Committee Reports::Report No. 15 - Irish Shipping Limited::03 March, 1981::Report

AN CÚIGIÚ TUARASCÁIL DÉAG

LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA

I RÉAMHRÁ

1.1 Cúlra

1. I Márta 1941 rinneadh Loingeas Éireann Teoranta (nó Loingeas Éireann mar a thugtar air) a chorprú faoi Achtanna na gCuideachtaí. Ba é an príomhchuspóir a bhí lena bhunú a áirithiú go mbeadh leorchumas loingis ar fáil chun na línte soláthair ríthábhachtacha a choinneáil ar oscailt le linn an Dara Cogadh Domhanda. Go hiondúil ní bhíonn loingeas ar fáil do thíortha neodracha le linn tréimhsí éigeandála idirnáisiúnta i gcoitinne. Dá bhrí sin ní mór d’fhormhór na dtíortha neodracha cabhlaigh long domhain fharraige faoi urlámhas baile a chur le chéile ar chúiseanna straitéiseacha. Is chun an fheidhm straitéiseach sin a chomhlíonadh ar son na hÉireann a bunaíodh Loingeas Éireann ar dtús.


2. Tá sainordú ag Loingeas Éireann fós cabhlach straitéiseach a oibriú1 cé go bhfuil leasú déanta in imeacht na mblianta ar an spriocthonnáiste meálasta. Faoi láthair meastar gur leor cabhlach 150,000 tonna meálasta2 chun freastal do bhunriachtanais straitéiseacha tráth éigeandála. Tá Loingeas Éireann ag iarraidh tonnáiste an chabhlaigh a mhéadú thar an sprioc straitéiseach ar choinníoll go bhféadfaí an méadú sin a chosaint ar bhonn tráchtála amháin.


3. Ón uair a bunaíodh é tá Loingeas Éireann ag gníomhú ar an margadh fáin idirnáisiúnta. I gcúrsaí loingseoireachta ciallaíonn “fánaíocht” lastanna a sheoladh ó chaladh go caladh de réir mar a bhíonn siad ar fáil, murab ionann agus seirbhísí línéir nó sceidealta a oibríonn de réir amchláir rialta. Tá iomaíocht an-ghéar ar an margadh fáin idirnáisiúnta agus luainíonn rátaí lasta go mór de thoradh forbairtí i gcúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta. Le cúig bliana déag anuas b’éigean do Loingeas Éireann dibhéirsiú a dhéanamh ar a ghníomhaíochtaí chun é féin a chosaint i gcoinne na gcaillteanas a tharlaíonn le linn na spealtaí iomadúla ar an margadh fáin idirnáisiúnta.


1.2 Úinéireacht agus Urlámhas

4. Is iad na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 go 1980, a rialaíonn Loingeas Éireann. Tá an tAire Iompair freagrach in urlámhas bheartas ginearálta na Cuideachta. Is é an tÁire sin, le comhaontú an Aire Airgeadais, a cheadaíonn tograí lena mbaineann caiteachas caipitiúil. Is é an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Iompair, a cheapann Stiúrthóirí na Cuideachta. Ceanglaítear ar na Stiúrthóirí clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair agus tuarascáil uathu a thabhairt don dá Aire i ndeireadh gach bliana cuntasaíochta.


5. Is é scairchaipiteal údaraithe Loingeas Éireann £22 mhilliún.3 Tá na scaireanna go léir á sealbhú ag an Aire Airgeadais. Ní cheadaítear don Chuideachta iasachtaí a fháil ach amháin le toiliú an Aire sin (féach mír 12).


1.3 Cuspóirí

6. I 1966 leagadh amach na cuspóirí a bhfuil Loingeas Éireann ag dréim leo faoi láthair. Is iad seo a leanas na cuspóirí sin:


“I ngréasán Cuideachta brabúsaí, bunchabhlach long faoi bhratach na hÉireann, mar aon leis an eagras, an bhainistíocht agus an pearsanra is gá chun an cabhlach sin a riaradh, a chur ar fáil, a chothabháil agus a oibriú ar bhonn éifeachtúil eacnamaíoch. Déanfar athbhreithniú ó am go ham ar mheánmhéid agus ar chomhdhéanamh an bhunchabhlaigh agus comhaontófar air i gcomhar leis an Aire Iompair”.


Bhí aitheantas á thabhairt sna cuspóirí sin nach bhféadfaí cuideachta bhrabúsach a shlánú trí ghníomhaíochtaí loingseoireachta amháin. Dá réir sin chinn an Chuideachta, le linn di a cuid cuspóirí a leagan amach, beartais a shaothrú a cheadódh dibhéirsiú. Is iad seo a leanas na cuspóirí:—


—A chinntiú go mbeadh an chuid straitéiseach den chabhlach cuíosach eacnamaíoch ar a laghad le linn tréimhsí íseal-lasta.


—Costais riartha agus costais bhord loinge a choinneáil chomh híseal agus ab fhéidir agus éifeachtúlacht oibre a choinneáil chomh hard agus ab fhéidir.


—Longa eile a bhfuil fiúntas tráchtála leo a oibriú chomh maith le cineálacha straitéiseacha.


—An bonn trádála a leathnú trí dhul i mbun tionscadail nó seirbhísí a ghabhann le gnáthloingseoireacht ionas go mbeadh réimsí brabúsacha gníomhaíochtaí aige nach mbeadh faoi réir spealtaí tréimhsiúla lasta.


—Aon fhorbairt a mhaoiniú trí leas a bhaint as acmhainní insóinseáilte na Cuideachta féin nó as na cumhachtaí atá aici chun iasachtaí a fháil; ní hiarrfaí caipiteal breise ón Rialtas.


—Dul i gcomhar le leasanna príobháideacha sa bhaile nó thar lear, i dtionscadail loingseoireachta nó tionscadail ghaolmhara, atá brabúsach ó thaobh tráchtála de. Ní chuirfeadh an Chuideachta tus, áfach, le haon mhórghníomhaíocht a bheadh in iomaíocht dhíreach le fiontar Éireannach príobháideach nó poiblí. Ní thabharfaí ar an gCuideachta gan tionscadal a fhorbairt go hiomlán (a ndeachaigh sí ina bhun ar fhoras cóir beartais) dá mba rud é, d’fhonn an tionscadal a fhorbairt go hiomlán, nárbh fhéidir iomaíocht éigin le leasanna Éireannacha eile a sheachaint.


—Tosaíocht a thabhairt i gcúrsaí fostaíochta do shaoránaigh Éireannacha agus scéimeanna oiliúna a eagrú dóibh ar an obair nó as an obair d’fhonn deiseanna gairme fiúntacha a chur ar fáil sa loingseoireacht.


—Scéimeanna nó tionscadail a chothú ar cuspóir dóibh cabhrú le forbairt mhuirí na hÉireann (ag féachaint d’acmhainní na Cuideachta).


—Cabhrú le forbairt tionscail in Éirinn trí earraí Éireannacha a cheannach nó seirbhísí Éireannacha a úsáid má tá sé réasúnta eacnamaíoch don Chuideachta sin a dhéanamh.


II GNÓRÉIM AIRGEADAIS AGUS GRÉASÁN CAIPITIÚIL

2.1 Brabúsacht

7. Sna blianta i ndiaidh an chogaidh, ghnóthaigh Loingeas Éireann brabús i 23 bhliain as 34. Go háirithe le deich mbliain anuas d’éirigh go maith leis—ghnóthaigh sé breis agus £½ mhilliún de bhrabús go rialta (is é sin, roimh cháin agus míreanna neamhchoitianta). Mar gheall ar na luainíochtaí móra i rátaí lasta idirnáisiúnta, meastar gur fearr meánmhéideanna bliantúla i leith gach cúig bliain a úsáid mar shlat tomhais ar dhul chun cinn ná figiúirí bliantúla. Ón slat tomhais “meáin” sin is léir go ndeachaigh brabúis Loingeas Éireann in airde ó £0.33 mhilliún (1966/71) go dtí £2.27 milliún (1975/80). Tá na torthaí a fuarthas ó shonraí ceithre bliana déag faoi chló i bhFoilseán A.


8. Ní amháin go raibh brabúis ag dul in airde go hainmniúil ach bhí i dtéarmaí réadúla chomh maith (tar éis iad a choigeartú i leith boilscithe). Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí ó Loingeas Éireann taifeadtar brabús £3½ mhilliún do 1979/80. Is ionann é sin agus brabús de bhreis ar £1 milliún i bpraghsanna 1969/70, sin dhá oiread an bhrabúis a taifeadadh iarbhír i 1969/70. San aighneacht a rinne sé i scríbhinn don Choiste seo, dúirt Loingeas Éireann go raibh sé ionann is cinnte go mbeadh na brabúis sa bhliain dar críoch Márta 1981 níos airde ná brabúis na bliana seo caite.4 Measann an Coiste go bhfuil stair bhrabúsachta Loingeas Éireann an-shásúil ar fad.


9. Bhí imní ar an gCoiste, áfach, go raibh pictiúr ró-fhábharach á thabhairt de bhrabúsacht sa tionscal loingseoireachta sa mhéid go bhfuil Loingeas Éireann ag baint úsáid fós as díluachadh costas stairiúil. Toisc longa nua a bheith ag éirí níos costasaí i gcónaí ní mór ceist a ardú ar chóir do chuideachtaí loingseoireachta na leibhéil bhliantúla díluachtha a ardú de bhreis ar na leibhéil a ríomhtar faoi threoir costais stairiúil long. Déanann Loingeas Éireann costas a gcuid long a dhíscríobh thar fiche bliain. D’áitigh Cathaoirleach Loingeas Éireann, áfach, go raibh rud amháin ag dul dóibh—nár chuir siad san áireamh aon iarmharluach a bheadh leis na longa. Dá bhrí sin bhíodar ag déanamh ró-dhíluachadh.5 Ní cosúil go dtí seo go ndearna an beartas díluachtha sin aon difear do chumas Loingeas Éireann chun a chabhlach a athnuachan. Mar a léiríodh i bhfianaise, chaith sé £50 milliún ar longa sna seachtóidí gan dul i muinín an Státchiste.6 Le déanaí, is amhlaidh go bhfuil an Chuideachta fiú ag cur dlús le haisíoc a cuíd iasachtaí, óir chonaic sí go dtiocfadh ardú as


FOILSEÁN A


LOINGEAS ÉIREANN: GRÚPBHRABÚIS


Glanbhrabhúis bliantúla (meáin chúigblianacha)



cuimse ar rátaí úis ... agus ar an gcaoi sin shábháil sí píosa maith airgid uirthi féin agus ar an tír.7 Dá dheasca sin bhí drochbhail ar ghlanshócmhainní reatha Loingeas Éireann i 1977/78 agus 1979/80. Chuir Stiúrthóir Airgeadais na Cuideachta ina luí ar an gCoiste áfach go gcuirfí a mhalairt de bhail i mbliana ar an easnamh sin ar shócmhainní reatha.8 Is dóigh leis an gCoiste, cé go dtéann Loingeas Éireann i mbun athsholáthair cabhlach agus aisíoc iasachtaí ar bhealach scaoilte stuama, gur chóir don Chuideachta áfach bheith ag déanamh breithniú ar dhlús a chur le díluachadh a cuid long ina cuntais tríd an méid blianta a laghdú a ndéanann sí costais a dhíscríobh ar a bhfeadh.


10. B’ábhar imní don Choiste freisin mar a théann cuntasaíocht costas reatha i gcion ar chuntais fhoilsithe Loingeas Éireann. Tugann sé dá aire go mbeidh ar Loingeas Éireann, fearacht cuideachtaí móra eile, cuntasaíocht costas reatha a áireamh ar an ráiteas airgeadais bliantúil uathu i 1980/81 agus as sin amach faoin Ráiteas ar Ghnáthchleachtas Cuntasaíochta Uimh. 16 (SSAP 16) lenar ghlac comhlachtaí cuntasaíochta in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Is í aidhm dhearbhaithe an ráitis sin faisnéis a nochtadh i dtaobh éifeachtaí praghsanna athraitheacha le linn fadtréimhse géar-bhoilscithe, faisnéis nach féidir a fháil ón seanchóras cuntasaíochta ar bhonn costais stairiúil. Is éard a bhí le rá ag Bainisteoir Ginearálta Loingeas Éireann linn maidir le cuntasaíocht costas reatha ná go mb’fhéidir go raibh sé oiriúnach do chuideachtaí loingseoireachta a oibríonn ar bhealaí socraithe le toirteanna intomhaiste lasta ach nár dhóigh go raíbh sé oiriúnach do chuideachta loingseoireachta fáin a ghníomhaíonn ar an domhainfharraige.9 Dúirt an Bainisteoir Ginearálta, mar fhocal scoir, nach raibh aon fhreagra simplí ar an gceist; go raibh siad ag déanamh machnaimh air agus go raibh staidéar á dhéanamh acu air faoi láthair. Aontaímid nach mór an-chuid staidéir a dhéanamh ar an ábhar seo. Tagaimid leis an mbarúil, áfach, gur chóir do cibé corás cuntasaíochta a ghlacfar a bheith ina bhonn comparáide le blianta roimhe sin agus le cuntais cuideachtaí eile atá sa chor céanna.


11. Ní cheadaítear do Loingeas Éireann, faoi na hAirteagail Chomhlachais atá aige faoi láthair, aon díbhinní a íoc ar a scairchaipiteal eisithe. Dúradh linn i bhfianaise áfach go n-íocann an Chuideachta saghas “leathdhíbhinn”. I dtús báire, d’áitigh an Bainisteoir Ginearálta go bhfuil díbhinn ann fiú faoi láthair sa mhéid go bhfuil an cabhlach straitéiseach á chur ar fáil le brabús don náisiún.10 Chuir sé in iúl dúinn chomh maith nár bhain an Chuideachta sochar as deontais infheistíochta loingseoireachta a cuireadh ar fáil do chuideachtaí loingseoireachta eile, arbh fhiú £10 milliún iad go hiomlán, agus gur measaide an clár comhardaithe reatha suim na méide sin dá bhíthin sin; sa chás sin arís is dóigh leis go bhfuil díbhinn mhaith á íoc acu.11 Mar fhocal scoir, léirigh sé go dtarlaíonn moill mhillteanach fhada má bhíonn orthu déileáil le roinnt Ranna Stáit ag gníomhú dóibh ceann i ndiaidh a chéile, agus uair amháin gur chosain moill mar sin suas le £2 mhilliún orthu.12 Cé nár fhéadamar a mheas cé mhéid tionchair a bhíonn ag na trí dhála sin, agus ag an neamhíoc díbhinní mar a ríomhtar iad de ghnáth, ar chuntais Loingeas Éireann, creidimid mar sin féin gurb í an ghlanéifeacht a bheadh leo ná a thaispeáint go bhfuil crot níos fearr fós ar staid airgeadais Loingeas Éireann.


2.2 Gréasán Caipitiúil

12. Is é scairchaipiteal údaraithe Loingeas Éireann faoi láthair £22 mhilliún agus tá teorainn £15 mhilliún le hiasachtaí arna ráthú ag an Aire Airgeadais. Nuair a corpraíodh an Chuideachta i 1941 £200,000 a bhí sa scairchaipiteal údaraithe agus bhí cumhachtaí aici £2 mhilliún a fháil ar iasacht. Idir an dá linn, ardaíodh an scairchaipiteal údaraithe go dtí £5 mhilliún (i 1947) agus go dtí £12 mhilliún (i 1959). Socraíodh an teorainn le hiasachtaí faoi ráthaíocht an Aire ag £2 mhilliún i 1947 agus ag £5 mhilliún i 1959. I ndeireadh Márta, 1980, ba é an scairchaipiteal eisithe £11,427,000.


13. Ag féachaint don chúlra fíricí sin i dtaobh infheistíocht chothromais an Rialtais i Loingeas Éireann, tá ceist thábhachtach amháin is dóigh linn is cóir a phlé. Is é sin an cheist a bhaineann le cóimheas fiach/cothromas. Léiríonn Tábla I na staitisticí i dtaobh cóimheas fiach/cothromas Loingeas Éireann i leith roinnt blianta.


TÁBLA 1


Caipiteal Loingeas Éireann in Úsáid


An Bhliain dar chríoch

Iasachtaí/Léasanna


£ milliún

Cistí an Úinéara


£ milliún

Caipiteal Iomlán á úsáid*


£ milliún

Cóimheas fiach/cothromas

(a)

(b)

(c)

(a) mar % de (b)

31/3/78

23.214

20.563

43.777

113%

31/3/79

18.097

23.091

41.188

78%

31/3/80

13.762

25.873

39.635

53%

31/3/81**

10.000

30.000

40.000

33%

Foinse: Meabhrán ó Loingeas Éireann chun an Choiste agus Tuarascáil Bhliantúil 1979/80.


Taispeánann an léiriú thuas fiach/cothromas 113 faoin gcéad i maoiniú Loingeas Éireann amhail ar an 31 Márta 1978, rud a thugann le fios gur tógadh thar £23 mhilliún ar iasacht ar an uasleibhéal. Ba é sin áfach an costas caipitiúil a bhain le cabhlach long domhainfharraige agus carrfeirí a fháil gan dul i muinín an Státchiste. Ó 1978 i leith tá an Chuideachta ag laghdú a hoibleagáidí i leith iasachtaí/léasanna. Cinneadh mar chuid de bheartas an Bhoird teorainn a chur le tuilleadh leathnú ar an gcabhlach go dtí go mbeadh leibhéal na n-iasachtaí íslithe go dtí cion níos réasúnaí. Maidir le céard is cion réasúnach ann, is leor aird a thabhairt ar an méid a bhí le rá ag Stiúrthóir Airgeadais na Cuideachta, eadhon, go bhféadfadh an cóimheas fiach/cothromas dul in airde go dtí 50 nó 60 faoin gcéad ach nár chóir dó bheith níos airde ná sin.13 Aontaíonn an Coiste gur critéar oiriúnach fiach/cothromas é sin do Loingeas Éireann.


2.3 Iomlaoid Eachtrach

14. De bharr ghné idirnáisiúnta a chuid gníomhaíochtaí is ó fhoinsí lasmuigh de gheilleagar na hÉireann a fhaigheann Loingeas Éireann an chuid is mó dá ioncam. Cé gur thar lear a dhéantar mórchuid de chaiteachas Loingeas Éireann chomh maith sroicheann teacht isteach suntasach d’iomlaoid eachtrach go hÉirinn. Ó Thábla 2 feicfear gur shaothraigh grúp-oibríochtaí Loingeas Éireann sa bhliain 1979/80 glanioncam measta £12.6 mhilliún in iomlaoid eachtrach—suas le dhá oiread an mhéid a tháining isteach i 1975/76, eadhon, £6.4 mhilliún. Is ionann sin agus fás 21 faoin gcéad i dtéarmaí réadacha14 i rith na gceithre bliana 1975/76 go 1979/80.


TÁBLA 2


Grúpa Loingeas Éireann—Glantuillimh Eachtracha


An bhliain dar chríoch

Glantuillimh Eachtracha


£ milliún

31/3/1976

6.4


31/3/1977

9.8


31/3/1978

6.3


31/3/1979

10.9


31/3/1980

12.6


Foinse: Loingeas Éireann.


III OIBRÍOCHTAÍ

3.1 Réimsí Oibríochta

15. Is sna trí réimse ginearálta seo a leanas a ghníomhaíonn Loingeas Éireann:—15


—Seirbhís Loingseoireachta Idirnáisiúnta,


—Seirbhís Carrfeire,


—Gníomhaíochtaí Coimhdeacha.


Ní bheadh sé praiticiúil mionscrúdú a dhéanamh ar réimsí gnó uile Loingeas Éireann. Ní bhainfidh a bhfuil le rá againn sa Chuid seo den Tuarascáil ach leis na nithe sin is dóigh linn atá tábhachtach.


3.2 Seirbhís Loingseoireachta Idirnáisiúnta

16. Gníomhaíonn cabhlach domhainfharraige Loingeas Éireann ar an margadh fáin. Longa a bhíonn ag gabháil don chineál sin loingseoireachta bíonn baint acu le gnó am-chairte agus gnó turas-chairte. Baineann an gnó am-chairte le long a chairtfhostú le haghaidh cuspóra shonraithe ar ráta sonraithe praghas/lasta ar feadh tréimhse cinnte míosa nó blianta. Baineann an gnó turas-chairte le trádáil aonuaire—déanann long turas amháin thar ceann custaiméara amháin agus nuair a bhíonn an turas sin thart lorgaítear custaiméir eile. Maidir leis na sé bhulc-charraeirí atá ag Loingeas Éireann, tá dhá cheann acu ar am-chairt agus ceithre cinn ar ghnó conartha sa Teaglaim Bulc-Charraeirí Ceilteach.16 Bíonn an Teaglaim sin ag gabháil do ghnó conartha idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Déanann Loingeas Éireann longa a chairtfhostú ón taobh amuigh freisin chun breis tonnáiste a chur leis an Teaglaim, de réir mar a éilíonn an margadh. Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí liostáiltear ocht long den sórt sin atá ar cairtfhostú ag an gCuideachta.


17. Tá dhá fheidhm ag cabhlach Loingeas Éireann. Tá sé ag teastáil le haghaidh trádáil tráchtála, mar a léiríodh thuas. Ach tá feidhm straitéiseach aige chomh maith. Mar a dúirt Cathaoirleach Loingeas Éireann linn, tá sainordú acu cabhlach straitéiseach a chothabháil ach chuir siad leis an sainordú sin ina gcuid cuspóirí féin sa mhéid go ndéanfaidh siad amhlaidh i ngréasán cuideachta brabúsaí.17 Cé go bhfuil cuid dá chabhlach amuigh ar cairt aige tá de cheart ag Loingeas Éireann de réir dlí a chuid long a thabhairt ar ais go hÉirinn i gcás cogaidh.18 Thairis sin, bheadh an cineál loinge a úsáideann Loingeas Éireann anoiriúnach le haghaidh trádáil ar an mórmhuir agus fíor-oiriúnach ar fad d’iarracht straitéiseach.19 Chuir an Coiste sonrú sa chaoi a bhfuil cabhlach straitéiseach curtha ar fáil ag Loingeas Éireann don náisiún i ngréasán oibríochta tráchtála a dhéanann brabús.


18. Tríd is tríd gníomhaíonn cabhlach domhainfharraige Loingeas Éireann lasmuigh d’uiscí na hÉireann. Mar a dúirt Cathaoirleach Loingeas Éireann, oibríonn siad thar lear ag iompú earraí daoine eile agus airgeadaíocht eachtrach á tuilleamh acu dá bharr.20 Is beag an méid freastail a dhéanann cabhlach domhainfharraige Loingeas Éireann go díreach ar shruthaíocht thrádála eachtrach na hÉireann. Ach soláthraíonn sé seirbhísí rothlú ann/as ar na carrfeirí go dtí an Mór-Roinn. Iompraítear allmhairí agus onnmhairí ar na seirbhísí rothlú ann/as ar na carrfeirí de chuid Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann idir Ros Láir agus Le Havre/Cherbourg. Is feoil thart faoi 80% den lasta amach iomlán ar na feirí.21


19. Is bulclonga na longa atá ar áireamh i gcabhlach domainfharraige Loingeas Éireann. Tá na longa sin dírithe ar bhulcthrádálacha ilghnéitheacha, fearacht cruach, crainn leagtha agus fosfáití; tig leo grán nó gual a iompar freisin. Na tráchtearraí is mó atá ar áireamh in onnmhairí na hÉireann ní bulcearraí iad, áfach, agus dá bhrí sin is beag an scóip atá ag cabhlach domhainfharraige Loingeas Éireann seirbhís a thabhairt d’onnmhaireoirí na hÉireann. Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil go leor lasta i mbulcmhéideanna ag onnmhaireoirí agus allmhaireoirí na hÉireann faoi láthair le go bhféadfadh cabhlach domhainfharraige trádáil bhrabúsach a dhéanamh le hÉireann agus amach aisti.


20. B’fhéidir go mbeidh scóip éigin sa todhchaí chun bulcthrádáil díreach a dhéanamh le hÉireann. Ar an gcéad dul síos, tá tús curtha le pléití idir Loingeas Éireann agus Bord Soláthair an Leictreachais le hionchas gual a sheoladh de mhuir don ghléasra cumhachta leictreachais nua i Money Point a rachaidh i mbun giniúna i 1984 nó 1985.22 Chomh maith leis sin, dúirt an Bainisteoir Ginearálta linn go mbeadh an chuideachta pheitriliam nua ann agus ola á tabhairt i dtír aici, agus go raibh súil acu go mbeadh siad in ann páirt a ghlacadh sa ghnó sin.23 Tugann na forbairtí sin sa sreabhadh bulcthrádála deiseanna maithe do Loingeas Éireann leathnú a dhéanamh ar an mbulcthrádáil díreach a dhéanann sé le hÉirinn. Creideann an Comhchoiste gur ar bhonn cúinsí tráchtála, agus orthu sin amháin, is cóir don Chuideachta scrúdú agus cinneadh a dhéanamh ar dheiseanna margaidh den chineál sin.


3.3 Seirbhís Carrfeire

21. Tá seirbhís carrfeire Loingeas Éireann faoi rialú ag fochuideachta—Muirlíne Mór-Roinne Éireann Teoranta—ina bhfuil scairsheilbh 99.96% ag Loingeas Éireann. Bhí leas teoranta ag Loingeas Éireann sa dírsheirbhís carrfeire chuig an Mór-Roinn a d’oibrigh Normandy Ferries idir 1968 agus 1971. Ní raibh aon tseirbhís dhíreach i 1972. Cuireadh tús le seirbhís nua i 1973 nuair a tugadh isteach an m.v. “Saint Patrick”. Ba le Loingeas Éireann 50% den árthach sin; bhí an 50% eile ar seilbh ag dreamanna ón Ioruaidh agus ón tSualainn. Bunaíodh cuideachta nua, Muirlíne Mór-Roinne Éireann, chun an tseirbhís nua a oibriú. I mí Feabhra, 1977, cheannaigh Muirlíne Mór-Roinne Éireann amach leasanna a chomhpháirtithe Lochlannacha agus i 1978 fuair sé an dara carrfeire, m.v. “Saint Killian”. Oibríonn Muirlíne Mór-Roinne Éireann, atá 100 faoin gcéad faoi úinéireacht Éireannach anois, seirbhís rialta idir Ros Láir agus Le Havre/Cherbourg.


22. Tá cóir sna carrfeirí atá á n-oibriú ag Muirlíne Mór-Roinne Éireann do phaisinéirí (agus dá ngluaisteáin) agus do lasta (féach mír 18). De réir na faisnéise a thug Bainisteoir Ginearálta Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann dúinn, tá deireadh tagtha de réir a chéile, le blianta beaga anuas, leis an méadú ar an líon turasóirí a bhí ag teacht go hÉirinn.24 Ag an am céanna b’ábhar imní dúinn a fháil amach gur tháinig laghdú 20% ar lasta i 1980 i gcomparáid le 1979.25 Ó thaobh costais de bhí gluaiseacht láidir in airde. Dar ndóigh ba é an t-údar costais ba mhó ná praghsanna breosla. Idir Deireadh Fómhair agus Nollaig 1980 tháinig 45% de mhéadú ar phraghsanna breosla. Ina theannta sin chuir im dhruidim na n-iascairí Francacha le linn Samhradh 1980 isteach ar sheirbhísí Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann agus chaill sé mórchuid airgid dá bharr.26 D’ainneoin an mhéadaithe ar chostais, lena n-áirítear an costas a bhain le himdhruidim na n-iascairí Francacha, agus d’ainneoin an mheatha i gcúrsaí trádála, síltear go bhfógróidh Muirlíne Mór-Roinne Éireann suas le £½ mhilliún brabúis do 1980/81. Dá ainneoin sin dúirt Bainisteoir Ginearálta Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann go bhfuil comhartha ceiste leis an tseirbhís anois cé go raibh sí an-bhrabúsach roimhe seo.27


23. Sna himthosca sin, creideann an Coiste go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go ndéanfadh Muirlíne Mór-Roinne Éireann, fad is a leanfaidh sé air ag soláthar ard-chaighdeáin seirbhísí do phaisinéirí, gach dícheall chun na costais sin a bhfuil smacht aige orthu a choinneáil íseal. Ag an am céanna, ba chóir do Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann féachaint an mbeadh sé eacnamaíoch na feirí a fhadú ar mhaithe leis na costais aonaid i leith paisinéirí agus lasta a laghdú.27


24. Sa tuarascáil uainn ar an British & Irish Steam Packet Company Ltd. scrúdaíomar an ceangal idir Loingeas Éireann agus an B & I.28 Ní dóigh leis an gComhchoiste gur fiú dul siar arís ar stair an bhainteachais idir an dá chomhlacht Stát-tionscanta sin i gcomhthéacs forbairt seirbhísí feirí Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann.29 B’fhearr dúinn an bharúil a chuireamar i láthair sa tuarascáil ar B & I a lua arís, eadhon, nár cheart aon seirbhísí nua chun na Mór-Roinne a thabhairt isteach gan B & I agus Loingeas Éireann (trína fhochuideachta, Muirlíne Mór-Roinne Éireann) do dhul i gcomhairle lena chéile agus comhoirdniú a réiteach. Chuir an Roinn Iompair in iúl dúinn gur chuir an tAire sonrú ar ár mbarúil faoin ábhar sin. Is maith linn a chur i gcuntas gur tharla ceangal dearfach idir an dá chomhlacht Stát-tionscanta sin nuair a ghlac B & I an m.v. “Saint Patrick”, long de chuid Mhuirlíne Mór-Roinne Éireann, ar cairtfhostú ar feadh breis agus sé seachtain ó Nollaig 1980 go dtí lár mhí Eanáir, 1981.


3.4 Gníomhaíochtaí Coimhdeacha

25. Mar a léiríomar i mír 6, b’éigean do Loingeas Éireann dibhéirsiú a dhéanamh ar a chuid gníomhaíochtaí i lár na seascaidí chun é féin a chosaint i gcoinne na gcaillteanas a tharlaíonn le linn na spealtaí iomadúla ar an margadh fáin idirnáisiúnta. San aighneacht uaidh chuir Loingeas Éireann ina luí orainn cé chomh guagach is atá an margadh ina n-oibríonn tionscal na loingseoireachta i gcoitinne, agus na loingseoireachta fáin go háirithe. Le go bhfanfaidh sé brabúsach, tá leathnú déanta ag Loingeas Éireann ar a bhonn oibre, ionas nach gcuirfidh a bhfuil ag tarlú do lastrátaí idirnáisiúnta isteach ar an mbonn féin.30


26. Na seirbhísí coimhdeacha a ndearna Loingeas Éireann forbairt orthu, cumhdaíonn siad réimse leathan gnóthaí a bhaineann a bheag nó a mhór le loingseoireacht. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin:


(a) Árachas

Bhí baint ag Loingeas Éireann le hárachas fiú sular ghlac sé leis an mbeartas dibhéirsithe a luaitear ag mír 6 thuas. Bhí baint ag Loingeas Éireann le frithghealltanas a thabhairt i leith formhór na naicmí árachais mhara le linn an Dara Cogadh Domhanda. I 1946, áfach, aistríodh gnó árachais Loingeas Éireann chuig Corparáid Árachais na hÉireann Teoranta mar mhalairt ar bhloc mór scaireanna. Thug Loingeas Éireann le fios go bhfuil ardú mór tagtha ar luach na scaireanna sin—b’fhiú £5.8 milliún iad i ndeireadh Márta, 1980—agus deir sé gurb é Corparáid Árachais na hÉireann a sheoid bhuaice agus go bhfuil an-tábhacht ag baint léi.31


(b) Stíbheadóireacht

Baineann an gnó sin le luchtú agus díluchtú long. I 1970 chumascaigh Loingeas Éireann a chuid gníomhaíochtaí stíbheadóireachta le gníomhaíochtaí R.A. Burke Ltd. chun Seirbhísí Calafoirt Teo. a chomhdhéanamh. I 1978 cumascaíodh gníomhaíochtaí stíbheadóireachta Sheirbhísí Calafoirt Teo. le gníomhaíochtaí George Bell & Company chun Críochfoirt Comhlachaithe a chomhdhéanamh.


(c) Seirbhísí Gníomhaireachta

Cuireadh tús leis na seirbhísí gníomhaireachta nuair a thóg Loingeas Éireann a chuid long amach as an tseirbhís línéir ar an Atlantach Thuaidh. Feidhmíonn an Rannán Gníomhaireachta mar ghníomhaire do sheirbhísí oibríochta chuideachtaí loingseoireachta eile. Gníomhaíonn sé thar ceann chuid de na cuideachtaí línéir is mó sa domhan. Tá Loingeas Éireann tar éis cinneadh i bprionsabal a ghlacadh chun fochuideachta a dhéanamh den rannán gníomhaireachta.


(d) Maoin

Thosaigh Loingeas Éireann ag plé le gnó maoine i 1972 nuair a bunaíodh Corparáid Maoine Éireann (CME) ag Loingeas Éireann (50% den chothromas) agus Corparáid Árachais na hÉireann (50% den chothromas). Bunaíodh CME chun bloc oifigí a fhorbairt ag Halla Mhuirfean (atá mar cheanncheathrú ag Loingeas Éireann anois); tá tuilleadh deiseanna infheistíochta á lorg aici anois.


(e) Seirbhísí Comhairliúcháin

Trína sheirbhísí comhairliúcháin cuireann Loingeas Éireann an taithí atá faighte aige ar chúrsaí dlí farraige, innealtóireacht mhara, eolaíocht mhuirí, cairtfhostú agus bróicéireacht long ar fáil do Ranna Rialtais agus do chomhlachtaí eile. Gnóthaíonn na gníomhaíochtaí comhairliúcháin sin ioncam i dtáillí a chabhraíonn chun costais riartha na rannán lena mbaineann i Loingeas Éireann a íoc.


(f) Seirbhísí Bainistíochta Long

Bunaíodh rannán na seirbhísí bainistíochta long i 1979 chun seirbhísí bainistíochta long a chur ar fáil d’úinéirí long eile. Tá roinnt long beag á mbainistí ag an rannán sin anois thar ceann úinéirí long Éireannacha.


(g) Gníomhaíochtaí eile

Tá leasanna ag Loingeas Éireann i dtithe saoire (trí Chónaí Éireann Teoranta), i last-seoltóirí (trí Last-Seoltóireacht Cheilteach Teoranta) agus i ngníomhaíochtaí loingseoireachta agus muirí (trí Ghabháltais Phríomhphort na hÉireann Teoranta). Tá baint ag Loingeas Éireann sna gníomhaíochtaí deiridh sin de bharr leas 20% a bheith aige i nGabháltais Phríomhphort na hÉireann (GPE). Bíonn GPE, trína fhochuideachtaí, ag gabháil do loingseoireacht cósta, stíbheadóireacht, bannastóráil agus tarlú agus déanann sé freastal amach ón gcósta ar na tionscail ola agus gáis a oibríonn as Corcaigh, Port Láirge agus Trá Lí.


27. Sa chuid eile den fho-chuid seo beimid ag plé roinnt mionphointí a bhaineann le gníomhaí coimhdeacha Loingeas Éireann. Ar dtús, tagraimid do thorthaí do airgeadais na ngníomhaíochtaí coimhdeacha. Dhearbhaigh Cathaoirleach Loingeas Éireann go bhfuil gníomhaíochtaí uile na Cuideachta brabúsach.32 Toisc go mbíonn Loingeas Éireann ag gabháil do chuid dá ghníomhaíochtaí coimhdeacha i gcomhar le fiontair phríobháideacha, ní fhoilsítear torthaí airgeadais mionchruinne. Mar sin féin thug Loingeas Éireann faisnéis dúinn i dtaobh an chaoi ar chabhraigh na gníomhaíochtaí coimhdeacha le brabúsacht na Cuideachta i gcoitinne le cúig bliana anuas. Chinn an Coiste an fhaisnéis sin a choinneáil faoi rún agus gan í a fhoilsiú leis an tuarascáil seo. Is leor aird a thabhairt ar a raibh le rá ag Bainisteoir Ginearálta Loingeas Éireann, eadhon, gur athraigh an brabús a bhíodh ag teacht ó chuideachtaí comhlachaithe sa tréimhse 1970 go 1980 idir íosphointe 9 faoin gcéad agus uasphointe 50 faoin gcéad. Ach thar an tréimhse sin san iomlán tháining thart faoi thrian den bhrabús ar an meán ó chuideachtaí comhlachaithe.33


28. Ar an dara dul síos, is mian leis an gCoiste tagairt don easaontas idir Bord Poirt agus Duganna Bhaile Atha Cliath agus cuideachtaí stíbheadóireachta ag calafort Bhaile Átha Cliath.34 Tá leas cothromais ag Loingeas Éireann i gcuideachta stíbheadóireachta amháin díobh sin (féach mír 26 thuas). Tuigeann an Coiste an tábhacht atá le stíbheadóreacht do chalafort Bhaile Átha Cliath agus don gheilleagar i gcoitinne. Cé nach obair don Choiste tuairim mhion a thabhairt ar an easaontas tá súil aige go mbainfidh Loingeas Éireann feidhm as cibé tionchar atá aige chun réiteach cairdiúil ar an easaontas sin a chinntiú.


29. Mar chríoch, tá ceist ann i dtaobh an mheascáin de ghníomhaíochtaí coimhdeacha san am le teacht. Thug Bainisteoir Ginearálta Loingeas Éireann le fios don Choiste nach dóigh leo go dtiocfadh laghdú suntasach go luath amach anseo ar an ioncam iomlán ón loingseoireacht i dtéarmaí a n-oibríochta i gcoitinne.35 Níl aon tionscadail nua á bpleanáil acu faoi láthair.36 Tugann an Coiste dá aire áfach go bhfuil cinneadh i bprionsable déanta ag Loingeas Éireann cuideachta ar leith a dhéanamh den Rannán Gníomhaireachta a bheidh ina fhochuideachta faoi úinéireachtiomlán ag an mathairchuideachta. Tá súil ag an gCoiste go mbeidh sé de chuspóir i gcónaí ag Loingeas Éireann sruthaíocht dearfach airgid a ghnóthú ar mhaithe leis an loingseoireacht ón ngníomhaíocht sin (agus ó aon ghníomhaíocht choimhdeach nua). Mar an gcéanna, i gcás gníomhaíochtaí coimhdeacha nach n-éiríonn leo mar ba chóir, ba cheart beartas dífheistíochta a shaothrú go luath.


IV RIARACHÁN

4.1 Bord agus Bainistíocht

30. Is é an tAire Airgeadais, i gcomhairle leis an Aire Iompair, a cheapann Stiúrthóirí Loingeas Éireann. Ceanglaítear ar na Stiúrthóirí clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair agus tuarascáil uathu a thabhairt don bheirt Aire i ndeireadh gach bliana cuntasaíochta. De réir na tuarascála bliantúla is déanaí, seacht gcomhalta atá ar an mBord anois agus an Bainisteoir Ginearálta san áireamh.


31. Maidir le bainistíocht na Cuideachta, is ar an mBainisteoir Ginearálta a luíonn dírfhreagracht i dtaobh beartas an Bhoird agus a fheidhmiú ó go lá a chur i ngníomh. Murab ionann agus comhlachtaí Státtionscanta eile, níl aon bhainisteoirí ginearálta cúnta ag an gCuideachta. Ina n-ionad sin tá cúigear ceann rannáin ar leith a thugann tuairisc go díreach don Bhainisteoir Ginearálta. Baineann na rannáin le riarachán; airgeadas; seirbhísí gníomhaireachta; oibríochtaí agus cairtfhostú; agus ábhair theicniúla. I ngach rannán ar leith tá rannóga faoi bhainistí ag bainisteoirí rannóige a thugann tuairisc do na cinn rannáin.


4.2 Foireann

32. Tá laghdú tagtha le blianta beaga anuas ar an líon foirne a oibríonn sa cheann-cheathrú. Mar a chuir Cathaoirleach Loingeas Éireann in iúl dúinn, bhí 150 duine ar fostú ar tír acu roinnt blianta ó shin chun an cabhlach a riaradh. Anois níl ach tuairim 50 ann. Níor éirigh d’éinne bheith iomarcach. Fuarthas obair bhrabúsach do 100 trí ghníomhaíochtaí coimhdeacha.37


33. Tháinig ardú suntasach ar an líon foirne i gcoitinne. An leathnú ar bhonn oibre Loingeas Éireann agus an chaoi a sheasann sé ar bhrabúsacht i ngach earnáil oibríochta is cúis leis sin. I 1970 bhí 470 mairnéalach ar fostú acu. Bhí sin ardaithe go dtí 670 faoi 1980. Tháinig ardú ar an líon foirne ar tír ó 108 (i 1970) go dtí breis agus 500 (i 1980). Mar a dúirt Bainisteoir Ginearálta Loingeas Éireann linn, méadaíodh foireann iomlán an ghrúpa ó 580 go 1252, i dtréimhse deich mbliana.38


4.3 Oiliúint agus Caidreamh Tionscail

34. Ina fhianaise don Choiste thug Loingeas Éireann le fios nach mbaineann oibriú cabhlaigh leis an gcabhlach amháin; glactar leis go bhfuil an sainchumas ann chun longa a thógáil agus a riaradh chomh maith.39 I 1943 cuireadh an Scéim Scoláireachtaí d’Ábhair Oifigigh ar bun chun oiliúint den chaighdeán atá ag teastáil ó Loingeas Éireann a thabhairt d’ábhair oifigigh seoltóireachta. Ina dhiaidh sin tugadh isteach scéim eile den chineál céanna chun oifigigh innealtóireachta a oiliúint. Na daoine a fuair oiliúint faoi na scéimeanna sin is Máistrí agus Príomh-Innealtóirí ar longa Loingeas Éireann anois iad. Thairis sin tá oifigigh curtha ar fáil ag an gCuideachta d’úinéirí long eile ón gcoigríoch agus ón tír seo. Mar a dúirt Cathaoirleach Loingeas Éireann, tá oifigigh agus criúnna dá gcuid le fáil ar gach long in Éirinn, ó B & I go Soilse na hÉireann.40


35. Feictear dúinn go bhfuil gnéithe éagsúla a chabhraíonn leis an dea-chaidreamh tionscail i Loingeas Éireann. Ar dtús, cuid mhaith den fhoireann atá bunaithe ar tír tá siad ag obair don Chuideachta ón uair a bunaíodh í. Chomh maith leis sin, níl foireann mhór ag obair ar tír don Chuideachta agus cabhraíonn sin le dea-chumarsáid inmheánach. Ina theannta sin, oibríonn criúnna Loingeas Éireann “mar fhoireann aontaithe faoi mháistir”.41 Ar deireadh thiar, tharraing Bainisteoir Ginearálta Loingeas Éireann aird ar dhearcadh dearfach na foirne agus a gCeardchumann.41 B’áhar áthais don Chomhchoste suntas a thabhairt do na nithe sin.


V AN TAMLE TEACHT

5.1 Forbairtí san Am le Teacht

36. Is le modh oibre scaoilte a théann Loingeas Éireann i mbun pleanála. Léirigh an Chuideachta ina haighneacht gur tubaisteach an rud é go bhfuil oiread sin cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil ag loiceadh orthu toisc go gcloíonn siad go daingean le pleananna dochta agus toisc go nglacann siad d’oibleagáid orthu féin tonnáiste a athnuachan. Tá dearcadh leitheadach ag Loingeas Éireann maidir leis an am le teacht; “ní thiocfaidh an gnó chugainn; Caithfimid dul amach agus é a lorg”.42


5.2 An bulc-charraeir nua de chuid Loingeas Éireann

37. Chuir Loingeas Éireann in iúl dúinn gur thug an Rialtas treoir dó ordú a chur le Longlann Verolme Chorcaí chun cabhrú leis an dífhostaíocht ionchasach sa Longlann.43 Ní raibh sé i gceist ag Loingeas Éireann long a thógáil faoi láthair. B’fherr leis fanacht go dtí go mbeadh iasachtaí reatha laghdaithe aige sula gceannódh sé bulc-charraeir nua.


38. Achtaíodh an tAcht um Loingeas Éireann, 1980, chun socrú a dhéanamh le haghaidh riachtanais chaipitiúla agus iasachtaithe Loingeas Éireann i ndáil leis an mbulc-charraeir nua agus chun soláthar do riar airgeadais Loingeas Éireann go ceann roinnt blianta amach anseo. I mí Feabhra na bliana seo síníodh an conradh don árthach nua—bulc-charraeir Panamax ag a bhfuil meálasta 72,000 tonna. Cosnóidh an t-árthach thart faoi £25 mhilliún i ndeireadh scríbe.44 Íocfaidh Loingeas Éireann £14 mhilliún as an árthach as a bhfaighfear 50% ó iasachtaí agus 50% ó chothromas. Gheofar an chuid eile den chostas, eadhon, £11 mhilliún, ó fhóirdheontas díreach ón Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta do Longlann Verolme Chorcaí. Rinne an Coiste cur síos cheana féin ar na “leathdhíbhinní”, mar a thug sé orthu, a bhí ar Loingeas Éireann a íoc (féach mír 11). D’fhéadfaí ceannach an bhulccharraera nua a lua faoin gcur síos sin chomh maith. Níl go leor sonraí ar fáil faoi láthair le go bhféadfadh an Coiste aon rud dearfa a rá ar an ábhar seo. Is dóigh leis an gCoiste, i gcásanna inarbh éigean do Loingeas Éireann costais de ghné neamh-thráchtála a thabhú ar ordú ón Rialtas, gur chóir na costais sin a shonrú go soiléir sna cuntais agus a mhéid, más aon mhéid é, a théann na costais sin i gcion ar ghnóréim tráchtála na Cuideachta a thaispeáint.


5.3 Bainteachas le Ranna Rialtais

39. Dealraíonn sé go bhfuil caidreamh oibre maith idir Loingeas Éireann agus an Roinn Iompair agus na Ranna eile go léir.45 Dúirt an Bainisteoir Ginearálta ina fhianaise go bhfuil caidreamh rí-mhaith amach is amach idir iad féin agus an mháthair-Roinn.45 Dúirt sé ina dhiaidh sin áfach go dtarlaíonn moill mhillteanach fhada má bhíonn orthu déileáil le roinnt Ranna Stáit ag gníomhú dóibh ceann i ndiaidh a chéile. Creidimid gur chóir do Ranna Rialtais cinntí a dhéanann difear do thoradh tráchtála Loingeas Éireann a dhéanamh chomh tapa agus is féidir. Tagaimid leis an méid a dúirt Cathaoirleach Loingeas Éireann, eadhon, go bhfuil a fhios ag an saol nach foláir cinntí gnó a dhéanamh agus a chur i ngníomh go luath agus go gcuireann moill le deacrachtaí.46


40. Le linn do Chathaoirleach Loingeas Éireann a fhianaise a thabhairt dúinn rinne sé tagairt don rialú a dhéantar ar thuarastal a phríomh-fheidhmeannaigh. Dúirt sé go raibh siad go daingean den tuairim gurb é cúram an Bhoird tuarastal an phríomh-fheidhmeannaigh a chinneadh; go raibh sin á dhéanamh acu ach go mbíonn treoirlínte á gcur i gcuntas acu i gcónaí.47 Um an dtaca seo ní féidir linn a dhéanamh ach an moladh a thugamar i gcuid dár dtuarascálacha roimhe seo48 a lua arís agus is é an moladh é go ndéanfaí tuarastail bainisteoirí sinsearacha a choinneáil faoi athbhreithniú de shíor, go háirithe maidir leis an éifeacht atá ag an mbeartas láithreach ar mhianach na ndaoine a earcaítear chuig poist bhainistíochta sinsearacha.


VI FOCAL SCOIR

41. Gabhann an Coiste comhghairdeas le Bord, lucht bainistí, foireann, máistrí agus criúnna Loingeas Éireann as an mbealach fíoréifeachtach a ndeachaigh siad i mbun a gcuid cúraimí.


42. Ba mhór an chabhair don Choiste le linn an fhiosraithe seo an t-eolas agus an taithí phraiticiúil atá ag Tomás Ó Fearghuis ar eacnamaíochtaí iompair.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


3 Márta 1981


1Fianaise (Ceist 1).


2I mbeagán focal, is éard is tonnáiste meálasta ann an t-uasmhéid tonnaí is féidir le long a iompar.


3Sa Tuarascáil seo ciallaíonn an chomhartha £ puint na hÉireann.


4Foscríbhinn 1.


5Fianaise (Ceist 60).


6Fianaise (Ceist 37).


7Fianaise (Ceist 50).


8Fianaise (Ceist 51).


9Fianaise (Ceist 64).


10Fianaise (Ceist 63).


11Fianaise (Ceist 75).


12Fianaise (Ceisteanna 10 agus 11).


*Lena n-áirítear iasachtaí agus léasanna.


**Measta.


13Fianaise (Ceist 48).


14Tar éis coigeartuithe a dhéanamh i leith boilscithe.


15Foscríbhinn 1.


16 Foscríbhinn 1.


17 Fianaise (Ceist 1).


18 Fianaise (Ceist 4).


19 Fianaise (Ceist 6).


20 Fianaise (Ceist 27).


21 Fianaise (Ceist 69).


22 Foscríbhinn I.


23 Fianaise (Ceist 28).


24 Fianaise (Ceist 68).


25 Fianaise (Ceist 67).


26 Fianaise (Ceist 67).


27 Fianaise (Ceist 68).


28 Prl. 8063.


29 Fianaise (Ceist 26).


30 Fianaise (Ceist 20).


31 Fianaise (Ceist 75) agus Foscríbhinn 1.


32 Fianaise (Ceist 24).


33 Fianaise (Ceist 23).


34 Fianaise (Ceist 65).


35 Fianaise (Ceist 20).


36 Fianaise (Ceist 74).


37 Fianaise (Ceist 73).


38 Fianaise (Ceist 71).


39 Fianaise (Ceist 18).


40 Fianaise (Ceist 63).


41 Fianaise (Ceist 70).


42 Fianaise (Ceist 35).


43 Foscríbhinn 1.


44 Díospóireachtaí na Dála, Colún 707, 9 Nollaig, 1980.


45 Fianaise (Ceist 10).


46 Fianaise (Ceist 12).


47 Fianaise (Ceist 19).


48 An tOchtú, an Deichiú agus an tAonú Tuarascáil Déag ón gCoiste.