Committee Reports::Report No. 86 - Breeding Animals of the Porcine and Bovine Species::11 March, 1981::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh (a) Rialachán ón gComhairle maidir le Caighdeáin Zóiteicniúla do Mhuc-Ainmhithe Póir [Doiciméad 4608/80 dar dáta 31 Eanáir, 1980—COM (79) 785 críochnaitheach] agus (b) Treoir ón gComhairle maidir le Bó-Ainmhithe Póir Pórghlana a ghlacadh chun críocha pórúcháin [Doiciméad 11051/79 dar dáta 28 Samhain, 1979—COM (79) 649 críochnaitheach].


2. Rinne an Fo-Choiste ar Ábhair Thalmhaíochta agus Iascaigh, faoi Cheannas an Teachta Seosamh Breathnach, mionscrúdú ar an dá thogra don Chomhchoiste. Bhreithnigh an Fo-Choiste freisin meam-raim a d’ullmhaigh an Roinn Talmhaíochta agus litir a fuarthas ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann maidir le hítim (b) agus is mian leis buíochas a ghabháil leo as a gcuid cabhrach. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Breathnach agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre.


A. RIALACHÁN BEARTAITHE ÓN gCOMHAIRLE I nDÁIL LEIS NA CAIGHDEÁIN ZOITEICHIÚLA IS INFHEIDHME I LEITH MUC-AINMHITHE PÓIR.

Cúlra

3. Is é is cuspóir don Rialachán beartaithe léirscaoileadh a dhéanamh de réir a chéile ar thrádáil laistigh den Chomhphobal sna muc-ainmhithe póir uile agus déantar socrú ann maidir le haon bhearta feidhmiúcháin is gá, ar de ghné teicniúil amháin iad, a ghlacadh. Is bac an-mhór ar thrádáil sna hainmhithe sin na rialacháin éagsúla atá i bhfeidhm sna Ballstáit ar leith. Is é an deacracht is mó go bhfuil difríocht ní amháin idir na pórtha agus na caighdeáin zóiteicniúla (cáilíochta) ach fiú idir na cuspóirí atá leis na beartais phórúcháin agus ainmhí-riar náisiúnta. Déanann tíortha áirithe sainchúram de pórtha a tháirgeadh nach mbíonn le fáil i gcónaí i dtíortha eile. Fadhb eile a d’éirigh le déanaí is ea an méadú suntasach ar tháirgeadh muc póir croschineáil, i.e. muca a fhaightear trí ainmhithe de phórtha nó de shleachta éagsúla a chros-phórú d’aon turas.


Réim an Togra

4. D’fhonn dul i ngleic leis an gcor sin agus chun teacht ar réiteach oiriúnach a mbeadh léirscaoileadh mar aidhm leis coscfar cur isteach ar thrádáil laistigh den Chomhphobal i muca póir pórghlana agus croschineáil agus ina seamhan agus ina suthanna [Airteagal 2]. Leagtar síos i dtogra an Choimisiúin bearta zóiteicniúla a bhaineann le feidhmiúlacht, modhanna faireachais, modhanna chun luach géineatach muc a mheas agus na ceanglais do sheirbhís aiceanta agus d’inseamhnú saorga. Leagtar síos sa togra chomh maith nach mór critéir a bhunú maidir le (a) aitheantas do chomhlachais agus fiontair phóraithe muc, agus (b) tréadleabhair agus na taifid a chuirfear sna leabhair sin [Airteagal 6].


5. Tagann bearta zóiteicniúla den chinál sin faoi chúram an Bhuanchoiste láithreach ar zóiteicnic, ar a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit. Tugann an Coiste sin comhairle don Choimisiún agus cuireann sé bearta a n-aontaíonn sé leo ar aís chun an Choimisiúin lena gcur i ngníomh láithreach [Airteagal 7]. Bheadh feidhm ag na bearta náisiúnta atá ann anois go dtí go nglacfaí na bearta sin.


Éifeacht na reachtaíochta beartaithe ar Éirinn

6. Dá nglacfaí an Rialachán beartaithe [Airteagal 2] is cosúil go gcaithfí deireadh a chur le ceadúnú collach faoin Acht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 agus níor mhór na Rialacháin iomchuí a rinneadh faoin Acht sin a chúlghairm.


Na Ciallachais d’Éirinn má ghlactar an togra

7. Muca pórghlana is mó atá in Éirinn—an Mhuc Mhór Bhán agus an Landrace. Dá gcúlghairfí, faoi Airteagal 2 den Rialachán beartaithe, an reachtaíocht náisiúnta atá anois ann, cheadófaí collaigh chroschineáil, mar aon le collaigh phórghlana, a úsáid le haghaidh pórúcháin gan rialú ar cháilíocht an phórúcháin. Bheadh cead ag comhlachtaí pórúcháin móra a tháirgeann pór-stoc croschineáil tráchtála stoc a allmhairiú agus a mhargú le haghaidh pórúcháin. Deir an Roinn Talmhaíochta go bhféadfadh sin dochar a dhéanamh don mhargadh stoic atá ag ár gcuid póraitheoirí folaíochta faoi láthair.


8. Faoin Rialachán beartaithe ní bheadh sé de chead againn rialú cáilíochta (zóiteicniúil) a chur i bhfeidhm ar phór-stoc a bheartófaí a allmhairiú. D’fhéadfaí dá dheasca sin stoc a allmhairiú a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do ghnéithe áirithe cáilíochta inár gcuid stoc tráchtála muc agus is deimhin leis an Roinn go bhfuil an cháilíocht i gcás roinnt de na stoic croschineáil allmhairithe sin níos ísle ná cáilíocht stoic phórghlain na hÉireann. Ina theannta sin is mó an tsaoirse a bheadh fiú ag ainmhithe croschineáil gabháil ó thír go tír sa Chomhphobal ná mar bheadh ag stoc pórghlan, agus is lú de bhac a bheadh orthu. D’fhéadfadh sin dul chun dochair do cháilíocht bhagúin na tíre seo agus rachadh onnmhairí ardcháilíochta i laghad dá bharr. Tá rangú A nó A speisialta ag idir ochtó a cúig agus nócha faoin gcéad dár gcuid muc faoi láthair. Is í cáilíocht ár gcuid stoc pórghlan is mó is cúis le hardcháilíocht bhagúin na tíre seo.


9. Ina theannta sin, d’fhéadfaí muca daite (i.e. muca de dhath ar bith seachas bán), a bhfuil toirmeasc orthu sa tír seo faoi láthair, a allmhairiú. Is é is bun leis an toirmeasc ar mhuca daite an drochéifeacht a d’fhéadfadh a bheith acu ar cháilíocht ghinearálta bhagúin.


Fianaise Eolaíochta

10. Maidir leis an meath a d’fhéadfadh teacht ar cháilíocht mhuca na hÉireann, dá gceadófaí na hallmhairí atá i gceist sa togra, dúirt an Roinn go bhfuil fianaise eolaíochta ann mar thaca leis sin. Rinne siad tagairt do shuirbhé, a bhfuil sliocht as faoi chló in Iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo, inar taispeánadh gur fearr Muc Mór Bán agus Landrace na hÉireann ná formhór chineálacha agus pórtha na Mór-Roinne. Ba mhinicí a tharla matán bán bog úscach (BBU) i bhformhór chineálacha agus pórtha na Mór-Roinne. Dá mhinicí a tharlaíonn BBU is ea is ísle cáilíocht na feola.


Moltaí an Chomhchoiste

11. De bharr chomh tromchúiseach is a bheadh sé do tháirgeoirí muc na hÉireann, de réir mar a deir an Roinn Talmhaíochta, dá ndéanfaí léirscaoileadh ar thrádáil i gcroschineálacha, níl an coiste i bhfábhar iad sin a chur san áireamh sa Rialachán beartaithe. Cé gur mhaith an rud i gcoitinne go mbeadh níos mó saorthrádála laistigh den Chomhphobal, tá an Comhchoiste dearfa de nárbh é leas tionscal muc agus bagúin na hÉireann é i ndeireadh dála dá mba é toradh a bheadh air meath do theacht ar cháilíocht phór-stoic na hÉireann. Más cosúil go nglacfar an Rialachán, molann an Coiste go ndéanfadh an Roinn scrúdú air féachaint an bhféadfaí é a leasú lena chinntiú go ndéanfaí na caighdeáin cháilíochta atá i bhfeidhm anseo faoi láthair maidir le stoc pórghlan a choinneáil ar bun i gcás an stoic go léir a allmhairítear.


B. BÓ-AINMHITHE PÓRGHLANA A GHLACADH CHUN CRÍOCHA PÓRÚCHÁIN

Réamhrá

12. I dTreoir (77/504/CEE) lenar ghlac an Chomhairle i 1977 socraíodh na bearta a bhí le glacadh chun léirscaoileadh a dhéanamh ar thrádáil laistigh den Chomhphobal in eallach pórghlan le haghaidh pórúcháin. Tá ceann de na bearta a bhí i bhfís sa Treoir sin ina chuid den togra seo. Déantar foráil ann


(a)maidir le deireadh a chur le srianta náisiúnta (i) ar bhaineannaigh phórghlana a ghlacadh chun críocha pórúcháin agus (ii) ón 1 Eanáir 1986 amach, ar thairbh phórghlana a ghlacadh le haghaidh cúplála aiceanta,


(b)maidir le deireadh a chur, go dtí go nglacfar rialacha Comhphobail, le srianta náisiúnta ar thairbh nó a seamhan a ghlacadh le haghaidh tástála nó inseamhnú saorga, ar choinníoll go mbeidh siad inghlachta chun na gcríocha sin i mBallstát agus faoi réir a sainaitheanta ar mhodh a mbeidh glacadh leis go hoifigiúil ina Stát baile (clárú tréadleabhair, deimhniú folaíochta, doiciméid fhianaithe), agus


(c)maidir le seamhan a bhailiú agus a shainaithint.


Éifeacht a ghlactha ar Éirinn

13. Dá nglactaí an togra sin rachadh sé i gcion ar Éirinn sa mhéid go gcaithfí na rialacha náisiúnta maidir le ceadúnú tairbh phórghlana a chur ar ceal ar an 1 Eanáir 1986 nó roimhe sin agus níor mhór an tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 (Uimh. 3 de 1925), faoina rialaítear cáilíocht na dtarbh a úsáidtear le haghaidh pórúcháin, a chúlghairm. Foráiltear chomh maith, áfach, in Airteagal 6 (1) de Threoir 77/504/CEE ón gComhairle, go leagfaí síos critéir i dtaobh taifid a dhéanamh i dtréadleabhair agus dá bhrí sin is trí chlárú i dtréadleabhair a dhéanfar rialú ar cháilíocht phór-tarbh pórghlan. Níl aon fhoráil Chomhphobail i dtaobh rialú a dhéanamh ar phór-tairbh nach tairbh phórghlana, ainmhithe a bhfuil toirmeasc ginearálta ar a n-úsáid faoin Acht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925. Ionas gur féidir breithniú a dhéanamh ar cheist an rialúcháin, más ann, a d’fhéadfaí a dhéanamh i leith tarbh nach tairbh phórghlana agus ós rud é nár ghá, faoin Treoir bheartaithe, rialacha náisiúnta a chur ar ceal go ceann tamaill eile, tá an Roinn Talmhaíochta tar éis a chinneadh go leanfar leis an gcóras ceadúnúcháin atá á oibriú faoi láthair faoin Acht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925. Is togra réasúnach é sin ag féachaint don idirthréimhse a cheadaítear chun rialacha náisiúnta a chur ar ceal. Ní bheadh deacracht ar bith ag gabháil le glacadh na nAirteagal eile ós rud é go bhfuil na tograí i gcomhréir leis na córais rialúcháin atá sa tír seo cheana féin.


Barúlacha Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann

14. Deir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann san aighneacht uathu gur dóigh leo nach gá ceadúnú a dhéanamh ar phór-tairbh phórghlana atá cláraithe i dtréadleabhar de chuid chumainn phórúcháin aitheanta ach gur choir toirmeasc a chur le tairbh chroschineáil a úsáid. Toisc gur mhian leo go gceannódh níos mó feirmeoirí pór-stoc de réir thorthaí tástálacha dea-sleachta agus feidhmiúlachta ionas go n-ardófaí cáilíocht an eallaigh, mhol sé don Roinn athruithe a dhéanamh ar a chlár tástála feidhmiúlachta do thairbh.


Mar atá faoi láthair

15. Is mór an difear atá ar an scéal ó Stát go chéile agus tá malairt tuairime ann i dtaobh an chaoi ar chóir forálacha Airteagal 2 den dréacht—Treoir a chur i ngníomh. Baineann sé sin leis na coinníollacha a leagan síos a rialóidh trádáil laistigh den Chomhphobal i dtairbh nó ina seamhan. Ag cruinniú de Chomhairle na mBuan-Ionadaithe a bhí ann 12 Nollaig 1980, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú maidir le caighdeáin rialúcháin. Cuireadh in iúl don Choiste gur cinneadh gan dul ar aghaidh leis an togra faoi láthair mar gheall ar an fhadhb a bheith gan fuascailt i gcónaí agus fós mar gheall ar an difear mór idir bharúlacha na mBallstát. Tá an Coiste sásta leis an gcor sin sa mhéid gur féidir le hÉirinn leanúint ar aghaidh lena cuid rialúcháin féin ar cháilíocht agus ar cheadúnúchán d’fhonn freastal do riachtanais náisiúnta san am le teacht chomh fada agus is léir.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Márta, 1981.