Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1978 - 1979::17 November, 1983::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Máirt, 12 Deireadh Fómhair, 1982

Tuesday, 12th October, 1982

1. Chruinnigh an Coiste ar 2.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Crotaigh (i gCeannas), na Teachtaí Mac Cosgair, Ó Cruachlaoich, Uí Dheasmhumhnaigh, Ó Muraile, Ó Laoghaire agus de Uidheas.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1979.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1979. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tithe an Oireachtais agus Tionól na hEorpa, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, Roinn na Gaeltachta, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh M. Ó hÉaluighthe (Cléireach na Dála), P. Ó Gréacháin (Rúnaí agus Stiúrthóir na hIniúchóireachta), L. Tóibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), P. Mac Mathúna (Cathaoirleach, Na Coimisinéirí Ioncaim), P. Cadhla (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló go dtí 3 p.m. Dé Céadaoin, 20 Deiradh Fómhair, 1982.