Committee Reports::Report No. 93 - Labour Market Policy::13 May, 1981::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste cheana féin ar Mheabhrán ón gCoimisiún i dtaobh “cion na gComhphobal Eorpach i leith forbairt Seirbhísí Aeriompair” sa Dóú Tuarascáil is Seachtó uaidh (Prl. 8991) lenar glacadh an 4 Meitheamh 1980. Ceann de na hítimí a scrúdaíodh sa Mheabhrán sin agus sa Tuarascáil sin ab ea feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar sheirbhísí idir-réigiúnacha. Thug an Chomhairle cuireadh don Choimisiún staidéar a dhéanamh ar an réimse sin agus chuir an Coimisiún togra chuig an gComhairle an 3 Nollaig 1980 [11895/80] le haghaidh Rialachán i dtaobh údarú aersheirbhísí sceidealta idir-réigiúnacha do phaisinéirí, do phost agus do lasta idir Bhallstáit [COM (80) 624 críochnaitheach].


2. Rinneadh scrúdú mion ar an togra thar ceann an Chomhchoiste ag a Fho-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais faoi Cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha. Phléigh an Fo-Choiste an t-ábhar le hionadaithe ó Aer Lingus agus le hoifigigh ón Roinn Iompair. Rinne sé breithniú chomh maith ar mheabhrain a fuarthas i scríbhinn ó Aer Lingus agus ón Roinn. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre.


An fhrámaíocht Éireannach faoi láthair

3. Oibrítear aersheirbhísí sceidealta chun na hÉireann agus uaithi ar bhonn comhaontuithe aeriompair a thugtar i gcrích trí chaibidlí déthaobhacha le tíortha eile. D’fhéadfadh cuid de na cúig phríomhchearta saoirse, nó iad uile, a bheith ar áireamh sna comhhaontuithe sin. Níl an chéad cheart ná an dara ceart saoirse chomh tábhachtach leis an 3ú, an 4ú an 5ú ceart toisc nach cearta tráchta iad. Is iad seo a leanas na cearta deiridh sin:—


(i)An 3ú Saoirse: Chun trácht a iompar ó do thír féin go dtí tír an dara pháirtí sa chomhaontú;


(ii)An 4ú Saoirse: Chun trácht a iompar ó thír an dara páirtí sa chomhaontú go dtí do thír féin;


(iii)An 5ú Saoirse: Chun trácht a iompar idir tír an dara páirtí sa chomhaontú agus tríú tíortha.


4. Tá comhaontuithe déthaobhacha idir Éire agus na Ballstáit seo a leanas de CEE a n-oibríonn Aer Lingus isteach iontu faoi láthair: an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Danmhairg, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus an Ghearmáin. Faoin gcomhaontú déthaobhach leis an Ríocht Aontaithe, mar shampla, tugtar d’aerlínte na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe cearta idirthurais, stad neamhthráchta agus iontráil tráchtála do thrácht idirnáisiúnta ar sheirbhísí sceidealta. Tá cearta tráchtála ag aerlínte na hÉireann ar chúig bhealach is tríocha agus tá cearta den chineál sin ag aerlínte na Ríochta Aontaithe ar shé bhealach is tríocha, maille le cearta idir pointe ar bith sa Ríocht Aontaithe via an tSionainn chuig pointe ar bith i Stáit Aontaithe Mheiriceá nó i gCeanada. Ní fheidhmítear na cearta sin go léir faoi láthair, fiú amháin idir an Ríocht Aontaithe agus Éire. Oibrítear bealaí áirithe ar an dul céanna ag aerlíne amháin ó gach tír. Tá 3ú agus 4ú saoirse ag trácht faoin gcomhaontú ach i gcás bealach na Sionainne—An tAtlantach Thuaidh mar a dtugtar cearta den 5ú saoirse don iompróir ón Ríocht Aontaithe.


Aidhmeanna an Choimisiúin

5. Tá an Coimisiún ag dréim le sraith rialacha a chur ar bun sa réimse sin ar fud an Chomhphobail chun bealaí seachas na príomhbhealaí móra a údarú. Chuirfeadh an córas sin breis leis an gcóras príomhbhealaí. Níl sé i gceist ag an gCoimisiún gréasán bealaí Comhphobail a leagan amach ach is mian leo frámaíocht rialúcháin a chur ar bun ina bhféadfadh aerlínte nuabhearta a ghlacadh dá mba dhóigh leo gur dhíol suime na seirbhísí sin ó thaobh tráchtála de.


6. Is dóigh leis an gCoimisiún go bhfuil tairbhí dearfa eacnamaíochta le fáil as leathnú a dhéanamh ar na deiseanna atá ag aerlínte chun aersheirbhísí díreacha idir-réigiúnacha a thionscnamh ar na cúiseanna seo a leanas:


(a)toisc go bhfuil éileamh ar sheirbhísí den chineál sin a laghdódh an méid ama a chaitear ag taisteal (ní atá tábhachtach go háirithe do thaistealaithe gnó);


(b)toisc go bhféadfaí fuinneamh a chaomhnú;


(c)toisc go dtabharfadh an córas beartaithe sár-dheis chun féachaint cad iad na torthaí a thiocfadh as iomaíochtaí níos géire a bheith i gcúrsaí aeriompair, ina gceadófaí breis saoirse chun nuabhearta a thabhairt isteach, chun dul isteach i margaí agus chun beartais phraghsála a thionscnamh;


(d)toisc go laghdófaí an plódú tráchta ag na haerfoirt agus ar na haerbhealaí is mó dá ndéanfaí atreorú ar chuid den aerthrácht ó na príomhbhealaí móra;


(e)toisc go gcabhródh siad le forbairt réigiúnach.


Réim an Rialacháin

7. Cumhdaíonn an Rialachán aersheirbhísí idir-réigiúnacha sceidealta idir Bhallstáit, lena n-áirítear seirbhísí lasta agus poist ach gan seirbhísí cairte san áireamh. Foráiltear go mbeadh achar 200 km ar a laghad i ngach céim, mar aon le cóir do 130 suíochán ar a mhéid i ngach árthach nó uasmheáchan 55 tonna tráth turgabhála. Sonraítear sa rialachán sin an míniú atá ar “Aersheirbhís Idir-Réigiúnach” agus féachann sé le hidirdhealú a dhéanamh idir na seirbhísí atá i gceist sa Rialachán agus aersheirbhísí eile sa Chomhphobal trína n-aicmiú faoi thrí earnáil aerfoirt de réir a dtábhachta i ndáil le haerthrácht paisinéirí idirnáisiúnta, eadhon:


(a)Earnáil 1—an t-aerfort ag a mbíonn an líon paisinéirí is mó (agus na haerfoirt eile ina dhiaidh sin go dtí go mbíonn breis agus 60 faoin gcéad de thrácht na tíre curtha i gcuntas).


(b)Earnáil 2—na haerfoirt is mó tábhacht ina dhiaidh sin (a dhéanann freastal, nuair a áirítear iad le haerfoirt in Earnáil 1, ar bhreis agus 90 faoin gcéad de thrácht na tíre).


(c)Earnáil 3—na haerfoirt eile.


Leagtar amach Earnálacha na n-aerfort san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra agus ó thaobh na hÉireann de tá Baile Átha Cliath in Earnáil 1, Aerfort na Sionna in Earnáil 2 agus Aerfoirt eile in Earnáil 3. Cheadófaí seirbhísí idir-réigiúnacha sa Chomhphobal idir Earnálacha 1 agus 3, 2 agus 2, 2 agus 3 agus 3 agus 3; ní cheadófaí iad idir Earnálacha 1 agus 1 ná 1 agus 2. Ní cheadófaí ach d’aeriompróirí Comhphobail na seirbhísí a oibriú agus ní bhainfeadh siad le hiompróirí ó thríú tíortha.


8. Is é an bunphrionsabal [Airteagal 4] nár mhór go dtionscnódh an tseirbhís sa Stát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe (“an Stát Cláraitheachta”). Tá leathnú déanta ar an mbunphrionsabal sin áfach chun go mbeidh aersheirbhísí idir-réigiúnacha idir Bhallstáit seachas an Stát Cláraitheachta san áireamh fad is gur leathnú na seirbhísí sin ar sheirbhísí, dá dtagraítear san abairt roimhe seo, atá á n-oibriú cheana féin ag an Aeriompróir Comhphobail nó atá iarrtha aige. D’fhéadfadh roinnt Ballstát bheith ar áireamh sa tseirbhís sin agus i gcás gach eitilte bheadh sé de cheart ag an aeriompróir paisinéirí, post agus/nó lasta a ghlacadh ar bord nó a chur i dtír chun críocha tráchtála i.e. cearta den 5ú saoirse. Ní áirítear ar an gceart den 5ú saoirse atá beartaithe seirbhís a fhadú ar aghaidh ó aerfort d’Earnáil 1 d’fhonn gan cur isteach ar an bpríomh-aersheirbhís sceidealta. Ní bheadh trácht laistigh de Bhallstát ar áireamh sa togra ach oiread [Airteagal 5.1].


9. Cuireann an Rialachán [Airteagal 3] d’oibleagáid ar Bhallstáit aersheirbhísí idir-réigiúnacha atá i gcomhréir leis an Rialachán a údarú. Deirtear freisin áfach go bhféadfaidh Ballstáit forálacha níos liobrálaí a fheidhmiú ná mar atá in airteagail áirithe den Rialachán. In Airteagal 6 sonraítear an nós imeachta is gá d’Aeriompróir Comhphobail a leanúint d’fhonn údaraíocht a fháil agus feidhm an Stáit Chláraitheachta a ndéantar iarratas chuige. Ní mór don Stát sin a chinntiú go bhfuil an tseirbhís a ndearnadh iarratas ina leith i gcomhréir leis an Rialachán agus scrúdú a dhéanamh ar fhiúntas eacnamaíoch agus teicniúil an aeriompróra agus ar fhiúntas eacnamaíoch na seirbhíse beartaithe. Ní féidir leis an Stát lena mbaineann údaraíocht a dhiúltú [Airteagal 7] nó coinníollacha a chur ag gabháil leis ach ar chúiseanna áirithe atá leagtha amach go sonrach, eadhon, acmhainn chóiríochta an aerfoirt, aershábháilteacht agus taraifí nach foláir dóibh critéir áirithe atá leagtha síos in Airteagal 8 a chomhlíonadh. Tá foráil ann [Airteagal 9] nach gcuirfí moill gan ghá le próiseáil iarratais agus nach mór de ghnáth cinneadh a thabhairt laistigh de cheithre mhí. Má éiríonn díospóid is é an bunphrionsabal [Airteagal 10] ligean do na páirtithe lena mbaineann iarracht a dhéanamh chun teacht ar réiteach ar dtús agus, mura n-éiríonn leo, tá socrú ann maidir le nós imeachta eadrána ag an gCoimisiún nó maidir le dul i mbun cúirte inniúla.


An gá atá leis an Togra

10. Deir an Coimisiún gur gá an Togra toisc go bhfuil a thuilleadh seirbhísí réigiúnacha ag teastáil a d’fhéadfadh bheith fiúntach ach a bhfuil cosc nó bac ar iad a oibriú de dheasca na mbacainní rialúcháin náisiúnta atá ann faoi láthair. Ní fhéadfadh an Comhchoiste teacht ar aon fhianaise a léireodh go raibh réimse fhairsing éilimh i gcúrsaí aeriompair nach bhfuil freastal á dhéanamh orthu agus a bhféadfadh togra an Choimisiúin soláthar dóibh. Ina theannta sin deir an Coimisiún gur iarr sé ar shaineolaithe a mheas cad a tharlódh dá mbeadh rochtain níos léirscaoilte ar an margadh ag aersheirbhísí idir-réigiúnacha agus go raibh éagsúlachtaí móra idir na tuairimí a nochtadh le linn na gcruinnithe.


11. Chuir Aer Lingus in iúl gur phléigh an Chomhdháil um Eitlíocht Shibhialta Eorpach (CESE) an cheist seo i 1977/78* agus gur tháinig sí ar an tuairim seo a leanas:


“Ní raibh an gréasán Eorpach seasmhach ar chor ar bith idir 1965 agus 1977. Is amhlaidh gur taifeadadh méadú mór ar an líon bealaí nua …. Is cosúil go bhfuil méid iomlán an ghréasáin idirnáisiúnta Eorpaigh tuairim is ceart agus féadfar bheith ag súil le forbairt éigin. Ní léir go bhfuil aon ghá i gcoitinne le haerfoirt réigiúnacha i ndá thír a nascadh lena chéile”.


12. Ar an taobh eile den scéal deir an Coimisiún go bhfuil sé le tuiscint ón staidéar sin agus ó staidéar eile a rinneadh go bhfuil saobhadh éigin ann faoi láthair i bhfábhar príomh-bhealaí agus go bhfuil éileamh ann le haghaidh breis seirbhísí idir-réigiúnacha.


13. Cheapfadh an Comhchoiste go mbeadh fonn ar aerlínte, a bhfuil a rathúlacht airgeadais ag brath go mór ar fhás, deiseanna den chineál sin a fhorbairt. Bheadh sé ag súil chomh maith go n-osclófaí bealaí nua i gcásanna inar léir ó bhreithmheasanna margaidh go bhféadfadh éilimh thráchta a bheith ann a bhféadfaí freastal orthu i ndálaí eacnamaíocha a bheadh inghlactha do thaistealaithe agus d’oibritheoirí araon.


Éifeacht an Togra ar Reachtaíocht na hÉireann faoi láthair

14. Le hailt 7 agus 8 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 cumhachtaíodh don Aire a údarú le hordú go ndéanfaí aersheirbhísí a oibriú agus go bhféadfadh sé dá rogha féin amháin údarás a dheonú nó diúltú údarás a dheonú i ndáil le hoibriú na seirbhísí sin.


15. Le hailt 9 agus 10 cumhachtaítear don Aire, le hordú, na táillí nó na rátaí a mhuirearaítear ar aersheirbhísí a shocrú agus aon táillí nó rátaí beartaithe a cheadú nó diúltú iad a cheadú.


16. Má ghlactar an togra láithreach, agus ag brath ar an gcruth deiridh a bheidh air, b’fhéidir go mbeidh reachtaíocht fhorlíontach le tabhairt isteach chun an reachtaíocht náisiúnta a chur ar comhréir le dlí an Chomhphobail.


Éifeacht an Togra ar Chomhshocruithe Déthaobhacha

17. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, cuireann caibidleoirí Rialtais i gcuntas le linn pléití déthaobhacha, na bealaí uile, idir bealaí mórthráchta agus bealaí lagthráchta, a mbaineann an dá thír atá páirteach iontu leas astu. Beartaítear faoin dréacht-Rialachán nach mbeidh na bealaí idir-réigiúnacha lena mbaineann sé faoi réir a gcaibidlí ar an gcaoi sin amach anseo ach go ndeonófar iad don tír arb as don aerlíne a rinne an t-iarratas gan aon quid pro quo. Laghdódh sin cumhacht na mBallstát go mór agus thabharfadh sé cumhachtaí níos forleithne don Choimisiún trí chóras uathrialach a chur ar bun i leith aersheirbhísí idir-réigiúnacha a rachadh i gcion ar an gcóras comhaontuithe aeriompair déthaobhacha atá anois ann.


Éifeachtaí eile an Togra

18. Ó thaobh na n-aerlínte de, tá Aer Lingus imníoch faoin tuairim a nochtadh go mb’fhéidir go mbainfeadh dochar rómhór do bhunphrionsabail chóras IATA atá anois ann agus tá imní air chomh maith go lagófaí an comhoirdniú iltaobhach taraifí, a eagraítear faoi chuimsiú IATA, trí chuid den solúbthacht a ghabhann leis an gcóras sin a tharraingt siar. Is dóigh leis go bhfuil comhoirdniú iltaobhach taraifí, trí chóras Chomhdháil IATA, agus faoi réir chead an Rialtais, ar an gcóras is éifeachtaí, is cobhsaí, is cothroime, is eacnamúla agus is mó a fhreagraíonn don mhargadh, is a d’fhéadfadh bheith ann. D’éirigh leis na haerlínte, ag obair dóibh trí IATA, breis roghanna iomaíocha a thabhairt do thaistealaithe agus na pionóis airgeadais a thiteann ar phaisinéir, toisc gur gá dó nó gur mian leis taisteal idir aerfoirt trí phointe eile a thrasnú, a laghdú a mhéid is féidir. Is é an sásra atá leagtha amach an liúntas “fadaithe” agus an liúntas “míleáiste cor bealaigh”:


—an liúntas “fadaithe”: ceadaítear do phaisinéirí leis seo taisteal go dtí aerfort réigiúnach nó amach as trí aerfort moil a thrasnú, móide “fadú” aontaithe i leith na coda sin den aistear idir an mol agus an réigiún;


—ceadaíonn an liúntas “míleáiste cor bealaigh” do phaisinéir, i gcás táillí áirithe, gan ach an táille dhíreach idir dhá phointe a íoc fiú má stadtar go minic ar an mbealach ar choinníoll nach faide ná 115 faoin gcéad d’fhad díreach an aistir fad na n-eitiltí a dhéantar iarbhír. Tugann an sásra sin níos mó roghanna (saora) do phaisinéirí ó na réigiúin ná mar a bheadh acu dá néileodh na húdaráis go ngearrfaí táille ar leith as gach céim ar leith den turas. Mar shampla, más mian le paisinéir taisteal óChorcaigh go Frankfurt tig leis leas a bhaint as ceangail ag aon cheann de na pointí aistrithe, lena n-áirítear Baile Átha Cliath, Manchain, Londain, Amstardam agus Páras—gan aon chostas breise air. Le turas ilchodach den chineál céanna a dhéanamh faoi théarmaí an togra atá anois ann is éard a bheadh sa táille don turas iomlán suim na dtáillí do gach céim ar leith.


19. Dúirt an Comhchoiste sa Dóú Tuarascáil is Seachtó uaidh (alt 12):


“Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil an ceart ag an gcuideachta (i.e. Aer Lingus) nuair a deir sí nach eagal léi iomaíocht. Chuir sí in iúl áfach go mb’eagal léi dá nglacfaí le tograí léirscaoilte an Choimisiúin go bhféadfadh iompróir foghla teacht isteach ar a príomhbhealaí agus aon rud a thógáil a d’oirfeadh dó agus fad a d’oirfeadh sé dó. Tuigeann an Coimisiún féin go bhfuil gá le lucht foghla a chosc ar theacht isteacht sa mhargadh ach tá amhras ar an gCoiste i dtaobh an leor an rialú atá i gceist aige. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil cosaint riachtanach lena chinntiú go gcoinneofar ag imeacht na gnéithe seirbhíse poiblí d’oibríochtaí aerlíne i bhfoirm minicíochtaí turais agus riar táillí.”.


Ón bhfianaise nua a tugadh don Chomhchoiste bheidís níos daingne fós ar na tuairimí sin. Mar shampla, tugann Aer Lingus le fios, inter alia, gur mhair siadsan níos faide ná trí iompróir ón Ríocht Aontaithe ar bhealach Learphoill. Tá imní air áfach nach mbeidh cothromaíocht chóir deiseanna idir na Stáit go léir. Má táthar chun na bealaí idir Éire agus Ballstáit eile a oscailt, ba mhaith le hAer Lingus rochtain a bheith acu ar thrácht den chúigiú saoirse idir na Stáit eile sin is mó daonra agus dá bhrí sin cuireann sé fáilte roimh an gcuid sin den dréacht-Rialachán a bhaineann leis an gcúigiú saoirse.


Cearta a Dheonú d’Aerlínte eile

20. Ní thiocfadh leis an gComhchoiste aon fhianaise a fháil a léireodh nach raibh údaráis na hÉireann liobrálach thar rud ar bith eile maidir le cearta oibríochta a dheonú d’aerlínte coigríche. Tuigeann an Coiste chomh maith nach bhfuil aon ní i gcoitinne ag Aer Lingus i gcoinne aerlínte eile d’oibriú ar bhealach nach ndéanann sé féin freastal air, ach ní mór dí-eacnamaíochtaí a bhaineann leis an ilroinnt tráchta agus leis an atreorú tráchta ó na bealaí atá ann cheana féin a chur i gcuntas sula gceadófar iliomad mionbhealaí a bheidh á n-oibriú ag iompróirí nach bhfuil seirbhís an phobail mar chúram orthu. Mar shampla, is dóigh leis go mba ghá a chinntiú go mba sheirbhís nua dáiríre aon tseirbhís réigiúnach “nua” agus go mbeadh níos mó i gceist léi ná an trácht láithreach a roinnt idir líon níos mó iompróirí. Measann an Comhchoiste nach bhfuil go leor cosaintí sa togra lena chinntiú go gcoinneofar ag imeacht na gnéithe seirbhíse poiblí d’oibríochtaí aerlíne, e.g. eitiltí rialta, fadtéarma ar feadh na bliana.


Forbairt réigiúnach

21. Léiríonn an Coimisiún gur ceann de na rudaí is mó a chuirtear san áireamh i mórán cásanna nuair a bhíonn cinneadh gnó á dhéanamh faoi ar chóir láithreán a roghnú i réigiún iargúlta chun gléasra tionscail nua a bhunú ná an bhfuil aersheirbhísí ar fáil agus in ann teacht go réidh ar an áit. Dá bhrí sin is cuid bhunúsach de bheartas atá ceaptha chun infheistíocht tionsclaíoch sna réigiúin a spreagadh an leathnú aersheirbhísí idir-réigiúnacha. D’fhéadfadh an ghné sin a bheith tábhachtach d’Éirinn ó thaobh tionscail teicneolaíochta agus ardsofaisticiúla a mhealladh chuig na réigiúin tearcfhorbartha. Maidir le hÉirinn, d’fhéadfadh na haerfoirt nua atá tógtha nó a bheartaítear a thógáil i nDún na nGall, Ciarraí, Maigh Eo, Sligeach agus Port Láirge seirbhísí a oibriú chuig aerfoirt i mBallstáit eile agus, faoi théarmaí an togra, ní bheadh na seirbhísí sin, tríd, faoi rialú an Aire Iompair.


22. Seo a raibh le rá ag an Aire Iompair sa Dáil an 4 Feabhra seo caite [Tuairisc Oifigiúil, Colún 1047] “is dóigh leis an Rialtas go mbeidh aerfoirt réigiúnacha ina gcuid thábhachtach den bhonneagar is gá chun forbairt níos leithne a dhéanamh ar cheantair sách iargúlta. Tá an-chuid suime á cur san fhorbairt sin agus i gceist ghaolmhar na n-aersheirbhísí inmheánacha agus is dóigh liom go bhfuil sé in am dúinn athbhreithniú mion a dhéanamh ar an mbeartas maidir leo. Táim ag socrú go rachfar i mbun an athbhreithnithe sin d’fhonn an bonn a leagan síos le haghaidh comhoirdniú ar fhorbairt aerfort réigiúnach ar fud na tíre.”. Molann an Comhchoiste go n-áireofaí ar an athbhreithniú sin staidéar ar a mbeadh i gceist sa togra le haghaidh forbairt na seirbhísí sin. Má ghlactar an togra, molann an Comhchoiste go dtabharfadh an Coimisiún greasachtaí airgid chun na seirbhísí idir-réigiúnacha sin a fhorbairt i gcomhthéacs bheartas réigiúnach an Chomhphobail.


Forálacha an Chonartha agus Gnéithe Dlíthiúla

23. Eisiatar aeriompar ón gComhbheartas Iompair mar a leagtar síos i gConradh CEE é, ach forailtear in Airteagal 84.2 den Chonradh, a bhfuil an Rialachán á mholadh dá bhun, go bhféadfaidh an Chomhairle, “ag gníomhú di d’aontoil, a chinneadh cé acu is féidir, cá mhéad is féidir, agus conas is féidir, forálacha iomchuí a leagan síos do mhuiriompar agus d’aeriompar.” Deir Airteagal 15 den Rialachán beartaithe: “Ag féachaint don taithí atá faighte tig leis an gComhairle, amhail ón 1 Eanáir 1984, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, agus tar éis dul i gComhairle leis an bParlaimint, forálacha an Rialacháin seo a leasú.”. I gcomhréir le hAirteagal 148.2 den Chonradh, níor mhór 45 vóta ar a laghad i bhfábhar an leasaithe sin, as 63 vóta san iomlán, a mbeadh 3 vóta díobh ag Éirinn, le go nglacfaí é.


24. Measann an Coiste nach maith an rud é foráil a bheith sa Rialachán féin gur féidir an Rialachán a leasú le cinneadh ó thromlach cáilithe ag féachaint do théarmaí Airteagal 84.2 den Chonradh mar a luadh in alt 23 thuas. Is fíor sin go háirithe i gcás an réimse atá faoibhreithniú, ós rud é go léiríonn an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn acu “breis solúbthachta a thabhairt isteach i réimse teoranta d’fhonn taithí a fháil” [mír 7 den Mheabhrán Míniúcháin] agus chun scóip na n-aerlínte a leathnú i gcúrsaí áirithe i.e. nuabhearta, rochtain ar an margadh agus praghsanna [mír 35 (c) den Mheabhrán].


25. Foráiltear le hAirteagal 189 de Chonradh CEE go mbeidh “feidhm ghinearálta ag Rialachán” agus go mbeidh sé “ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.”. Foráiltear leis an Airteagal sin chomh maith go mbeidh Treoir “ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chun a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú.”. Má mheastar gur gá beart tionscnaimh ón gCoimisiún is dóigh leis an gComhchoiste go n-éireodh níos fearr le Treoir ná le Rialachán chun na torthaí is mian leis an gCoimisiún a fheiceáil a thabhairt i gcrích i réimse seirbhísí jompair idir-réigiúnacha go háirithe toisc go mbeadh níos mó solúbthachta agus cumhachta ag údaráis náisiúnta chun riachtanais réigiúnacha a chur i gcuntas.


Táillí

26. Mar a fheictear don Choimisiún is iad lucht gnó agus turasóirí is mó a bhainfidh úsáid as na seirbhísí idir-réigiúnacha beartaithe. Tugann sé le tuiscint go mbeifear in ann táillí níos ísle a ghnóthú mar gheall ar an gcoigilt fuinnimh de bharr (a) bealaí níos dírí, (b) níos mó úsáid a bheith á bhaint as aerárthaí turbathiomána agus (c) trácht atreoraithe ó bhóithre agus iarnróid. Tá Aer Lingus in amhras áfach i dtaobh an bonn atá le cuid de na nithe is tábhachtaí ar ghlac an Coimisiún leo, e.g. an cineál aerárthaigh a úsáidfear, éifeachtúlacht breosla. Tuigeann an Comhchoiste gurbh é tátal Tuarascáil Staidéir CESE* go bhfuil táillí réasúnacha á ngearradh ag na hAerlínte Eorpacha ar bhealaí Comhphobail.


27. Tá seans ann go gcuirfí cuid den solúbthacht a bhaineann leis an gcóras faoi láthair (e.g. agastad, liúntas “fadaithe” agus “míleáiste cor bealaigh” dá dtagraítear ag mír 18 thuas) i mbaol faoi théarmaí an Rialacháin. Mar shampla, foráiltear sa Rialachán [Airteagal 8 (d)] gur ar bhonn an bhealaigh a eitlítear, agus ar an mbonn sin amháin, a ghearrfar táillí agus go ngearrfar táille ar leith as an gceart chun agastad a dhéanamh ag pointe idirmheánach ar bith. I ndeireadh an lae áfach ní féidir leis an gComhchoiste cur síos iomlán a dhéanamh ar na táillí ionchasacha ná comparáid a dhéanamh idir iad sin agus na táillí atá anois ann, toisc nach bhfuil go leor sonraí cinntitheacha curtha ar fáil ag an gCoimisiún.


Barúlacha an Chomhchoiste

28. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil seans go bhfágfar an cúigiú saoirse ar lár ón togra sa deireadh. Más mar sin é, b’fhéidir, de bharr léirscaoileadh a bheith bunaithe ar thríú saoirse agus ar cheathrú saoirse agus orthu sin amháin, go dtabharfaí d’iompróirí coigríche cearta oibríochta isteach go hÉirinn agus amach aisti ar bhealaí a mbeadh Aer Lingus tar éis iad a fhorbairt, gan aon léirscaoileadh cúiteach ar eitiltí don Chuideachta, agus gan dóthain ráthaíochtaí a thabhairt di. Dá bhfágfaí an cúigiú saoirse ar lár ní bheadh glacadh leis an togra chor ar bith ó thaobh na hÉireann de agus mheasfadh an Coiste go mba chéim ar gcúl é. Is dóigh leis an gCoiste gurb amhlaidh gur chóir an chuid sin a bhaineann leis an gcúigiú saoirse a leathnú in ionad í a eisiamh.


29.Is mian leis an gComhchoiste tagairt do bharúil an Choimisiúin gur cheart don Chomhphobal cur chun birt céim ar chéim as a chéile agus fáiltíonn sé roimh an modh oibre sin. Tá sé tábhachtach nach ndéanfaí na tairbhí a bhaineann paisinéirí agus aerlínte as an gcóras atá ann faoi láthair a chur i mbaol agus nach nglacfaí aon bhearta den chineál atá beartaithe go dtí go ndéanfaí staidéar mion ar na héifeachtaí eacnamaíochta a bheadh leo san fhadtéarma. Dá réir sin b’fhearr leis dá mba mhó an iarracht a dhéanfadh an Comhphobal lena thabhairt ar údaráis náisiúnta deireadh a chur leis na bacainní agus na srianta atá sa chóras déthaobhach faoi láthair, in ionad rialú seirbhísí áirithe a aistriú ó na húdaráis náisiúnta go dtí an Coimisiún.


30. Ag féachaint do bhunchuspóir an Choimisiúin [mír 4 de Mheabhran Míniúcháin an Choimisiúin] “bealaí seachas na príomhbhealaí móra a údarú”, agus toisc gur chuir sé de cheangal air féin naisc idir-réigiúnacha a thabhairt isteach, bheadh an Comhchoiste i bhfábhar aerfoirt d’Earnáil 1 a eisiamh ar fad. Mar a fheictear don Choiste é, leanfadh an t-eisiamh sin go loighiciúil as cuspóir an Choimisiúin féin “cuid den aerthrácht a atreorú ó na príomhbhealaí móra go dtí bealaí idir-réigiúnacha díreacha, ní a laghdódh an plódú tráchta ag na haerfoirt agus ar na haerbhealaí is mó” [mír 35 (d) de Mheabhrán Míniúcháin an Choimisiúin].


31. Tuigtear don Chomhchoiste nach bhfuil fonn ach ar dhá cheann den 10 mBallstát, eadhon, ar an Ríocht Aontaithe agus, níos lú fós, ar an Ísiltír, togra an Choimisiúin a ghlacadh. Tuigeann sé chomh maith go bhféadfaí athruithe tábhachtacha a dhéanamh ar an Rialachán beartaithe sula nglacfaí é. Ní heol dó ag an bpointe seo cad iad na hathruithe sin ach tá súil aige go mbeidh deis eile aige iad a bhreithniú. Idir an dá linn tá súil ag an gComhchoiste go gcabhróidh a bharúlacha le caibidleoirí na hÉireann. Mar fhocal scoir is mian leis a dhearbhú go treán cé go gcuireann sé fáilte i gcoitinne roimh na hiarrachtaí chun deireadh a chur leis na bacainní náisiúnta atá i réimse an aeriompair idir-réigiúnaigh, go bhfuil imní air go bhféadfadh an togra na comhdheiseanna cothroma atá sainithe i mórán comhaontuithe déthaobhacha a chur as a riocht.


Buíochas

32. Is mian leis an gComhchoiste a chur in iúl go bhfuil sé faoi chomaoin ag Aer Lingus a chabhraigh go mór leis sa chaoi go raibh an Coiste in ann breithniú mion a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


13 Bealtaine, 1981.


* Doic. CESE Uimh. 15, Tuarascáil ar Aersheirbhís Idir-Eorpach, Páras, 1978.,


* Doiciméad CESE Uimh. 19, Tuarascáil ón Tasc-Bhuíon ar Aertháillí laistigh den Eoraip, Páras, 1980.