|
TUARASCÁILRéamhrá1. Ó foilsíodh an Seasca Séú Tuarascáil uaidh (Prl. 8620) mí Nollag 1979 rinne an Comhchoiste scrúdú arís ar cheist na dTreoracha ón gComhairle a chur i ngníomh in Éirinn. Rinne a Fho-Choiste ar Ionstraimí Reachtúla agus Cúrsaí Dlí faoi Cheannas an tSeanadóra Dáithí ó Maoldhomhnaigh mionscrúdú ar an ábhar sin don Choiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an bhFo-Choiste as ucht a chuid oibre. Treoracha ón gComhairle a Chur inGníomh2. Déantar Treoracha áirithe CEE, mar shampla, 72/159/CEE, arna leasú (Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha) agus 75/286/CEE, arna leasú (Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste) a chur i ngníomh sa tír seo trí bhíthin bearta ar a dtugann an Roinn Talmhaíochta bearta neamhreachtúla nó riaracháin. Faightear airgead do na scéimeanna sin go páirteach ón gComhphobal agus go páirteach ó chistí náisiúnta. Is é an Dáil a vótálann an ranníoc náisiúnta in aghaidh na bliana agus déantar an tsuim a vótáiltear a leithreasú dhon tseirbhís lena mbaineann tríd an Acht Leithreasa bliantúil. Is é an tAcht sin an t-aon bhonn reachtaíochta amháin do na scéimeanna sa Stát. 3. Chuir an Comhchoiste roimhe seo (An tAonú Tuarascáil Déag—Prl. 4669; agus an Tríochadú Tuarascáil—Prl. 5419—mír 2) in aghaidh an chleachtais sin ar an mbonn gur sháraigh sé an t-urlámhas a cheaptar do na Tithe a fheidhmiú ar reachtaíocht tánaisteach an Chomhphobail a chur i ngníomh. De réir mar a chonacthas don Choiste sin ba cheart forálacha sonraitheacha na scéimeanna sin a chur isteach in ionstraimí reachtúla faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 agus iad a thabhairt faoi urlámhas parlaiminte sa tslí sin tríd an gCoiste. Níor ghlac an Roinn le barúil an Choiste. 4. D’ardaigh an Comhchoiste seo an cheist sin arís i mí na Nollag 1979 (An Séú Tuarascáil is Seasca—Míreanna 3-6). Chuir sé i bhfáir go ndearnadh Treoir 72/160/CEE a chur i ngníomh trí ionstraim reachtúil agus d’iarr sé ar an Roinn an cheist a athbhreithniú i ndáil leis na Treoracha eile. Tá an comhfhreagras leis an Roinn san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. 5. Sa mheamram uaithi faoi dháta 6 Deireadh Fómhair 1980 dealraíonn sé go dtugann an Roinn aitheantas di féin mar an t-údarás náisiúnta faoina bhfágann an Conradh an fhoirm agus na modhanna a roghnú chun na Treoracha sin a chur i ngníomh. Má bhíonn reachtaíocht ag teastáil chun Treoir a chur i ngníomh is é an tOireachtas amháin a fhéadann é sin a dhéanamh de bhua Airteagal 15.2.1° den Bhunreacht cé go bhféadann sé an chumhacht sin a tharmligean chun an údaráis feidhmiúcháin. An bhfuil sé sin déanta aici tríd an t-airgead is gá a leithreasú san Acht Leithreasa bliantúil? Is dóigh go bhféadfaí an cás Latchford and Sons Ltd. v. an tAire Tionscail agus Tráchtála [1950] IR 33 a lua ar thaobh na Roinne mar údarás lena rá go bhfuil. Mheas an Coiste roimhe sin, cé nár léir dó ar fad go raibh an cinneadh sin infheidhmithe maidir le scéimeanna a mhaoinítear go páirteach ó acmhainní an Chomhphobail agus go páirteach ó acmhainní náisiúnta, mheas sé go bhféadfadh tuairim dá mhalairt a bheith i roinnt Ranna Rialtais (An Tríochadú Tuarascáil, Prl. 5419, mír 2). Ní athródh an Comhchoiste a bharúil áfach, de dhroim na dtuairimí atá curtha in iúl ag an Roinn Talmhaíochta sa mheamram uaithi (atá san Fhoscríbhinn a ghabhann leis seo). Tá an Comhchoiste ar an mbarúil i gcónaí gur cheart Treoracha ar nós an dá cheann atá i gceist a chur i ngníomh le reacht nó le hionstraim reachtúil. Bárúlacha an Choiste um Chuntais Phoiblí ar an Acht Leithreasa6. Sa tuarascáil uaidh faoi dháta 21 Aibreán 1977 ar na Cuntais Leithreasa, 1974 (mír 12) scrúdaigh an Coiste um Chuntais Phoiblí an cheist i dtaobh íocaíochtaí ón Státchiste a bhí os cionn na dteorainneacha a leagadh síos i reachtaíocht agus ar measadh gur cuireadh an bhailíocht reachtúil ina leith ar fáil san Acht Leithreasa. Ba é barúil an Choiste sin go mba léir dó “gur mar gheall ar na hiarrachtaí a rinneadh san am atá caite é a chur in iúl, trí bhrath ar an Acht Leithreasa, go raibh an rud ceart á dhéanamh nuair a rinneadh íocaíochtaí de bhreis ar shuimeanna a ndearnadh soláthar sonrach ina leith i reachtaíocht áirithe, gur mar gheall orthu sin atá sé tagtha chun críche, mar atá tar éis tarlú sna deontais athfhoirgníochta tithe, go bhfuil neamhshuim á déanamh de theorainneacha reachtúla agus nach léir a thuilleadh gurb í an pharlaimint atá i gceannas ar an scéal”. 7. Ar an bprionsabal ginearálta a bhaineann leis an gceist, chuir an Coiste na tuairimí seo a leanas i láthair, inter alia,— “(a)Déanann an tAcht Leithreasa airgead a vótáil Dáil Éireann a leithreasú le haghaidh seirbhísí a thuairiscítear i gCuid I, is é sin réim, gach meastacháin. Ní dhéanann sé aon tagairt do na fo-mhírchinn agus dá bhrí sin ní thugann sé seasamh dlíthiúil ar bith do na fo-mhírchinn. Má dhéanann fomhírcheann soláthar i leith íocaíocht le CIE ní fhéadfaí a rá go dtugann sé, dá bhrí sin, de bhun an Acht Leithreasa, bailíocht reachtúil do íocaíochtaí de bhreis ar na teorainneacha atá leagtha síos leis na hAchtanna Iompair. ..................................................... ..................................................... (d)Arís agus arís bhí Coistí um Chuntais Phoiblí lándaingean de nach dtugann an tAcht Leithreasa aon chumhdach reachtúil i gcás íocaíochtaí a théann thar na teorainneacha atá leagtha síos ag reachtanna áirithe a bhaineann, cuir i gcás, le hiompar, tithíocht agus pinsin. Tá an tuairim chéanna ag an gCoiste seo.” Moladh8. Tá na barúlacha sin ón gCoiste um Chuntais Phoiblí ag tacú le barúlacha an Chomhchoiste i.e. nach bhféadfadh an tAcht Leithreasa ann féin bailíocht reachtúil a chur ar fáil le haghaid íocaíochtaí. Sna dálaí sin agus á chur san áireamh gurb é an tAcht Leithreasa an t-aon bhonn reachtúil don Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha agus do Scéim na Limistéar Faoi Mhíbhuntáiste sa Stát, molann an Comhchoiste éirí as an gcleachtas atá ann faoi láthair chun na scéimeanna sin a chur i ngníomh agus reachtaíocht reachtúil iomchuí a chur ina ionad. 9. Ag féachaint do thábhacht an ábhair sin tá an Comhchoiste á iarraidh go gcuirfí díospóireacht ar bun i Seanad Éireann. I ndáil leis sin ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt don ordú ó Sheanad Éireann faoi dháta 18 Feabhra 1981. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 11 Márta, 1981. |
||||||||||||