|
TUARASCÁILRéamhrá1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra a rinne an Coimisiún go nglacfaí Treoir ón gComhairle ag leasú Treoir 71/307/CEE maidir le comhfhogasú dlíthe na mBallstát a bhaineann le hainmneacha teicstílí [COM (79) 778 críochnaitheach/2]. Tá an treoir bheartaithe bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE a chumhachtaíonn don Chomhairle ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún, “treoracha a eisiúint le haghaidh comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit a bhaineann go díreach le bunú nó feidhmiú an chómhargaidh”. 2. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais faoi cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha scrúdú ar an togra thar ceann an Chomhchoiste. Fuair an Fo-Choiste barúlacha ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ó Chónaidhm Theicstílí na hÉireann. Mheabhraigh sé chomh maith meamram a fuarthas i scríbhinn ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Is mian leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis na comhlachtaí a chuir a mbarúlacha in iúl dó. Cúlra3. Ba é Treoir 71/307/CEE ón gComhairle, a thug isteach lipéadú comhionann éigeantach do tháirgí teicstíleacha ar bhonn an cion snáithín atá iontu ó thaobh cainníochta agus cáilíochta, a d’áirithigh saorghluaiseacht na dtáirgí sin laistigh den Chómhargadh (a raibh na difríochtaí sna dlíthe náisiúnta ina mbac uirthi roimhe sin) agus a chabhraigh go mór chun a chinntiú go mbeadh tomhaltóirí in ann comhdhéanamh na n-earraí teicstíleacha éagsúla a bhí ar díol a fhionnadh. Tugadh éifeacht don Treoir sin in Éirinn le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Ainmneacha agus Lipéadú Táirgí Teicstíleacha), 1973, I.R. Uimh. 43 de 1973 a tháinig a ngníomh an 13 Feabhra 1973. 4. Ón uair a glacadh an Treoir tá sé tagtha chun suntais go bhfuil difríochtaí móra idir na bealaí a bhfuil sí á cur i bhfeidhm agus á léiriú ag Ballstáit, go bhfuil sí easnamhach ar dhóigheanna áirithe, go bhfuil cuid dá forálacha mí-oiriúnach de thoradh dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta agus in ionad saorthrádáil a éascú gurb amhlaidh a bhí a mhalairt de thoradh uirthi i mórán cásanna. D’éirigh na fadhbanna sonracha seo a leanas go háirithe:— (a)is ar tháirgí teicstíleacha traidisiúnta a bhí an Treoir dírithe nuair a dréachtaíodh ar dtús í. Dála an scéil, de bharr na téarmaíochta a úsáideadh inti bhainfeadh sí le hearraí teicstíleacha go huile. Meastar nach bhfuil sin inmhianaithe ó thaobh an Chomhphobail de toisc go gcumhdaíonn sé táirgí a bhfuil cion níos mó den mhargadh acu anois agus ar chóir iad a bheith eisithe (e.g. táirgí indiúscartha) nó faoi réir bearta speisialta (e.g. táirgí neamhfhite). (b)de dheasca doiléire agus ginearáltacht chuid de na míniúcháin agus de na heisceachtaí, de bhíthin neamhréireachtaí idir na leaganacha i dteangacha éagsúla agus míchruinneas na téarmaíochta teicneolaíochta a úsáideadh, tugadh isteach reachtaíocht shoiléiriúcháin bhreise éagsúil i mBallstáit, ní ba bhun le saobhadh ar ghluaiseacht táirgí teicstíleacha sa Chomhphobal; (c)sáraíodh ar bhealaí éagsúla sna Ballstáit na fadhbanna a d’éirigh toisc nár leor cuid de na forálacha, sa mhéid nár thug siad dóthain aird ar shainghnéithe brainsí áirithe den tionscal teicstílí ná ar an gcaoi a mhargaítear táirgí áirithe, agus toisc nach raibh dóthain forálacha ann i dtaobh teicnicí nua táirgthe ná i dtaobh táirgí nua ar an margadh. Réimse na Treorach Beartaithe5. Tá sé ceaptha don togra leasaitheach ón gCoimisiún [COM (79) 778 críochnaitheach/2], a bhí á phlé ar feadh tamall de bhlianta agus a cuireadh faoi bhráid na Comhairle anuraidh, deireadh a chur leis na constaicí úd a luadh roimhe seo agus baineann na leasuithe sonracha ar Threoir 71/307/CEE go mór mór le pointí a d’ardaigh Ballstáit, tionscail agus tomhaltóirí mar nithe práinneacha agus le fadhbanna a tháinig chun suntais sna gearáin agus sna hiarratais iomadúla le haghaidh comhchomhairle a fuair an Coimisiún. Sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann le togra an Choimisiúin leagtar amach go grinn an bonnmhíniú atá leis na leasuithe ar na hAirteagail shonracha. 6. Is iad seo a leanas na leasuithe is mó a bhfuil substaint leo agus nach leasuithe soiléiriúcháin iad:— (a) Tá modhnú á dhéanamh ar an gceart atá ag Ballstáit a cheangal go mbeidh lipéad ina dteanga féin ar tháirgí teicstíleacha a dhíoltar ina gcríocha, mar atá sainithe in Airteagal 8.2.(c) den Treoir, sa mhéid nach mbeidh sé infheidhmithe ach amháin i gcás inar gá é le haghaidh faisnéise tomhaltais agus nach bhfeidhmeofar é nuair nach bhfuil ach na difríochtaí is lú idir ainmneacha snáithíní teicstíleacha sna teangacha éagsúla agus nach mbacfadh na difríochtaí sin ar an tomhaltóir deiridh iad a thuiscint. Tá Iarscríbhinn V nua á moladh chun na críche sin a shonróidh na snáithíní teicstíleacha sin ó Iarscríbhinn I a gceadófar gan iad a léiriú ach i dteanga Comhphobail amháin. Fuarthas amach gur baineadh mí-úsáid as an gceanglas i dtaobh marcáil dátheangach agus gur tharraing sé costais gan ghá ar thionscail agus i ndeireadh thiar ar an tomhaltóir, chomh maith le bacainní a chur le trádáil. (b) Níl sé éigeantach faoi láthair comhpháirteanna de tháirgí teicstíleacha (cé is moite de phríomh-líneálacha) a lipéadú bhun 30 faoin gcéad de mheáchan iomlán an táirge. Níl an fhoráil atá anois ann sásúil ar dhá chúis. I dtús báire, is iomaí léiriú éagsúil atá déanta ar an téarma “comhpháirt de tháirge teicstíleach”. Ar an dara dul síos, ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh míreanna ar nós cóirséid, earraí bróidnithe nó eitsphriontáilte nó pluis-teicstílí eisithe ón gcion snáithíneach a thaispeáint. Tá sé ceaptha d’Airteagal 6 den togra leasaitheach aon éiginnteacht a d’fhéadfadh bheith sa léiriúchán a bhaint as agus leagtar síos comhrialacha speisialta maidir le lipéadú teicstílí den chincál sin chun an cion snáithíneach atá iontu a thaispeáint. (c) Níl aon fhoráil sa Treoir atá anois ann i dtaobh lipéadú earraí teicstíleacha a dhíoltar de réir an mhéadair nó i bhfaid ghearrtha. Tharla go leor fadhbanna sa Chomhphobal dá bharr sin ó thaobh gluaiseacht na dtáirgí sin agus ó thaobh faisnéise tomhaltais. Ós rud é go bhfuil deacrachtaí teicniúla ag baint le lipéad a chur ar gach méadar nó gach fad gearrtha, agus toisc go bhfuil sé costasach déanamh amhlaidh, foráiltear sa togra sin, d’fhonn bacainní ar thrádáil sna táirgí sin a sheachaint, nach gá an comhdhéanamh snáithíneach a thaispeáint ach amháin ar an bhfad nó ar an rolla óna ngearrtar iad. Ní mór do na ceannaitheoirí bheith in ann eolas a chur ar chomhdhéanamh na dtáirgí sin áfach agus dá bhrí sin cuireann an leasú d’oibleagáid ar Bhallstáit a áirithiú go mbeidh faisnéis i dtaobh cion snáithíneach earraí teicstíleacha a dhíoltar de réir an mhéadair nó i bhfaid ghearrtha ar fáil go réidh don tomhaltóir. (d) Beartaítear leasú agus leathnú a dhéanamh ar Iarscríbhinn III den Treoir ina bhfuil liosta de na táirgí nach féidir a chur faoi réir lipéadú nó marcáil sainordaithe um snáithín teicstíleach. Tá sé sin ag teacht le ráitis i miontuairiscí na Comhairle a bhí ag gabháil leis an Treoir tráth a ghlactha i 1971. Ón taithí a fuarthas sna blianta idir an dá linn is léir nach raibh na heisceachtaí a bhí luaite ann sonrach go leor agus gur baineadh bríonna éagsúla astu. Ina theannta sin fuarthas amach le linn pléití ar an togra leasaitheach gur cheart eisceachtaí breise a dhéanamh. Dá réir sin beartaítear an leasú seo a leanas a dhéanamh ar Iarscríbhinn III:— (i)Earraí Indiúscartha Beartaítear na hearraí sin (e.g. tuáillí sláintíochta agus ciarsúir) a eisiamh toisc nach gá eolas a bheith ann i dtaobh cion snáithíneach earraí teicstíleacha nach n-úsáidtear ach uair amháin agus a chaitear amach ansin. (ii)Earraí atá faoi réir Rialacha Eolaire Cógaisíochta na hEorpa agus Earraí Ortaipéideacha:Bindealáin le haghaidh Usáide Leighis. Leis an Mír 37 nua in Iarscríbhinn III eisiatar na táirgí thuasluaite ó lipéadú um chion snáithíneach. Cumhdaíonn sí líon beag earraí is féidir a athúsáid agus nár mhór dóibh, mar gheall ar a sainghnéithe agus go háirithe ar an úsáid dar ceapadh iad, feidhmeanna beachta a chomhlíonadh ar bheag in aon chor an bhaint atá ag an gcion snáithíneach atá iontu leo; i gcás na n-earraí atá cumhdaithe faoi Eolaire Cógaisíochta na hEorpa tá na feidhmeanna sin sonraithe go héigeantach san fhoilseachán sin. (iii)Earraí de chineál a úsáidtear de ghnáth in Innealra nó Gléasra Foráiltear i Mír 16 de théacs Iarscríbhinn III mar atá sé faoi láthair go n-eiseofaí na táirgí sin ó lipéadú um chion snáithíneach. Fuarthas amach trí thaithí go bhfuil an earnáil sin éiginnte agus ró-ghinearálta agus go raibh sí á léiriú ar bhealaí éagsúla ag na Ballstáit. D’fhéadfaí a thuiscint uathi go mbaineann an téarma, a bheag nó a mhór, le hearraí atá ceaptha de ghnáth le haghaidh úsáid theicniúil (e.g. earraí a úsáidtear i dtionscail) agus le iliomad táirgí tomhaltais a bhfuil feidhmeanna teicniúla de chineálacha éagsúla acu. Ní gá an chéad earnáil díobh sin a lipéadú toisc nach díol spéise don tomhaltóir í, ach maidir leis an dara hearnáil ní mór na cásanna ina bhfuil nó nach bhfuil sé úsáideach don tomhaltóir iad a lipéadú a aithint thar a chéile. Sa leasú beartaithe déantar na táirgí a bheidh le heisiamh a shonrú ar bhealach cuimsitheach a mbeidh an bhrí chéanna leis sna dlíthe náisiúnta go léir. (e)In Iarscríbhinn IV den Treoir sonraítear na táirgí teicstíleacha sin ar chóir, toisc nach fiú trácht ar an tábhacht eacnamaíoch atá leo, nó mar gheall ar chomh beag is atá siad, nó de bharr na sainghnéithe speisialta a bhaineann leo, go mbeidís eisithe ón gceanglas i dtaobh lipéadú a dhéanamh ar gach mír ar leith agus go mbeidís faoi réir lipéadú cuimsitheach amháin. Beartaítear leis an dréacht-leasú na míreanna breise seo a leanas a áireamh san Iarscríbhinn sin: (i) Eangacha cocáin agus eangacha gruaige. (ii) Carbhait agus carbhait cuachóige do leanaí. (iii) Bibí, lámhainní níocháin agus flainíní aghaidhe. (iv) Abhrais fuála, deisiúcháin agus bróidnéireachta atá ullamh lena miondíol i gcainníochtaí beaga ar gram amháin nó níos lú an mórmheáchan atá iontu. (v) Uigí le haghaidh cuirtíní agus comhlaí. 7. Ós rud é go mbeidh ar roinnt Ballstát a gcuid reachtaíochta a leasú chun na forálacha a leagtar síos faoin Treoir a chur i ngníomh, b’éigean do Pharlaimint na hEorpa agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach dul i gcomhairle lena chéile i gcomhréir le hAirteagal 100 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Thug an Coiste um Chúrsaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta de Pharlaimint na hEorpa dá aire sa tuarascáil uaidh nach n-áirítear ar an Treoir atá i bhfeidhm faoi láthair—71/307/CEE— an fhoráil a mbaintear leas aisti de ghnáth le go bhféadfar treoracha den chineál sin a chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil agus nárbh fholáir don Choimisiún sa chás seo a thogra féin chun an treoir a leasú a chur i láthair ar bhonn Airteagal 100 de Chonradh CEE. Fáiltíonn sí roimh thogra an Choimisiúin sa dréacht-Treoir go gcuirfí foráil leis an mbun-Treoir a fhágfaidh gur féidir nós imeachta níos simplí a ghlacadh amach anseo. Glacann an Tuarascáil le téacs an Choimisiúin maille le dhá leasú soiléiriúcháin. Tríd is tríd aontaíonn an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialach leis an Treoir bheartaithe chomh maith. Ciallachais d’Éirinn8. Dúirt Cónaidhm Thionscail na hÉireann nach bhfuil aon ní acu i gcoinne an Treoir bheartaithe a ghlacadh. Chuir Cónaidhm Theicstílí na hÉireann in iúl go bhfuil glacadh acusan le togra an Choimisiúin chomh maith cé go ndeir siad (a) i gcás ina ndéantar mórán próiseála ar theicstílí i dtríú tír roimh a gcríochnaithe i Stát Comhphobail, gur chóir an t-eolas sin a thabhairt ar lipéid, agus (b) i gcás gur i dtríú tír a mhonaraítear teicstílí a thionscnaíonn i mBallstát, gur chóir é sin a chur in iúl chomh maith. Tuigeann an Comhchoiste nárbh fholáir éifeacht shonrach a thabhairt don togra trí Rialacháin ag leasú na Rialacháin Teicstílí atá i bhfeidhm faoi láthair. Níor cinneadh fós cad é an cruth a bheidh ar na Rialacháin leasaitheacha sin, an Rialacháin cuimsitheacha a bheidh iontu nó an trí thagairt amháin (mar a tharla i gcás an téacs bhunaidh) a thabharfaidh siad éifeacht don togra leasaitheach. Tátail an Chomhchoiste9. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach mbeadh aon chiallachais thábhachtacha i gceist leis an Treoir leasaitheach sin, má ghlactar í, do thionscail Éireannacha de bhreis ar na freagrachtaí atá ar na monaróirí agus ar na miondíoltóirí lena mbaineann de bharr na mbearta atá i bhfeidhm anois. Go deimhin d’fhéadfaí á rá go laghdódh sé an t-ualach atá orthu mar gheall ar chomh teorantach is atá na leasuithe substainteacha ar an togra bunaidh. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an Treoir bheartaithe dá réir sin. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 13 Bealtaine 1981 |
||||||||||||