Committee Reports::Report No. 16 - Nitrigin Eireann Teoranta::01 April, 1981::Report

AN SÉÚ TUARASCÁIL DÉAG

NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA

Cuid A—Ginearálta

A.I RÉAMHRÁ

Cúlra

1. Cuideachta mhór tionscail is ea Nítrigin Éireann Teoranta (nó NÉT mar a thugtar air) a bhíonn ag gabháil do mhonarú leasachán nítrigineach go háirithe do mhargadh na hÉireann. I 1961 a corpraíodh é, le scairchaipiteal ainmniúil £100.1 Is é príomh-chuspóir na Cuideachta mar atá ráite ina Meabhrán Comhlachais monarcha (nó monarchana) leasachán nítrigineach a fháil, a thógáil agus a oibriú in Éirinn. I gcéaduair fuair an Chuideachta údarás ón Rialtas conradh a chur i gcrích do mhonarcha san Inbhear Mór chun sulfáit amóinia agus níotráit chailciam amóiniam a tháirgeadh agus, ina theannta sin, táirgí idirmheánacha áirithe mar atá, amóinia, aigéad nítreach agus aigéad sulfurach. Maoiníodh é sin ar mhodh airleacain £6 mhilliún (inaisíoctha le hús) ón bPríomh-Chiste. Faoin Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970, rinneadh atheagar an chaipiteal na Cuideachta d’fhonn é a chur ar bhonn gnó níos oiriúnaí, agus ba iad seo thíos príomhthorthaí an bhirt sin,


(a)Méadaíodh an scairchaipiteal údaraithe go dtí £7,500,000.


(b)Rinneadh £3,500,000 de na hairleacain bhunaidh a chomhshó ina ghnáthscairchaipiteal.


(c)Eisíodh £1,212,000 gnáthscaireanna breise chun an Aire Airgeadais do shásamh úis ar airleacain a bhí faibhrithe go dtí an 30 Meitheamh 1967.


(d)Bhí an £2,500,000 a bhí fágtha de na hairleacain bhunaidh £6 mhilliún le bheith inaisíoctha ar mhodh blianachta in imeacht 25 bliana.


2. I 1971 chuir an tAire Airgeadais £650,000 de chothromas breise isteach ann chun soláthar do chaipiteal oibre.


3. Rinne Acht Nítrigin Éireann Teoranta 1975 soláthar do mhéadú ar bhonn caipitil na Cuideachta chun tionscadal Rinn an Dúna a mhaoiniú. Mhéadaigh an tAcht sin an scairchaipiteal údaraithe go dtí £27,500,000. Eisíodh £15,000,000 breise i ngnáthscaireanna i 1975/76. Ina theannta sin, méadaíodh go £30,000,000 an teorainn reachtúil ar chumhachtaí an Aire chun airgead iasachta na Cuideachta a ráthú. Faoi 1977 méadaíodh go dtí £100,000,000 an teorainn ráthaíochta sin agus i 1979 méadaíodh an scairchaipiteal eisithe go dtí £27,500,000.


4. Sa tréimhse go dtí 1979, mhéadaigh an Chuideachta a hacmhainn táirgeachta san Inbhear Mór chun go raibh ar áireamh ann réimse fairsing de shaoráidí monaraíochta ar a n-áirítear iad seo a leanas:


 

Cumais Táirgeachta

Infheistíocht Chaipitil

 

 

£

Gléasra Amóinia

42,000 tona sa bhl.

2,620,000

Gléasraí Aigéid Nítrigh (4)

330,000 tona sa bhl.

7,060,000

Gléasra Aigéid Shulfaraigh

77,000 tona sa bhl.

1,100,000

Gléasra Rósta Piríte

Gléasra Sulfáit Amóinia

85,000 tona sa bhl.

190,000

Gléasraí Leasacháin Níotráite (2)

370,000 tona sa bhl.

2,230,000

Gléasra Aigéid Fhosforaigh

9,000 tona sa bhl.

1,680,000

Gléasra Leasacháin Chumaiscthe

110,000 tona sa bhl.

Gléasraí Mála

500,000 tona sa bhl.

720,000

Talamh, Foirgnimh, Fóntais etc.

 

7,550,000

Dé-ocsaíd charbóin

20,000 tona sa bhl.

350,000

Oighear tirm

2,000 tona sa bhl.

Gléasra Carbóin

1,000 tona sa bhl.

500,000

Plástar/Plastarchlár

8.4 milliún méadar ceár. sa bhl.

8,500,000

 

 

32,500,000

5. Ina theannta sin d’fhorbair NÉT mórláthair thionscail i Rinn an Dúna chun amóinia agus úiré a dhéanamh. Is é an réasúnaíocht a bhí taobh thiar den fhorbairt sin braiteachas NÉT ar allmhairí costasacha amóinia a laghdú, deimhin a dhéanamh de go mbeadh soláthairtí stoic do chothú a ghléasraí leasacháin ann agus réimse táirgí na Cuideachta a leathnú chun freastal ar an margadh méadaithe a raibh súil leis de bhíthin táirge nítrigin nua sa bhreis, úiré, a chur ar fáil.


6. Áirítear ar na suiteálacha i Rinn an Dúna i gCorcaigh gléasra amóinia a bhfuil acmhainn táirgeachta 435,000 tona sa bhliain aige agus gléasra úiré le hacmhainn 310,000 tona sa bhliain. Tá bulcstóras curtha ar fáil do 30,000 tona amóinia agus 15,000 tona úiré chomh maith le gleasraí mála, aonaid choire, gléasra cóireála uisce agus eisiltigh. Tá cé ag gabháil leis an láthair chun tancaeir amóinia a ionramháil, chomh maith le lastaí úiré i mbulc agus i málaí, tá ceardlanna, stórais innealtóireachta agus foirgnimh leasa ann chomh maith. Tá an ché in ann longa suas go toilleadh 25,000 tona a ionramháil.


7. I Nollaig 1974 thug an Bord ceadú don tionscadal ar chostas measta £63.51m2 agus ceapadh Eanáir 1978 mar dháta dá chríochnú. Mar a tharla chuaigh an tionscadal go mór thar mar a ceapadh dó ó thaobh ama agus costais. I mBealtaine 1979 a thosaigh táirgeacht amóinia agus bhí sé beagnach cúig mhí ní ba dhéanaí nuair a thosaigh táirgeacht úiré. Meastar gur £137.3m an costas críochnaitheach.3


8. Tá strus neamhghnách curtha ar eagar airgeadais na Cuideachta mar gheall ar shocruithe airgeadais nár leor le haghaidh na bhforbairtí sin agus caillteanais trádála a bheith ag méadú gan sos. Ina theannta sin is mór an laghdú iad anois na muirir airgid mar gheall ar iasachtaí a tógadh agus tá an donas déanta acu ar bhrabúsacht na Cuideachta. Tá an Chuideachta tar éis an oiread airgid a ghlacadh ar iasacht nach bhfuil neart aici an t-ualach a iompar agus tá sí sáite san aimiléis anois ó thaobh airgid.


9. Leis sin mar chúlra rinne an Coiste a chuid fiosruithe le haidhm chun na cúiseanna a bhí le fadhbanna na Cuideachta a bhunú agus dhírigh sé a aird ar na príomh-cheisteanna nárbh fholáir aghaidh a thabhairt orthu má bhíothas chun na tuair don Chuideachta a mheas. Chinn an Coiste gurbh fhiú aird speisialta a dhíriú ar an mórchostas thar meastachán a bhain le tionscadal Rinn an Dúna agus dá réir sin tá trácht ar leithligh air i gCuid B den Tuarascáil seo.


A.II MARGADH

Margadh Baile na hÉireann—Treoghluaiseachtaí le Déanaí

10. Bíonn leasachán nítrigine á chaitheamh in Éirinn faoi dhá fhoirm,


(a)Mar leasachán nítrigine díreach ar nós níotráit amóiniam chailciam (NAC), sulfáit amóiniam agus úiré atá á forbairt faoi láthair.


(b)Leasacháin chumaiscthe tiubhaithe (LCT) atá comhdhéanta de nítrigin á-úsáid i dteannta fosfáit agus potaisiam i dtiúchain chothaitheacha éagsúla.


11. Tá éileamh ag méadú go seasmhach ar an margadh do leasacháin nítrigine, ina riocht mar ghlan-nítrigin agus mar leasacháin chumaiscthe mar is léir ó Fhoscríbhinn 1. Tá an cion nítrigin a úsáidtear ina riocht glan (go príomha mar NAC) i gcomparáid le nítrigin á úsáid i leasacháin chumaiscthe (LCT) fanta réasúnta seasmhach, é ag laghdú fíorbheagán ó 62% den tomhaltas nítrigine iomlán i 1975/76 go dtí 54% i 1978/79. Léiriú é sin ar an tábhacht a bhaineann i gcónaí le leasacháin chumaiscthe ar mhargadh na hÉireann. Tá méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le leasacháin chumaiscthe tiubhaithe le cion ard nítrigine. Mar an gcéanna is ag laghdú atá tábhacht ghlan-fosfáití agus ghlan-photaisiam i gcomparáid le leasacháin chumaiscthe. Go dtí le déanaí, is trí fhoirmeacha éagsúla níotráit amóiniam (ar nós NAC) agus níos lú fós le sulfáit amóiniam a rinneadh soláthar don mhargadh glan-nítrigin in Éirinn. I rith na dtrí mblian seo caite, soláthraíodh don mhargadh cion úiré a bhí ag dul i méid, cé gur bheag fós é.


Beartas Margaíochta

12. Bhreithnigh an Coiste na trí príomh-chomhchodanna de bheartas margaíochta NÉT faoi na ceannteidil seo a leanas, eadhon, “Cuspóirí” agus “Beartas Táirge”:—


Cuspóirí

(a)Soláthar leanúnach leasacháin a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hÉireann, go háirithe nítrigin, ar phraghsanna a bheadh in iomaíocht le praghsanna CEE.


(b)Táirgeacht iomlán ghléasraí an Inbhir Mhóir agus Chorcaí i dtéarmaí ghlan-nítrigin, leasacháin chumaiscthe agus úiré a dhíol ar bhrabús agus a imdháil go héifeachtúil, agus soláthar i dtús báire do mhargadh na hÉireann.


13. Measann an Coiste gur éirigh go han-mhaith le NÉT a chéadchuspóir a fhreastal ach i gcás a chuid iarrachtaí an dara ceann a bhaint amach, is é sin, a tháirgeacht iomlán a dhíol agus soláthar i dtús báire do mhargadh na hÉireann, nár éirigh le NÉT é sin a chur i gcrích ach trí phraghas a íoc. Tá trácht níos fairsinge amach sa Tuarascáil seo ar ghnéithe eacnamaíocha thrádáil na Cuideachta.


Beartas Táirge

14. Ag cur dlús dó lena bheartas chun soláthar do mhargadh nítrigin na hÉireann, dhírigh NÉT go formhór ar earnáil na glan-nítrigine a raibh tuairim agus 54% den mhargadh nítrigine iomlán le cur ina chuntas i 1978/79. Níl aon táirgeoir glan-nítrigin eile sa Stát ach é agus d’éirigh go rí-mhaith leis san iomaíocht in aghaidh allmhairí. Tá 90% den mhargadh aige san earnáil sin agus tá cuid mhór d’acmhainn táirgeachta na Cuideachta dírithe ar an gcuspóir sin.4


15. Ar an leith eile, níl aon chuid den mhargadh i nglan-fhosfáit ná i leasacháin photaisiam ag NÉT agus níl aige ach cuid cuíosach beag aige den mhargadh tábhachtach do leasacháin chumaiscthe agus is ag dul i laghad atá sé sin féin.


16. I dtéarmaí an mhargadh nítrigin iomlán tá a chion comhlán de tuairim 60% de sin coinnithe ag NÉT ach amháin i rith 1978 nuair a tharla stailc mhór san Inbhear Mór a laghdaigh soláthairtí go damáisteach.


17. Maidir le leasacháin chumaiscthe5 dealraíonn sé nach ndeachaigh NÉT riamh isteach sa mhargadh sin ar aon bhealach mór ach gur bhain sé áis as chun críocha straitéise sa mhargaíocht, á chumasú don Chuideachta a chion de mhargadh na nítrigine a leathnú trí LCT agus á ligean don Chuideachta a bheith a bheag nó a mhór solúbtha ina cuid plé le mórdhíoltóirí agus easrais imdhála. Bhí cion NÉT den mhargadh leasachán cumaiscthe cuíosach beag i gcónaí, isteach is amach le 15% agus, go deimhin, tháinig laghdú air le déanaí mar gheall ar iomaíocht tréan ó fhosfáití mon-amóiniam agus dé-amóiniam allmhairithe agus go háirithe ó bhulc-mheascairí.6


18. Chuir NÉT in iúl ina chuid fianaise go raibh fadhbanna móra aige i gcónaí ag iomaíocht dó in earnáil an mhargaidh chumaisc ar feadh blianta go leor. Na méaduithe ró-mhóra ar chostais amh-ábhar, na leibhéil ísle acmhainn ghléasra agus fadhbanna in oibriú an ghléasra, d’fhág na rudaí sin droch-iarsma ar bhail eacnamúil tháirgeacht LCT. Ar cheann eile an mheá ar a shon gur mhéadaigh an margadh ó 1975/76 ní raibh sé, ar ndóigh, ach ag teacht ar ais go dtí leibhéil réamh 1974/75. Laghdaigh an margadh arís tuairim 15% i 1980 agus ceapann NÉT go mbeidh a thuilleadh laghdú ann i 1981.


19. Tá sé curtha in iúl ag an gCuideachta go bhfuil an lucht bainistíochta tar éis staidéar ó bhun barr ar an earnáil sin de ghnó na Cuideachta a ghabháil de láimh; agus dá thoradh sin gur dócha go scoirfidh an Chuideachta de tháirgeacht LCT in Aibreán 1981. B’fhéidir go gcuirfí meascánaíocht ina ionad.


20. Mar gheall ar an gCuideachta a bheith ag braith go ró-mhór ar NAC ceapadh gur laige é sin i ndáil le poitéinseal comhlán fáis agus níor mhór féachaint ar an táirge nua úiré, a mhonaraítear i gCorcaigh, mar neartú tábhachtach ar fhoras táirge na Cuideachta, ach é bheith in ann freastal do riachtanais mhargadh na hÉireann.


Margadh Baile na hÉireann—Fás san am le teacht

21. Tá roinnt meastachán ann i dtaobh margadh na leasachán in Éirinn san am le teacht, ach tá cineál éiginnteachta ag baint leo go léir. Má ghlactar de bharúil go mbeidh éileamh ag méadú i rith na mblianta seo díreach rómhainn de réir mheánráta 10% sa bhliain do nítrigin agus 5% sa bhliain do fosfáit agus potaisiam, ansin is é an tomaltas a bheadh ar chothabháil leasacháin in Éirinn i 1984/85,


—465,000 tona nítrigine sa bhliain


—107,000 tona fosfair sa bhliain


—245,000 tona potaisiam sa bhliain.7


22. Is í straitéis8 NÉT don am le teacht chomh fada agus is léir sin an leibhéal díolacháin NAC láithreach a choinneáil suas agus soláthar don éileamh breise ar nítrigin a bhfuiltear ag súil leis trína tháirge nua, úiré, atá á tháirgeadh i mórláthair Rinn an Dúna i gCorcaigh agus a tháinig ar sruth i 1979, á mhéadú suas diaidh ar ndiaidh ó 65,000 tona go dtí a acmhainn uasta 310,000 tona faoi 1986.


23. Ar roinnt cúiseanna ar a n-áirítear an cion margaidh a chosaint agus b’fhéidir é a mhéadú, chomh maith le brabúsacht foriomlán, tá sé tábhachtach do NÉT cion mór dá chuid táirgeacht úiré a dhíol ar an margadh baile.


24. Rinne lucht bainistí beagní d’fhiafraithe i dtaobh an táirge a bheith oiriúnach nó gan a bheith do dhálaí na hÉireann agus an mbeadh éileamh mór air ag feirmeoirí na hÉireann agus chuir siad i láthair mar bharúil go raibh an straitéis le haghaidh fáis ar bhonn úiré, cé nach raibh inti go fóill ach earnáil cuíosach beag de mhargadh leasacháin na hÉireann, go raibh sé lánsásúil ó thaobh na Cuideachta de.


25. Mar thaca lena chás d’áitigh9 NÉT nach bhféadfaidh feirmeoirí bheith ag súil a thuilleadh le harduithe móra praghais ón mBruiséil faoin mBeartas Comhthalmhaíochta agus má tá siad le harduithe costais a ghnóthú ar ais go gcaithfidh siad táirgeacht a mhéadú. An t-aon bhealach amháin agus an bealach is saoire chun é sin a dhéanamh, áitíonn an Chuideachta, trí tuilleadh agus tuilleadh nítrigine a úsáid. Is í barúil NÉT go ndéanfaidh úiré freastal don riachtanas breise sin do nítrigin agus mar thaca lena bharúil díríonn sé aird ar thaighde margaidh a seoladh i 1978 le sampla 500 feirmeoirí chun a fháil amach cad iad na tuairimí a bhí ag feirmeoirí do úiré agus cad a cheapadar ina thaobh; “An mbeadh fonn mór orthu é a cheannach?; Arbh fhearr leo é ná NAC?; Arbh fhearr leo é ná NPK ar a dtalamh féaraigh?” Deir NÉT go bhfuair sé toradh dearfach. Luaigh an Chuideachta freisin taighde a bhí déanta ag an bhForas Talúntais in imeacht na gceithre mbliana seo caite.10 Ba iad príomhthátail an taighde sin:


—Is féidir úiré a úsáid go hiontaofa in ionad NAC mar bhunadh nítrigine do thalamh féaraigh ó fhíor-thosach an Earraigh amach… d’fhéadfaí úiré a úsáid go hiontaofa go dtí lár Aibreáin/luath-Bhealtaine ar a laghad.


—D’fhéadfadh go mbainfeadh sé d’éifeacht úiré uachtar na talún a bheith tirm. Ní fhéadfaí bheith ag brath ar úiré dá bhrí sin dá n-úsáidfí é i lár an tSamhraidh.


26. Dhaingnigh an Chuideachta ina cuid fianaise11 go raibh an difear láithreach sa phraghas, rud a thug buntáiste do úiré seachas NAC, ina chúis mhór le dóchas a bheith ag an gCuideachta i dtaobh dea-thuar a bheith ann do úiré.


27. Measann an Coiste, ar an bhfianaise a chur sa mheá, maraon le gnó na Cuideachta san am atá caite agus a dóchas gan chuimse, gur chríonna an rud do NÉT gabháil go réadúil faoi dhéin a chuid tuar agus soláthar éigin a chur ina phlean faoi chomhair cúrsaí gan choinne maidir le glacadh a bheith leis an táirge agus maidir le hacmhainn iomaíochta. B’fhéidir mar shampla gur ghá clár fairsing do theagasc custaiméirí chun tacú leis an táirge agus a chinntiú go n-éireodh leis. Ina theannta sin tar éis staidéir le déanaí ag NÉT, cinneadh nár mhór an éagothroime i bpraghas NAC agus úiré, ós fábhraí é do úiré, a cheartú. Mar sin, déanfar an bhuntáiste praghais atá ag úiré ar NAC a chur ar neamhní nó a laghdú go mór san am le teacht.


Margadh Allmhaire do Amóinia agus Úiré NÉT

28. Go dtí go n-éireoidh le NÉT cion cuíosach ard den mhargadh glan-nítrigine baile a shaothrú ní foláir don Chuideachta bheith ag brath go mór ar dhíol úiré, agus b’fhéidir barrachas éigin amóinia, ar na margaí idirnáisiúnta chomh fada agus is léir san am le teacht. Ní foláir, dá bhrí sin, cor láithreach na margaí sin a bhreithniú go hachomair agus a mhéid is féidir, a gcor san am le teacht.


Margadh Onnmhaire do Amóinia

29. I réidh-fhigiúirí, is é margadh na gceannaithe a sholáthraíonn timpeall 5% den éileamh domhanda ar amóinia agus bhí 5 milliún éigin tona ar fad ann den táirge i 1978. Le linn roinnt blianta anuas, tháinig corraí luainneach ar an margadh sin ó fhás mear gluaiseachta sna luath-seachtóidí trí ghearradh siar i 1973/75 agus athneart ina dhiaidh sin i 1976. Tharla an feabhas i leibhéil phraghais amóinia i 1978/79 mar gheall ar roinnt cúiseanna ar nós na réabhlóide san Iaráin, stádas onnmhairí na Sóivéide agus an carnadh sealadach sa Leathchruinne Thuaidh agus go háirithe i SAM. Dealraíonn an cor mar a bhí sé i 1978 a bheith ceartaithe, tráth a raibh praghsanna idirnáisiúnta amóinia ag laghdú fad a bhí praghsanna ar tháirgí ghlan-nitrigine ag méadú. Cuid mhór den mhéadú praghais seachadta ar amóinia, áfach, is é an bonn cuntasaíochta atá leis méaduithe ar phraghsanna iompair agus táirgthe go háirithe i gcás na ngléasraí nafta-bunaithe in Iarthar na hEorpa, le méadú ar shochair a bhí beag dá réir. Is comhartha é ar neamhsheasmhacht thionscal amóinia an domhain an méid gléasraí nua atá curtha ar ordú nó i mbéal a gcríochnaithe go háirithe in APSS, i dTuaisceart na hAfraice, sa tSín, i Oirdheisceart na hÁise agus sa Mheán-Oirthear. Taispeánann an tsuirbhé a rinne an British Sulphur Corporation i 1979 go mairfidh an iomarcacht domhanda amóinia go dtí na luath-1980-óidí ar a laghad. Mar shampla, i rith 1979 tháirg gléasraí nua amóinia in A.P.S.S. níos mó ná milliún tonna, agus is é an dóigh go bhfuil sé beartaithe é sin uile a easportáil. Ceaptar go bhfuil an pointe is airde sroichte ag an trádáil amóinia ainhidriúil i láthair na huaire agus gurb iad lastaí na Sóivéide, lastaí atá ag dul i méid, atá á chur faoi deara go huile ar na praghsanna a bheith ag laghdú. San am céanna bhí na costais táirgthe ag ardú i gcónaí ag brath ar stoc cothaithe agus réigiún. Ina theannta sin tá an claonadh ann go mbíonn gnáthcheisteanna soláthair agus éilimh ag teacht tuilleadh faoi tionchar chúrsaí polaitíochta, cáile agus dálaí neamheacnamaíochta eile mar gheall ar Rialtais náisiúnta a bheith ag coinneáil brú ar phraghsanna. Ag glacadh léargais níos fairsinge ar an gceist, cé go bhfuil sé measta go méadóidh acmhainn amóinia an domhain ó tuairim 45 milliún tonna sa bhliain de choibhéis nítrigine (tá tuairim 82% de nítrigin in amóinia) i 1968/69 go dtí tuairim 110 milliún tonna nítrigine i 1983/84, a meastar gur san Aise a bheadh 30 milliún tonna de agus gur in Oirthear na hEorpa a bheadh 35 milliún tonna de agus nach mbeadh ach tuairim 20 milliún tonna san Eoraip agus an oiread eile i Meiriceá Thuaidh, ar a shon sin is uile sa tréimhse deiridh sin tá teorainn leis an méadú i bhfás acmhainne.


Úiré

30. Toisc gurb é an leasachán nítrigin is tíosaí é, bíonn an-éileamh ar úiré ar fud an domhain. Ach mar gheall ar amhras a bheith faoi i gcónaí i dtaobh é a bheith inghlactha ó thaobh an gheilleagair thalmhaíochta, ní raibh ach fás agus éileamh mall air in áiteanna, mar atá, an Eoraip Thiar-Thuaidh agus codanna de Mheiriceá Thuaidh.


31. Is í an Áise an réigiún úsáidte úiré is tábhachtaí ós ann a ú sáidtear breis agus 50% den nítrigin leasacháin uile faoin bhfoirm sin. Is iad na tíortha caite úiré is tábhachtaí ar an mór-roinn sin an tSín agus an India, agus seachas iad sin, an Phacastáin, an Bhanglaidéis agus Srí Lanca.


32. I rith 1978/79 bhí trádáil bíogúil domhanda ann i dtáirgí nítrigine agus ba chuid tábhachtach den trádáil sin gluaiseachtaí úiré. Ba í an méadú ba mhó, go mór is go fada, an ghluaiseacht bhisiúil idir tíortha na hÁise agus, go háirithe, an Indinéis/an India, an tSeapáin/an tSín agus soláthróirí eile don tSín. Ó mhéid na gconarthaí a chuir na Sínigh agus na hIndiaigh ar ordú dealraíonn go leanfaidh an cúrsa amhlaidh i 1980. Ach tá na tíortha iomportála leasachán de shíor ag méadú ar a n-acmhainn táirgthe nítrigine, agus tá siad ag laghdú a gcuid ceannaigh ó fhoinsí thar lear. Dá thoradh sin tá an margadh easportála domhanda i ngluaiseacht úiré laghdaithe ó tuairim 35% den éileamh iomlán sna luath-1970-óidí go dtí tuairim 25% i 1978.


33. Mar shampla, is é an t-éileamh reatha ar úiré san India tuairim 4 mhilliún tonna nítrigine a ndéanfar tuairim 40% de a allmhairiú go formhór ón Meán-Oirthear, ó Oirthear Eorpa agus ó thíortha na hÁise. Faoi dheireadh an deichbhliain seo beidh an India ag druidim i ngar dá dóthain féin de sholáthar a bheith aici agus i ngar freisin do leasachánaíocht chothrom NPK, sa tslí go laghdófar tábhacht úiré.


34. Sa tSín, tá an chéim is déanaí de nuachóiriú na ngléasra leasacháin críochnaithe anois ach tá éagothrom go fóill sa staid éileamh/soláthair á cheartú le hallmhairí ab ionann i 1978 agus tuairim 1 milliún tonna nítrigine. Tá a thuilleadh gléasra úiré á dtógáil faoi láthair agus tá cinn eile á bpleanáil. Meastar go leanfar de na hallmhairí leasacháin i rith na 1980-óidí ach go méadófar ar thábhacht fhoirmleachtaí NPK chun éagothrom i soláthar cothaitheach nítrigin a cheartú. Sa Bhangla Deis is é an dóigh go mbeidh barrachas le haghaidh onnmhairithe ann sna meán-1980-óidí in ionad na n-allmhairí leasachán nítrigine (é.g. úiré) atá á dtabhairt isteach faoi láthair.


35. Is cosúil go dtarlóidh cor den sórt céanna i Sri Lanca, ach is dóigh go mbeidh an Phacastáin ag brath ar allmhairí leasachán san am le teacht chomh fada agus is féidir a fheiceáil.


36. Tá méadú ag teacht ar na limistéir easportála úiré mar atá soláthróirí Mhuirascaill na hAraibe (An Iaraic, Cuait, An Araib Shádach, Catar) agus Tuaisceart Afraice. Beidh an margadh á shuaitheadh, agus is ag méadú a bheidh an suaitheadh, ag APSS, ag tíortha na hEorpa Thoir agus ag an Indinéis mar gheall ar chúrsaí polaitiúla.


37. Fairis sin, i bpríomh-mhargaí na hÁise, beidh táirgeoirí na Muirascaille (Gulffert) agus an Cian-Oirthear, chun tosaigh san iomaíocht mar gheall ar iad a bheith in ionad na buntáiste. Tharlódh go gcaithfeadh NÉT, dá bhrí sin, margaí eile, nach mbeadh chomh maith sin b’fhéidir, a lorg go luath dá chuid úiré i gceathrúna eile den domhan (An Eoraip agus Cósta Thoir de Mheiriceá Thuaidh).


38. Tháinig feabhas tábhachtach ar phraghsanna amóinia i rith 1979 agus cuid de 1980. Ach is é an imeacht is déanaí a bhí le feiceáil ar rudaí i Samhain/Nollaig 1980 laghdú ar na praghsanna a bhí á mbaint amach in Eanáir 1979.


39. Maidir le húiré, bhí na praghsanna níos bíogúla, iad ag méadú go maith leanúnach i gcomparáid le praghsanna Eanáir 1979, ach le déanaí bhí siad sin á gcothromú amach.


Custaiméirí sa Mhargadh Baile

40. Cuirtear an táirge ar an margadh trí cheithre mhórdhíoltóir déag sa Phoblacht, agus tá naonúr acu sin nach dtógann ach leasacháin nítrigineacha. Roghnaítear mórdhíoltóirí de réir a gcumais chun tonnáistí móra a chur ar an margadh, chun ceannach sa lagahéasúr agus leasacháin a stóráil agus de réir a gcumais chun cur leis an méid atá á dhíol faoi láthair. Bíonn na mórdhíoltóirí sin ag díol le 800 miondíoltóir agus bíonn siad sin arís ag díol le feirmeoirí. I 1977 bhí 158,200, feirmeoirí lánaimsire sa Stát.12


Imdháil ar an Margadh Baile

41. Ní hiad leasacháin NÉT amháin, ach gach uile leasachán, a bhíonn á ndíol le feirmeoirí trí ghréasán ceannaithe talmhaíochta agus comharchumainn ar fud na tíre. Ní dhéanann monaróirí díol díreach le feirmeoirí. Ceannaithe a dhéanann breis agus leath den díol agus trí chomharchumainn a dhíoltar an chuid eile.


42. Pacáiltear na leasacháin go léir a mhonaraítear in Éirinn, geall leis, i málaí plaistic 50 cileagram agus séalaítear iad le teas. Bíonn cuid níos lú díobh ná 1% i mbulc.


43. De bhóthar agus/nó d’iarnród a iompraítear leasacháin ó mhonarchana go dtí stór custaiméara nó feirm. Iompraíonn CIE tuairim an tríú cuid de mhilliún tonna leasacháin gach bliain. I 1974 thug CIE vaigíní speisialta isteach a bhí tógtha go háirithe le haghaidh leasacháin phailléadaithe.


44. Deir NÉT gur thug CIÉ cuidiú maith mór le costais ionramhála agus imdhála NÉT a laghdú trí neart saoráidí stórála a sholáthar ar fud na tíre.


45. Mar a luaitear amach anseo, tá córas praghais NÉT do leasachán nítrigineach bunaithe ar eagar praghais chothrom don tír go léir, agus na hualaí vaigín a sheachadadh ag an stáisiún iarnróid is gaire. Tá 159 bpointe seachadta iarnróid ann anois agus tá 40 acu sin lán-mheicnithe.


46. Is iad CIÉ a iompraíonn an chuid is mó de tháirgí NÉT. Ní iompraíonn siad earraí a dhíoltar as monarcha. Leoraithe custaiméirí a iompraíonn iad sin de ghnáth.


Beartas Praghsála

47. Bhunaigh NÉT praghas náisiúnta cothrom lenar tairgeadh a gcuid táirgí in ualaí vaigín ar phraghas cothrom arna seachadadh ag aon cheann de na pointí seachadta iarnróid ar fud na tíre. Cé gur thairg siad liúntas bailithe do chustaiméirí a cheannaigh an táirge díreach ón monarcha ba athrú an córas bun-phraghais chothroim ar an bpatrún roimhe sin lenar méadaíodh praghsanna náisiúnta de réir mar a mhéadaigh an t-achar ó na calafoirt ina raibh praghsanna ag an leibhéal is ísle.


48. Oibríonn na mórdhíoltóirí de réir céatadáin chomhaontaithe, agus mar gheall air sin geallann siad táirgí NÉT a cheannach agus, freisin, glacann siad orthu féin céatadán íosta dá riachtanais bhliantúla a cheannach sa lagshéasúr. Tairgeann NÉT liúntais luath-sheachadta in aghaidh na gceannach sin sa lagshéasúr agus cuidíonn an córas sin go mór chun patrún dáilte díolachán níos cothroime a chruthú. Comhairlíodh don Choiste gur lú ná 1,000 tonna an méid níotráít amóiniam chailciam a díoladh sa lagshéasúr i 1965. I 1979 shroich na díolacháin sin sa lagshéasúr 217,000 tonna.


Tátail

49. Fuair an Coiste amach gur in earnáil na glan-nítrigine go formhór a bhí cuid na Cuideachta de mhargadh leasachán na hÉireann. Níl cuid ar bith ag NÉT in earnáil na leasachán glan-fosfáite ná in earnáil na leasachán glanphotaisiam. Tá a chuid de mhargadh tábhachtach na leasachán cumaiscthe íseal ó thaobh comparáide de agus tá sé ag dul i laghad agus é éiginnte de thairbhe go bhfuiltear chun a ghléasra LCT a dhúnadh, de réir dealraimh. Gléasra é sin atá, le blianta beaga anuas, ag éirí neamhthíosach.


50. Measann an Coiste gur chríonna an rud do NÉT an fhéidearthacht a áireamh go mbeadh ráta fáis i margadh na hÉireann le haghaidh úiré níos fadálaí ná mar a bhí tuartha. B’fhéidir gur gá don Chuideachta seirbhís dhíreach chomhairle teicniúla d’fheirmeoirí a fhorbairt. Ina theannta sin, is dócha go ndéanfaidh an éagothroime i bpraghas NAC agus úiré, ós fábhraí é do úiré, atá á ceartú anois ag an gCuideachta, difear do ráchairt ar úiré i gcoibhneas le NAC.


51. Tá díolacháin onnmhaire úiré ag teacht, fós, faoi réim dianiomaíochta ar fud an domhain agus ón bhfás ar an acmhainn táirgthe i dtíortha atá saibhir mar gheall ar ghás.


52. Tá díolacháin dhíreacha amóinia NÉT mar idirghabhálaí leasacháin in Éirinn, i ndáiríre, teorannaithe dá ghníomhaíocht phróiseála féin ag monarú NAC agus úiré. Tagann díolacháin thar lear faoi réim corraí ar mhargadh na gceannaithe agus faoi láthair tá siad ag fulaingt mar gheall ar lagtrá eacnamaíoch agus rósholáthar. Tá cúrsaí amach anseo éiginnte.


53. Ag féachaint do na hathruithe móra ar chostais fuinnimh le blianta beaga anuas, is gá oibríochtaí na Cuideachta i ndáil le straitéis margaíochta in Éirinn amach anseo a mhíniú i dtéarmaí tráchtála agus, freisin, i dtéarmaí socheacnamaíocha,


—An é seo an bealach is fearr chun acmhainní teoranta gáis aiceanta a úsáid?


—An bhfuil gá, ar scála náisiúnta, le riachtanais leasachán earnáil talmhaíochta an gheilleagair a áirithiú?


Déanfaidh an straitéis sin difear d’oibríochtaí Rinn an Dúna agus an Inbhir Mhóir amach anseo.


Molann an Coiste gur cheart don Chuideachta, i gcomhpháirt leis na Ranna Stáit cuí, staidéar a dhéanamh chun comhstraitéis a chinneadh le haghaidh fhorbairt ghearrthréimhseach, mheántréimhseach agus fhadtréimhseach na Cuideachta a bheidh bunaithe ar na smaointe thuas.


A.III BRABÚSACHT AGUS GNÍOMHÚ AIRGID

54. Déantar tagairt, i mír 12, do chuspóirí dearfa NÉT trína bhféadtar a ghníomhú díolachán agus a bhrabúsacht a mheá.


Gníomhú Díolachán

55. De bhun a bheartais chuir NÉT an bhéim ar dhá phríomhghrúpa táirge.


(i)Nítrigin Dhíreach—Níotráit Amóiniam Chailciam (NAC)


(ii)Leasachán Cumaiscthe Tiubhaithe (LCT)—arb é atá ann meascán de nítrigin, fosfáit agus potaisiam.


56. Ina theannta sin, chuir an Chuideachta, le déanaí, a táirge nua, úiré, lena réimse táirgí, mar leasachán nítrigin díreach don mhargadh. Cé go bhfuil súil ag an gCuideachta, áfach, go mbeidh úiré ina phríomhtháirge sna blianta atá romhainn, ní raibh sé ar fáil ach ar feadh tamaill ghearr i 1979 agus is beag an méid de a díoladh le linn na tréimhse atá á breithniú, is é sin 1970/1979.


57. Margaíonn an Chuideachta, freisin, roinnt táirgí eile ar nós sulfáit amóiniam agus táirgí nach leasacháin ar nós aigéid shulfaraigh agus CO2 leachtach ach níl tábhacht ag baint leo mar chion de na díolacháin san iomlán.


58. Is suntasach gníomhú díolachán NÉT sa tréimhse agus mhéadaigh na díolacháin bhliantúla ó £6.4 mhilliún i 1970 go dtí £59.7 milliún i 1979. Má chuirtear an meascán táirgí agus méaduithe ar phraghsanna thar na blianta san áireamh is ionann é sin, i dtéarmaí réadacha, agus meánmhéadú 9% sa bhliain, tuairim. De thairbhe nach raibh LCT iomaíoch i gcoitinne tharla sna blianta atá caite gur tháinig laghdú ar thábhacht an táirge sin mar mhórfhoinse ioncaim don Chuideachta agus gur tháinig níotráit amóiniam chailciam (NAC) chun tosaigh mar phríomhréimse táirge NÉT agus mhéadaigh díolacháin NAC, mar chéatadán de na díolacháin san iomlán, ó 45% i 1971 go dtí 62% i 1979.


Brabúsacht—1970/1979

59. Bhí deacrachtaí ag an gCuideachta sna seachtóidí. Níor tháinig fás i mbrabúsacht de réir mar a tháinig fás i ndíolacháin. Sa tréimhse 1970/1979 ba mhór an meath a tháinig ar a rathúlacht agus anois tá an Chuideachta ag troid chun fanacht ar marthain.


60. Fiú amháin sna blianta tosaigh is oibritheoir imeallach a bhí sa Chuideachta, agus ba é an brabach ab airde as caipiteal a úsáideadh 8.7% i 196913 agus i mblianta eile is beag an brabach a rinneadh. Tá an Chuideachta ag cailleadh airgid ó 1970 nuair a taifeadadh cailleadh £82,500 agus sna blianta idir an dá linn chaill sí airgead gach bliain, seachas 1971 agus 1973.


61. Fuair an Coiste amach, cé go raibh gnó na Cuideachta lag ar dtús, go ndeachaigh sé in olcas go mór i ndiaidh ghéarchéim ola/fuinnimh 1973/1974 agus nár tháinig sé slán as sin riamh, agus mhéadaigh na caillteanais go dtí £23.6m le linn na tréimhse go dtí 1979. Nuair a thugtar breith ar ghnó na Cuideachta de réir gnáthchaighdeán tráchtála is léir go raibh a gnó tubaisteach, agus dá thoradh sin tháinig meath leanúnach, iomlán ar bhonn caipitil na Cuideachta rud ba chúis sa deireadh, dá mbeadh sí ag oibriú san earnáil phríobháideach, le cliseadh airgid cheal cuid mhór caipitil a chur isteach inti.


62. Ní raibh brabúis trádála le linn na mblianta sin dóthanach ar chor ar bith fiú amháin roimh dhíluacháil agus ús, chun riaradh ar riachtanais an ghnó i dtéarmaí tairbhe a fháil as infheistíocht, iasachtaí a sheirbhísiú agus riachtanais na Cuideachta le haghaidh caipitil oibre agus sócmhainní dochta a mhaoiniú. Tá eolas a bhaineann le gnó na Cuideachta leagtha amach in Aguisín 2. Is mar a leanas atá an glanbhrabach as caipiteal a úsáideadh do na cúig bliana 1975-79:14


 

1975

(3.9%)

 

1976

(10.8%)

1977

(16.8%)

1978

(19.4%)

1979

(7.6%)

63. Ón eolas a chuir an Chuideachta ar fáil tá na pointí seo a leanas soiléir:—


(i)Tá airgead á chailleadh ag oibríochtaí leasachán cumaiscthe (LCT) na Cuideachta ar scála atá ag méadú ó 1975, agus chaill sí suim airgid £8.2m sa tréimhse go dtí 1979 sula ndearnadh aon mhuirear in aghaidh díluacháil. Lean na caillteanais de bheith ag méadú isteach sa bhliain 1980 cé nach fios go fóill an figiúr cruinn.


(ii)Níl brabúis ag teacht as príomhtháirge na Cuideachta, NAC, ó 1976 ach oiread, ach is lú ar fad méid na gcaillteanas sa chás seo ná i gcás LCT, seachas sa bhliain 1979 nuair a chaill an oibríocht méid airgid a bhí thar a bheith ard. Suim £5.4m a bhí sa mhéid iomlán airgid a cailleadh sa tréimhse 1976 go 1979. Lean an oibríocht sin de bheith neamhthairbheach i 1980, ach ar scála cuid mhaith níos ísle ná i 1979.


64. Chuir an Chuideachta an laghdú ar bhrabúsacht na Cuideachta15 i leith ghéarchéim fuinnimh 1973/1974, go príomha, as ar tháinig méaduithe móra ar chostais stoic chothaithe agus fuinnimh gan méadú comhfhreagrach a bheith ann ar phraghsanna táirgí domhanda ar shocraigh tairgeoirí a úsáideann gás aiceanta saor mar stoc cothaithe mhórchuid díobh. Bhí ar NÉT braith ar ola bhreosla throm dhaor mar stoc cothaithe dá amóinia. Tháinig méadú faoi thrí, freisin, ar phraghsanna domhanda cloiche fosfáite a úsáideadh ina ghléasra LCT. Mar sin, mar gheall ar lagtrá eacnamaíoch sa domhan, rugadh ar an gCuideachta nuair a bhí costais stoic chothaithe ag ardú, nuair a bhí soláthairtí níos mó ar fáil sa domhan agus nuair a bhí laghdú ar fhás an éilimh agus praghsanna margaidh.


65. Tar éis ghéarchéim fuinnimh 1973/74 shocraigh an Chuideachta nach dtiocfadh léi brabúsacht a bhaint amach arís go dtí go mbeadh coimpléasc Rinn an Dúna ag oibriú go hiomlán agus go raibh dhá phríomhrogha aici,


(a)Beartas tíosaíochta a mbeadh mar chuspóir aige an ghníomhaíocht is mó caillteanas, is é sin le rá táirgeadh leasachán cumaiscthe, a ghearradh amach,16



(b)Beartas leathnaithe a mbeadh mar chuspóir aige na costais atá ann faoi láthair a leathnú thar níos mó den táirgeadh agus costais aonad táirgí a laghdú ar an dóigh sin.17


66. Ní raibh an Chuideachta sásta leis an gcéad rogha ó tharla gur ceapadh nach dtiocfadh laghdú suntasach ar chostais as an ngléasra LCT a dhúnadh mura ndéanfaí an fhoireann a laghdú go mór. Dhéanfadh beart den sórt sin difear, ní amháin don ghléasra LCT ach freisin do ghníomhaíochtaí réamhsrutha ar nós an ghléasra aigéid shulfaraigh, an ghléasra rósta piríte, an ghléasra aigéid fosforaigh agus do ghníomhaíocht iarsrutha ina bhfuil páirt ag Arklow Gypsum a bhí, an tráth sin, á chur suas agus a bhí á fhorbairt go sonrach chun plástar agus plástarchlár a mhonarú as fuíoll giopsam ar seachtháirge den ghléasra aigéid fosfaraigh é.


67. Mheas an Chuideachta gur laghdú 600 as 1,100 san iomlán ar láithreán an Inbhir Mhóir a bheadh i gceist sa laghdú foirne.18 Ina theannta sin chuirfí isteach go mór ar inmharthanacht Mhianaigh Abhóca óna gceannaíonn an Chuideachta pirít.


68. Ba é tuairim na Cuideachta freisin gur tábhachtach, nuair a bheadh beartas leathnaithe á ghlacadh aici, cuimhneamh ar chion an mhargaidh a chosaint ó tharla gur beartaíodh trian d’aschur Rinn an Dúna (a bhí á chur suas an tráth sin) i bhfoirm amóinia a úsáid lena athrú go NAC san Inbhear Mór.19 Bhí súil ag NÉT go mbeadh Rinn an Dúna faoi shiúl níos túisce agus go mbeadh a chostas níos lú ná mar a bhí sa deireadh. Ó 197418 ar aghaidh d’fhéach an Bord agus an lucht bainistíochta ar Rinn an Dúna mar ghléasra a dhéanfadh bonn na Cuideachta a neartú, rud a raibh gá leis, agus mar mheán trína dtiocfadh leo an oibríocht LCT a chothú.


69. Mar sin thug NÉT faoi bheartas trádála tríd an tréimhse neamhthairbheach sin go dtí gur tháinig Rinn an Dúna faoi shiúl agus trí chaillteanais shubstaintiúla a mhaolú le hiasachtaí breise.


70. Mar a tharla sé, fuair an Coiste amach nár éirigh leis na hiarrachtaí chun táirgeadh a leathnú go mór agus go gasta sna gléasraí LCT agus NAC mar gheall ar fhadhbanna leanúnacha a bhain le cúrsaí teicniúla agus le hoibríocht gléasra, rud a d’fhág an Chuideachta, de réir a chéile, i staid lag mar a léiríodh roimhe seo.


71. Cé go n-aithníonn an Coiste gur ní tábhachtach fostaíocht a chaomhnú le linn do bheartas na Cuideachta i ndáil le leasacháin chumaiscthe a bheith á chinneadh, is é a dtuairim nach raibh an beartas sin inghlactha ach sa ghearrthéarma ó tharla nach raibh an neart eacnamaíoch ag an gCuideachta na caillteanais sin a iompar ar feadh aon tamaill fhada. Mar gheall ar iomaíocht a bheith ag dul i méid, fadhbanna leanúnacha a bhain le cúrsaí teicniúla agus le hoibríocht gléasra a bheith ann, agus caillteanais a bheith ag méadú, níorbh iomchuí an beartas sin níos mó agus ba chóir go ndéanfaí gníomh ceartúcháin chun bonn sócmhainní na Cuideachta a chaomhnú agus chun a cobhsaíocht airgid a áirithiú.


72. Le linn dóibh a dtátal a dhéanamh chuir an Coiste na fíricí seo a leanas san áireamh,20


—Tháinig meath mór ar an margadh LCT sa tréimhse i ndiaidh na géarchéime fuinnimh agus níor tháinig sé chuige féin go dtí 1978.


—Bhí táirgí LCT ag éirí neamhiomaíoch i gcoibhneas le táirgí measctha a bhí níos saoire.


—Cé gur íocadh i gcónaí costais dhíreacha táirgthe an ghléasra LCT, is beag ar fad an méid de na costais dhochta a glanadh an chuid is mó de na blianta.


—Ó 1978 ar aghaidh ba cheart go mbeadh sé soiléir go raibh baol mór ann nach mbeadh gléasra Rinn an Dúna ábalta go leor brabús a dhéanamh, nuair a thiocfadh sé faoi shiúl, chun an oibríocht LCT. a bhí ag cailleadh airgid a chothú.


—D’ainneoin go meastar gur cuspóir fiúntach inmholta fostaíocht a chaomhnú, níl sé chomh tábhachtach leis an ngá atá le go leor brabús a dhéanamh chun cobhsaíocht airgid na Cuideachta agus a marthanacht a áirithiú.


—Meastar gur caillteanas ioncaim £0.5m tuairim a tháinig as úsáid amóinia a aistriú óna úsáid mar stoc cothaithe i gcomhair monarú LCT go dtí go ndíoltar é ar mhargaí domhanda.


Staid Trádála Reatha

73. Comhairlíodh don Choiste go ndeachaigh an staid trádála in olcas go mór i 1980. Sna meastacháin shealadacha a cuireadh faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta i mí na Samhna 1979 bhí caillteanais £13.2m i 1980 agus £8.5m i 1981 tuartha.21 Chomhairligh an Chuideachta don choiste i mí Meithimh 1980, tar éis luacháil na trádála a athbhreithniú, go raibh dul amú mór orthu maidir leis na meastacháin roimhe sin agus go rabhthas ag súil ansin le caillteanas £31m do 1980. Bhíothas ag súil freisin go leanfadh an Chuideachta de bheith ag cailleadh airgid go dtí lár na n-ochtóidí ar a laghad agus beidh na caillteanais sin idir £16m agus £14m in aghaidh na bliana mura gcuirfidh an Stát aon airgead isteach inti.


74. Is mar gheall ar roinnt cúiseanna a tharla an difríocht idir na meastacháin in mí na Samhna 1979 agus i mí Meithimh 1980, ar a n-áirítear,


(a)Infheistíocht na Cuideachta in Arklow Gypsum a dhíscríobh, ar infheistíochtí de mhéid £6.6m i 198022 nach ndearnadh foráil ina leith i dtuartha mhí na Samhna 1979, tráth nach raibh a inmharthanacht deiridh measta.


(b)Táirgeadh a chailleadh mar gheall ar dhíospóid idircheirde i Márta/Bealtaine 1980 i Rinn an Dúna, díospóid a chosain £5m tuairim ar an gCuideachta.


(c)Muirir mhaoinithe a athmheas mar gheall ar rátaí úis do leanúint de bheith ard—£3.5m.


(d)Laghdú ar an aschur a rabhthas ag súil leis i Rinn an Dúna mar gheall ar thaithí san ábhar sin—£2m.


(e)Lagú ar na torthaí trádála ginearálta—£0.75m.


75. D’fhonn déileáil leis na caillteanais mhóra seo, atá ag dul i méid, chomhairligh an Bord don Choiste go bhfuil clár gníomhaithe chun—


(a)fíornádúr agus méid na gcaillteanas sna gníomhaíochtaí agus an dóchas don todhchaí a aithint,


(b)táirgiúlacht agus éifeachtúlacht oibríochtaí na Cuideachta a fheabhsú láithreach,


(c)brabúsacht na Cuideachta amach anseo a mheas ina riocht atheagraithe agus an méid buan-chaipitil is gá chun í a chur ar bhonn seasmhach a mheasúnú.


76. Tá roinnt cinntí déanta cheana agus tá siad á gcur i bhfeidhm rud a mbeidh tionchar díreach aige ar bhrabúsacht—


—Tá cinneadh déanta ag an mBord nach bhfuil gléasra Arklow Gypsum, a tógadh le déanaí, inmharthana. Níor éirigh leis na chéad-bhearta chun leas na Cuideachta a dhiúscairt agus fostaíocht a chaomhnú agus shocraigh NÉT ar an oibríocht sin a dhúnadh. An caillteanas £6.6m a bhfuiltear ag súil leis agus a léireofar i dtorthaí 1980, is de bhreis ar na £3.4m, a díscríobhadh cheana i 1979, é. Caillfear 132 phost.23


—Cuirfear deireadh 1 mí Aibreán 1981, le táirgeadh LCT, a bhfuil na caillteanais ina leith ag méadú de réir a chéile ó 1973/74. Cailleadh £3m i 1979 agus táthar ag súil le caillteanais níos airde i 1980. Tríd an oibríocht seo, nach bhfuil ag glanadh a gcostas reatha anois, fiú, a dhúnadh, sábhálfaidh an Chuideachta níos mó ná £3m. Caillfear 223 phost eile.


—Meastar táirgiúlacht a bheith an-íseal agus is féidir coigilt mhór a dhéanamh. De réir NÉT, nuair a chuirtear Éire agus an Ríocht Aontaithe i gcomórtas lena chéile is ionann aschur gach fostaí in Éirinn agus £28,000 p.a. agus is ionann aschur monaróirí leasachán sa Ríocht Aontaithe agus £42,000 p.a.24 Faoi láthair, tá an Chuideachta ag gabháil do scrúdú a cuid oibríochtaí d’fhonn méid an ró-fhoireannaithe a chinneadh agus d’fhéadfaí a bheith ag súil, le réasún, le coigilt de bhreis ar £1m. Táthar ag súil le 120 post eile a chailleadh.


—Is gá an éagothroime atá ann faoi láthair i bpraghas NAC agus úiré, ós fabhraí é do úiré, a cheartú. Chuirfeadh sé sin tuilleadh ioncaim ar fáil arb é a bheadh ann suim £1 mhilliún i 1981, a rachadh in airde go dtí £1.9 milliún i 1984 tríd an tonnáiste a dhíoltar ar an margadh baile a mhéadú sa tréimhse sin. Thairis sin, maíonn an Chuideachta nár cuireadh luach £3.5m eile de dhámhachtaintí praghais i bhfeidhm ar an margadh agus go bhfuil ar intinn ag an gCuideachta a oiread agus is féidir den tsuim sin a aistarraingt sna trí bliana atá le teacht.


77. Mar sin, tríd an mbeartas sin, cé go bhfuil sé déanach, tá an Chuideachta ag iarraidh a hoibríochtaí a chur faoi rialú arís. Is aiféalach ar fad go dtiocfaidh cailleadh mór fostaíochta (475 phost san iomlán) as an mbeartas sin ach ní fheiceann an Coiste aon dul as sin de thairbhe go bhfuil an gléasra LCT agus gléasra Arklow Gypsum neamhthíosach ar fad agus nach féidir le hoibríochtaí eile na Cuideachta na gléasraí sin a chothú.


78. In aighneacht chun an Choiste i mí Meithimh 1980, mhaígh NÉT, agus iad ag glacadh leis go gcuirfí caipiteal £50m ar a laghad ar fáil i 1981/82 agus go gcuirfí na beartais sin a dúradh i bhfeidhm, go dtiocfaidh leis an gCuideachta brabúsacht a bhaint amach arís faoi 1985. Is achoimre an tábla seo a leanas ar a bhfuil an Chuideachta ag súil leis. Níl aon fhoráil sna tuartha maidir le caillteanais airgid choigríche.


 

Sreabhadh Airgid Thrádála

Brabús Trádála Tar Éis Díluacháil

Iasachtaí ag deireadh na bliana

 

£

£

£

1980

(19.8)m*

(31.3)m

157.6m

1981

0.4m

(11.5)m

128.1m

1982

6.4m

(6.0)m

120.2m

1983

7.3m

(5.0)m

109.0m

1984

8.4m

(3.6)m

97.1m

79. Léiríonn an t-eolas is déanaí atá faighte ag an gCoiste, áfach, nach féidir an méid sin thuas a bhaint amach anois agus táthar ag súil go mbeidh na caillteanais do 1980 níos airde go mór ná na caillteanais a bhí tuartha mí Meithimh seo caite. Nuair a chuirtear athluacháil airgead coigríche san áireamh táthar ag súil gur £55m tuairim an figiúr a bheidh ann.


80. Níl mórán dóchais ann go dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí don bhliain 1981. Is dócha go mbeidh an bhainistíocht gafa an chuid is mó den am i 1981 leis na bearta atá á nglacadh chun gníomhaíochtaí gléasra an Inbhir Mhóir a réasúnú, chun táirgiúlacht a fheabhsú agus chun droch-fhadhbanna teicniúla agus táirgthe i Rinn an Dúna a réiteach agus ní thiocfaidh aon tairbhe as sin go dtí an chuid dheireanach de 1981. Mura gcuirfear aon chaipiteal ar fáil, tá caillteanais £30m i 1981 á dtuaradh ag an gCuideachta, sula gcuirfear brabúis/caillteanais airgid choigríche, más ann, san áireamh.


81. Baineann fadhbanna na Cuideachta go mór anois le muirir arda úis agus le déileálacha in airgead coigríche, rudaí a chosain £44.7m i 1980.25 Maidir leis sin, fuair an Coiste amach go ndearna NÉT, chun an fhírinne a rá, in oirchill Éire do dhul isteach i CAE agus an bhriseadh le sterling, an chontúirt a bhain le hairgead coigríche a laghdú, nuair ab fhéidir, trí iasachtaí a aistriú go puint na hÉireann nuair a bhí rogha acu déanamh amhlaidh. Thug an Coiste dá n-aire freisin gur tharla na caibidlí maidir leis na hiasachtaí bunaidh sula ndearnadh socraíochtaí i leith Éire do dhul isteach i CAE. Chuir an Chuideachta in iúl don Choiste go raibh gá le roinnt dá n-iaschtaí i 1980 a fháil lasmuigh den Stát mar gheall ar Threoirlínte an Bhainc Ceannais an tráth sin lenar cuireadh srian le méid phuint na hÉireann a bhí ar fáil, rud ba chúis le tuilleadh contúirte i ndáil le hairgead coigríche.


82. Sna meastacháin a rinneadh le déanaí ar bhrabúsacht amach anseo agus a chuir NÉT isteach agus atá bunaithe ar ghléasra Chorcaí agus aonaid eile a bheith ag oibriú de réir aschur iomlán agus éifeachtúlacht uasta agus ar chlár réasúnaithe na Cuideachta a bheith curtha i bhfeidhm go rathúil, léirítear go bhféadfaí caillteanais thuartha a laghdú go dtí £11m tuairim sula gcuirfear aon chaipiteal ar fáil nó sula ndéanfar foráil maidir leis an gcontúirt a bhaineann le hiomlaoid airgeadra. Molann an Coiste don Chuideachta, tar éis an claonadh chun bheith ródhóchasach a bhí aici roimhe seo a thabhairt dá n-aire, a bheith cúramach le linn na dtuartha sin a bheith á meas. Tá a lán deacrachtaí taobh thiar den mheastachán sin, a bhfuil roinnt díobh lasmuigh de rialú na Cuideachta ar fad,


—Tuairimítear go mbeidh an claonadh leanúnach in airde, maidir le costais inchur, le feiceáil i bpraghsanna mhargaidh an domhain. Ní hamhlaidh a bhí san am atá caite, cé go bhfuil ardú ginearálta i bpraghsanna le bliain anuas.


—Táthar ag súil go réiteofar na droch-fhadhbanna teicniúla i ngléasra Rinn an Dúna agus go mbainfear amach rátaí uasta aschurtha ansin agus san Inbhear Mór.


—Níor leagadh amach aon phleananna i leith an gléasra san Inbhear Mór do loiceadh arís ná i leith briseadh táirgthe trí dhíospóidí tionscail rud a tharla agus a raibh trom-éifeacht leis san am atá caite.


Struchtúr Caipitil

83. Corpraíodh NÉT i 1961 le caipiteal £100. Maoiníodh a thionscadal bunaidh, is é sin gléasra leasachán an Inbhir Mhóir a thógáil, le hairleacan inaisíoctha £6m ón bPríomh-Chiste faoin Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963.


84. Tháinig fás measartha sa tréimhse 1966 go 1970, agus maoiníodh é, go príomha, le sreabhadh airgid charntha, cé go raibh méadú beag, £1.2m tuairim, ar iasachtaí.


85. Faoin Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970 cuireadh atheagar ar chaipiteal na Cuideachta chun í a chur ar bhonn tráchtála níos inghlactha. Méadaíodh an caipiteal údaraithe go £7.5m. Méadaíodh an scairchaipiteal eisithe go £4.7m agus laghdaíodh airleacain as an bPríomh-Chiste go £2.5m. Ar an dóigh seo, fágadh struchtúr slán caipitil ag an gCuideachta agus Cóimheas Fiach: Cothromas 0.71:1, tuairim.


86. Tharla leathnú measartha eile sa tréimhse suas go dtí 1974 trí infheistíocht mhéadaithe £10.9m i sócmhainní dochta agus trí chaipiteal oibre arbh é £2.9m a mhéid. Ba leor an sreabhadh airgid charntha ar feadh na tréimhse chun na riachtanais chaipitil oibre a chlúdach ach bhí ar an gCuideachta breis iasachtaí de £9m a fháil chun íoc as a clár forbartha caipitil mar is léir ó Thábla 1. Bhí an Chuideachta ábalta, go fóill, an leibhéal iasachta sin a iompar ach, mar gheall ar bhrabúsacht íseal, tháinig laghdú ar an ús-chosaint dhocht go dtí staid mhí-fholláin, is é sin 1.7 n-oiread. Ba mhaith le hinstitiúidí airgeadais, de ghnáth, cóimheas nach lú ná cosaint ceithre oiread a fheiceáil.


87. Sa tréimhse 1974 go 1979 tháinig athrú mór ar NÉT, i dtaca le tréithe agus méid de, ó bheith ina chuideachta mheán-mhéide le sócmhainní £20m chun bheith ina mhór-choimpléasc tionscail le sócmhainní £178m, agus gléasraí aige san Inbhear Mór agus i Rinn an Dúna, Corcaigh. Is é an réasún a bhí taobh thiar dá fhorbairt a spleáchas ar allmhairí costasacha a laghdú agus soláthairtí dá amh-ábhar bunaidh, amóinia, a áirithiú fad a bhí sé ag riaradh ar thuilleadh forbartha i margadh leasachán na hÉireann lena tháirge nua, úiré.


88. Ní dhearnadh an fhorbairt sin gan chostas agus tá deacrachtaí móra airgid ag an gCuideachta anois de thairbhe a bonn caipitil a bheith ídithe ar fad agus iasachtaí a bheith aici nach dtig léi a íoc.


89. Is féidir cúis fhadhbanna airgid NÉT a thuiscint trí féachaint ar an meath a tháinig ar a bhrabúsacht sa tréimhse i ndiaidh ghéarchéim fuinnimh 1973/1974 agus ar na laigí sna socraíochtaí maoinithe le haghaidh a choimpléasc amóinia/úiré i Rinn an Dúna a fhorbairt.


90. Tá cláir chomhardaithe a bhaineann leis na blianta 1970, 1974, 1976, 1978 agus 1979 leagtha amach in Aguisín 3. Léiríonn an Ráiteas Maoinithe, atá i dTábla 1 thíos, go soiléir príomh-phointí bheartais infheistíochta agus maoinithe na Cuideachta.


TÁBLA 1


Nítrigin Éireann Teoranta—Ráiteas Maoinithe


£000


 

Na blianta 1971-74*

Na blianta 1975-76

Na blianta 1977-78

An bhliain 1979

An tIomlán do na blianta 1975-79

 

£

£

£

£

£

 

 

 

 

 

 

Feidhmiú

 

 

 

 

 

Sócmhainní Dochta

10,942

39,196

79,437

28,506

147,139

Caipiteal Oibre

2,863

3,599

(12,230)

10,036

1,405

Easnamh Airgid ar Thrádáil

720

4,621

7,520

12,861

 

13,805

43,515

71,828

46,062

161,405

 

 

 

 

 

 

Foinse

 

 

 

 

 

Caipiteal Eisithe

650

15,000

7,138

22,138

Barrachas Airgid ar Thrádáil

3,993

Deontais ón Stát

2,000

3,093

48

5,141

Cúlchiste caipitil

33

(33)

(33)

Cuntas cothromaíochta cánach

170

(170)

(170)

 

4,846

17,000

3,093

6,983

27,076

IASACHTAÍ BREISE

8,959

26,515

68,735

39,079

134,329

 

13,805

43,515

71,828

46,062

161,405

91. Tar éis na géarchéime fuinnimh, sa tréimhse ó 1974 go 1979, bhí ar an gCuideachta glacadh le caillteanais airgid trádála £12.9m rud ba chúis le breis iasachtaí de £14.3m i dteannta riachtanais chaipiteal oibre breise de £1.4m. Fiú amháin dá ndéanfaí neamhaird ar na caillteanais a d’fhéadfaí a chur i leith Rinn an Dúna ach a chuirtear san áireamh do 1979, bheadh an staid sin ina cúis droch-fhadhbanna airgeadais, taobh amuigh de na fadhbanna sin a cruthaíodh de dheasca Rinn an Dúna. Bheadh bonn caipitil bunaidh na Cuideachta laghdaithe agus ní bheadh na brabúis a chruthófaí sách dóthanach faoi chomhair na muirir úis in aon bhliain seachas 1975.


92. Is iad na fadhbanna a bhí ann mar gheall ar leibhéal ard na n-iasachtaí i ndáil le Tionscadal Rinn an Dúna, áfach, ba chúis le staid airgeadais na Cuideachta do bheith ag dul in olcas. Ar chúiseanna atá luaite cheana féin tá breithniú ar leith déanta ar an tionscadal sin i gCuid B den Tuarascáil seo. Is ceart, áfach, tagairt a dhéanamh dó ag an bpointe seo.


93. Nuair a cuireadh tús le Tionscadal Rinn an Dúna bhí gá le caipiteal breise agus chuir an Rialtas £17m ar fáil ar mhodh buanchaipitil agus deontas ón Stát i 1975/76 chun íoc as cuid den chostas maoinithe a bhain le forbairt Rinn an Dúna a chosain £32.5m le linn na tréimhse. Bhí gá le hiasachtaí £26.5m mar gheall ar thuilleadh leathnaithe san Inbhear Mór a chosain £6.7m, ar riachtanais chaipitil oibre £3.6m, ar chaillteanais airgid trádála £0.7m agus ar an easnamh i gcostais thionscadal Rinn an Dúna. Ag an tráth sin, £80m a bhí i meastachán athbhreithnithe na Cuideachta i dtaobh an chostais dheiridh agus i mí na Nollag 1976 socraíodh tuilleadh iasachtaí caipitil suas go £40m trí chaibidlí le siondacáití banc i Londain agus i mBaile Átha Cliath.26


94. Chosain forbairt leanúnach i Rinn an Dúna i 1977/78, £75m breise; bhí gá le tuilleadh caiteachais £1.3m, tuairim, mar gheall ar mhéadú san Inbhear Mór agus leathnaigh NÉT a infheistíocht i bhFochuideachtaí de £3.1m. Maoiníodh na nithe sin le £12.2m ó chreidiúnaithe trádála a leathnú agus le tuilleadh iasachtaí £68.7m. Chun riaradh ar an riachtanas sin shocraigh an Chuideachta, trí chaibidlí, iasachtaí breise ón ngrúpa banc a bhí páirteach sa chomhaontú maoinithe i 1976 agus leagadh amach clár ama nua do na hiasachtaí bunaidh ionas go mbeadh dátaí aisíoctha níos déanaí ann mar gheall ar an moill le Rinn an Dúna do theacht faoi shiúl.27


95. Tugann an Coiste dá n-aire go raibh na laigí i struchtúr airgeadais na Cuideachta, ag an bpointe sin, ag éirí thar a bheith soiléir. Thit an cóimheas Fiach: Cothromas ó 1:1 i 1974 go dtí 1.9:1 i 1976, 5.2:1 i 1977 agus 7.8:1 i 1978. Ina theannta sin, thit an ús-chosaint ó 1.7 n-oiread i 1974 agus faoi 1976 níor íoc na brabúis trádála as ús fiú. Nuair a chuimhníonn an Coiste nach lú ná 1:1 an cóimheas Fiach: Cothromas agus gur thart faoi 4:1 atá an ús-chosaint i dtionscail de ghnáth don chineál seo gnó cuireann siad an cheist orthu féin cad chuige ar ligeadh don staid dul in olcas chomh mór sin, agus cad chuige nár mheas an Bord go dtí 1979 go raibh leibhéal sroichte ag na costais de bhreis ar an méid a bhféadfaí a bheith ag súil go n-iompródh an tionscadal é ar modh iasachta.28


96. Chosain infheistíocht leanúnach i Rinn an Dúna i 1979 £28.5m, chosain riachtanais caipitil oibre £10m agus chosain caillteanais airgid trádála £7.5m eile. Chuir an Rialtas £7.1m eile ar fáil agus maoiníodh an fuílleach le tuilleadh iasachtaí £39m.


97. Mar sin, faoi dheireadh 1979 bhí bonn caipitil na Cuideachta scriosta beagnach le caillteanais a bhí ag méadú de shíor, á laghdú go dtí £8.6m ar a n-áirítear deontais chaipitil £5m, fad a bhí £155.9m sroichte ag iasachtaí, a raibh 56% díobh, tuairim, faoi thionchar athruithe iomlaoide coigríche agus £30m díobh i bhfoirm iasachtaí gearrthréimhseacha.29


98. Chuaigh an staid in olcas arís le linn 1980 nuair a bhí ar an gCuideachta, de réir mar a thuigeann an Coiste, iasachtaí gearrthréimhseacha eile a fháil chun íoc as caillteanais airgid mar gheall ar fhiacha trádála agus aisíocaíochtaí iasachta a bhí le déanamh. Ina theannta sin, tharla athluacháil ar na hiasachtaí coigríche de bharr caillteanas iomlaoide airgeadra agus faoin 31 Nollaig bhí iasachtaí £205m ag an gCuideachta, agus cuid mhór de na hiasachtaí sin i bhfoirm airgid ghearrthréimhsigh.29


99. Chomhairligh NÉT don Choiste gur cuireadh tograí maidir le hathdhéanamh caipitil faoi bhráid na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus go bhfuil an Chuideachta ag fanacht, faoi láthair, le cinneadh na Roinne i dtaobh a cuid tograí. Tuigeann an Coiste go raibh iarratas sna tograí ar instealladh caipitil £80m30 ar mhodh cothromais. Mar gheall ar an staid iasachta do dhul in olcas ó thús mhí Iúil nuair a rinneadh iarratas chun na Roinne Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta is dealraitheach go mbeidh gá le suim níos airde go mór anois chun cóimheas iomchuí Fiach: Cothromas a bhunú agus chun go leor buanchaipitil a chur ar fáil leis an gCuideachta a fhágáil inmharthana.


Tátail

100. Má thugtar breith de réir caighdeán airgeadais amháin tá gnó NÉT, ó bunaíodh é, míshásúil ar fad de thairbhe £7.4m in airgead a chailleadh agus £24m san iomlán tar éis díluacháil, a chailleadh sa tréimhse go dtí 31 Nollaig, 1979. Ina theannta sin, meastar go mbeidh suim £55m tuairim de chaillteanais ag an gCuideachta i 1980. Chuaigh roinnt rudaí i bhfeidhm ar an staid, is é sin le rá:


(i)Corrlaigh bhrabúis ag laghdú sa tréimhse i ndiaidh na géarchéime fuinnimh ó 1973/74. Go dtí an tréimhse seo, níor tháinig ardú ar phraghas na dtáirgí céim ar chéim leis na harduithe móra ar chostais stoic chothaithe agus fuinnimh.


(ii)Cailleadh suimeanna móra ar oibríocht leasacháin chumaiscthe na Cuideachta.


(iii)Nuair a dhéantar comparáid le tionscal leasachán na Ríochta Aontaithe léirítear táirgiúlacht an-íseal agus ró-fhoireannú.


(iv) Mar gheall ar mhaoiniú gléasra Rinn an Dúna agus ar chaillteanais leanúnacha tharla go raibh gá le hiasachtaí móra agus tá struchtúr caipitil na Cuideachta easnamhach go mór maidir le gnáthriachtanais. Tá dochar mór déanta d’acmhainn bhrabúsachta na Cuideachta ag muirir úis a bhaineann leis na hiasachtaí sin.


(v)Is i sterling agus i ndollair Mheiriceá atá cuid mhaith d’iasachtaí na Cuideachta agus cailleadh suimeanna móra i bhfoirm airgid choigríche mar gheall ar neart na n-airgeadraí sin i gcoibhneas le punt na hÉireann.


101. Tá argóint láidir déanta ag an gCuideachta gurb é príomhchúis a fadhbanna an éagothroime faoi láthair ina struchtúr caipitil as a dtagann, sa chéad chás de, muirir mhóra úis, a dtéann éifeacht iarmartach ar bhrabúsacht leo agus, os a choinne sin, a chuireann brú as cuimse ar acmhainní airgid chun iasachtaí a aisíoc nuair atá siad dlite. Is é smior na faidhbe an t-ardú mór ar chostas thionscadal Rinn an Dúna ar measúnaíodh costas £63.51m dó sa bhuiséad bunaidh ach a chosain £137.3m, sa deireadh, suim a maoiníodh go formhór le hiasachtaí.


102. Is ábhar mór imní don Choiste an meath leanúnach ar staid na Cuideachta. Is soiléir go bhfuil gníomhaíochtaí na Cuideachta, de réir a struchtúir faoi láthair, neamhthíosach ar fad agus nach bhfuil sí ábalta a cuid iasachtaí a aisíoc. Ní féidir déileáil le caillteanais airgid ionchasacha, le haisíocaíochtaí iasachtaí agus le riachtanais caipitil oibre gan tuilleadh airgid a chur ar fáil ar mhodh buanchaipitil nó iasachtaí méadaithe. Is í tuairim an Choiste nach ceart tuilleadh iasachtaí a fháil os rud é nach dtagann as sin ach an staid a fhágáil níos measa arís mar gheall ar mhuirir úis mhéadaithe agus ar an gcontúirt a bhaineann le hiomlaoid choigríche, rudaí nach féidir leis an gCuideachta seirbhísiú a dhéanamh orthu.


103. Maíonn an Chuideachta gur féidir a rá go mbeadh ceart ag an Rialtas leanúint de bheith ag tacú léi ar fhoras eacnamaíoch amháin agus tá a straitéis marthanachta curtha faoi bhráid an Choiste, ar straitéis í, dá n-éireodh léi, dar leis an gCuideachta, a chuirfeadh ar chumas NÉT a fhiacha a ghlanadh i 1984/85 ach bheadh sé deich mbliana, tuairim, dar le NÉT, sula dtiocfadh toradh réadach as infheistíocht an Rialtais.31 Tá príomhghnéithe den straitéis sin leagtha amach anseo thíos; tá breithniú déanta orthu ag an gCoiste sa chuid eile den Roinn seo,


—Gníomhaíochtaí neamhthíosacha a dhúnadh,


—Clár feabhsaithe táirgiúlachta agus laghdaithe costas,


—Táirgeadh gléasra a chobhsú ag leibhéil uasta,


—Costais díola a mhéadú más féidir,


—An Rialtais do chur Chothromas £80m32 ar fáil.


104. Is é tuairim an Choiste gur céadchéim riachtanach, cé gur céim inaiféala í, cinneadh na Cuideachta chun an oibríocht neamhthíosach leasachán cumaiscthe san Inbhear Mór a dhúnadh d’fhonn a hoibríochtaí agus a costais a chur faoi rialú arís. Is léir nárbh fhéidir le haon cheann d’oibríochtaí eile na Cuideachta an ghníomhaíocht sin a chothú.


105. Fáiltíonn an Coiste roimh bhearta atá á nglacadh anois chun táirgiúlacht iomlán in oibríochtaí na Cuideachta a fheabhsú agus cuireann sé an cheist cad chuige ar ligeadh do na caighdeáin dul in olcas sa chéad chás.


106. Glactar le cobhsú táirgthe gléasra ag leibhéil uasta mar phríomhchuspóir agus mar cheann de na nithe is tábhachtaí in aon mheasúnacht ar bhrabúsacht na Cuideachta amach anseo. Tá fadhbanna teicniúla agus fadhbanna oibríochta ann i ngléasraí an Inbhir Mhóir agus Chorcaí, ar fadhbanna iad is gá a réiteach más mian leis an gCuideachta na leibhéil táirgthe atá sna tuartha is déanaí uirthi a bhaint amach.


107. Chomhairligh NÉT don Choiste go bhfuil deiseanna ann chun ioncam a mhéadú trí na praghsanna díola a choigeartú. Go sonrach, beartaítear an éagothroime i bpraghas NAC agus úiré atá i bhfabhar úiré faoi láthair, a cheartú agus £3.5m a aistarraingt i bhfoirm praghsanna atá ceadaithe cheana féin ag an gCoimisiún um Praghsanna ach nár cuireadh i bhfeidhm fós ar an margadh baile.33 Chuir an Chuideachta in iúl don Choiste roimhe seo go láidir, áfach, go bhfuil praghsanna an mhargaidh bhaile, leis an fhírinne a rá, faoi rialú iomaitheoirí coigríche agus, freisin, gur rud tábhachtach maidir le héileamh ionchasach ar úiré an buntáiste atá ag praghas úiré i gcoibhneas le NAC. Fiafraíonn an Coiste, dá bhrí sin, cad iad na nithe a d’athraigh chun go bhféadfaí tabhairt faoin straitéis seo anois.


108. Creideann an Coiste gurb í an cheist is tábhachtaí atá le meas anois inmharthanacht nó eile NÉT amach anseo agus inmholtacht nó eile tuilleadh infheistíochta ón Rialtas sa chuideachta seo atá ag cailleadh airgid. Aontaíonn an Coiste go bhfuil an ceart ar fad ag NÉT tuartha a dhéanamh agus na meastacháin is fearr is féidir a thabhairt i dtaobh méideanna éagsúla a chuirtear isteach sna tuartha sin. Tá sé thar a bheith tábhachtach, áfach, go bhféadfaí a bheith muiníneach as fiúntas na meastachán sin. Is é tuairim an Choiste nach amhlaidh a bhí san am atá caite.


109. Tá imní mór ar an gCoiste i dtaobh raon na hearráide is féidir a bheith ann os rud é, má bhíonn na tuartha mí-cheart, nach leordhóthanach na cistí breise a theastaíonn chun riaradh ar riachtanais na Cuideachta. Molann an Coiste, dá bhrí sin, go measfaí go cúramach gach tomhas a dhéanfar nuair a bheifear ag déanamh meastóireacht ar iarraidh na Cuideachta ar chistí breise. Dá réir sin, tá béim curtha ag an gCoiste ar na príomhrudaí a chuirfear san áireamh nuair a bheidh cinneadh á ghlacadh, is é sin le rá—


A.Tá dhá rud ann atá thar a bheith tábhachtach i dtuartha NÉT, is é sin an fás a bhfuil súil leis i margadh leasachán nítrigin na hÉireann agus spleáchas iomlán na Cuideachta ar a táirge nua úiré chun freastal ar an bhfás sin ar an éileamh amach anseo os rud é go bhfuil díolacháin ionchasacha NAC teorannaithe don chumas atá ann faoi láthair.


Measann an Coiste nach mí-réasúnach a bheith measartha muiníneach as ábaltacht NÉT fás iomlán an mhargaidh a thuar ó tharla gur éirigh chomh maith sin leis roimhe seo maidir leis an ábhar sin. Measann an Coiste, áfach (mar atá luaite i míreanna 21 go 27 a bhaineann leis an margadh baile) gur chríonna a chur san áireamh go bhféadfadh fás níos fadálaí ná mar a tuaradh a bheith ann d’úiré i margadh na hÉireann de thairbhe gur táirge measartha nua go fóill é ar mhargadh na hÉireann agus go mbeidh tuilleadh tacaíochta comhairlí teicniúla ag teastáil uaidh. D’fhéadfadh sé tarlú go leanfaidh feirmeoirí de bheith ag cuartú NAC, go páirteach nó go hiomlán, le riaradh ar fhás a riachtanas nítrigine amach anseo agus tharlódh go gcuartóidís allmhairí mura mbeadh NÉT in ann an méid NAC a bheadh uathu a chur ar fáil. Ní mór, mar sin, do NÉT malairt straitéise a fhorbairt chun déileáil leis an mbagairt dealraitheach sin.


B.Beidh feidhmiú rathúil chlár beartaithe réasúnaíochta na Cuideachta ag brath go mór ar dhea-thoil, agus ar chomhoibriú cheardchumainn agus fostaithe go léir NÉT i Rinn an Dúna agus san Inbhear Mór agus mar sin, beidh scil mhaith i gcaidreamh tionscail de dhíth ar an gCuideachta.


Tuigeann an Coiste go rí-mhaith na deacrachtaí móra atá ag fostaithe a chaill nó a chaillfidh a gcuid post agus maidir leis sin thug siad dá n-aire an sliocht seo a leanas as Rún Bhord NÉT an 5 Feabhra 1981:—


“The Board has also undertaken to give sympathetic consideration to the provision of alternative employment to displaced workers in any activity which can be determined as viable. To this end, the services of all appropriate Government Agencies will be fully utilised. Furthermore, the question of the utilisation of any redundant equipment for other viable commercial operations will be fully and expeditiously examined.”


C.Is nithe tábhachtacha maidir le brabúsacht na Cuideachta na leibhéil táirgthe agus éifeachtúlachta is féidir a bhaint amach agus a chothú san Inbhear Mór agus i Rinn an Dúna. Ní mór breithniú cuí a dhéanamh ar fhorbairt straitéise iomchuí caid-rimh thionscail. Is gá fadhbanna teicniúla agus fadhbanna oibríochta atá ann faoi láthair sa dá ghléasra a mheasúnú go cúramach.


D.Is ceart cuimhneamh ar na treoirlínte seo a leanas nuair a bheidh an leibhéal cistí a chuirfear isteach ar mhodh cothromais á mheas:—


(a)Is ceart gur leor an méid a chuirfear isteach chun an comhardú i Struchtúr Caipitil na Cuideachta a chur ar bun arís. Ba ghnáthriachtanas baincéireachta don chineál seo tionscail cóimheas Fiach: Cothromas nach lú ná 1:1.


(b)Ba cheart go mbeadh laghdú sna muirir úis ann de chineál a cheadódh fás leordhóthanach sa sreabhadh airgid d’fhonn aisíocaíochtaí iasachtaí na Cuideachta atá le déanamh, a íoc.


(c)Más féidir, is ceart an caipiteal a chuirtear isteach a úsáid chun iasachtaí a laghdú atá faoi thionchar na contúirte a bhaineann le hiomlaoid choigríche.


E.Is ceart go mbeadh na tuartha chomh leathan sin go n-áireofaí cliseadh maidir le haon cheann de na nithe tábhachtacha atá liostáilte thuas, a bhaint amach.


110. Measann an Coiste gur mór an obair atá roimh an gCuideachta san iarracht atá á tabhairt aici chun brabúsacht a athbhunú agus struchtúr iomchuí caipitil a bhaint amach. B’fhéidir nach leor na treallúis chun gníomhaíochtaí na Cuideachta atá ag cailleadh a chuíchóiriú mar aon le soláthar mór cothromais d’fhonn deacrachtaí láithreacha na Cuideachta a réiteach. Aithníonn an Coiste go rachadh an tsuim an-mhór caipitil is gá i bhfeidhm go mór ar an gClár Caipitil Poiblí. Molann an Coiste, dá bhrí sin, sula soláthrófaí aon mhórchuid caipitil, go dtabharfaí faoi stáidéar neamhspleách chun na fiontair i gceist a chainníochtú, chun acmhainn na Cuideachta a cuid spriocanna a bhaint amach a mheas agus chun a fháil amach an bhfuil na hacmhainní bainistíochta ag NÉT is gá chun a phleananna a chur i gcrích. Is ceart tabhairt faoin staidéar sin a luaithe is féidir.


A.IV FOCHUIDEACHTAÍ AGUS COMHCHUIDEACHTAÍ

111. Chomh maith leis an infheistíocht sna gléasraí san Inbhear Mór agus ag Rinn an Dúna, tá infheistíochtaí ag NÉT in dhá fhochuideachta agus in dhá chomhchuideachta.


Fochuideachtaí

Arklow Gypsum Ltd.


Joe Sefton Limited

Comhchuideachtaí

NET—Ketzen Co. Ltd.


Irish Plastic Packaging Ltd.

112. Choinnigh an Coiste sonraí i dtaobh struchtúr airgeadais agus gníomhú trádála na gcuideachtaí seo faoi rún, óir d’iarr NÉT orthu é, mar gur ceapadh go rachadh sé chun aimhleas na gcuideachtaí sin dá nochtfaí na sonraí sin.


Arklow Gypsum Ltd.

113. Bá é aidhm á bhí leis an infheistíocht sin ná giopsam ceimiceach, ar fuíoll-táirge é ón ngléasra aigéid fhosforaigh san Inbhear Mór, a úsáid mar amh-ábhar chun plástar agus plástarchlár a mhonarú lena dhíol ar mhodh brabúsach ar an margadh baile. Roimhe sin scaoiltí an giopsam ceimiceach isteach sa bhfarraige trí phíplíne.


114. Is fochuideachta atá faoi shealúchas go hiomlán an chuideachta le scair-chaipiteal eisithe de £100. Rinneadh maoiniú uirthi go príomha trí bhuan-iasacht inchomhshóite agus trí airleacain ó NÉT, de shuimeanna £500,000 agus £5,830,000, faoi seach, an 31 Nollaig, 1979, mar atá léirithe sa tábla seo a leanas:


 

£

Gnáth-Scairchaipiteal

100

Buan-Iasacht Inchomhshóite (NÉT)

500,000

34Airleacain ó NÉT

5,830,400

Deontas ón Údarás Forbartha Tionscail

343,400

 

6,673,900

Lúide: Costais Réamhthrádála

2,498,000

 

4,175,900

115. Rug a lán deacrachtaí ar an gCuideachta agus í ag coimisiúnú an ghléasra seo agus chun críche cuntasaíochta níor measadh gur thosaigh sí ag trádáil go dtí 1979. Chaill sí mórán airgid ó shin. Cailleadh £2.1m an chéad bhliain. Mar a dúradh cheana, díscríobhadh an tsuim sin, i dteannta réamh-chostais £3,555 agus aon trian de chostais réamhthrádála £1.3m, £3.4m san iomlán, as an tsuim a bhí ag dul do NÉT.


116. I gcás leasacháin, luaigh an Chuideachta nach acmhainn di costais atá ag ardú a chealú trí arduithe a dhéanamh ar phraghas an táirge. Léirigh athbhreithniú mion a rinne an Bord ar oibríochtaí na Cuideachta i 1980 nach raibh aon dóchas ann go sroichfí leibheál brabúis agus go leanfadh caillteanais substaintiúla breise fiú. Dá réir sin, cinneadh ar an ngléasra sin a dhúnadh suas. Chosain sin £9m nó mar sin go hiomlán ar an gCuideachta.


117. Is é atá san ábhar i gCuid C den Tuarascáil seo ná fianaise scríofa agus béil a fuarthas ó NÉT agus ó ionadaithe den lucht oibre a bhfuil baint acu leis an tionscadal seo. Gheofar sa Chuid sin leis anailís an Choiste agus an bhreith a thug siad ar an tionscadal sin.


Joe Sefton Ltd.

118. De réir na tuairisce ó NÉT is é atá i Joe Sefton Ltd ná deis margaithe na Cuideachta i dTuaisceart na hÉireann. Úsáideann an Chuideachta é chun a táirgí a mhargú in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe agus tá triúr fostaithe sa ghnó sin.35


119. Is fochuideachta phríobháideach faoi lán-úinéireacht í de chuid NÉT le Scairchaipiteal lán-íoctha de £15,000 a cheannaigh NÉT ar chostas iomlán £98,530.


120. Níl aon iasachtaí foirmiúla ag an gCuideachta agus faigheann sé an phríomh-chuid dá chaipiteal oibre ó NÉT.


121. Tar éis di brabús a dhéanamh sna blianta 1976 agus 1977 tharla nach ndearna sí brabús ar bith sna blianta 1978 agus 1979. Bá é ba chúis leis an gceal brabúis i 1978, i dtuairim NÉT, ná go raibh easpa táirge ann de dheasca na stailce fada san Inbhear Mór an bhliain sin, rud a chur ar Joe Sefton Ltd táirge a cheannach ó fhoinsí eile chun a dhualgais a chomhlíonadh. Tháinig feabhas mór ar chúrsaí sa Chuideachta i 1979 agus níor chaill sí ach roinnt bheag airgid an bhliain sin.


NÉT—Ketjen Company Ltd.

122. Suas go dtí 1979, mar a raibh gléasra amóinia NÉT san Inbhear Mór dúnta, tharla de thoradh gású a dhéanamh ar ola bhreosla le hidrigin a dhéanamh do mhonarú amóinia, gur fágadh carbón ardghníomhaithe mar fhuíoll-táirge. Ar dtús, fadhb ab ea é an fuíoll sin a dhíchur. Chuaigh NÉT, áfach, i gcomhpháirtíocht le hAKZO ón Ollainn a raibh próis forbartha acu leis an ábhar sin a athghnóthú agus tosaíodh ar ghléasra i 1972. Nuair a dhún an t-aonad táirgthe amóinia lean an Chuideachta den ghnó trí ghláras a allmhairiú ón bhFionlainn agus é a phróiseáil san Inbhear Mór.


123. Níor éirigh go ró-íontach leis an ngnó sna chéad bhlianta agus bhíothas ag cailliúint go leanúnach suas go 1975. Le ceithre bliana anuas tá brabús seasmhach á dhéanamh ag an gCuideachta agus tá toradh anmhaith ar an gcaipiteal a caitheadh léi. Is le NÉT 49% den scairchaipiteal eisithe.


Irish Plastic Packaging Ltd.

124. Tá leas 20% ag NÉT i ngnáth-scairchaipiteal na Cuideachta seo agus 19% breise den scairchaipiteal tosaíochta. Is é aidhm na hinfheistíochta ná a chinntiú go mbeidh soláthar dóthanach cinnte de mhálaí plaisteacha ar fáil.


125. Tá bonn maith sláintiúil ar an gCuideachta agus rinne si go maith sna sé bliana atá scrúdaithe ag an gCoiste, suas go dtí an bhliain 1979, bliain ar éirigh go han-mhaith léi. I rith na tréimhse sin chloígh an Chuideachta le polasaí díbhinní a bhí an-choimeádach agus tiontaíodh cuid shubstaintiúil den sochar siar isteach sa Chuideachta.


A.V SAORÁIDÍ MONARAITHE—AN tINBHEAR MÓR

126. Tá an iliomad gléasra áirithe i monarcha ollmhór an Inbhir Mhóir. Gléasra beag cuid acu sin, mar atá na ceithre ghléasra aigéid nítrigh, gléasra sulfáit amóiniam, dhá ghléasra níotráit amóiniam, gléasra beag aigéid fhosfaraigh, etc. Áirítear ann freisin gléasra aigéid shulfaraigh atá measartha beag, bunaithe ar phirítí, agus roinnt gléasra seachtáirgí nach ndéanann de réir dealraimh, ach brabús ar éigean. Go simplí úsáideadh an t-amóinia chun níotráit amóiniam, sulfáit amóiniam agus aigéad nítreach a tháirgeadh. Úsáideadh an t-aigéad sulfarach chun sulfáit amóiniam agus aigéad fosfarach a tháirgeadh a úsáideadh chun leasacháin chumaiscthe a tháirgeadh.


127. De réir mar a tharla bhí fás leanúnach i ndán don ollmhonarcha óir cuireadh gléasraí measartha beag leis an monarcha de réir mar a bhí an margadh ag dul i méid. Go gairid, cuireadh críoch i 1965 leis na chéad ghléasraí chun an méid seo anseo a tháirgeadh: 39,000 tonna d’amóinia in aghaidh na bliana, 70,000 tonna d’aigéad sulfarach ó shulfar in aghaidh na bliana, 33,000 tonna d’aigéad nítreach in aghaidh na bliana, 65,000 tonna de 26% de níotráit amóiniam chailciam in aghaidh na bliana agus 85,000 tonna de shulfáit amóiniam in aghaidh na bliana. Faoin mbliain 1967/68 bhí gléasra aigéid fhosfaraigh beag de chumas 26 tonna in aghaidh an lae (mar choibhéis fhosfair) agus gléasra aigéid nítrigh de chumas 200 tonna in aghaidh an lae (66,000 tonna sa bhliain) curtha leis.


128. Ina dhiaidh sin, leathnaíodh an gléasra aigéid fhosfaraigh go 36 tonna in aghaidh an lae (coibhéis fhosfair de 9,000 tonna in aghaidh na bliana) agus leathnaíodh an gléasra NAC go 130,000 tonna in aghaidh na bliana. Cuireadh isteach freisin gléasra leasacháin chumaiscthe de chumas 300 tonna in aghaidh an lae.


129. Faoin mbliain 1973, bhí an tríú gléasra aigéid nítrigh de chumas 300 tonna in aghaidh an lae, agus gléasra níotráit amóiniam de chumas ainmniúil 250,000 tonna in aghaidh na bliana, tógtha. (Athraíodh faoi dheireadh é chun cion 27½% de níotráit amóiniam chailciam a tháirgeadh, mar gheall ar pholasaí Rialtais). Lean an gléasra níotráit amóiniam de bheith ina chúis trioblóide agus is foinse leanúnach truaillithe é i gcónaí. Ó cuireadh tús leis an ngléasra bhí díospóid faoi idir NÉT agus an conraitheoir. Réitíodh an díospóid sin ó shin.


130. Tógadh an ceathrú gléasra aigéid nítrigh de chumas 400 tonna in aghaidh an lae, i 1976. Athraíodh an gléasra aigéid shulfaraigh i 1971 le go bhféadfaí pirít a úsáid mar ábhar cothaithe. I Márta 1980 dúnadh an gléasra amóinia a bhí ag cailliúint airgid agus tá an t-ollghléasra anois ag brath ar amóinia ón láthair i Rinn an Dúna.


131. Chomh maith leis an iliomad beag-aonad táirgthe, tá an láthair san Inbhear Mór faoi réir teorainneacha tarlaithe loingseoireachta a chuireann srian i ndáiríre leis an méid amóinia, breosla ola agus amhábhair eile is féidir a sheachadadh. Tuigtear don Choiste gur roghnaíodh an tInbhear Mór mar láthair táirgthe leasachán toisc é bheith measartha cóngarach do na lárionaid margaí agus d’fhoinsí pirít, le haigéad sulfarach a mhonarú.


A.VI EAGRÚ, STRUCHTÚR AGUS RIALÚ

Aidhm Chorpraithe

132. Is é príomh-aidhm na Cuideachta mar atá leagtha amach i gclásal 3 dá Mheamram Comhlachais monarcha nó monarchana leasachán nítrigineach a fháil, a thógáil agus a oibriú in Éirinn.


133. Sa Mheamram Míniúcháin a ghabhann leis na mBille um Nítrigin Éireann Teoranta 1962 luadh go bhféadfadh an Chuideachta leasacháin nítrigineacha a dhéanamh, gan aon fhóirdheontais ná cosaint a fháil, ar phraghsanna a bheadh, ar a laghad, chomh réasúnta leis na praghsanna i réim i gcás leasachán allmhairithe, chun a áirithiú go mbeadh soláthairtí ar fáil i gcónaí faoi chomhair aon éilimh ar leasacháin nítrigineacha ó fheirmeoirí na hÉireann. Luann NÉT nach bhfuil aon athrú ar an aidhm chorpraithe chuimsitheach sin ó thráth bunaithe na Cuideachta.


Bord Stiúrthóirí

134. Is é an Bord, ar a bhfuil 12 Stiúrthóir, atá freagrach as cúrsaí uile na Cuideachta a stiúradh. Is é an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta a d’ainmnigh 8 díobh, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais. Thogh foireann NÉT (agus cheap siad) ceathrar de na Stiúrthóirí, de réir forálacha an Achta um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. Ainmníonn an tAire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta Stiúrthóir amháin mar Chathaoirleach ar an mBord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais. Is comhalta den bhord Stiúrthóir Bainistíochta (nó Príomh-Fheidhmeannach) na Cuideachta.


135. I gcás Stiúrthóirí ón lucht oibre, ní foláir toghcháin a sheoladh gach trí bliana. Tá ar na Stiúrthóirí eile scor de réir uainíochta agus tá siad i dteideal athcheaptha. Níl ar an Stiúrthóir Bainistíochta scor de réir uainíochta.


136. Tá príomhdhualgais agus freagrachtaí an Bhoird áirithe mar a leanas ag an gCuideachta:


(i)Clár Comhardaithe, Cuntas Sochair agus Dochair agus Tuarascáil na Stiúrthóirí chun an Scairshealbhóra a sholáthar don Aire gach bliain, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta.


(ii)An Stiúrthóir Bainistíochta a cheapadh (le toiliú an Aire Tionscail Tráchtála agus Turasóireachta agus an Aire Airgeadais) agus é a stiúradh agus an bhainistíocht a stiúradh tríd-sean maidir le beartais ghinearálta na Cuideachta trí bheartais an Rialtais i leith na Cuideachta a léiriú. Tarmligeann an Bord feidhmiú laethúil na mbeartas agus na bpleananna sin chuig an Stiúrthóir Bainistíochta.


(iii)Torthaí agus gníomhú na Cuideachta a thomhas in aghaidh buiséadachtaí agus beartais ghinearálta na Cuideachta.


(iv)A áirithiú go bhfuil córais fhónta tuarascála ann chun gnó na Cuideachta a stiúradh agus a rialú.


(v)Rialú airgeadais cuimsitheach (murab ionann is mionrialú) a chur i bhfeidhm; mar shampla, mórchaiteachais críochnaitheacha a cheadú, tosaíochtaí a bheartú i gcúrsaí caiteachais.


(vi)A chinntiú go bhfuil sócmhainní caipitiúla sáchdóthanacha ar fáil leis an gCuideachta a oibriú agus a fhorbairt.


(vii)A chinntiú go gcomhlíontar ceanglais dlíthiúla agus reachtúla agus go ndéantar de réir Mheamram agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta.


137. Tagann an Bord le chéile uair sa mhí ach in imthosca áirithe is féidir cruinnithe Boird a ghairm níos minicí chun déileáil le gnó speisialta.


138. Maidir le déileáil an Bhoird le Ranna Rialtais, cuireann an Bord, faoin Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963, tuarascálacha ar fáil don Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Ní foláir Cuntais agus Tuarascálacha na Stiúrthóirí chun an Scairshealbhóra a sholáthar don Aire agus a chur faoi bhráid gach Teach den Oireachtas. Ina theannta-san, déanfaidh an Chuideachta, má éilíonn an tAire é, cibé eolas a chur ar fáil dó a éileoidh sé i leith aon Chlár Comhardaithe, Cuntas Sochair agus Dochair nó Tuarascáil ón gCuideachta, nó i leith beartais agus oibríochtaí na Cuideachta. Níl aon cheangal foirmiúil ag an mBord le haon Roinn Rialtais eile agus aon fhiosruithe ó na Ranna sin seoltar iad tríd an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Is é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchóir na Cuideachta.


139. Cuirtear beartas an Bhoird in iúl don bhainistíocht shinsearach ar an modh seo a leanas. Déanann bainistíocht shinsearach freastal ar chruinnithe Boird mar is gá. Is é an nós a leantar ná cóipeanna de na miontuairiscí a dháileadh ar an mbainistíocht shinsearach i gcomhair aon ghníomh ba ghá. Tá sé beartaithe an nós sin a athrú anois agus Miontuairiscí a dháileadh ar chomhaltaí an Bhoird amháin. Is é an Stiúrthóir Bainistíochta a thógfadh an fhreagracht air féin amach anseo chun a áirithiú go gcuirfí cinntí agus beartas an Bhoird in iúl don bhainistíocht shinsearach.


Struchtúr Bainistíochta Feidhmiúcháin

140. Déantar an fhreagracht a ghabhann le bainistíocht laethúil na Cuideachta a tharmligean chuig an Stiúrthóir Bainistíochta agus tugann an Bainisteoir Ginearálta tuairisc dó-san go díreach. Faigheann an Bainisteoir Ginearálta a chuid eolais ó sheachtar feidhmeannach eile mar a leanas: Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Teicniúil; Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Forbairt; Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Tráchtáil; Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Díolacháin; Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Airgeadas; Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Pearsanra agus Rúnaí na Cuideachta.


Gníomhaíochtaí Pleanála

141. Ullmhaíonn an Chuideachta gach bliain plean cuimsitheach a chuimsíonn díolacháin, táirgeadh, daonchumhacht agus riachtanais chaipitil agus airgeadais de réir straitéis uileghabhálach na Cuideachta. Tugtar an plean sin chun críche i mbuiséad oibre bliantúil a ullmhaíonn an Rannán Airgeadais.


142. Ina theannta-san, tá dhá mhúnla airgeadais ríomhairithe ag an gCuideachta a chuimsíonn tréimhsí cúig bliana agus deich mbliana agus a usáidtear chun éifeacht straitéisí éagsúla a scrúdú maidir le díolacháin, meascán táirge, cumas táirgiúlachta agus modhanna maoinithe. Cuireann bainisteoirí aonaracha eolas ar fáil chun críche measúnachtaí pleanála uileghabhálacha agus tá siad páirteach chomh maith ag pleanáil aon riachtanais dá gcuid ranna nó rannán féin. An t-eolas ar a dtagtar sna staidéir phleanála sin deántar é a thíolacadh de ghnáth don Choiste Bainistíochta. Is é an Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Airgeadas nó an Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Forbairt a dhéanann an tíolacadh sin, trí mheasúnú a dhéanamh ar straitéisí ar leith atá le scrúdú agus ar an ngníomh atá le déanamh.


OIBRÍOCHTAÍ

Cumarsáid

143. Oibrítear córas cumarsáide na Cuideachta tríd an mbainistíocht shinsearach do theacht i láthair mar is gá ag cruinnithe míosúla an Bhoird mar a gcuireann an bhainistíocht i láthair tuairiscí míosúla rialta os comhair an chruinnithe maidir le hairgeadas, táirgeadh agus díolacháin, chomh maith le tuairiscí miona ar ghnéithe a bhaineann le beartas na Cuideachta.


144. Is é an Coiste Bainistíochta a ritheann an Chuideachta. Is é atá sa Choiste sin ná an Stiúrthóir Bainistíochta, an Bainisteoir Ginearálta agus na Bainisteoirí Ginearálta Cúnta. Tagann an Coiste Bainistíochta le chéile go rialta, uair sa choicíos ar a laghad ach níos minicí ná sin más gá agus déantar miontuairiscí na gcruinnithe bainistíochta agus cinntí a thaifeadadh agus a dháileadh. Déanann fochoistí bainistíochta scrúdú ar réimsí áirithe speisialta den bhainistíocht ó lá go lá, mar shampla, pearsanra, costais, rialú buiséadachta. Cuirtear aon mholtaí ó na fochoistí seo faoi bhráid an Choiste Bainistíochta le cinneadh a dhéanamh orthu. Aon chinntí ón mbainistíocht faoi chomhair gníomh oibre téann siad trí na Bainisteoirí Ginearálta Cúnta go dtí na Bainisteoirí Monarchan agus gráid analacha go sroicheann siad leibhéal na mbainisteoirí Roinne. Bíonn cruinnithe caidrimh ag an leibhéal seo go rialta agus taifeadtar miontuairiscí agus dáiltear amach iad. Tá gach bainisteoir Roinne freagrach as rialú na ngníomhaíochtaí a shannann an Chuideachta dó agus cuirtear tuarascáil de ghníomhaíochtaí a Roinne ar aghaidh go dtí an Coiste Bainistíochta uair sa mhí.


145. Tuigtear don Choiste go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh le déanaí ar an struchtúr bainistíochta seo.


Próis rialaithe

146. Is é an buiséad bliantúil a rialaionn oibríochtaí na Cuideachta. Tá sé i gceist go gclúdódh sé gach gné de ghnó na Cuideachta, lena n-áirítear réamhaisnéis maidir le méid an táirgthe, díolacháin, cainníochtaí agus costais amhábhair, táirgí idirmheánacha agus caiteachas caipitil eile. Ullmhaítear buiséid ina leagtar síos na costais mheasta a bhaineann le breisithe a chur leis na sócmhainní dochta agus le malartú a dhéanamh orthu.


147. Tá córas costais caighdeánach i ngníomh agus ullmhaítear cuntais uair sa mhí d’fhonn obair na Cuideachta a mheas in aghaidh an bhuiséid airgid agus eolas leanúnach a fháil ar ais i dtaobh an dul chun cinn iarbhír. Déantar aon imeacht ón mbuiséad a scrúdú agus tuairisc a thabhairt ina leith agus cinntear, de réir mar is gá, gníomh ceartúcháin a dhéanamh. Cuirtear na cuntais sin in iúl don Bhord agus don bhainistíocht, uair in aghaidh na míosa, d’fhonn deis a thabhairt gníomhú na Cuideachta a mheas i leith cibé spriocanna a bhíonn leagtha síos sa bhuiséad.


Tátail

148. Bíodh go ndéanann ceannairí ranna, ar mhodh aonarach, bearta pleanála straitéiseacha ar leithligh ar bhonn leanúnach, ba é breith an Choiste nach raibh beartas corpraithe fadteármach cuimsitheach agus ionchasach i leith na Cuideachta, réimse a gníomhaíochtaí gnó, ná a cuspóirí airgeadais agus fáis, sonraithe sách soiléir i ndoiciméad beartais ar nós plean corpraithe a d’fhormheas an Bord Stiúrthóirí go foirmiúil san am atá thart.


149. Chomh maith leis sin, tá an chuma air go raibh laige mór éigin ar chumas oilteacht phleanála chuimsitheach na Cuideachta arbh é ba chúis le difríochtaí substaintiúla leanúnacha i gcás costais agus cumas brabúis measta, i dtréimhsí gearra aimsire. Dealraíonn sé go rabhthas ró-dhóchasach ag bunú sprioctháirgí gan aon áireamh ceart a dhéanamh ar theagmhais a d’fhéadfadh, de sheans, titim amach ina dhiaidh sin.


150. Má ghlactar le gníomhú na Cuideachta go dtí seo agus leis an obair nach foláir di a dhéanamh láithreach, d’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach díriú, ar chuma níos foirmiúla, ar bheartas corpraithe fadtéarmach a leagadh amach laistigh den Chuideachta. Fónfaidh an fhorbairt sin ar phróis phleanála mar chreatlach a bhféadfar dá réir cinntí agus straitéisí infheistíochta reatha a luacháil agus gníomhú iarbhír a thomhas maidir le cuspóirí agus straitéisí fadtéarmacha.


151. Bheadh sé deacair an bhreith a sheachaint go raibh laigí móra i gceist i gcás rialú ginearálta agus príomh-sheoladh oibríochtaí na Cuideachta.


CUID B—TIONSCADAL RINN AN DÚNA

B.I RÉAMHRÁ

152. Tharla le himeacht na mblianta, leis an méadú a tháinig ar éileamh ar leasachán nítrigineach, nach raibh i gcumas ghléasra NÉT sa Inbhear Mór, ar deireadh, dóthain amóinia a tháirgeadh. Ina dhiaidh sin allmhairíodh an riar d’amóinia a bhí riachtanach. Um an mbliain 1972, tráth a raibh riar substaintiúil d’amóinia á allmhairiú agus an chosúlacht ar an scéal gur mar sin a bheadh, tuigeadh do NÉT go mbeadh fadhbanna acu i gcás allmhairí amóinia a choimeád ar siúl agus a mhéadú. Bhí sé ag éirí níos deacra orthu teacht ar sholáthairtí dóthanacha chun freastal ar a riachtanais a bhí ag méa, bhí praghsanna ag ardú agus rud ba thábhachtaí, bhí teorainn le toirt na longa a d’fhéadfaí a láimhseáil i gcalafort an Inbhír Mhóir. Mar gheall ar na fadhbanna sin bhí neamhchinnteacht ag baint le soláthairtí a chinntiú i gcás an Inbhir Mhóir agus dá thoradh san thosaigh NÉT ag déanamh scrúdú ar bhealaí ina bhféadfaí breis amóinia a tháirgeadh. Rinneadh scrúdú ar thrí ábhar cothaithe, is é sin, nafta, ola bhreosla agus gás aiceanta, agus láithreacha gléasra dóchúla eile seachas an tInbhear Mór.


153. Nuair a thángthas ar ghás aiceanta amach ó Chionn tSáile agus nuair a cuireadh an méid sin in iúl do Bhord NÉT i Meán Fómhair 1973, ní raibh aon bhreis argóna le déanamh i dtaobh ábhair chothaithe agus láithreáin. Leis an gcionroinnt a rinne an Rialtas in Eanáir 1974 nuair a dháil siad 52 milliún troithe ciúbacha de ghás aiceanta in aghaidh an lae ar NÉT, socraíodh cén toirt a bheadh sa ghléasra—is é sin, gleásra a d’fhéadfaidh 1,350 tonna d’amóinia a mhonarú in aghaidh an lae.36


154. Dá éis sin, ullmhaíodh sonraíochtaí don obair agus cuireadh amach go tríúr tairgeoirí roghnaithe iad. Fuarthas forthairiscintí uathusan agus scrúdaíodh iad agus ullmhaíodh tuarascáil faoin tionscadal agus eisíodh do Bhord NÉT í Samhain na bliana 1974. De réir na tuarascála sin £63.51 mhilliún a chosnódh an tionscadal agus moladh gur chóir dul ar aghaidh leis agus ceapadh Kellogg mar phríomh-chonraitheoirí. De réir na tuarascála sin, cheadaigh Bord NÉT, ar an 2 Nollaig 1974, dul ar aghaidh leis an tionscadal agus Kellogg a cheapadh mar phríomh-chonraitheoirí ach an rud ar fad a bheith faoi réir socruithe airgeadais sásúla a bheith déanta.


155. Ar an 12 Nollaig 1974 d’údaraigh NÉT do Kellogg tosú ag obair ar an tionscadal, trí mheán Litir Cuspóra. Réitíodh le Kellogg gur 36 mhí ón 1 Eanáir, 1975 a bheadh sa tréimhse tógála. Mar sin comhaontaíodh gurb é an 1 Eanáir 1978 dáta críochnaithe na hoibre.


156. Dá éis sin, cuireadh suas an gléasra agus críochnaíodh é. Táirgeadh amóinia den chéad uair i mBealtaine 1979 agus úiré i Meán Fómhair 1979. Thóg críochnú na hoibre 15 mhí níos faide mar a bhí síos sa phlean i dtosach. B’ionann costas caipitil críochnaitheach agus £137.3 mhilliún, suim a bhí £74 mhilliún níos airde ná an tsuim a cheadaigh Bord NÉT i Nollaig 1974.


157. Go dtí seo, is é sin, an 1 Aibreán 1981, chruthaigh an gléasra amóinia sásúil i gcás formhór na ráthaíochtaí gníomhaithe a rinneadh ina thaobh de réir mar a bhí sonraithe sa tsonraíocht a bhain leis an gconradh, ach ní raibh an méid sin fíor i ngach cás. Chomh maith leis sin theip ar na feadáin san fhoirnéis athfhoirmire agus san ath-choire Benfield. Tuigtear don Choiste go bhfuil iniúchadh á dhéanamh faoi láthair ar an gcúis atá leis an gcliseadh sin sna feadáin agus san ath-choire agus ar an gcóireaíl lena n-aghaidh.


Tá sé beartaithe críoch a chur leis na deisiúcháin sa chéad dúnadh síos pleanáilte eile i bhFómhar na bliana 1981. Mar sin níl glactha fós go foirmiúil faoin gconradh ag NÉT leis an ngléasra amóinia agus tá feidhm fós ag na pionóis ghníomhaithe (damáistí leachtaithe) agus ag na ráthaíochtaí bainc, atá á gcoimeád in ionad airgead coinneála, maidir leis an gCuid sin den ghléasra. Ghlac an Chuideachta, go foirmiúil faoin gconradh, leis an ngléasra úiré i Márta 1981.


B.II MEASTACHÁIN AGUS CEADÚ I gCÁS COSTAIS CHAIPITIL

158. Sa Roinn seo is é atá á phlé ag an gCoiste ná na meastacháin éagsúla a bhain le costas caipitil an tionscadail, bailíocht na meastachán sin, a n-úsáid chun ceadú Rialtais a fháil agus chun infheistíocht Rialtais a chinntiú don tionscadal. Scrúdaítear na nithe sin go mion mar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo agus mórán cainte déanta fúthu. Dá thoradh-san, chaith an Coiste roinnt mhaith ama ag iarraidh a fháil amach go cruinn cad a tharla, cén bhaint a bhí ag na teagmhais le na chéile agus cén leanúnachas ó thaobh ama a bhain leo. D’fhonn na nithe sin a thuiscint níos fearr agus d’fhonn fráma tagartha a leagadh síos mar thacú leis an mbreith a thugann an Coiste, tá achoimre stairiúil ar na teagmhais iomchuí le fáil sna leathnaigh seo a leanas, maille le sonraí ina dtaobh de réir mar is cuí.


Achoimre Stairiúil

159. [18.5.1972] An tagairt is luaithe do thionscadail monaraithe amóinia agus úiré in aon eolas a cuireadh faoi bhráid an Choiste is tagairt í do Chlár Forbartha a d’ullmhaigh NÉT. Bhí ocht dtionscadal insaothraithe áirithe ansin agus tá NÉT á n-iniúchadh faoi láthair, “chun a fháil amach an gcomhlíonann siad na trí thástálacha ó thaobh indéantacht tráchtála, indéantacht airgeadais agus indéantacht teicniúil.” Áiríodh ar an liosta sin, i measc nithe eile, tionscadail chun amóinia agus úiré a mhonarú.


160. [21.2.1973] Bhí cruinniú ag bainistíocht NÉT le hionadaithe ó Thionscail agus Tráchtáil agus ó Airgeadas37 agus é d’aidhm leis, de réir NÉT “a fháil amach an raibh comhaontú, i bprionsabal, déanta i dtaobh Chlár Forbartha Caipitil do NÉT agus má bhí, na bealaí agus na dóigheanna a phlé le caipiteal cothromais a chur ar fáil ón Státchiste …” Luadh go sonrach “go raibh an tionscadal amóinia i gcroí-lár an chláir uile”. Bhí an argóint ag NÉT gur theastaigh an tionscadal amóinia mar go raibh a riachtanais amóinia ag dul i méid, go raibh siad faoi láthair ag allmhairiú cuid mhór de, agus go méadódh sé sin tuilleadh, go mbeadh, ina dtuairim fadhbanna ag baint le soláthairtí allmhairithe a aimsiú agus go raibh teorainneacha aiceanta ag baint leis an Inbhear Mór mar chalafort sa mhéid a bhain le láimhseáil na gcainníochtaí a rabhthas ag súil leo. Táirge nua a bhí san úiré a lean as forbairt an ghléasra amóinia. Maidir leis an infheistíocht chaipitil a bhí riachtanach don tionscadal amóinia” a measadh ar dtús a bheith comhionann le £6 mhilliún d’fhéadfadh sé ardú go £10 milliún faoin am a mbeadh an scéim chríochnaitheach forbairte.” Tugadh aitheantas do thuairim Airgeadais go gcaitheadh an Clár Forbartha Caipitil dul go dtí an Rialtas agus luadh go sonrach slat-tomhais Airgeadais maidir le haon chaipiteal cothromais a infheistiú ag an Stát. D’aontaigh NÉT go dtosófaí láithreach ar an gClár Forbartha Caipitil uile a ullmhú lena chur i láthair go húr, a mbeadh foráil ann do chaipiteal cothromais a eisiúint agus a bhféadfadh Bord NÉT é a chur faoi bhráid an Aire Tionscail agus Tráchtála.


161. [13.4.1973] An aighneacht ó NÉT ag lorg tuilleadh caipiteal cothromais chun a gClár Forbartha Caipitil a mhaoiniú, seoladh í chun Tionscail agus Tráchtáil agus go hAirgeadas. Ba í an phríomh-ítim sa chlár ná gléasra amóinia le hacmhainn 600 tonna in aghaidh an lae, agus measadh go gcosnódh sé idir £11 mhilliún agus £15 mhilliún, nó, mar rogha air sin, gléasra amóinia le hacmhainn 900 tonna in aghaidh an lae i dteannta gléasra úiré le hacmhainn 500 tonna in aghaidh an lae a chosnódh, le chéile, de réir meastacháin, idir £14 mhilliún agus £18 milliún. Bhí tionscadail sa chlár freisin le haghaidh na n-ábhar seo: ballachláir, úiré formaildéid, nítrigin leachtach agus aigéad formach agus costas caipitil iomlán de bhreis is £5 mhilliún curtha síos do na tionscadail bhreise sin.


Ba é an moladh a dhein NÉT ná go dtabharfadh an tAire Airgeadais £2.14 mhilliún láithreach (le go sroichfeadh an scairchaipiteal eisithe an teorainn údaraithe £7.5 mhilliún a bhí i réim an uair sin) agus go dtabharfadh an tAire céanna £17.5 mhilliún breise chun an scairchaipiteal eisithe agus údaraithe in éineacht a mhéadú go suim £25 mhilliún.


Bhí sé sonraithe san aighneacht nach raibh dóthain fiosrúchán, de chineál teicniúil agus eacnamaíochta, déanta fós le go bhféadfaí forthairiscintí foirmiúla a ghlacadh, cé go rabhthas ag dul ar aghaidh leis na fiosrúcháin, agus nach bhféadfaí na costais chaipitil a chinntiú go dtí go bhfaighfí for-thairiscintí iomaíocha. Luadh go bhféadfadh na costais chaipitil a bheith ar aon dul leis na costais thuas. Luadh san aighneacht leis go bhféadfadh na costais chaipitil athrú de réir an rogha amh-ábhair a dhéanfaí, is é sin, ola bhreosla, nafta nó gás aiceanta.


Tráchtaireacht: Bhí an aighneacht thuas gearr (8 leathanach); bhain sí le forbairtí atá beartaithe don Inbhear Mór, níor tugadh aon eolas i dtaobh cúrsaí airgid ná brabúis, níor míníodh an riachtanas eacnamaíochta nó teicniúil a bhain leis an obair agus níor tugadh aon sonraí eile i dtaobh foinse an mheastacháin ar chostais chaipitil seachas a bhfuil tugtha thuas. Léirigh an aighneacht riachtanais chothromais NÉT de réir mar a thuigeadar féin iad.


Chuir an aighneacht tús, áfach, le hiarrachtaí NÉT dul ag margántaíocht leis na Ranna Rialtais lena mbaineann agus, i ndeireadh an dála, leis an Rialtas, trí na Ranna agus na Gníomhaireachtaí dá cuid, i dtaobh teaglaim airgeadais ina n-áireofaí cothromas Stáit do na tionscadail amóinia úiré a bhí beartaithe. An mhargántaíocht a lean bhí sé ar siúl dhá bhliain nach mór agus tar éis a lán cruinnithe agus aighneachtaí chinn an Rialtas ar an 26.11.1974 agus ar an 6.1.1975 ar thacaíocht a thabhairt don tionscadal.


Ar mhaithe le hachomaireacht, ní dhéantar tagairt sna míreanna seo a leanas ach amháin do na haighneachtaí agus do na cruinnithe iomchuí.


162. [Meán Fómhair 1973]. Cuireadh in iúl do NÉT gur tháinig Marathon ar ghás aiceanta amach ó chósta na hÉireann.


Tráchtaireacht: De thoradh an scéala sin socraíodh an t-ábhar cothaithe (gás aiceanta) agus an rogha suímh (Corcaigh).


163. [Meán Fómhair 1973] Eisíodh Tuarascáil Bhainistíochta NÉT (Meán Fómhair 1973). Bheartaigh an Tuarascáil seo go ndéanfaí gléasra amóinia, le hacmhainn 900 tonna in aghaidh an lae, agus gléasra úiré le hacmhainn 500 tonna in aghaidh an lae, a bhunú san Inbhear Mór nó sa Gheata Bán agus léirigh siad dhá rogha faoin ábhar cothaithe, is é sin, nafta agus ola bhreosla. An costas caipitil (lena n-áirítear caipiteal oibre) ach nafta a úsáid mar ábhar cothaithe measadh gur £18.25 mhilliún a bheadh ann agus £25.4/£26.4 mhilliún i gcás ola bhreosla a úsáid. Tá na meastacháin sin bunaithe ar phraghsanna a fuarthas ó cheithre chonraitheoir inroghnaithe.


Tráchtaireacht: Faoin am ar tháinig an Tuarascáil seo amach bhí rudaí tite amach a d’fhág as dáta í. Mar gheall ar an ngás aiceanta a fuarthas amach ó Chorcaigh bhí roinnt athruithe bunúsacha le déanamh ar an tionscadal atá faoi bhreithniú. Cinntíodh gur i gCorcaigh a bheadh an suíomh, agus uime sin, b’éigean caiteachas breise a thabhú chun láthair a fháil, í a fhorbairt agus chun bonneagar forbartha a leagadh síos. Cinntíodh gur gás aiceanta a bheadh san ábhar cotháithe agus, dá thoradh-san, go mbraithfeadh costas oibre agus brabús ar chostas an gháis agus go mbeadh leis roinnt athruithe le déanamh i gcás na teicneolaíochta. Mar sin, ní raibh na sonraíochtaí teicniúla agus eacnamaíochta a bhí i dTuarascáil Bhainistíochta Mheán Fómhair 1973 infheidhme go hiomlán a thuilleadh.


164. [Samhain 1973] Tar éis do Bhord NÉT Tuarascáil Bhainistíochta Mheán Fómhair 1973 a bhreithniú thug siad, agus a thios acu go mbainfeadh fáil an gháis aiceanta le hábhar cothaithe, le suíomh agus le cúrsaí eacnamaíochta, cead don bhainistíocht dul ar aghaidh leis na fiosrúcháin faoin tionscadal amóinia/úiré le go bhféadfaí forthairiscintí a lorg ag an tráth iomchuí.


Tráchtaireacht: Ba le haghaidh staidéir agus deartha amháin an ceadú seo agus níor áiríodh caiteachas caipitil ná ceapadh conraitheoirí ann.


165. [29.1.1974] Chionroinn an Rialtas 40% den chur amach ó ola cheantar Chionn tSáile ar NÉT. Bheadh sin dóthanach do ghléasra amóinia a tháirgfeadh 1,350 tonna in aghaidh an lae.


166. [7.3.1974] Thug Nóta ón mBainistíocht (2 leathanach) go Bord NÉT Tuarascáil Mheán Fómhair 1973 suas chun dáta de thoradh an gháis aiceanta a bheith faighte. Moladh gléasra amóinia/úiré sa nóta sin a mbeadh cumas tairgthe méadaithe ann, is é sin 1,350 tonna d’amóinia in aghaidh an lae agus 1,000 tonna d’úiré in aghaidh an lae a bheadh bunaithe ar ghás aiceanta mar ábhar cothaithe agus a bheadh suite i gCorcaigh. Measadh gurb é a bheadh sa chostas caipitil a bheadh bunaithe ar fhigiúirí ó thairgeoirí roghnaithe ná £31 mhilliún (gan boilsciú ná teagmhais a áireamh) móide £3 mhilliún ó chaipiteal oibre NÉT, is é sin, £34 mhilliún san iomlán. Sa mheastachán áiríodh suimeanna le haghaidh ceannach láithreáin, forbairt bonneagair agus tógáil caladh maille le saoráidí stórála agus onnmhairithe úiré. Luadh sa nóta “gur chóir glacadh go fíorchúramach leis na meastacháin”.


Tráchtaireacht: An méadú ar tháirgeadh an ghléasra ba thoradh é ar an gcinneadh “go leathnófaí scóip an tionscadail” mar gheall ar an méid gás aiceanta a cionroinneadh.


167. [29.3.1974] Eisíodh doiciméid forthairisceana do thrí thairgeoir chríochnaitheacha: Kellogg, Uhde agus Foster-Wheeler. Tosaíodh ar mhargántaíocht le Marathon faoi phraghas an gháis.


168. [30.6.1974] Glacadh tairiscintí ón trí forthairgeoir. Suim £42.95 mhilliún a bhí sa tairiscint ó Kellogg, dar dháta 21.6.1974 agus luadh gur “MEASTACHÁN AR PHRAGHAS BUISÉID NEAMHCHEAN-GAILTEACH” a bhí inti. Níor áiríodh teagmhais, géarú ítimí neamhchonracha (ar nós roinnt forbartha bonneagair) agus costais NÉT féin faoin tionscadal (mar atá, costais réamhtháirgthe, caipiteal oibre, ús ar chaipiteal).


169. [5.7.1974] Chuir NÉT iarratas (4 leathanach) faoi bhráid an Údarás Forbartha Tionscail (ÚFT) le deontas a fháil faoi chomhair an tionscadail a measadh a chosnódh £34 mhilliún lena n-áirítear £3 mhilliún de chaipiteal oibre, ach gan ús a áireamh. Luadh ar an iarratas go bhfuiltear “ag súil anóis, áfach, go mbeidh an costas caipitil deiridh go maith níos airde ná na figiúirí sin”. Bhí forthairiscintí á scrúdú ag NÉT agus bheadh na figiúirí deireanacha ar fáil “i gceann dhá mhí”.


Tráchtaireacht: De dhroim na nithe sin thuas rinne NÉT an costas caipital a thabhairt suas chun dáta agus cinneadh gur £42 mhilliún a bhí ann.


170. [5.9.1974] Mhol Bord an ÚFT dá Údarás go n-iarrfaí cead ón Rialtas chun deontas £5 mhilliún a fháil, faoi réir socruithe airgid sásúla, ar chostas tionscadail £42 mhilliún.


171. [21.10.1974] D’eisigh Tionscal agus Tráchtáil Meamram chun an Rialtais. Suim £42 mhilliún measta mar chostas caipitil.


172. [26.11.1974] Cheadaigh an Rialtas na tograí seo a leanas ó thaobh prionsabail:


(i)An scairchaipiteal údaraithe a mhéadú ó £7.5 mhilliún go £27.5 mhilliún,


(ii)Cur leis an tsaoráid le hiasachtaí a fháil faoi ráthaíocht Aire, ó £2 mhilliún go £7 mhilliún.


(iii)Go dtabharfadh an ÚFT £5 mhilliún de dheontas faoi chomhair an tionscadail seo.


Tráchtaireacht: Ní raibh aon fhoráil sa cheadú ón Rialtas maidir le haon chaipiteal cothromais breise a eisiúint ag an Stát.


173. [Samhain 1974] Eisíodh tuarascáil bhainistíochta NÉT (Samhain 1974). Measadh gur suim £63.51 mhilliún a bheadh i gcostas caipitil iomlán an tionscadail: Thángthas ar an meastachán sin ó thairiscint Kellogg an 21.6.1974 arb é a bhí ann suim £42.20 mhilliún ar ítimí laistigh den chonradh, gan géarú a áireamh. Trí scóip-laghduithe, íslíodh go £39.70 milliún an figiúr seo ó Kellogg. Cuireadh £1 mhilliún leis sin mar gheall ar an saoráid L.P.G. agus £10.50 milliún faoi chomhair géaraithe, rud a d’fhág £51.20 milliún, ag cur boilsciú san áireamh, sa tsuim a cuireadh síos d’ítimí laistigh den chonradh. Maidir le hítimí neamhchonracha, mar shampla, costais tionscadail NÉT féin, caiteachais réamhtháirgthe agus ús ar chaipiteal, thug siad iomlán an chaiteachais go £63.51 mhilliún. Bhí roinnt pointí sonracha ag baint leis an meastachán sin:


(i)Luadh sa tuarascáil “nílimid in ann conradh daingean praghasshocraithe a réiteach ….” agus “tá orainn gníomhú ar an mbonn go mbeidh costais inaisíoctha i gcás an riar is mó den chostas caipitil…”


(ii)Maidir le tairiscint Kellogg den 21.6.1974, ba le haghaidh PRAGHAS BUISÉID NEAMHCHEANGAILTEACH” í. Luadh sa tuarascáil “go n-ullmhóidh Kellogg, sé mhí tar éis an conradh a bhronnadh orthu, meastachán deimhneach ar chostas an tionscadail ina iomláine” agus “go mbeidh an meastachán sin i ngiorracht + 7% go-5% de bheith cruinn.”


(iii)Ní raibh an praghas a íocfar ar ghás aiceanta réitithe fós le Marathon agus luadh i dtuarascáil na bainistíochta “go bhfuil an mhargántaíocht faoi phraghas ag an bpointe anois nach bhfuil ach raon cúng idir an dá thaobh”; agus “… taispeánann an ríomh ar chúrsaí airgeadais go bhfuil cumas brabúsachta thionscadail Chorcaí réasúnta neamhspleách, ar an bpraghas a íocfar ar an ngás seo …”


Tráchtaireacht: Is cion substaintiúil den chostas iomlán costas an gháis. Is é an praghas a úsáidtear sa ríomh i gcás cumas brabúsachta ná 40 pingin/106 BTU.38


Mhol tuarascáil na bainistíochta don Bhord:


(i)Gur chóir do NÉT dul ar aghaidh anois leis an tionscadal ag Rinn an Dúna.


(ii)Gur chóir KIC—Kellogg International Corporation ó Londain a cheapadh mar phríomh-chonraitheoirí.


(iii)Déanfar na socruithe airgeadais a dhaingniú chun an Bhoird a luaithe is féidir.


D’fhág an Tuarascáil sin roinnt pointí tábhachtacha fós gan réiteach—mar atá an neamhchinnteacht faoi mhéid an chostais chaipitil, an praghas a d’íocfaí ar ghás aiceanta agus, dá thoradh-san, cumas brabúsacht deiridh na hinfheistíochta. Chomh maith leis sin, ní raibh comhaontú déanta idir lucht infheistíochta agus lucht iasachta faoin teaglaim airgeadais. Maidir le costas caipitil, bheadh an meastachán deimhnitheach a bhí le cinneadh laistigh de 6 mhí fós ina bhuiséad agus ní figiúr seasta a bheadh ann ón uair gur ar bhonn inaisíoctha a bhí an conradh.


174. [2.12.1974] Scrúdaigh Bord NÉT an Tuarascáil Bainistíochta; thóg siad síos an costas caipitil iomlán, is é sin £63.51 mhilliún, agus téarmaí an cheadaithe ón Rialtas den 26.11.1974. Rinne an Bord amach:


(i)Go gceadófaí dul ar aghaidh le Tionscadal Rinn an Dúna mar a bhí leagtha síos sa Tuarascáil dar dháta Samhain 1974.


(ii)Go dtabharfaí an conradh do KIC—Kellogg International Corporation ar bhonn a gcuid doiciméid forthairisceana, arna leasú i gcomhchaibidlí.


(iii)Go mbeidh na cinntí sin faoi réir socruithe sásúla a bheith déanta chun costais chaipitil an tionscadail a mhaoiniú.


Chomh maith leis sin, comhaontaíodh go n-iarrfadh an Chuideachta go n-eiseofaí láithreach “an fuílleach de £2.1 mhilliún de scairchaipiteal údaraithe” agus go rachfaí sa tóir ar infheistíocht chothromais íosta de £15 mhilliún leis an Rialtas.


175. [3.12.1974] Cruinniú idir NÉT agus Tionscal agus Tráchtáil chun maoiniú an tionscadail a phlé. De réir nótaí NÉT faoin gcruinniú seo agus de réir na fianaise a chuir an tIar-Stiúrthóir Bainistíochta isteach ba é a gcéad-rogha ná an cheist faoi sholáthar cothromais Stáit a phlé. An cinneadh a rinne an Rialtas, i Samhain 1974, ar chaipiteal údaraithe NÉT a mhéadú ní raibh aon socrú ann aon chaipiteal Stáit breise a shuibscríobh agus dá bhrí sin níorbh aon chúnamh ceart é. Ba é a gcás siúd ná go bhféadfadh an conraitheoir, a bhí ag fanacht, réidh, le tamall, críoch a chur le bailíocht a fhorthairisceana agus go bhféadfadh sé, mura bhfaigheadh sé cead dul ar aghaidh láithreach, a rá lena fhoireann briseadh suas, agus go raibh an soláthar de ghás aiceanta idir lámha cheana féin le bheith réidh i gcomhthráth le críochnú an ghléasra agus go raibh an críochnú sin féin ag brath ar thosú láithreach. Ba é an cás a bhí ag NÉT, áfach, nach bhféadfaidís tuilleadh iasachtaí a fháil gan cothromas Stáit breise agus nach bhféadfaidís dá dheasca sin tosú ar an tionscadal. Mar sin, de réir NÉT, gan cothromas Stáit, ní bheadh aon ghléasra i Rinn an Dúna agus ansin ní bheadh aon mhargadh ann don ghás.


Seo mar a leanas teaglaim airgeadais NÉT:


Foinse

Suim

 

£

Cothromas Stáit

15.0 milliún

Deontas ón ÚFT

5.0 milliún

Iasacht ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI)

15.0 milliún

Creidmheas Gléasra ECGD

9.5 mhilliún

Creidmheas Gléasra NCM

2.0 milliún

Iomlán

46.5 mhilliún

Luaigh NÉT nach ngeallfadh BEI ná aon iasachtóir eile aon ní mura mbeadh cothromas Stáit agus ráthaíochtaí ón Aire ar fáil. Ba é an toradh a bhí ar an gcruinniú, de réir NÉT, ná gur comhaontaíodh “go raibh breis cothromais riachtanach agus go raibh an chuma air go gcaithfí dul ar ais go dtí an Rialtas mar chéad rogha amach is amach chun a gceadú a fháil maidir le páirteachas cothromais …” is é sin, £15 mhilliún, móide ceadú faoi chomhair fuílleach an chaipitil údaraithe roimhe sin de £2.14 mhilliún, a eisiúint, móide méadú i ráthaíocht an Aire ar iasachtuithe ó £7 milliún go £20 milliún.


176. [12.12.74] D’eisigh NÉT agus Kellogg Litir Chuspóra inar daingníodh togra NÉT conarthaí a thabhairt chun críche le Kellogg leis an Tionscadal ag Rinn an Dúna a dhearadh, a thabhairt chun cinn, a thógáil, a mhaoiniú agus an obair innealtóireachta a dhéanamh.


Luadh, i measc nithe eile, an méid seo a leanas:


(i)Bhí an chiall leis an Litir Chuspóra gurbh údarú ó NÉT chuig Kellogg í dul i mbun oibre agus áirithe ansin bhí orduithe a chur ar ghléasra agus ar ábhair.


(ii)Bhí feidhm le bheith leis an Litir ar feadh 8 mí (go dtí 1.9.1975).


(iii)Ba é an dáta críochnaithe sceidealta don ghléasra ná 36 mhí ón 1.1.1975, is é sin, an 1 Eanáir 1978.


(iv)Dhéanfadh NÉT íocaíochtaí míosúla rialta le Kellogg de shuim £4 mhilliún, tuairim, in aghaidh suimeanna dochta agus chomh maith leis sin ghlanfaidis cibé costais a thabhódh Kellogg (is é sin, íocaíochtaí ar ghléasra agus ar threalamh a ordaíodh) agus cibé muirir chealaithe, i gcás gurb ann iad.


(v)D’fhorcoimeád NÉT an ceart cúrsaí a fhoirceannadh i gcás nach dtabharfaí na socruithe airgeadais chun críche go sásúil.


Tráchtaireacht: Chuir an Litir Chuspóra sin ar NÉT cloí le conair ghníomhaíochta lenar bhain costais a mhéadaigh go mór ina dhiaidh sin de réir mar a chuaigh an t-am thart.


177. [6.1.1975] Cheadaigh an Rialtas, i bprionsabal, go dtógfadh an tAire Airgeadais £15 mhilliún scairchaipitil, de réir £5 mhilliún in aghaidh na bliana do 1975, 1976 agus 1977.


Tráchtaireacht: Bhí comhaontú déanta le NÉT anois, tar éis tréimhse dhá bhliain nach mór, maidir leis an gcuid is mó den pháirteachas cothromais Stáit a bhí á iarraidh acu ó Aibreán 1973 agus bhí siad in ann dul ar aghaidh le margántaíocht maidir le fuílleach na n-éileamh airgeadais.


178. [10.2.1975] D’Iarr NÉT go méadófaí go £30 milliún ráthaíochtaí an Aire ar iasachtuithe.


179. [10.3.1975] D’Eisigh Kellogg Costas Tosaigh Ceadaithe (CTC) arb é a bhí ann £55.29 milliún ar ítimí laistigh don chonradh lena n-áirítear géarú.


Tráchtaireacht: Tá an figiúr sin le cur i gcomparáid leis an bhfigiúr £51.20 milliún ar ítimí laistigh den chonradh, lena n-áirítear géarú a úsáidtear chun an costas caipitil iomlán £63.51 mhilliún a ríomh mar a tugadh i dTuarascáil Bhainistíochta Mhí na Samhna 1974. Uime sin, bhí an meastachán faoin gcostas caipitil iomlán, £63.51 mhilliún, as dáta an tráth a fuarthas an CTC de chuid Márta, 1975.


180. [9.4.1975] Cruinniú idir NÉT agus Tionscal agus Tráchtáil chun ceist maoinithe an Tionscadail ag Roinn an Dúna a phlé tuilleadh. Ag an gcruinniú seo, tagraíodh don chostas Caipitil Beartaithe, is é sin, £63.51 mhilliún agus dúradh gur áiríodh é i Meamram a chur NÉT, faoi rún, faoi bhráid Tionscal agus Tráchtáil. De réir NÉT, cuireadh an Meamram seo faoi bhráid Tionscal agus Tráchtáil “tráth éigin” idir 10.2.1975 agus 9.4.1975.


De réir a dtuarascála féin i dtaobh an chruinnithe den 9.4.1975, luaigh Tionscal agus Tráchtáil “go bhfuarthas le déanaí” an doiciméad ó NÉT. Ba ag an gcruinniú den 9.4.1975, a cuireadh an figiúr £63.51 mhilliún in iúl go foirmiúil den chéad uair do Thionscal agus Tráchtáil.


181. [28.4.1975] Cuireadh in iúl d’Airgeadas den chéad uair, le mionfhógra dar dháta 28.4.1975, go bhféadfadh costas an Tionscadail ag Rinn an Dúna a bheith chomh hard le £63.51 mhilliún.


182. [16.5.1975] Cheistigh Airgeadas i litir chuig Tionscal agus Tráchtáil cén chúis nár cuireadh an t-ardú ó £42 mhilliún, mar a cuireadh faoi bhráid an Rialtais i Meamram den 21.10.1974, go leibhéal reatha £63.51 mhilliún, in iúl dóibh roimhe sin.


183. [23.7.1975] Chuir an tAire Tionscail agus Tráchtála in iúl don Dáil “go bhféadfadh costas iomlán an tionscadail a bheith chomh hard le £63.5 mhilliún.”


184. [19.9.1975] Chuir NÉT in iúl do Thionscal agus Tráchtáil gur measadh gur £71.86 mhilliún costas caipitil iomlán an tionscadail.


Tráchtaireacht: Thángthas ar an meastachán sin trí Chostas Tosaigh Ceadaithe Kellogg a úsáid, is é sin, £55.29 milliún a eisíodh an 10.3.1975 i leith ítimí sa chonradh.


185. [Deireadh Fómhair 1975] D’eisigh Kellogg Meastachán Seiceála (Athbhreithniú 1) arb é a bhí ann £64.63 mhilliún faoi chomhair ítimí conartha.


Tráchtaireacht: Ba é sin an “meastachán deimhneach” ar gealladh é bheith réidh sé mhí tar éis an conradh a bhronnadh agus a bhfuil tagairt dó i dTuarascáil Bhainistíochta NÉT de Mhí na Samhna 1974. Ba é sin an chéad mheastachán ar chostais Chaipitil maidir le hítimí conartha, á dtógáil síos de réir anailis sonraithe ar an tsonraíocht a bhain le raon na hoibre. Maidir leis na meastacháin roimhe sin bhí figiúirí buiséadachta iontu i leith cuid mhór de na limistéir chostais, chomh fada le Costas Tosaigh Ceadaithe (CTC) den 10.3.1975.


186. [2.3.1976] Thug Bord NÉT dá n-aire go raibh Comhaontú Iasachta BEI faoi chomhair £17.2 mhilliún le síniú ar an 16.3.1976.


Tráchtaireacht: Ba é sin an chéad cheann de na hiasachtaí a raibh comhaontú le déanamh ina thaobh agus bhí iasachtuithe/creidhmheas gléasra ó ECGD, NCM agus COFACE le teacht ina dhiaidh, a thug £38 milliún, lena n-áirítear an Iasacht ón BEI. Comhréitíodh iad sin ag tráthanna éagsúla i 1976 agus 1977. Rinneadh socrú maidir leis an gcéad saoráid siondacáite Bainc a thabharfadh £40 milliún.


187. [Lúnasa 1976] Ghlac NÉT le Meastachán Seiceála Dheireadh Fómhair na bliana 1975, le roinnt suimeanna sábháilte de thoradh laghduithe i scóip na hoibre a bhain le trealamh láimhseála ábhar. Measadh gur £80 milliún an costas caipitil iomlán.


188. [10.3.1977] Chuir Tionscal agus Tráchtáil in iúl do NÉT gur cheadaigh an Rialtas ráthaíocht an Aire ar iasachtuithe a mhéadú go £85 mhilliún.


189. [4.7.1977] Chuir NÉT in iúl do Thionscal agus Tráchtáil gur measadh gurbh é an costas caipitil iomlán ag an am ná £87.24 mhilliún. Mhol NÉT go mbeadh sé níos oiriúnaí dá méadófaí ráthaíocht an Aire go £100 milliún agus d’iarr siad freisin go n-iarrfadh an tAire Airgeadais cead ón Rialtas an fuílleach a thógáil air féin a bhí fós gan íoc den chaipiteal a bhí údaraithe ach neamheisithe agus arbh fhiú £7.138 milliún é (£27.5 mhilliún ab ea an scairchaipiteal údaraithe).


Tráchtaireacht: Is é a bhí sa teaglaim airgeadais a bhí socruithe anois, gan rótharraingt bainc a áireamh:


 

£

Cothromas Stáit Breise

15.0 milliún

Deontas ón ÚFT

5.0 milliún

Creidmheas Gléasra

38.0 milliún

Sionadacáití Bainc

40.0 milliún

Iomlán

98.0 milliún

190. [16.3.1978] D’iarr Tionscal agus Tráchtáil eolas ar NÉT i dtaobh a n-éilimh chaipitil i 1978 de thoradh Thuarascáil NÉT a fháil ina raibh sé measta go raibh suim £98.63 mhilliún sa chostas caipitil measta iomlán.


191. [27.9.1978] Thosaigh NÉT ag cur tuarascálacha ráithiúla faoi bhráid Tionscal agus Tráchtáil agus tuarascáil tosaigh don tréimhse go 30 Meitheamh 1978 inar thuar siad go mbeadh suim £109.21 mhilliún sa chostas caipitil iomlán.


192. [1978] Socraíodh an dara saoráid Siondacáite Bainc faoi chomhair suim £22.5 mhilliún.


193. [14.3.1979] Chuir NÉT in iúl do Thionscal agus Tráchtáil go raibh sé measta gur £119 milliún an costas caipitil iomlán.


194. [16.4.1979] “GÁS ISTEACH”, is é sin, scaoileadh gás aiceanta isteach sa ghléasra amóinia. Cuireadh deireadh le réamh-choimisiúnú. Bhí coimisiúnú idir lámha.


195. [Bealtaine 1979] Bhí an obair fhoirgníochta ag teacht chun críochnaithe, bhí réamh-choimisiúnú an ghléasra úiré, agus an coimisiúnú, ag dul ar aghaidh agus coigeartuithe agus modhnuithe á ndéanamh de réir mar ba ghá sin. Cuireadh tús le tástáil ghlactha.


196. [16.5.1979] Táirgeadh amóinia.


197. [31.7.1979] Chuir NÉT in iúl do Thionscail agus Tráchtáil go raibh sé measta gur £128.82 mhilliún an costas caipitil iomlán.


198. [Meán Fómhair 1979] Táirgeadh úiré.


199. [1979] Baineadh úsáid as an tríú agus as an gceathrú saoráid de chuid na Siondacáití Bainc faoi chomhair suimeanna £26.4 mhilliún agus £17.8 mhilliún. Bhí an tsuim dheireanach le húsáid i 1980.


200. [31.12.1979] An dáta ar ghlac Bord NÉT leis gurb é an dáta críochnaithe é chun críocha cuntasaíochta.


201. [30.4.1980] Chuir NÉT in iúl do Thionscal agus Tráchtáil go raibh sé measta gur £137.148 milliún an costas caipitil iomlán críochnaitheach.


Tátail

202. Tar éis dóibh staidéar a dhéanamh ar an eolas sin, ar na doiciméid a cuireadh isteach agus ar an bhfianaise a tugadh ag an éisteacht, tháinig an Coiste ar chúig thátal a ndéileáiltear leo sna leathanaigh seo a leanas agus a bhfuil achoimriú déanta orthu ag deireadh na Coda seo den Tuarascáil.


An Chéad Tátal

203. Ón tráth a bunaíodh é, d’áitigh NÉT go láidir go gcaithfí £20 milliún as cistí an Stáit a infheistiú dá mbeifí le dul ar aghaidh le tionscadal amóinia/úiré. Bheadh an £20 milliún sin déanta suas as caipiteal cothromais de £15 mhilliún móide deontas £5 mhilliún an ÚFT. Thosaigh siad ar chomhchainteanna faoi seo leis na Ranna Tionscail agus Tráchtála agus Airgeadais i Feabhra 1973 agus d’áitigh siad ina bhfianaise nach ndearnadh aon dul chun cinn ar feadh dhá bhliain, beagnach. De réir a Stiúrthóra Bainistíochta, san aighneacht uaidh dár dháta 15.10.1980, agus i bhfianaise béil, ba é an tuiscint a bhí ag NÉT ar pholasaí oifigiúil ná “go ndearbhóidh Ranna Rialtais go daingean nár chóir aon airgead ón Státchiste a bheith i gceist, cé go gceadóidís clár forbartha mar a rinne siad inár gcásna” agus “Ó thús, bhain an fhadhb le Tionscadal Rinn an Dúna nach raibh an Roinn Airgeadais sásta glacadh leis an iarratas ó NÉT gur chóir caipiteal cothromais a chur ar fáil i ndáil leis an infheistíocht chaipitil a bheadh riachtanach.”


204. I ndeireadh na dála cheadaigh an Rialtas, in Eanáir 1975, cothromas Stáit breise a infheistiú in NÉT. Cheadaigh siad amhlaidh, de réir na fianaise arís a thug iar-Stiúrthóir Bainistíochta NÉT mar go raibh cruinniú “teasaí” ann leis na Ranna i gceist, ar an 3.12.1974, nuair a mhínigh NÉT go soiléir “go gcaithfí eirí as an tionscadal mura ngníomhóidís amhlaidh.”


205. Réitíonn an Coiste go raibh tréimhse na margántaíochta—dhá bhliain geall leis—fada go leor gan aon agó, go háirithe nuair a ceadaíodh i ndeireadh na dála suimeanna a éilíodh i gcéaduair. Ón gcuma atá air, dealraíonn sé go raibh cúis éigin leis an mífhoighneacht a chuir as do NÉT mar gheall ar an moill ag ceadú an tionscadail. Sna hiarrachtaí a rinne an Coiste ar mhíniú a fháil ar an moill a bhain le hinfheistíocht Stáit a cheadú, scrúdaigh an Coiste go hiomlán gach ítim de na hítimí comhfhreagrais, nótaí agus miontuairiscí cruinnithe, aighneachtaí agus staidéir indéantachta a cuireadh ar fáil dóibh, chomh maith leis an bhfianaise béil a tugadh. Dealraíonn sé don Choiste nach raibh míniú sách dóthanach tugtha a d’éileodh na meastacháin éagsúla ar chaiteachas caipitil a bhí le tabhú ná i dtaobh na dtuartha faoi chumas brabúsachta sa todhchaí. Mar gheall air sin, bhí an chosúlacht air nach raibh dóthain eolais ag an Roinn Airgeadais le go bhféadfaidís cinneadh dearfa a dhéanamh sa tréimse dhá bhliain lena mbaineann. Sa Tuarascáil Bhainistíochta do Mheán Fómhair, 1973, rinneadh tagairt do ghléasra níos lú lenar bhain ábhair chothaithe difriúla eile. I gcás Thuarascáil Bhainistíochta Mhí na Samhna 1974 (ar ar bunaíodh ceadú an Bhoird) níor cuireadh, is cosúil, faoi bhráid ceachtar de na Ranna Rialtais roimh ré í sula ndearna an Rialtas an tionscadal a athbhreithniú agus a cheadú.


206. Tá sé déanta amach ag an gCoiste nár chruthaigh na haighneachtaí agus na staidéir indéantachta a cuireadh faoi bhráid na Ranna Rialtais lena mbaineann go raibh an tionscadal sách riachtanach.


Tátal Uimh. 2

207. An tuairim sin ón gCoiste i dtaobh leordhóthanacht na meastachán ar chaiteachais chaipitil is tuairimí iad atá bunaithe ar an bhfíoras gur bhain na meastacháin i gceist le gléasraí níos lú a úsáideann ábhar cothaithe difriúil, nó gur fhág siad as áireamh cuid mhaith den chaiteachas bonneagair riachtanach nó go raibh siad bunaithe ar chostais ghléasra achoimrithe, a aimsíodh aon uair amháin ar a laghad trí mheán an teileafóin nó an teiléacs.


208. Ní raibh an meastachán de £42 mhilliún in aon tslí dóthanach agus ón uair gur fhág sé a lán míreanna éagsúla costais as an áireamh, chuirfeadh sé duine amú.


209. Fiú an meastachán £63.51 mhilliún, ní raibh sé dóthanach óir bhí figiúirí buiséadacha cuimsitheacha áirithe ann agus léiríodh go raibh siad ró-íseal faoi choinne obair fho-chonraitheach nach raibh sainmhínithe i gceart agus freisin toisc gur áirigh NÉT meastacháin san uimhir sin ar ítimí lasmuigh den chonradh, a bhí go maith ró-íseal.


210. Maidir leis an meastachán is luaithe ar chostas caipitil a bhí bunaithe ar shainmhíniú sách dóthanach faoi scóip na hoibre, suim £80 milliún a bhí ann agus bhí sé bunaithe ar an meastachán seiceála a d’eisigh Kellogg i nDeireadh Fómhair 1975. Faoin am, áfach, ar glacadh leis an meastachán sin i Lúnasa 1976, bhí an tionscadal imithe sna scamaill i gceart agus ba bheag a d’fhéadfadh aon duine a dhéanamh chun é a stopadh.


211. Is é tuairim an Choiste nach raibh aon mheastachán ar chostas caipitil a ullmhaíodh roimh an meastachán i dtuarascáil na Bainistíochta, de mhí na Samhna 1974, dóthanach i gcás an tionscadail a glacadh idir lámha dá éis sin. Eolas a chuirfeadh duine amú a bhí iontu.


Tátal Uimh. 3

212. Is é tuairim an Choiste go raibh an tréimhse ró-fhada idir an tráth a bhfuarthas eolas fíorthábhachtach faoin gcostas caipitil agus an tráth ar cuireadh sin in iúl do na Ranna Rialtais lenar bhain agus, ar ócáidí, do Bhord NÉT.


213. Mar shampla, b’eol do bhainistíocht NÉT i mí na Samhna 1974 agus b’eol don Bhord ar 2 Nollaig 1974 gur suim £63.51 mhilliún a bhí sa chaipiteal tuartha. Ní bhfuair Airgeadas an t-eolas sin go dtí 28.4.1975 (cúig mhí nó mar sin ina dhiaidh sin) agus maidir le Tionscail agus Tráchtáil ní bhfuair siad é go dtí dáta éigin idir 10.2.1975 agus 9.4.1975 (de réir NÉT) agus go dtí “go gearr roimh” chruinniú an 9.4.1975 (a deir Tionscal agus Tráchtáil).


214. Tharla sampla eile den mhoill chéanna nuair a d’eisigh Kellogg a gCostas Ceadaithe Tosaigh (CCT) ar 10.3.1975. Is cosúil nár cuireadh an t-athbhreithniú fíorthábhachtach sin ar aghaidh chuig Tionscal agus Tráchtáil go dtí 19.9.1975—6 mhí ina dhiaidh sin tráth ar chuir NÉT in iúl don Roinn go raibh ardú ar an gcostas caipitil iomlán go £71.86 mhilliún a bhí bunaithe ar CCT de £55.29 milliún. Chuir an t-ardú seo £4.09 milliún leis an bpraghas buiséadachta neamhcheangailteach agus, uime sin, leis an bhfigiúr £63.51 mhilliún de chostas caipitil iomlán a úsáideadh i dTuarascáil mhí na Samhna 1974.


215. Dá thoradh sin, bhí figiúr an chostais chaipitil iomlán, £63.51 mhilliún, as dáta cheana féin faoin am a tionóladh an cruinniú ar 9.4.1975 idir NÉT agus Tionscal agus Tráchtáil. Bhí sé as dáta chomh maith nuair a cuireadh in iúl é do Airgeadas, an 28.4.1975 agus nuair a chuir an tAire Tionscail agus Tráchtála in iúl don Dáil é ar 23.7.1975.


216. Tharla sampla eile fós i gcás an Mheastacháin Seiceála (Athbhreithniú 1) a d’eisigh Kellogg i nDeireadh Fómhair 1975. D’ardaigh sé seo go £64.63 an figiúr £55.29 milliún CCT a bhí curtha síos d’ítimí laistigh den chonradh. Níor ghlac NÉT leis an Meastachán Seiceála go dtí Lúnasa 1976 tráth a ndearna siad é a chorprú isteach ina meastachán de chostas caipitil iomlán £80 milliún.


Tátal Uimh. 4

217. Ón scrúdú a rinne an Coiste ar an bhfianaise a tíolacadh, dhealródh sé go raibh bainistíocht NÉT ró-anabaí ag dul ar aghaidh leis an tionscadal a fheidhmiú trí Litir Chuspóra a eisiúint do Kellogg ar 12.12.1974. Thug Rún an bhoird, an 2.12.1974, cead dul ar aghaidh leis an tionscadal agus Kellogg a ainmniú mar chonraitheoirí ach socruithe sásúla airgeadais a bheith déanta sa dá chás. Ba bheag den phacáiste airgeadais riachtanach a bhí bainte amach faoi 12.12.1974. Ní raibh ceadaithe d’ítimí ach deontas an ÚFT—£5 mhilliún—agus méadú ó £2 mhilliún go £7 milliún i gcás ráthaíocht an Aire ar iasachtú. An mhír ba thábhachtaí, is é sin infheistíocht chothromais an Stáit, £15 mhilliún, bhí sin fós le ceadú. Maidir leis an iasacht £17.2 mhilliún ón BEI agus na creidmheasanna gléasra £20.8 a bhí ag brath ar an gcothromas Stáit, bhíodar fós níos mó ná dhá mhí dhéag ó bheith ceadaithe.


218. Tugann an Coiste faoi deara áfach gur thug an Litir Chuspóra an ceart do NÉT an cás a fhoirceannadh “mura dtabharfaí socruithe airgeadais chun críche go sásúil” ach go mbeadh costas an fhoirceannta sin an-substaintiúil. D’áireofaí ann íocaíochtaí sceidealta a dhéanamh le Kellogg, íocaíochtaí síos tosaigh agus b’fhéidir íocaíochtaí dul ar aghaidh ar ghléasra agus ábhair ordaithe, agus muirir chealaithe neamhshonraithe, i gcás gurb ann dóibh. D’fhéadfadh na milliúnta punt a bheith i gceist agus sin i dtréimhse an-ghearr. Maidir le síniú na Litreach Chuspóra, luaigh Bainistíocht NÉT “gur cheap siad gur cinneadh amhlaidh ag cruinniú an 2 Nollaig [i.e. 1974] agus gur gníomhaíodh le hintinn mhaith”.39 Ba é an tuairim a bheadh ag an gCoiste ná go raibh sé beartaithe ag an mBord, nuair a bhí an Rún á rith acu, go mbeadh socruithe airgeadais sásúla déanta cheana féin faoin am a gcuirfí an cinneadh faoi dul ar aghaidh i gcrích.


219. Thaispeáin NÉT leis i bhfianaise gur thuig siad, ón gcruinniú le hionadaithe ón dá Roinn an 3.12.1974 go raibh sé á mholadh don Rialtas an cothromas Stáit a chur ar fáil.


Tátal Uimh. 5

220. Tá sé léirithe chun a sástachta ag an gCoiste go raibh míthuiscint trom i gceist idir NÉT ar thaobh amháin agus an Rialtas agus na Ranna Rialtais iomchuí ar an taobh eile maidir le costas caipitil measta an tionscadail sa tréimhse ríthábhachtach ó cheadú an Rialtais agus údarú NÉT chuig Kellogg le dul ar aghaidh. Tharla an mhíthuiscint sin, is cosúil, mar nár chuir NÉT in iúl do na Ranna Rialtais (agus tríothusan don Rialtas), go dtí go rabhthas dulta ar aghaidh go maith leis an tionscadal, go raibh an costas caipitil measta imithe suas 50% go £63.51 mhilliún. Faoin am go raibh an scéal faoin ardú curtha in iúl do Thionscal agus Tráchtáil agus d’Airgeadas, bhíothas dulta ar aghaidh go maith leis an tionscadal agus bheadh sé an-chostasach go deo é a stopadh.


221. Chomh fada agus is eol don Choiste, bhí, i gcás an Rialtais agus na Ranna Rialtais lena mbaineann, an figiúr £42 mhilliún ós a gcomhair acu mar chostas caipitil measta ar an tionscadal, i rith an ama seo go léir, is é sin, ón tráth ar cuireadh an Meamram os comhair an Rialtais ar 21.10.1974 go dtí tráth a bhí “go gearr roimh” an gcruinniú idir NÉT agus Tionscail agus Tráchtáil, an 9.4.1975. Tá Airgeadas sách cinnte de gur ar 28.4.1975 a cuireadh in iúl den chéad uair dóibh go raibh costas caipitil an tionscadail imithe suas ó £42 mhilliún measta go £63.51 mhilliún measta. Go deimhin, faoin am seo, bhí an meastachán £63.51 mhilliún as dáta cheana féin de thoradh an Chostais Cheadaithe Tosaigh a d’eisigh Kellogg ar 10.3.1975.


222. Tá sé taispeánta ag an gCoiste go raibh fuílleach seansanna ag NÉT sa tréimhse atá i gceist lena chur in iúl do na Ranna Rialtas go raibh £63.51 mhilliún i gceist sa chostas caipitil measta. Rinne an Coiste scrúdú fada cúramach ar an bpointe seo le linn na n-éisteachtaí. Cheadaigh Bord NÉT an tionscadal ar 2.12.1974 ar chostas caipitil measta £63.51 mhilliún. An lá ina dhiaidh sin (3.12.1974) bhuail bainistíocht NÉT le hionadaithe ó Thionscal agus Tráchtáil agus ó Airgeadas chun modh maoinithe an tionscadail agus riachtanais cothromas Stáit a phlé. Dá éis sin, bhí NÉT, de réir a gcuid doiciméad féin a cuireadh faoi bhráid an choiste, i dteagmháil go minic le Tionscal agus Tráchtáil i dtaobh maoiniú an tionscadail agus bhíodar, ar a laghad uair amháin, suas go 10.2.1975 (is é sin, an dáta is luaithe a bhféadfadh Tionscal agus Tráchtáil scéal a fháil faoin bhfigiúr £63.51 mhilliún) i dteagmháil le hAirgeadas. Níl aon trácht in aon doiciméad acu sin ar an bhfigiúr £63.51 mhilliún.


223. Chuir an Coiste roinnt ceisteanna chun NÉT lena mhíniú conas nár luadh an figiúr £63.51 mhilliún ná an t-ardú 50% in aon chomhfhreagras ná i miontuairiscí cruinnithe. Is é an freagra a thug Cathaoirleach NÉT (Fianaise, Ceist 561) “tá sé ráite ag an Teachta … nach bhfuil an figiúr £63.51 mhilliún luaite sa doiciméad sin [is é sin, nótaí faoi chruinniú 3.12.1974]. Tá sin fíor. Ní raibh mise ag an gcruinniú sin. Caithfidh mé brath ar an doiciméad sin. Bheadh iontas orm áfach murar luadh an figiúr £63.51 mhilliún ag an gcruinniú sin …” Chomh maith leis sin, luaigh Cathaoirleach NÉT, i bhfianaise i leith an ábhair chéanna; “nílim in ann aon doiciméad a fháil a chuireann an figiúr £63.51 mhilliún in iúl don Roinn Tionscail agus Tráchtála idir Nollaig 1974 agus Aibreán 1975. Tá sé dothuigthe, áfach, chomh fada is a bhaineann liomsa, conas a d’fhéadfadh oifigigh shinsearacha ón dá Roinn Rialtais lena mbaineann teacht amach ó chruinniú an 3 Nollaig 1974 agus iad den tuairim gur £42 mhilliún an figiúr iomlán” (Fianaise, Ceist 569). Níos déanaí, chuir an Coiste dhá cheist (Fianaise, Ceisteanna 606, 607), is é sin le rá:


“An bhféadfá a dhearbhú, mar a luadh an tseachtain seo caite, go ndearnadh tagairt go sonrach ar an 3 Nollaig [is é sin, 1974] don bhfigiúr £63.51 mhilliún arbh ionann é an tráth sin agus costas caipitil measta reatha an tionscadail?”


agus


“An bhféadfá a dhearbhú gur tagraíodh don bhfigiúr [is é sin £63.51 mhilliún] in aon teagmhas a rinneadh dá éis sin, ar leith ón meamram leis an Roinn Tionscail agus Tráchtála nó leis an Roinn Airgeadais roimh an 9 Aibreán 1975?”


Thug Cathaoirleach NÉT na freagraí seo a leanas, faoi seach, ar na ceisteanna sin,


“Nilim in ann é sin a dhearbhú”


agus


“Arís, nílim in ann é sin a dhearbhú. Níl fhios agam an bhféadfadh aon duine de mo chomhleacaithe é sin a dhearbhú”.


Níor tugadh aon fhreagraí breise ar an gceist dheireanach sin.


224. Le linn dóibh fianaise a thabhairt chuir NÉT pointí argóna chun cinn mar atá leagtha amach sna míreanna seo a leanas.


225. Luaigh Iar-Stiúrthóir Bainistíochta NÉT (Fianaise, Leathanach 104) “Luaigh mé an cás roimhe seo leis an gCoiste faoin Meamram Rialtais agus nárbh eol dúinn cad a bhí sa chéad cheann”. Tagairt í sin don Mheamram chun an Rialtais dar dháta an 21.10.1974 agus ar tuairiscíodh go raibh meastachán inti ar chostas caipitil an tionscadail, is é sin £42 mhilliún. Ina dhiaidh sin (Fianaise, Ceist 559) luaigh sé: “níorbh eol dom go raibh an Roinn Airgeadais agus an Roinn Tionscail agus Tráchtála imithe ar ais chuig an Rialtas agus suim £42 mhilliún á lua acu”.


226. San éisteacht ina dhiaidh sin (Fianaise Ceist 583), chuir Cathaoirleach Gníomhach an Choiste an cheist seo a leanas agus tugadh an freagra seo a leanas air:


“An bhfuil aon eolas in aon áit nó an bhféadfadh aon duine aon eolas a thabhairt a léireodh an chúis gur cheap an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus an Roinn Airgeadais gur £42 mhilliún a bhí san fhigiúr iomlán? Ar cuireadh an figiúr sin, mar atá, os a gcomhair?”


D’fhreagair Iar-Stiúrthóir Bainistíochta NÉT mar a leanas:


“Is é an tUdarás Forbartha Tionscail a thug an figiúr sin dóibh. Tugadh dóibh é, i mo thuairim, i ndáil le haighneacht chun an Rialtais i dtaobh deontais. Ní foláir nó gur scríobh an tÚdarás Forbartha Tionscail chuig an Rialtas nó gur labhair siad leo i dtaobh an mhór-dheontais sin. Déarfaimisne gur chinneamar ar an bhfigiúr sin mar fhigiúr a chlúdaigh costas iarbhír an trealaimh inroghnaithe do dheontas. Ní hionann é agus an costas caipitil iomlán ná an t-airgead go léir a bheadh ag teastáil le haghaidh an tionscadail. Dar liom gur ansin a gheofar míniú na míthuisceana a bhain lenár gcinneadh”.


227. Le linn do Bhainisteoir Ginearálta Cúnta, Airgeadas, de chuid NÉT (Fianaise, Ceist 572) freagra a bheith á thabhairt aige ar roinnt ceisteanna a cuireadh chuige leis an difríocht idir an £42 mhilliún agus an £63.51 mhilliún a mhíniú, ar áitigh NÉT gur thagair siad don mheastachán céanna ar chostas caipitil, thug sé an t-eolas seo a leanas:—


“Is é atá sa £42 mhilliún ná an bun-trealamh innealtóireachta móide stoc arbh fhiú £39.7 mhilliún móide £2.1 mhilliún é. Sin £41.8 mhilliún. Anuas air sin, chun teacht ar an £55 mhilliún, cuireadh figiúr faoi chomhair géaraithe a measadh an tráth sin a bheith comhionann le £10.5 mhilliún, mar aon le hoibreacha sibhialta éigin ar an láthair a chosnódh £2.7 mhilliún — tugann sin figiúr £55 mhilliún dúinn.


228. Ó fhianaise eile a tugadh tá an Coiste in ann fuílleach an £63.51 mhilliún a chur síos don mhéid seo: saoráid G.P.L. (Gás Peit. Leachtaithe) £1 mhilliún, ús £4.19 mhilliún agus caiteachais réamhtháirgthe NÉT (£3.32 mhilliún).


229. I dtuairim an Choiste ní leor na mínithe sin thuas le NÉT a fhuascailt óna bhfreagracht faillí, de réir cosúlachta, a dhéanamh na páirtithe lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis an meastachán is mó suas chun dáta, trína rá leo gur £63.51 mhilliún costas caipitil an tionscadail, agus sin a dhéanamh sular údaraigh siad do Kellogg dul ar aghaidh leis an obair agus sular cheadaigh an Rialtas a n-infheistíocht. Dá thoradh-san, ní raibh an deis ag an Rialtas indéantacht an tionscadail a athbhreithniú faoi threoir an mheastacháin is mó suas chun dáta den chostas caipitil an tráth ar chinneadar £15 mhilliún d’airgead Stáit a infheistiú, ar 6-1-1975. Go deimhin, bhí NÉT tar éis dul ar aghaidh agus Litir Chuspóra a eisiúint trí seachtaine éigin sular tháinig an Rialtas ar chinneadh. Sa tslí sin cuireadh an Chuideachta ar bhóthar a d’éileodh mór-chuid airgid i gcás ar bith, fiú dá ndéanfaí an conradh a fhoirceannadh dá éis sin.


Achoimriú ar na tátail

230. Tá achoimriú déanta thíos ar na tátail a aimsíodh sna leathanaigh roimhe seo:


(i)Is é tuairim an Choiste nach léir go raibh an tionscadal sách riachtanach ag dul de réir na n-aighneachtaí agus ó na staidéir indéantachta tionscadail a rinneadh agus a chur NÉT os comhair na Ranna Rialtais lena mbaineann. Dar leis an gCoiste gurb é sin an phríomhchúis a bhí le moill an Rialtais á cheadú.


(ii)Is é tuairim an Choiste nach raibh aon mheastachán ar chostas caipitil a ullmhaíodh roimh an meastachán i dTuarascáil Bhainistíocht Mhí na Samhna 1974, a bhí chomh hard le £63.41 mhilliún, sách dóthanach le haghaidh an tionscadail mar a tógadh idir lámha é ina dhiaidh sin. Chuirfeadh úsáid na meastachán sin duine amú.


(iii)Is é tuairim an Choiste gur thóg sé an iomarca ama ar Bhainistíocht NÉT eolas fíorthábhachtach faoi chostas caipitil a chur ar aghaidh chuig na Ranna Rialtais lena mbaineann, agus ar uairibh chuig Bord NÉT.


(iv)Ón scrúdú a rinne an Coiste ar an bhfianaise a tugadh dhealródh sé go raibh Bainistíocht NÉT ró-anabaí ag brú ar aghaidh leis an tionscadal a chur i gcrích, trí Litir Chuspóra a eisiúint do Kellogg ar an 12-12-1974.


(v)Tá sé léirithe chun a sástachta ag an gCoiste go raibh míthuiscint trom ann idir NÉT ar thaobh amháin agus an Rialtas agus Ranna Rialtais ar an taobh eile maidir le méid chostais chaipitil mheasta an tionscadail sa tréimhse fíorthábhachtach a chlúdaíonn ceadú an Rialtais agus údarú dul ar aghaidh NÉT chuig Kellogg.


B.III ROGHNÚ PRÍOMHCHONRAITHEORA

231. De réir a n-aighneachtaí d’úsáid NÉT dhá bhealach céimnithe chun an príomhchonraitheoir a roghnú. Ar dtús, déanach i 1978, tugadh cuireadh d’ocht chonraitheoir aighneachtaí réamhcháilitheacha chur isteach. B’iad sin Kellogg, Uhde, Foster-Wheeler, Snam Progetti Consortium, Humphreys & Glasgow, Bechtel, Heurty agus Power Gas. Tar éis scrúdú a dhéanamh orthusan roghnaíodh trí cinn acu mar thairgeoirí críochnaitheacha: Kellogg, Uhde agus Foster-Wheeler.


232. De réir NÉT is de thoradh aighneachtaí réamhcháilitheacha a mheas, cuairteanna a thabhairt ar ghléasra agus idirchainteanna a dhéanamh le cuideachtaí oibre eile, a roghnaoídh na trí thairgeoir chríochnaitheacha sin. B’iad seo na príomhphointí a scrúdaíodh sa mheasúnú sin:


—dea-chlú


—taithí ar ghléasra Amóinia/Úiré a thógáil,


—cúlra na cuideachta maidir le gnó mór, den chineál a bhí beartaithe, a láimhseáil.


233. Le linn dóibh a gcuid fiosrúchán a dhéanamh, léirigh NÉT, chun a sástachta, “… gurbh í an phróis staimicharbóin [i.e. chun úiré a mhonarú] an phróis ab fhearr a d’oibrigh agus a ba mhó in úsáid agus dá bhrí sin gur chóir gurbh í an phróis í a d’úsáidfeadh NÉT” agus “Mar a tharla, na trí chonraitheoir a roghnaíodh chun forthairiscintí críochnaitheacha a chur isteach bhí siad ar fad sa chaoi go raibh siad in ann an phróis staimicharbóin a chur ar aghaidh agus sa chaoi go raibh taithí acu air an bpróis sin.”40


234. Eisíodh na doiciméid forthairisceana don trí thairgeoir chríochnaitheacha, an 29 Márta 1974. Is é bhí sna doiciméid sin sé imleabhar faoi shonraíochtaí na hoibre (lena n-áirítear eolas faoin láithreán agus modhanna comhordaithe a bhí molta maille le foirm chomhaontaithe mholta (conradh molta). Faoin 30 Meitheamh 1974, bhí na trí thairiscint faighte ar ais. Bhí na tairiscintí sin bunaithe ar chnapsuim a chuimsigh costais ‘oifig bhaile’ an chonraitheora, caiteachais tógála agus brabús. Bheadh an chuid eile inaisíoctha. Ghlac NÉT leis an leagan amach sin tar éis roinnt mhaith idirphlé a dhéanamh leis na trí thairgeoir. Ní raibh aon tairgeoir acu sásta dul i mbaol trí chnapshuimeanna a chur ar aghaidh faoi chomhair na hoibre go hiomlán.


235. De réir NÉT, tharla, tar éis na tairiscintí a chur isteach, “gur tugadh mórchuid cuairteanna ar ghléasraí agus go ndearnadh a lán idirphlé le cuideachtaí oibre…”41 Rinneadh roinnt mhaith idirphlé le gach tairgeoir a bhain le léiriú na tairisceana. I rith na tréimhse sin, tugadh cuairt ar 15 ghléasra ar fad. Bhí 6 shuiteáil de chuid Kellogg i gceist ansin, 5 ghléasra de chuid Uhde agus 4 fhoirnéis athfhoirmeach de chuid Foster Wheeler. Bhí siad sin suite sa Ríocht Aontaithe, sa Ghearmáin, sa bhFrainc, san Ollóinn, sa Bheilg, sa tSeicslóvaic agus sna Stáit Aontaithe.


236. An tslat-tomhais a úsáideadh chun na moltaí a mheas bhí baint aici leis an riar den chaiteachas caipitil iomlán ba dhócha a thabhófaí ar ghnéithe éagsúla den obair agus freisin ar na cúinsí ar ródhócha dóibh éifeacht mhór a bheith acu ar bhrabús sa todhchaí. Mar sin, ón uair go mbeadh an costas caipitil inaisíoctha ar an gcuid is mó de, chinn NÉT gurbh iad na ceithre mhírcheann seo a leanas bunsraith an mheasta sin:


(i)An cumas, an éifeachtúlacht agus an réim geograife a bhí ag eagraíocht soláthair gach tairgeora. Rinneadh an roghnú sin mar go raibh an chuma air go mbeadh an céatadán den chaiteachas a ghabhfadh le gléasra agus le hábhair (sé sin 55%) níos mó ná aon mhír chostais eile den ghnó ar fad.


(ii)An cumas tógála mar gur oibríocht mhór chasta a bheadh i gceist mar a mbeadh 1,000 duine tuairim ar an láithreán ag an mbarr-sprioc, maille le roinnt éigin d’obair fhochonraitheora agus d’obair dírfhruilithe. An tógáil féin agus an coimisiúnú a rinne suas an chéad mhír eile ab airde (is é sin 30%) den chaiteachas ionchasach iomlán.


(iii)An cumas oibríochta roimhe sin ag cloí le ham-sceideal. Rinneadh an scrúdú sin mar go mbeadh éifeacht an-mhór ag aon mhoill a bhainfeadh le críochnú na hoibre ar an gcostas caipitil agus ina theannta sin, ar an sreabhadh airgid agus ar bhrabúsacht, go háirithe i gcás conartha inaisíoctha.


(iv)Cumas an chomhlachta roimhe sin ag cur suas gléasraí trí choimeád go beacht le hamchlár tomhaiste, go hiontaofa. Is pointí an-tábhachtach iad sin i gcomhthéacs aon bhrabúis amach anseo mar gheall ar na costais dochta arda.


237. De thoradh na luachála sin a rinne NÉT ar na trí thairiscint roghnaíodh Kellogg agus moladh do Bhord NÉT go ndéanfaí iad a cheapadh. Cé nárbh é tairiscint Kellogg an ceann ab ísle, ní raibh an oiread sin de dhifríocht ann agus bhí cruthú ar fáil, de réir mheasúnú NÉT, ar a n-éifeachtúlacht i gcúrsaí soláthair agus i gcás gléasraí a chur suas inar coimeádadh go maith le hamchlár tomhaiste agus sin go hiontaofa. Mar gheall air sin ceapadh gurbh fhearr Kellogg a roghnú ná na tógálaithe eile.


238. An moladh go roghnófaí Kellogg mar phríomhchonraitheoir, rinneadh é i dTuarascáil Bhainistíochta NET, i mí na Samhna 1974 agus cheadaigh an Bord é ag a gcruinniú ar an 2 Nollaig, 1974. Údaraíodh do Kellogg trí Litir Chuspóra a eisíodh agus lenar glacadh an 12 Nollaig 1974 tosú ag obair ar an tionscadal.


239. Fuair NÉT cúnamh ón Scientific Design Company of London a ghníomhaigh mar chomhairleoirí ag réamh-roghnú conraitheoirí, ag ullmhú doiciméid forthairisceana agus ag déanamh margántaíocht i gcás téarmaí conartha leis na tairgeoirí críochnaitheacha agus tráth luachála na tairisceana deiridh chomh maith. Tuigtear nach raibh i gceist leis an gcúnamh comhairleach sin ach comhairle a chur ar fáil agus nach ndearnadh aon obair chinnte faoi na mírchinn sin.


Tátail

240. Is é tuairim an Choiste go raibh an nós imeachta a leanadh sách oiriúnach le tairgeoirí inroghnaithe a réamh-roghnú, leis na tairgeoirí sin a mheas agus ina dhiaidh sin leis an bpríomh-chonraitheoir a meas agus a roghnú. Ba liosta sách ionadaitheach an chéad liosta, ar a raibh ocht gconraitheoir inroghnaithe.


241. Is é tuairim an Choiste go raibh an ceart ag NÉT, toisc gur chonradh inaisíoctha a bhí i gceist, nithe eile chomh maith le costas a chur san áireamh le linn dóibh a bheith ag roghnú tairgeoirí.


242. Measann an Coiste, leis, gur leanadh línte teorann cuí ag roghnú forthairisceana, is é sin cumas soláthair, cumas tógála, cumas oibre roimhe sin ag cloí le ham-sceideal agus ag cur suas gléasraí trí choimeád go beacht le hamchlár tomhaiste, agus sin go hiontaofa. Go deimhin, léiríodh go hiomlán cé chomh tábhachtach a bhí na línte teorann sin, mar a fuarthas amach ina dhiaidh sin ag cur an tionscadal i gcrích.


B.IV TÉARMAÍ AN CHONARTHA

243. Shínigh NÉT dhá chonradh le Kellogg chun an gléasra ag Rinn an Dúna a dhearadh, a ghleás-innealrú, a thabhairt i gcrích, a thógáil agus a choimisiúnú. Síníodh ceann amháin acu le Kellogg International Corporation, Londain. Is é a bhí i gceist sa chonradh sin ná an chuid sin den obair a bhí le déanamh lasmuigh d’Éirinn, is é sin, dearadh, innealtóireacht agus soláthar, a dhéanfaí ó “oifigí baile” Kellogg i Londain agus in Amstardam. Bhain an conradh eile le Kellogg Construction Ltd. Is é a bhí i gceist ansin, go garbh, ná an obair a bhí le déanamh ar an láithreán in Éirinn i.e. tógáil Lasmuigh de sin, bhí na conarthaí consúil lena chéile agus ar son na simplíochta sa Tuarascáil seo ní thagrófar ar leithligh dóibh ina dhiaidh seo.


244. Is conarthaí den chineál inaisíoctha na conarthaí a rinneadh le Kellogg agus níor chonarthaí den chineál cnapshuime iad lena ngabhann praghas socraithe. Níor mhiste an difríocht sin a mhíniú níos fearr.


245. Maidir leis an ngnáth-chineál conartha cnapshuime lena ngabhann praghas socraithe, ullmhaíonn an cliant (nó ullmhaítear thar a cheann) sonraíocht mion i dtaobh na hoibre atá le déanamh agus luann an conraitheoir cnapshuim airgid faoi chomhair na hoibre de ghnáth. Bíonn coigeartú le déanamh ar an bpraghas cnapshuime sin mar gheall ar ghéarú ar phraghsanna, (is é sin, méaduithe sonracha, léirithe le doiciméid, ar rátaí pá agus ar phraghsanna ábhar a tharla ó dháta na forthairisceana). Is gnáthrud leis é coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas cnapshuime mar gheall ar athruithe ar an tsonraíocht i scóip na hoibre agus mar gheall ar athruithe ar an tsonraíocht i leith an mhodha a dtéitear i mbun na hoibre.


246. I gcás conartha den chineál inaisíoctha, ullmhaíonn an conraitheoir meastachán den chostas iomlán agus den am uile a thógfaidh an tionscadal. Tugann sé freisin, ráthaíochtaí i dtaobh gníomhú gléasra agus liosta rátaí. Dá éis sin, tá sé i dteideal íocaíocht a fháil as gach costas a bhaineann le hábhair, saothar, seirbhísí agus imchostais eile de réir mar a thabhaítear iad ag cur na hoibre i gcrích. Ní chuireann an meastachán faoin am ná an meastachán faoin gcostas iomlán aon cheangal air. Mar sin, tá conradh den chineál inaisíoctha comhionann leis an gcineál conartha a dtugtar air de ghnáth “conradh ama agus ábhar”.


247. Is í an phríomhdhifríocht bhunúsach idir an dá chineál conartha sin ná gurb é an conraitheoir, i gcás conartha cnapshuime lena ngabhann praghas socraithe, atá freagrach go hiomlán, as an gcostas uile a bhaineann le hábhair, saothar, seirbhísí agus imchostais de réir mar a thabhaítear iad ag cur na hoibre i gcrích, agus sin ó thaobh an chonartha agus na tráchtála de. Ach, i gcás an chonartha inaisíoctha, níl aon fhreagracht air, ó thaobh an chonartha nó na tráchtála de, i leith an chostais iomláin agus dá bharr sin is é an cliant atá freagrach as an gcostas sa chás sin.


Cur i bhfeidhm, Buntáistí agus Míbhuntáistí

248. Is fiú trácht a dhéanamh go hachomair ar cé chomh hoiriúnach atá feidhmiú éagsúil gach cineál conartha agus a mbuntáistí agus míbhuntáistí ó thaobh an chliaint de. De réir téarmaí an chonartha cnapshuime ní foláir don chliant sonraíocht mion i dtaobh scóip na hoibre a chur ar fáil tráth an fhiosrúcháin agus roinnt mhaith ama a chaitheamh ag ullmhú tairisceana. Mar sin, in aon chás ina bhfuil fáil ar shaineolaíocht teicniúil atá riachtanach chun sonraíocht mion a ullmhú agus i gcás an t-am chuige sin agus an t-am freisin le tairiscintí a ghlacadh, a bheith ar fáil, ansin is fearr cloí le conradh cnapshuime. Muran féidir an tionscadal a shainléiriú ag an tús de cheal sainoilteachta nó ama nó dá gceal sin araon, nó toisc gur gléasra prótaichineáil é nó mar gheall ar chúis éigin eile, ansin d’fhéadfadh sé go gcaithfí glacadh le conradh de chineál inaisíoctha.


249. Léiríodh cheana féin na príomhbhuntáistí a bhaineann le conradh cnapshuime, is é sin, go gceadaíonn sé don chliant a fhios a bheith aige roimh ré, agus é sách cinnte de, cé méid costais a bheidh air sa deireadh, agus ina theannta-san, leagtar an fhreagracht go hiomlán ar an gconraitheoir maidir le críochnú sásúil an tionscadail. Tá míbhuntáistí ag baint leis, ó thaobh costais agus ama, óir ullmhaítear sonraíocht sainmhínithe roimhré sula ndéantar aon fhorthairiscint, agus ó thaobh ama, mar go bhfantar níos faide le tairiscintí ná mar a d’fhanfaí i gcás conartha inaisíoctha.


250. Tá an buntáiste ag an gconradh inaisíoctha nach gá ach an léiriú is lú a dhéanamh ar an tionscadal agus mar gheall air sin laghdaítear am agus costas i gcás an chliaint suas go tráth na tógála. Ach tá roinnt míbhuntáistí ag baint leis, ó thaobh an chliaint de. Ní chuireann an conradh ná dálaí tráchtála aon bhrú ar an gconraitheoir an costas ná an t-am a laghdú agus uime sin níl aon gheallúint tugtha don chliant i dtaobh an chostais deiridh. Tá an cliant ag brath go hiomlán ar scileanna bainistíochta agus ar éifeachtúlacht an bhainisteora agus is beag pionóis a fhéadann sé a ghearradh i gcás go gcruthaítear nach bhfuil na scileanna sin chun a shástachta. Aon ghearrmheastacháin a dhéanann an conraitheoir ar a phraghas buiséid is é an cliant a dhíolann as. De ghnáth bíonn ar an gcliant aon chailliúint a shlánú a tharlaíonn don chonraitheoir mar gheall ar a chuid earráidí ó thaobh deartha agus líníochtaí de agus mar gheall ar lochtanna san obair agus sna hábhair thógála, mura féidir leis a chruthú go ndearnadh faillí.


251. Rud eile a bhfuil baint aige le conarthaí inaisíoctha de réir Thuarascáil na hOifige um Fhorbairt Eacnamaíoch Náisiúnta ná


“go gcothaíonn na cineálacha conarthaí solúbtha sin roinnt míéifeachta i gconraitheoirí ó thaobh na pleanála de nó go dtagann easpa eagair dá ndeasca a mhéid a bhaineann le rialú láithreáin i gcoitinne agus le maoirseacht lucht oibre. Tharlódh dá dheasca sin go ndéanfaí tuilleadh dochair fós do ghníomhú tógála neamhdhóthanach.”42


252. Léiríonn an Tuarascáil ón Oifig um Fhorbairt Eacnamaíoch Náisiúnta gur mó a théitear thar am sna cásanna mar a dtosaítear ag tógáil sula mbíonn an obair dheartha críochnaithe ná sna cásanna mar a mbíonn an tionscadal sonraithe go hiomlán faoin am a dtosaítear ag tógáil. Go deimhin is amhlaidh a fuair siad amach go bhfuil coibhneas idir aon easnamh san obair dheartha agus an méid ama a théitear thar dáta. Toisc gur ceann de bhuntáistí conarthaí inaisíoctha é gur féidir dul i mbun tógála gan mhoill tá breis seans ann go rachfar níos mó thar téarma trí úsáid na gconarthaí sin.


253. I ndáiríre tá roinnt mhór éagsúlachtaí idir conradh cnapshuime lena ngabhann praghas socraithe ar thaobh amháin agus conradh láninaisíoctha ar an taobh eile. Ar na héagsúlachtaí sin tá socrú go roinnfear an fhreagracht i leith an chostais iomláin trí roinnt de na míreanna costais a fhágáil reoite. Sna himthosca sin, déantar níos mó den fhreagracht a leagadh go leanúnach ar an gconraitheoir de réir mar a fhágtar níos mó míreanna costais reoite agus de réir mar a athraíonn an conradh ó bheith ina chonradh láninaisíoctha. Mar sin, i gcás chonradh NÉT-Kellogg, fágadh reoite na míreanna costais arb é a bhí iontu costais na hoifige baile a bhain le dearadh, innealtóireacht agus soláthar. Rinneadh amhlaidh i gcás táillí ceadúnais agus brabús an chonraitheora. Ba chostais inaisíoctha na costais eile go léir, is é sin, costais ghléasra, ábhar agus costais uile an láithreáin lena n-áirítear tógáil (dírfhruiliú agus fochonarthaí), gléas-fhruiliú, seirbhísí, maoirseacht ar thógáil agus coimisiúnú. Ba é toradh an tsocraithe sin gurbh fhiú £6.3 mhilliún an mhír reoite sin, as íocaíocht iomlán de £99 milliún, tuairim, a rinneadh le Kellogg, nó as costas caipitil iomlán an tionscadail, £137.3 mhilliún.


254. Sna haighneachtaí éagsúla de chuid NÉT agus ag na héisteachtaí léirigh siad gurbh é chuir siad rompu ar dtús ná an conraitheoir ba inmhuiníne a fháil a d’fhéadfadh an mórchoimpléacs amóinia/úiré sin a láimhseáil. Luaigh siad go speisialta nach raibh conarthaí praghas-socraithe ar fáil ó chonraitheoirí den sórt sin i gcaitheamh na tréimshe lena mbaineann. Tá a chruthú sin le fáil i dtuarascáil na hOifige um Fhorbairt Eacnamaíoch Náisiúnta áit a ndeirtear “go n-úsáidtear conarthaí praghas-socraithe níos minicí thar lear” agus gur ar mhodh inaisíoctha nach mór i gcónaí a ligtear amach cuid na tógála d’aon chonradh sa Ríocht Aontaithe; agus “aon chliant sa Ríocht Aontaithe ar mian leis conradh praghas-socraithe faoi chomhair tógála, nó deartha agus tógála, a ligean chun conraitheoirí beidh sé deacair air conraitheoirí a fháil a thógfaidh an obair idir lámha.” Cé go mbaineann na ráitis sin go sonrach leis an Ríocht Aontaithe féadfar glacadh leis go mbaineann siad cuid mhaith le hÉirinn freisin, go háirithe ón uair gurbh iad eagraíocht Kellogg sa Ríocht Aontaithe a bhí i gceist go príomha sa chonradh seo.


255. Gheofar go hachomair thíos buntréithe na dtéarmaí agus na gcoinníollacha iomchuí a bhaineann leis an gconradh idir NÉT agus Kellogg:


(i)Níl an conraitheoir faoi aon dliteanas, ná ní dhlífear aon phionós a chur air, maidir le praghas iomlán na míreanna ab inaisíoctha. Bhí an dualgas air Buiséad Phraghas Conartha a chur ar fáil sé mhí tar éis an conradh a thabhairt dó agus cuireadh de cheangal air “gach dícheall réasúnach” a dhéanamh leis an bpraghas deiridh a bheith i ngiorracht +7% nó-5% den fhigiúr sin.


(ii)Tá “Dáta Críochnaithe de réir Sceidil” sa chonradh ach níl aon oibleagáid conarthach ná tráchtála ar an gconraitheoir cloí leis ná ní chuirfear aon phionós air mura gcloíonn sé leis.


(iii)Na damáistí leachtaithe a dhlífear ar an gconraitheoir mar gheall ar aon earráidí nó lochtanna i gcur i gcrích na hoibre nó sna hábhair, gheofar sonraithe iad faoi cheannteidil éagsúla agus tá £150,000, tuairim mar theorainn leo.


(iv)Ní bheidh an conraitheoir faoi aon dliteanas de dheasca earráidí nó lochtanna de chuid daoine eile, is é sin, fochonraitheoirí. Más rud é áfach go bhfaigheann sé a chuid costas ar ais tar éis dó na hearraidí a chur i gceart, tá air é chur chun creidmheasa NÉT. Mar sin, lasmuigh de na teorainneacha dliteanais, tá ar NÉT aon chostas ar Kellogg a bhaineann le earráid nó lochta san obair a aisíoc le Kellogg.


(v)Faoi cheannteidil éagsúla tá na pionóis sonraithe atá le cur i bhfeidhm i gcás aon loiceadh sa ghléasra gníomhú de réir ráthaíochta. Tá teorainn £650,000, tuairim, lé dliteanas iomlán an chonraitheora maidir le “lochtanna” agus “gníomhú” de.


(vi)Níl aon choimeádais sa chonradh, ach ta ráthaíochtaí bainc ann ar fiú £650,000 iad, tuairim. Is féidir teacht orthu sin ar údarú stiúrthóra NÉT.


(vii)Faoin gconradh, is iad NÉT a bheidh thíos go hiomlán le haon athruithe sa ráta malairte.


(viii)Gheofar sna sceidil conartha cuí na rátaí inaisíoctha in aghaidh na nearnálacha éagsúla de phearsanra Kellogg a d’fhéadfaí a shannadh i leith na hoibre.


Bhí na rátaí sin infheidhme suas go dtí an 31 Nollaig 1975. Ina dhiaidh sin rinneadh coigeartú orthu mar gheall ar bhoilsciú, ach níl aon fhoirmle faoi choigeartú praghais sa chonradh.


Mar sin, tar éis 1975, ní raibh NÉT in ann aon rialú a chur i bhfeidhm faoin gconradh ar rátaí uair a chloig an chonraitheora.


256. Is léir áfach ón bhfianaise a cuireadh isteach go ndearna NÉT, go deimhin, iarracht ar théarmaí níos fearr a bhaint amach maidir lena gconradh le Kellogg. Mhol siad go speisialta clásal a chuirfeadh pionóis i bhfoirm airgid ar Kellogg de dheasca dul thar téarma, contrártha don sceideal comhaontaithe, agus ar an taobh eile, a chuirfeadh bónas ar fáil dóibh ach an obair a chríochnú go luath. Scrios Kellogg amach an clásal sin, rud a rinne siad le mórán clásal eile sa dréacht-chomhaontú. As an 100 leathanach den dréachtchomhaontú a chuir NÉT isteach lena ndoiciméadú forthairisceana, rinne Kellogg ina dtairiscint, leasú ar 60 leathanach díobh.


257. Mar fhianaise gur lean siad an gnáthchóras ina gconradh le Kellogg chuir NÉT mar fhianaise cóipeanna ar fáil d’fhoilseachán Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha (1976) dar teideal “Model Form of Conditions of Contract for Process Plants Suitable for Re-imbursable Contracts in the UK”, agus an tríú dréacht ó U.N.I.D.O. (1980) dar teideal “Model Form of Cost Re-imbursable Contract for the Construction of a Fertiliser Plant” agus an Tuarascáil ón Oifig um Fhorbairt Eacnamaíoch Náisiúnta (1976) dar tagraíodh cheana.


258. San Fhoirm Mhúnla de chuid Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha, a chuir NÉT os comhair an Choiste agus a luadh go forleathan i bhfianaise, tá foirm mhúnla le haghaidh conartha láninaisíoctha, is infheidhme maidir le próis-ghléasraí a thógáil. Is doiciméad é sin atá le cur i dteannta doiciméid den sórt céanna a chuir institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha ar fáil ina leagtar amach Foirm Mhúnla le haghaidh conarthaí den chineál Cnapshuime. Go deimhin, eisíodh an doiciméad a cuireadh isteach mar go bhfuair Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha spreagadh ón úsáid ar fad a baineadh as an doiciméad roimhe sin faoi chonarthaí cnapshuime.


259. Ní mholann an doiciméad a cuireadh isteach tosaíocht a thabhairt d’úsáid chonarthaí inaisíoctha ar úsáid conarthaí cnapshuime ná ar úsáid aon chineál conartha eile. Mar sin, ní féidir glacadh leis gur argóint é i bhfabhar conartha inaisíoctha a úsáid in áit aon chineál eile. Go deimhin is amhlaidh a leagann sé amach, de réir tábla, roinnt conarthaí éagsúla nach conarthaí lán-inaisíoctha ná conarthaí lán-cnapshuime, ach a thagann idir eatarthu. Ní conradh lán-inaisíoctha an conradh idir NÉT agus Kellogg. Baineann sé le ceann de na hearnálacha sin a fholaíonn conarthaí atá páirt-inaisíoctha de réir mar atá liostáilte de réir an tábla dár tagraíodh thuas. Mar gheall air sin, ní comparáid chruinn idir conarthaí comhionanna aon chomparáid idir conradh Kellogg agus an Fhoirm Mhúnla de chuid Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha le haghaidh conarthaí lán-inaisíoctha.


260. Gheofar go hachomair thíos príomhphointí Fhoirm Mhúnla chonartha lán-inaisíoctha Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha a bhfuil baint acu leis an ábhar idir lámha;


(i)Níl an conraitheoir freagrach as an gcostas iomlán.


(ii)Féadfar, i bhfoirm damáistí leachtaithe, dliteanas an chonraitheora, i leith aon chostais de dheasca moille, a chur san áireamh, cé go gceapann Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha go mbeadh sé sin níos oiriúnaí i gcás conartha den chineál cnapshuime. Má chuirtear pionóis de dheasca moille san áireamh, ba chóir bónas a chur ar fáil as críochnú roimh am.


(iii)Ní chuirtear dliteanas an chonraitheora san áireamh de ghnáth sa mhéid a bhaineann le dearmaid agus lochtanna san obair agus sna hábhair a cheartú mura rud é gur féidir a chruthú go ndearnadh faillí nó mura féidir é dhéanamh ar mhodh damáistí leachtaithe i leith cúinsí sonraithe.


(iv)Aon dliteanas a leanann as cliseadh ar chonraitheoir gníomhú de réir ráthaíochtaí socraítear é de ghnáth trí dhamáistí leachtaithe sonraithe.


261. Dá bhrí sin, bhí na príomhphointí i gconradh NÉT-Kellogg, measartha cosúil go leor le Foirm Mhúnla Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha, cé gur bhain an Fhoirm dheireanach sin le conradh lán-inaisíoctha, agus níor chonradh den chineál sin conradh NÉT-Kellogg. Ba í phríomhdhifríocht ná go gceadaíonn Foirm Mhúnla Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha, cé nár mhol siad é, go n-áireofaí dliteanas costais mar gheall ar mhoill a dhéanamh, trí dhamáistí leachtaithe agus moltar san Fhoirm, chomh maith, gur chóir é sin a cheangal le bónas as críochnú roimh am. Níor chuir conradh NÉT-Kellogg aon chuing dliteanais ar an gconraitheoir i leith costas de dheasca moille, cé gur iarr NÉT i dtosach go n-áireofaí sin.


262. Chomh fada agus is eol don Choiste níor glacadh fós le foirm dréachta UNIDO. Chomh maith leis sin, is grúpa idirnáisiúnta conraitheoirí a d’ullmhaigh an dréacht a cuireadh faoi bhráid an Choiste lena scrúdú. Dá réir sin, tá leas an chonraitheora cosanta go sonrach de réir téarmaí an dréachta. Mar gheall air sin agus toisc nach raibh glactha fós leis ag an UNIDO a mhéid is eol don Choiste, is é tuairim an Choiste nach mbeadh aon bhaint ag aon chomparáid a dhéanfaí leis an bhfiosrúchán sin faoi láthair, cé go mbeadh sé suimiúil a leithéid a dhéanamh.


Tátail

263. Is í an cheist is tábhachtaí, chomh fada a bhaineann leis an gCoiste, ná a fháil amach an raibh an conradh, mar a hullmhaíodh í, níos fabhraí do pháirtí amháin ná don pháirtí eile. An cheist eile, is é sin, cé chomh dlúth a choinnigh conradh NÉT-Kellogg leis na Foirmeacha Múnla éagsúla níor cheist chomh tábhachtach sin í i dtuairim an choiste. Is é breith an choiste tar éis dóibh na haighneachtaí agus na hargóintí ar fad a mheas, ná go raibh an conradh cuid mhaith níos fabharaí don chonraitheoir. Tagann a gcuid comhairleoirí leis an gCoiste sa mhéid sin óir deir siad san go raibh buntáiste mór ag an gconraitheoir de thoradh an chineál coinníollacha a bhain leis an gconradh idir NÉT agus Kellogg. Sular thug siad an bhreith sin, thug an Coiste dá n-aire an méid a dúirt comhairleoirí NÉT, an Scientific Design Co. Limited as Londain: “Ní raibh comhaontú an phríomhchonartha le Kellogg claonta i dtreo páirtí ar bith agus bheadh sé sách sásúil murach gur tharla an oiread sin moille.” An mhoill a tharla, áfach, bhí sí ar cheann de na príomhchúiseanna gur mhéadaigh costas caipitil an tionscadail. De bhrí go mbaineann moill le hobair a chur i gcrích go minic, chuir an Coiste, sular thug siad breith, béim an-mhór ar easnamh aon dliteanas ar an gconraitheoir sa chonradh faoi choinne moill den sórt sin.


264. Dá mbeadh conradh den chineál cnapshuime ar fáil ní chiallódh sé sin go mbeadh costas Rinn an Dúna cuid mhaith níos lú, de riachtanas. Chuirfeadh sé ar na tairgeoirí, áfach, sonraíocht i bhfad níos mine a ullmhú don obair le go bhféadfadh tairgeoirí praghsanna cnapshuime a lua. Bheidís sin, ansin, cuid mhaith níos airde, gan aon agó, ná na tairiscintí a fuarthas i Meitheamh 1974 ar dá réir a bunaíodh an meastachán chostas caipitil de £63.51 mhilliún. Mar sin, bheadh an meastachán chostas caipitil a cuireadh faoi bhráid Bhord NÉT, Ranna Rialtais agus an Rialtais, níos airde ná £63.51 mhilliún. Sa chás sin, d’fhéadfadh sé nach rachfaí chun cinn leis an tionscadal in aon chor. Dá n-imeofaí ar aghaidh leis ansin bheadh an géarú a tharla sa deireadh ar chostas roinnt mhaith níos lú ná mar a bhí sé.


B.V MOILLEANNA

265. Luaigh na trí thairgeoir chríochnaitheacha tréimhsí sceidealta ó 30 go 33 mhí ó bhronnadh an chonartha suas go tosú ar choimisiúnú, a nglactar leis gurb é dáta fála an gháis é. Áiríodh sa tréimhse sceidealta sin: dearadh, soláthar, tógáil, cur suas gléasra agus réamhchoimisiúnú. Mar gheall ar a riachtanaí a bhí sé sceideal lena ngabhfadh réalachas a bheith acu in áit ceann ró-dhóchasach, chinn NÉT go socróidís ar sceideal 36 mhí le Kellogg, bíodh is gurbh eol dóibh nár chun a leasa a rachadh sé socrú ar sceideal níos faide ná mar a bheadh iomchuí maidir leis an ngnó. Tá an tréimhse sin luaite i Litir Chuspóra Mhí na Nollag 1974.


266. Chuaigh an sceideal go coimisiúnú 15 mhí (42%) thar am. D’fhág sin 51 mhí ar fad sa tréimhse sceidealta. De dheasca an dul thar téarma sin méadaíodh ar an gcostas caipitil agus chomh maith leis sin bhí éifeacht an-mhór aige ar an sreabhadh airgid bunaidh a bhí tuartha don tionscadal.


267. Ón bhfianaise a cuireadh isteach, ní heol dúinn faid na tréimhse a ceadaíodh ar dtús do choimisiúnú. Dhealródh sé áfach gur thóg sé níos faide ná mar a bhí beartaithe, go háirithe i gcás an ghléasra úiré. Tá a fhios againn, mar shampla, gur thosaigh táirgeadh úiré cúig mhí nach mór níos déanaí ná táirgeadh amóinia agus go raibh an gléasra uile dúnta ar feadh i bhfad i nDeireadh Fómhair agus i Mí na Samhna 1979 chun coigeartuithe a cheartódh ró-ídiú gaile, i measc coigeartuithe eile, a dhéanamh air. Aon chostais dhíreacha bhreise a ghabhfadh le coimisiúnú a mhoilliú, ní bheidís chomh hard leis na costais a leanfadh aon mhoilliú le linn tógála, mar go mbeadh an chuid is mó den lucht oibre agus den ghléasra tógála fruilithe imithe den láithreán. Leanfadh costais NÉT féin, áfach, agus na costais airgid ag méadú i gcónaí mar gheall ar mhoill aon sreabhadh airgid dearfa a chruthú.


268. An t-achar ama sceidealta de 51 mhí agus an sceideal pleanáilte bunaidh de 36 mhí is féidir iad a mheas i gcomhthéacs gníomhaithe ar thionscadail chomparáideacha eile. Cuireadh roinnt mhaith d’fhianaise dhoiciméadach faoi bhráid an Choiste faoin ábhar sin, ach níor bailíodh puinn eolais aisti maidir le sceidil thionscadail is inchomparáide.


269. Is féidir, áfach, roinnt breitheanna a thabhairt. Tá na húdaráis anseo ar aon fhocal go bhféadfaí a bheith ag súil le difríochtaí nach beag ó thaobh gníomhaithe idir


(i)láithreáin i limistéir tionsclaíocha i dtíortha forbartha mar a bhfuil fáil cheana féin ar shaoráidí agus ar sheirbhísí bonneagair iomlána,


(ii)láithreáin i dtíortha forásacha mar a bhfuil roinnt áirithe saoráidí agus seirbhísí bonneagair,


(iii)láithreáin i dtíortha lag-fhorbartha, gan aon saoráidí.


Bheadh limistéir tionsclaíocha i Meiriceá Thuaidh, in Iarthar na hEorpa, agus sa tSeapáin le fáil sa chéad earnáil, agus an India agus an Bhainglaidéis sa dara earnáil.


270. Míníonn comhairleoirí an Choiste, ón eolas atá acu ar roinnt tionscadal, go dtógann sé, i gcás láithreáin tionscal fhorbartha, ó 3 go 3½ bliana coimpléacs amóinia/úiré a chríochnú ó thráth bronnta an chonartha go dtí an coimisiúnú agus ó 4 go 5 bliana i ndálaí nach mbeadh chomh fabharach sin i dtíortha nach mbeadh an fhorbairt chéanna déanta orthu.


271. Ina n-aighneacht43 luann NÉT seacht dtionscadal eile in Éirinn ina raibh sceideal iarbhír na hoibre chun deiridh de chéatadán ar leith ar an sceideal pleanáilte. Ach, ón uair nach bhfuil an t-am iarbhír nó bunaidh tugtha, ní oiread sin tairbhe an t-eolas sin. Is iad na tionscadail atá i gceist ná Asahi, Courthaulds, Gaf, Irish Distillers, Merck, Mitsui (Corcaigh) agus Syntex. An céatadán a ndeachthas thar téarma i gcás na sceideal sin bhí sé sa raon 28% go 83%, agus 59% mar mheán. Níor thionscadail amóinia/úiré aon cheann acu sin agus mar gheall air sin ní féidir comparáid chruinn a dhéanamh.


272. Chuir NÉT eolas ar fáil, chomh maith, ar 4 thionscadal cheimiceacha Eorpacha—3 cinn ón Ríocht Aontaithe agus 1 ón Iodáil. Tionscadail amóinia/úiré iad sin (Montedison—An Iodáil), Aicrilinítríl (Monsanto—an Ríocht Aontaithe), Eitiléin/próipiléin (ICI/BP—an Ríocht Aontaithe) agus próiseáil gháis urchósta (Phillips—An Ríocht Aontaithe).


273. As na gléasraí sin is é an gléasra amóinia/úiré Iodálach an gléasra is mó is inchomparáide le Rinn an Dúna. Bhí sceideal ama iarbhír de 48 mí i gceist leis an tionscadal sin ag cur céatadán thar téarma de 60% san áireamh óir 30 mí a bhí sa sceideal a bhí pleanáilte. Maidir leis na trí ghléasra sa Ríocht Aontaithe bhí am-sceideal iarbhír de 54 mhí, 60 mí agus 84 mhí i gceist. Áirítear iontusan tréimhsí thar téarma de 50%, 67% agus 78% faoi seach ar sceidil pleanáilte bunaidh de 36, 36 agus 48 mí.


274. An t-eolas a chuir NÉT isteach faoi thionscadail leasacháin ar fud an domhain, bhí liosta de 13 ghléasra i réigiúin forbartha nó lagfhorbartha mar a raibh céatadán idir 7% agus 97%, le 55% de mheán, sa chéatadán a ndeachthas thar téarma ar an sceideal pleanáilte bunaidh. Níl an t-am iarbhír a caitheadh leis an obair ná an sceideal bunaidh luaite agus cuireann sé sin teorainn le tairbhe an eolais.


275. Chuir NÉT, freisin, Tuarascáil ón Oifig um Fhorbairt Eacnamaíoch Náisiúnta sa Ríocht Aontaithe ar Ghníomhú Foirgníochta Innealtóireachta, (NEDO) mí na Nollag, 1976, faoi bhráid an Choiste lena mbreithniú. Rinneadh tagairt cheana don tuarascáil chuimsitheach sin a bhfuil 88 leathanach ann. Cuireann sé roimhe an líomhain a scrúdú a deir go mbaineann, i gcás na Ríochta Aontaithe, níos mó moille le tionscadail foirgníochta gléasra, agus go dtógann sé níos faide iad a chríochnú, ann ná in áiteanna eile. Scrúdaíonn an tuarascáil go mion 18 dtionscadal i dtrí limistéar, is é sin, an Ríocht Aontaithe, Iarthar na hEorpa agus na Stáit Aontaithe agus baineann sé le 5 thionscail, is é sin le rá, gléasraí eitiléine, gléasraí driogaireachta, scaglanna, gléasraí meatánóil agus stáisiúin chumhachta. Dá bhrí sin, tá teorainn le húsáid an eolais sa tuarascáil mar go mbaineann sé le tionscadail seachas tionscadail leasacháin agus nach dtéitear lasmuigh de thíortha tionsclaíocha i.e. an chéad earnáil a luadh thuas.


276. I gcás seacht ngléasra sa Ríocht Aontaithe, shín an tréimhse iarbhír tionscadail ó 28 mí go 87 mí. Ba é a bhí sa mheán ná 51 mhí. I gcás 7 ngléasra in Iarthar na hEorpa shín an tréimhse iarbhír tionscadail ó 24 mhí go 50 mí. Ba é a bhí sa mheán ná 33 mhí. I gcás na Stát Aontaithe, caitheadh ó 29 mí go 50 mí ag críochnú na 4 thionscadal a scrúdaíodh. Is é a bhí sa mheán ná 37 mí.


277. Is mar a leanas a chuathas thar téarma i gcás na sceideal pleanáilte do na tionscadail sin:


Limistéar

Méid thar Téarma % den Am-Phlean

An Meán thar Téarma % den Am-Phlean

RA

0-68%

32%

Iarthar na hEorpa

0-14%

6%

SA

0-32%

15%

278. Ba í príomh-thátal Thuarascáil NEDO ná go dtógann sé níos faide tionscadail sa Ríocht Aontaithe a chríochnú ná tionscadail is inchomparáide leo in áiteanna eile agus go bhfuil an méid a théitear thar téarma ar an sceideal bunaidh níos mó sa RA ná in áiteanna eile. Ach tá tátail eile sa Tuarascáil; ina measc-san tá an tátal a léiríonn gur cosúil gur mó a théitear thar téarma i gcás tionscadail ina dtosaítear ar an obair thógála sula mbíonn an obair dheartha agus an ullmhú sonraíochtaí críochnaithe agus gur cosúil gur mó a théitear thar téarma de réir mar a théann an méid d’obair dheartha críochnaithe i laghad, tráth tosaithe na tógála.


Tátail

279. An tréimhse iarbhír de 51 mhí ó thráth bronnta an chonartha go dtí gur tosaíodh ar choimisiúnú, dealraíonn sé í bheith ar aon dul le tionscadail inchomparáide i gcomhair láithreáin i dtíortha forásacha mar a bhfuil roinnt saoráidí agus seirbhísí bonneagair ar fáil cheana féin, ach gan iad ar fad a bheith ar láimh. Is é tuairim an Choiste gurb í an earnáil láithreáin sin, i measc na dtrí earnáil láithreán atá mínithe sna doiciméid atá ar fáil, an láithreán is cóngaraí, ó thaobh comparáide, don cheann i Rinn an Dúna. Mar sin tríd is tríd, bhí éifeachtúlacht ullmhaithe an sceidil ag réiteacht le taithí na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.


280. An 42% thar téarma sin ar an sceideal pleanáilte is féidir é a chur i gcomparáid go fabhrach le tionscadail eile in Éirinn agus le roinnt tionscadal eile sa Ríocht Aontaithe agus le tionscadail leasacháin i dtíortha forásacha. Tagann sé go dona as aon chomparáid a dhéantar idir é agus céatadáin thar téarma do thionscadail eile sa RA agus in Iarthar na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe, ar tionscadail iad dá dtagraítear sa Tuarascáil NEDO. Ba bheag ar fad de na tionscadail sin, áfach, a bhí inchomparáide, in aon dlúthshlí, le Rinn an Dúna. Mar sin, tríd is tríd, bhí éifeachtúlacht a bhain le hullmhú an sceidil ar aon dul le taithí in Éirinn agus sa RA.


281. Bhí an sceideal bunaidh de 36 mhí ró-ghearr ach ní raibh sé bunoscionn leis na tréimhsí a bhí á dtuaradh do thionscadail eile in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Bhí, áfach, breis is dóthain fianaise ar fáil lena thaispeáint go mbeadh tréimhse thar téarma de 50% sách dóchúil. Dá bhrí sin, is é tuairim an Choiste gur rud ciallmhar a bheadh ann, ag an tús, moilleanna de 6 mhí, de 12 mhí agus de 18 mí a chur san áireamh in aghaidh aon teagmhais, le linn an réamhthuar faoin sreabhadh airgid, agus an meastachán ar an gcostas caipitil iomlán, a bheith á n-ullmhú. Dá ndéanfaí amhlaidh bheadh, ar a laghad, eolas ansin ag Bord NÉT ar an gcostas agus ar dhrochthorthaí eile moille a d’fhéadfadh titim amach, agus d’fhéadfaidís dá réir sin an méid sin a áireamh mar theagmhais i gcás maoiniú an tionscadail.


B. VI MÉADUITHE COSTAS

282. An Meastachán Seiceála a d’eisigh Kellogg i nDeireadh Fómhair 1975, ar suim £64.63 mhilliún a bhí ann, ag áireamh géarú mar gheall ar ítimí sa chonradh, ba “mheastachán deimhneach” é de réir mar a héilíodh le téarmaí an chonartha a bhí le cur ar fáil laistigh de shé mhí de dháta bronnta an chonartha. D’úsáid NÉT an meastachán sin leis an gcostas tionscadail iomlán a ardú go £80 milliún. On uair gurb é an meastachán sin an chéad mheastachán ar chostas caipitil a bhí bunaithe ar shonraíocht a bhí sainmhínithe measartha réasúnta agus a bhain le scóip na hoibre, réitíonn an Coiste le NÉT (aighneacht faoi rún, Samhain 1980) gur féidir “comparáid níos réalaí” a dhéanamh idir an figiúr sin agus an costas deireanach, £137.3 mhilliún. Gach méadú mar sin suas go £80 milliún glactar leis gur de thoradh gearrmheastacháin iad.


283. Ceapann an Coiste, áfach, gur fiú a thabhairt faoi deara nár eisíodh an meastachán £80 milliún go dtí Lúnasa 1976. Faoin am sin, bhí an tionscadal faoi lán-tseoil le 1½ bliain agus ba bheag a d’fhéadfaí a dhéanamh ach leanacht ar aghaidh nó mura ndéanfaí sin, táillí troma an fhoirceannta a íoc. Rud amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ná tabhairt faoi chonradh cnapshuime a dhéanamh as an gconradh ar an bhforas go raibh an obair an tráth sin ag pointe a bhí measartha soiléir. “Conradh inaisíoctha á chomhshó go conradh cnapshuime” sin cineál conartha atá, go deimhin, in úsáid agus déantar tagairt dó i bhfoilseachán Fhoirm Conartha Institiúid na nInnealtóirí Ceimiceacha, ar ar cuireadh síos in Alt B.IV den Tuarascáil seo.


284. Toisc gur chonradh inaisíoctha an conradh, tá sé nach mór dodhéanta aon anailís chruinn a dhéanamh, ó thaobh cúise, ar an £57 milliún de mhéadú ó £80 milliún go £137 milliún. Is féidir áfach achoimriú a dhéanamh ar an méadú, de réir limistéar oibre, mar atá déanta amach thíos:


 

£

Táille Kellogg

0.7 milliún (athruithe scóipe)

Costas ábhar

3.4 mhilliún (gearrmheastachán, easnaimh)

Costas Tógála Kellogg

13.2 mhilliún (moill agus gearrmheastachán)

Costais Fochonarthaí

16.6 mhilliún (moill agus gearrmheastachán)

Ítimí neamhchonarthacha (Costais NÉT)

22.4 mhilliún (éagsúil)

Iomlán

56.3 mhilliún

285. Gheofar i bhfoirm tábla thíos gar-bhreith ar mhéid an mhéadaithe costais is féidir a chur in aghaidh na mbunchúiseanna éagsúla. Deineadh amach an tábla seo trí mheastachán NÉT a úsáid a tugadh i bhfianaise a dúirt gur chosain moilleanna £2 mhilliún, tuairim, in aghaidh na míosa, agus trí chostas airgeadais chaipitil mhéadaithe, is é sin £11 mhilliún,44 don tréimhse lena mbaineann, a chur in aghaidh bunchúiseanna.


 

Cúis

Ítimí Conartha £ milliún

Ítimí Neamh-chonarthacha £ milliún

Iomlán £ milliún

A

Moilleanna

26.3

3.9

30.2

B

Gearrmheastachán, Easnaimh agus aon neamhéifeachtúlachtaí sa Tógáil

10.4

4.0

14.4

C

Athruithe scóipe/obair bhreise

6.6

0.5

7.1

D

Polasaí Cuntasaíochta

4.7

4.7

 

Iomlán

43.3

13.1

56.4

A. Moilleanna

286. Thar aon chúis eile moill ba phríomhchúis le £30.2 mhilliún nó 50% den mhéadú ar chostas ó £80 milliún go £137 milliún. Airgead i bhásta ab ea é sin óir ní bhfuarthas tairbhe ar bith as an gcaiteachas sin. Is airgead é a caitheadh ar dhaoine agus ar ghléasra fruilithe fad a bhí siad díomhaoin agus ar ndóigh áirítear ann na híocaíochtaí iomchuí úis a ghabhann leis na costais sin.


287. Ní réitíonn NÉT agus comhairleoirí an Choiste lena chéile ar fad maidir le míniú na moille 15 mhí sa sceideal ama. Tá toradh gach measúnachta leagtha amach mar a leanas:


An Chúis a bhí leis an Moill

NÉT Míonna

Comhairleoirí Míonna

Dearadh agus soláthar Kellogg

6.0

2.5

Gníomh tionscail

5.0

5.25

Droch-aimsir iomarcach

4.35

Asláithreacht iomarcach

4.0

3.0

Iomlán

15.0

15.1

Dearadh agus Soláthar

288. Is í an t-aon difríocht sonrach ná go gcuireann NÉT 6 mhí den mhoill i leith Kellogg in áit 2.5 mhí ag na comhairleoirí. In aighneacht faoi rún a chuir siad isteach i Samhain, 1980, luaigh NÉT go raibh siad, seachas sin, ag teacht go ginearálta le hachoimriú na gcomhairleoirí. Deireann NÉT gur moilleanna a bhain leis an obair dheartha, le hullmhú sonraíochtaí, le heisiúint líníochtaí agus le soláthar ba chúis leis an 6 mhí moille sin. Níor ghlac na comhairleoirí leis go raibh aon tábhacht mór ag baint leis an gcúis dheireanach sin, soláthar, agus sin é is cúis leis an difríocht sna measúnachtaí. Maíonn NÉT gur titim chun deiridh ag Kellogg ar dtús san obair dheartha ba bhun le moill 3 nó 4 de mhíonna san am sceidil, agus mhéadaigh sé sin ina dhiaidh sin go 6 mhí de dheasca moilleanna leis an soláthar. Cúis shonrach amháin a bhí leis an moill a bhain le soláthar, dar le NÉT, ná an earráid a rinne Kellogg feisteáin píopaí a ordú in am tráth. D’admhaigh Kellogg an earráid sin. Drochthoradh amháin a tháinig as an moill tosaigh sin ná gur riaradh amach roinnt fochonarthaí gan aon sonraíocht iomlán a bheith ar fáil don obair. Bhí sin i gceist leis an bhfochonradh leictreachais, leis an bhfochonradh faoi ionstraimí, agus le roinnt fochonarthaí sibhialta. Sna cásanna sin, riaradh amach na fochonarthaí ar bhonn sceidil rátaí agus aonad costas. Dá dhroim sin, bhí na suimeanna airgid a cuireadh i gcuntas faoi choinne na bhfochonarthaí sin cuid mhaith ró-íseal.


Gníomh Tionscail

289. De réir chomhairleoirí an Choiste, bhí, idir Bealtaine 1976 agus Meitheamh 1979, 78 ngníomh tionscail ar bun ag Rinn an Dúna. I rith na tréimhse sin, bhí 448 lá ann inar chuir gníomh tionscail isteach ar an láithreán. Áirítear i ngníomh tionscail, picéadú, stadanna oibre, cosc ar ragobair, toirmeasc oibre agus oibriú de réir rialach. Gníomh neamhoifigiúil a bhí i ngach gníomh a taifeadadh den 78 ngníomh tionscail sin. Ba chóir a thabhairt faoi deara gur luaigh NÉT ina gcuid fianaise gur “58 agus nach 76” achrann tionscail a bhí ann.


290. De réir téarmaí an chonartha, bhí Kellogg freagrach as bainistí caidreamh thionscail. Cáineadh Kellogg i ngeall ar an modh a d’fheidhmigh siad an fhreagracht sin agus, uime sin, mar gheall ar a ndroch-bhainistíocht i gcúrsaí caidreamh tionscail. Dealraíonn sé nach réitíonn NÉT leis an gcáineadh sin mar deir siad ina n-aighneacht Mheán Fómhair—


“Má scrúdaítear scéal na gcaidreamh tionscail i dtionscadal Rinn an Dúna léireofar go raibh leibhéal an-ard de ghníomh tionscail neamh-oifigiúil ar siúl ann. Má táthar chun an fhreagracht i leith na ngníomhartha tionscail neamhoifigiúla sin a chur i leith Kellogg, b’fhéidir go bhféadfaí a rá ansin gur riaradh cúrsaí caidrimh thionscail dona go leor”.


agus


“D’fhágfadh sin Kellogg freagrach as díospóidí idirchumainn, as díospóidí fortheorainneacha, as stailceanna tobanna agus as gníomhartha eile a chuir isteach ar an tógáil agus a mhoilligh é. Ní bheadh sé réasúnta, áfach, an fhreagracht a chur ar Kellogg sa tslí sin, go háirithe ón uair nár cruthaíodh gurbh iad gníomhartha nó neamhghníomhartha Kellogg ba chiontach “leis na gníomhartha tionscail neamhoifigiúla a tharla”.


291. Agus iad ag tabhairt fianaise bhéil don choiste d’easaontaigh NÉT leis an tuairim a nochtaíodh nach raibh Kellogg inniúil ar na cineálacha fadhbanna chaidrimh thionscail a láimhseáil a d’éirigh d’uireasa taithí sa réimse sin gnó. Agus é ag tagairt d’fhreagracht dúirt finné de chuid NÉT “… caithfidh tú a shocrú an mbeidh conraithreoirí freagrach i ngníomh neamhoifigiúil a dhéanfaidh an mheitheal. Ní thiocfainn leis an tuairim sin.”45 Níos déanaí, agus iad ag tabhairt freagra ar chomhalta den Choiste nuair a dúirt sé nach raibh “Kellogg cumasach ar chor ar bith ar an dualgas sin a chomhlíonadh” i.e. bainistíocht chaidrimh thionscail, dúirt NÉT. “Aighnis neamhoifigiúla a bhí iontu agus níl a fhios agam an bhfuil sé cóir an fhreagracht a chur ar an mbainistíocht as gníomhartha tionscail neamhoifigiúla”.46


292. D’ainneoin éiginnteacht NÉT ar an gceist seo is é tuairim an Choiste nár cuireadh freagracht chonarthach NÉT go leathaobh de bharr gur aighnis neamhoifigiúla a bhí sna haighnis, agus dá bhrí sin, ón taifead, is é is tuairim don Choiste nár riaradh caidrimh thionscail go maith.


Iomarca Drochaimsire

293. Bhí moill ar an Sceideal de bhreis ar 4 mhí ionchurtha i leith méid iomarcach na drochaimsire. Fíoraíodh é seo ó na taifid mheitéareolaíochta. Ba chóir a nótáil áfach, go gcuirtear méid áirithe drochaimsire san áireamh in aon sceideal tionscadail agus gur de bharr iomarca drochaimsire a bhí an mhoill sa chás seo. Dar le NÉT tharla cuid mhaith de seo le linn geimhreadh 1977/78, nuair a bhí an tógáil ag an bpointe go gcuirfeadh drochaimsir isteach uirthi go héasca. Gné amháin a bhaineann le Rinn an Dúna, atá coitianta i dtíortha eile ach nach bhfuil coitianta in Éirinn, go bhfuil cuid mhaith den ghleásra oscailte d’fhonn gearradh síos ar chostais tógála.


Iomarca Neamhláithreachais

294. Mar a bhí i gcás drochaimsire, cuireadh méid áirithe neamhláithreachais san áireamh sa sceideal tionscadail bunaidh. Bhí an iomarca neamhláithreachais ann áfach agus chuir sin moill trí mhí ar an sceideal. Gné amháin den neamhláithreachas go raibh na maoirseoirí túslíne beagnach chomh dona leis na hoibrithe. Ba léiriú é seo, ar bhealach, ar mheon nó ar easpa díograis na maoirseoirí.


Gníomh i dtaobh moilleanna

295. Ní féidir le NÉT sásamh a fháil ó Kellogg i leith aon mhoilleanna faoi théarmaí an chonartha. Dá mba rud é gur theastaigh ó NÉT sásamh a fháil bheadh orthu dul i muinín an dlí.


296. Maidir le sásamh a lorg ón gconraitheoir i dtaobh moilleanna san oifig bhaile—ach go háirithe iad sin a tharla go luath i ré an chonartha—dúirt Cathaoirleach NÉT. “Maidir le lochtú Kellogg i gcás moille i dtaobh dearadh agus soláthair, ní mór a choinneáil i gcuimhne gurb é príomhchúram duine, nuair a thosaíonn sé ar thionscadal mar seo, é a chur i gcrích. Ní maith an rud é bheith in aighneas leis an gconraitheoir más féidir é sin a sheachaint. Shíleamar, in ainneoin na drochmhainneachtana seo ag Kellogg, nár chóir dúinn dul sa tóir orthu go foirmeáilte de réir na bpionós sa chonradh ag an am sin. Shíleamar go mbeadh sé níos ciallmhaire ligean dóibh an tionscadal a chur i gcrích agus dul sa tóir ar na lochtanna ar fad ansin.47


297. Mar a tharlaíonn sé áfach, rinne NÉT cuid mhaith i dtaobh na moilleanna oifige baile agus láithreáin a tugadh faoi deara um lár 1976. Chuir siad brú mór ar Kellogg trí fheachtas comhfhreagrais agus cruinnithe a thóg isteach na feidhmeannaigh ab airde ar an dá thaobh. Bhí NÉT míshásta leis an dul chun cinn ar oifig bhaile Kellogg agus ar an láithreán agus, go háirithe, leis an easpa comhordaithe idir an dá dhream, mar a b’fhacthas dóibhsean é. Ba chúis gearáin go minic ag NÉT nach raibh fear ceannais comónta ar Bhainisteoir Tionscadail Kellogg agus ar Bhainisteoir Tógála Cónaitheach Kellogg, seachas Uachtarán Kellogg. Bhí an ceart ar fad ag NÉT sa mhéid sin óir ní fhéadfaidis duine faoi leith a aithint laistigh d’eagraíocht Kellogg a mbeadh freagracht ghinearálta aige i dtaobh an tionscadail. Dá thoradh sin, nocht Stiúrthóir bainistíochta NÉT tuairimí an-láidre le hUachtarán Kellogg. Bhí de thoradh air sin gur ceapadh Stiúrthóir Oibríochtaí Eorpacha Kellogg mar Stiúrthóir Kellogg. Ina dhiaidh sin, ceapadh Bainisteoir Tionscadail nua agus bainisteoir Tógála Cónaitheach nua.


Costas na Moilleanna

298. Measann NÉT, gur chosain na stailceanna £2 mhilliún sa mhí. Folaíonn sé seo costas bainistíochta agus grád eile, idir conraitheoirí ag NÉT, costas an ghléasra ar cíos a bhí díomhaoin agus costais riartha ginearálta nó airgeadais an tionscadail. Ta tábla thíos den chaoi a cuireadh figiúr i leith moilleanna de réir cúise d’fhonn costas na moille ginearálta agus gach cúise faoi leith a thabhairt.


Cúis na Moille

Fad Na Moille Míonna

Costas Na Moille £

Dearadh agus Soláthar

2.50

5.00 mhilliún

Gníomh Tionscail

5.25

10.50 milliún

Iomarca Drochaimsire

4.35

8.70 milliún

Iomarca Neamhláithreachais

3.00

6.00 mhilliún

Iomlán

15.10

30.20 milliún

Dá bhrí sin as costas iomlán na moilleanna, méid is ionann is £30.2 mhilliún, is féidir £5 mhilliún (nó 12 mhilliún más féidir glacadh le meastachán 6 mhí NÉT) a chur i leith Kellogg de dheasca ullmhú dearthaí nó soláthar a bheith déanach.


299. Bhí iomarca drochaimsire ciontach as luach £8.7 milliún de mhoilleanna. Bhí an-tionchar ag an droch-aimsir ar chostais tógála an ghléasra seo de bharr go raibh cuid mhaith de amuigh faoin aer. Tharla an chuid is mó de na moilleanna de dheasca drochaimsire i ngeimhreadh 1977/78 nuair a bhí an obair tógála i mbarr a réime.


300. Bhí meitheal an láithreáin tógála ciontach, trí ghníomh tionscail neamhoifigiúil agus trí iomarca neamhláithreachais, as moilleanna a chosain £16.5 mhilliún. Is féidir a rá gur féidir cuid den fhreagracht i leith an chostais seo a chur ar Kellogg a bhí freagrach as caidrimh thionscail a bhainistí. Glacann NÉT seasamh láidir in aghaidh na tuairime seo, áfach, óir deir siad os rud é gur gníomh neamhoifigiúil a bhí i ngach gníomh tionscail, nach féidir dáiríre freagracht a chur ar Kellogg.


B Gearrmheastacháin

301. An dara cúis ba mhó ar mhéadú costais ná an £14.4 mhilliún a cuireadh i leith “gearrmheastacháin, easnaimh agus aon neamhéifeachtúlachtaí sa togáil”. Ní nach ionann agus na moilleanna, ní cailliúint den mhéid sin na costais seo. I gcás gearrmheastacháin agus easnaimh araon faightear luach ar an airgead a chaitear. Ní féidir aon neamhéifeachtúlachtaí sa tógáil a tharla (mar shampla, obair a lean ar aghaidh níos faide ná ba chóir) a thógáil leis féin, mar i gcás dul thar téarma i suíomh inaisíoctha, níl sé ró-éasca idirdhealú a dhéanamh ina dhiaidh sin idir bun-ghearrmheastachán dáiríre agus neamhéifeacht sa chur i gcrích. Dá bhrí sin, ní féidir an chuid sin den £14.4 mhilliún de mhéadú costais, ar cailliúint é, a ríomh.


302. Ar na míreanna laistigh den chonradh a ndearna Kellogg gearrmheastachán orthu bhí na fochonarthaí innealtóireachta sibhialta, na fochonarthaí leictreachais, ionstraimíochta agus inslithe, agus na riachtanais dír-fhruilithe saothair i gcomhair tógáil mheicniúil. Is í an phríomhchúis go ndearnadh gearrmheastachán ar mhéideanna na bhfochonarthaí nach ndearnadh an obair a shainmhíniú i gceart tráth ullmhaithe an bhuiséid. Is cóir a nótáil anséo nár tháinig ínnealtóirí sibhialta agus leictreachais chun bheith mar chuid d’fhoireann tionscadail NÉT go dtí an dara leath de 1975, i.e. go dtí go raibh an Meastachán Seiceála beagnach réidh le cur amach. D’fhéadfadh sé gur chuir sé seo leis na gearrmheastacháin bhuiséadachta de bharr nach raibh innealtóirí NÉT sna disciplíní seo i láthair in oifig dheartha Kellogg le linn na tréimhse deartha seo.


303. B’iad na príomh-ghearrmheastacháin a rinne NÉT ar mhíreanna neamhchonarthacha, costas árachais (£0.9 milliún) agus costas riartha láithreán Rinn an Dúna (£0.8m) agus préimh a íocadh ar luath-sheachadadh gáis (£0.75 mhilliún).


C Athruithe Scóipe

304. Ní cailliúinti iad na méaduithe costais is inchurtha i leith athruithe scóipe agus obair bhreise, mar atá i gcás moilleanna. Sna cásanna seo fuarthas luach ar an obair a rinneadh.


305. Ar an iomlán i leith athruithe scóipe is inchurtha i leith míreanna conarthacha tá méadú £0.7 milliún ar tháille Kellogg agus iomlán £46 mhilliún ar “Obair Bhreise”. Ar an earnáil dheireanach seo bhí an teirmineál lódála iarnróid amóinia agus costais fhoghabhálacha, agus míreanna mar na táillí do na comhairleoirí iniúchta pá-rolla (Irish Site Management Ltd.), an cúiteamh a tugadh d’fhoireann chónaitheach Kellogg ar bhreis chánach ioncaim na hÉireann thar an ngnáthráta ina dtíortha féin, agus i gcomhair éilimh árachais nach raibh socraithe ag an am.


D Polasaí Cuntasaíochta

306. Eascraíonn an méadú costais faoin gceannteideal “Polasaí Cuntasaíochta” don chuid is mó as an gcinneadh a rinne Bord NÉT costais iomarcacha a chaipitliú, os cionn an chostais chaighdeánaigh móide 10%, a tabhaíodh i riaradh an ghléasra, in úsáid gáis agus i muirir úis don tréimhse suas go dtí an 31.12.79. Tá caillteanas iomlaoide airgeadra san áireamh san fhigiúr freisin.


Comparáid le Gléasraí Eile

307. Scrúdaigh an Coiste an fhaisnéis i dtaobh méaduithe costais i ngléasraí eile in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha forásacha a chuir NÉT faoina mbráid. Ní bhaineann na méaduithe comparáideacha ar chostais go hiomlán le Rinn an Dúna ar dhá chúis. Sa chéad dul síos ní fíos céard é dearbh-bhonn an bhuiséid in aon chás i.e. an réamhmheastachán a bhí ann nó costas bunaithe ar mhionshonraíocht oibre nó praghas forthairisceana. Ansin, chomh maith, ag braith ar cé acu praghas buiséid a thógtar i gcomhair Rinn and Dúna, eadhon, £42 mhilliún nó £53.51 mhilliún nó £80 milliún, athraíonn an méadú ó 72% go 227%. Is féidir gach ceann de na meastacháin chostais thuas a chosaint mar fhigiúir don bhuiséad. Is ar an meastachán £42 mhilliún a bhunaigh an Rialtas a gceadú. Is é a bhí sa mheastachán £63.51 mhilliún an costas tionscadail iomlán tráth ceaptha na gconraithreoirí. B’é an meastachán £80 milliún an chéad mheastachán a bhí bunaithe ar shainmhíniú réasúnta iomlán ar scóip na hoibre.


308. Tá sé níos úsáidí comparáid a dhéanamh idir dearbhchostais gléasraí a críochnaíodh. Ó na sonraí a cuireadh ar fáil is é an t-aon ghléasra amóinia/úiré a dtugtar costas dó, Gléasra Montedison san Iodáil atá mórán ar chóimhéid le Rinn an Dúna agus a chosain £61.5 mhilliún. Dúirt W.F. Sheldrick, Uas., den Bhanc Domhanda i bpáipéar dá chuid dar teideal “Investment and Production Costs for Fertilisers” dar dháta Meitheamh, 1980 go mbeadh costas caipitil tuairim is £150 milliún ar ghléasra 1,650 tona/lae amóinia/úiré a bheadh á thionscnamh an t-am sin i suíomh a mbeadh fóras faoi le méid áirithe saoráidí agus seirbhísí bonneagair agus a bheadh le dul i mbun oibre i 1983/84. I gcomparáid leo seo cheapfadh duine go raibh Rinn an Dúna sách costasach


Tátail

309. Tháinig an Coiste ar thrí thátal ghinearálta tar éis dóibh na meastacháin chostais éagsúla agus an costas deiridh a scrúdú, eadhon:


(i)Ba dhroch-mheastacháin iad na meastacháin ar fad roimh an meastachán £80 milliún, go príomha de bharr gur bunaíodh na meastacháin ar shainmhíniú neamhdhóthanach don obair.


(ii)Bhí na moilleanna íomarcacha a chuir isteach ar chéim thógála an tionscadail ciontach as an gcuid ba mhó den mheadú costais a tharla tar éis an mheastacháin £80 milliún.


(iii)Chosain gníomh tionscail neamhoifigiúil agus neamhláithreachas iomarcach le chéile £16.5 mhilliún. Caithfear a rá go raibh cuid mhór den locht ar an meitheal agus cuid níos lú den locht ar Kellogg (os rud é nár riaradh caidrimh thionscail go maith) as an gcostas seo.


B. VII BAINISTÍOCHT

An Bord Stiúrthóirí

310. Ag an am a údaraíodh tionscadal Rinn an Dúna i Nollaig, 1974 bhí seachtar stiúrthóirí, agus an Cathaoirleach san áireamh, ar Bhord NÉT. Ní raibh ach Stiúrthóir Feidhmeannach amháin ann, is í sin le rá an Stiúrthóir Bainistíochta. Ba stiúrthóirí neamhfheidhmeanacha iad an seisear stiúrthóirí eile agus an Cathaoirleach san áireamh. Ba é an taithí a bhí ag gach duine de na Stiúrthóirí sin an tráth sin:


An Cathaoirleach—Ollamh in Innealtóireacht Cheimice.


An Stiúrthóir Bainistíochta—13 bliana mar Stiúrthóir Bainistíochta ar NÉT, ina státseirbhíseach roimhe sin.


Ba stiúrthóir ar thionscal mór próiseála comhalta amháin den Bhord.


B’fheirmeoir é comhalta amháin den Bhord.


Ba státseirbhísigh nó iarstátseirbhísigh an triúr comhalta eile den Bhord.


Eagraíocht

311. Tá sé ag dul dian ar an gCoiste struchtúr soiléir eagraíochta a aithint ag an leibhéal sinsearach do thionscadal Rinn an Dúna. Thuig an Coiste ó na haighneachtaí a rinneadh níos luaithe go raibh freagracht ghinearálta don tionscadal ar an gCeannasaí Forbartha a ndearnadh Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Forbairt, de ina dhiaidh sin. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin trí na seisiúin fianaise go raibh baint ag comhaltaí eile den bhainistíoct shinsearach i gcinntí ag an leibhéal feidhmiúcháin i dtaca le Rinn an Dúna. Orthu siúd bhí an Bainisteoir Ginearálta Cúnta, Teicniúil, an Bainisteoir Ginearálta agus an Stiúrthóir Bainistíochta. Sa tuairisc oibre, dar dháta 1979, don BCG, Teicniúil dúradh “is é a phríomhchúram go luath i 1979, i dteannta an BCG, Forbairt, a chinntiú go mbeidh na gléasraí nua amóinia agus úiré i gCorcaigh i mbun oibre gan a thuilleadh moille”. Dúradh ann, freisin “tá an BCG, Forbairt, freagrach as bainistíocht tionscadail le linn na tógála, cé go bhfuil cúram ginearálta maoirseachta ar an BCG, Teicniúil, maidir leis na conarthaí móra a chaibidíl agus a chur i gcrích má bhíonn cion teícniúil suntasach iontu”. Nuair a d’iarr an Coiste ar NÉT dualgais na beirte seo a shoiléiriú i dtaca le tionscadal Rinn an Dúna, dúirt NÉT go raibh “baint an-mhór” ag an BCG, Teicniúil, “i ndéanamh na gcinntí a bhí le déanamh ó lá go lá ar thionscadal Rinn an Dúna.” Dúirt siad, freisin “Bhí sé freisin mar chuid den fhoireann bhainistíochta shinsearach a bhí ag déileáil le Kellogg nuair a bhí aighnis mhóra ann faoin gconradh. Ar an mbonn seo, chuidigh sé agus thosaigh sé le cúram có-ordaithe ginearálta (an BCG, Forbairt)”. Dúirt NÉT, freisin, go raibh “freagracht ghinearálta” ar an BCG, Teicniúil “i leith coimpléasc an Inbhir Mhóir agus táirgeadh san áireamh go dtí gur tháinig tionscadal Rinn an Dúna go dtí an pointe go raibh sé bainteach go hiomlán leis an tionscadal”. Tá a fhios ag an gCoiste chomh maith, ó staidéar a rinne siad ar mhiontuairiscí cruinnithe agus ar chomhfhreagras gur ghlac an Bainisteoir Ginearálta agus an Stiúrthóir Bainistíochta cúraim fheidhmiúcháin orthu féin ó thráth go chéile i leith an tionscadail. Dá bhrí sin, is cosúil nach raibh aon duine sinsearach amháin, dar teideal mar shampla Stiúrthóir Tionscadail, a mbeadh freagracht ghinearálta air le teorainneacha sainmhínithe udaráis i leith thionscadal Rinn an Dúna agus i leith an tionscadail sin amháin. Is dóigh leis an gCoiste gur laige é seo ar eagraíocht an tionscadail.


Taithí Bainistíochta

312. Nuair a bhí NÉT ag déanamh aighneachtaí agus ag tabhairt fianaise rinne siad tagairt don taithí a bhí acu roimhe sin ag tabhairt faoi chonarthaí móra i gcomhair gléasraí ceimice. Bhí na gléasraí seo san Inbhear Mór áit a ndearnadh roinnt conarthaí i gcomhair gléasraí próiseála ceimice. D’fhonn léargas ceart a fháil air seo, áfach, ní mór a nótáil go raibh caiteachas caipitil i gceist le tionscadal Rinn an Dúna a bhí 15 uaire, tuairim, níos mó ná an conradh ba mhó san Inbhear Mór, eadhon, an conradh i gcomhair gléasra “Arklow Gypsum Limited”. Ina theannta sin, ba chonarthaí cnapshuime iad uile ach amháin ceann amháin acu agus ba chonradh inaisíoctha a bhí sa cheann sin.


313. Ina theannta sin is léir ó curricula vitae na mBainisteoirí Sinsearacha a cuireadh faoi bhráid an Choiste, nach raibh ach beirt fheidhmeannach shinsearacha ag a raibh taithí suntasach ar bhainistíocht shinsearach a dhéanamh ar chonarthaí gléasraí móra próiseála, seachas san Inbhear Mór.


314. Is é tuairim an Choiste dá bhrí sin go raibh taithí “inmheánach” sinsearach NÉT, ar phleanáil, caibidil agus bainistí conarthai inaisíoctha do ghléasraí móra próiseála, teoranta.


315. Thug an coiste dá n-aire gur baineadh úsáid as comhairleoirí, eadhon, Scientific Design Company Limited as Londain chun cuidiú:


—le comhchainteanna le conraitheoirí inroghnaithe


—le sonraíocht oibre agus doiciméid forthairisceana a ullmhú,


—le foirm an chonartha a dhréachtadh,


—leis na tairiscintí críochnaitheacha a mheas.


Thug an Coiste dá n-aire freisin, gur chuir na comhairleoirí seo seirbhís faireachais costais ar fáil le linn cuid den tréimhse thógála. I gcomhthéacs easpa taithí NÉT ar an gcineál seo mór-chonartha próiseála, is é tuairim an Choiste go bhféadfaí níos mó leasa a bhaint as comhairleoirí cuícháilithe le linn don tionscadal a bheith á phleanáil agus á chur i gcrích.


Riaradh agus Rialú

316. Tá scrúdú déanta ag an gCoiste trína gcomhairleoirí ar na córais éagsúla chun tionscadal Rinn an Dúna a riaradh agus a rialú agus tháinig siad ar na tuairimí seo a leanas:


(i)Bhí an córas ginearálta chun an fheidhm soláthair a riaradh cruinn agus cuimsitheach agus an-oiriúnach do riachtanais an tionscadail agus don rialú inmheánach. Rinneadh gach soláthar mór a dhoiciméadú, a údarú agus a cheadú go cuí.


(ii)Bhí na nósanna imeachta a úsáideadh chun sonraí a cheadú agus a íoc iomlán agus oiriúnach do riachtanais an rialaithe inmheánaigh. Ba léir, áfach, ón bhfianaise a cuireadh ar fáil go raibh laigí áirithe ar an gcóras i gcoitinne. I gcás na n-íocaíochtaí do láithreán Chorcaí eisíodh seiceanna gan iad a chrosáil. I dtuairim an Choiste ba chóir gach seic den chineál seo a chrosáil agus “Íocaí Cuntais Amháin/Neamhinaistrithe” a scríobh orthu. I gcás íocaíochtaí le Kellogg (Amsterdam) léirigh an dearcadh a bhí ag NÉT, maidir leis an iniúchadh cúlghabhálach laige ginearálta sa chaoi nach ndearnadh ach céatadán beag de na hidirbhearta a iniúchadh tar éis Iúil, 1977. Is é tuairim an Choiste, áfach, nár cailleadh puinn de dheasca na neamhghníomhartha sin.


(iii)Is é tuairim an Choiste go raibh na nósanna imeachta a úsáideadh chun an pá-rolla a ullmhú, a thaifeadadh, agus a rialú cruinn agus cuimsitheach. Dá bhrí sin measann an Coiste go ndearnadh an tionscadal a riaradh agus a rialú i gceart maidir leis an bpárolla.


(iv)Leagadh síos na bunrátaí pá do mheitheal Kellogg trí chomhchainteanna de réir an Chomhaontaithe Láithreáin. Rinne an Coiste scrúdú orthu seo agus is é a dtuairim nach raibh na bunrátaí pá do Kellogg iomarcach agus go raibh siad de réir na rátaí a bhí i bhfeidhm sa tionscal tógála an t-am sin. Is é tuairim an Choiste, freisin, go raibh an méadú ginearálta ar na bunrátaí pá le linn na tréimhse tógála go hiomlán de réir na méaduithe a bhí ceadaithe go náisiúnta, eadhon, na Comhaontuithe Náisiúnta Pá iomchuí agus an Dámhachtain don Tionscal Foirgníochta Náisiúnta a bhí i bhfeidhn an tráth sin.


CUID C—ARKLOW GYPSUM LIMITED

317. Cheadaigh Bord NÉT tionscadal Arklow Gypsum Limited (AGL) i 1973. D’imigh an tionscadal ar aghaidh ina dhiaidh sin agus bhí sé beartaithe an taobh meicniúil a chríochnú faoi dheireadh 1974. De dheasca moilleanna éagsúla níor thosaigh an coimisíúnú go dtí breis is 4 bliana ina dhiaidh sin. Faoi thús 1980 ní hamháin nach bhféadfaí pointe cothroime a thuar a thuilleadh ach bhí na tuartha a rinneadh i leith sreabhadh airgid diúltach. Le linn 1980 tháinig Bainistíocht NÉT, ar an tuairim “nach raibh sreabhadh airgid dearfach i ndán don tionscadal riamh.”48 Ní raibh aon rogha cuí, sna himthosca seo, ach an gléasra a dhúnadh, agus é a dhíol, dá bhféadfaí. Níor tháinig aon toradh ar na comhchainteanna a cuireadh ar siúl le dreamanna a rabhthas ag súil go mbeadh spéis acu ann agus dá bhrí sin dúnadh an gléasra an 30 Samhain, 1980.


318. Ní raibh an deis ag an gCoiste scrúdú a dhéanamh ar an mbunstaidéar indéantachta, ar na cinn ina dhiaidh sin, ná ar an staidéar indéantachta deiridh ar dá bharr a cinneadh an gléasra a dhúnadh. Ina choinne sin, áfach, os rud é go raibh tuartha NÉT ró-dhóchasach i gcónaí nach mór agus go ndearnadh an tuaras deiridh ar an mbonn nach rachadh rud ar bith amú, is é tuairim an Choiste gurb é an t-aon rogha a bhí ag NÉT an gléasra a dhúnadh síos, agus dá mb’fhéidir, é a dhíol. Cé gur aontaigh an Coiste le cinneadh NÉT, ba mhaith leo a n-aiféala ó chroí a chur in iúl gurb é an toradh a bhí air gur cailleadh 132 phost agus tuairim is £9 milliún punt d’airgead an phobail.


319. Is é tuairim an Choiste má tá ceachtanna le foghlaim ón teip seo go mba chóir freagraí a fháil ar na ceisteanna seo: “Ar chóir dul ar aghaidh leis an tionscadal sa chéad áit?” agus “I bhfianaise na moilleanna fada agus na gcaillteanas móra, ar chóir deireadh a chur leis an tionscadal níos luaithe, agus ar a laghad, méid an chaillteanais chaipitil a laghdú?”


320. Tháinig roinnt pointí tábhachtacha chun solais nuair a bhíothas ag cíoradh na gceisteanna seo. Tugtar cur síos gearr ar an pointí sin sna míreanna díreach ina dhiaidh seo.


321. B’é an bunús a bhí le tionscadal Arklow Gypsum Limited fuíoll giopsaim a úsáid ón ngléasra aigéid fhosfaraigh chun plástar a tháirgeadh i dtosach, agus ansin plástarchlár. Táirgtear plástarchlár de ghnáth ó ghiopsam aiceanta. Bhí tionscadal an Inbhir Mhóir bunaithe ar theicneolaíocht nua chun giopsam ceimiceach a phróiseáil agus coimisiúnaíodh gléasraí chun na críche seo sa Ghearmáin agus sa tSeapáin. Roghnaíodh an gléasra Gearmánach ar an mbonn go mbeadh sé deacair an “saineolas” teicniúil ón ngléasra Seapánach a aistriú go dtí an suíomh san Inbhear Mór. Cé go raibh na Gearmánaigh ag tairiscint gnáthghléasra plástarchláir, ba ghléasra réamhshamhailteach ann féin an plean chun an giopsam ceimiceach a athrú ina phlástar chun an gléasra plástarchláir a chothú. Dá bhrí sin bhí priacal forbartha áirithe ag baint leis an tionscadal ón gcéad lá riamh.


322. Rud eile a raibh tionchar tábhachtach aige ar ar tharla ina dhiaidh sin ná nár tógadh boilsciú san áireamh sa bhunstaidéar indéantachta. Dá bhrí sin glacadh leis sa bhunstaidéar indéantachta go méadódh costas na mbunábhar seirbhísí agus foirne ar chomhráta leis an bpraghas díolacháin. Glacadh leis seo in ainneoin gur léirigh anailís íogaireachta go bhféadfadh an cor is lú ar phraghsanna táirgí cur isteach go héasca ar an tionscadal. Léiríodh ina dhiaidh sin gur dhrochbhotún é seo nuair a mhéadaigh costais bhunábhar ó 1973 go 1979 d’fhactóir 4.3 cé nár mhéadaigh na praghsanna díolacháin a bhí ar fáil ach d’fhactóir 2.5.


323. Is dóigh leis an gCoiste go raibh tionchar an-mhór ag an dá ní sin ar theip an tionscadail.


324. Bhí nithe eile a chuir le méid na gcaillteanas a tabhaíodh. An príomhrud acu sin ná an méid ama a thóg sé an gléasra a choimisiúnú. Bhí sé beartaithe i dtosach go dtosódh an gléasra ag táirgeadh go luath i 1975. Mar thoradh ar fhadhbanna éagsúla le linn coimisiúnaithe níor thosaigh an gléasra ag táirgeadh go dtí 1979. Mheas bainistíocht NÉT gur cailleadh bliain beagnach ag an tús de dheasca moilleanna deartha ar thaobh an chonraitheora agus seachadadh déanach trealaimh. Ina dhiaidh sin, theip ar an uathchlábh bhunaidh, faoi bhrú-thástáil agus chuir sin 1¼ bliain leis an achar ama coimisiúnaithe de bharr go raibh orthu ceann eile a fháil ina ionad. Cailleadh bliain eile de dheasca “morlochtanna roghnaithe trealaimh agus deartha sa Ghléasra Ullmhúcháin” agus toisc gur theip ar “chóras tábhachtach scagtha”.49 Deir NÉT, go raibh siad “cráite” sna hiarrachtaí a rinneadh ina dhiaidh coimisiúnú iomlán a dhéanamh i 1978 “ag an-chuid teipeanna sa trealamh agus easpa sa dá ghléasra”. Faoi dheireadh, nuair a bhíothas réidh coimisiúnú a thosú i nDeireadh Fómhair, 1978 cailleadh sé mhí breise de dheasca stailce ag gléasra NÉT, san Inbhear Mór. Bhí costais neamhghnóthaithe réamh-thrádála de £3.75 mhilliún mar thoradh ar na moilleanna seo.


325. Tar éis coimisiúnú, tabhaíodh caillteanais tuairim de £3 mhilliún le linn 1979 agus sa chéad sé mhí de 1980.


326. Dúirt NÉT, i bhfianaise gur chosain tionscadal Arklow Gypsum Limited £10.57 milliún suas go lár 1980. Measann siad go bhféadfaí idir £1 milliún agus £2 mhilliún a ghnóthú ó dhíol an ghléasra. Dá bhrí sin is dócha go mbeidh glán-chaillteanas an tionscadail idir £8½ milliún agus £9½ milliún.


327. Ceistíodh NÉT ar roinnt mhaith ócáidí le linn na héisteachta i dtaobh an tsaineolais theicniúil a bhí acu chun tionscadal plástarchláir a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Seo é an freagra a fuarthas ó Chathaoirleach NÉT:


“Bhí sin againn sa mhéid go raibh saineolas teicniúil ár n-innealtóirí féin againn nuair a bhíomar ag déanamh na dtástálacha seo sa Ghearmáin agus san Iúgslaiv. [B’iad na tástálacha a bhí i gceist 100 tona de ghiopsam ceimiceach ón Inbhear Mór a phróiseáil ina phlástar sa Ghearmáin agus ina dhiaidh sin ina phlástarchlár san Iúgslaiv.] Bhí spéis fós ag Cement Limited sa tionscadal agus bhí baint ag daoine teicniúla ó Cement Limited leis na tástálacha seo agus tá duine amháin acu sin leis an gcuideachta sin fós agus d’oibrigh sé cheana sa tionscal plástarchláir. Bhí baint aige leis na tástálacha san Iúgslaiv. Níl mé cinnte ar raibh baint aige leis na tástálacha sa Ghearmáin, freisin. Is é mo thuairim go raibh an t-eolas teicniúil againn ba ghá dúinn torthaí na dtastálacha píolóta a bhí á ndéanamh againn sa Ghearmáin agus san Iúgslaiv a mheasúnú.”50


328. Ní raibh aon eolas breise le fáil ar an ábhar seo agus dealraíonn sé don Choiste nach bhfuil léirithe ag NÉT go raibh dóthain saineolas táirge acu maidir le taithí táirgthe, taithí tráchtála agus taithí margaithe i gcomhair plástarchláir.


329. Cheistigh an Coiste bainistíocht NÉT, agus AGL i dtaobh a ndearna siad chun an Bord a choinneáil san eolas i dtaobh dul chun cinn an tionscadail i ngeall ar an moill agus ar an ngéarú costais a bhí ag tarlú. Mar fhreagra dúirt NÉT gur leanadh de staidéir indéantachta a chur faoi bhráid an Bhoird agus gur léirigh siad seo “cé gur tionscadal tarraingteach a bhí ann i dtosach, bhí an tarraingteacht sin ag maolú roinnt ach bhí sí fós ann”.51 Mar fhreagra ar cheist eile dúirt Cathaoirleach NÉT, “de réir mo chuimhne, níor chaith an Bord aon am riamh go foirmiúil ag plé ar chóir éirí as an tionscadal.”52


330. Dúirt NÉT, chomh maith, “Níor léir go dtí na céimeanna deireanacha de mheasúnacht a rinneadh i 1979 agus go luath i 1980 go raibh an todhchaí diúltach sa chaoi, ní hamháin nach ndéanfadh sé brabach ná nach gclúdódh sé a chostais oibrithe, ach nach bhfaigheadh NÉT aon chúiteamh i leith a infheistíochta. Ag an bpointe sin tógadh an cinneadh deireanach i leith dúnadh síos na hoibríochta”.53 Dá bhrí sin dhealródh sé gur smaoinigh an Bord ar é a dhúnadh síos don chéad uair go luath i 1980.


331. Mar fhreagra ar cheisteanna a chuir an Coiste ar NÉT, i dtaobh chumas an ghléasra a ghníomhú beartaithe agus sonraithe a bhaint amach, dúirt NÉT, “is dóigh linn gurb ionann nó gur chóir a bheith ionann an gníomhú ag an bpointe seo i dtéarmaí táirgthe, cáilíochta agus bunábhar agus an méid a luaigh na conraitheoirí”.54 Maolaíodh an ráiteas seo ina dhiaidh sin trí thagairtí a dhéanamh “d’fhadhbanna leanúnacha”. In ainneoin na ndearbhuithe seo dealraíonn sé don Choiste gur ar éigean go bhféadfadh an gléasra a bheith ag oibriú ar lánéifeacht ar feadh tréimhse fada go leor chun a chumas táirgthe beartaithe de 8.4 mhilliún méadar chearnacha an bhliain de phlástarchlár a fhíorú. Chiallódh sin go mba ghá táirgeadh laethúil de 27,000 méadar cearnach agus factóir úsáide de 310 lá sa bhliain. Ón bhfianaise a chuir ionadaithe mheitheal Arklow Gypsum Ltd ar fáil is cosúil gur bhain an gléasra gníomhú táirgthe de 96% (dá chumas is dócha) amach, ach níor coinníodh é seo ar siúl ach ar feadh seachtain amháin i Meitheamh, 1980. Dhealródh sé óna bhfianaise go raibh an gléasra i mbun táirgthe laghdaithe de dheasca laghdú ar an éileamh ar an táirge.55


332. Maidir leis an gceist an raibh táirge an ghléasra inmhargaithe riamh, rinne feidhmeannaigh NÉT na haighneachtaí seo a leanas:—


(i)“Ní gléasra de mhéid tíosach é an gléasra” (Fianaise, Ceist 354).


(ii)“Is gléasra ardchostais i dtéarmaí fuinnimh an gléasra agus bheadh gá le mórchuid caiteachais bhreise chun an costas a laghdú”. (Fianaise, Ceist 355).


(iii)“An teicneolaíocht atá ar fáil ar an domhan seo, cé nach mbeadh sé ar fáil dúinne, b’fhéidir, tháinig an-fheabhas uirthi sna blianta eatramhacha, go háirithe sa limistéar úsáide fuinnimh”. (Fianaise, Ceist 353).


(iv)“Is é an príomhathrú a tháinig, an t-athrú ar an gcoibhneas idir praghas na mbunábhar agus praghas an táirge, agus b’athrú chun donais a tháinig air seo sa tréimhse ina dhiaidh sin.” (Fianaise, Ceist 353).


333. Ba theip chostasach é tionscadal Arklow Gypsum Limited, go háirithe nuair a cailleadh tuairim is £9m d’airgead an phobail. Ní mór cuid mhaith den mhilleán a chur ar NÉT de bharr gur dona mar a mheas siad indéantacht an tionscadail agus mar a phleanáil siad é. Tuigeann an Coiste gur féidir cuid den chaillteanas a chur i leith teip ar an trealamh agus lochtanna gníomhaithe de chuid an chonraitheora nach féidir an milleán a chur ar NÉT, ina dtaobh. Ba chóir a thuiscint, áfach, cé gur chuir siad seo le méid na gcaillteanas nár bhain siad, iontu féin, puinn d’inmharthanacht an tionscadail. Tuigeann an Coiste gur chuir na méaduithe móra i gcostais fuinnimh i ndeireadh 1973 as go mór d’inmharthanacht inbhainte an tionscadail. Is dóigh leis an gCoiste, nuair a tháinig an cor nua maidir le costais fuinnimh chun solais go luath i 1973, go raibh sé ceart ansin ag Bord NÉT smaoineamh go sonrach ar éirí as an tionscadal ar fad.


CUID D

AIGHNEACHTAÍ ÉAGSÚLA A RINNEADH CHUN AN CHOISTE

Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann

334. Is é an rud is mó a chuireann isteach ar FAÉ ná gur maoiníodh tionscadal Rinn an Dúna trí chaipiteal ar iasacht, go mbíonn trommhuirear úis air seo agus go mbeadh an muirear seo áirithe i bpraghas díolta an leasacháin. Measann siad gurb ionann an muirear úis amháin agus £33 an tona ar lán-táirgeadh. Maíonn siad go bhfuil sé míréasúnta a bheith ag súil go mbeadh ar fheirmeoirí glacadh le hualach an chostais bhreise seo sna praghsanna a chaithfidh siad a íoc as leasacháin. Dar le FAÉ b’iad na daoine ba mhó a fuair buntáiste as an tionscadal an mheitheal tógála agus na fostaithe de chuid NÉT, a fuair postanna leanúnacha.


335. Dúirt NÉT i bhfianaise os rud é gur margadh oscailte é margadh leasachán na hÉireann go mbraitheann praghas díolta leasachán ar na fórsaí margaidh agus nach bhfuil sé ceangailte le costas. Dá bhrí sin, dealraíonn sé don Choiste nach seasann an praghas díolta láithreach ar chor ar bith do na costais úis iomlán a bhí ar an gCuideachta.


336. Is é tuairim an Choiste cé nach dtagann tionchar iomlán na muirear úis i gceist díreach anois, gur rud tábhachtach é a chaithfear a thógáil san áireamh nuair a bheidh aon athstruchtúrú caipitil is indéanta á mheas.


An Chónaidhm Tionscail Fhoirgníochta

337. Is iad na príomhphointí a d’ardaigh an CTF ná an chaoi a raibh claonadh ag NÉT thar na blianta conraitheoirí coimhthíocha a thabhairt isteach in ionad gnólachtaí Éireannacha agus go raibh dearcadh neamhchuiditheach ag NÉT i leith an tionscail fhoirgníochta sa tír seo. Pointe eile a rinne an CTF, gur dheonaigh Kellogg an conradh meicniúil dóibh féin, le comhaontú NÉT, gan dul i mbun forthairisceana.


338. Scrúdaigh an Coiste an chéad cheist a d’ardaigh an CTF agus fuair siad amach, i gcás tionscadal Rinn an Dúna gur deonaíodh na fochonarthaí ar fad seachas dhá cheann do ghnólachtaí Éireannacha. B’é iomlán luach na bhfochonarthaí a ligeadh ag Rinn an Dúna, tuairim is £28 milliún.


339. I gcás na hoibre meicniúla, arb iad tógáil an phríomhghléasra agus an obair phíopa an chuid is mó di, d’imigh Kellogg ina ceann seo trí dhírfhruiliú (nó trí dhírshaothar). Bhí siad i dteideal é seo a dhéanamh, le comhaontú NÉT, mar phríomhchonraitheoir agus faoi théarmaí an chonartha. Mar a tharla sé, d’fhostaigh siad, agus i roinnt cásanna thraenáil siad, oibrithe Éireannacha don chuid ba mhó chun an obair a dhéanamh faoina maoirseacht, ag baint úsáid as trealamh tógála a fuair siad ó sholáthróirí nó ó ghnólachtaí fruilithe Éireannacha don chuid ba mhó. Mhínigh NÉT gur chinn siad dul i gceann na hoibre meicniúla ar an mbonn seo toisc easpa acmhainn áitiúil a bheith ann chun tabhairt faoin méid ollmhór obair phíopa a bhí i gceist agus mar gheall ar easpa taithí i dtógáil an trealaimh shofaisticiúil. Measann an Coiste gur lig NÉT cuid shubstaintiúil den obair do chonraitheoirí Éireannacha agus go ndearna siad cás ar son dul i gceann na tógála meicniúla trí dhírfhruiliú.


Comhlachas Innealtóirí Comhairleacha na hÉireann

340. San aighneacht a rinne siad, dúirt CICÉ go mba chóir níos mó gnólachtaí Éireannacha d’innealtóirí comhairleacha a fhostú ar thionscadail mar Rinn an Dúna.


341. De réir mar is féidir leis an gCoiste a dhéanamh amach níor fhostaigh NÉT ná Kellogg aon ghnólacht d’innealtóirí Éireannacha ar an tionscadal seo. Déanta na fírinne dhealródh sé nár fostaíodh gnólachtaí Éireannacha de chomhairleoirí teicniúla ach amháin do na foirgnimh ailtireachta a chosain tuairim £4 mhilliún. Fostaíodh gnólacht ailtirí Éireannach don obair deartha dóibh seo agus úsáideadh gnólacht Éireannach de shuirbhéirí cainníochta chun na billí cainníochta agus na cuntais chríochnaitheacha a ullmhú.


342. Is é tuairim an Choiste go raibh (agus go bhfuil fós) innealtóirí Éireannacha inniúil agus cumasach ar chuid mhaith den obair ag Rinn an Dúna a dhéanamh. Fágadh ar lár iad mar thoradh ar chinntí a rinne NÉT go déanach i 1973 agus go luath i 1974, uimhir a haon, príomhchonraitheoir a fhostú chun dul i gceann dearadh agus tógáil an tionscadail, agus, uimhir a dó, eagraíocht a bhunú a d’fhreastalódh ar an modh seo chun leanacht de tionscadal agus ar an modh sin amháin. Is dóigh leis an gCoiste gur bhuntáiste é gnólachtaí Éireannacha d’innealtóirí comhairleacha a fhostú ar limistéir shuntasacha den obair dá mbeadh dearcadh níos fadradharcaí agus níos mó pleanála ann.


Meitheal NÉT san Inbhear Mór

343. Rinne meitheal NÉT san Inbhear Mór roinnt pointí ina n-aighneacht dar dháta 23 Meán Fómhair, 1980. Pléitear go leor de na hábhair seo in áiteanna eile i dTuarascáil an Choiste. Is dóigh leis an gCoiste, áfach, go bhfuil sé oiriúnach tagairt a dhéanamh sa chuid seo den Tuarascáil do chuid mhaith de na pointí a luaigh an mheitheal.


344. Ina réamhrá leis an aighneacht luann an mheitheal san Inbhear Mór:


“Cuirimid an aighneacht seo faoi bhur mbráid thar ceann comhaltaí na meithle, óir bhí lámh acu siúd, idir baill ceardchumann agus neamhbaill ceardchumann, ina dréachtadh, ag súil go mbeidh tionchar aici ar chinntí a dhéanfar amach anseo a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar inmharthanacht NÉT san Inbhear Mór agus dá bhrí sin ar infheistíocht na meithle. Ní mór dó bheith bunaithe ar sheantaithí. Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar a bhí, go háirithe ó thaobh na gcinntí faoi fhorbairt thábhachtach, tá faitíos orainn go mbeidh ár bpostanna i mbaol. Cé nach bhfuil aon bhaint ag an meitheal leis an bpróiseas déanta cinntí, beidh orthu glacadh le cailliúint postanna má dhéantar droch-chinntí. Déantar na cinntí seo ag leibhéal i bhfad níos airde ná muidne agus is iad lucht bainistíochta, Bord Stiúrthóirí na Cuideachta, Ranna Rialtais agus an tAire féin a dhéanann iad, ach bíonn tionchar acu orainne, agus caithfidh siad bheith níos cruinne níos minice amach anseo”.


Rinne siad tagairt ina dhiaidh sin san aighneacht do dhá mhórthionscadal, eadhon, tionscadal Rinn an Dúna agus Arklow Gypsum Limited mar thionscadail nár bhain a spriocanna amach i dtéarmaí costais, dáta coimisiúnaithe agus brabús ar airgead a infheistíodh.


Chríochnaigh an mheitheal a réamhrá leis an ráiteas seo:


“Táimid go mór in amhras i dtaobh na struchtúr ón Aire trína Roinn, tríd an mBord Stiúrthóirí agus tríd an mbainistíocht shinsearach, a d’fhág go ndearnadh na botúin seo.”


345. Measann an Coiste go bhfuil ciall leis an bpointe deireanach sin a rinne an mheitheal sa chaoi gurb é a mbreith cheana, i gcás tionscadal Rinn an Dúna, go raibh droch-mhíthuiscint idir NÉT ar thaobh amháin agus na Ranna Rialtais agus an Rialtas ar an taobh eile maidir le meastacháin ar chostas caipitil. Léiríonn na míthuiscintí seo, ar a laghad, an struchtúr cumarsáide easnamhach a bhí ann.


346. Chuir an mheitheal ceist, is é sin le rá:


“An raibh an saineolas ceart agus an taithí againn chun tionscadail den mhéid a rabhamar bainteach leo a mheas, a thógáil agus a choimisiúnú?”


Déileáltar leis an gceist sin i gCuid B den Tuarascáil seo.


347. Maidir le ceist an chaidrimh thionscail, dúirt an mheitheal:


“Ní ró-mhaith chor ar bith atá inchreidteacht na Cuideachta sa ghné caidrimh tionscail, dar leis an meitheal”


Dúirt siad ansin:


“Nuair a dhéanann Rannóg Teaghlachais cinntí ní dhílsítear iad i nduine faoi leith ach i ngrúpa. Is cosúil nach bhfuil freagracht ar bith ar éinne agus is cúis míshásaimh é seo.”


Dúirt an Coiste ina thaobh seo cheana féin gur chóir do NÉT machnamh cuí a dhéanamh ar straitéis chaidrimh thionscail iomchuí a chruthú.


CRÍOCH

348. Tá an Coiste buíoch díobh siúd ar fad a chuir fianaise scríofa agus/nó fianaise béil ar fáil. Tá an fhianaise scríofa, ach amháin an méid sin a tugadh faoi rún, le fáil sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Tuarascáil seo.


349. Is mian leis an gCoiste a mbuíochas a chur in iúl do Michael O’Kelly B.E., C. Eng., M.I.E.I., M.I.M.C., M.I.I.E. agus do Kieran Ó Broin B.Comm., F.C.A., M.I.M.C., as Management Consultant Partners and Associates as an gcuidiú rí-luachmhar a thug siad le linn an fhiosrúcháin seo.


(Sínithe) EOIN RYAN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


1 Aibreán 1981


1Ciallaíonn an comhartha £ sa Tuarascáil seo Puint na hÉireann.


2Sa Tuarascáil seo ciallaíonn an coimriú ‘m’ milliún.


3Freagra ar Cheist Pharlaiminte 11 den 18 Feabhra 1981.


4Fianaise (Ceist 13).


5Fianaise (Ceisteanna 1, 5, 6, 10 & 14; & Leathanaigh 22-24).


6Fianaise (Ceist 8).


7Tá na tuair sin bunaithe ar éileamh an mhargadh leasachán i 1978/79. Ach de réir Thuarascáil McKinsey (Nollaig 1980) shíl an dá mhór-tháirgeoir leasacháin go dtiocfadh laghdú suntasach ar thomhaltas i 1980 agus nach dtiocfaidís ar ais go dtí leibhéil 1979 go dtí 1982.


8Fianaise (Ceisteanna 19, 20 agus 126).


9Fianaise (Ceisteanna 18, 100).


10Fianaise (Ceist 97).


11Fianaise (Ceisteanna 22, 102, 103).


12Freagra ar Cheist Pharlaiminte 335 an 27 Eanáir 1981.


13Tá an cóimheas a úsáidtear i gCuntais NÉT don bhliain 1969 bunaithe ar chaipiteal a úsáideadh lena n-áirítear cistí díluachála.


14Tá figiúirí idir lúibíní diúltach.


15Fianaise (Ceisteanna 23, 25, 28).


16Fianaise (Ceisteanna 7,9).


17Fianaise (Ceist 40).


18Fianaise (Leathanach 23).


19Fianaise (Ceist 33).


20Fianaise (Leathanach 23).


21Fianaise (Ceist 62).


22Bheadh méid iomlán idir £8½m agus £9½m neamhinghnóthaithe, ach sin ag brath ar luach athdhíolta na sócmhainní (Fianaise, Ceist 314).


23Fianaise (Ceist 312).


24Fianaise (Ceist 58).


25Freagra ar Cheist Pharlaiminte 10, an 18 Feabhra 1981.


26Fianaise (Ceist 106) agus Tuarascáil NÉT 1976 (Ráiteas an Chathaoirligh).


27Fianaise (Ceist 613).


28Fianaise (Ceist 614).


29Freagra ar Cheist Pharlaiminte 9, an 18 Feabhra 1981.


30Fianaise (Ceisteanna 627 agus 628).


31Fianaise (Ceisteanna 629-631).


32Fianaise (Ceisteanna 627 agus 628).


33Fianaise (Ceist 119).


34Léiríonn an figiúr seo an méid a bhí ag dul do NÉT tar éis airleacain £3,373,514 ó NÉT a ísealscríobh i leith caillteanas trádála do 1979 agus aon trian de chostais réamhthrádála a thabhaigh an Chuideachta.


35Fianaise (Ceist 197).


36Fianaise (Ceist 129).


37Sa Roinn seo den Tuarascáil gairtear “Tionscail agus Tráchtáil” agus “Airgeadas” faoi seach ar an Roinn Tionscail agus Tráchtála agus ar an Roinn Airgeadais.


38Buille faoi thuairim a bhí sa phraghas seo agus níor ghá go mbeadh sé ceart.


39Fianaise (Ceist 574).


40Aighneacht faoi Rún ó NÉT. Feic Fianaise freisin (Ceisteanna 608-10).


41Tuarascáil Bhainístíochta NÉT (Samhain 1974).


42An Oifig um Fhorbairt Eacnamaíoch Náisiunta. Tuarascáil ar “Gníomhú Foirgníochta Innealtóireachta” Nollaig 1976-lth. 12.


43Iarscríbhinn 7.


44Íocaíochtaí úis, go príomha.


45Fianaise (Ceisteanna 429 agus 430).


46Fianaise (Ceist 522).


47Fianaise (Ceist 595).


48Fianaise (Ceist 351).


49Feic Iarscríbhinn 6.


50Fianaise (Ceist 336).


51Fianaise (Ceist 359).


52Fianaise (Ceist 357).


53Fianaise (Ceist 350).


54Fianaise (Ceist 338).


55Fianaise (Ceist 279).


*Áirítear san fhigiúr seo, caillteanas £6.6m ar fhochuideachta.


*An tréimhse 1 Iúil 1970 go dtí 31 Nollaig 1974.