|
AN SEACHTÚ TUARASCÁIL DÉAGFÓIR TEORANTAI RÉAMHRÁ(a) Cúlra1. Thug na taraifí ar allmhairí, ar cuireadh tús leo sna 1930idí, cosaint don mhargadh baile do thionscail mhonarúcháin na hÉireann go dtí deireadh na 1960idí. Nuair a síníodh an Comhaontú idir Éire agus an Ríocht Aontaithe ag bunú limistéar saorthrádála i 1965 ba chomhartha é go raibh athrú ag teacht ar bheartais trádála agus go raibh súil le coinníollacha níos iomaithí do mhonaróirí. De bharr na dtaraifí ar allmhairí ón Ríocht Aontaithe a bheith á laghdú céim ar chéim agus de bharr na cosúlachta go rachadh Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ba léir go mba ghá athstruchtúrú agus atheagrú a dhéanamh ar roinnt gnóthas Éireannach. Faoi thosach na 1970idí, bhí na chéad comharthaí cruacháis le feiceáil i gcuid de na tionscail traidisiúnta. Ar na tionscail sin bhí na tionscail teicstílí, éadaí agus bróg. Bhí an Rialtas tar éis cúnamh airgeadais ad hoc éigin a thabhairt do ghnóthais áirithe trí chomhlacht Stáit ar ar tugadh Taiscí Stáit Teoranta. Chabhraigh an beart sin le cuid de na gnólachtaí chun na deacrachtaí práinneacha a bhí acu a shárú agus chun iomarcaíochtaí a sheachaint. Ón taithí sin mheas an Rialtas go raibh gá le comhlacht de chineál éigin a bheadh mar ‘dhídean deiridh’ agus a chabhródh le gnóthais fiúntacha a raibh deacrachtaí acu, ar bhonn nósanna imeachta a bheadh leagtha amach go hordúil, má bhí na gnóthais sin le teacht slán. Bhí sé i ndán d’Fhóir Teoranta1 gurb é an comhlacht Stáit nua é a bheadh ag gabháil do tharrtháil cuideachtaí. (b) Gné Dhlíthiúil agus Forbairt2. Faoin Acht um Fhóir Teoranta, 1972, a bunaíodh Fóir. Bhí scairchaipiteal £100 aige agus corpraíodh é an 28 Márta, 1972. De réir alt 19 den Acht, díscaoileadh Taiscí Stáit Teoranta agus ghlac Fóir a gcuid sócmhainní, dliteanais agus oibleagáidí go léir chuige féin amhail ar an 31 Márta, 1972. £8.5 milliún a bhí i bportfóilió infheistíochta Thaiscí Stáit Teoranta. Iasachtaí do ghnóthais ab ea £5.7 milliún de agus scairinfheistíochtaí a bhí sa £2.8 milliún eile. Is le hairleacain Státchiste is mó a maoiníodh an portfóilió sin. 3. Is í is feidhm d’Fhóir cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí tionscail a bhfuil cumas fiúntais iontu ach atá i ndeacracht agus nach bhfuil in ann caipiteal a fháil ó na gnáthfhoinsí tráchtála. Le go bhféadfaidh siad cúnamh a fháil, ní mór do ghnóthais is iarratasóirí critéir sóisialta agus tráchtála sonraithe áirithe atá leagtha amach san Acht um Fhóir Teoranta, 1972, a chomhlíonadh. (Pléitear na critéir sin i gCuid II). 4. De bharr breis saoirse i gcúrsaí trádála i gcomhthráth leis an meathlú eacnamaíochta sna blianta 1974-76 bhí Fóir fíor-ghníomhach sna blianta tosaigh. Sa chéad bhliain oibríochta dó, cheadaigh Fóir tacaíocht airgeadais do ghnóthas amháin sa tseachtain ar an meán. Níorbh fhada go raibh oiread sin éilimh ar a sheirbhísí go raibh easnamh ar a chumhachtaí chun iasachtaí a fháil agus i 1973 méadaíodh na cumhachtaí sin ó £7.5 milliún go dtí £17.5 milliún. I 1976 méadaíodh cumhachtaí Fhóir chun iasachtaí a fháil go dtí £35 milliún. Tháinig feabhas ar an ngeilleagar i ndeireadh na 1970idí agus laghdaigh an t-éileamh ar chúnamh ó Fhóir dá réir. Nuair a chuaigh dálaí eacnamaíochta i gcoitinne in olcas i 1980 bhí méadú obann arís ar an méid iarratas ar mhaoiniú substainteach ó Fhóir. Idir Aibreán 1972 agus Nollaig 1979 bhí Fóir tar éis soláthar £34.3 milliún a cheadú do 258 ngnóthas a raibh 28,473 daoine ar fad ar fostú iontu. Sa chéad deich mí de 1980 cheadaigh sé cúnamh airgeadais do 31 iarratasóir nua a raibh 7,900 daoine ar fostú acu; sa tréimhse sin ba é an méid airgid a ceadaíodh £12.9 milliún. Meastar gur gearr go mbeidh easnamh ar na cumhachtaí atá ag Fóir faoi láthair chun iasachtaí a fháil. Táthar ar súil le reachtaíocht go gairid amach anseo chun déileáil leis an bhfadhb sin. Is ó airleacain Státchiste a fuarthas maoiniú eachtrach uile na Cuideachta go dtí seo. 5. I ndeireadh gach bliana ceanglaítear ar an gCuideachta, faoi Acht 1972, tuarascáil ar a himeachtaí a thabhairt don Aire Airgeadais agus cóip dá cuntais bhliantúla iniúchta a chur faoina bhráid. Ní mór don Aire an fhaisnéis sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas gach bliain. II CUSPÓIRÍ AGUS CRITÉIR(a) Cuspóirí agus Critéir do “Gnólacht Cáilithe”6. Is é príomhchuspóir Fhóir airgead a sholáthar, nó a chumasú go ndéanfaí airgead a sholáthar, do ghnóthais tionscail atá i ngátar airgid. Is féidir tacaíocht airgeadais a chur ar fáil trí infheistíocht sa ghnóthas atá i gcruachás ar mhodh scairchaipitil, bintiúir, iasachtaí faoi urrús nó gan urrús, bille-airgeadas nó ráthaíochtaí i leith iasachtaí a fhaigheann na gnóthais sin. Le go bhfaigheadh gnóthais atá i ngátar tacaíocht airgeadais ní mór nó gur “gnólachtaí cáilithe” iad, i dtuairim na Cuideachta, faoi na critéir atá leagtha síos san Acht um Fhóir Teoranta. Is iad seo a leanas na critéir sin: “Is gnólacht cáilithe … gnólacht más é tuairim na Cuideachta— (i)go bhfuil sí ag gabháil do ghníomhaíocht tionscail (lena n-áirítear aon ghníomhaíocht atá coimhdeach do thionscal), (ii)gurb ionchomharthaí maidir leis an náisiún nó maidir le ceantar an fhostaíocht atá ann agus an méid caipitil iomlán atá gafa leis, (iii)gur cion réasúnach dá chaipiteal iomlán ranníoc a úinéirí, (iv)go bhfuil ionchas réasúnach ann le brabús ar buan-fhoras uaidh, mar atá sé comhdhéanta faoi láthair nó ar bheith oiriúnaithe dó, (v)amhras a bheith ann faoina bhuaine mar gheall ar é a bheith éagumasach ar a riachtanais airgeadais a fháil ó fhoinsí tráchtála, agus (vi)go mbeadh aniarmhairtí tromaí ann don náisiún nó do cheantar mura bhfaigheadh sé cúnamh airgeadais.” 7. Is critéir de chineál ghinearálta na critéir sin thuas agus tá réimse leathan cumhdaigh iontu. Áirítear orthu tástálacha ó thaobh leasa shóisialta, tráchtála agus náisiúnta de. Ní shainítear go beacht cad is brí leis na téarmaí a úsáidtear. Da bhrí sin braitheann cáilitheacht, go pointe áirithe, ar an gcaoi a léiríonn agus a bhfeidhmíonn Fóir na critéir. (b) Mar a léiríonn an Chuideachta na Critéir8. San fhianaise a thug sí don Chomhchoiste dúirt an Chuideachta nár mhór don ghnóthas a dhéanann iarratas na critéir go léir a chomhlíonadh.2 Ag léiriú na gcritéar di mhínigh an Chuideachta: “Is é an chéad cheann ná go mbeadh an gnólacht is iarratasóir ag gabháil do thionscal. Tá an ceann sin díreach go leor. Is ceist fírice é. Ina dhiaidh sin, níor mhór ná go mbeadh an fhostaíocht ann agus an caipiteal atá gafa leis suntasach. Arís is ceisteanna fírice iad sin. Is fostaíocht shuntasach fostaíocht ar bith. Fiú amháin an tráth is fearr mheasfaimis gur fhostaíocht shuntasach fostaíocht ar bith, go háirithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Fiú i mBaile Átha Cliath faoi láthair meastar to bhfuil tábhacht le fostaíocht bheag. Níor mhór ná gur cion réasúnach den chaipiteal iomlán ranníoc an úinéara. Arís déanann an Bord léiriú cuíosach scaoilte air sin. Thabharfaidís creidiúint i leith airgead a bheadh curtha isteach cheana féin ag an dílseánach ach ar cailleadh é ar an drochuain. Is é an ceann is tábhachtaí ar fad an ceann a bhfuil breithmheas ag baint leis. Is é sin an cheist maidir le hionchas réasúnach a bheith ann le brabús ar buan-fhoras. Is ansin a chaithfear breithmheas a thabhairt. Dá bhfaigheadh sí cabhair ó Fhóir Teoranta, an bhféadfadh an chuideachta teacht slán agus dul chun cinn; arbh fhéidir léi a hoibleagáidí a chomhlíonadh agus fostaíocht a thabhairt ar buan-fhoras leanúnach? Sin an triail is tábhachtaí díobh sin go léir. Ceann de na critéar eile, an bhfuil amhras ann faoi bhuaine an ghnóthais? Tig leis an gcuideachta féin é a thaispeáint go réidh má tá sí éagumasach ar a riachtanais a fháil ó fhoinsí tráchtála nó d’fhéadfaimis labhairt leis an mbanc agus le forais airgeadais eile. Is é an ceann deiridh ná an mbeadh aniarmhairtí tromaí ann don náisiún nó do cheantar mura bhfaigheadh sé cúnamh airgeadais. Chaithfí é sin a léiriú i ndáil leis an éifeacht ar an bpobal dá rachadh monarcha áirithe in éag. B’fhéidir gurbh é an rud ba dheacra d’iarratasóirí a dhéanamh ná a dheimhniú don Bhord go mbeadh gnó buan leanúnach acu dá dtabharfaí an cúnamh atá uathu, agus ar ndóigh is ceist breithmheasa é sin”. 9. Dúirt an Chuideachta ina fianaise go ndearna sí measúnú ar iarratasóirí ar bhonn cuíosach liobrálach. “Má tá amhras ar bith ann is gnách linn é a thabhairt don iarratasóir.”3 Míníodh gur bhain gníomhaíocht tionscail leis an tionscal monarúcháin agus leis an tionscal mianadóireachta.4 Cuireadh in iúl don Choiste5 gurb éard is “brabúsacht” ann, chun críocha an chritéir, “....fáltas cóir ionas gur féidir leis an gcuideachta a cuid iasachtaí, lena n-áirítear a hiasachtaí ó Fhóir Teo., a mhaoiniú....agus dóthain caipitil oibre a ghiniúint le go dtig léi leathnú a dhéanamh”. (c) Athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Chritéir agus Cuspóirí10. San fhianaise uaidh thug Fóir le fios don Choiste go raibh a Bhord tar éis breathnú ar na critéir féachaint arbh iomchuí athruithe a dhéanamh. Mheas sé, tar éis roinnt pléití, go raibh na critéir “soiléir soláimhsithe”.6 Níor mhol an Bord aon mhór-athrú ar na critéir. 11. Tugann an Coiste dá aire ráta teipe (35%) na ngnóthas dar tugadh tacaíocht7 agus go bhfuil cuid mhaith de na cásanna láithreacha i ndeacracht i gcónaí. Is eol don Choiste, ó Thuarascálacha Bliantúla Fhóir agus an Údaráis Fhorbartha Tionscail, go dtarlaíonn, tar éis do roinnt mhaith monarchana dúnadh, go ndéanann príomhaithe nua táthcheangal ar na sócmhainní nó go gcuirtear tionscadail nua tionsclaíocha ar siúl i bhfoirgnimh na monarchana. Tig le fórsaí margaidh go minic, le tacaíocht agus comhordú éigin ón Stát, teacht ar atheagrú tionsclaíoch de chineál arbh fhearr a ionchais mhaireachtála agus fáis. Is ceist ábhartha ceist an chostais iomláin a bhaineann le tarrtháil tionscail — go háirithe nuair a áirítear an méid a chosnaíonn cúnamh airgeadais ó Fhóir agus ón Údarás Forbartha Tionscail le chéile. Tá cur síos níos mine ar na saincheisteanna sin i gCodanna eile ina dhiaidh seo. 12. Rinne an Coiste athbhreithniú ar an ngá go mbeadh raon earnálacha níos leithne cáilithe chun tacaíocht a fháil ó Fhóir. Ní bhaineann sé ach le monarúchán agus le mianadóireacht faoi láthair. Thug an Coiste dá aire go raibh comharchumainn phróiseála talmhaíochta i measc na ngnóthas lenar cabhraíodh. Ar na hearnálacha eile den gheilleagar a bhféadfaí breithniú a dhéanamh orthu tá foirgníocht, dáileadh agus seirbhísí. D’áitigh Cathaoirleach Fhóir ina fhianaise nárbh aon chabhair é leathnú a dhéanamh ar raon na n-earnálacha a bhfhéadfaí cúnamh a thabhairt dóibh. De réir mar a dúirt sé, má tá fadhbanna sna tionscail seirbhísí nó i dtionscail nach dtagann faoi réim an Achta, nó má bhíonn bearna ann, líonfar í trí ghnáth-iomaíocht sa tír.8 Thug an Chuideachta le fios don Choiste nach bhfuair sí ach fíorbheagán iarratas ó ghnóthais nach raibh cáilithe.9 Agus cúrsaí mar atá ní léir don Choiste cén fáth a d’athródh an Chuideachta na teorainneacha atá leis na hearnálacha a bhfuil cead aici cabhrú leo faoi láthair. 13. Bhreithnigh an Coiste arbh iomchuí don Chuideachta an cion a dhéanann sí faoi na hoibríochtaí atá anois aici a leathnú. Mar shampla, d’fhéadfadh sí bheith níos gníomhaí i ndáil le prionsabal na tarrthála. In ionad fanacht go dtí go dtagann gnóthais atá i ndeacracht chuicise agus déileáil le hiarratasóirí ceann ar cheann, d’fhéadfadh sí feidhmiú mar idirghabhálaí. D’fhéadfaí an beartas sin a fheidhmiú trí athbhreithniú a dhéanamh ar thionscail agus ar ghrúpaí gnóthas d’fhonn atheagrú agus cuíchóiriú a chur i gcrích ar bhonn níos forleithne (trí chumaisc, b’fhéidir) chun breis éifeachtúlachta a bhaint amach i gcúrsaí tionscail. Dar le Fóir “is saineagraíocht atá ann chun cabhrú le gnólachtaí aonair atá i ndeacrachtaí… Tagaimid ar chásanna inar cosúil ó na fadhbanna atá ag gnóthais aonair go bhfuil deacrachtaí ag earnáil áirithe i gcoitinne. Sa chás sin is gnách linn oibriú i gcomhar agus as lámha a chéile leis na gníomhaireachtaí eile Stáit atá ann in ionad an obair chéanna a dhéanamh nó teacht trasna orthu…in ionad gasra mór daoine a chur ag gabháil do thaighde agus do staidéar ar earnálacha tig le Fóir, gan stró, dul i muinín acmhainní eagraíochtaí móra, go háirithe an tÚdarás Forbartha Tionscail, a bhfuil baint níos dírí acu le hearnálacha tionscail.”10 III OIBRÍOCHTAÍ AGUS FEIDHMIÚ(a) Próiseas Measúnachta agus Cinnte14. San aighneacht a rinne sí leis an gCoiste dúirt an Chuideachta go ngníomhaíonn Fóir, ina oibríochtaí ó lá go lá, mar ghnáth-theach airgeadais faoi réir a critéar reachtúil speisialta. Déantar fiosrú mion ar gach iarratas, scrúdaítear áitribh agus saoráidí táirgthe agus ní mór d’iarratasóirí gach eolas iomchuí a thabhairt.… Tugtar aird ar leith ar fhadhbanna bainistíochta. Lorgaítear barúlacha ó gach Roinn Rialtais agus ó gach gníomhaireacht Stáit is iomchuí. Cuireann feidhmeannaigh Fhóir tuarascálacha i dtaobh gnóthaí gnóthas gátarach faoi bhráid an Bhoird. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil dó, cinneann Bord Fhóir cad iad na gnóthais a dtabharfar tacaíocht dóibh. 15. Ina fhianaise os comhair an Choiste, dheimhnigh Cathaoirleach Fhóir go láidir gur ar bhonn na gcritéar reachtúil a rinne Bord na Cuideachta a chuid cinntí agus go raibh siad neamhspleách ar uiríolla ó Airí Rialtais.11 16. I gcás iarratas ar chistí de bhreis ar £250,000 ní mór cead do chinneadh an Bhoird a fháil ón Aire Aigeadais agus ón Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Bunaíodh an teorainn sin i 1972.12 I bhfianaise don Choiste mhínigh an Chuideachta go mba ghá cead na nAirí a fháil do chinntí níos minice le déanaí. De réir mar a deir Bainisteoir Fhóir, tugann na hAirí an cead sin cuíosach réidh. Nuair a bhí an Bille um Fhóir is deireanaí á phlé (1976) mhol an Chuideachta go n-ardófaí an teorainn £250,000 ach níor glacadh leis an moladh.13 Thug an Coiste dá aire go ndéantar, i gcás an Údaráis Fhorbartha Tionscail, an teorainn leis na deontais is féidir a íoc gan cead ón Aire a ardú ó am go ham. Ag féachaint don ráta boilscithe ó 1972 i leith molann an Coiste go n-ardófaí an teorainn i gcás Fhóir lena chinntiú go mbeadh ionann is an ráta ardaithe céanna aige is atá ag an Údarás Forbartha Tionscail. (b) Gníomhaíocht Tacaíochta agus Ráta Teipe17. Tá anailís ar oibríochtaí Fhóir le fáil i dTábla I mar a leanas: TÁBLA I Anailís ar Ghníomhaíocht Fhóir 1972-1979
Foinse: Aighneacht agus Cuntais Bhliantúla Fhóir. 18. Léirítear roinnt fíricí spéisiúla sa Tábla sin roimhe seo. I gcás 47 (18%) de na gnóthais a d’iarr cúnamh níor ghlacadar leis an gcabhair a tairgeadh. Mhínigh Fóir gurbh é ba chúis leis sin go hiondúil nár comhlíonadh na coinníollacha ba ghá i ndáil le hiasacht nó go bhfuarthas cistí áit éigin eile.14 Tá an líon iomlán iarratas nua, eadhon, 476 (coibhéis tuairim cúig cinn sa mhí) ard. Diúltaítear do bheagnach leath na n-iarratas ar thacaíocht. 19. Dúirt Fóir go raibh 33% de na gnóthais lenar cuidíodh bradúsach arís anois. D’íoc 14% de na gnóthais dar tugatdh cabhair an t-airgead go léir ar ais le Fóir. 35% de na gnóthais lenar cabhraíodh dhúnadar ina dhiaidh sin. Idir na gnólachtaí ar theip orthu agus iad siúd ar éirigh leo tá beagnach trian de na gnóthais lenar cabhraíodh nach bhfuil mar seo nó mar siúd. I gcás na ngnóthas sin, tá cuid acu a bhfuil trádáil imeallach ar siúl acu agus tá an formhór i ngleic le fadhbanna móra.15 Ag féachaint do mheathlú eacnamaíochta na haimsire seo dealraíonn sé ón bhfaisnéis sin nach dtiocfaidh feabhas ar an ráta ratha go ceann tamaill. 20. Maidir leis an gcaoi a bhfuil ag eirí le Fóir a chuspóirí a bhaint amach, bhí an méid seo le rá ag a Chathaoirleach leis an gCoiste: “....D’éirigh linn sa mhéid gur lean ar a laghad 50 nó 60 faoin gcéad de na cuideachtaí a fuair cúnamh uainn ag déanamh gnó cé nach bhfuil ag eirí leo mar ba chóir i gcásanna áirithe. Tá ráta teipe thart faoi 30% againn. An cineál gnóthais a thagann chugainn tá caipiteal de dhíth orthu nach dtig leo a fháil áit ar bith eile; gach seans go ndearnadh droch-bhainistí orthu agus nach féidir leo airgead a fháil ó na gnáthfhoinsí. Gnó ardfhiontair atá ar siúl ag Fóir Teoranta, agus dá bhrí sin ní foláir nó go mbeidh méid áirithe teipeanna. Dá dtiocfadh laghdú mór ar an méid teipeanna, nó mura dteipfeadh ar ghnóthas ar bith, b’fhéidir go gciallódh sé go rabhamar ag déanamh forléiriú ró-ghéar ar na critéir.”16 Is dóigh leis an gCoiste nach bhfuil ráta teipe Fhóir go dtí seo míréasúnach, á mheabhrú gur cineál ‘dídean deiridh’ a chuid oibríochtaí agus ag féachaint don staid eacnamaíoch i gcoitinne ó bunaíodh Fóir. 21. De ghnáth athraíonn an t-éileamh ar thacaíocht airgeadais ó ghnóthais ghátaracha suas nó síos de réir an bhail a bhíonn ar gheilleagar na hÉireann i gcoitinne. Is gníomhaí go mór a bhí an Chuideachta i gcaitheamh na tréimhse 1974-1976 ná mar a bhí sí i 1977-1979 (féach Foscríbhinn I). Cuireadh dlús obann leis an ngníomhaíocht tarrthála i 1980. I bhfianaise don Choiste thug an Chuideachta le fios, maidir leis an deich mí dar chríoch deireadh mhí Dheireadh Fómhair, 1980, gur ceadaíodh 45 chás ar chliaint nua 31 acu agus ar chásanna a bhí idir lámha cheana féin 14 acu; agus gur £12.9m san iomlán an cúnamh airgeadais a tugadh. 7,900 daoine ar fad a bhí fostaithe sna 31 chás nua.17 Tá sé suntasach, ó thaobh an líon fostaithe a bhí i gceist agus leibhéal an chúnaimh airgeadais a bhí ag teastáil i 1980, gurbh airde iad, ar an meán, ná dhá oiread na leibhéal a bhain le gnóthais i mblianta roimhe sin. Tuigtear go mba é an líon oibríochtaí tarrthála ar mhórscála a eagraíodh do ghnóthais mhóra ba chúis le cuid den athrú sin. Sa tréimhse 1972-79 ba é an méid cúnaimh airgeadais a ceadaíodh i leith gach gnóthais £133,000 ar an meán agus 110 ar an meán an líon fostaithe a bhí i gceist. Dúirt an Chuideachta, i bhfianaise, gur ghnóthais bheaga nó meánmhéide formhór na ngnóthas a mbíonn sí ag cabhrú leo agus iad go hiondúil faoi rialú agus faoi bhainistí an úinéara.18 (c) Tábhacht na Gníomhaíochta Tacaíochta22. D’fhonn a dhéanamh amach cé chomh tábhachtach is a bhí gníomhaíocht tharrthála Fhóir, cuireadh a iarrachtaí i gcomparáid le méid iomlán na monarchana a dúnadh, le méid iomlán na bpost tionscail a cailleadh agus leis na staitisticí dífhostaíochta go léir. Tá na comparáidí sin leagtha amach sa Táble seo a leanas: TÁBLA 2 Sonraí i dtaobh Tionscal: 1975-79
Foinsí: Tuarascálacha Bliantúla an Údaráis Fhorbartha Tionscail agus Bhanc Ceannais na hÉireann; agus Aighneacht Fhóir don Choiste. Léiríonn an Tábla sin gur mó an méid post a cailleadh trí laghduithe ar an líon fostaithe i ngnóthais a fhanann i ngnó ná an méid post a cailleadh mar gheall ar mhonarchana do dhúnadh. Is mór an líon daoine atá fostaithe i ngnóthais ar cheadaigh Fóir cúnamh airgeadais dóibh i gcomórtas leis an líon poist a cailleadh nuair a dhún monarchana. Ón méid sin thuas tháinig an Coiste ar an mbarúil gur éirigh sách maith leis an gCuideachta cosc a chur le dúnadh monarchana agus le dífhostaíocht bhreise dá dheasca sin. 23. Tá dhá thrian de na cistí a thug Fóir infheistithe sna ceithre earnáil tionscail seo a leanas: Troscán agus Táirgí Adhmaid; Teicstílí, Coisbheart agus Éadaí; Earraí Leictreacha; agus Táirgí Miotail. (d) An Cineál Tacaíochta Airgeadais a Thugtar24. Cuireann an Chuideachta tacaíocht airgeadais ar fáil do ghnóthais ghátaracha go príomha i bhfoirm iasachtaí uarraithe, scairchaipiteal tosaíochta infhuascailte carnach nó gnáth-scairchaipiteal. Is i bhfoirm iasachtaí urraithe is mó a thugtar cabhair mar a léirítear sa Tábla seo a leanas: TÁBLA 3 Fóir—Anailís ar Chistí Infheistithe, 31 Nollaig 1979
Foinse: Cuntais Bhliantúla Fhóir, 1979. 25. Urraítear iasachtaí i gcoitinne tríd an dara muirear ar shócmhainní a bhfuil tosaíocht air ag muirear láithreach i bhfábhar bainc i leith saoráidí airgeadais a airleacadh roimhe sin.19 Muirearaíonn an Chuideachta ús de réir ráta atá “beagán faoi bhun na rátaí tráchtála reatha” ar na hiasachtaí go léir.20 Ón méid úis a fuarthas, mar a thaispeántar i gcuntais Fhóir, dealraíonn sé nach n-íocann na gnóthais go léir an méid úis atá dlite do Fhóir. Tá iasachtaí inaisíoctha thar tréimhse 12 bhliain ar a mhéid. I gcásanna áirithe cuirtear siar aisíocaíochtaí príomhshuime sna blianta tosaigh d’fhonn oibleagáidí an iasachtaí a laghdú i dtús na tréimhse téarnaimh. 26. Ina fianaise don Choiste thug an Chuideachta a dearcadh féin i dtaobh na gcineálacha airgeadais a chuireann sí ar fáil.21 Ní bhíonn fonn uirthi cothromas a thabhairt ós gnóthais bheaga nó mheánmhéide formhór na ngnóthas dá dtugtar tacaíocht. Dá ndéanfaí infheistíocht trí chothromas i ngnóthas gátarach beag bheadh forlámhas aici ar an gcaipiteal cothromais a bhí ann cheana féin agus is é an rud a d’fhéadfadh teacht as gur ag Fóir a bheadh úinéireacht an ghnóthais ar fad geall leis. Is mar seo a leanas a mhínigh Bainisteoir Fhóir an scéal, “…ní theastaíonn uainne rialú, fiú más rialú diúltach é, a dhéanamh ar chuideachta atá in iomaíocht san earnáil phríobháideach. Tá taobh diúltach leis chomh maith. Dá dtarlódh, tar éis dúinn infheistíocht chothromais a dhéanamh, go bhfaighimis amach go mba bhotún é cabhair a thabhairt ar an gcéad ásc, agus gurbh é an rud ba chóir a dhéanamh an chuideachta a fhoirceannadh, d’fhéadfadh sé a bheith rí-dheacair sin a dhéanamh dá mbeadh leas cothromais ag an Stát inti trí eagraíocht Stáit. D’fhéadfadh sé a bheith an-deacair cuideachta a dhúnadh fiú dá mba rí-shoiléir go mba chóir sin a dhéanamh. Thairis sin, má thugtar airgead trí iasacht urraithe tugtar cosaint éigin d’airgead an Stáit i mórán cásanna mar, fiú má theipeann ar an ngnó, tá seans ann go bhfaighfear cuid den airgead sin ar ais.” 27. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé de chumhacht ag an gCuideachta ráthaíochtaí a thabhairt i leith iasachtaí a fhaigheann gnóthais ghátaracha. Is beag úsáid a baineadh as an tsaoráid sin go dtí seo. 28. Dúirt Cathaoirleach Fhóir linn go ndéantar na hiarratais go léir chucu siúd tar éis do na bainc a rá nach rachaidh siad féin níos faide.22 Chuir sé in iúl dúinn chomh maith gur féidir le gnólacht atá i sáinn a chuntas bainc a choinneáil i ndea-riocht go ceann tréimhsí fada trí shíneadh a bhaint as a chreidiúnaithe agus trí íocaíochtaí do na Coimisinéirí Ioncaim, fearacht CBL, IMAT agus ASPC, a choinneáil siar, agus suimeanna an-mhór a bhíonn i gceist leo sin uaireanta.23 Tá sé le tuiscint ón bhfaisnéis sin go bhféadfadh gur chóimheas an-ard an cóimheas idir fiacha agus cothromas fhormhór na n-iarratasóirí. Is beag brí a bheadh le hurrúis ó Fhóir i leith iasachtaí sna tosca sin. B’ionann cion na gcaillteanas ar luach iasachtaí agus infheistíochtaí i ndáil leis na hairleacain go léir agus an ráta teipe. O thaobh cúrsaí airgeadais de is cosúil go ndéanann sé dochar do ghréasán caipitil éagobhsaí iarratasóirí cistí tacaíochta a fháil, i gcásanna gátair, i bhfoirm saoráidí iasachta ó Fhóir—cinnte ní dhéanann sé aon mhaitheas dó. Cruthaíonn maoiniú i bhfoirm iasachtaí muirear úis ar an gCuntas Sochair agus Dochair. D’fhéadfadh lagmhisneach teacht ar lucht bainistí na ngnóthas dá dtugtar cabhair má bhíonn costas breise ag gabháil le brabúsacht. Tuigeann an Coiste cén fáth a bhfuil imní ar Fhóir faoi chaipiteal cothromais a chur ar fáil agus faoina bhfuil i gceist leis sin. Thug an Coiste dá aire gur tharla, i roinnt cásanna tarrthála le déanaí a raibh suimeanna móra airgid i gceist leo, gur thug Fóir cistí i bhfoirm scairchaipitil tosaíochta infhuascailte. Taitníonn an cineál sin airgeadais leis an ngnóthas dá dtugtar cabhair sa mhéid go neartaíonn sé a bhonneagar caipitil agus go laghdaíonn sé a fhiontair airgid ó thaobh na baincéireachta de. Nuair a thugann Fóir an cineál sin tacaíochta airgeadais tá sé ag dul i bhfiontar níos mó mar is i bhfoirm díbhinní a íoctar a ioncam má éiríonn leis an ngnóthas bheith sách brabúsach. I gcás leachtú bheadh infheistíocht Fhóir i scaireanna tosaíochta infhuascailte i dteideal a n-aisíoctha i ndiaidh creidiúnaithe neamhurraithe ach roimh ghnáth-scairchaipiteal na n-úinéirí. (e) Coinníollacha a Ghabhann le Cúnamh Airgeadais a Thabhairt29. Chuir Fóir in iúl don Choiste go ndéantar, i gcás ina dtugtar cúnamh, coinníollacha a chur ag gabháil leis is dóigh le Fóir is gá chun cumas marthana gnóthais a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh ar na coinníollacha sin athruithe ar lucht bainistí, stiúrthóir nó stiúrthóirí ainmnitheacha a cheapadh nó sainchomhairleoirí a cheapadh chun gnéithe éagsúla den ghnó a scrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu.24 Chun an scéal a léiriú tuilleadh, luaigh Cathaoirleach Fhóir go mb’fhéidir go bhfostófaí rialálaí airgeadais nó fiú amháin go n-athrófaí stiúrthóir bai n-istíochta. D’fhéadfadh an coinníoll sin bheith ag gabháil leis an iasacht.25 (f) Aonad na Seirbhísí Bainistíochta30. Tá aonad seirbhísí bainistíochta ag Fóir agus leathnaíodh é le déanaí ó cheathrar go seisear saineolaí bainistíochta. Tugann na saineolaithe sin tacaíocht bhainistíochta i ngnóthais dá dtugann Fóir cúnamh. Bhí an méid seo le rá ag Bainisteoir Fhóir faoi fheidhm na ndaoine sin:— “…Tá saindualgais le déanamh acu, mar shampla i ndáil le costálacha, rialuithe airgid, margú nó táirgeadh. Dualgais aonuaire a bheadh iontu sin chun córais a chur isteach, feabhas a chur ar chórais a bhí ann cheana féin nó plean oibre a leagan síos maidir leis an gcaoi is cóir don chuideachta gníomhú san am le teacht. Bheidís ag obair sa chuideachta ar feadh tamaill. Is amhlaidh go bhféadfaidís feidhmiú mar bhainisteoir nó mar phríomhfheidhmeannach ar an gcuideachta ó am go ham. Ní minic a tharlódh a leithéid ach bheadh na feidhmeannaigh sin ag gníomhú amhlaidh fad is a bheadh príomhfheidhmeannach nua á earcú.”26 Is léir gur forlíonadh riachtanach do sholáthar tacaíochta airgeadais seirbhísí an aonaid sin, go háirithe má bhíonn laige i mbainistí an ghnóthais ghátaraigh, rud atá fíor go minic. 31. Dealraíonn sé don Choiste maidir le líon na bhfeidhmeannach ginearálta agus na saineolaithe um sheirbhísí bainistíochta atá fostaithe ag Fóir gur líon sách beag é i gcomórtas leis an líon iarratas ag lorg cúnaimh airgeadais, an méid cásanna ‘gníomhacha’ atá idir lámha agus na fadhbanna, idir fhadhbanna bainistíochta agus eile, a bhíonn ag na gnóthais dá dtugtar cúnamh. 32. Creideann an Coiste go bhfuil obair fhóinteach ar siúl ag Fóir, ar chostas réasúnach, chun tacú le cuspóirí tionscail agus fostaíochta in Éirinn. Ós geilleagar beag oscailte é geilleagar na hÉireann cuireann athruithe eacnamaíochta lasmuigh brú air. Creideann an Coiste go bhfuil gá le seirbhísí ‘iasachtóra dídine deiridh’ agus go mbeidh feasta. IV BORD, BAINISTÍOCHT AGUS FOIREANN(a) Bord33. Faoin Acht um Fhóir Teoranta, 1972, foráiltear nach mbeidh níos mó ná seachtar comhalta ar Bhord na Cuideachta. Is é an tAire Airgeadais, le toiliú an Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta, a cheapann an Cathaoirleach agus na stiúrthóirí eile agus féadfaidh sé, le toiliú an Aire chéanna, iad a chur as oifig. Gníomhaíonn na stiúrthóirí go léir i gcáil neamhfheidhmitheach agus tagann an Bord le chéile uair sa mhí ar a laghad. Is iad na daoine atá ar an mBord beirt stiúrthóir bainistí, sainchomhairleoir gnó, cuntasóir cairte, coimisinéir um chearta, stiúrthóir airgeadais agus suirbhéir cainníochta. Thug an Coiste dá aire nach raibh aon ionadaí ceardchumainn ar an mBord. Nuair a ceistíodh ar an ábhar seo iad dúirt an Chuideachta go raibh ionadaí ar an mBord acu roimhe sin agus gur mhór an chabhair a raibh le rá aige.27 34. Murab ionann agus mórán comhlachtaí tráchtála Stát-tionscanta eile, níl aon fheidhmeannach lánaimsire ar Bhord Fhóir. Tugadh le fios don Choiste i bhfianaise go mbíonn an Bainisteoir agus an Rúnaí i láthair ag cruinnithe den Bhord agus nár mhór an buntáiste é dá mbeadh feidhmeannach ar an mBord.28 (b) Bainistíocht—an Comhshocrú le Cuideachta an Chairde Tionscail Teoranta35. 24 dhuine san iomlán atá ag obair d’Fhóir agus an seisear saineolaí bainistíochta san áireamh. Is mór idir na socruithe atá ag an gCuideachta maidir le bainistíocht san áireamh. Is mór idir na socruithe atá ag formhór na maidir le bainistíocht agus foireann agus na socruithe atá ag formhór na ngníomhaireachtaí Stáit. Is fostaithe de chuid Chuideachta an Chairde Tionscail Teoranta (CCT) iad an fhoireann bhainistíochta, feidhmiúcháin agus riaracháin go léir agus cuirtear ar fáil d’Fhóir iad faoi chomhaontú bainistíochta foirmiúil idir an dá eagraíocht. Is iad na saineolaithe bainistíochta in aonad na seirbhísí bainistíochta agus iad sin amháin atá fostaithe go díreach ag Fóir. I bhfianaise29 don Choiste mhínigh an Chuideachta go ndearnadh an comhshocrú le CCT i 1972 ar dtús ionas go bhféadfaí dul i mbun oibre go gasta tar éis don Acht teacht i bhfeidhm. Fuair Bord Fhóir amach ó shin go raibh an comhshocrú ag oibriú go han-mhaith óna thaobh féin de. Rinneadh athbhreithniú agus leathnú ar an gcomhaontú faoi dhó ó shin. Is cúram de chuid CCT chomh maith taifid chuntasaíochta Fhóir a choinneáil, na cuntais a ullmhú lena n-iniúchadh agus freastal dá riachtanais chóiríochta. Deir Fóir go dtugann an comhshocrú an-chuid solúbthachta agus foireann taca ós rud é go mbíonn leibhéal gníomhaíochta Fhóir suas síos ó am go ham. 36. Is é an Bainisteoir (is fostaí de chuid CCT) atá freagrach i stiúradh agus i rialú fhoireann na Cuideachta (lena n-áirítear na saineolaithe bainistíochta). Tuigeann an Coiste go bhfuil an Bainisteoir, an Rúnaí agus cuid eile den fhoireann shinsearach ar iasacht ag Fóir ón uair a bunaíodh é. 37. Measann an Coiste go bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis na socruithe sin thuas i ndáil le bainistíocht agus foireann. Thug an Coiste dá aire barúlacha na Cuideachta maidir leis na buntáistí a leanann as na socruithe sin; ach bheadh sé ag súil go ndéanfadh an Bord athbhreithniú orthu (go háirithe ar an leibhéal is airde) ó am go ham le bheith cinnte go bhfuil cuspóirí agus riachtanais na Cuideachta á gcomhlíonadh ar an mbealach is éifeachtúla acu i gcónaí. V GNÓRÉIM AIRGEADAIS AGUS GRÉASÁN CAIPITIÚIL(a) Easnaimh Airgeadais38. Idir 1972 agus 1979 thabhaigh Fóir glaneasnaimh (nó caillteanais) £8.5 milliún ar fad. Is é sin an t-easnamh iomlán roimh ús a mhuirearú ar an £25.1 milliún d’airleacain Státchiste ar ar tharraing Fóir chun a oibríochtaí a mhaoiniú. Go dtí seo níor ghearr an tAire Airgeadais aon ús ná níor shocraigh sé téarmaí ar bith maidir leis na hairleacain a aisíoc.30 Mar a léirítear go hachomair in aighneacht na Cuideachta30 gnóthaíodh barrachas oibríochta £2.1 milliún (roimh mhuirir airgeadais) i gcaitheamh na tréimhse 1972-1979. Cailleadh £10.6 milliún idir chaillteanais ar iasachtaí agus ar infheistíochtaí sa tréimhse chéanna, áfach — rud a d’fhág easnamh £8.5 milliún san iomlán. Dar ndóigh ní féidir Fóir a mheas ar an gcaoi céanna le roinnt comhlachtaí Stát-tionscanta eile, sa mhéid nach bhfuil sé ag gabháil do thrádáil. D’fhéadfá a rá gur feidhm shochfhorbartha an fheidhm atá aige. Pléitear na costais agus na tairbhí a bhaineann lena oibríochtaí i gCuid VI. 39. Is ús a fuarthas ar iasachtaí a tugadh do ghnóthais ghátaracha nócha faoin gcéad d’ioncam Fhóir. Is ionann an méid sin úis a fuarthas agus brabach 5% ar ghlanluach na n-iasachtaí a thaispeántar i gclár comhardaithe 1979. Léiríonn leibhéal íseal an bhrabaigh ar phortfóilió Fhóir nach bhfuil ús á íoc ag na gnóthais go léir dá dtugtar cabhair — go mórmhór mar gheall ar a ndrochstaid airgeadais. I 1979 chosain sé £611,610 an Chuideachta a riaradh. Áirítear ar an bhfigiúr sin an táille bhainistíochta ab iníoctha le CCT, tuarastail eile, cíos agus rátaí agus costais taistil agus costais eile. £252,636 an barrachas oibríochta (roimh mhuirir airgeadais) i 1979 i gcomparáid le £326,895 i 1978. Tar éis na gcaillteanas ar theipeanna a áireamh ba é an glaneasnamh £1.5 milliún i 1979 i gcomórtas le £3.2 milliún i 1978. (b) Gréasán Caipitiúil40. Tá bonneagar caipitiúil neamhchoitianta ag Fóir. Níl ina scairchaipiteal údaraithe agus eisithe ach £100. Is airleacain Státchiste an t-aon fhoinse amháin atá ag an gCuideachta le maoiniú a fháil ón taobh amuigh.31 D’fhéadfaí a rá gur cailleadh an scairchaipiteal agus £8.5 milliún de na hairleacain Státchiste mar gheall ar na glaneasnaimh carnaithe anuas go dtí deireadh 1979. 41. Faoi reachtaíocht a ritheadh i 1976 cuireadh teorainn £35 milliún le cumhachtaí na Cuideachta airgead a fháil ar iasacht. Ónar tharla le déanaí dealraíonn sé go rachaidh na cumhachtaí sin i ndísc i rith na bliana 1981. (Tá beagán faoina réir ag an gCuideachta mar is ó Thaiscí Stáit Teoranta a tháinig tuairim £7.5 milliún dá hiasachtaí agus níl sin intugtha chun cuntais san fhigiúr a luadh roimhe seo.) Chuir an Chuideachta in iúl don Choiste i bhfianaise32 go bhfuil an scéal á phlé leis an Roinn Airgeadais. Má leanann Fóir air ag gníomhú mar atá sé faoi láthair is léir go mbeidh gá le méadú an-mhór ar a chumhachtaí chun iasachtaí a fháil. VI CEISTEANNA NÍOS LEITHNE(a) Ceangail le Comhlachtaí eile—Córas Luath-Rabhaidh42. Oibríonn Fóir i ndlúth-chomhar le roinnt Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit. I mórán cásanna ina dtugtar cabhair do ghnóthais ní mór baint a bheith aige leis an Údarás Forbartha Tionscail. Tá ‘rannán tarrthála’ i ngníomh ag an UFT ó 1972 i leith. Oibríonn an rannán sin i gcomhar le Fóir chun ‘bearta tarrthála’ a leagan amach do ghnóthais atá i sáinn. Chomh maith leis na cistí a thugann Fóir ar airleacan, tugann an UFT tacaíocht i bhfoirm deontas. I 1979 mar shampla cheadaigh an UFT deontais, arbh fhiú £893,000 iad, i leith ‘bearta tarrthála’ do 23 ghnóthas a raibh 1,769 daoine ar fostú iontu agus a raibh i gceist leo 135 post nua a chruthú.33 Ina theannta sin, i gcásanna nach féidir ‘bearta tarrthála’ sásúla a leagan amach agus inar cosúil go ndúnfaidh an gnóthas, Iorgaíonn an UFT tionscadail ionaid a ghabhfaidh sócmhainní áirithe de chuid an ghnóthais nó a shócmhainní go léir. De thoradh caibidlí i 1979 fuarthas 24 thionscadal ionaid den chineál sin, a raibh 985 phost i gceist leo agus an cumas acu 799 bpost eile a chruthú. I bhfianaise uaidh don Choiste, dúirt Fóir nach ionann na seirbhísí a thugann sé féin agus iad siúd a thugann UFT.34 43. Tá iarracht déanta ag Fóir, i gcomhar le gníomhaireachtaí éagsúla, ‘córas luath-rabhaidh’ a bheartú chun an mhéar a leagan ar ghnóthais atá ag dul i ndeacracht, ionas go bhféadfaí tacaíocht a thabhairt agus gníomh ceartúcháin a dhéanamh go luath. D’admhaigh Fóir35 nár éirigh leis an ‘córas luath-rabhaidh’ a chur ag obair mar ba mhaith leis — cé go raibh rath éigin ar a chuid iarrachtaí é a fheabhsú. Le linn dó an fhadhb sin agus na cúiseanna atá léi a phlé, bhí an méid seo a leanas le rá ag Fóir: “....is amhlaidh go bhfuilimid fós ag fáil iarratas ar chúnamh ar bheagán fógra. Is dócha go bhfuil cúis siceolaíoch leis sin; roinnt mhaith gnóthas atá i ngátar airgid cuireann siad an-stró orthu féin lena gcruachás a cheilt ar chreidiúnaithe, ar bhaincéirí agus ar chomhairleoirí airgid le súil go dtiocfaidh feabhas ar an scéal. Dá bharr sin is minic a bhíonn díobháil do-réitithe déanta sula gcuirtear fadhbanna na cuideachta in iúl dúinne.” 44. I dtosach báire d’fhéach Fóir leis an gcóras luath-rabhaidh a cheapadh i gcomhairle leis an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus leis an Údarás Forbartha Tionscail. Dúirt Cathaoirleach Fhóir, i bhfianaise don Choiste, “....tá leathnú déanta ar chomhaltas an ghasra idir-áisíneach36 le go n-áireofaí air ionadaithe ón Roinn Saothair, ón Roinn Talmhaíochta agus ó CTT.” agus “Faoi choimirce an choiste idir-áisíneach, táthar ar triall as an nua ar na príomhghrúpaí baincéireachta agus seoladh pléití cheana féin le ceann de na grúpaí is mó.”35 (b) An Costas agus na Tairbhí a bhaineann le Cuideachta a Tharrtháil45. Léirigh an Chuideachta ina fianaise37 go bhfuil na tairbhí seo a leanas ag gabháil le cúnamh airgeadais a thabhairt do ghnóthais atá i sáinn: —Caomhnú post, —Coigiltis ar íocaíochtaí iomarcaíochta, —Coigiltis ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, —Cáin ioncaim nach mbeadh á íoc mura mbeadh sin ag fostaithe sna gnóthais dá dtugtar tacaíocht, —Ranníocaí i leith chomhardú na n-íocaíochtaí, —Tacaíocht do phoist in earnálacha eile a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí do na gnóthais lena gcabhraítear. Rinne an Chuideachta amach38 go gcosnaíonn sé idir £976 agus £1,731 uirthi post a shábháil, de réir an bhonn ríomhaireachta. Dhearbhaigh sé gurbh ísle go mór é sin ná costas deontais ón UFT i leith gach post nua a chruthaítear. 46. Murab ionann agus an UFT (a thugann deontais) is i bhfoirm iasachtaí inaisíoctha agus scairchaipitil a chuireann Fóir cúnamh airgeadais ar fáil. Bíonn luach na n-infheistíochtí sin san am le teacht ag brath go mór ar théarnamh na ngnóthas dá dtugtar cabhair, áfach. Níl ach beagán díobh a d’íoc ar ais na hiasachtaí a tugadh dóibh. Dá bharr sin níor íoc Fóir an t-ús Státchiste ar airleacain a fuarthas agus as £26.3 milliún d’airleacain Státchiste níor aisíoc Fóir ach £1.3 milliún idir 1972 agus 1979.39 Ar a laghad ar bith, ba é an costas díreach don Státchiste as tacú le Fóir an t-ús ar airleacain a ligeadh thar ceal agus easnamh tiomsaithe na Cuideachta. Glactar leis, ar an mbonn sin, go bhfaighfear ar ais (agus go n-aisíocfar leis an Státchiste) na hinfheistíochtaí eile uair éigin sa todhchaí. De mhalairt air sin, d’fhonn gar-chomparáid a dhéanamh idir costas gach post a shábháiltear agus gach post nua a chruthaítear, d’fhéadfaí a mheas (chun críche na comparáide) gur ‘deontas-i-gcabhair’ na hairleacain a tugadh d’Fhóir. Má dhéantar an ríomh ar an mbonn nua sin dealraíonn sé gur £1,205 ar an meán i leith gach duine a bhí fostaithe leibhéal an chúnaimh airgeadais a thug Fóir sa tréimhse 1972-1979.40 Nuair a dhéantar coigeartuithe i leith na ngnóthas lenar cabhraíodh ach ar theip orthu, feicfear gur caitheadh, ar an meán, £1,853 ar fad i leith gach post a sábháladh. Thug an Coiste dá aire nach féidir costas Fhóir a scrúdú ar leith ó chúinsí eile. Caithfear deontais ón UFT i bhfoirm ‘bearta tarrthála’, a raibh baint ag Fóir leo, a chur i gcuntas chomh maith. Sa tréimhse 1977-1979 go huile tugadh £409 de dheontas ar an meán i leith gach post a coinníodh.41 Le linn na tréimhse cúig bliana ó 1975 go 1979 b’iad na meándeontais a thug an UFT i leith gach poist £4,462 (Tionscal Nua ón gCoigríoch), £3,623 (Tionscal Nua Baile), £2,054 (Tionscal Beag ón gCoigríoch) agus £1,881 (Tionscal Beag Baile). B’ísle i bhfad ráta teipe tionscal nua ná ráta teipe na ngnóthas lena gcabhraíonn Fóir. Ní chuireann an anailís sin san áireamh caoi-chostas an úis ar na cistí atá curtha ar fáil. Mar is léir ón anailís, cé gur ísle go mór costas gach post a shábháiltear ná costas post nua a chruthú i ngnóthas mór, tá sé gar do chostas post nua a chruthú i ngnóthais bheaga — agus is fearr an chomparáid í sin ag féachaint do mheánmhéid fhormhór chliaint Fhóir. 47. Ní dhearna an Coiste scrúdú ar na costais agus na tairbhí indíreacha a bhaineann le hoibríochtaí Fhóir. Is léir ó leibhéal na dífhostaíochta in Éirinn gur féidir gníomhaíochtaí chun poist a chaomhnú agus gníomhaíochtaí chun poist a chruthú a bheith ar siúl taobh le taobh. Ag féachaint dó sin agus do chostas na dífhostaíochta i dtéarmaí sóisialta, is é tuairim an Choiste nach bhfuil costas éifeachtúil ghníomhaíochtaí Fóir míréasúnach ag féachaint don chion oibre a dhéanann sé. (c) Feidhm na mBanc48. D’fhéach an Coiste lena fháil amach, ó thaithí Fhóir, cad iad na beartais agus na socruithe atá ag na bainc maidir le gnóthais ghátaracha a mhaoiniú. Nuair a fiafraíodh de Chathaoirleach Fhóir an raibh na bainc á scaoileadh ag Fóir óna bhfreagrachtaí i ndáil lena ndeacrachtaí trádála, d’fhreagair sé mar a leanas: “…tá a gcritéir féin ag na bainc i dtaobh cad is fiontar inghlactha ann. I mórán cásanna ní féidir leo, le stuaim, dul níos faide. Ní fheicimid fianaise ar bith go bhfuil na bainc ag tréigean cuideachtaí le súil go dtiocfaidh Fóir i gcabhair orthu. Nuair a thagann cuideachta chugainn, tá sí tar éis oiread agus is féidir a fháil ó na bainc, agus níos mó ná sin uaireanta. Ní léir dúinn fianaise ar bith go bhfuil na bainc ag déanamh faillí ina bhfreagrachtaí’.”42 Dearbhaíodh don Choiste nach dtugann Fóir cistí ar airleacan le hiasachtaí bainc na ngnóthas gátaracha a aisíoc.43 Uaireanta úsáidtear beagán de na hairleacain a fhaigheann gnóthais ó Fhóir chun saoráidí breise, a bheadh faighte go sealadach ó na bainc ag na gnóthais le linn dóibh bheith i mbun caibidlí le Fóir, a íoc ar ais. 49. Creideann an Coiste go bhfuil baint idir gníomhaíochtaí Fhóir agus an córas baincéireachta in Éirinn. Is cliaint de chuid na mbanc formhór na ngnóthas, nó b’fhéidir na gnóthais go léir, lena gcabhraíonn Fóir. Go dtíseo bhí maoiniú Fhóir ag brath go hiomlán ar acmhainní Státchiste. Is dóigh leis an gCoiste go bhféadfadh na bainc a gcion a dhéanamh chun cabhrú le hoibríochtaí Fhóir a mhaoiniú, mar shampla trí shaoráidí breise a chur ar fáil, ar bhonn ráthaíochtaí ó Fhóir, do chuideachtaí atá i gcruachás. (d) Bainistí agus Caidreamh Tionscail i nGnóthais Ghátaracha50. Thug an Coiste dá aire an cur síos fíor-cháinteach a rinne Fóir, sna. Tuarascálacha uaidh a bhí ag gabháil le Cuntais 1978 agus 1979, ar chaighdeán íseal na bainistíochta agus ar an droach-chaidreamh tionscail i ngnóthais a raibh cúnamh airgeadais á lorg acu. Easpa oiliúna bainistíochta ceann de na cúiseanna atá leis an bhfadhb sin. Chuir Fóir in iúl44 don Choiste nach raibh aon chaidreamh foirmiúil aige go dtí seo le Foras Bainistíochta na hÉireann le go mbainfeadh siadsan leas as taithí Fhóir le gnóthais ghátaracha. Molann an Coiste d’Fhóir comhchainteanna a chur ar bun le heagraíochtaí iomchuí a bhíonn ag plé le hoiliúint bhainistíochta ionas go bhféadfaí leas a bhaint as a thaithí agus as a chomhairle ar mhaithe le feabhas a chur ar an gcaighdeán bainistíochta i ngnóthais a bhainfeadh tairbhe as an bhfaisnéis sin. VII FOCAL SCOIR51. In aighneacht don Choiste bhí an méid seo a leanas le rá ag an Roinn Airgeadais, “I mbeagán focal, is mór is fiú an obair a dhéanann Fóir, ar bhonn critéar réasúnach, trí bheith ag cabhrú le gnóthais tionscail teacht slán as deacrachtaí sealadacha agus brabús a dhéanamh arís. Tá tábhacht ar leith lena sheirbhísí tráth deacrachtaí geilleagair thar an ngnách.” Ón athbhreithniú atá déanta aige ar oibríochtaí Fhóir, is é tuairim an Choiste go bhfuil an ceart ar fad sa mhéid atá sa ráiteas ón Roinn. 52. Chun críche an fhiosrúcháin seo cheap an Coiste Éamonn Ó Cathail, Léachtóir Sinsearach ar Chuntasaíocht agus Airgeadais i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar chomhairleoir saineolais. Ba mhór ar fad an chabhair a thug sé. (Sínithe) EOIN Ó RIAIN Cathaoirleach an Chomhchoiste 8 Aibreán 1981 1Dá ngairtear Fóir ina dhiaidh seo sa Tuarascáil seo. 11Fianaise (Ceisteanna 62 go 66) 13Fianaise (Ceisteanna 33 agus 34) 17Fianaise (Ceisteanna 7 go 9) 26Fianaise (Ceisteanna 43 agus 44) 30Féach Foscríbhinn I. D’aisíoc Fóir £1.3 milliún san iomlán (Féach fo-nóta 40 le mír 46) 31Mionsonraí i bhFoscríbhinn I 33Tuarascáil Bhliantúil UFT, 1979 40Tá an ríomhaireacht sin bunaithe ar shonraí a thug Fóir i dtaobh post-cheadú. 41Tuarascálacha Bliantúla UFT, 1977-1979 42Fianaise (Ceisteanna 15 agus 16) 44Fianaise (Ceisteanna 50 agus 51) |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||