Committee Reports::Report No. 94 - Toy Safety::13 May, 1981::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin go ndéanfaí ar an Treoir ón gComhairle a bhaineann le comhfhogasú dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le dliteanas um tháirgí lochtacha [9427/79—COM(79) 415 críochnaitheach].


2. Rinne an sean-Chomhchoiste scrúdú ar an togra bunaidh [R 2237/76—COM(76) 372 críochnaitheach] sa Tríú Tuarascáil is Caoga uaidh (Prl. 6167) i mí Márta, 1977.


3. Mheas an sean-Chomhchoiste gurbh é bonn a bhí leis an Treoir bheartaithe an gá a bhí “le comhionannas a thabhairt ar fud an Chomhphobail ar na torthaí eacnamaíocha a leanann dliteanas.” Cheap an Coiste go raibh na torthaí sin ag brath ní amháin ar an bhforas dliteanais ach freisin ar na rialacha faoina ndéantar amach méid na ndamáistí. Ba dhóigh leis nach bhféadfaí cuspóir na Treorach a bhaint amach mura gcuirfí rialacha comhionanna inti i dtaobh tomhas na ndamáistí agus faillí rannpháirteach. Ina theannta sin, mheas sé go gcuirfí faoi mhíbhuntáiste na Ballstáit sin ina raibh dliteanas lochta agus dliteanas gan locht i bhfeidhm i dteannta a chéile.


4. Rinneadh na leasuithe atá i gceist anseo tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach a mbarúlacha a thabhairt.


5. Tá tuarascálacha ar an ábhar seo eisithe sa Ríocht Aontaithe le blianta beaga anuas ag an gCoimisiún Dlí, ag Coimisiún Dlí na hAlban agus ag an gCoimisiún Ríoga ar Dhliteanas Sibhialta agus ar Chúiteamh i nDíobháil Phearsanta. Tá Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa ann freisin ar Dhliteanas um Tháirgí i ndáil le díobháil phearsanta agus bás (“Coinbhinsiún Strasbourg”).


6. Rinne a Fho-Choiste ar Ionstraimí Reachtúla agus Cúrsaí Dlí, faoi cheannas an tSeanadóra Dáithí Ó Maoldhomhnaigh, scrúdú mion ar an togra leasaithe seo don Chomhchoiste. Phléigh an Fo-Choiste an t-ábhar seo le Cónaidhm na gComhlachas Trádála, Cónaidhm na dTionscal Ceimiceacha in Éirinn, Cónaidhm Thionscail na hÉireann, Comhlachas Árachais na hÉireann agus le hoifigeach ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Bhreithnigh sé freisin meamraim a fuair sé i scríbhinn ón Roinn agus ó na Comhlachtaí thuasluaite agus freisin ón gComhairle Náisiúnta Tomhaltóirí. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maoldhomhnaigh agus a Fho-Choiste as a gcuid oibre.


Ábhar an Togra

7. Is é cuspóir bunaidh na Treorach beartaithe prionsabal an dliteanais docht nó dliteanais gan locht i leith táirgí lochtacha a thabhairt isteach i ndlí baile na mBallstát uile. Faoi réir chosaintí áirithe, nár mhór dó a chruthú, bheadh táirgeoir earra faoi oibleagáid dliteanais i leith damáiste do dhaoine nó do mhaoin mar gheall ar locht san earra cibé acu a raibh nó nach raibh eolas aige faoin locht nó go bhféadfadh sé an t-eolas sin a bheith aige. Dá dtabharfaí isteach dliteanas gan locht ní rachadh sé sin chun dochair do na leigheasanna atá ann faoi láthair.


8. Is iad seo a leanas na hathruithe is mó atá á dtabhairt isteach leis an togra seo:—


(i)Saineofar faoin Treoir go gcumhdaíonn dliteanas earraí atá inchorpraithe i maoin dochorraithe. Ní leathnú é sin ar réim na Treorach ach iarracht chun a raon feidhme a shoiléiriú.


(ii)As seo amach ní chumhdóidh an Treoir buntáirgí talmhaíochta (agus iasc san áireamh) ná táirgí ceirde nó ealaíne más léir nach ar bhonn tionscail a tháirgtear na hearraí sin.


(iii)I gcás beirt nó níos mó a bheith faoi dhliteanas beidh siad fós faoi dhliteanas i gcomhphairt agus go leithleach ach leagtar amach go soiléir anois go mbeidh sé fós de cheart ag gach duine ar leith cúiteamh a fháil ó na daoine eile.


(iv)Measfar locht a bheith ar tháirge anois má tharlaíonn, agus an úsáid á baint as ar cosúil gur di a ceapadh é, nach dtugann sé do dhaoine ná do mhaoin an tsábháilteacht a bhfuil duine i dteideal bheith ag súil léi, ag féachaint do na himthosca go léir lena n-áirítear an chaoi a gcuirtear i láthair é agus an tráth ar cuireadh sa timpeall é.


(v)Beartaíonn an Coimisiún freastal do chásanna imeallacha a éiríonn i ndáil le húsáid gnó/úsáid phríobháideach trí fhoráil a dhéanamh nach mbainfidh an Treoir le táirgí ar d’aon toisc chun críocha trádála, gnó nó gairme a úsáidtear iad.


(vi)Ceadófar don táirgeoir faillí rannpháirteach a áiteamh mar chosaint más rud é nach raibh an úsáid á baint as an táirge áirithe ar cosúil gur di a ceapadh é.


(vii)Tá leathnú déanta ar an sainmhíniú a thugtar ar “damáiste” ionas go bhfolóidh sé go sainiúil an cion péine agus fulaingthe faona ndeachaigh an t-éilitheoir.


(viii)Tugann an Coimisiún suntas do na fíor-fhadhbanna a bhaineann le teorainn airgeadais a leagan síos i ndáil le dliteanas um dhíobhálacha pearsanta a éiríonn faoin Treoir agus molann sé go ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, scrúdú agus cinneadh ar an gceist sin. Beartaítear idir an dá linn an figiúr bunaidh 25m Aonad Cuntais Eorpach (tuairim £17m) a choinneáil i bhfeidhm. Gach trí bliana déanfar athbhreithniú ar an bhfigiúr atá leagtha síos agus ar na figiúirí i ndáil le damáiste do mhaoin, atá á gcoinneáil i bhfeidhm chomh maith.


(ix) Tá mionathrú déanta maidir leis an teorainn ama ar dhliteanas an táirgeora sa chaoi go mbeidh feidhm leis an tréimhse deich mbliain a moladh ar dtús ón dáta ar ar chuir an táirgeoir an t-earra lochtach sa timpeall.


9. Gné tábhachtach de thogra an Choimisiúin is ea an cinneadh fiontair fhorbhraíochta a choinneáil san áireamh agus gan ligean don táirgeoir “staid na healaíne” a úsáid mar chosaint. Mhol Parlaimint na hEorpa nár chóir go mbeadh an táirgeoir faoi dhliteanas dá dtabharfadh sé fianaise ar aird a chruthódh nach bhféadfaí a mheas go raibh an t-earra lochtach ag féachaint don dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta an tráth ar cuireadh an t-earra sa timpeall. Ní raibh an Coimisiún sásta glacadh leis an togra sin toisc gur dóigh leis gur shéanadh míchóir é ar fhreagrachtaí an táirgeora.


Bunús an Togra

10. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE. Deir an Coimisiún sa bhrollach don togra gurb iad na difríochtaí idir forálacha dlí náisiúnta is bun le saobhadh iomaíochta agus go gcuireann na difríochtaí sin isteach ar an saorghluaiseacht earraí laistigh den chómhargadh.


Ciallachais d’Éirinn

11. Maidir le hÉirinn, tá dliteanas i dtort i gcás locht ar earra, ar faillí is bun leis, a bheith ina chúis le damáiste a dhéanamh do dhuine nó dá mhaoin, agus tá téarmaí áirithe intuigthe as reachtanna lena n-áirítear ceann amháin a deir nach foláir d’earraí a cheannaítear a bheith go maith, feiliúnach agus oiriúnach chun na gcríocha dá gceannaítear iad agus go bhfuil ábhar caingne i leith damáiste ann má tharlaíonn damáiste nó caillteanas toisc earraí a bheith mí-oiriúnach.


12. Mar atá faoi láthair féadfaidh duine dar bhain díobháil mar gheall ar locht i dtáirge de dheasca fabht monaraíochta an monaróir a agairt i dtort ach le go n-éireodh leis ní foláir dó faillí a chruthú. Tá ceart caingne aige freisin in aghaidh an duine a dhíol na hearraí leis agus sa chás sin gheobhaidh sé de ghnáth tairbhe na dtéarmaí a chuirtear i dtuiscint leis an Sale of Goods Act, 1893. Neartaíodh an ceart caingne sin leis an Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 a tháining i ngníomh an 1 Eanáir 1981. Má éiríonn leis damáistí a ghnóthú ón soláthróir, beidh an soláthróir i dteideal slánú a fháil ón duine a sholáthraigh dósan agus mar sin de suas feadh an raoin soláthair. I gcás bháis mairfidh cúis chaingne chun tairbhe eastát an éagaigh de bhua Chuid II den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 agus faoi Chuid IV den Acht sin, féadfar caingean a thionscnamh thar ceann cleithiúnaithe áirithe a fhulaingeoidh díobháil nó dianstrus meabhrach mar gheall ar an mbás. I gcás na gcaingean sin beidh feidhm ag na rialacha a bhaineann le faillí rannpháirteach.


13. Níl sé ceaptha don Treoir bheartaithe sin ionad an dlí atá anois ann a ghlacadh ach is é atá ceaptha di cur leis an dlí sin. Ní miste a rá nach bhfágann tograí na Treorach dliteanas lochta ar lár. Bheadh sin i bhfeidhm fós chomh maith i dtír ar bith a mbeadh sé sa dlí toirt aici. Dá mba mhian le tomhaltóir a chaingean a bhunú ar dhliteanas lochta bheadh sé i dteideal sin a dhéanamh; sa chás sin ní bheadh feidhm ag téarmaí na Treorach ná ag an teorainn bheartaithe do dhamáistí.


14. Dá nglacfaí an Treoir bheartaithe níor mhór dliteanas docht ar bhonn gan locht a thabhairt isteach le reacht.


Barúlacha ó Chomhlachtaí Leasmhara

15. Measann Cónaidhm Thionscail na hÉireann gurb éard a tharlóidh má ghlactar an Treoir, in ionad cabhrú leis an gcomhchuibhiú, mar atá ceaptha di, go suaithfidh sí an iomaíocht sa Chomhphobal agus go gcuirfidh sí bac ar fhorbairt gheilleagair agus ar dhul chun cinn tionsclaíoch in Éirinn. Áitíonn an Chónaidhm nach bhfuil fianaise ar bith tugtha ar aird ag an gCoimisiún a léireodh go ndéanann na dlíthe atá i bhfeidhm anois sna Ballstáit saobhadh ar an iomaíocht ach díreach go ndearbhaíonn siad gur mar sin atá. Measann an Chónaidhm go bhfuil sé éagórach i bprionsabal agus díobhálach i ngníomh do leasanna tomhaltóirí agus táirgeoirí araon, agus do tháirgeoirí beaga go háirithe, go mbeadh táirgeoir faoi dhliteanas fiú más féidir leis a chruthú nach raibh an táirge lochtach ag féachaint don dul chun cinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht an tráth ar cuireadh sa timpeall é. Is dóigh léi freisin gur ábhar conspóide an-mhór é an t-údar atá ag an gCoimisiún le córas dliteanais docht a thabhairt isteach, eadhon, nach bhfuil cosaint i bhformhór cásanna ag an tomhaltóir i gcoinne damáiste a thig de dheasca táirgí lochtacha sna Ballstáit. Áitíonn sí nach cóir feidhm a bheith ag an gcóras dliteanais um tháirgí mar atá leagtha amach sa Treoir, maidir le damáiste do mhaoin. Deir sí má áirítear damáiste do mhaoin, pian agus fulaingt agus damáiste neamh-ábhartha eile, go n-ardaítear an costas orthu siúd nach bhfuil cosaint den sórt sin ag teastáil uathu nó a bhfuil socruithe de shórt eile acu. Tá an Chónaidhm á thathant go láidir go gcuirfí in aghaidh an togra ach go gcuirfí prionsabal chomhchuibhithe i bhfeidhm ina ionad i gcás dliteanas ar bhonn lochta. Mura n-éireodh leis sin, ba chóir seasamh láidir a dhéanamh i gcoinne fiontair “fhorbraíochta” a áireamh sa Treoir bheartaithe trí ghlacadh le “staid na healaíne” mar chosaint. Dá dtarlódh nach gcuirfí ceachtar de na hathruithe sin i bhfeidhm sa Treoir chríochnaitheach, agus go mba ghá iad a chur i bhfeidhm trí reachtaíocht náisiúnta a thabhairt isteach, molann an Chónaidhm go tréan go rachfaí i muinín an mhéid mór sonraí léiriúcháin a thug an Coimisiún ar aird le linn na díospóireachta fada ar fhorálacha na Treorach. Ar an dóigh sin laghdófaí a mhéid ab fhéidir léiriúcháin éagsúla a bheith á ndéanamh ag cúirteanna na hÉireann ar na forálacha fíor-dhoiléire atá sa Treoir. D’fhágfadh an modh oibre sin nach dtarlódh chomh minic sin ard-chostas gan ghá a thitim ar thionscail na hÉireann ná ardphraghsanna gan ghá ar thomhaltóirí na hÉireann.


16. Níl giacadh ag Cónaidhm na dTionscal Ceimiceacha in Éirinn leis an togra ó fhréamh. Is é an locht is mó a fhaigheann sí air ná go bhfuil diúltaithe ag an gCoimisiún a admháil go mbeadh sé réasúnach cosaint a thabhairt i gcoinne fiontar forbraíochta. Deir an Chónaidhm gur réimse fíor-thábhachtach é an réimse sin i gcás cúrsaí cógaisíochta agus ceimicí. Níl ach líon beag tionscal in Éirinn ag gabháil do bhuntaighde ach os a choinne sin baineann an tír an-tairbhe ar chostas réasúnach as an méid ollmhór airgid a chaitear i dtíortha eile ar bhuntaighde, go háirithe i ndáil le táirgí cógaisíochta. Measann sé, mura n-admhófar gur gá idirdhealú a dhéanamh idir lochtanna sa táirgeadh agus lochtanna sa dearadh agus má thugann na cuideachtaí sin a bhíonn ag gabháil do thaighde nuálach laghdú ar a gcuid taighde mar gheall ar na fiontair mhóra atá bainteach leis, nárbh é leas an Chomhphobail i gcoitinne é ó thaobh cúrsaí tionscail ná tomhaltais. Deir sí nach féidir a rá go ndéanfaí comhchuibhiú ar na rialacha a bhaineann le faillí rannpháirteach sna Ballstáit éagsúla de bharr glacadh leis an Treoir, eadhon, níl aon socrú, ó thaobh cosaint a n-éireodh léi i dtír amháin, á chinntiú go n-éireodh léi i dtír eile. Dá bhrí sin ní chuirfear deireadh leis an saobhadh iomaíochta ná leis na costais éagsúla a thiteann ar thionscail, toradh atá bunoscionn ar fad leis an aidhm atá luaite i ndáil leis an Treoir. Is dóigh léi go bhfuil dréachtú na Treorach éideimhin agus neamhchruinn. Tá imní ar an gCónaidhm go mbeadh costas cumhdaigh árachais ionann is do-íoctha agus go mbeadh an gné sin ina chuid shuntasach de na costais deiridh. Feictear di gur san Ard-Chúirt a thionscnófaí formhór na gcaingne faoi dhliteanas um tháirgí, rud a chuirfeadh a thuilleadh moille ar chaingne cúirte agus a fhágfadh go mbeadh foirne bainistíochta cuideachtaí ag caitheamh a gcuid ama ag láithriú i gcúirteanna. Ag féachaint do leibhéal na ndamáistí i gcaingne sibhialta in Éirinn molann sí go gcuirfí deireadh le giúiréithe sna caingne sin agus ina ionad sin gur bhreitheamh, le cabhair ó mheasúnóirí, a shocródh leibhéal na ndamáistí. De rogha air sin d’fhéadfaí Binse Achomhairc Damáistí a chur ar bun.


17. Deir Cónaidhm na gComhlachas Trádála, cé go mbaineann bunús na Treorach beartaithe le dliteanas monaróirí—agus sa mhéid sin go bhféadfadh sí faoiseamh a thabhairt do mhórdhíoltóirí agus do mhiondíoltóirí—go rachadh sé i gcion ar dháileoirí chomh maith sa mhéid go bhféadfaí, in imthosca áirithe, iad a thabhairt faoin sainmhiniú ar tháirgeoir, e.g. i gcás táirgí dá ndéantús féin agus earraí a onnmhairíodh ó thír éigin lasmuigh den Chomhphobal Eorpach. Ag trácht di ar Airteagal 6, deir an Chónaidhm go mbeadh sé tábhachtach do chomhaltaí i roinnt de na comhlachtaí atá comhlangailte léi go measfaí, i gcás feirmeoirí a cheannaíonn earraí lena n-úsáid ina ngnó feirmeoireachta, gur chun críocha trádála, gnó nó gairme amháin a fuair siad na hearraí sin. Is é a barúil go rachaidh an fhoráil faoi dhliteanas iomlán in Airteagal 7 dian ar tháirgeoirí beaga agus gur ar éigean a bheidh siad in ann cumhdach árachais leordhóthanach a fháil nó íoc as an gcéanna. Deir sí gur bliain amháin is cóir a bheith mar theorainn ama maidir le himeachtaí a thionscnamh chun damáistí a ghnóthú agus go bhfuil an tréimhse trí bliana atá á moladh ró-fhada ar fad ag féachaint don láimhdeachas gasta earraí agus dá mhinicí a athraítear modhanna táirgthe agus dáilte. Is dóigh léi freisin go mba chóir go rachadh dliteanas táirgeora in éag tar éis trí bliana ós rud é gur deacair tar éis tamaill locht bunúsach a aithint mar gheall ar an méid úsáide a bhíonn bainte as an táirge, mar gheall ar chaiteachas agus cuimilt agus deisithe a bheith déanta air go minic ag gnólachtaí agus cuideachtaí eile. De réir mar a deir an Chónaidhm is é an t-ábhar imní is mó i ndáil leis an togra ná an chosúlacht atá ann go dtiocfaidh méadú as cuimse ar dhlíthíocht agus ardú suntasach ar phréimheanna árachais, a dtitfidh iomlan an chostais i ndeireadh na dála ar an tomhaltóir. Ní deimhin léi go bhfuil cás sách láidir déanta ag an gCoimisiún chun reachtaíocht faoi dhliteanas um tháirgí a thabhairt isteach.


18. Deir an Chomhairle Náisiúnta Tomhaltóirí gur fonn leis an gComhairle a chinntiú gur ar tháirgeoirí go díreach a chuirfear an fhreagracht i leith caillteanais agus díobhálacha a tharlaíonn de dheasca táirgí lochtacha. Tá an Chomhairle ag súil go gcuirfidh na hathruithe a bheartaítear anois a dhéanamh i ndáil le dliteanas um tháirgí deireadh leis na constaicí dlí a d’fhág go raibh sé rí-dheacair ar dhaoine i gcásanna áirithe sásamh a fháil i leith díobhálacha nó caillteanas de dheasca táirgí lochtacha. Mar atá faoi láthair, cheal cruthú gur ar an monaróir a bhí an locht, níl ceart leighis ag éinne ach amháin ag duine a bhfuil conradh aige le soláthróir na n-earraí agus go hiondúil is in aghaidh an mhiondíoltóra a bhíonn an leigheas sin. Deir sí gur ar an monaróir nó ar an táirgeoir a bhíonn an locht go mion minic. Is dóigh léi go bhfuil sé d’acmhainn ag an táirgeoir thar dhuine ar bith eile dul faoi chostas an árachais agus go bhféadfadh sé an costas sin a chorprú i bpraghas an táirge chríochnaithe ach nár mhór a áirithiú gur léir go raibh caighdeán sábháilteachta níos airde á thabhairt de bharr an chostais bhreise.


19. Tá Comhlachas Árachais na hÉireann sásta go mbeidh margadh árachais na hÉireann in ann an cumhdach árachais is gá a chur ar fáil do tháirgeoirí Éireannacha chun freastal don nuachóras dliteanais breise atá beartaithe sa dréacht-Treoir. Is dóigh leis go bhfuil dliteanas docht againn iarbhír faoi láthair, fiú mura bhforáiltear dó sa dlí. Measann sé áfach gur chóir go mbeadh foráil in Airteagal 5 chun an táirgeoir a shaoradh ó dhliteanas ar bith i gcás inar tionóisc dhosheachanta (e.g. gníomh Dé) ba bhun leis an locht san earra. Fáiltíonn sé roimh na leasuithe beartaithe ach is dóigh leis go bhfuil téacs Airteagal 7 débhríoch ó thaobh an leibhéil airgid ar dhliteanas um dhíobhail phearsanta agus ó thaobh úsáid an fhocail “comhionann” chun feidhmiú na teorann ginearálta a chinneadh agus molann sé go ndéanfaí athdhréacht den mhír sin ionas nach mbeidh amhras ar bith faoin scéal. Maidir le costas árachais is é tuairim an Chomhlachais go gcuirfeadh sé mórán le costas an tomhaltóra. Mar a léiríonn siad, fiú dá méadófaí faoi dhó na préimheanna atá ann faoi láthair, ní dhéanfadh sin ach an difear is lú do na praghsanna do thomhaltóirí ar deireadh thiar.


Coinbhinsiún na hEorpa ar Dhliteanas um Tháirgí i ndáil le Díobháil Phearsanta agus Bás

20. Faoi Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa dar dáta 27 Eanáir 1977 forchuirtear dliteanas docht ar tháirgeoirí i leith báis agus díobhalácha pearsanta de dheasca táirgí lochtacha. Athríomh an-dlúth é an dréacht-Treoir den Choinbhinsiún go háirithe tar éis na n-athbhreithnithe atá tugtha isteach sa Treoir ach fós féin tá difríochtaí suntasacha eatarthu. Murab ionann agus an Coinbhinsiún eisiatar óna forálacha buntáirgí talmhaíochta agus forchuirtear dliteanas docht i leith damáiste do mhaoin phearsanta chomh maith le cúiteamh i mbás agus i ndíobhálacha pearsanta. Ina theannta sin tá sé le tuiscint ó Airteagal 10 den Choinbhinsiún (ina bhforáiltear nach nglacfaidh páirtithe conarthacha rialacha a thugann maolú ar an gCoinbhinsiún) gur beart absalóideach é ach ceist oscailte í go fóill an beart íosta nó beart absalóideach í an Treoir. As na 21 Ballstáit de Chomhairle na hEorpa, tá 4 Stát tar éis síniú lena n-áirítear trí Stát de chuid CEE—an Bheilg, an Fhrainc agus Lucsamburg. Níl an Coinbhinsiún daingnithe ag tír ar bith go fóill. Tuigtear don Chomhchoiste nach bhfuil sé cinnte go fóill an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh Éire an Coinbhinsiún a shíniú. Tá d’iallach ar Bhallstáit Treoracha CEE a chur i ngníomh. Dá mba rud é go raibh forálacha na Treorach, nuair a ghlacfaí é, ar neamhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, tuigtear don Chomhchoiste go mbeadh tosaíocht sa dlí ag an Treoir. Dá dtarlódh cás mar sin, tuigtear don Choiste gur cosúil nach ndéanfadh Éire daingniú ar an gCoinbhinsiún.


Barúlacha an Chomhchoiste

21. Níl an Comhchoiste sásta go bhfuil bonn cirt ann chun glacadh leis an togra mar atá sé dréachtaithe faoi láthair faoi Airteagal 100 agus is é a thuairim nach bhfuil fianaise tugtha ar aird ag an gCoimisiún á léiriú go bhfuil an iomaíocht á saobhadh nó, i gcás aon difríochtaí atá idir na dlíthe náisiúnta, go gcuireann siad isteach ar an saorghluaiseacht earraí. Ní fheictear dó ach oiread conas is féidir comhionannas a thabhairt ar fud an Chomhphobail ar na torthaí geilleagair a leanann dliteanas murab ionann na rialacha éagsúla sna Ballstáit a rialaíonn measúnú damáistí.


22. Tuigtear don Chomhchoiste gurb amhlaidh, ag féachaint dá héiginnte atá sé cén cruth a bheidh ar an Treoir i ndeireadh na dála, agus cheal meastacháin lena bhféadfaí comparáid a dhéanamh, nach féidir fós a rá cén costas a thitfidh de bharr an togra ar mhonaróirí, tomhaltóirí etc. agus gurb é an t-aon sraith figiúirí atá ar fáil sa réimse sin na figiúirí atá tugtha ag Coiste Árachais na hEorpa, ar figiúirí iad a thaispeánann, maidir leis na hearnálacha éagsúla tionscail, na costais árachais mheasta faoi threoir láimhdeachais.


23. Tá barúlacha contrártha le fáil sna haithisc a rinneadh chuig an gComhchoiste maidir leis an gcosúlacht go mbeidh cumhdach árachais ar fáil ar chostas réasúnach. Tá cion níos airde de chuideachtaí monarúchain beaga againn in Éirinn ná mar atá i dtíortha eile CEE agus tá imní ar an gComhchoiste go mbeidh an costas breise i leith árachais níos déine ar mhonaróirí na hÉireann ná ar chuid dá n-iomaitheoirí ar an gcoigríoch agus da bhrí sin go ndéanfar díobháil dar gcumas iomaíochta. D’fhéadfadh sin titim amach go mór mhór i gcás tionscail áirithe fearacht na dtionscal cógaisíochta agus tionscail nuálacha eile a mbeidh sé deacair orthu árachas a fháil ar chostas réasúnach. Má ghlactar an Treoir, is dócha nach mór costas iomlán an árachais a roinnt ar na táirgí go léir, ní a dhéanfadh difear níos mó do chostas aonaid i gcás cuideachtaí monarúcháin beaga in Éirinn ná i gcás cuideachtaí móra dá samhail san Eoraip.


24. Toisc gur tír fhorásach sinn, ní mór dúinn, má tá ár ngeilleagar le teacht slán, teicneolaíochtaí nua a thabhairt isteach agus a fhorbairt agus tá sé ráite nach mbeidh roinnt monaróirí sásta amach anseo dul sa bhfiontar le táirgí nua a fhorbairt agus go n-éireoidh siad as an monarúchán.


25. Mar mhalairt ar na barúlacha a tugadh i míreanna 22-24 roimhe seo, ní miste a rá go ndearbhaíonn Comhlachas Árachais na hÉireann go bhfuil ar a chumas an t-árachas is gá a chur ar fáil ar chostas réasúnach (féach mír 19 thuas).


26. Foráiltear in Airteagal 1(2) go mbeidh an táirgeoir faoi dhliteanas fiú mura bhféadfaí a mheas go raibh an táirge lochtach ag féachaint don dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta an tráth ar chuir sé an t-earra sa timpeall. Mhol Parlaimint na hEorpa go mba chóir leasú a dhéanamh ansin d’fhonn “fiontair fhorbraíochta” a eisiamh. Níor ghlac an Coimisiún leis an leasú, á rá, inter alia, gurb í an éifeacht a bheadh leis ná go mbeadh ar an tomhaltóir glacadh le muc i mála. Mar a dúradh cheana i míreanna 23 agus 24 thuas is dóigh leis an gComhchoiste go rachaidh na costais árachais de dheasca fiontair fhorbraíochta a ghlacadh chun dochair do thionscail na hÉireann.


27. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an fhoráil leasaithe in Airteagal 1 faoina ndéantar buntáirgí talmhaíochta agus táirgí ceardaíochta nó ealaíne a eisiamh ó dhliteanas nuair is léir nach ar bhonn tionscail a tháirgtear iad. Sa mheabhrán míniúcháin (leathanach 2) cosnaíonn an Coimisiún an leasú sin, a mhol Parlaimint na hEorpa, ar an bhforas go mbeadh sé ró-dhochraideach dliteanas docht a fheidhmiú i leith buntáirgí talmhaíochta ar dálaí seachas gníomhaíochtaí na dtairgeoirí ba chúis le hiad a bheith lochtach: is mar an gcéanna do tháirgí ceardaíochta agus ealaíne, agus sa chás sin freisin is i míreanna aonair agus ní mar shraith a tháirgtear iad, rud a léiríonn gur cheart leanúint leis an dliteanas lochta traidisiúnta. Is dóigh leis an gCoiste go mbeidh sé deacair sainmhíniú praiticiúil a thabhairt ar céard is brí le “táirgthe ar bhonn tionscail.”


28. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh Airteagal 5, arna leasú, lena bhforáiltear anois gur féidir faillí rannpháirteach a úsáid mar chosaint thar ceann an ghearánaí agus iad siúd a bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith—prionsabal atá corpraithe cheana féin i ndlí na mBallstát.


29. Tá áthas ar an gComhchoiste go bhfuil leathnú déanta ar an sainmhiniú ar “damáiste” chun go bhfolóidh sé damáistí i leith péine agus fulaingte agus damáiste neamhábhartha eile [Airteagal 6(3)] toisc go bhfuil ceannteideal damáiste a fhreagraíonn dó sin sa tort faillí in Éirinn faoi láthair. Áiríodh na cinnteidil damáiste neamhairgid sin d’aonturas ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa.


30. Maidir le hAirteagal 7, a bhaineann leis an teorainn ar dhliteanas, is dóigh leis an gComhchoiste nach léir cad tá i gceist leis agus gur chóir soiléiriú a dhéanamh air. Má ghlactar sa chruth ina bhfuil sé é measann an Comhchoiste go mbeidh sé an-deacair é a fheidhmiú. Is cóir na fadhbanna seo a leanas a réiteach mar go bhféadfadh siad, inter alia, bheith ina bhonn deacrachta:—


(i)Foráiltear go bhféadfar an dliteanas iomlán i leith díobhálacha pearsanta a chinneadh … agus mar sin de. Ní leir ón méid sin cibé acu teorainn roghnach nó sainordaithe í an teorainn iomlán. Dealraíonn sé go raibh sé i gceist ag an gCoimisiún go ndéanfaí teorainn sainordaithe de, agus más mar sin atá ba chóir a chiall a chur i bhfios níos soiléire.


(ii)Glactar leis go mbainfeadh iomlán an dliteanais leis an gComhphobal ar fad, ar a shon arís nach bhfuil sé sin glan soiléir sa Treoir. Más mar sin atá, conas a d’fhéadfaí i ngníomh an t-iomlán a roinnt idir na tíortha éagsúla i gcás earraí lochtacha comhionanna a bheadh ar díol ar bhonn Comhphobail nó idir dhaoine aonair éagsúla?


(iii)Conas a gheofaí amach an rabhthas tar éis dul thar na teorainneacha go dtí go mbeadh na héilimh go léir faighte agus cinnte? Idir an dá linn an bhféadfaí freastal d’éilimh le híocaíochtaí eatramhacha sna dálaí sin? Nó an gcaithfeadh an tomhaltóir fanacht fad aimsire as cuimse (e.g. an uasteorainn 10 mbliain dá bhforáiltear faoin Treoir)? Cuirtear tuilleadh leis na deacrachtaí sin i gcás gan teorainn ar bith a bheith socraithe d’éileamh duine aonair, mar atá sa togra.


(iv)Dearbhaítear maidir leis an teorainn a chuirtear le dliteanas an táirgeora go mbaineann sé le gach díobháil phearsanta a tharlaíonn de dheasca earraí comhionanna a bhfuil an locht céanna orthu. Cad is brí le “earraí comhionanna”?


Deir an Coimisiún ina mheabhrán míniúcháin (leathanach 6) go dtugann an leasú solúbthacht maidir leis an bhfadhb chasta ar chóir uasteorainn a bheith le dliteanas docht nó gan a bheith agus go bhfuil an leagan amach nua níos gaire do chomhréiteach a shásóidh na daoine sin atá i bhfabhar dliteanais theoranta agus iad siúd atá ina choinne. Deir an Comhchoiste arís gur cheart leagan soiléir a chur ar Airteagal 7 mar thairis sin d’fhéadfadh deacrachtaí móra teacht as nach bhféadfaí a réiteach ach trí dhlíthíocht a chuirfeadh an domhan ceataí ar thomhaltóirí.


An dul ar aghaidh atá déanta ag Togra an Choimisiúin

31. Tá an Gasra um Cheisteanna Eacnamaíochta den Chomhairle, atá ag déanamh scrúdú ar an togra, tar éis an dara léamh a chríochnú agus tá sé tar éis tosú ar an tríú léamh. Tugtar le fios don Chomhchoiste nár pléadh mórán eile go dtí seo ach ceisteanna ginearálta a bhaineann leis an togra. Ceaptar go ndéanfar scrúdú i bhfad níos mine air le linn an tríú léamh, a bhfuil tús curtha leis cheana féin. Tugadh le tuiscint don Chomhchoiste gur go mall a rachfaí ar aghaidh san am le teacht agus go bhféadfaí fiú roinnt blianta a chaitheamh sa chaibidlíocht. Ceanglaítear ar Bhallstáit na forálacha is gá chun an Treoir a chomhlíonadh a thabhairt i ngníomh laistigh de 18 mí [Airteagal 13] agus tá sé curtha i láthair gur chóir an tréimhse sin a fhadú.


32. Tá na Ballstáit go léir, cé is moite d’Éirinn, tar éis aontú le prionsabal an dliteanais docht i ndáil le táirgí lochtacha cé go bhfuil sé tugtha le fios ag roinnt Ballstát, agus an Ríocht Aontaithe go háirithe, nach bhfuil glacadh acu leis an gcuid is mó den téacs láithreach mar atá molta ag an gCoimisiún agus nach foláir leasuithe móra a dhéanamh air sular féidir bheith ag súil le dul chun cinn fiúntach.


Tátail an Chomhchoiste

33. Tá sé curtha i bhfios ag an gComhchoiste go bhfuil amhras áirithe air maidir le feidhmiú an togra in Éirinn agus i leith earnálacha áirithe de na tionscail Éireannacha. Tharraing an Coiste aird ar fhorálacha áirithe ar gá soiléiriú agus athdhréachtú a dhéanamh orthu. Fanfaidh forálacha náisiúnta i bhfeidhm taobh leis an gcóras Comhphobail beartaithe faoi dhliteanas um tháirgí. Dá thoradh sin, agus mar gheall ar na córais náisiúnta dlí agus riaracháin éagsúla, ní hionann ó Bhallstat go Ballstát na costais a éireoidh i ndáil le dliteanas um tháirgí lochtacha. Is ar éigean a chabhróidh sé sin le cuspóir an Choimisiúin comhdheiseanna iomaíochta a chruthú sa Chomhphobal. Faoi dheireadh, is dóigh leis an gCoiste, d’ainneoin an staid a léiríodh i mír 32, go mbeadh sé rí-dheacair don Choiste breith bhunúsach a thabhairt i ndáil le prionsabal an dliteanais docht mar a fheidhmeofaí é i réimse an toirt in Éirinn i gcoitinne agus measann sé gur chóir do chomhlacht éigin anseo, go háirithe an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, dul i mbun scrúdú den chineál sin, i gcomhthéacs na Treorach, sula dtabharfaí athrú chomh mór sin isteach i gcóras dlí na hÉireann.


Díospóireacht i Seanad Éireann

34. Mar gheall ar na ciallachais throma a bheadh i gceist don tír seo dá nglacfaí an Treoir bheartaithe, tá an Comhchoiste á iarraidh go ndéanfaí díospóireacht ar an ábhar i Seanad Éireann. I ndáil leis sin tagraíonn an Comhchoiste d’Ordú an 18 Feabhra 1981 ó Sheanad Éireann.


Buíochas

35. Is main leis an gComhchoiste a chur in iúl go bhfuil sé faoi chomaoin ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann, Comhlachas Árachais na hÉireann, Cónaidhm na gComhlachas Trádála, Cónaidhm na dTionscail Ceimiceacha in Éirinn agus an Chomhairle Náisiúnta Tomhaltóirí; is mór an chabhair a fuair sé ó gach ceann acu agus is mian leis fíorbhuíochas a ghabháil leo.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


13 Bealtaine, 1981.