 faoin gcéad den chostas a ghabhfadh le scoil phobail a thógáil agus a threalmhú, a leagan amach ar leithligh sa Chuntas Leithreasa ach go mbeartaíonn an tAire Airgeadais an t-ábhar sin a phlé tuilleadh leis an Roinn sin. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar thoradh na bpléití sin.


Cuntais FEOGA

Cta 341-359


4. Is maith leis an gCoiste a thabhairt dá aire gur tháinig feabhas ar an gcaoi a ndéantar cuntais FEOGA a ullmhú agus a chur go dtí Coimisiún na gComhphobal Eorpach.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 15 MEITHEAMH 1978

Imréiteach ag Oifig an Phámháistir Ghinearálta ar Orduithe Iníoctha a Sóinseáladh

Mír 19


5. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil de thoradh cheana féin ar an gcóras athchóirithe ríomhaireachta d’Oifig an Phámháistir Ghinearálta a tugadh isteach ar mhionscála i Samhain na bliana 1980 go bhfuil luathú ar imréiteach orduithe iníoctha ach nach féidir, gan trealamh nua breise a fheistiú in áitreabh nua, an cuspóir a bhí bearaithe a bhaint amach, is é sin, imréiteach a dhéanamh faoi cheann dhá lá. Bhí sin á dhéanamh i Meitheamh na bliana 1981 agus is mian leis an gCoiste go gcuirfear in iúl dó nuair a bheidh an cuspóir imréiteach dhá lá sroichte.


Meánoideachas—Asbhaintí ó Thuarastail i Leith Sochair Leasa Shoisialaigh

Mír 26


6. Tugann an Coiste dá aire na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun cruthúnas a fháil ar a mhéid a íocadh sochar máithreachais nó sochar breoiteachta le múinteoirí le linn dóibh bheith as láthair ar lántuarastal agus chun suimeanna nár cheart a íoc a ghnóthú.


Ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é faoina dtarlóidh.


Iascach

Mír 28


7. Tugann an Coiste dá aire na comhshocraíochtaí speisialta a bhfuil aontaithe leo ag an Roinn Airgeadais maidir le cistí a sholáthar le haghaidh na gcuan-oibreacha i gCill Ala agus faoina ndearnadh an fiach £11,000 a tharscaoileadh a bhí dlite de Chomhairle Chontae Mhaigh Eo do Oifig na nOibreacha Poiblí i ngeall ar obair a bhí déanta cheana féin agus faoinar thoiligh an Chomhairle go dtabharfadh sí ranníoc 25 faoin gcéad de chostas an phiara a athneartú, £180,000 mar a mheastar, agus go gcothabhálfadh sí na hoibreacha arna gcríochnú. Nuair a tugadh an t-ábhar sin den chéad uair ar aird an Choiste a bhí ag plé le Cuntais Leithreasa na bliana 1975 dúradh gur mhó ná £140,000 an caiteachas a bhí tabhaithe cheana féin an tráth ar éiríodh go sealadach as an obair agus ní mór don Choiste a chur in iúl gur cás leis an chaoi ar éirigh le húdarás áitiúil, trína oibleagáidí a shéanadh agus na caibidlí a choinneáil ar siúl ar feadh roinnt blianta, airgead a ghnóthú dó féin ar chostas an Státchiste.


Tá súil ag an gCoiste go n-atosófar gan a thuilleadh moille ar na hoibreacha feabhsúcháin ar an gcuan seo atá stoptha le roinnt blianta anois agus is é a dhóchas nach dtarlóidh an rud a bhí ag déanamh imní dó de réir mar a dúradh i dTuarascáil 1975, is é sin, go bhféadfaí an obair a bhí déanta cheana féin, dá bhfágfaí gan críochnú í, a chur ó bhail. Tá súil aige chomh maith go ndéanfaidh an Chomhairle Contae, gan a thuilleadh righneála, maith de na gealltanais sin is deireanaí a thug sí.


Comhshaol—Cuntais a Iniúchadh

Mír 30


8. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil feabhas mór ar scéal na bhfolúntas i Rannóg Iniúchóireachta na Roinne Comhshaoil ó 1979 anall agus gur mór an dul chun cinn atá déanta ag laghdú ar na riaráistí san iniúchóireacht. Ba chás leis go raibh 32 faoin gcéad de na hiniúchtaí breis agus bliain chun deiridh fós an 31 Nollaig 1980 ach chuir an tOifigeach Cuntasaíochta iniúl don Choiste agus é ag tabhairt fianaise i ndáil le Cuntais na bliana 1979 go raibh sin laghdaithe go dtí 18 faoin gcéad faoin 15 Bealtaine 1981. Tá súil aige go leanfar de na hiarrachtaí chun an scéal a fheabhsú tuilleadh.


Comhshaol—Ró-Eisiúintí ar Fhóirdheontais Tithíochta

Mír 31


9. Is áthas leis an gCoiste a fháil amach go bhfuil na ró-eisiúintí go léir d’fhóirdheontas tithíochta a bhfuil cruthúnas orthu gnóthaithe anois. Tá súil aige go ndéanfar, má chruthaítear gur tugadh róíocaíocthaí sa dá chás—Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath—inar moillíodh na deimhnithe éileamh, iad sin a ghnóthú láitheach.


Ranníocaí Sláinte

Mír 34


10. Is maith leis an gCoiste a fháil amach nach dearcadh boigéiseach dearcadh na Roinne Sláinte i ndáil leis na fadhbanna a bhaineann le feabhas a thabhairt ar rátaí bailithe na ranníocaí agus ar eolas a fháil ó na Boird Sláinte agus tugann sé dá aire na hiarrachtaí atá déanta ag an Roinn le feabhas a chur ar na modhanna chun ranníocaí sláinte feirmeoirí a bhailiú.


Tá meas tugtha ag an gCoiste ar an mioneolas a tugadh dó i ndáil le bailiú na ranníocaí ó 1972 go 1979. Tugann sé dá aire gur £6.8 milliún méid na n-éileamh go léir a rinne na Boird Sláinte sa tréimhse sin nuair a bhí coigeartú déanta chun an ceartú ar an gcláir a chur i gcuntas agus go bhfuil £1.2 milliún den tsuim sin nach bhfuil bailithe. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó cé na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun na riaráistí sin, riaráistí nach beag, a ghlanadh agus chun suimeanna nach dóigh go mbaileofar iad a aithint agus ar gá iad a dhíscríobh. Glacann sé leis go mbeidh insint sa Chuntas Leithreasa ar aon suimeanna a dhíscríobhfar amhlaidh.


Tugann sé dá aire freisin go ndearna seacht gcinn de na Boird Sláinte, de thairbhe an dul chun cinn a rinne an Bhuíon Oibre ag scrúdú na gcóras a bhaineann le bailiú na ranníocaí sláinte i gcoitinne, a gcórais bhailiúcháin a chur faoi bhrí ríomhairí agus go gceaptar go ndéanfaidh an t-ochtú Bord an rud céanna go luath agus go bhfuil éifeacht na gcóras sin á síorbhreithniú. Tá súil aige to dtiocfaidh feabhas mór ar na rátaí bailithe dá chionn sin.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 26 AIBREÁN 1979

Aoisliúntais agus Liúntais Scoir

Mír 29


11. Tugann an Coiste dá aire, maidir le dréachtú na Scéimeanna pinsean do bhaintreacha agus do leanaí seirbhíseach poiblí áirithe (seachas Státseirbhísigh) go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí ag na Ranna ar leith le cúnamh Roinn na Seirbhíse Poiblí. Dúirt Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne sin leis an gCoiste agus é ag tabhairt fianaise ar chuntais na bliana 1979 go raibh a Roinn féin ag tathant ar na ranna sin, is é sin, an Roinn Cosanta, an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Oideachais, a gcuid scéimeanna a thabhairt chun críche a luaithe ab fhéidir. Bhí scéim an Gharda críochnaithe agus í ag fanacht lena síniú, bhí dréacht-scéim le haghaidh oidí náisiúnta ullmhaithe agus tuairim ina taobh tugtha ag a Roinn-sean agus bhí méid áirithe dul chun cinn déanta ar scéim an Airm.


Tugann an Coiste dá aire freisin nach féidir an scéim maidir le ceannach seirbhíse a thabhairt chun críche go dtí go mbeidh socruithe athbhreithnithe críochnaithe le seirbhís a aistriú chun críocha pinsin agus go ndréachtófar scéim chomhdhlúite nuair a bheidh na scéimeanna eile críochnaithe.


Is é dóchas an Choiste go leanfar den dul chun cinn ionas go socrófar na nithe go léir nach bhfuil réitithe fós maidir le scéimeanna aoisliúntas.


12. Is áthas leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil gach dícheall á dhéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim lena chur faoi deara go seachadfar tuairisceáin cánach rachmais agus go bhfuil laghdú go dtí 981 ar an líon de na tuairisceáin sin nach raibh seachadta ar an 31 Nollaig 1980. Beidh sé ag fanacht leis an eolas breise atá geallta faoin dul chun cinn atá á dhéanamh chun na tuairisceáin atá amuigh a fháil agus chun an cháin nach bhfuil measúnaithe fós a mheasúnú go foirmiúil i ngach cás.


Poist agus Telegrafa—Táillí Theilifís Chábla agus Mainnitheoirí Ceadúnas Teilifíse

Mír 32


13. Tugann an Coiste dá aire nach léir ón eolas a thug oibritheoirí teilifíse cábla go bhfuil aon mhór-imghabháil ar íoc táillí ceadúnas teilifíse á déanamh ag daoine atá rannpháirteach sna córais chábla sa mhéid nach raibh ach 4 faoin gcéad, tuairim, de na rannpháirtithe ar tugadh a n-ainmneacha agus a seoltaí a raibh gléasanna neamhcheadúnaithe acu. Is cuimhin leis, áfach, gur cuireadh i gcéill, san fhianaise a thug an tOifigeach Cuntasaíochta i ndáil le cuntais na bliana 1976, gur ráta ard go leor an ráta mainneachtana agus go bhféadfadh sé bheith chomh hard le 14 nó 15 faoin gcéad den ioncam iomlán ó tháillí ceadúnas.


Ina theannta sin nuair a thug an tOifigeach Cuntasaíochta fianaise i ndáil le cuntais na bliana 1979 d’aontaigh sé go bhféadfadh leibhéal tábhachtach imghabhála a bheith ann agus nach raibh an Roinn sásta lena raibh á n-aimsiú d’ainneoin na n-iarrachtaí go léir a bhí á ndéanamh acu. Cé nach raibh sé in ann a rá cá mhéad airgid go díreach a cailleadh ní raibh sé ag easaontú ar fad leis an meastachán £4 mhilliún a tugadh i dTuarascáil Bhliantúil RTÉ don bhliain 1979 ar tharraing an Coiste a aird uirthi.


Tá sé ag dul den Choiste a thuiscint mar sin conas a d’fhéadfadh an leibhéal imghabhála a léiríodh ón eolas a thug oibritheoirí teilifíse cábla a bheith chomh híseal sin óir ba é tuiscint an Choiste gur dóichí gur airde a bheadh an ráta imghabhála sna ceantair is dlúithe daonra dá bhfónann na hoibritheoirí sin.


Ba mhaith leis mar sin tuilleadh a chloisteáil ar an ábhar sin. I mír 66 dá Thuarascáil dar dáta 3 Nollaig 1980, a bhfuil tagairt di ina dhiaidh sin i Meabhrán an Aire Airgeadais, tharraing an Coiste anuas an cheist i dtaobh forálacha an Achta Raidió-Theileagrafaíochta, 1972 a chur i bhfeidhm, forálacha á cheangal go dtabharfaí faisnéis don Roinn i dtaobh díol nó fruiliú gléasanna teilifíse mar bhealach breise chun imghabháil na dtáillí ceadúnas a bhrath. Is maith leis an gCoiste a thabhairt faoi deara go bhfuil feabhas áirithe ar an scéal maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm agus go bhfuil breis foirne á nearcú chun an chigireacht a dhéanamh is dóigh leis an Roinn Poist agus Telegrafa is gá chun a chur faoi deara go gclárófar na déileálaithe sin agus chun a chinntiú go bhfuil déileálaithe ceadúnaithe ag comhlíonadh an dlí. Tugann an Coiste dá aire freisin go ndéanfaidh an Roinn, i gcásanna iomchuí, imeachtaí dlí a thionscnamh i gcoinne mainnitheoirí.


Ceistíodh an tOifigeach Cuntasaíochta maidir leis an dearbhú nach bhfuil iarracht sách maith á déanamh chun na táillí ceadúnas a bhailiú agus leis an éileamh ó RTÉ gurbh éifeachtúla a d’fhéadfaidís féin iad a bhailiú, agus nuair a bhí sé á cheistiú i ndáil le cuntais na bliana 1979 dúirt sé gur aithin an tAire Poist agus Telegrafa brí na bunargóinte gurb é RTÉ an páirtí is mó a bhfuil leas aige san ioncam sin agus gur acu is mó atá cúis lena bhailiú. Bhí RTÉ tar éis Scéim a chur isteach le bailiú na dtáillí ceadúnas a ghlacadh orthu féin agus bhí an scéim á scrúdú ach níor mhór aghaidh a thabhairt ar roinnt fadhbanna, mar atá, mífhonn a bheith ar an bhfoireann aon athrú a dhéanamh, agus gur mhaith leis an mBord Poist nua an fheidhm sin a ghlacadh air féin. Ní raibh ach ó 15 go dtí 20 den fhoireann lánaimsire agus ó 60 go dtí 70 den fhoireann pháirtaimsire ag gabháil don obair sin, obair nár mhór a dhéanamh san oíche, ach ba cheist í an bhféadfaí foireann a earcú go sonrach don obair sin ar an mbonn gur obair oíche agus nach obair lae a bheadh acu.


Is léir don Choiste gur fadhb an-mhór í seo cé go bhféadfadh éagsúlacht tuairimí a bheith ann i dtaobh méid na himghabhála. Is é is mó is cás leis mar sin go nglacfar gan mhoill leis an modh is éifeachtúla chun imghabháil a bhrath agus chun a chinntiú go mbaileofar na táillí ceadúnas go léir. Ghlacfadh sé leis go bhféadfadh deacrachtaí áirithe tarlú maidir le foireann a sholáthar agus le nithe thairis sin ach ní fhéadfadh sé cur suas le cás nach ndéantar tréaniarracht na fadhbanna sin a fhuascailt agus le cás ina bhfuil ioncam a d’fhéadfaí a bhailiú á chailleadh mar gheall ar easaontas i dtaobh cén eagraíocht is mó a mbeadh toradh ar a shaothar. Measann sé gurb é croí na ceiste go léir cinneadh a dhéanamh maidir leis an ábhar sin agus molann sé go láidir go ndéanfaí an cinneadh sin gan a thuilleadh moille.


Comhshaol—Fóirdheontas Tithíochta agus Riaráistí Cíosa

Mír 34


14. Is maith leis an gCoiste an dearbhú a tugadh dó nach go neamhchúiseach a dhéanann an Roinn Comhshaoil scrúdú ar éilimh ó údaráis áitiúla agus go háirithe ar éilimh ar fhóirdheontais tithíochta. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil córas nua i bhfeidhm ó Eanáir 1977 anall chun fóirdheontais a íoc, córas a thugann nach baol níos mó go ndéanfar ró-eisiúintí fóirdheontas tithíochta mar gheall ar riaráistí cíosa a bheith ann. Tá súil aige go mbeidh éifeacht leis an gcóras sin.


Oifig an Aire Oideachais—Deontais Ardoideachais

Mír 35


15. Tugann an Coiste dá aire ón ráiteas fíoras a d’ullmhaigh an Roinn Oideachais, maidir le hoibriú na Scéime Deontas Ardoideachais ag an údarás áitiúil lenar bhain, gur in dhá litir dar dháta 23 Samhain 1977 ón údarás áitiúil go dtí an Roinn atá a bhfuil d’eolas breise a dhealraíonn a tháinig ar a sheilbh ón uair a cuireadh an cás faoi bhráid an Ard-Aighne den chéad uair sa bhliain 1976. Níl aon eolas sa ráiteas fíoras sin maidir leis na rúin a rith an t-údarás áitiúil, faoi mar a dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, agus ar iarr an Coiste eolas sonrach ina dtaobh ina Thuarascáil roimhe seo. Ní mór don Choiste glacadh leis mar sin nach bhfuil aon eolas ag an Roinn Oideachais maidir leis na rúin sin a rith go foirmiúil agus feictear dó go bhfuil an cheist go léir atá le socrú ag brath ar a bhfuil sa dá litir sin. Dar leis an Roinn bhí eolas soiléir sna litreacha sin ar cinneadh dá bharr, gan an t-ábhar a chur faoi bhráid an Ard-Aighne arís, nár tugadh aon íocaíochtaí breise agus nach raibh aon íocaíochtaí ann a bhíle gnothú ón údarás áitiúil. Baineann ceann de na litreacha sin le cinneadh an údaráis áitiúil leasú a dhéanamh ar a scéim ó 1977 agus feictear don Choiste mar sin nach mbaineann sí leis an tréimhse is cúram dó faoi láthair. Is é atá sa litir eile dearbhú foirmiúil ón údarás áitiúil go raibh sé sásta, agus na himthosca go léir a chur san áireamh, lena n-áirítear na hachair a bhí i gceist, na seirbhísí iompair a bhí ar fáil agus tráthanna na léachtaí sa choláiste, nach bhféadfaí le réasún bheith ag súil go ndéanfadh aon duine de na mic léinn lenar íocadh deontas de réir an ard-ráta an t-aistear gach lá idir a bhaile agus an coláiste. Ba é tuairim an Aire Oideachais ar bhonn an dearbhaithe sin gurbh iomchuí a mheas go raibh na dámhachtaintí a rinne an t-údarás áitiúil i gcomhréir le forálacha na scéime deontas agus gurbh iomchuí freisin a chinneadh nár thug an t-údarás áitiúil íocaíochtaí breise. Cé nach ndearnadh aon tagairt dó sa ráiteas fíoras a d’ullmhaigh an Roinn Oideachais, tugann an Coiste dá aire gurb í an chomhairle a thug an tArd-Aighne don Roinn Airgeadais i Márta na bliana 1980 go raibh an cinneadh sin ón Aire Oideachais faoi réim a dhlínse agus go bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta den chinneadh sin le téarmaí Alt 7 den Acht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968.


Ní fiú leis an gCoiste, ag féachaint don tuairim dlí sin, leanúint den díospóid ar an dá ghné den ábhar ba chúram dó, i.e. deontais a ghnóthú ar measadh i dtosach nár cheart iad a íoc agus an éifeacht a bhí ag cinneadh an Aire ar chuntasacht an Oifigigh Chuntasaíochta, óir, má tá bunús dlí le dlínse an Aire chun an cinneadh bunaidh maidir le gnóthú a fhreaschur, ní gá an cheist eile a phlé ar chor ar bith.


Measann an Coiste, áfach, gur cóir dó a rá gur ábhar imní dó a bhfuil déanta sa chás seo mar go bhfeictear dó gurb é atá sa bheart a rinneadh deis chun staid a measadh a bheith mírialta i dtosach a dhéanamh rialta go cúlghabhálach. Níl de rogha ag an gCoiste ach an tuiscint sin a bhaint as toisc nár tugadh aon fhianaise scríofa ar aird gur ritheadh aon rúin speisialta sna blianta roimh 1977 agus toisc nár thug an t-údarás áitiúil de dhoiciméadra ar aird mar thaca lena argóint go ndearna sé cinneadh go foirmiúil, go comhfhiosach, go stuama agus go bunúsach an tráth ar íocadh na deontais, ach dearbhú a rinne sé i bhfad i ndiaidh an tráth ar ardaíodh ceist faoi bhailíocht gach a raibh déanta aige. Is dímholadh mar sin a thugann an Coiste ar mhodh nach bhfuil ann dar leis ach féachaint le teacht go réidh as an deacracht trí dhul i muinín chleas a chumasódh don údarás áitiúil airgead a choinneáil nár chóir a íoc leis an chéad lá.


Mar fhocal scoir, measann an Coiste go bhfuil sé de dhualgas air treise a chur lena thuairim gur ceacht é seo atá le foghlaim as an gcás sin, is é sin, nuair atá scéim a mhaoinítear as Cistí Stáit á riar ag comhlacht seachtrach ar bhonn nach bhfuil ann dáiríre ach bonn gníomhaireachta gur cheart don Roinn atá i gceist mionsonraí na scéime a shainiú go hiomlán agus go soiléir agus nár chóir léiriú a forálacha, go háirithe na forálacha a bhfuil airgeadas i gceist iontu, a fhágáil, mar a fágadh sa chás seo, faoi bhreithiúnas an chomhlachta gníomhaireachta féin. Is mian leis go dtabharfar na tuairimí sin ar aird na nOifigeach Cuntasaíochta go léir.


Meánoideachas

Mír 36


16. Is áthas leis an gCoiste a thabhairt dá aire go bhfuil an Roinn Oideachais ag beartú córas iniúchta inmheánaigh a bhunú.


Ardoideachas

Mír 38


17. Tugann an Coiste dá aire ón Meabhrán ón Aire Airgeadais agus ó eolas a thug an tOifigeach Cuntasaíochta nuair a tháinig sé os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais na bliana 1979 go bhfuil scrúdú á dhéanamh fós ar an staid dlíthiúil maidir leis an bhfreagracht i dtaobh laigí i ndéanamh an Choláiste Náisiúnta Corpoideachais i Luimneach a leigheas. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas ar thoradh an scrúdaithe sin.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

Mír 40


18. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh le fadhbanna a réiteach i ndáil le cóiríocht agus foireann i Rannán Troscáin Oifig na nOibreacha Poiblí agus go bhfuil nósanna imeachta á dtabhairt isteach atá bunaithe ar mholtaí ó aonad seirbhísí bainistíochta Roinn na Seirbhíse Poiblí maidir le stoc-rialúchán agus cleachtais eile. Tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach uile iarracht dlús a chur le réiteach a fháil ar an bhfadhb seo atá ann le fada anois agus ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é faoin ábhar sin.


Cosaint—Iompóirí Pearsanra Armúrtha

Mír 42


19. Is maith leis an gCoiste eolas a fháil go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon intinn leis gur cheart, más as airgead vótáilte atá tionscadail taighde agus forbartha á maoiniú, an soláthar is gá a dhéanamh faoi fho-mhírcheann ar leithligh agus go bhfuil sin á chur in iúl do na hOifigigh Chuntasaíochta go léir.


Tailte—Scéim Scoir d’Fheirmeoirí

Mír 43


20. Tugann an Coiste dá aire na dálaí nach mór, i dtuairim an Aire Airgeadais, a chur san áireamh nuair a bheidh meas á thabhairt ar na hoibleagáidí airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí na gCoimisinéirí Talún ach feictear dó go bhfuil bearna le líonadh fós sa chuntasacht phoiblí go háirithe maidir leis na suimeanna a luaitear i (d) (i) de mheabhrán an Aire, is é sin, an t-airgead a soláthraíodh le haghaidh talamh-cheannaigh tríd an Vóta Tailte. Íoctar an t-airgead sin as an Vóta isteach i gciste deontais-i-gcabhair agus is tríd an gciste sin amháin, trí fhoscríbhinn a bhíonn i gceangal leis an gCuntas Leithreasa agus í sínithe ag an Oifigeach Cuntasaíochta, a thugtar cuntas air, Níl freagracht ar bith ar na Coimisinéirí Talún as an gcuntas sin cé go bhfuil s freagrach as na cuntais dá dtagraítear i (c) de Mheabhrán an Aire. Ar an láimh eile de, cé go bhfuil an tOifigeach Cuntasaíochta in ainm is a bheith cuntasach san airgead vótáilte a chaitear ag ceannach talún, ní bhíonn urlámh iomlán aige dáiríre ar chaitheamh an airgid sin agus tá ceist ar an gCoiste ar cheart, in áit cuntas a thabhairt ar an airgead sin trí chiste deontais-i-gcabhair, cuntas a thabhairt air trí chuntais bhliantúla Choimisiún na Talún.


Sláinte—Lacáistí agus Lascainí a bhaineann le hOidis faoin tSeirbhís Liachta Ghinearálta

Mír 44


21. Tá an Coiste buíoch as ucht na gcóipeanna de thuarascáil na gcomhairleoirí a fruilíodh le scrúdú a dhéanamh ar na socruithe láithreacha chun drugaí agus cógais a cheannach le haghaidh na seirbhísí sláinte, go háirithe chun scrúdú a dhéanamh ar na lacáistí agus na lascainí a tugadh faoi na socruithe sin agus na moltaí a rinneadh ina leith. Tugann sé dá aire go bhfuil an tuarascáil sin foilsithe anois agus go bhfuil an Roinn Sláinte ag iarraidh ar chomhlachtaí leasmhara a dtuairim a thabhairt ar a bhfuil molta sa tuarascáil ionas go ndéanfar tograí ar a bhféadfar cinntí polasaí a bhunú a tharraingt suas ag féachaint a mhéid is féidir do na dálaí iomchuí go léir. Is é dóchas an Choiste nach mbainfidh moill ró-mhór leis na tuairimí sin a thabhairt agus a mheas agus ba mhaith leis fios a fháil ar an uair a bheidh an Roinn Sláinte in ann tograí fothúla a dhéanamh agus iad bunaithe ar na moltaí a rinneadh sa tuarascáil. Tugann sé dá aire freisin, ón bhfianaise a thug an tOifigeach Cuntasaíochta agus é á scrúdú i ndáil le cuntais na bliana 1979, go bhfuil trácht sa tuarascáil ar ghnéithe eile de cheannach drugaí agus cógais le haghaidh na seirbhísí sláinte agus go molann sí go ndéanfar athruithe maidir lena gceannach le haghaidh ospidéal agus maidir le drugaí agus cógais a ordú faoin tSeirbhís Liachta Ghinearálta. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí in iúl dó in am trátha cá mhéid a bheartaíonn an Roinn déanamh de réir cibé cuid de na moltaí sa Tuarascáil a rinneadh d’fhonn laghdú a thabhairt ar chostas na Seirbhísí Sláinte.


Fostú Cógaiseoirí Lánaimsire ag Boird Sláinte

Mír 45


22. Is díomá don Choiste a fháil amach go bhfuil fadhbanna i gcónaí ann maidir le cógaiseoirí pobail a fhostú ag Boird Sláinte sa mhéid a bhaineann lena n-earcú agus lena gcoinneáil i bhfostaíocht. Tugann sé dá aire go bhfuil an Roinn Sláinte ag tabhairt meas de shíor ar an scéal agus go bhfuil tuilleadh iarrachtaí á ndéanamh an líon foirne a thabhairt go dtí an leibhéal is gá. Is mian leis go gcoinneofaí eolas leis ar a dtarlóidh.


Leas Sóisialach—Orduithe Liúntas Leanaí

Mír 48


23. Tugann an Coiste dá aire gur chuir an Roinn Leasa Shóisialaigh in iúl don Roinn Airgeadais, maidir le córas próiseála de shamhail córais ina mbeadh airgead i gceist, nárbh indéanta é a fheidhmiú ar liúntais leanaí agus ar orduithe pinsin toisc gur gá méadú mór foirne ina chomhair agus go metbainfeadh moill le hoibriú aon chórais den sórt sin. Is áthas leis, áfach, na bearta feabhais a thabhairt faoi deara atá á ndéanamh láithreach nó a dhéanfar de réir a chéile as seo go ceann trí bliana chun cur leis an tslándáil sa réimse sin. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta á cheistiú i ndáil le cuntais na bliana 1979 dúirt sé leis an gCoiste go raibh lipéid speisialta á n-úsáid cheana féin ag an Roinn ar leabhair liúntas leanaí agus go raibh lipéid dlúthshlándála ar ordú do na leabhair go léir a bhfuil liúntais leanaí ar áireamh iontu Mhínigh sé nár cheart do Phost-Oifigí airgead a thabhairt feasta ar orduithe nach mbeidh na lipéid sin orthu agus go raibh an Roinn ar tí inneall a fháil lenar féidir leabhair úsáidte a chur ó úsáid. Dúirt sé freisin go raibh staidéar déanta ar a mhéid is féidir leas a bhaint as ríomhaire le leabhair liúntas leanaí agus leabhair phinsin a eisiúint agus go raibh súil ann dá thoradh sin go bhféadfar faoin mbliain 1982 nó 1983, stoc leabhar a thaifeadadh leis an ríomhaire ar bhealach nárbh fhéidir laige ar bith dá laghad a aimsiú ann. Ba chóir go luathódh sé sin athnuachaintí agus eisiúintí leabhar chomh maith. Bhí súil ag an Oifigeach Cuntasaíochta go mbeadh leibhéal slándála a shásódh an Coiste de thoradh ar na bearta sin.


Glacann an Coiste leis gur baolach nach féidir córas rialaithe a bheith ann a bheadh chomh docht ar gach uile bhealach le córas láimhsithe airgid ach is é a thuairim gur cheart, mar gheall ar an éadanluach mós ard atá le horduithe liúntas leanaí agus pinsean agus ar chomh héasca is a bhí sé, de réir dealraimh, iad a aistriú, go dtí seo ar aon chuma, go mbeadh d’éifeacht leis an gcóras rialaithe faoina ndéantar iad a chló, a sheachadadh, a stóráil, a eisiúint, a chur ar ais agus a chomhshó in airgead, agus faoina dtugtar cuntas orthu, go gcinnteofar, a mhéid is féidir le réasún sin a dhéanamh, nach dtarlóidh mírialtacht ag céim ar bith de na himeachtaí. Tugann sé dá aire gur dóigh do na bearta feabhais atá le déanamh láithreach go gcuirfidh siad tuilleadh le córas slándála trína laghdófar na deiseanna mídhílsithe agus na dóigheanna chun comhshó éagórach a dhéanamh dá éis sin agus go mbeidh de thoradh ar na bearta feabhais a bheidh le déanamh de réir a chéile sna blianta 1982 agus 1983 go gcuirfidh siad tuilleadh feabhais ar an gcaighdeán slándála i gcoitinne gan aon athrú chun donais do theacht ar an tseirbhís d’éilitheoirí. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil rún ag an Roinn Leasa Shóisialaigh ceadú na Roinne Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí a lorg do na tograí sin agus na mionsonraí a shocrú leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste sula gcuirfear na bearta i bhfeidhm. Glacann an Coiste leis, ar ndóigh, go gcuirfidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuarascáil eile faoi bhráid an Choiste ar an ábhar céanna i gcás nach dtiocfaidh as feidhmiú na mbearta atá molta ag an Roinn go gcuirfear leormhéid rialaithe i ngníomh.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 29 SAMHAIN 1979

Saothar—Deontas-i-gcabhair do AnCO agus Athbhreithniú Parlaiminteach ar Chuntais Comhlachtaí Stáit Neamhthrádála

Mír 42


24. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil súil ag an Aire go mbeidh ar a chumas tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann go gairid maidir le Comhchoiste Oireachtais um Chomhlachtaí Stát-tionscanta Neamhthráchtála a bhunú.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Us a bhailiú ar Riaráistí Cánach Ioncaim IMAT agus Riaráistí CBL

Míreanna 45, 46


25. Is cás leis an gCoiste, cé nach ábhar iontais dó, a fháil amach nach mbaileofaí ús ar cháin atá seandlite sa sampla a tugadh agus dealraíonn sé mar sin, cé gur insíodh a mhalairt don Choiste i dtosach, gur féidir a thuiscint in imthosca áirithe nuair nach mbailítear ús gur loghadh agus nach iarchur a bhíonn i gceist.


Tá dhá cheist ann atá ag déanamh imní don Choiste anois:


(1) An gceadaíonn na forálacha Cúram agus Bainistí do na Coimisinéirí Ioncaim glacadh leis mar pholasaí gan féachaint leis an ús reachtúil ar ÍMAT agus CBL a bhí seandlite a bhailiú i gcás


(a)go raibh socrú déanta ag an gcáiníocóir leis an gcáin seandlite a íoc, go raibh sé ag íoc a dhliteanas cánach reatha go féiltiúil agus gur dóigh dó leanúint de sin a dhéanamh, nó


(b)gurb amhlaidh d’imthosca airgeadais an cháiníocóra gur dhóigh, dá seasfaí go daingean ar an ús a bhailiú a bhí amuigh maidir le cáin nár íocadh san am a caitheadh, go bhfágfadh sin nár ghnó lnmharthana a bheadh ann ní ba mhó.


(2) Ar cheart, agus cén modh inar cheart, an méid úis a toibhíodh ar cháin ÍMAT agus ar CBL a bhí seandlite ach nár bailíodh a chur i bhfáir do Dháil Éireann.


Maidir leis an gcéad cheist feictear don Choiste go bhfuil na forálacha i leith úis mar a shainítear sa reachtaíocht iad chomh ceangailteach leis na forálacha reachtúla a bhaineann leis an gcáin féin; ceist eile ar cheart go mbeidís chomh ceangailteach sin. Má tá sin amhlaidh níl de rogha ar an gCoiste ach a cheapadh gur cheart do na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcéad ásc gach iarracht réasúnach a dhéanamh chun na suimeanna atá dlite a bhailiú agus nach mbeadh ceist ann, ach an oiread le cás na cánach, maidir le loghadh faoina gcumhachtaí cúram agus bainistí ach amháin i gcásanna nach féidir leo, de bharr na n-imthosca áirithe, na suimeanna atá dlite a bhailiú.


Aithníonn an Coiste na deacrachtaí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim ag feidhmiú na reachtaíochta ar an dóigh sin agus tuigeann sé brí na n-argóintí a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta i láthair nuair a tháinig sé os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais Leithreasa na bliana 1979 mar thaca leis an gcleachtas a bhí á oibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim go dtí gur thóg an Coiste ceist faoi. Tá bhreithniú déanta freisin ag an gCoiste ar an Meamram agus ar na doiciméid eile a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta isteach ina dhiaidh sin chun na hargóintí sin a léiriú tuilleadh. Chabhraigh an Meamram sin leis an gCoiste tuiscint níos fearr a fháil ar dhearcadh sin na gCoimisinéirí Ioncaim a thug orthu glacadh le réiteach, a bhféadfaí a mheas gur comhréiteach réasúnach é, ar an deacracht a bhí le sárú acu. Tá méid áirithe amhrais ar an gCoiste, áfach, an mbaineann nó nach mbaineann inmharthanacht gnó le riaradh an chóid chánach agus ar cheart mar sin gur chúram de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a leithéid. Más leis na Coimisinéirí Ioncaim breithiúnais a thabhairt uathu féin ar an ábhar sin agus má dhéanann siad rogha, á chinneadh dóibh cé na gnólachtaí a dtabharfar de lamháltas dóibh nach mbeidh ús le híoc acu, mar gheall ar dheacrachtaí airgeadais, ar cháin atá seandlite, is éard atá siad a dhéanamh, dáiríre, á ghlacadh de cheart orthu féin a chinneadh gur chóir don Stát cúnamh airgid a thabhairt do na gnolachtaí áirithe sin. Tá Gníomhaireachtaí Stáit ann atá ag gníomhú faoi choimirce na Roinne Tionscail agus Fuinnimh agus na Roinne Airgeadais agus arb é is feidhm leo cúnamh airgid a thabhairt in imthosca ina meastar gur den chríonnacht, mar pholasaí, sin a dhé anamh agus feictear don Choiste gur ó na gníomhaireachtaí sin, agus nach ó na Coimisinéirí Ioncaim, is cóir do ghnólachtaí nach dtig leo freastal ar a n-oibleagáidí airgeadais cúnamh den sórt sin a lorg.


Moltar sa Mheamram go leagfaí síos treoirlínte faoina rialófaí riaradh na bhforálacha maidir le hús agus go dtabharfaí aird ar nithe éagsúla sna treoirlínte sin. D’aontódh an Coiste go fonnmhar gur cheart, más féidir cás a shuíomh le dlí go dtugann na Forálacha Cúram agus Bainistí rogha do na Coimisinéirí Ioncam maidir le hús a bhailiú, glacadh le treoirlíne éigin den sórt sin ach dealraíonn sé don Choiste nár mhór i dtosach, sula ndéanfar cinneadh ar bith i dtaobh treoirlínte, an cheist bhunúsach a chinneadh, is é sin, an féidir cás mar sin a shuíomh le dlí. Is ceist chasta dlí í seo i dtuairim an Choiste, ceist nach léir dó go bhféadfaidh sé, nó gur chóir dó, breithniú a dhéanamh uirthi ach amháin an forchoimeádas thuasluaite a chur in iúl. Measann sé mar sin gurb é an rud is ceart a dhéanamh na Coimisinéirí Ioncaim do lorg tuairim an Ard-Aighne gan a thuilleadh moille. Tugann an Coiste dá aire gur tugadh le fios sa Mheabhrán ón Aire Airgeadais go raibh sé beartaithe comhairle den sórt sin a lorg ach gan sin a dhéanamh go dtí go mbeadh an scéal pléite ar dtús leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus leis an Aire Airgeadais. Ní léir don Choiste, áfach, go bhfuil cúis ar bith le go gcuirfí iarraidh na comhairle siar chomh fada sin féin.


Maidir leis an dara ceist a luadh i dtosach, is é sin, an méid úis nár bailíodh a chur i bhfáir do Dháil Éireann, measann an Coiste nach dtig leis a admháil, cé nárbh iomchuí, b’fhéidir, mar a dúradh sa Mheabhrán ón Aire Airgeadais, tuairisc a thabhairt ar an mbonn céanna is a thugtar le cáin neamhbhailithe, nár cheart, toisc nach bhfuil sé ceaptha d’íocaíochtaí úis ioncam breise a thabhairt, tuairisc ar bith a thabhairt do Dháil Éireann á rá nár bailíodh iad.


Measann na Coiste, má mhainnítear muirear reachtúil ar bith a bhailiú, cibé cúis a bheadh leis an mainneachtain, gurb ionann sin agus cistí poiblí a dhíscríobh agus gur cheart sin a thuairisciú do Dháil Éireann. Feictear dó mar sin gur chóir nós imeachta a cheapadh chun sin a dhéanamh.


Comhshaol—Deontais Tithíochta £1,000

Mír 48


26. Tugann an Coiste dá aire go gceanglaítear leis na Rialacháin faoi Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, a tháinig i ngníomh an 26 Meán Fómhair 1980, ar gach duine, agus ar chéile gach duine, is iarratasóit ar dheontas ach amháin in imthosca neamhghnácha, deimhniú ón údarás cánach iomchuí a thabhairt á rá nár éiligh siad faoiseamh cánach ioncaim roimhe sin i leith ús a íocadh ar airgead a fuarthas ar iasacht le teach a cheannach nó a thógáil. Tá súil ag an gCoiste go mbeidh an nós imeachta sin ina chabhair lena shuíomh gur úinéireacht den chéad uair an úinéireacht. Tugann sé dá aire freisin go gcoimeádfar an córas seiceála faoi bhreithniú agus go dtabharfar scéala dó faoina dtarlóidh feasta.


Leas Sóisialach—Córas Íocaíochtaí Ríomhairithe

Mír 49


27. Tugann an Coiste dá aire an raon feidhme atá faoi láthair ag na Lár-Sheirbhísí Sonra-Phróiseála mar atá sin leagtha amach sa Mheabhrán ón Aire agus gur féidir, mar gheall ar an scrúdú a rinne gasra breithnithe a ceapadh le ceadú an Rialtais le scrúdú a dhéanamh ar an bheartaíocht eagraíochta chun córais ríomhaireachta a fhorbairt agus a oibriú i seirbhís an Rialtais, go ndéanfar athruithe áirithe ar chúraimí láithreacha na LSSP. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfeictear do na LSSP, i gcásanna ar orthu atá an fhreagracht as córais a fhorbairt, nach bhfuil iontu ach comhairleoirí maidir le gnóthaí rialúcháin. Is é tuairim an Choiste, áfach, nach mór do na LSSP i gcásanna den sórt sin glacadh le cuid ar a laghad den fhreagracht lena chinntiú go bhfuil dóthain nósanna imeachta rialúcháin agus slándála ina gcuid den chóras sula gcuirtear ag obair é. Cuirfidh an Coiste spéis ar leith in aon mholtaí a dhéanfaidh an gasra bhreithnithe maidir leis an ngné seo den ábhar.


Oibreachta agus Foirgnimh Phoiblí—Fadhbanna Foirne agus Cóiríochta

Mír 53


28. Is cás leis an gCoiste go bhfuil fadhbanna ag baint fós le hinnealtóirí a fhostú in Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá súil aige go mbeidh dea-thoradh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh le réiteach na faidhbe sin a fháil, fadhb arb é is cúis léi nach leor an méid áiteanna atá sna scoileanna innealtóireachta.


Meánoideachas—Teideal chun Láithreáin Scoileanna Cuimsitheacha agus Scoileanna Pobail a Chlárú

Mír 55


29. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis a iarraidh ar Chlárlann na Talún tosaíocht a thabhairt do gach cás clárúcháin a mbeadh baint ag an Aire Oideachais leis mar úinéir ar láithreáin scoileanna dara leibhéal. Tá súil aige go réiteoidh an socrú sin na cásanna atá ag fanacht fós le teideal a chlárú.


Caiteachais Ilghnéitheacha—Íocaíochtaí leis an Irish Trust Bank

Mír 56


30. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé de rún ag an Aire, le go dtabharfaí bailíocht do sholáthar cistí ag an mBanc Ceannais do leachtaitheoir an Irish Trust Bank Ltd., foráil iomchuí a chur i reachtaíocht atá beartaithe chun Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927-1971. a leasú, reachtaíocht atá á hullmhú sa Roinn Airgeadais i gcomhairle leis an mBanc Ceannais. Ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí dó cén dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an ábhar sin.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 3 NOLLAIG 1980

Oifig an Ard-Aighne

Mír 47


31. Tugann an Coiste dá aire gurb é tuairim an Ard-Aighne, ag féachaint dó do na feidhmeanna a thugtar dó agus na dualgais a chuirtear air leis an Acht fán gCoimisiún un Athchóiriú an Dlí, 1975, nárbh é an modh ab oiriúnaí leis an gCoimisiún a mhaoiniú airgead a thabhairt dó mar dheontas-i-gcabhair. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise gur mhaith leis dá mba mar dheontas-i-gcabhair a gheobhadh an Coimisiún a chuid cistí óir ba dheacair leis sna himthosca bheith cuntasach sa deontas sin.


Cé go dtuigeann an Coiste na hargóintí a rinne an tArd-Aighne ba mhaith leis a chur in iúl go bhfuil go leor comhlachtaí reachtúla ann a fhaigheann a gcuid cistí mar dheontais-i-gcabhair agus atá san am céanna faoi réir dlúthrialuithe reachtúla a fheidhmíonn na ranna coimircíochta maidir le líon a bhfostaithe, leis na tuarastail a íoctar etc. Molann sé mar sin gur chóir athsmaoineamh ar an modh chun an Coimisiún a mhaoiniú. Ach má chloíonn an tArd-Aighne lena thuairim beidh ar an Oifigeach Cuntasaíochta a chinntiú feasta go gcuirfear an muirear cuí in aghaidh na bliana i leith an Vóta maidir le caiteachais an Choimisiúin.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí—Ceannáras Nua na Roinne Cosanta

Mír 48


32. Tugann an Coiste dá aire an t-eolas atá sa Mheabhrán ón Aire inar leagadh amach in ord ama na himeachtaí a tharla sula ndearnadh na pleananna do cheannáras nua don Roinn Cosanta a athbhreithniú agus táillí £49,500 a íoc ar phleananna nár úsáideadh ina dhiaidh sin a ullmhú. Tugann sé dá aire go háirithe go ndealraíonn sé go raibh dearmad ar Oifig na nOibreacha Poiblí agus í á ghlacadh leis go bhféadfadh sí fairsingiú láithreáin ar an taobh thoir a fháil ó Bhardas Bhaile Átha Cliath agus gur tharla moill ag tabhairt suntais do phleananna Bhardas Bhaile Átha Cliath an bóthar isteach go dtí an foirgneamh nua a leathnú.


Ní léir don Choiste cén foras a bhí ag Oifig na nOibreacha Poiblílena cheapadh go gcuirfí an fairsingiú láithreáin ar fáil. Rud is tábhachtaí ná sin, áfach, ní léir don Choiste cén fáth, nuair nár fhéad an Oifig an fairsingiú láithreáin a fháil, a raibh an oiread sin tábhachta leis gurbh éigean cinneadh a dhéanamh an scéim a athdhearadh. De réir an eolais a tugadh sa Mheabhrán ón Aire Airgeadais, rinne an Bardas, an 16 Meitheamh 1976, sraith pleananna a cheadú a cuireadh isteach an 5 Bealtaine 1976. An tráth a thug an Bardas an ceadú sin bhí diúltaithe cheana féin aige, an 20 Bealtaine 1976, fairsingiú láithreáin a thabhairt agus luíonn sé le ciall a cheapadh dá bhrí sin gur mheas an Bardas go mbeadh an foirgneamh a bhí beartaithe oiriúnach don láithreán neamhfhairsingithe. Ní raibh de choinníoll ag gabháil leis an gceadú sin a thabhairt ach amháin go ndéanfaí, mar gheall ar leathnú bóthair a bhí beartaithe, malairt rochtana a shocrú. Ní mór a thuiscint uaidh sin, de chionn an coinníoll sin a bheith ag gabháil leis an gceadú, go bhféadfaí é a chomhlíonadh agus, má tá sin amhlaidh, ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil cad chuige nach ndearnadh beart de réir chomhaontú an 16 Meitheamh ón mBardas. Más rud é nárbh fhéidir beart a dhéanamh dá réir ní thig leis an gCoiste aon tátal a bhaint as sin ach go ndearna an Bardas dearmad, ag tabhairt an cheadaithe dó an 15 Meitheamh, ar an diúltú a bhí tugtha roimhe sin aige an fairsingiú a lorgaíodh a thabhairt. Ní thuigeann an Coiste ach an oiread conas nár tuigeadh go dtí lár na bliana 1976 a thábhachtaí is a bhí beartú an Bhardais, an bóthar a leathnú ó thaobh an tionscadail de. Tugann sé dá aire a raibh i litir a sheol Leas-Bhainisteoir na Cathrach go dtí an Roinn Comhshaoil tar éis Tuarascáil an Choiste don bhliain 1978 a fhoilsiú. Dealraíonn sé ón litir sin gur leis an Roinn Cosanta féin an bóthar atá i gceist agus mar gheall ar thairiscint a rinne an Roinn sin i 1970 cuid den bhóthar a thíolacadh don Bhardas, go raibh caibidlí leanúnacha ann idir an Bardas, an Roinn Cosanta agus Oifig na nOibreacha Poiblí ina ndearnadh tagairt do leathnú an bhóthair.


Ba mhaith leis an gCoiste dá ndéanfaí an dá ghné sin den ábhar a léiriú tuilleadh dóibh.


Maidir le costas an tionscadail tugann an Coiste dá aire nach bhfuil tairiscintí iarrtha fós agus beidh sé ag feitheamh mar sin leis an eolas atá á lorg maidir leis an bpraghas tairisceana agus leis na táillí is iníoctha ar bhonn an phraghais sin.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

Mír 49


33. Is maith leis an gCoiste an deimhniú a thug an tOifigeach Cuntasaíochta dó nár bhain aon chaillteanas don Státchiste, d’ainneoin gur méadaíodh ar na riaráistí i rannán maoine Oifig na nOibreacha Poiblí, mar gheall ar an moill a tharla ag comhlánú comhaontuithe tionóntachta le gníomhaireachtaí nach maoinítear as airgead vótáilte. I gcás na tionóntachta dár thagair an Coiste, is é sin, tionóntacht an Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha maidir lena áitreabh ar Shráid Chill Dara, tugann sé dá aire go ndearna an tAire, i mí Iúil 1980, téarmaí athbhreithnithe tionóntachta a cheadú arb é a n-éifeacht an t-áitreabh a thairiscint saor ó chíos faoi réir rátaí a íoc agus cothabháil inmheánach a dhéanamh ach nach raibh dréachtchomhaontú nua a cuireadh go dtí Bord an Choláiste i mí Dheireadh Fómhair 1980 tugtha chun críche faoi Mhárta 1981. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil an coláiste á aistriú de réir a chéile go dtí ionad eile ag an Údarás um Ard-Oideachas agus tá súil aige go ndéanfar na comhaontuithe dlíthiúla i leith an áitribh ar Shráid Chill Dara agus aon áitribh eile a sholáthróidh Oifig na nOibreacha Poiblí a chríochnú gan a thuilleadh moille.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí—Asbhaintí ó thuarastail foirne a íoc anonn

Mír 50


34. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil maidir leis na hiar mhéideanna go léir i leith asbhaintí cánach ioncaim agus árachais shóisialaigh phá-choibhneasa a bhaineann leis na blianta 1973/4 go dtí 1976/7 go bhfuil siad glanta anois agus go bhfuiltear ag súil, nuair a thabharfar isteach an tsonra-phróiseáil uathoibritheach agus nuair a fhostófar an bhreis foirne atá á lorg le haghaidh Bhrainse na gCuntas, go maolófar ar na fadhbanna a thug nár íocadh na hasbhaintí go féiltiúil. Tugann sé dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais ag meabhrú d’Oifigigh Chuntasaíochta a riachtanaí atá sé cloí go dlúth leis na rialacháin maidir le hasbhaintí cánach agus árachais shóisialaigh a íoc anonn in am.


Éilimh ar Airgead CEE

Mír 51


35. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na deontais do na trí chuan iascaigh dár thagair sé ina Thuarascáil íoctha ag CEE agus gurb é ba chúis leis an moill a bhain le héilimh a chur isteach sna cásanna sin gur mine go mór na ráitis airgeadais agus an fhaisnéis eile a theastaíonn ó CEE ná iad sin a theastódh de ghnáth ón Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta agus ó Oifig na nOibreacha Poiblí faoina nósanna imeachta rialúcháin féin i dtaobh airgeadais.


Más fíor go raibh an easpa eolais sin ina cúis le moill ó dhá bhliain go dtí cúig bliana ag cur éilimh isteach ní mór don Choiste a mheas gur easnamh an-mhór é sin ar rialuithe agus ar thaifid airgeadais na Roinne Iascaigh agus Foraoiseachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Mar thaca leis an dearcadh sin tá sé le rá nár tugadh riamh an dearbhú a d’iarr an Coiste ina leith sin sa Tuarascáil uaidh roimhe sin. Cé go bhféadfadh sé, mar a dúradh sa Mheabhrán ón Aire Airgeadais, nach mbeadh aon cheist feasta i dtaobh tuilleadh próiseála a dhéanamh ar iarratais le haghaidh deontas d’oibreacha feabhsúcháin ar chuanta iascaigh, is ábhar imní don Choiste go bhféadfadh easnaimh a mhoillíonn éilimh ar dheontais CEE a chur isteach a bheith ag baint le taifid airgeadais i Ranna eile chomh maith. Beidh sé ag feitheamh mar sin féachaint cad a déarfaidh an Meabhrán atá le cur isteach ag an Roinn Airgeadais ina leagfar amach na socruithe atá ann chun faireachán a dhéanamh maidir leis na héilimh a bheidh á gcur isteach le haghaidh deontais ó chistí éagsúla an Chomhphobail.


Cuireann sé corraí ar an gCoiste a fháil amach gur baol go gcaillfear deontas ó Chiste Sóisialach na hEorpa mar gheall ar mhoill a tharla ag cur éilimh isteach. Le linn d’Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta Saothair a bheith á cheistiú i ndáil le cuntais na bliana 1979 chuir sé in iúl don Choiste go raibh imeachtaí dlí tionscanta in aghaidh Choimisiún CEE ag Stát amháin de chúig Bhallstát eile ar dícheadaíodh éilimh orthu ar an gcúis chéanna agus go raibh deis ag Éirinn uamadh sna himeachtaí sin agus go raibh an rogha sin á breithniú. Beidh an Coiste seo ag feitheamh le heolas ar a dtarlóidh.


Foraoiseacht—Cúnamh a Sholáthar do Irish Board Mills Limited (faoi bhráid Glacadóra)

Míreanna 52 agus 53


36. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil rún ag an Aire aird na nOifigeach Cuntasaíochta agus daoine eile lena mbaineann a tharraingt ar an gcor atá ar an scéal maidir le hiasachtaí a fháil chun críocha Státchiste agus go n-admhaíonn sé go raibh na nósanna imeachta ar glacadh leo chun cistí sealadacha a sheoladh go dtí an Glacadóir in Irish Board Mills Ltd. faoi réir an cháinte a rinne an Coiste. Cé go n-aithníonn an Coiste go bhféadfadh go raibh mórdheacrachtaí práinneacha le sárú sa chás seo ní fhéadfadh sé glacadh leis gur chóir in imthosca ar bith dul i muinín nós imeachta mírialta chun na deacrachtaí sin a réiteach. Is áthas leis mar sin a fháil amach gur cás ann féin an cás seo agus nach dtarlóidh a leithéid arís.


Tugann an Coiste dá aire gur aisíocadh £298,240 as an tsuim £550,000 a tugadh don Ghlacadóir, rud a d’fhág gur £251,760 an costas a bhí ar an Stát faoi dheoidh.


Tionscal, Tráchtáil agus Fuinneamh—Ráthaíochtaí Onnmhairiúcháin

Míreanna 55, 56


37. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas ar thoradh na bpléití maidir le hathsceidealú na suimeanna atá dlite don Roinn de dhá Aireacht Rialtais sa tSúdáin. Beidh sé ag feitheamh freisin le cinneadh na Roinne Airgeadais maidir leis an gCuideachta Árachais do choinneáil suim £25,289 i leith chostais seirbhísithe innealra a onnmhairíodh faoi chomhshocraíochtaí um ráthaíochtaí onnmhairiúcháin creidmheasa.


Tionscal, Trachtáil agus Fuinneamh—Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh

Mír 57


38. Glacann an Coiste leis nach leibhéal na dtáillí a éilíonn Ceardlanna Dearthóireachta Chill Chainnigh Teoranta a rialáil, méid áirithe, faoi threoir na dtáillí a éilíonn comhairleoirí dearthóireachta san earnáil phríobháideach. Tugann sé dá aire na méaduithe atá déanta ó 1978 anall agus is áthas leis a chloisteáil go leanfar de na hiarrachtaí chun an t-ioncam is airde is féidir a fháil ó tháillí.


Oifig an Aire Oideachais—Comhréiteach d’Orduithe Iníoctha atá Amuigh

Mír 58


39. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil tuilleadh iarrachtaí á ndeanamh ag an Roinn Oideachais na taifid atá aici d’Orduithe Iníoctha atá amuigh a thabhairt ar réiteach leis na tuairisceáin ó Oifig an Phámháistir Ghinearálta. Nuair a bhí an Coiste ag éisteacht le fianaise i ndáil le Cuntas na bliana 1979 chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl dó go raibh an Roinn Airgeadais tar éis glacadh i bprionsabal le togra go ndéanfaí na figiúirí don bhliain 1979 a thabhairt ar réiteach mí ar mhí le buan-difear a nglacfaí leis gur nithe a tharla roimh an mbliain 1979 ba chúis leis. Ós rud é nárbh fhéidir réiteach a dhéanamh faoin uimhir sin gan acmhainn mhór foirne a chaitheamh leis bheadh ceadú á iarraidh ar an Roinn Airgeadais le coigeartú iomchuí a dhéanamh i Leabhair na Roinne Oideachais agus dhéanfaí aon suimeanna a dhíscríobhfaí dá thoradh sin a chur in iúl do Dháil Éireann.


Tá dóchas ag an gCoiste go socrófar an rud seo gan a thuilleadh moille agus ba mhaith leis go n-inseofar dó nuair a bheidh sin déanta.


Talmhaíocht—Mairteoil Idirghabhála a Stóráil agus a Iompar

40. Is maith leis an gCoiste a shonrú go ndearnadh cinneadh i bprionsabal tús a chur le córas tairiscintí agus conarthaí foirmiúla maidir le mairteoil idirghabhála a stóráil agus a iompair in Éirinn agus, le linn do na socraíochtaí nua stórála agus iompair a bheith á ndéanamh, go dtabharfar aird ar na moltaí a rinne na comhchomhairleoirí a d’fhostaigh an Roinn Talmhaíochta chun staidéar a dhéanamh ar an gcóras idirghabhála mairteola.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—CBL ar Idirbhearta Idirghabhála

41. Tugann an Coiste dá aire gurbh é ba thoradh le riail na gCoimisinéirí Ioncaim i dtaobh dliteanais i leith CBL an Roinn Talmhaíochta d’íoc CBL ar gach táille stórála ó mhí Dheireadh Fómhair na bliana 1979.


Ar chuntar nach bhfuil aon ghnóchan ná caillteanas glan ann don Státchiste glacann an Coist leis na socraíochtaí a rinneadh maidir le híocaíochtaí CBL a bhaineann le seirbhísí a soláthraíodh roimh an dáta sin.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Cánacha Neamhbhailithe a Dhíscríobh

42. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh dul chun cinn suntasach idir mí Iúil 1979 agus mí na Nollag 1980 maidir le cásanna a bhaineann le riaráistí neamhinbhailithe cánach láimhdeachais a ghlanadh agus go rabhthas ag súil go ndéileálfaí leis na cásanna eile faoi dheireadh mhí na Márta 1981 tráth a ndéanfaí sonraí i dtaobh cánach a áireofaí go foirmiúil mar cháin nach féidir a ghnóthú a thabhairt ar aird don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil go bhfuil an t-ábhar seo á réiteach sa deireadh.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—CBL

43. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh na nósanna imeachta ar cuireadh tús leo i mí Eanáir 1979 chun na chéad aisíocaíochtaí CBL a rialú níos géire a athbhreithniú i mí Eanáir 1980 agus, faoin am sin, gur fíoraíodh trádáil a bheith ann i 1,000 cás, tuairim, a cláraíodh le haghaidh CBL ó mhí na Samhna 1978 i gcás inar mó ná £100 na chéad éilimh ar aisíocaíocht. Tugann sé dá aire freisin go ndearnadh cinneadh, ó tharla go bhfuarthas amach go raibh na héilitheoirí i mbun trádála sna cásanna go léir a scrúdaíodh, an teorainn £100 a ardú go £500 ach go ndéanfadh Brainse Iniúchta na gCoimisinéirí seiceálacha samplacha ar chásanna faoin teorainn sin. Ba mhaith leis an gCoiste fios a bheith aige cén cion de na cláruithe uile sa tréimhse ó mhí na Samhna 1978 go dtí mí Eanáir 1980 inar mó ná £100 an chéad éileamh ar aisíocaíocht atá san áireamh sa 1,000 cás a seiceáladh.


Is ábhar imní i gcónaí don Choiste a thabhairt dá aire nach bhfuil athrú ar bith ar leibhéal an fhíoraithe réamh-íocaíochta maidir le héilimh i gcás inar chláraigh trádálaithe le haghaidh CBL roimh mhí Eanáir 1977, d’ainneoin gur cruthaíodh gur fíor-thrádálaithe na trádálaithe sin a chláraigh idir mí Eanáir 1977 agus mí na Samhna 1978 agus nach raibh acu ach éilimh ar aisíocaíocht. Mar a thuigeann an Coiste an scéal, mar sin, tá gach éileamh aisíocaíochta ó thrádálaithe den-sórt sin nach mó ná £2,500 in aghaidh na tréimhse inchánach — is ionann é sin agus £15,000 sa bhliain — á n-íoc fós gan aon réamhfhíorú i dtaobh an t-éilitheoir a bheith ina thrádálaí bona fide. Ní léir don Choiste an chiall atá leis an ráiteas gur glacadh leis go ndéileálfaí leis na cásanna sin trí ghnáthrialú ag leibhéal ceantair. Sa chéad dul síos ba mhaith leis fios a bheith aige faoi chineál an rialaithe sin agus ina dhiaidh sin níl a fhios aige cad chuige nár cruthaíodh go cinnte ar feidhmíodh an rialú sin.


Is ábhar imní breise don Choiste eolas a bheith aige go bhfuarthas amach faoi chás amháin inar aisíocadh CBL, arbh é a méid iomlán £51,845, ar bhonn éileamh calaoiseach. Ba mhaith leis fios a bheith aige cén uair a rinneadh an “clárú” sa chás sin agus cén tréimhse lenar bhain na héilimh chalaoiseacha.


Tuigeann an Coiste go bhfuil CBL á bailiú anois ag 77,000 trádálaí cláraithe — agus méadú 7,000-8,000 ag teacht air sin in aghaidh na bliana — agus nach mór aon chóras chun an mhaoirseacht a leathnú a mheas i gcomhthéacs a bhfuil d’fhoireann ar fáil faoi láthair agus amach anseo agus an riachtanais chun aisíocaíochtaí dlite a dhéanamh laistigh d’am réasúnach, agus dá bhrí sin ní mór cóimheá a dhéanamh idir an méid iomlán maoirseachta ar thuairisceáin CBL agus an méid imscrúdaithe ar éilimh aisíocaíochta. Is maith leis a thabhairt faoi deara go ndearnadh méadú de réir a chéile le blianta beaga anuas ar líon na foirne a bhíonn ag maoirsiú CBL agus, cé go n-aithníonn sé go gcaithfidh na Coimisinéirí Ioncaim bheith ag brath ar chóras faoina ndéanann foireann Chigireachta CBL cigireacht fhánach ar ghnóthaí agus faoina ndéantar tuairisceáin CBL a chur i gcomórtas le cuntais trádálaithe d’fhonn míchúram, neamhréireachtaí nó calaois a chealú, tá súil aige nach ligfear do leibhéal na seiceálacha sin dul i laghad agus go leanfar i gcónaí den chóras a bhreithniú chun a éifeacht a chinntiú i leith gach gné den chóras CBL.


Comhshaol—Deontais le hAghaidh Tithe Príobháideacha

Mír 64


44. Glacann an Coiste leis na hargóintí a cuireadh chun tosaigh i leith bhuanú na socraíochtaí iniúchta atá ann faoi láthair faoi scéim Deontais le haghaidh Tithe Príobháideacha.


Leas Sóisialach—Riaráistí Ranníocaí Leasa Shóisialaigh a Ghnóthú

Mír 67


45. Tugann an Coiste dá aire nach féidir, fós, an t-eolas a sholáthar a d’iarr an Coiste maidir leis an méid cásanna atá ar láimh ag feitheamh le beart dlí ó tharla nár taispeánadh, sna taifid a bhí ag an Roinn Leasa Shóisialaigh suas go dtí an bhliain 1978, cá mhéad de na cásanna a tarchuireadh chun an Phríomh-Aturnae Stáit chun riaráistí ranníocaí a ghnóthú a cuireadh de láimh seachas tri chaingean chúirte. Tugann sé dá aire freisin, áfach, an t-eolas breise atá ar fáil anois go raibh, ar dháta mheabhrán an Aire, 5 Márta 1981, 188 gcás ann i ndáil leis an mbliain 1978 a cuireadh de láimh sa tslí sin chomh maith leis na 53 chás a cuireadh de láimh trí na Cúirteanna. D’fhágfadh sé sin 184 chás den 425 chás a tarchuireadh chun an Phríomh-Aturnae Stáit an bhliain sin gan bheith curtha de láimh fós tar éis imeacht bhreis agus 2 bhliain agus is cúis imní don Choiste, más mar sin a bhí cúrsaí sna blianta roimh an mbliain 1978 nach foláir nó go bhfuil na riaráistí i ndiaidh carnadh suas go mór faoin am seo. Is maith leis mar sin eolas a bheith aige go bhfuil scrúdú á dhéanamh chun a fháil amach cad é an líon iomlán cásanna nár cuireadh de láimh agus beidh sé ag súil go mór le torthaí an scrúdaithe sin.


Is maith leis freisin eolas a bheith aige go ndéanfar, le cúnamh na gCoimisinéirí Ioncaim a bhfuil freagracht orthu ó mhí Aibreáin 1979, ranníocaí a bhailiú, gach beart is féidir a ghlacadh chun an neamhchomhlíonadh sin a laghdú agus go ndéanfar beart dlí más gá.


Leas Sóisialach—Ró-íocaíochtaí Cúnaimh Shóisialaigh

Mír 68


46. Tugann an Coiste dá aire gur tharla an méadú san iarmhéid róíocaíochtaí nach raibh curtha de láimh ag deireadh na bliana 1978 de thairbhe gur aimsíodh roinnt cásanna inar ceileadh acmhainní i ndáil leis na scéimeanna Cúnaimh Dhífhostaíochta agus Pinsean Seanaoise i ndiaidh d’fhoireann imscrúdaithe na Roinne a gníomhaíochtaí a mhéadú agus go raibh méideanna an-mhór i gceist i gcuid mhór de na ró-íocaíochtaí sin mar gheall ar iad a bheith ag carnadh suas le roinnt blianta. Molann an Coiste na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun mí-úsáid thoiliúil an chórais Leasa Shóisialaigh a bhrath agus tugann sé dá aire go ndéantar gach beart is féidir chun méideanna atá róíoctha a fháil ar ais.


Maidir leis an imní atá ar an gCoiste go bhféadfaí a rá gur tharla an méadú ar luach na ró-íocaíochtaí a bhí gan réiteach an 31 Nollaig 1978 mar gheall ar mhéadú ar an méid ró-íocaíochtaí atá á ndéanamh, tugann sé dá aire gurb é 5,600 an líon iomlán ró-íocaíochtaí a taifeadadh sa bhliain 1978 i gcomórtas le 5,900 sa bhliain 1977 agus nach raibh luach na ró-íocaíochtaí a bhí gan réiteach an 31 Nollaig 1979 (£1,314,000) ach 8 faoin gcéad níos airde ná an méid a bhí gan réiteach an 31 Nollaig 1978 (£1,215,524).


Leas Sóisialach—Ranníocaí Sláinte a Bhailiú

Mír 69


47. Tugann an Coiste dá aire na hargóintí a chuir an Roinn Leasa Shóisialaigh chun tosaigh mar chosaint ar an modh a úsáidtear chun an tseiceáil thrialach a dhéanamh ar éilimh ar aisíoc ranníocaí sláinte agus tugann sé dá aire go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na n-éileamh sin agus nach dtarlóidh na héilimh sin i leith ranníocaí sláinte a thabhófar i ndiaidh mhí Aibreáin, 1979.


An Garda Síochána—Airleacain a Ghlanadh

Mír 70


48. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil go bhfuil laghdú laghdú measartha mór ar mhéid na n-airleacan ón tréimhse roimh an mbliain 1978 nár glanadh go fóill agus is maith leis an t-eolas breise a fuair sé ón Oifigeach Cuntasaíochta, nuair a bhí sé os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais 1979, eadhon, gurbh é £1,000 an t-iarmhéid gan glanadh an tráth sin (14 Bealtaine 1981). Tá an Coiste ag súil gur féidir na hiarmhéideanna atá fágtha a ghlanadh ach, i gcás nach féidir déanamh amhlaidh, glacann sé leis go gcaithfear aon mhéideanna iarmharacha nach bhfuil glanta a dhíscríobh le ceadú ón Roinn Airgeadais agus go gcaithfear iad a mhuirearú ar an Vóta.


Is cás leis an gCoiste a thabhairt dá aire nárbh fhéidir barúil a thabhairt faoi chor na n-airleacan neamhghlanta a eisíodh ón 1 Eanáir 1978. Cé go dtugann sé dá aire gur thug Coimisinéir an Gharda treoir á ordú go ndéanfaí éilimh laistigh de mhí ó eisiúint airleacan, is léir nach féidir éifeacht a bheith le comhlíonadh na treorach sin ach amháin i gcás na n-airleacan a rinneadh le déanaí. Fiú amháin má chomhlíontar go hiomlán í i ndáil le hairleacain reatha tá an fhadhb ann i gcónaí a bhaineann leis na hairleacain a eisíodh sna blianta 1978, 1979 agus 1980 a ghlanadh. Is mian leis an gCoiste fios a bheith aige an bhfuarthas gach éileamh a bhaineann leis na hairleacain a eisíodh sna blianta sin agus, má fuarthas, an mbaineann an mhoill le próiseáil amháin, nó ar tharla faillí, mar a tharla blianta roimhe sin, i dtaobh éilimh a dhéanamh. Ba mhaith leis scéala a fháil i dtaobh aon dul chun cinn a dhéanfar chun gach iarmhéid go dtí seo a ghlanadh.


Cúirteanna—Airgead Bannaí a Chur de Láimh

Mír 71


49. Tugann an Coiste dá aire, i ndáil le hOifig Cúirte Dúiche Bhaile Átha Cliath, go ndearnadh an méid airgid ó bhannaí a taisceadh roimh 1 Eanáir 1979 agus nár glanadh go fóill a laghdú ó £20,100 go dtí £6,650 agus go rabhthas ag déileáil in Oifig chuí na Cúirte Cuarda i gcomhar le hOifig an Phríomh-Aturnae Stáit leis an méid sin, mar aon le £5,000 eile a taisceadh sa bhliain 1979 agus a bhain le cásanna Cúirte Cuarda.


Tugann sé dá aire freisin go bhfuarthas amach faoi thuairim is £2,300 de riaráistí in Oifig chúige áirithe de chuid na Cúirte Dúiche agus go rabhthas le beart a dhéanamh chun an méid sin a chur de láimh.


Is maith leis an gCoiste an dearbhú a fháil nach bhfuil aon airgead eile sna cuntais faoi urláimh na gCúirteanna nach bhfuil á chur de láimh go rialta.


Cosaint—Costais Fhórsaí Caomhnaithe na Síochána a Ghnóthú ó na Náisiúin Aontaithe

Mír 72


50. Tugann an Coiste dá aire go dtángthas ar chomhaontú le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe i dtaobh éilimh a bheith inghlactha ag an Rúnaíocht maidir le cúltacairí airm a úsáid in ionad na saighdiúirí atá ag fónamh leis na Náisiúin Aontaithe sa Chipir agus go bhfuil an comhaontú le cur i gcrích trí mhalartú litreacha idir Buan-Mhisean na hÉireann chun na Náisiún. Aontaithe agus Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe. Tá súil ag an gCoiste go gcuirfear an t-ábhar sin i gcrích anois.


Is mó is cás leis an gCoiste an méid atá gan réiteach i leith na hearnála eile caiteachais, maidir le trúpaí a sholáthar chun fónamh sa Liobáin. Is mó go mór an earnáil sin—£4.8 milliún de réir mar a luadh sa Tuarascáil is déanaí ón gCoiste—agus d’fhéadfadh sé bheith i bhfad níos mó anois. Is ábhar iontais dó a thabhairt dá aire gur tháinig an Roinn Cosanta ar an mbarúil, fiú, is cosúil, gan an moladh a chur os comhair na Náisiún Aontaithe, nárbh fhiú íocaíochtaí rialta ar cuntas a iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe. Tuigeann an Coiste go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag na Náisiúin Aontaithe ag maoiniú oibríocht UNIFIL ach, ina ainneoin sin, tá sé á iarraidh go lorgófaí freagra ó na Náisiúin Aontaithe ar an moladh i dtaobh íocaíochtaí ar cuntas.


Is cás leis an gCoiste a thabhairt faoi deara gur luadh, i Meabhrán an Aire Airgeadais, gurbh í an bhunfhadhb nach gceadaíonn acmhainní na Náisiún Aontaithe ach páirtíocaíocht i leith costas trúpaí. Ba mhaith leis soiléiriú a fháil ar an scéal, is é sin, an ionann é sin agus a rá gur lú an méid atá á éileamh ná an costas iomlán a bhaineann le fórsaí caomhnaithe na síochána a sholáthar agus, más amhlaidh atá, cad é an difríocht idir an dá mhéid. Ba mhaith leis fios a bheith aige ar cuireadh na trúpaí ar fáil ar an mbonn sin.


Teaghlaigh Chónaithe agus Scoileanna Speisialta—Laigí Tógála i Scoil Oiliúna

Mír 74


51. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na hoibreacha ceartúcháin sa scoil lena mbaineann curtha i gcrích go sásúil anois ar chostas £54,492 agus go bhfuil an Roinn ag coinneáil £19,523 de a bhí dlite don chonraitheoir bunaidh.


Tugann sé dá aire freisin gur cinneadh, mar gheall ar an gcomhairle a fuarthas ón bPríomh-Aturnae Stáit, gan imeachtaí gnóthaithe a thionscnamh i gcoinne na cuideachta árachais faoi théarmaí an bhanna oibre ná gan imeachtaí a thionscnamh i gcoinne na gComhchomhairleoirí i leith faillí toisc nár sheirbheáil siad fógra faoin mbanna nó toisc nár chomhairligh siad don Aire an fógra sin a sheirbheáil.


Cé go nglacann an Coiste leis an gcomhairle dlí a tugadh, ní mór dó a léiriú gur cás leis gur cailleadh tuairim is £35,000 a d’fhéadfaí a ghnóthú, de réir dealraimh, sa chás seo. Is léir gur tharla an cailleadh de thairbhe nach ndearnadh beart go pras, ach níltear ar aon tuairim cé acu an Roinn nó na Comhchomhairleoirí nó iad araon ba chúis leis an bhfaillí agus ní fiú iarracht a dhéanamh an cheist a réiteach anois. Is é is ábhar imní don Choiste cad chuige ar tharla an fhaillí ar chor ar bith. Dá mba nár tharla an fhaillí sin níor ghá bheith ag smaoineadh ar dhul i muinín an dlí mar gur dóigh go gcomhlíonfadh an chuideacta árachais a hoibleagáidí.


Ní thig leis an gCoiste ach teacht ar an tuairim go raibh easpa mhór cumarsáide ann idir an Roinn agus na Comhchomhairleoirí nó go raibh míthuiscint mhór ann i dtaobh a bhfreagrachtaí faoi seach. Más amhlaidh atá, ba mhaith leis dearbhú a fháil go ndearnadh bearta chun a chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís agus, i gcás ranna eile a cheanglaíonn ar chonraitheoirí bannaí oibrí a sholáthar, go gcuirfear ar an eolas iad faoi na contúirtí a léiríodh sa chás seo.


Tugann an Coiste dá aire go mbíonn bannaí oibre ag teastáil ó na príomh-Ranna agus na príomh-Oifigí Rialtais a bhíonn ag gabháil d’obair thógála ach go bhfuil an Roinn Airgeadais, mar gheall ar an gcleachtas ginearálta trína ngníomhaínn an Stát mar árachóir dó féin, i ndiaidh scrúdú a ghlacadh ar láimh faoin gceist ar cheart leanúint de bhannaí a úsáid i leith conarthaí tógála poiblí.


Ba é tuairim an Choiste gur léiriú maith ar chumas conraitheora tionscadal áirithe a chríochnú a éasca nó a dheacra a bhí sé banna a fháil uaidh. Tá sé ag súil, áfach, le toradh an scrúdaithe a dhéanfaidh an Roinn Airgeadais faoin ábhar seo.


Ginearálta

Mír 75


52. Tugann an Coiste dá aire go ndéanfaidh an tAire tuairimí an Choiste i dtaobh faisnéis a bhaineann le deontais d’institiúidí príobháideacha a chur in iúl go gach Oifigeach Cuntasaíochta.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA COSAINT

Trealamh nua ríomhaireachta a fháil ar cíos

Cta 28-30


53. Ina thuarascáil rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tagairt do shuiteáil trealaimh nua ríomhaireachta sa Roinn Cosanta i mí Iúil 1978 ar chíos bliantúil tuairim is £37,000, móide CBL, in ionad sean-trealamh a bhí in úsáid i gcomhar le saoráidí ríomhaireachta Lár-Sheirbhísí Sonra-Phróiseála chun pá agus pinsin Airm a íoc. Ceapadh go gcuirfeadh an trealamh nua ar chumas na Roinne Cosanta obair eile a ríomhairiú freisin agus sonraí a phróiseáil a bhí á bpróiseáil an tráth sin ag Lár-Sheirbhísí Sonra-Phróiseála ach, tar éis an trealamh a shuiteáil i mí Iúil, 1978, d’éirigh deacrachtaí maidir lena úsáid mar a beartaíodh agus b’éigean an sean-trealamh a choinneáil ar feadh roinnt míonna. Ó mhí na Nollag 1978 i leith d’oibrigh an trealamh nua go sásúil mar theirminéal ríomhaire ach níor úsáideadh é lena chumasú obair bhreise a ríomhairiú ná le tabhairt faoin bpróiseáil sonraí a bhí á dhéanamh ag Lár-Sheirbhísí Sonra-Phróiseála.


Cuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach raibh aon chostais bhreise i gceist ó tharla gur gnóthaíodh go hiomlán an cíos ar an sean-trealamh i leith na tréimhse coinneála ó mhí Iúil go mí na Nollag 1978. Luaigh sé go mbainfidh an obair bhreise a dhéanfar leis an trealamh nua le pá saighdiúirí, le pá oifigeach agus le pinsin ach nár aistríodh ach ceann amháin díobh sin—is é sin banc-réiteach pinsean—chuig an ríomhaire nua faoi mhí Iúil 1980. D’inis an tOifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go rabhthas ag súil go gcuirfí tús le haistriú eisiúintí na bpinsean agus chóras pá na n-oifigeach chuig an ríomhaire nua go luath sa bhliain 1981 ach gur cuireadh isteach ar aistriú beartaithe na hoibre chuig an ríomhaire nua mar gheall ar chailleadh foirne oilte agus easpa foirne sa rannóg ríomhaireachta.


D’inis an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste ina chuid fianaise go raibh an obair a bhí beartaithe don ríomhaire nua á tabhairt isteach ag an Roinn de réir a chéile. Mhínigh sé nach dtiocfadh leo an sean-trealamh a thabhairt uathu an tráth céanna a tháinig an trealamh nua isteach ó tharla go raibh locht i meicníocht clóite an ríomhaire nua agus nach raibh maith ar bith sa ríomhaire nuair nach raibh sé in ann cló. Fuair an Roinn £11,100 de chreidmheas i leith chailleadh an chumais clóite sa ríomhaire nua agus i leith chostas iomlán na tréimhse breise cíosa i gcás an tsean-trealaimh.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur tharla dhá rud mhí-ámharacha nach bhféadfaí a bheith ag súil leo nuair a cinneadh an t-aistriú trealaimh a dhéanamh. Sa chéad ásc ní raibh go leor daoine oilte ar fáil mar gheall ar chailleadh foirne agus ina dhiaidh sin tugadh isteach an tAcht um Íoc Pá sa bhliain 1979. Thug Alt 5 den Acht sin cead don Aire Saothair ordú a dhéanamh lena gcinnfí go mbeadh gach faighteoir pá i dteideal pá-bhileog a fháil le héifeacht ó dháta áirithe. B’éigean don Roinn Cosanta, a mbíonn uirthi 12,000 d’íocaíochtaí pá éagsúla a ullmhú do shaighdiúirí sa tseachtain, a iarraidh ar an Aire Saothair gan an t-ordú tosach feidhme a dhéanamh chun deis a thabhairt don Roinn a bheith ullamh chuige. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste go raibh an córas nua pá do shaighdiúirí á oibriú ar an ríomhaire nua ó mhí na Samhna 1980 agus gur thug an tAire Saothair éifeacht i mí Eanáir 1981 don ordú cumasúcháin faoi Alt 5 den Acht um Íoc Pá, 1979. Dúirt sé freisin go raibh an dá ní sin—an cailleadh foirne agus an t-aistriú arbh éigean don Roinn an líon sin foirne a bhí ar fáil a chur ag obair air—ina gcúis moille maidir le fáil iomlán a bheith ar an ríomhaire nua. Luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta go dtiocfadh leo, as seo amach, gach ceanglas a chomhlíonadh a bhí ar intinn acu nuair a rinneadh an t-aistriú i dtosach báire.


Is cás leis an gCoiste an mhoill a bhain leis an obair bhreise a aistriú chuig an riomhaire nua. Tá súil aige go bhfuil na deacrachtaí ar thagair an tOifigeach Cuntasaíochta dóibh sáraithe anois agus go bhfuil an fheidhm bhreise a bhí beartaithe don trealamh nua ríomhaireachta i dtosach báire á déanamh aige. Is mian leis an gCoiste scéala a fháil i dtaobh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis an ábhar seo.


LUACHÁIL AGUS SUIRBHÉIREACHT AN ORDANÁIS

Leithreasaí i gCabhair—Ranníocaí ó Údaráis Rátúcháin

Cta 188-193


54. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste ina chuid fianaise go n-íocann údaráis rátúcháin faoi Acht de chuid na bliana 1874, £6,295 de ranníocaí bliantúla socraithe i leith na gcaiteachas a thabhaítear in athchóiriú bliantúil na luachálacha. Mhínigh sé go raibh sé beartaithe, nuair a socraíodh na táillí sin, gurbh ionann iad agus leath an chostais a bhain le hathchóiriú bliantúil na luachálacha agus ba é a bharúil go mbeadh figiúr idir £400,000 agus £500,000 réadúil ag féachaint do chostais an lae inniu.


Is é tuairim an Choiste go bhfuil sé áiféiseach nár athchóiríodh riamh táillí a socraíodh os cionn 100 bliain ó shin agus ní thuigeann sé ar chor ar bith conas a ligeadh dó sin tarlú. Is é a thuairim, mar sin, go gcaithfear measúnacht a dhéanamh ar na táillí ab inmhuirearaithe faoi threoir chostais an lae inniu agus go ndéanfar beart láithreach chun na táillí a athchóiriú dá réir sin.


Níl a fhios ag an gCoiste ach oiread an amhlaidh atá an cás in aon roinn eile, is é sin le rá, an bhfuil táillí reachtúla á muirearú ag leibhéil atá as dáta le tamall fada in ionad iad a thabhairt cothrom le dáta ó am go ham. Más amhlaidh, molann sé go mór go ndéanfar beart láithreach chun iad a thabhairt cothrom le luachanna airgid an lae inniu.


LEAS SÓISIALACH

Cta 232-234


55. I dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste rinne sé tagairt don stailc poist a tharla sa bhliain 1979, stailc ba chúis le moill maidir leis an Roinn Poist agus Telegrafa do thabhairt na ngnáthchuntas míosúil don Roinn Leasa Shóisialaigh i leith sochar cúnaimh shóisialaigh agus árachais shóisialaigh a íoctar tríd an Roinn sin. Mar gheall ar an moill sin ba ghá muirir mheasta i leith fomhírcheann áirithe a chur isteach i gCuntas Leithreasa 1979 maidir le Leas Sóisialach. Tugann an Coiste dá aire go bhfuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh tuairim is £7 milliún sa bhreis ar áireamh in iomlán na muirear measta sin abfhiú £276 mhilliún, agus gur tugadh an méid breise sin ar láimh don Státchiste sna blianta 1980 agus 1981.


Glacann an Coiste leis nach raibh aon dara rogha ag an Roinn Leasa Shóisialaigh, sna dálaí áirithe sin, ach déanamh mar a rinne siad agus cé gur suim mhór airgid ann féin an £7 milliún breise is féidir é a thuiscint, b’fhéidir, ag féachaint don chaiteachas iomlán. Dá ainneoin sin, níor tharla sé riamh, de réir mar is eol don Choiste seo, gur muirearaíodh caiteachas measta ar Chuntas Leithreasa ar an cúiseanna a tugadh sa chás seo, agus is nós imeachta é nach réitíonn leis an gcoincheap gur chóir cuntas a thabhairt don Pharlaimint ar bhonn caiteachais a tabhaíodh iarbhír sa bhliain. Is mian leis an gCoiste a chur i dtreis, áfach, nach mbeadh sé ceart ar chor ar bith aon ghníomh éigeandála den sórt sin a mheas mar fhasach i gcásanna amach anseo agus go gcuirfeadh an Coiste ina choinne sin go láidir.


Cumann N. Uinseann de Pól do shóinseáil Orduithe Pinsin

Cta 235-238


56. Phléigh an Coiste na socraíochtaí a rinneadh do shárú na ndeacrachtaí a tharla mar gheall ar an stailc poist a d’fhág daoine a raibh íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh á bhfáil acu gan bheith ábalta a gcuid orduithe pinsin agus liúntais a shóinseáil sa ghnáth-shlí i bpostoifigí. Faoi na socraíochtaí sin shóinseáil Cumann N. Uinseann de Pól na horduithe ina bhrainsí féin agus thug an Roinn Leasa Shóisialaigh na cistí dó tríd an Roinn Poist agus Telegrafa le sin a dhéanamh. Is mian leis an gCoiste a bhuíochas a léiriú as an tslí inar chuir Cumann N. Uinseann de Pól a sheirbhísí ar fáil ar ghearrfhógra chun déileáil le cás éigeandála.


Bhí sé luaite ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina Thuarascáil nach raibh deis aige, faoi mhí Iúil 1980, na socraíochtaí cuntasaíochta agus rialaithe a bhaineann leis na híocaíochtaí sin a scrúdú. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste ina chuid fianaise go raibh sé beartaithe, trí na socraíochtaí a rinneadh leis an gCumann, go ndéanfaí dearbháin a tugadh mar thaca le híocaíochtaí a chur ar ais trí phost-mháistrí áitiúla chuig an Roinn Poist agus Telegrafa lena scrúdú sa tslí chéanna le dearbháin ó phost-oifigí faoi ghnáth-dhálaí oibre. Cé go raibh deacrachtaí ag an gCumann ag oibriú na scéime ní raibh sé ag súil le haon earráidí móra a bheith ann. Ba mhaith leis an gCoiste scéala a fháil i dtaobh thoradh na hoibríochta sin nuair a bheidh an cuntas deiridh ar fáil agus scrúdú déanta air.


SLÁINTE

Íocaíochtaí deontais arna ndéanamh thar ceann Bord Sláinte le hOspidéil Shaorálacha agus le hOspidéil Chomhbhord.

Cta 275-276


57. Ceanglaítear ar Ospidéil Shaorálacha agus ar Ospidéil Chomhbhord tuarascálacha míosúla ina bhfuil faisnéis airgeadais agus staidrimh a thabhairt don Roinn Sláinte. Úsáideann an Roinn an fhaisnéis sin chun leibhéal na n-íocaíochtaí deontais míosúla a ríomh agus chun leithrannta ceadaithe cistí i gcomhair seirbhísí ospidéil a athbhreithniú.


Is cuid de chlár faireacháin leanúnach córas na dtuarascála míosúla sin agus tá sé ceaptha chun na húdaráis ospidéil a spreagadh a gcaiteachas a athbhrethniú in aghaidh an bhuiséid agus chun a chinntiú go dtugann siad aird ar chúrsaí buiséid agus is cás leis an gCoiste mar sin a fháil amach nár thug roinnt ospidéal na tuarascálacha sin sa bhliain 1979. Mar mhíniú ar an bhfaillí maidir leis na ceanglais sin a chomhlíonadh dúirt roinnt údarás ospidéil go raibh ganntanas foirne agus brú oibre eile ann chomh maith leis an deacracht a bhaineann le cuid den fhaisnéis a d’éiligh an Roinn a chur le chéile agus bhí an míniú sin á mheas ag an Roinn d’fhonn na tuairisceáin láithreacha míosúla airgeadais agus staidrimh a athchóiriú.


Luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur ghlac an Roinn leis gur cuid an-tábhachtach den chóras rialaithe na tuarascálacha míosúla sin nach bhfuil iontu, áfach, ach cuid den chóras sin agus go dtugann foireann na roinne cuairteanna go rialta ar na hospidéil lena staid airgeadais a sheiceáil. Léirigh sé go tréan go mbítear san airdeall ar an gcontúirt a bhaineann le ró-íocaíochtaí de thairbhe gurb ionann an méid a íoctar gach bliain agus tuairim is 85 faoin gcéad den chostas measta don bhliain sin agus go mbíonn an fuílleach iníoctha blianta ina dhiaidh sin nuair a dhéantar na costais iarbhír a chinneadh.


Is cuid shuntasach de chostas na Seirbhísí Sláinte an caiteachas ar na deontais sin, ab fhiú £125 mhilliún sa bhliain 1979, agus is méid measartha mór a bheadh i sábháil ar bith fiú amháin dá mba cion beag den iomlán í. Ní féidir leis an gCoiste, mar sin, glacadh leis go mbeadh maolú ar bith ann ó thaobh cloí go dlúth le ceanglais rialaithe bhuiséadachta sa réimse seo. Má táthar ar aon intinn go mbíonn fíordheacracht ag na hospidéil ceanglais an chórais láithrigh a chomhlíonadh is ceart don Roinn agus do na hospidéil, ansin, dul i gcomhairle lena chéile chun córas a cheapadh is féidir a chur i bhfeidhm go hiomlán éifeachtach. Tugann sé dá aire go bhfuil an ghné sin á meas agus ba mhaith leis tuilleadh eolais faoin dul chun cinn atá á dhéanamh.


SAOTHAR

Scéim do Chosaint Fostaíochta

Cta 315-323


58. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar íocaíochtaí ab fhiú £1.97 milliún agus a íocadh le fostóirí faoin scéim seo i mí na Nollag 1979; ní raibh aon dliteanais a d’aibigh sa bhliain ar áireamh sa mhéid sin ó tharla nach bhfuarthas na héilimh sa Roinn don tréimhse atá i gceist i.e. an tréimhse go dtí 27 Samhain 1979 nó, má fuarthas, nár cuireadh faoi ghnáth-scrúdú na Roinne iad an tráth sin. Sna cásanna nach bhfuarthas aon éilimh ina leith ba mhaith leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste fios a bheith aige conas a rinneadh na méideanna a íocadh a ríomh agus an bhfuarthas na héilimh go léir ina dhiaidh sin. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go ndearnadh cur isteach ar an sruth éileamh faoin scéim mar gheall ar mhoill a rinne Coimisiún CEE scéim nua a cheadú agus mar gheall ar an stailc poist, agus mhínigh sé go raibh roinnt fostóirí mall ag cur isteach éileamh, rud nach rabhthas ag súil leis. Cinneadh, dá bhrí sin, ar íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh ar bhonn 90 faoin gcéad d’éadanluach na n-éileamh a fuarthas nó, i gcás nach bhfuarthas éileamh, ar bhonn 90 faoin gcéad de mhéid an éilimh roimhe sin. Tugadh 300 íocaíocht eatramhach den chineál sin ab fhiú £2,296,616 agus, i ngach cás seachas ceann amháin, cruthaíodh dearbhtheidil ina dhiaidh sin agus rinneadh coigeartuithe iomchuí.


Ina chuid fianaise luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur bunaíodh an scéim chun cuidiú le tionscail teicstíle, coisbheart agus éadaí a ndeachaigh an meathlú eacnamaíochta i bhfeidhm orthu agus rinneadh na híocaíochtaí atá i gceist tar éis brú a bheith á imirt ag gnólachtaí a mbeadh orthu oibrithe a leagan as, b’fhéidir, mura bhfaighidís an fóirdheontas sin. Chomh maith leis sin bhí méid suntasach airgid ar fáil go fóill sa Vóta i dtrátha dheireadh na bliana, agus bhí an chontúirt ann nach soláthrófaí mórán airgid an bhliain dár gcionn agus go gcuirfeadh údaráis CEE deireadh leis an scéim. D’admhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta gurbh eol dó cad a thiocfadh as a raibh déanta ó thaobh cuntasaíochta de ach léirigh sé gurbh é an dara rogha oibrithe sna tionscail áirithe a chur i mbaol dífhostaíochta.


Cé go dtuigeann an Coiste an fáth a ndearna an Roinn na híocaíochtaí sin ní aontaíonn sé leis an iarracht aici a gníomhartha a chosaint ós rud é nach féidir leis taobhú, in imthosca ar bith, le méideanna nár próiseáladh go cuí lena n-íoc i mbliain áirithe a mhuirearú i leith na bliana cuntais sin. Sa chás seo, is faide ná sin fiú a chuaigh an Roinn Saothair trí íocaíochtaí a thabhairt i gcásanna nach bhfuarthas go fiú éilimh ina leith. Is bunphrionsabal den Chuntasóireacht Rialtais an méid sin agus mura gcloítear leis is amhlaidh a laghdófar rialú na parlaiminte ar sholáthar airgid phoiblí. Caithfidh an Coiste a chur in iúl mar sin go bhfuil sé fíor-mhíshásta leis an ngníomh a rinneadh sa chás seo — gníomh ina ndearnadh suim an-mhór airgid a eisiúint go míchuí agus tá súil aige nach léiriú é go bhfuil ísliú ar na caighdeáin i gcoitinne nó gurb é an dearcadh nach bhfuil sárthábhacht i gcónaí le prionsabail na Cuntasóireachta Rialtais agus gur féidir neamhshuim a dhéanamh díobh go dleathach ar an bhforas go bhfónfadh sin don ócáid.


TALMHAÍOCHT

Iocaíochtaí Mírialta i leith Breis-Ama

Cta 365-371


59. Díríodh aird an Choiste ar mhírialtachtaí maidir le híocaíochtaí i leith breis-ama a tugadh do bheirt oifigeach de chuid na Roinne Talmhaíochta. Insíodh dó go raibh an bheirt oifigeach curtha ar fionraí agus go raibh an gnó faoi imscrúdú fós ag na Gardaí. Fad a bhíothas ag feitheamh go mbeadh imscrúdú an Gharda críochnaithe cuireadh suim £14,665, a tugadh don bheirt oifigeach mar íocaíocht bhreis ama, i leith cuntais fionraí, ach chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl ina fhianaise gur dhóigh gur thart ar £4,000 a bheadh i nglanmhéid na n-íocaíochtaí mírialta faoi dheireadh.


Is cás leis an gCoiste nár éirigh leis na deiseanna rialaithe laistigh den Roinn Talmhaíochta féin an mhírialtacht sin a bhrath go luath agus ba mhaith leis deimhniú a fháil go bhfuil scrúdú déanta ar oibriú na ndeiseanna sin lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís. Is cás leis an gCoiste freisin an méid a bhí sna híocaíochtaí breis-ama a tugadh don bheirt oifigeach sin agus is ábhar iontais dó nach raibh an méid sin ann féin ina chúis amhrais, de réir dealraimh. Déanann sé an cáineadh is géire is féidir ar aon chás ina bhfuil páirt ag seirbhísigh phoiblí i mídhílsiú cistí poiblí agus is mian leis go gcuirfear toradh an imscrúdúcháin i bhfios dó a luaithe a bheidh an t-eolas ar fáil.


Gluaiseachtaí Neamhúdaraithe Eallaigh i dTréada atá srianta faoi na Scéimeanna chun Eitinn Bhólachta agus Bruisealóis a Scriosadh.

Cta 372-376


60. Mar chuid de na nósanna imeachta atá ceaptha chun Eitinn Bhólachta agus Bruisealóis a laghdú tá toirmeasc reachtúil ar ghluaiseacht eallaigh isteach i dtréada, nó amach as tréada, a bhfuiltear in amhras ainmhithe aicídithe a bheith iontu, ach amháin mar a údaraíonn an Roinn Talmhaíochta é i gcásanna eisceachtúla. Déantar tástálacha tréidliachta go tréimhsiúil ar gach tréad chun a chinneadh an bhfuil aon ainmhithe aicídithe ann agus, sna tástálacha sin, déantar na hainmhithe uile a chur ar liostaí de réir a n-uimhreacha aitheantais, agus coimeádann Oifigí Tréidliachta Ceantair na Roinne Talmhaíochta na liostaí sin. Má bhíonn fianaise ann, tráth na tástála sin, go bhféadfadh tréad a bheith aicídithe ní foláir tástáil eile a dhéanamh i gceann achair bhig.


Bhí sé tugtha faoi deara ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh neamhréireachtaí ann maidir le huimhreacha agus sonraí aitheantais na n-ainmhithe a tástáladh sna taifid a bhain le tástálacha comhleanúnacha i roinnt tréad a rabhthas in amhras go raibh siad aicídithe. Thug sé seo le fios gur dhócha gur tharla gluaiseacht neamhúdaraithe ainmhithe idir na tástálacha ach níor thagair an Roinn Talmhaíochta dó sin, de réir chosúlachta, nó ní raibh na taifid i leith tástálacha comhleanúnacha curtha i gcomórtas aici sna cásanna a scrúdaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Bhí curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nárbh fhéidir tuarascáil gach tástála a sheiceáil gan an fhoireann a mhéadú go mór cé go raibh nósanna imeachta áirithe leagtha síos chun seiceáil a dhéanamh ar uimhreacha agus ar shonraí aitheantais na dtréada a bhíonn faoi amhras agus le féachaint an raibh siad ag comhréiteach agus ainneoin gur ghnás seanbhunaithe é tuarascálacha tástála a scrúdú chun neamhréireachtaí a aimsiú a thabharfadh le fios gur tharla gluaiseachtaí neamhúdaraithe eallaigh. Ba mhaslach ar fad an obair í seiceáil a dhéanamh, sna contaetha sin a bhfuil aicídí go forleathan iontu. Thug sé gealltanas, áfach, go ndéanfaí gach dícheall aird níos mó a thabhairt ar an ábhar seo, ach an fhoireann chuige sin a bheith ar fáil.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste go raibh 19,000 de thréada srianta sa tír agus, de réir mar a thiocfadh laghdú ar an líon sin, go bhféadfaí aird níos mó a thabhairt ar na tréada a bheadh fágtha. Mhínigh sé gurb é polasaí a Roinne féin agus polasaí na nGardaí daoine a ionchúiseamh i gcás gluaiseachtaí neamhúdaraithe a thagann ar a n-umhail agus dúirt sé go gcomhoibríonn feirmeoirí i gcoitinne go maith leis an Roinn.


Tá imní ar an gCoiste ar eagla gurb é dearcadh na Roinne Talmhaíochta nach féidir, mar gheall ar an méid oibre a bheadh i gceist, ráta sásúil seiceála a bhaint amach sna contaetha sin a bhfuil aicídí go forleathan iontu agus nach bhféadfar aird bhreise a thabhairt ar na tréada eile go dtí go mbeidh laghdú tagtha ar líon na dtréad srianta, a bhfuil 19,000 ann anois de réir mar a deir an tOifigeach Cuntasaíochta. Shílfeadh an Coiste gur sna contaetha is forleithne aicídí ba chóir an chuid ba ghéire agus ba dhéine den tseiceáil a dhéanamh agus, mura ndéanfaí amhlaidh, nach laghdófaí líon na dtréad srianta nó d’eile, go ndéanfaí dul chun cinn níos moille ná mar a dhéanfaí thairis sin.


Tuigeann an Coiste gur ábhar imní an fhianaise atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas go bhfuil méadú suntasach ar leibhéal na heitinne bólachta agus gurb ionann sin is a rá, dáiríre, go bhfuiltear tar éis cuid mhór airgid phoiblí a chaitheamh gan na cuspóirí dár cuireadh ar fáil é a bheith bainte amach. D’ainneoin gur thuig sé deacrachtaí an Oifigigh Chuntasaíochta maidir le foireann, ní foláir don Choiste a rá gur cás leis go mór na hinfheistíochtaí móra as cistí an Stáit ar scéimeanna le galair a scriosadh a bheith á gcur i mbaol tuilleadh mar gheall ar athghalrú tréada glanta trí ghluaiseacht neamhúdaraithe eallaigh. Is é tuairim an Choiste nach mbeadh leithscéal ar bith leis sin ach ní fearr a bheadh an scéal dá ndéanfaí an mhí-úsáid sin atá ar cheann de na príomhchúiseanna leis an méadú ar eitinn bhólachta a éascú de neamart toisc nár bhain an Roinn Talmhaíochta leas as an eolas a bhí ar fáil go réidh aici le gluaiseacht neamhúdaraithe eallaigh a aimsiú agus toisc nár bhain sí feidhm iomlán as an dlí le pionós a chur orthu sin a bhí freagrach.


OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS

Foilsiúchán as Gaeilge

Cta 434-441


61. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an gcaiteachas a thabhaigh an Roinn Oideachais ar fhoclóir Gaeilge-Béarla a tháirgeadh trí phróis ríomhaire-churadóireachta. Foráladh sa chonradh leis an gcomhlacht clódóireachta, arbh fhiú £77,000 é, go gcuirfí ar fáil 30,000 cóip den fhoclóir, 50,000 cóip de ghearrfhoclóir agus ceithre chóip d’eischló aimsithe tagairtí. Bhí an bunfhoclóir le seachadadh i Meitheamh 1974 ach níor tosaíodh air sin iarbhír go dtí Iúil 1978. Le linn na tréimhse fada a raibh an conradh seo i bhfeidhm chuaigh an líon de chóipeanna an fhoclóra dár foráladh an chéad uair i méid ó 30,000 go 50,000 ar phraghas socraithe £32,435 agus tabhaíodh roinnt costas breise eile lena n-áirítear £40,000 ar mhéaduithe pá nár bhain ach leis na 30,000 cóip a bhí i gceist i dtosach sa chonradh, £30,000 ar cheartuithe ag an údar agus £47,300 ar tháillí ríomhaire. Ceapadh go mbeadh costas an ghearrfhoclóra chomh hard le £153,000, rud a d’fhágfadh beagnach £400,000 de chostas iomlán ar an saothar. Is cosúil gur fadhbanna teicniúla a bhain leis an bpróis ríomhaire-churadóireachta ba bhun leis an moill ag cur an chonartha i gcrích agus chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur roghnaíodh an phróis sin mar gheall ar na buntáistí áirithe a bhain leis an teicneolaíocht nua.


Dúirt sé freisin gur scrúdaigh saineolaithe de chuid Oifig an tSoláthair na costais deiridh go hiomlán agus gur ghlac a Roinn leis go raibh na costais cóir réasúnach nuair a chuimhnítear air gur le foclóir 1,000 leathanach a bhain an praghas conartha ach go raibh 1,321 leathanach sa saothar a foilsíodh.


Is cás leis an gCoiste gur chuir na deacrachtaí a bhí ann agus an t-am a caitheadh ag críochnú na hoibre sa chás seo costais mhéadaithe ar an Stát. Maidir le hítimí sonracha atá ar áireamh sa chostas deiridh, is cás leis ach go háirithe gur íocadh corradh le £47,000 i ndáil le táillí breise ríomhaireachta, nó bheadh sé ag dúil leis go mbeadh socrú iomlán déanta i gcomhair na hítime sin sa bhunphraghas conartha de bhrí go raibh foráil sa chonradh gur le próis ríomhaireachta a dhéanfaí an clóbhualadh. Níor fhéad an tOifigeach Cuntasaíochta a mhíniú don Choiste cén fáth a raibh na costais seo ann seachas a chur in iúl gur scrúdaigh Oifig an tSoláthair i gcomhairle le saineolaithe ríomhaireachta ó na Lár-Sheirbhísí Sonra-Phróiseála na táillí sin, ach i nóta a chuir sé ar fáil ina dhiaidh sin thug sé sonraí don Choiste a fuair sé ó Oifig an tSoláthair á rá gurbh ionann an £47,000 de chostas breise agus éileamh comhaontaithe ó na conraitheoirí ar £56,000 i leith méaduithe ar chostais ríomhaireachta, obair ar chórais agus ar chlárú rití clóghrafacha, eischlónna, agus costais léite profaí lúide £9,000 a measadh mar chostas ríomhaireachta sa bhuntairsicint. Scrudaigh oifigigh theicniúla de chuid Oifig an tSoláthair i gcomhar le L.S.S.P. an móréileamh £56,000 agus mheas siad go raibh an obair phróiseála ríomhaireachta cuíosach casta, go raibh fáth maith leis an uimhir rití a rinneadh de bharr an ghá a bhí le fíorchruinneas agus go raibh na costais forbartha réasúnach de bhrí go raibh bogearraí próiseála oiriúnacha gann ag an am sin. Maidir le ceartuithe ag an údar dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go gcaithfear in obair den chineál sin socrú a dhéanamh do athbhreithnithe breise a thagann chun suntais de réir mar a bhíonn an obair á seiceáil ach ba mhaith leis an gCoiste a thuilleadh eolais a fháil faoi conas a d’fhéadfadh £30,000 de chostas breise a bheith ag baint le hítim den sórt sin, is é sin tuairim is 13 faoin gcéad de chostas deiridh an phríomhfhoclóra. Mar fhocal scoir tugann sé dá aire, ainneoin go ndearnadh an líon cóipeanna a bhí le clóbhualadh a mhéadú ó 30,000 go 50,000 le linn ré an chonartha, gur 21,000 cóip a bhí díolta amach go dtí Bealtaine 1980 agus ba mhaith leis fios a fháil an raibh gá leis an 20,000 cóip bhreise a cuireadh ar ordú. Tá roinnt tuairimí níos ginearálta ba mhaith leis an gCoiste a nochtadh faoin gconradh seo. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur fadhbanna teicniúla a bhain leis an bpróis ríomhaire-churadóireachta ba mhó ba chúis leis an moill ag cur an chonartha i gcrích. Níl a fhios ag an gCoiste mar sin an ndeachaigh an Roinn Oideachais i mbun an ghnó seo gan dianscrúdú bheith déanta aici ar dtús ar a oiriúnaí a bhí sé an obair a dhéanamh ar an modh nua seo. Níl an Coiste á mholadh nár chóir leas a bhaint as forbairt teicneolaíochta, go háirithe chun costais a laghdú, ach níl a fhios aige an raibh aon taithí roimhe sin ag an Roinn Oideachais ar an bpróis seo agus, mura raibh, ar fhéach sí le teacht ar aon fhianaise gur tástáladh í roimh ré agus go bhfuarthas í a bheith sásúil. Ba mhaith leis an gCoiste eolas sonrach a fháil air seo mar, mura raibh tástáil déanta ar an bpróis agus mura bhfuarthas í a bheith sásúil ba dheacair leis an gCoiste, ag féachaint don mhoill ceithre bliana, gan a cheapadh gur bhain an conraitheoir tairbhe éigin ar a laghad as an obair a rinneadh don Roinn mar thionscadal tástála chun an phróis a fhorbairt agus a fheabhsú. Is treisiú le tuairim sin an Choiste an míniú a tugadh ar an méadú ar tháillí ríomhaireachta dá dtagraítear thuas. Más mar sin a bhí, bheadh an Coiste den bharúil gur chóir go mbeadh an praghas inchurtha faoi chaibidil ó tharla go bhféadfadh an Roinn a éileamh go raibh úinéireacht aici ar na bogearraí a forbraíodh le linn an tionscadail sin. Is mian leis a fháil amach an ndearnadh breithniú ar an ngné sin nó an ndearna an Roinn Oideachais machnamh air, fiú. Bhí tuairim is cúig oireadh bhunphraghas an chonartha de chostas ar ar an Roinn Oideachais as an bhfiontar seo. Glacann an Coiste leis gur gnách costais bhreise áirithe a bheith ag baint le conarthaí móra mar gheall ar athruithe agus breiseanna, mar shampla, ach bheadh sé ag dúil leis go ndéanfaí gach dícheall chun na costais bhreise a choinneáil chomh híseal agus ab fhéidir. Ní dóigh leis, áfach, gur féidir glacadh ar dhóigh ar bith le méid na gcostas breise a tabhaíodh sa chás seo agus tá sé lán-chinnte go mbeidh dearcadh eile ann i dtaobh an tionscadail agus go dtarlódh nach ngabhfaí de láimh é ar chor ar bith dá dtuigfí ar dtús go gcosnódh sé £400,000.


Cuireann an cás ar ár súile dúinn rud is ábhar mór imní don Choiste mar tharla do mhórán Coistí eile san am atá caite, eadhon, go ngabhtar tionscadail de láimh ar bhonn meastachán a fhágann bonn cirt ag an tionscadal mar gheall ar iad a bheith measartha íseal. Ach tarlaíonn do na meastacháin sin go minic a bheith fíor-mhíchruinn tráth a bhíonn sé ródhéanach chun dul siar ar an gcinneadh agus nuair nach mbíonn an dara rogha ann ach an tionscadal a chur i gcrích gan féachaint don chostas. Tá an Coiste á iarraidh arís go ndéanfar iarrachtaí dearfa i ngach cás chun costálacha réadúla a ullmhú sula gcinnfear ar airgead poiblí a gheallúint chun aon chríche.


AN GARDA SÍOCHÁNA

62. £70 milliún beagnach a caitheadh ar phá agus liúntais, agus breis-am san áireamh, do na Gardaí, i 1979. Tá ríomhairiú déanta ar an bpá-chóras agus tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar roinnt laigí sa chóras. Is mar gheall ar chuid de na laigí sin a rinneadh ró-íocaíochtaí agus ba bhaol, de thoradh na laigí eile, nach n-aimseofaí ró-íocaíochtaí a dhéanfaí le calaois nó de thaisme.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste go ndearnadh ríomhairiú ar phárolla na nGardaí i 1973 agus nár ceapadh san am sin go raibh gá le seiceálacha áirithe a nglactar leo inniu mar ghnáthchuid de chóras cuntasaíochta ríomhairithe. Ceartaíodh cuid de na laigí sin agus bhí socruithe á ndéanamh le seiceálacha breise a chur i bhfeidhm a chuirfeadh deireadh le laigí eile.


Ag féachaint do mhéid phárolla na nGardaí agus don líon foinsí a bhfaightear eolas uathu chun cuid de na méideanna is iníoctha a ríomh, measann an Coiste gur chóir gach dícheall a dhéanamh le córas chomh slán agus is féidir a bhunú. Tuigeann sé go gcaithfear cúrsaí costais a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh faoin leibhéal slándála atá le cur ar fáil. Ach toisc go bhfuil an córas seo beagnach deich mbliana ag obair measann sé gur tráthúil anois athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar oibríochtaí an chórais lena chinneadh an féidir tuilleadh feabhais a chur air ó thaobh éifeachtúlachta agus slándála.


COMHSHAOL

Deontais le haghaidh tithe príobháideacha a íoc faoi dhó.

Cta 553-556


63. I scrúdú tástála teoranta a rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ar dheontais a íocadh le haghaidh tithe príobháideacha tháinig sé chun solais go bhfuarthas deich gcinn d’íocaíochtaí dúbailte ar ais ó na daoine a fuair iad agus gurbh é sin an chéad uair a fuair an Roinn Comhshaoil amach go raibh íocaíochtaí dúbailte déanta aici. Is cosúil gur íocadh cuid de na deontais faoi dhó toisc gur cuireadh dhá shraith taifead ar bun sa Roinn nuair a chuaigh na buntaifid amú agus, i gcásanna eile, gur iarradh an deontas faoi dhó le haghaidh an tí chéanna. Is cosúil nach ndearnadh seiceálacha na Roinne faoinar chóir íocaíochtaí dúbailte a sheachaint in imthosca den chineál sin, nó nach raibh éifeacht leis na seiceálacha sin. B’eol don Roinn gur tharla sé chás eile ina ndearnadh íocaíochtaí dúbailte ina shamhail d’imthosca.


Bhí ráite ag an Oifigeach Cuntasaíochta gur tharla cor neamhghnách ó thaobh riaráistí mar gheall ar easpa foirne chun déileáil leis an méadú ar an líon iarratas ar dheontais le haghaidh tithe ó 1977 i leith, mar gheall ar dheacrachtaí maidir le poist ghairmiúla údaraithe a líonadh agus ar an tranglam mór oibre sa dara leath de 1979 nuair a bhí deireadh leis an stailc poist. Bhí de thoradh air sin gurbh éigean cuid áirithe de na nósanna imeachta agus de na rialuithe a fhágáil gan comhlíonadh d’fhonn leibhéal sásúil seirbhíse a chur ar fáil don phobal maidir le hiarratais a phróiseáil, maidir le hiniúchtaí a shocrú agus maidir le dontais a íoc. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go ndearna Aonad Eagraíochta na Roinne, i gcomhar le Roinn na Seirbhíse Poiblí, suirbhé ar gach gné den obair chun déileáil le hiarratais ar dheontais le haghaidh tithe, agus go raibh na moltaí a bhí sa suirbhé sin á gcur i ngníomh. Dúirt sé go raibh athbhreithniú bun barr déanta ar na nósanna imeachta a rialaíonn íocaíocht deontas agus is dearbh leis an Roinn anois nach n-íocfar deontais faoi dhó a thuilleadh.


Cé go dtuigeann an Coiste gur dheacair don Roinn déileáil leis an méid iarratas ar dheontais le haghaidh tithe a fuarthas nuair a bhí deireadh leis an stailc poist, tá air a rá go bhfuil an rialú seo ar theip air sa chás seo ar cheann de na rialaithe is bunúsaí in aon chóras rialaithe inmheánach, i.e. nár chóir ach taifead amháin a bheith ann i leith gach duine a éilíonn deontas. Tá air a rá dá bhrí sin go bhfuil sé buartha go mór faoinar tharla sa chás seo. Thagair an tOifigeach Cuntasaíochta don mhéid a ró-íocadh sna sé chás déag is eol don Roinn agus dúirt sé gur beag an méid é ag féachaint d’iomlán na n-íocaíochtaí deontas. Diúltaíonn an Coiste don mhéid sin mar argóint nach mbaineann le hábhar mar, ag cur imthosca an cháis agus an dóigh ar aimsíodh na ró-íocaíochtaí san áireamh, d’fhéadfaí, le réasún, ceist a chur, cad é an líon ró-íocaíochtaí atá déanta nach eol don Roinn faoi láthair nó nach bhfaighidh sí eolas fúthu go deo.


Is maith leis an gCoiste an dearbhú ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil athbhreithniú déanta ar na nósanna imeachta lena rialaítear íocaíocht deontas. Tá súil aige go mbeidh éifeacht leo agus deir sé go gcaithfear cloí go daingean leo as seo amach.


OIFIG AN ARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE

64. Nuair a bhí an Coiste ag ceistiú an Oifigigh Chuntasaíochta don vóta seo, thapaigh sé an deis le staid na hOifige sin maidir le líon foirne a fhiosrú ag féachaint don lánchosc atá faoi láthar ar earcú foirne sa tSeirbhís Phoiblí agus ag féachaint dó freisin gur chuir Coistí i 1977 agus 1978 in iúl gur chúram dóibh an chaoi a ndeachaigh ganntanas foirne i bhfeidhm ar obair na hOifige sin, Oifig a bhfuil mórthábhacht léi chun rialú ceart Parlaiminteach ar Ioncam agus Caiteachas Stáit a chaomhnú.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste, d’ainneoin bunachas 101 oifigeach a bheith ceadaithe dá Oifig ó 1980, agus gurb é sin an líon ba lú a measadh a bheith riachtanach chun a dualgais a chomhlíonadh, go raibh 7 bhfolúntas gan líonadh, ceann acu ar an meánleibhéal bainistíochta, mar gheall ar an lánchosc ar earcú foirne. Dúirt sé go bhféadfadh fadhbanna a bheith ann mar gheall ar an gcor sin chun spriocanna ama a bhaint amach i ndáil le hiniúchtaí 1982 ar chuntais Comhlachtaí Stát-Tionscanta, ar chuntais cistí Roinne agus ar Chuntais Leithreasa na Ranna, agus go mb’fhéidir go gcaithfí, dá réir sin, bheith ag smaoineamh ar an líon iniúchtaí a laghdú nó srian a chur le raon na n-iniúchtaí a dhéantar agus thairis sin go mb’fhéidir go gcaithfí an cor a lua i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais iomchuí.


Mhol ionadaí na Roinne Airgeadais go bhféadfadh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an obair a dhéanamh le líon foirne níos lú dá gcomhairleodh sé do chuid de na Comhlachtaí Stát-Tionscanta, nach bhfuil de cheangal orthu a gcuntais a chur faoina bhráid lena n-iniúchadh, a gcuid iniúchóirí tráchtála a fhostú, ach chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl, i gcás den sórt sin, nuair nach raibh aon cheanglas reachtúil ann gurb eisean a dhéanfadh an t-iniúchadh, gur ag an gcomhlacht féin, le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus an Aire tionscanta, de réir mar is iomchuí, a bhí sé a shocrú an ndéanfaí é a cheapadh mar iniúchóir agus gurb é a chúram sin na hiniúchtaí a shannfaí dó a dhéanamh. Dá mba dhóigh leis an Aire Airgeadais nár chóir don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchtaí áirithe a dhéanamh, ba chúram é ansin don Aire a mholadh cé na hathruithe a dhéanfaí.


Tuigtear don Choiste nach foláir d’iniúchóir a bheith cúramach agus cloí le caighdeáin a bhfuil glacadh leo nuair a bhíonn iniúchadh á dhéanamh. Mura ndéanfaí amhlaidh, cuir i gcás mura ndéanfadh sé scrúdú sách fairsing a shásódh é maidir le rialaithe agus nósanna imeachta cuntasaíochta inmheánacha a chleachtann an comhlacht atá á iniúchadh aige, d’fhéadfadh a thoradh sin a bheith an-tromaí ina chás féin. Is imní mhór don Choiste, dá bhrí sin, an deacracht atá ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, go bhfuil air iniúchtaí a dhéanamh a shanntar dá Oifig le reacht nó le cinneadh ó Aire agus, os a choinne sin, go mbíonn amhras air, mar gheall ar ghanntanas foirne, an ndearnadh iniúchtaí áirithe de réir caighdeáin a chuirfeadh ar a chumas tuarascáil chruinn a thabhairt ar na cuntais.


Aontaíonn an Coiste, agus measann sé gur chóir don Roinn Air geadais agus do Roinn na Seirbhíse Poiblí teacht leis chomh maith, gurb é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus eisean amháin ar cheart dó an cinneadh a dhéanamh i dtaobh réim agus déine na seiceálacha agus an cineál scrúdaithe a bheidh le déanamh in aon iniúchadh a bhfuil sé freagrach as. Ní inmholta iniúchtaí a aistriú chuig gnóthais tráchtála, faoi mar a moladh mar réiteach ar an scéal, nó ní bheadh i gceist de ghnáth ach costas na n-iniúchtaí sin a aistriú chuig mír eile de chaiteachas poiblí.


Cé go nglacann an Coiste leis go bhfuil an lánchosc ar earcú foirne riachtanach mar gheall ar shrianta airgeadais agus nach mian leis cur isteach ar an gcinneadh polasaí atá i gceist, is é a thuairim láidir, áfach, ag féachaint do chúram an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faireachas a dhéanamh ar an airgead poiblí agus cabhair nach beag a chur ar fáil don Choiste ag breithniú cúrsaí airgeadais Roinne dó, nach chun fóntais a rachaidh an scéal má chuirtear aon bhrú ró-mhór ar fheidhmiú Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste trí ghearradh siar ar an bhfoireann. Measann sé, dá réir sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le soláthar foirne in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


OIFIG NA GCOIMISINÉIRÍ IONCAIM

65. Cuireadh dleacht máil de réir ráta 2 faoin gcéad ar réimse sonrach de tháirgí talmhaíochta i 1979. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste gur cuireadh in iúl dó, ainneoin gur bailíodh tuairim is £15 mhilliún amach go dtí an 31 Bealtaine, 1980, nárbh fhéidir an méid dleachta atá gan íoc fós a chinneadh ós rud é gur mhainnigh cuid mhór acu sin dá raibh sí dlite an dleacht a íoc agus gur dhiúltaigh cuid acu ligean d’oifigigh Chustam agus Máil teacht ar a dtaifid agus nár iarr siad ceadúnais mar a cheanglaítear orthu faoi na hOrduithe lena bhforchuirtear an dleacht. Thionscain na Coimisinéirí Ioncaim imeachtaí i gcoinne na mainnitheoirí ach ina dhiaidh sin thionscain daoine leasmhara ar son ghnóthaí na déiríochta agus na feola caingean san Ard-Chúirt le dearbhú a fháil go raibh an dleacht ar neamhréir le Conradh CEE agus d’iarr siad urghaire a chuirfeadh srian lena bailiú. Rinne an Ard-Chúirt ábhar áirithe a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa agus thug sise breithiúnas i Márta, 1981. Tá roinnt pointí a bhaineann leis an mbreithiúnas sin le cinneadh fós ag an Ard-Chúirt agus idir an dá linn tá 40 ionchúiseamh a tionscnaíodh i gcoinne mainnitheoirí curtha ar atráth.


Ó tharla go bhfuil an scéal sub judice faoi láthair ní nochtfaidh an Coiste aon tuairim faoi ach iarrann sé, má rialaíonn an Ard-Chúirt gur féidir an dleacht a bhailiú, go dtabharfar scéala don Choiste faoin dul chun cinn atá déanta chun an méid a bhailiú a charnaigh amach go dtí an 31 Nollaig, 1979, an tráth a cuireadh deireadh leis an dleacht.


Cánacha a Bhailiú agus a Íoc Anonn

Cta 616-617


66. B’ábhar imní don Choiste a thabhairt dá aire ó Thuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nárbh fhéidir fáltais chánach a íocadh le cigirí áitiúla i dtrí cinn déag de cheantair chánach a chur chuig an Ard-Bhailitheoir toisc gan saoráidí poist a bheith ar fáil le linn na stailce poiste i 1979 agus gurbh éigean, dá bhrí sin, na fáltais sin, a ndeachaigh a gcomhshuim i méid go mór le linn na stailce a chur i mbainc áitiúla go dtí gur tháinig na gnáth-sheirbhísí poist ar ais. Nuair a bhí siad taiscthe i mbainc áitiúla is i gcuntais reatha a bhí an t-airgead gan aon ús a bheith á ghnóthú air agus tharla gur charnaigh suimeanna móra den airgead sin ar feadh tréimhsí éagsúla sna cuntais sin. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chás amháin inar fágadh £17 milliún i gcuntas den sórt sin ar feadh ceithre lá dhéag. Ní dhearnadh cuntais taisce a oscailt in aon cheann déag de na trí cheantar déag sin go dtí Meitheamh, 1979, an mhí ar cuireadh deireadh leis an stailc poist. Chomh maith leis sin, nuair a aistríodh suimeanna £35.5 mhilliún ó na cuntais taisce chuig an Ard-Bhailitheoir sa tréimhse 27 Meitheamh go 2 Iúil 1979, tharla moill i dtaisceadh an airgid i gcuntas na gCoimisinéirí Ioncaim (taisceadh £21.5 mhilliún an 13 Iúil agus an chuid eile le suimeanna ní ba lú ó 12 Iúil go 3 Lúnasa).


Dealraíonn sé gur baineadh feidhm as cuntais reatha ag tús na stailce mar bhíothas den tuairim nach mairfeadh an stailc i bhfad agus bhíothas ag brath go bhféadfadh an fhoireann a bheadh ag seachadadh seiceanna tuarastail ón bpríomhoifig seiceanna a fháil an tráth céanna agus iad tarraingthe ar chuntais reatha i leith cáin a bailíodh. Ach de réir mar a chuaigh an stailc ar aghaidh bhí na hoibrithe poist ag tathant go gcuirfí deireadh leis an gcleachtas sin, agus, dá bhrí sin, thosaigh na comharduithe sna cuntais reatha ag dul i méid. Is é ba chúis leis an moill le taisceadh airgid a fuair an tArd-Bhailitheoir i Meitheamh agus Iúil 1979 nuair a bhí deireadh leis an stailc go raibh na mílte idirbheart aonair i gceist san airgead sin a bhí le sórtáil, le cothromú, agus admháil le tabhairt orthu sula bhféadfaí iad a thaisceadh.


D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise nach chun leasa an Stáit a chuaigh na socruithe a rinneadh; gnóthaíodh £189,000 san iomlán mar ús sa tréimhse ghearr inar oibríodh cuntais taisce agus is léir go ngnóthófaí suim i bhfad níos mó dá mbainfí oiread leasa agus ab fhéidir astu. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste dá dtarlódh cor den chineál sin arís go mbreithneofaí ar chóir an t-airgead a chur ar taisce láithreach.


Cé go dtuigeann an Coiste na fadhbanna a bhain leis na himthosca neamhghnácha a bhí i réim tráth na stailce poist, measann sé go raibh saontacht agus easpa samhlaíochta ag baint leis an míniú a tugadh faoi cad chuige ar oscail na Cigirí Cánach Dúiche cuntais reatha seachas cuntais taisce, i.e. go raibh sé de nós riamh cuntais reatha a úsáid sa chóras cuntasaíochta ioncaim. Bheadh an Coiste den tuairim gur chóir go spreagfadh cor neamhghnách mar atá stailc poist duine éigin, sa limistéar áitiúil nó sa phríomhoifig, chun beart neamhghnách a dhéanamh d’fhonn a héifeacht a mhaolú. Thairis sin, bheadh ceist air ar chóir buan-nós a dhéanamh de chuntais reatha a úsáid ar chor ar bith. Is maith leis, áfach, an dearbhú a fháil ón Oifigeach Cuntasaíochta, go bhféachfar chuige, má tharlaíonn a leithéid arís go mbainfear oiread tairbhe agus is féidir as airgead a mbainfeadh moill shealadach dó, ar dhóigh nó ar dhóigh eile, ag baint ceann scríbe amach. Tá an oiread sin airgid á láimhseáil ag na gníomhaireachtaí bailithe cánach sa Stát gur féidir ús maith a ghnóthú, go fiú i leith gearrthréimhse. Léiríonn an cás seo ní is ábhar imní i gcónaí don Choiste, is é sin, gur chóir, i gcás inar gá, in aon Roinn, éirí go sealadach as na gnáth-nósanna imeachta chun airgead tirim a láimhseáil, dul, chomh luath agus is féidir, i mbun na modhanna eile is fearr chun a áirithiú nach dtitfidh aon chaillteanas ar an Stát a d’fhéadfaí a sheachaint.


POIST AGUS TELEGRAFA

Stórais agus Trealamh Innealtóireachta

Cta 656-658


67. Thug an Coiste dá aire cleachtas a tháinig chun suntais i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste maidir le sárú a bheith á dhéanamh in dhá cheantar ar an teorainn tharmligthe £500 a chuirtear le conarthaí innealtóireachta ó Innealtóirí Dúiche áitiúla de chuid na Roinne Poist agus Telegrafa. Tá an sárú sin á dhéanamh trí shraith orduithe faoin teorainn sin a thabhairt amach cé gurbh fhiú ó £10,000 go £36,000 comhiomlán na hoibre a rinneadh ar aon tionscadal déag agus dá bhrí sin gur chóir go gcuirfí an obair sin faoi bhráid na Príomh-Rannóige Conarthaí Innealtóireachta leis na conarthaí a thabhairt amach. Bhí an tOifigeach Cuntasaíochta in ann a dhearbhú don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur bhain na horduithe a tugadh amach sa Cheantar le leagan feadán agus le tógáil cuaillí a raibh géar-ghá leo, gur lorgaíodh tairiscintí iomaíocha i leith gach ordú a tugadh amach agus gur measadh na méideanna a íocadh a bheith cothrom réasúnach. Chuir sé in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go rabhthas á mheabhrú do na hInnealtóirí Dúiche a riachtanaí a bhí sé cloí go dlúth leis an údarás a tugadh dóibh agus go rabhthas á ordú dóibh dul i gcomhairle leis an bpríomhoifig dá dtarlódh cás ar bith inar ghá dul thar an teorainn cheadaithe mar gheall ar an bpráinn a bheadh ag baint le hobair áirithe.


Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste ina chuid fianaise nach raibh aon mhíchleachtas i gceist agus gur ar mhaithe leis an tseirbhís a rinne na hinnealtóirí áitiúla a mbeart. Dúirt sé gur réitíodh an fhadhb ó shin trí chonarthaí reatha a dhéanamh le haghaidh tréimhsí sonraithe, faoinar féidir le hinnealtóirí áitiúla orduithe a thabhairt amach de réir mar is gá.


Tá an Coiste sásta glacadh leis nár cailleadh aon chuid de chistí an Stáit sa chás áirithe seo agus go bhfuil bearta déanta chun an staid a thabhairt ar ais faoi rialú. Is ábhar imní dó, áfach, gur sháraigh cuid d’oifigigh na Roinne go hoscailte rialuithe dleathacha riachtanacha maidir le caiteachas áitiúil ar oibreacha innealtóireachta, agus go ndearna siad é i nganfhios do fhoireann na príomhoifige de réir chosúlachta go dtí gur ardaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ceist faoi. Is mian leis a rá go dearfa gur cuid bhunriachtanach den rialú ar chaiteachas poiblí é teorainneacha a chur leis an gcaiteachas a fhéadfaidh foireann ag gníomhú faoi údarás tarmligthe a thabhú go háitiúil thar ceann na Roinne agus nár chóir a bheag a dhéanamh de ná é a shárú ar shlí ar bith. Ba mhaith leis go ndearbhófaí dó, maidir leis an gcás sa Roinn seo agus cásanna i Ranna eile ina meastar gur gá tarmligean dá leithéid go ndéanfar bearta chun faireachas agus athbhreithniú ar a oibríocht agus chun mí-úsáidí a sheachaint.


OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

Mainistir an Croiche

Cta 711-712


68. Cuireadh in iúl don Choiste maidir leis an £500,000 de chaiteachas iomlán chun Mainistir na Croiche a athchóiriú go raibh £297,000 le gnóthú ó na hÚdaráis Eaglasta agus go raibh an fuílleach dlite de Oifig na nOibreacha Poiblí, is é sin an méid a bheadh le caitheamh leis an bhfoirgneamh a bhuanchoimeád ina Shéadchomhartha Náisiúnta. I Samhain 1982 nuair a tháinig an tOifigeach Cuntasaíochta os comhair an Choiste bhí tuairim is £100,000 gan íoc as an méid a bhí le gnóthú, agus dúirt sé go bhfuiltear ag brath an méid sin a íoc laistigh de thréimhse cúig bliana, is é sin tréimhse an léasa atá á thabhairt ag na Coimisinéirí don Ard-Deoise agus go bhforálfar dó sin sa chomhaontú léasa. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go raibh moill shealadach ag baint le feidhmiú an comhaontaithe mar gurbh éigean tuairimí lucht dlí a fháil ar ghnéithe áirithe ach go rabhthas ag féachaint leis an gcás a chríochnú.


Áitíonn an Coiste gur chóir leanúint de na hiarrachtaí sin agus is mian leis go gcoimeádfar ar an eolas é faoin scéal.


GINEARÁLTA

An Costas a bhaineann le Cóiríocht a Sholáthar do Ronna Rialtais

Cta 643-655


69. Is ar dhá Vóta, eadhon, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí agus Poist agus Telegrafa is mó a bhíonn an caiteachas i ndáil le cóiríocht a sholáthar do Ranna agus d’Oifigí Rialtais. Bíonn Oifig na nOibreacha Poiblí ag freastal ar riachtanais chóiríochta gach Roinne agus gach Oifige seachas an Roinn Poist agus Telegrafa a dhéanann a socruithe féin maidir le cóiríocht.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir ina Thuarascáil gur chosúil go raibh ró-mhoill ann idir an dáta a ndearnadh áitribh a léasú do Ranna Rialtais agus dáta a n-áitithe ag foireann na roinne tar éis troscánú agus feistiú a dhéanamh orthu.


Bhain ceann de na cásanna dár thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cóiríocht a fuair an Roinn Poist agus Telegrafa ar léas le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 1978 ar chíos bliantúil £277,000 móide táillí seirbhíse agus árachas. Ní raibh ach cuid bheag den achar a fuarthas ar léas á háitiú um mhí an Aibreáin 1980 agus bhí cuid den obair fheistiúcháin gan chríochnú fós. Ní dhearnadh an t-áitreabh a áitiú go hiomlán go dtí Meán Fómhair 1981. Caitheadh £1.3 milliún san iomlán ar chíos, ar sheirbhísí agus ar árachas ó thosaigh an léas go dtí deireadh 1981 i.e. áitíocht 3 mhí.


Thuairiscigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin go raibh 21 maoin a thóg Oifig na nOibreacha Poiblí ar léas le héifeacht ó dhátaí éagsúla, ó mhí Feabhra 1978 amach, gan áitiú fós an 31 Nollaig, 1979, agus go raibh £1.2 milliún caite orthu ar an dáta sin. Maidir le 6 mhaoin eile a áitíodh den chéad uair i 1979 dúirt sé gur tógadh ar léas iad ar dhátaí éagsúla ó Nollaig 1976, agus go raibh £190,000 caite orthu le linn na tréimhse a raibh siad gan áitiú.


Ag freagairt ceistenna dóibh ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus ag tabhairt fianaise dóibh os comhair an Choiste, thug Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta um Poist agus Telegrafa agus Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta um Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí míniú mionsonraithe ar an moill a bhain le cóiríocht a áitiú tar éis léas a fháil. Ba chúis moille sa dá Roinn an t-am a tógadh chun a chinneadh cad iad go díreach na Rannóga foirne a bhí le cur ann le go gcinnfí na riachtanais maidir le feistiú, idir-roinnt agus soláthar saoráidí. Luadh fáthanna eile leis an moill mar atá, gur ghá dul i gcomhairle leis an bhfoireann faoi na téarmaí ar a mbeidís sásta aistriú go dtí áitreabh nua, moill ag conraitheoirí agus aighnis cheirde. Luaigh Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta um Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí naoi mbeart ar leith a bheadh le déanamh ón am a gheofaí áitreabh go dtí an t-am a ndéanfaí é a áitiú, agus luaigh sé go háirithe na fadhbanna a d’fhéadfadh tarlú nuair a dhéantar éileamh práinneach, gan choinne, ar chóiríocht mar gheall ar chinntí sonracha Rialtais. Thagair sé freisin do ualaigh oibre iomarcacha agus do ghanntanas foirne agus do na deacrachtaí a tharlaíonn nuair a athraíonn Ranna a riachtanais chóiríochta tar éis dóibh an chóiríocht sin a iarraidh i dtús báire.


Bhí an bheirt Oifigeach Cuntasaíochta ar aon tuairim, áfach, gurbh fhaide an mhoill sna cásanna sin ná mar ba chóir. I gcás na Roinne Poist agus Telegrafa dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go mbeadh an Roinn ag dúil de ghnáth go mbeadh an foirgneamh áirithe á áitiú faoi cheann bliana ach chuir sé in iúl nárbh éasca réamhphleanáil a dhéanamh mar gheall ar staid na Roinne san am sin. Bhí méadú á dhéanamh ar an bhfoireann in oirchill an chláir fhorbartha teileafón. Nuair a tháinig foirgneamh ar an margadh cinneadh go bhféadfadh an Roinn feidhm a bhaint as ach níor cinneadh go hiomlán san am sin cén fhoireann a chuirfí ann agus b’éigean na bunphleananna a athrú nuair a cinneadh aicmí áirithe den fhoireann nach raibh sé i gceist i dtús báire iad a chur ann a aistriú isteach ann.


Nuair a cuireadh ceisteanna air faoin méid réamh-phleanála a rinneadh maidir leis an bhfoirgneamh a áitiú, go háirithe maidir le ceapadh na n-ailtirí leis an leagan amach inmheánach a dhearadh, chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste gur ceapadh na hailtirí i Meitheamh 1979. Dúirt sé nach bhfuil foireann ailtireachta dá cuid féin ag an Roinn Poist agus Telegrafa agus go mbíonn uirthi dul i gcomhar le hOifig na hOibreacha Poiblí d’fhonn tairiscintí iomaíocha a fháil maidir lena háitreabh a fheistiú.


I gcás Oifig na nOibreacha Poiblí mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur tharla, agus iad i mbun caibidlí ar lorg foirgnimh, gur ar bhonn dálaí margaidh, a bheag nó a mhór, a cinneadh an dáta óna raibh an cíos le híoc. Le roinnt blianta anuas is ag an díoltóir a bhí buntáiste an mhargaidh agus ní raibh forbraitheoirí sásta am a cheadú chun foirgnimh a fheistiú roimh thosach an léasa. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí iarracht, áfach, na riachtanais a phleanáil aon uair ab fhéidir é trí ailtirí a fhostú chun an leagan amach a dhearadh, agus mionsonraí an fhoirgnimh a úsáid nuair a bhí an tógáil ar siúl. Ach ba bhaolach, dá rachfaí faoi ghealltanas róluath, go bhféadfadh forbraitheoir leas a bhaint as an gcor trí neamhshuim a dhéanamh de na caighdeáin cháilíochta tógála is gá.


Tá breithniú cúramach déanta ag an gCoiste ar an bhfianaise go léir a cuireadh faoina bhráid sa chás seo agus ainneoin go dtuigeann sé go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ann den chineál a luaigh an bheirt Oifigeach Cuntasaíochta, ní foláir dó cáineadh láidir a dheanamh faoin méid arigid phoiblí a caitheadh ag díol cíosa ar fhoirgnimh fholmha. D’fhéadfadh sé glacadh leis go mbeadh moill éigin ag áitiú foirgneamh nua ach ba mhaith leis a rá gur moill mhíchuibheasach ar fad an mhoill a tharla i gcás na Roinne Poist agus Telegrafa agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Is faide de chuid mhaith an mhoill sa dá chás sin, dar leis an gCoiste, ná mar a tharla san earnáil phríobháideach; níor chuir Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Poist agus Telegrafa i gcoinne na tuairime sin. Sa mhéid a bhaineann le hOifig na nOibreacha Poiblí d’fhéadfadh cuma dá mhalairt a bheith ar an scéal. I gcóimheas leis an gcor san earnáil phríobháideach bíonn an Oifig sin ag plé le “cliant-ranna” éagsúla agus ní mór di féachaint le tosaíochtaí na n-éileamh iomaí a dhéanann siad a mheas in aghaidh a chéile, ach ní ghlacann an Coiste leis gur cúis í sin a thabharfadh míniú iomlán ar an moill a tharla ina cás siúd.


Tá mórfhadhb a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi agus nach mór gach uile iarracht a dhéanamh réiteach sásúil a fháil uirthi. Titeann costas ar an Stát i ngeall ar chíos a íoctar ar fhoirgnimh nach n-áitítear agus is é tuairim an Choiste gur caiteachas é sin nach bhfuil tairbhe d’aon sórt ann agus gur caiteachas é a leanfar dá thabhú mura ndéanfar beart deimhneach ina leith. Tá gabháil láimhe ag Oifig na nOibreacha Poiblí, agus is dóigh go mbeidh i gcónaí aici go leanúnach, i léasú cóiríochta oifige. Fiú nuair a chuirtear san áireamh an feabhas, de réir mar a mheas an tOifigeach Cuntasaíochta, a bhí ar na cúrsaí sin i mí na Samhna 1982, tá ó 50,000 go dtí 60,000 troigh chearnach ag an Oifig nach bhfuil áitithe fós agus is é £½ mhilliún sa bhliain an costas ar an Stát ina leith agus sin de réir phraghas na haimsire sin mar a luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, eadhon £8 an troigh chearnach. Ní bhíonn an Roinn Poist agus Telegrafa go síoraí ag lorg cóiríochta ach tá sé á lorg faoi láthair. Dealraíonn sé gur tharla, i bhfoirgneamh eile dár thagair an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise, go bhfuil 100,000 troigh chearnach léasaithe ar chíos bliantúil £753,000 ó Eanáir 1982 ach nach raibh ach 20,000 troigh chearnach le bheith feistithe faoi Mhárta na bliana 1983 agus le bheith áitithe go gairid ina dhiaidh sin agus nach mbeidh an t-achar ar fad ar áitiú go dtí deireadh na bliana 1983 agus go mbeidh £1½ milliún cíosa íoctha faoin am sin. Is é tuairim láidir an Choiste go bhfuil moill, atá as compás ar fad, ag baint le háitribh a áitiú a bhfuil muirir throma leanúnacha á n-íoc ag an Stát in aghaidh cíosa agus seirbhísí ina leith agus go bhféadfaí an diomailt airgid phoiblí sin a sheachaint nó a laghdú go mór dá ndéanfaí riachtanais chóiríochta a phleanáil i gceart roimh ré agus dá ndéanfaí gach rud is gá maidir le feistiú agus troscánú a ullmhú agus a fheidhmiú go pras; tá sé ag dul de a thuiscint, cuir i gcás, cad chuige ar fanadh go dtí Meitheamh 1979 le hailtirí a cheapadh chun leagan amach foirgnimh a dhearadh nuair a bhí an foirgneamh féin ar léas ó Dheireadh Fómhair 1978. Tá tuairim aige chomh maith go bhféadfaí plé ní b’éifeachtaí a dhéanamh le lucht forbartha maoine lena chinntiú oiread agus ab fhéidir, sula ndéantar comhaontú léasachta agus sula dtabhaítear dliteanas i leith cíosa agus seirbhísí, go mbeidh cóiríocht a bheartaítear a fháil ar cíos chomh gar agus is féidir do riachtanais an chliaint.


Is fadhb í sin a bhaineann le gach uile Roinn agus measann an Coiste dá bhrí sin gur chóir dóibh go léir cabhrú lena réiteach. Molann sé go mbunófar Coiste idir-roinne faoi choimirce na Roinne Airgeadais leis na bunchúiseanna a scrúdú agus chun bealach a mholadh trína bhféadfar teacht ar réiteach. Glacfaidh sé go fonnmhar le haon bharúlacha maidir leis an moladh sin.


Tá dhá ghné eile den ábhar seo ag déanamh imní don Choiste. D’inis Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Poist agus Telegrafa don Choiste gurb é a bhí i gceann de na fadhbanna a bhain leis an moill ag aistriú foirne isteach san fhoirgneamh atá i dtrácht an cheist i dtaobh airgead corraíola a íoc. Dúirt sé gur íocadh a leithéid le tuairim is 500 den fhoireann ar scála ar ar comhaontaíodh leis na cumainn foirne, is é sin £100 ar aistriú suas go dtí míle slí agus £100 in aghaidh an mhíle ina dhiaidh sin, agus gurb é a bhí sa chostas ar fad £100,000 de réir mar a mheas sé.


Is eol don Choiste gur cleachtas é sin, airgead corraíola a íoc, atá éirithe forleathan le blianta beaga anuas agus glacann sé leis gur fíor don Oifigeach Cuntasaíochta nárbh í an Roinn Poist agus Telegrafa a chuir tús leis an nós sin. Ach ní foláir leis an gCoiste a chur in iúl gur ábhar imní dó go mbíonn ar Ranna anois liúntais den sórt sin a íoc, go háirithe nuair is amhlaidh, go minic, go mbíonn foireann á haistriú go dtí cóiríocht atá níos nua-aimseartha agus níos lárnaí agus trealamh níos fearr ann, agus is dóigh leis gur muirear éagórach ar cháiníocóirí liúntais den chineál sin a íoc as airgead poiblí.


Ceistíodh an tOifigeach Cuntasaíochta um Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí maidir leis an difear a dhéantar d’oibriú éifeachtach na Ranna a rannáin riaracháin a bheith suite i bhfoirgnimh éagsúla, agus iad sin i bhfad ó chéile in go leor cásanna. Dar leis an gCoiste is é a thiocfadh as sin breis costas faoi mhírchinn éagsúla agus mí-éifeacht agus moill i gcion oibre na ranna. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go bhfuil aird ag na ranna ar an gceist sin agus gurb é polasaí Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí na haonaid go léir in aon roinn a thabhairt le chéile in aon fhoirgneamh amháin aon uair is féidir sin agus caoi a thabhairt san am céanna le haghaidh leathnú a d’fhéadfadh tarlú amach anseo nó le haghaidh seirbhísí nua.


Is é an rud ba mhaith leis an gCoiste, má ghlactar leis an moladh uaidh Coiste Idir-Roinne a bhunú, go bhféadfaidh Coiste den sórt sin freisin bealach a bheartú trína bhféadfaí an chuid sin den fhadhb a shárú a bhaineann le cóiríocht oifige a sholáthar.


 

DONNCHA Ó FOGHLÚ

 

Cathaoirleach.

17 Samhain, 1983.