Committee Reports::Special Report - Udaras Na Gaeltachta::28 September, 1982::Report

TUARASCÁIL SPEISIALTA

ÚDARÁS NA GAELTACHTA

1.An 14 Iúil 1982 rinne Dáil Éireann Ordú mar a leanas:—


“Go dtugann Dáil Éireann, mar gur léir di gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbairt agus gur cás léi an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, treoir leis seo don Chomhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údarás na Gaeltachta”;


agus an 15 Iúil 1982 rinne Seanad Éireann Ordú mar a leanas:—


“Go dtugann Seanad Éireann, mar gur léir dó gur gá leanacht le tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí agus lena bhforbairt agus gur cás leis an phoiblíocht le gairid faoi oibriú Údarás na Gaeltachta, treoir leis seo don Chomhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú a dhéanamh ar ghnóthaí Údarás na Gaeltachta mar ábhar práinne agus moltaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmiú Údarás na Gaeltachta.”


Dá éis seo sa Tuarascáil seo tugtar “an fiosrúchán seo” ar an bhfiosrúchán atá á sheoladh ag an gCoiste de bhun na nOrduithe sin thuas.


2. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ag an gCoiste leis an réamhobair mhór atá riachtanach sula dtógfar fianaise ó bhéal chun críche an fhiosrúcháin seo.


3. Tá sé tugtha faoi deara ag an gCoiste go bhfuil ag Comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas, a láithríonn mar fhinnéithe os comhair an Choiste, pribhléid faoi alt 2(1) den Acht um Choistí Thithe an Oireachtais (Pribhléid agus Nós Imeachta), 1976 mar gheall ar aon chaint a dhéanann siad os comhair an Choiste; ach nach cosúil go mbaineann an phribhléid sin le cainteanna a dhéanann finnéithe eile. Thairis sin, níl aon fhoráil reachtúil ann a thugann pribhléid do dhaoine, más Comhaltaí de cheachtar Teach iad nó nach ea, a chuireann doiciméid chuig an gCoiste.


4. Tá an Coiste tar éis a chinneadh, ag féachaint don sórt ceisteanna a bheidh i gcuid mhaith díobh sin a bheidh le scrúdú ag an gCoiste i gcúrsa an fhiosrúcháin seo, nach bhféadfar an fiosrúchán a stiúradh go héifeachtúil má bhíonn feidhm ag na teorainneacha i leith pribhléide a léirítear sa mhír roimhe seo.


5. Sna cúinsí sin molann an Coiste reachtaíocht a thabhairt isteach lena bhforálfar go mbeidh finné os comhair an Choiste agus duine a chuirfidh doiciméad chuig an gCoiste chun críche an fhiosrúcháin seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh dá mba finné os comhair na hArd-Chúirte é. De bharr gur tugadh teagasc don Choiste déileáil leis an bhfiosrúchán seo mar ábhar práinne, tá an Coiste á thathaint ar an dá Theach tosaíocht a thabhairt don reachtaíocht atá á moladh.


6. Ionas nach mbeidh gá ar ball le hiarratais den chineál seo ón gCoiste maidir le fiosrúcháin ar leith, moltar don dá Theach go mb’fhéidir gurbh fhiú leo socrú a dhéanamh go mbainfidh an reachtaíocht atá á moladh leis na fiosrúcháin uile a sheolfaidh an Coiste.


(Sínithe) TOMÁS MAC GIOLLA PHÁDRAIG


Cathaoirleach an Choiste


28 Meán Fómhair 1982