Committee Reports::Report No. 85 - Marketing of Fishery Products::11 March, 1981::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Bhreithnigh an Comhchoiste togra an Choimisiúin do Rialachán Comhairle ar chomheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh [Doiciméad 11392/80 an 19 Samhain 1980—COM(80) 724 críochnaitheach]. Rinne an Fo-Choiste ar Ábhair Thalmhaíochta agus Iascaigh, faoi Cheannas an Teachta Seosamh Breathnach, mionscrúdú ar an togra don Chomhchoiste. Bhreithnigh an Fo-Choiste meamram a d’ullmhaigh an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta agus fuarthas meamraim freisin ó Eagras Iascairí na hÉireann Teo agus ó Chomhlachas Lucht Próiseála agus Easpórtála Éisc na hÉireann. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Breathnach agus a FhoChoiste i dtaobh a gcuid oibre.


2. Sa Seachtú Tuarascáil Seachtód (Prl. 9313) uaidh a glacadh i Meitheamh 1980 phléigh an Comhchoiste roinnt gnéithe den chomhbheartas iascaireachta e.g. na gabhálacha iomlána is cead, cion Ballstáit den ghabháil sin, rochtain ar uiscí cladaigh, bearta struchtúrtha agus caomhnúcháin agus taighde eolaíochta. Tá caibidlíocht ar siúl le fada ar leibhéal Comhairle faoi na bearta sin. Chuir an Coiste a bharúil in iúl sa Tuarascáil sin freisin go raibh sé de dhualgas ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta aird a thabhairt láithreach ar cheist an bheartais mhargaithe iascaigh.


3. I Méan Fómhair 1980 chuir an Coimisiún cumarsáid chun na Comhairle maidir le treoirlínte (9917/80) i dtaobh comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh a athbhreithniú. Sonraíodh sa Chumarsáid na príomhnithe ba bhun le fadhbanna margaíochta faoi láthair agus thairg sé treoirlínte maidir le (a) feidhm na n-eagraíochtaí iascairí a neartú agus cúnamh airgid breise a thabhairt dóibh (b) breis solúbthachta sna rialacha a bhaineann le praghsanna agus leis an gcóras idirghabhála agus (c) réimeas allmhairithe a thabharfadh breis cosanta agus forasú níos déine ar phraghsanna tagartha agus loghaíochtaí taraife maidir le trádáil le tíortha nach Ballstáit. Thug an Chomhairle togra do Rialachán Comhairle (11392/80) a bhí bunaithe ar na treoirlínte sin ar aghaidh ag an gcruinniú den Chomhairle Iascaigh a bhí ar siúl an 15/16 Nollaig 1980.


4. Bunaíodh comheagraíocht na margaí i dtáirgí iascaigh an 1 Eanáir 1971 ar fhoras Rialachán 2142/70. I 1976 comhdhlúthaíodh an Rialachán sin le Rialachán 100/76. Chuirfí an togra láithreach seo in ionad an Rialacháin sin agus cuireann an togra láithreach san áireamh forbairtí margaidh agus na hathruithe atá tagtha ar iascach le blianta beaga anuas tar éis na gcriosanna iascaireachta 200 míle a thabhairt isteach go ginearálta.


Cúlra agus Réim an Togra

5. Is íad seo a leanas an trí phríomh-ghné den togra:—


(i) Eagraíochtaí táirgeoirí

Tá socrú ann le haghaidh breis cabhrach a thabhairt chun eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú laistigh de chúig bliana ó dháta an Rialacháin a theacht i bhfeidhm agus chun na rialacha táirgeachta agus margaíochta a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar iascairí a neartú, ar iascairí iad nach baill ach a mbeadh cosaintí áirithe acu faoin togra seo, d’fhonn is nach bhféadfaidh siad aon bhac a chur le hiarrachtaí na n-eagraíochtaí chun na margaí a thabhairt chun rialachais. Tá cúram ardthábhachta ceaptha do na heagraíochtaí sin (gníomhaireachtaí idirghabhála in earnáil an éisc is ea iad agus is iad na hiascairí a d’eagraigh iad ar bhonn saorálach) ag seoladh na margaí ó lá go lá ach san am atá caite ní raibh ar a gcumas i gcónaí an cúram sin a fheidhmiú i gceart, toisc a laghad ball a bí acu, nó toisc go raibh na forálacha a bhain lena n-idirghabháil sa mhargadh ró-dhocht. Níl sé i gceist go gcaithfidh baill dul isteach go héigeantach ach tá spreagadh breise airgid á thabhairt le go mbeadh siad níos fonnmhaire gabháil leis. Arís, tá socrú ann go gceadófaí d’eagraíocht táirgeoirí, a mheastar a bheith ag ionadú do limistéar nó port áirithe, a rialacha praghais agus táirgeachta a chur i mbaint le hiascairí eile a thugann iasc i dtír sa limistéar nó sa phort céanna. Mar phointe scoir, tá cead ag na heagraíochtaí táirgeoirí a n-idirghabháil sa mhargadh a mhodhnú ag féachaint don chor ina mbeidh an margadh aon tráth áirithe. Cuirfidh sé sin ar a gcumas beart ar mhaithe lena gcuid ball a dhéanamh níos fearr ná cheana agus tuilleadh táirgeoirí a tharraingt chucu féin.


(ii) Praghsanna agus Idirghabháil

Faoi na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair socraítear treoir-phraghsanna ar bhonn matamaitice e.g. ar na meánphraghsanna margaidh a taifeadadh i rith na dtrí mblian roimhe sin. Tá sé á mholadh [Airteagal 10] go gcuirfear san áireamh feasta ní hamháin an miosúr matamaitice ar baineadh feidhm as san am atá caite ach miosúir eile freisin ar nós ionchais táirgeachta agus éilimh, agus an gá atá le tacú le hioncaim táirgeoirí agus san am céanna leas tomhaltóirí a chur sa chuntas. Tá coigeartuithe á ndéanamh ar liosta na speiceas a bhfuil treoirphraghsanna ceaptha dóibh, agus fós ar liosta na speiceas a bhféadfar préimh stórais phríobháidigh a thabhairt ina leith, nach mbeadh ar fáil ach amháin tráthanna a bheadh an margadh mós lag. Is í an Chomhairle a shocraíonn treoirphraghsanna don Chomhphobal go léir agus is iad sin an foras ar a ríomhtar (a) na praghsanna aistarraingte Comhphobail a bhféadfar, má théann praghas éisc faoina mbun, an t-iasc a tharraingt siar ón margadh ar a ndíoltar é mar bhia do dhaoine, agus cúiteamh airgid a fháil ann, agus (b) praghsanna tagartha a ndéantar faireachas ar phraghsanna allmhairithe ina leith. Déanann an togra an praghas aistarraingte Comhphobail a shocrú idir 70 faoin gcéad agus 90 faoin gcéad den treoirphraghas [Airteagal 12]. Údaraítear do na heagraíochtaí táirgeachta praghas aistarraingte a chur i bhfeidhm atá laistigh de bhraicéad 10 faoin gcéad den phraghas aistarraingte Comhphobail [Airteagal 13(1)]. Tugtar spreagadh do tháirgeoirí freisin chun soláthar a chur ag freagairt d’éileamh trí chóras laghdaitheach cúitimh airgid a bheadh i gcoibhneas leis na cainníochtaí a aistarraingíodh ón margadh agus gan aon chúiteamh a bheith le fáil i gcásanna ina mbeadh aistarraingt míchuíosach ard i.e. nuair a bheadh na cainníochtaí a tarraingíodh siar ag dul thar 20 faoin gcéad de na cainníochtaí bliantúla a díoladh [Airteagal 13(3)]. Tá socrú ann freisin go dtabharfar préimh i leith cainníochtaí éisc aistarraingthe a phróiseáltar ach gan é a dhul thar 15 faoin gcéad de chainníocht bhliantúil an táirge a díoladh [Airteagal 14]. Tá an socrú sin á dhéanamh chun nach ndéanfaí iasc a aistarraingíodh ón margadh a mhilleadh go míthairbheach.


(iii) Trádáil le Tíortha nach Baill agus Socruithe Allmhairithe

Is iad aidhmeanna na dtograí sa limistéar seo soláthairtí margaidh rialta a chinntiú agus leor-chosaint a ráthú i gcoinne allmhairí a mbeadh a bpraghas íseal thar gnáth agus ar dhóigh dóibh cur as do na margaí Comhphobail. Glacann an Coimisiún leis nach bhfuil na socruithe allmhairithe atá ann faoi láthair sásúil a thuilleadh. Socraíonn Rialachán 100/76 praghsanna tagartha d’allmhairí agus má théitear faoina mbun sin féadfar allmhairí a fhionraí d’fhonn is nach gcuirfí as don mhargadh. Deir an Coimisiún go mbíonn an fhionraí sin ró-ghrod agus nach dtugann siad aird go leor ar an ngá a bhíonn le soláthairtí rialta le haghaidh an mhargaidh, go háirithe earraí don tionscal próiseála. San am céanna tá na coinníollacha le haghaidh fionraí sa riocht nach féidir an fhionraí a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh curtha as cheana féin don mhargadh. Fairis sin, nuair nach gcuirtear an fhionraí allmhairí i bhfeidhm nó nuair a chuirtear i bhfeidhm go déanach é, bíonn tosaíocht á thabhairt d’allmhairí ó thíortha nach baill maidir le díol ar mhargaí an Chomhphobail, agus is míbhuntáiste é sin do tháirgeoirí Comhphobail toisc nach féidir leosan a gcuid táirgí a dhíol ar phraghas is ísle ná an praghas aistarraingte. Ba chóir gur mar a chéile an praghas tagartha agus praghas aistarraingte an Chomhphobail ach tá bearna ag teacht eatarthu sin le blianta beaga anuas agus ba chúis deacrachtaí é sin. Tá réiteach á dhéanamh, dá bhrí sin, le haghaidh socruithe allmhairithe níos solúbtha a mbeadh roinnt céimeanna sa chosaint ina leith, céimeanna a chuirfear i ngníomh de réir phrionsabail a bheidh bunaithe roimh ré agus sula dtarlóidh suathadh ar an margadh. Déanann an Rialachán beartaithe leasú ar an modh ina leagfar amach praghsanna tagartha d’allmhairí ionas gur féidir bearta cosanta a chur i bhfeidhm ceann ar cheann de réir mar a bheidh baol a shuaite ag bagairt ar an margadh Comhphobail. Tá an réim táirgí lena mbaineann praghsanna tagartha leathnaithe agus féadfar praghas tagartha ar leithligh a shonrú do gach am a thairgfear chun a dhíola speiceas a chuirtear ar an margadh go hiomadúil ionas go bhféadfar bearta cosanta a chur i bhfeidhm nach mbainfeadh ach leis an sórt áirithe. Tá socrú ann le go gcuirfear i bhfeidhm bearta cosanta ceann ar cheann, mar shampla, [Airteagal 20(4)]


(a)éadfar fionraí an Chomhtharaif Chustam uathoibreach a chealú go hiomlán nó go páirteach, go sealadach, don táirge lena mbaineann,


(b)i gcás táirgí sonraithe ní dhéanfar difear d’allmhairí ach amháin i gcás praghais is mar a chéile ar a laghad agus an praghas tagartha, agus


(c)i gcás táirgí sonraithe féadfar muirear frithchúitimh a chur i bhfeidhm d’fhonn an praghas allmhairithe a thabhairt suas go dtí leibhéal an phraghais tagartha.


Ciallachais Airgendais

6. Déanfar caoga faoin gcéad de na cúnaimh ó Bhallstáit d’eagraíochtaí táirgeoirí a aisíoc as Rannóg Treoireachta CETRT (An Ciste Eorpach um Threoireacht agus Ráthaíocht Talmhaíochta). Suim cuíosach íseal atá caite ag Rannóg Treoireachta CETRT ar idirghabháil in earnáil na hiascaireachta (20 agus 25 milliún ACE i 1979 agus 1980 faoi seach) ach tá an tsuim méadaithe le blianta beaga i leith mar gheall ar an méadú ar líon na n-eagraíochtaí táirgeoirí. Measann an Coimisiún nach mbainfidh méadú mór caiteachais leis na leasuithe go léir atá i bhfís agus gur cheart gur tuairim 7 faoin gcéad a bheadh sa mhéadú. Ó tugadh an córas idirghabhála do tháirgí éisc isteach go hEirinn i 1976 íocadh amach tuairim IR £2.1 milliún as CETRT le heagraíochtaí táirgeoirí mar chúiteamh i leith aistarraingt éisc go dtí deireadh 1980. Íocadh IR £96,000 ar fad le heagraíochtaí táirgeoirí in Eirinn mar dheontas cúnaimh i leith costais eagraithe — agus féadfar aisíoc 50 faoin gcéad de sin a fháil ó CETRT. Toisc go mbíonn an ráta idirghabhála in earnáil an iascaigh ag athrú ó bhliain go bliain, ní féidir meas a thabhairt ar na sochair airgid is dóigh a thiocfadh i gcrích faoin togra do na blianta le teacht.


Barúlacha an Chomhchoiste

7. Aontaíonn an Comhchoiste nach raibh Rialachán 100/76 ag oibriú sa bhealach a raibh súil leis. Aontaíonn sé gur feabhas é an Rialachán beartaithe i gcoitinne ar a shon go bhfuil ceist air maidir le gnéithe áirithe.


8. Tá dhá eagraíocht táirgeoirí in Éirinn (1) Eagras Táirgeoirí Éisc na hÉireann Teo., atá ann don tír go léir agus (2) Cumann Iascairí na gCealla Beaga (Comhlachas Táirgeoirí atá ag ionadú don Iar-Thuaisceart amháin). Tá an dá eagraíocht sin ag fónamh do bhreis agus 90 faoin gcéad d’iascairí na hÉireann agus baineann siad le gach cuid den Stát chun críocha idirghabhála. Dá bhrí sin, ní fheictear don Choiste gur mhaith an rud a thuilleadh eagraíochtaí táirgeoirí a bhunú, mar thiocfadh de go mbrisfí na heagraíochtaí ina ngiotaí agus gur rud é sin nach rachadh chun leasa do thionscal iascaireachta na hÉireann. Ba chóir, áfach, go gcabhródh an beart leis na heagraíochtaí atá acu cheana féin a neartú agus urlámh sa bhreis a thabhairt dóibh ar an margadh.


9. Tuigtear don Choiste gur oibrigh an córas idirghabhála in Éirinn ó 1976 go háirithe do ocht bpríomh-speiceas a bhí á dtabhairt i dtír, ach is i gcás an mhaicréil is mó a rinneadh idirghabháil. I 1979, tógadh 24,217 tona maicréal, aistarraingíodh tuairim 7,670 tona díobh agus i 1980 tógadh tuairim 41,000 tona agus aistarraingíodh tuairim 10 faoin gcéad den méid sin. Iasc a aistarraingt agus a dhíothú nuair atá daoine i ngá bia is rud mí-chóir sin agus is ábhar magaidh agus cáinte an Comhphobal iascaigh agus an córas margaidh dá chionn, ní nach ionadh. Tá sé á mholadh ag an gCoiste go ndéanfaí a thuilleadh iarrachtaí chun stoic dá leithéid a chur de láimh i slí éigin níos fearr ná sin, e.g., é a thabhairt d’eagraíochtaí carthanais trína fhógairt ar radio agus teilifís nó sna páipéir nuachta. Maidir leis an gcóir atá le cur ar stoic a aistarraingeofar, tá sé curtha in iúl don Choiste go mb’fhearr le Ballstáit i gcoitinne gan ligean d’ollchnoc éisc carnadh suas. Tá siad ina choinne mar gheall ar ar tharla nuair a cuireadh earraí talmhaíochta áirithe in idirghabháil cheana, ar a shon, gan amhras, gur neamhdhóigh an rud céanna do tharlú i gcás éisc ón uair go bhfuil saol stóir i bhfad níos giorra acu. Maidir leis an leibhéal nach bhfuil aon chúiteamh iníoctha, ar dhul os a chionn, i leith cainníochtaí a aistarraingeofar ón margadh, measann an Coiste go bhfuil 20 faoin gcéad den mhéid a dhíoltar pas íseal agus gur chóir é a mhéadú. Tuigeann sé na deacrachtaí a chuirfeadh sé sin ar bun ach síleann sé mar sin féin go bhféadfaí an teorainn a ardú go dtí 30 faoin gcéad, fara le coigeartuithe iomchuí sa scála íocaíochtaí.


10. Is maith leis an gCoiste feabhas a bheith curtha ar an eagar praghsanna a n-áirítear ann na treoirphraghsanna agus na praghsanna aistarraingte agus tagartha dá dhroim atá beartaithe faoin Rialachán. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun an margadh a chobhsú trí sholáthairtí níos ordúla agus níos rialta a chinntiú agus trína chumasú go bhféadfar bearta a cheapadh in aghaidh iasc a allmhairiú ar phraghsanna i bhfad ró-íseal.


11. Maidir le hallmhairí éisc ó thríú tíortha ní bhaineann siad le margadh na hÉireann go díreach, toisc go mbíonn na hallmhairí seo againne cuíosach cobhsaidh ach bheadh éifeacht acu ar ár gcuid onnmhairí go dtí margadh an Chomhphobail. Tá allmhairí riachtanach, gan amhras, do thionscail phróiseála sa Chomhphobal. Is maith leis an gCoiste gur socraíodh an praghas tagartha ar an leibhéal céanna leis an bpraghas aistarraingte agus tá súil aige go n-éireoidh leis na bearta atá molta an bhearna a bhí ann le blianta beaga anuas a chosc ar tharlú arís. Tá súil aige gur leor na nósanna imeachta feabhsaithe faireachais atá leagtha amach sa Rialachán chun go bhféadfar na meicníochtaí cosanta a thabhairt chun feidhme a luaithe riamh is féidir.


12. Molann an Coiste go ndéanfaí, in Airteagal 20(4), “shall be” a chur in ionad “may be” agus measann sé go bhfuil an tábhacht is bunúsaí ag baint leis an leasú sin. Is chuige an leasú sin ná a chur i ndeimhin go mbeidh sé ina oibleagáid, in ionad bheith ina rogha, go gcuirfí i bhfeidhm na céimeanna cosanta iomaí in aghaidh allmhairí íseal-chostais.


Barúlacha Eagraíochtaí Lasmuigh

13. Tá Eagras Iascairí na hÉireann Teo., sa mhéid a bhí le rá aige, i bhfabhar an togra go ginearálta. Ba mhaith leis go gcuirfí bail níos rianúla ar an gcóras láithreach maidir le heagraíochtaí táirgeoirí ach tá sé ar aon aigne leis an gCoimisiún nár cheart céim mhonaplachta a thabhairt d’eagraíochtaí mar sin. Is maith leis an togra do leasú na rialacha chun an treoirphraghas a shocrú trí shlata tomhais reatha a bhaineann le hábhar a chur san áireamh. Is maith leis freisin an méadú atá molta ar phraghsanna aistarraingte agus an braicéad 10 faoin gcéad a thabhairt isteach. Feictear d’Eagras Iascairí na hÉireann, áfach, go mbainfidh fadhbanna leis an ráta cúitimh a bheith ag laghdú de réir na gcainníochtaí a tharraingeofar siar agus leis an togra i dtaobh an phréimh a thabhairt anonn (mír 5 thuas) chun baint le cainníochtaí sonracha éisc a tarraingíodh siar. Mar bhuille scoir, níl Eagras Iascairí na hÉireann sásta an praghas tagartha a bheith ar cothrom leis an bpraghas aistarraingte ach áitíonn siad gur cheart praghas allmhairithe íosta a bhunú.


14. Tá Comhlachas Lucht Próiseála agus Easportála Éisc na hÉireann ag tacú go láidir i bprionsabal leis an gcuid is tábhachtaí den togra ach tá ceist orthu faoi ghnéithe áirithe e.g. Airteagail 7, 14, 16 agus 20, go sonrach.


Cor Láithreach an Togra

15. Déir an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta go bhfuil an togra fós ag céim na meithle oibre. Tá súil acu go ndéanfaidh an Chomhairle an Rialachán a rith mí Meithimh nó Iúil i mbliana agus gur chóir go mbeadh an t-eagar nua praghsanna i bhfeidhm faoi Eanáir 1982.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Márta, 1981.