Committee Reports::Report No. 87 - Taxes other than Turnover Taxes which affect the Consumption of Manufactured Tobacco::11 March, 1981::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar thogra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach ón gComhairle ag déanamh leasú ar Threoir 72/464/CEE maidir le cánacha seachas cánacha láimhdeachais a bhaineann le tobac monaraithe a chaitheamh [Doiciméad 8449/80—COM (80) 69 críochnaitheach].


2. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais, faoi Cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha, scrúdú mion ar an togra don Chomhchoiste. Seachas meabhráin a bhreithniú a fuarthas ó Choiste Comhairleach Mhonaróirí Tobac na hÉireann (CCMTE), ón Roinn Airgeadais, ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, phléigh an Fo-Choiste an togra le hionadaithe ó CCMTE agus le hoifigigh ó na Ranna lena mbaineann. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre.


Cúlra Stairiúil

3. I gComhphobal bunaidh an tSeisir bhí dhá chóras dhifriúla á n-oibriú chun dleacht mháil ar thoitíní a bhailiú. Sa Ghearmáin toibhíodh cáin mháil de réir méid shocraithe in aghaidh an toitín. Sna cúig Stát eile toibhíodh dleacht mháil mar chéatadán den phraghas miondíola (le cáin san áireamh). I 1972 chinn Comhairle na nAirí ar na córais sin a chomhcheangal i gcóras comhchuibhithe a d’fhágfadh gurb éard a bheadh sa dleacht a mhuirearófaí i ngach Ballstát mír shonrach (cáin in aghaidh an toitín) agus mír ad valorem (comhréireach) (arna bunú ar an bpraghas miondíola). Maidir leis na trí Bhallstát a chuaigh isteach sa Chomhphobal i 1973, bhí córas i bhfeidhm in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i.e. toibhíodh dleacht mháil de réir mheáchan na nduilleog tobac.


Comhchuibhiu ina Chéimeanna

4. Is ceart luí air ag an bpointe seo nach ndéanann an comhchuibhiú aon difear (a) do mhéid na dleachta máil a thoibheoidh Ballstáit iarbhír, ná (b) don mhéid CBL a bhaileofar ó thoitíní. Ní dhéanann sé ach an fhoirm nó an córas a úsáidtear chun dleacht mháil a thobhach a rialú. Foráladh i dTreoir 1972 go ndéanfaí an comhchuibhiú a thabhairt isteach céim ar chéim. Lean an chéad chéim ó 1973 go 1978 agus an dara céim ón 1 Iúil 1978 go dtí an 31 Nollaig 1980 (agus tá an chéim sin fadaithe arís anois go dtí an 30 Meitheamh 1981). Tá an Coimisiún tar éis Treoir eile a mholadh anois chun an tríú céim, a bheidh i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig, 1986, a chur i ngníomh.


An Chéad Chéim den Chomhchuibhiú

5. Thosaigh an chéad chéim den chomhchuibhiú ar an dleacht mháil ar thoitíní an 1 Iúil 1973 nuair a cuireadh Treoir bhunaidh 72/464/CEE dar dáta an 19 Nollaig 1972 i ngníomh sna Ballstáit go léir cé is moite d’Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Cuireadh feidhmiú na Treorach sna Stáit sin siar go dtí an 1 Eanáir 1978. Faoin Treoir sin socraíodh raon ina bhféadfadh Ballstáit cion na cánach sonraí sna dleachtanna máil a bhí i bhfeidhm acu a roghnú agus socraíodh gurb éard a bheadh sa raon sin idir 5 agus 75 faoin gcéad den dleacht mháil go léir a thoibheofaí ar thoitíní sa phraghas-raon is iomadúla a cheannaítear. Foráiltear freisin sa Treoir sin, maidir leis an gcéim deiridh den chomhchuibhiú—


go mbunófaí an cion céanna idir an mhír sonrach agus an mhír ad valorem den chánachas ar thoitíní sna Ballstáit go léir;


agus go ndéanfaí sin ar bhealach a d’fhágfadh


go dtaispeánfaí go cóir i raon na bpraghsanna miondíola na difríochtaí idir praghsanna seachadta na monaróirí.


An Dara Céim den Chomhchuibhiú

6. Maidir leis an dara céim den chomhchuibhiú de réir Threoir 77/805/CEE, socraíodh gurb éard a bheadh sa dleacht mháil shonrach méid nach lú ná 5 faoin gcéad agus nach mó ná 55 faoin gcéad den mhuirear iomlán cánach (dleacht mháil móide CBL). San Aonú Tuarascáil is Daichead uaidh (Prl. 5597) phléigh an Sean-Chomhchoiste togra an Choimisiúin don Dara Céim.


Roinnt d’Éifeachtaí an Dara Céim

7. Tá clár curtha ar fáil ag an gCoimisiún a bhaineann le gréasáin phraghais na dtoitíní is iomadúla a cheannaítear mar a bhí an 1 Eanáir 1980, agus léiríonn sé go bhfuil míreanna sonracha atá gar don íosphointe údaraithe 5 faoin gcéad i bhfeidhm ag ceithre Bhallstát (Tíortha Benelux agus an Fhrainc), nach bhfuil an t-íosphointe 5 faoin gcéad sroichte ag an Iodáil go fóill, agus i gcás na gceithre Bhallstát eile (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe agus Éire), go bhfuil mír shonrach i bhfeidhm acu siúd atá gar don uasphointe údaraithe 55 faoin gcéad. 54.8 faoin gcéad an mhír shonrach in Eirinn. Deir an Coimisiún gur cosúil ón bhfaisnéis atá faighte aige ó na Ballstáit, gur beag ar fad an éifeacht a bhí ag na bearta a thug sé isteach le linn an dara céim. Tugann siad le fios nach bhfuil neamhshuim á dhéanamh acu de na hathruithe suntasacha atá tagtha ar struchtúir mhargaí na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann. Is cóir a thabhairt faoi deara áfach gur tharla na hathruithe sin, a bhfuil dlúthú déanta ar an bpraghas-raon dá mbarr, toisc gur cuireadh cáin ar an táirge deiridh in ionad cánacha ar thobac amh, céim lenar glacadh i bprionsabal i 1972 ach a tháinig i bhfeidhm, mar gheall ar an maolú cúig bliana a tugadh maidir lena cur i ngníomh, i gcomhthráth leis an athrú go dtí an dara céim agus a raibh tionchar aici fós ar an margadh an uair sin.


Réimse Thogra an Choimisiúin

8. Bhí sé ceaptha don tríú céim bheartaithe bheith i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1981 go dtí an 31 Nollaig, 1986. Séard atá ar intinn ann go ndéanfaí raon na míre sonraí den dleacht mháil ar thoitíní a chúngú tuilleadh de réir a chéile go dtí gur 10 faoin gcéad go 35 faoin gcéad den mhuirear cánach iomlán a bheadh ann. Ag baint na haidhme sin amach beartaítear an dá idirchéim seo a leanas—


(i)ón 1 Eanáir 1981 go dtí an 31 Nollaig 1982 go gcoinneofaí an mhír shonrach sa raon 5 faoin gcéad go 55 faoin gcéad, agus


(ii)go mbainfí amach mír shonrach sa raon 7.5 faoin gcéad go 42.5 faoin gcéad idir an 1 Eanáir 1983 agus an 31 Nollaig 1984.


9. Ní chuireann an togra próiseas an chomhchuibhithe i gcrích go hiomlán ná ní bhunaíonn sé an chomhréir shocraithe deiridh atá i bhfís i dTreoir 1972. Ach sa mheabhrán míniúcháin uaidh tagann an Coimisiún ar an tuairim gur chóir mír shonrach 20 faoin gcéad a bheith i gceist ag an gcéim deiridh [mír 25 den mheabhrán].


10. Tá dhá leasú eile sa togra nach bhfuil oiread sin tábhachta leo, eadhon:—


(a)saoráid d’íosdleacht mháil a choinneáil i bhfeidhm [Airteagal 4 (4) de Threoir 72/464/CEE] ach í a laghdú ó 90 faoin gcéad, an ráta atá ann faoi láthair, go 80 faoin gcéad i.e. den mhál iomlán a thoibhítear ar thoitíní sa phraghas-raon is iomadúla a cheannaítear, agus


(b)deireadh a chur le saoráid roghnach a fhorálann go bhfágfaí dleacht chustam as an áireamh le linn an dleacht mháil chomhréireach ar thoitíní a ríomh [Airteagail 9 agus 10 (b) (4) de Threoir 72/464/CEE (mar a leasaíodh)].


Éifeacht ar Reachtaíocht na hÉireann

11. Dá nglacfaí mar atá na tograí maidir leis an mír shonrach, níor ghá d’Éirinn aon athrú a dhéanamh go dtí an 1 Eanáir 1983 toisc go n-oibrímid laistigh de na teorainneacha 5 faoin gcéad go 55 faoin gcéad cheana féin. Ón 1 Eanáir 1983, áfach, de thoradh an athraithe ar an mhír shonrach den chánachas ar thoitíní b’éigean na míreanna den dleacht mháil is infheidhme a athriar d’fhonn an fáltas ioncaim i gcoitinne a choinneáil mar a bhí. Tuigeann an Coiste nár mhór leasú a dhéanamh ar Alt 66 agus ar an Tríú Sceideal den Acht Airgeadais, 1980 (Uimh. 14 de 1980), an tAcht is bonn reachtúil faoi láthair do na rátaí dleachta máil ar tháirgí tobac. Tuigtear freisin nár gá dúinn aon bheart a dhéanamh i ndáil leis an togra le haghaidh saoráid íosmháil 80 faoin gcéad [Alt 10 (a) thuas]; níor chuir Éire an tsaoráid sin i bhfeidhm riamh, ná níor bhain sí leas aisti, toisc nár ghá sin a dhéanamh, ó ba airde an dleacht ná an t-íosleibhéal i ngach cás. Cuireadh in iúl don Choiste, áfach, go bhfuil Éire, i bprionsabal, i bhfábhar an rogha i leith íosdleachta máil ar ráta ard a ghlacadh ós rud é a d’fhéadfadh bheith tairbheach go háirithe i gcás dleacht a mbeadh mír chomhréireach ard i gceist inti. I ndeireadh an lae, cosaint a bheadh sa tsaoráid sin i gcoinne laghdú ar ioncam cánach dá dtiocfadh toitíní saora de chineál dona ar an margadh. Maidir le deireadh a chur leis an tsaoráid a bhaineann le dleacht chustam a fhágáil as an áireamh le linn an dleacht mháil chomhréireach ar thoitíní a ríomh [mír 10 (b) thuas] ní rachadh sin i gcion ar an reachtaíocht atá againn faoi láthair ós rud é már bhain Eire aon leas as an tsaoráid.


Éifeachtaí ar an Tionscal Tobac in Éirinn

12. San aighneacht a thug siad don Chomhchoiste agus le linn na bpléití a bhí acu leis an bhFo-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais, d’éirigh leis na hionadaithe ó Choiste Comhairleach Mhonaróirí Tobac na hÉireann (CCMTE) a chur ina luí ar an gComhchoiste gur chóir d’Éirinn cur i gcoinne na Treorach beartaithe agus diúltú di. Deir CCMTE gur ábhar míshuaimhnis do lucht an tionscail in Éirinn ón uair a ndeachaigh Éire isteach sa Chomhphobal an chaoi a ndéileálann an Comhphobal le comhchuibhiú a dhéanamh ar na gréasáin chánach do thoitíní agus go bhfuil an crú ar an tairne anois ós rud é go mbeadh na tograí is déanaí ón gCoimisiún, dá nglacfaí iad, ina dtrúig le meath agus, i ndeireadh na dála, le bás an tionscail tobac in Éirinn. Is deimhin leis an gComhchoiste nach féidir ligean do chúrsaí dul ar aghaidh ar bhealach a d’fhéadfadh bheith tubaisteach ar fad do thionscal a fhostaíonn tuairim 2,000 duine, a bhfuil £45.5 milliún infheistithe ann agus ar £210 milliún a láimhdeachas bliantúil.


13. Cosnaítear an comhchuibhiú á rá go gcuirfidh sé deireadh leis an saobhadh iomaíochta agus leis na bacainní ar thrasghabháil idir mhargaí a éiríonn ó éagsúlacht na ngréasan cánach sna Ballstát. Cosnaíonn an Coimisiún an cúngú ar raon ceadaithe an chánachais sonraigh ar an ábhar gur chóir gur mhar a chéile na hiarrachtaí oiriúnúcháin a dhéanfadh na Ballstáit go léir. Níl an Comhchoiste deimhin gurb é éagsúlacht na ngréasán i ndáil le dleacht mháil an gné is tábhachtaí ó thaobh deireadh a chur le saobhadh nó le bacainní ar thrasghabháil idir mhargaí. Glacann fiú amháin an Coimisiún féin leis gur rí-bheag an éifeacht a bhí ag na bearta a glacadh go dtí seo agus nach ndéantar ach beagán trasghabhála idir mhargaí i gcoitinne. Tá dálaí eile atá ag saobhadh an Mhargaidh faoi láthair, eadhon,


(i)Creidmheasanna Máil: Ceadaítear tréimhse fhada chun an cháin a íoc i roinnt tíortha e.g. an Bheilg, 91 lá; An Ísiltír, 107 la. Is éard is brí leis sin dáiríre go gcuirtear caipiteal ar fáil saor ó ús do na tréimhsí sin.


(ii)Monaplachtaí: San Fhrainc agus san Iodáil is monaplacht rialtais an tionscal tobac ó thaobh táirgeadh agus miondíol. Tá leasanna fairsinge ag na tíortha sin i ngnóthais saothraithe duilleog tobac agus faigheann siad buntáiste costas faoin gComhbheartas Talmhaíochta a laghdaíonn glanchostais na nduilleog faoi bhun na bpraghasleibhéal domhanda.


14. Is gnách do cháin ad valorem difríochtaí coibhneasacha idir bhunphraghsanna a mhéadú nó “a iolrú” (Mar a thugann lucht an tionscail air) agus dá bhrí sin is airde an cháin a bhíonn ar thoitín daor de chineál maith ná ar thoitín saor. Dá réir sin tugann gréasán cánach ina bhfuil mír ard ad valorem buntáiste iomaíochta ó thaobh an phraghais deiridh do thoitíní saora de chineál dona thar toitíní de chineál maith. Na tionscail a oibríonn faoin gcóras ad valorem bíonn siad ag dréim le táirgeadh ísealchostas. De bhrí go raibh dleacht na hÉireann bunaithe go hiomlán ar an meáchan roimh dhul isteach i gComhphobal na hEorpa dúinn bhí an tionscal in Éirinn dírithe ar tháirgeadh toitíní de chineál maith inar úsáideadh na duilleoga is costasaí. Deir CCMTE go bhfuil costais táirgthe toitíní de chineál Éireannach níos airde dá bharr sin ná costais táirgí ar an mór-roinn agus dearbhaíonn siad go ndéanfadh dleacht chomhréireach ard an difríocht a mhéadú chomh mór sin go bhfaigheadh allmhairí an ceann is fearr ar tháirgí Éireannacha ar an margadh baile agus go mbeadh táirgí Éireannacha as an iomaíocht ar fad, beagnach, ar mhargaí onnmhairiúcháin CEE. Ní dóigh leo ach an oiread go réiteofaí an scéal dá n-athrófaí go dtí táirgeadh toitíní den chineál a tháirgtear ar an mór-roinn.


15. Cé gur beag é margadh toitíní na hÉireann i gcomórtas leis an margadh i dtíortha Comhphobail eile, mar sin féin bíonn trí mhonaróir thábhachtacha, a bhfuil a chuid saoráidí táirgthe féin ag gach ceann acu sa tír seo, ag soláthar dó. Dá bhrí sin ní féidir leis an tionscal in Éirinn leas a bhaint as na coigiltí scála is féidir a dhéanamh sna gléasraí táirgthe is mó de chuid CEE. Tuigeann CCMTE nach leor iontu féin na coigiltí scála sin chun cumas iomaíochta thionscal na hÉireann a lagú ach go mbeadh fíorbhuntáistí ag gabháil leo ó thaobh an phraghais mhiondíola dá n-iolrófaí iad ar rátaí arda cánach comhréire.


16. Léiríonn CCMTE nach mór do Mhonaróirí Éireannacha brabús a dhéanamh mar bhonn ar a bhféadfaidh siad airgead a fháil ar na margaí airgeadais. Ní mór dóibh an t-airgead sin a bheith acu chun na gléasraí táirgthe a choinneáil cothrom le dáta agus chun costais riaracháin leathúla a íoc. Ionas go bhféadfaidh siad brabúis a choinneáil ar an leibhéal céanna tá sé tábhachtach do mhonaróirí Éireannacha bheith in ann aon arduithe costais a thabhófar a chúiteamh trí phraghsanna a ardú. Dá dtiocfaidh aon ardú ar an iolraitheoir, áfach, rud a fhágfadh gur mhó an seans go dtiocfadh allmhairí saora isteach ó Bhallstáit eile (nó ó thíortha ACC) tá CCMTE lánchinnte go mbeadh sé i bhfad níos deacra praghsanna na hÉireann a ardú. Ba mhó an buntáiste, d’allmhaireoirí go háirithe, praghsanna a ísliú d’fhonn tuilleadh a dhíol, beart a rachadh chun dochair do mhonaróirí áitiúla. Ba ródócha go ngníomhódh na monaróirí áitiúla ina choinne sin trína bpraghsanna siúd a ísliú agus dhíchobhsófaí an margadh dá dheasca sin.


Cinneadh a rinne Cúirt Bhreithíunais na hEorpa le déanaí

17. Is fiú aird a thabhairt ar roinnt cásanna (209 go 215/73 agus 218/78) a bhí os comhair Chúirt na hEorpa le déanaí inar chuir an tAbhcóide Ginearálta béim ar an gcaoi a chuireann cánachas ad valorem an-ard srian suntasach ar chumas iomaíochta na n-oibritheoirí ar an margadh. Dúirt sé fiú gur cosúil go raibh dlí iomaíochta an Chomhphobail, ar thaobh amháin, agus a bheartas fioscach, ar an taobh eile, ag teacht salach ar a chéile. Dealraíonn sé gur ghlac an Chúirt le tuairim an Abhcóide Ghinearálta sa mhéid atá le rá aici (in alt 128 den bhreithiúnas), eadhon, gur toradh amháin a bhíonn ar an iolraitheoir, mar aon leis an íosmhál a chuireann an Bheilg i bhfeidhm chun a hioncam fioscach a áirithiú, srian a chur ar gach beart iomaíochta a dhéanann an monaróir nó an t-allmhaireoir agus a théann i gcion ar an bpraghas miondíola. Deir CCMTE go dtagann an méid sin go hiomlán lena mbarúil féin go bhfuil córas iolraitheoirí ard-chánach, trí chánachas comhréireach, ar neamhréir le beartas iomaíochta an Chomhphobail mar atá sé cumhdaithe i gConradh na Róimhe.


Barúlacha Comhlachtaí eile

18. I dtuairim a thugadar uathu an 3 Feabhra 1981, d’easaontaigh Rannóg na gCeisteanna Eacnamaíochta agus Airgeadais de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach CEE le príomhthogra an Choimisiúin maidir le comhchuibhiú cánach. I dTuarascáil Beumer a eisíodh le déanaí chaith Coiste Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa amhras ar an gcaoi a raibh an Coimisiún ag dul i mbun an scéil. Tuigeann an Comhchoiste chomh maith gur cosúil nach bhfuil formhór na mBallstát i bhfábhar tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh i láthair na huaire.


Conclúidí

19. Níl amhras ar bith ar an gComhchoiste ná go bhfuil bonn cirt leis an gcás atá á chur i láthair ag CCMTE go ndiúltófaí don togra láithreach agus ní thig leis mórán de na lochtanna a fuarthas ar an togra a chosaint. Ní dóigh leis go ndeánfadh sé aon mhaith tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar an ndul céanna leis sin a mholtar, ar leithligh ó dhálaí eile, agus rud a chuaigh i gcion go mór air ab ea an fhianaise a tugadh a léirigh na contúirtí a bheadh ann, agus a d’fhéadfadh bheith ann, do thionscal tobac na hÉireann dá gcuirfí an togra i bhfeidhm. Tá an Comhchoiste sásta, freisin gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an Coimisiún ag dul i mbun oibre ar an ábhar seo agus gur cheart scrúdú a dhéanamh ar bhealaí chun cuspóir an chomhchuibhithe a bhaint amach seachas an réimse chúng atá i gceist sa togra atá ann faoi láthair. I measc na ndálaí eile atá ag saobhadh na hiomaíochta i gcónaí, d’fhéadfadh an Coimisiúin scrúdú a dhéanamh ar na monaplachtaí agus na cairtéil táirgeoirí atá i roinnt Ballstát agus ar chomhchuibhiú ar chreidmheasanna máil agus éagothroimí neamhchánacha eile. Molann an Comhchoiste go ndéanfar an scrúdú sin agus go dtabharfar tuarascáil ina thaobh sula gcuirfear aon bhearta idirthréimhseacha eile i bhfeidhm.


20. Mar gheall ar na ciallachais throma a bheadh i gceist don tionscal monaraithe tobac in Éirinn dá nglacfaí an Treoir bheartaithe, tá an Comhchoiste á iarraidh go ndéanfaí díospóireacht ar an ábhar i Seanad Éireann. I ndáil leis sin tagraíonn an Comhchoiste d’Ordú an 18 Feabhra 1981 ón Seanad.


Buíochas

21. Ba mhaith leis an gComhchoiste a fhíorbhuíochas a chur in iúl do Choiste Comhairleach Mhonaróirí Tobac na hÉireann a thug cabhair mhór dó nuair a bhí an t-ábhar seo á bhreithniú.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Márta, 1981.