Committee Reports::Report No. 69 - Agricultural Prices and Measures to Balance the Markets and Streamline Expenditure::27 March, 1980::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 11 Feabhra 1980 (4896/80) ar phraghsanna táirgí talmhaíochta áirithe a shocrú agus ar bhearta gaolmhara áirithe. I ndáil leis an scrúdú sin tá an Comhchoiste tar éis breithniú a dhéanamh freisin ar thograí a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 5 Nollaig 1979 (11337/79) le haghaidh athruithe sa chomhbheartas talmhaíochta chun na margaí a chothromú agus chun caiteachas a léirchuimsiú. Tá dlúthghaol idir an dá shraith tograí agus tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún gur mhian leis athbhreithniú a dhéanamh ar ar mhol sé maidir le praghsanna mura ngníomhaíonn an Chomhairle de réir na dtograí a rinneadh roimhe sin.


2. Rinne Fo-Choiste ar Chúrsaí Talmhaíochta agus Iascaigh de chuid an Chomhchoiste, faoi Cheannas an Teachta Micheál Mac Gabhann, scrúdú mion ar thograí an Choimisiúin don Chomhchoiste. Phléigh an Fo-Choiste na tograí le hionadaithe ó Fheirmeoirí Aontaithe na hEireann, ó Chumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann agus ón Roinn Talmhaíochta. Bhreithnigh sé freisin na tuairimí a fuarthas i scríbhinn ón mBord Bainne. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Mac Gabhann agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre.


Cúlra

3. Measarthacht praghsanna an beartas a leanadh le linn praghsanna talmhaíochta a shocrú go bliantúil le trí bliana anuas. Tháinig arduithe 3.9%, 2% agus 1.3% ar mheán na gcomhphraghsanna sna trí fheachtas talmhaíochta deireanacha. Tháinig ardú níos moille ar phraghsanna táirgí talmhaíochta ag geata na feirme ná mar a tháinig ar phraghsanna bia agus dí, ar ar tháinig ardú 12.8% i 1977, 7.3% i 1978 agus, de réir mar a mheastar, ardú 7.9% i 1979. Tharla mearbhoilsciú costas i mBallstáit áirithe ach cúitíodh é sin le hoiriúnuithe ar an ráta uaine agus leis na hathruithe praghais dá ndroim sin san airgeadra náisiúnta. Dá bhrí sin d’athraigh arduithe praghais sna hairgeadraí náisiúnta idir 3.7% agus 30.1% (Meán Comhphobail: 7.8%) i 1977/78—idir 0.2% agus 13.7% (Meán Comhphobail: 8.9%) i 1978/79 agus i 1979/80 d’athraigh siad idir 0.3% agus 12.0% (Meán Comhphobail: 7.1%). I 1979 céimniodh amach go gasta na SCA a bhí ann. Tá an bhearna airgeadaíochta laghdaithe go mór agus níl le fáil i mBallstát ar bith anois mearardú praghais in airgeadra náisiúnta den chineál a tharla le trí bliana anuas. Dá bhrí sin nil slí do a thuilleadh méaduithe praghais i gcás na mBallstát atá i gcomhrac leis an mearbhoilsciú costas is measa.


4. I gcaitheamh 1979 lean an claonadh i dtreo leibhéil táirgthe níos airde sa Chomhphobal. Bhí ardú 2.4% ar an méid bainne a seachadadh chuig déirithe agus táirgeadh 12.2 mhilliún tona siúcra, an táirge ab airde ariamh. Bhí an méid gránach a táirgeadh, 113 mhilliún tona, beagnach chomh hard le barrphointe 1978. Táirgeadh 3 go 4% de bhreis ar ar táirgeadh i 1978 agus bhí an táirgeadh fíona 15% níos airde ná an meán. I roinnt margaí eile d’fhan na leibhéil táirgthe mar a bhí, tríd is tríd.


5. Sa Chomhphobal i gcoitinne tháinig ardú 3.3% ar an OTB i 1979, rud ba chúis le hardú idir 2 agus 3% a theacht ar fhíorioncam oibrithe. D’ainneoin an méid mór a táirgeadh, áfach, tharla de thoradh arduithe costas in earnáil na talmhaíochta gur tháinig laghdú 1.5 go 2% ar an meán ar fhíorioncam. Bhí an laghdú sin le brath sna Ballstáit go léir cé is moite den Fhrainc agus den Iodáil agus go háirithe luigh sé go trom ar Éirinn, ar an Danmhairg agus ar Luscamburg. An méadú ar phraghas na hola i 1979 ba chúis le cuid den ardú ar phraghsanna inchuir agus tá tuilleadh arduithe costas de dhroim an mhéadaithe sin le teacht fós.


6. Bhí sé ceaptha don bheartas praghsála le blianta beaga anuas agus do na bearta eile a glacadh chun éileamh a spreagadh bheith mar chosaint i gcoinne tomhaltas atá marbhánta nó ag meath. Mar sin féin bhí barrachais ann i gcónaí i gcás roinnt margaí talmhaíochta. De dheasca an boilsciú a bheith ag dul in olcas agus an dífhostaíocht a bheith ag méadú chomh maith le hathruithe ar nósanna itheacháin agus fás níos moille a bheith faoin daonra, níl oiread éilimh is a bhíodh ar tháirgí talmhaíochta ach san am céanna tá praghsanna inchuir in earnáil na talmhaíochta ag ardú. Is ábhar mór imní na forbairtí sin faoi láthair agus cúrsaí Buiséad na gComhphobal chomh héiginnte is atá. Ní amháin nach bhfuil glactha le Buiséad 1980 ach táthar in imní faoi leordhóthaineacht na n-acmhainní a bheidh ar fáil do mhaoiniú an Bhuiséid amach anseo. Sin í an fhadhb a bhí á plé sa seachtú tuarascáil is daichead (Prl. 8085) ón gComhchoiste dar dáta an 30 Bealtaine 1979.


Tograí i dtaobh Praghsanna Talmhaíochta

7. Aitíonn an Coimisiún gur cheart don Chomhphobal praghas- chuisniú a chur i bhfeidhm i 1980/81 mura mbeadh le cur san áireamh ach cor an mhargaidh agus an staid bhuiséadachta. Ach glacann sé leis nach mór aird a thabhairt freisin ar an laghdú ar fhíorioncaim thalmhaíochta a tharla i 1979. Molann sé dá bhrí sin go gceadódh an Chomhairle ardú ar na comhphraghsanna talmhaíochta do 1980/81 a athródh, de réir an táirge, idir 2 agus 3.5% ach amháin i gcás bainne, siúcra, agus mairteoil agus laofheoil. Sna hearnálacha deireanacha sin beartaítear ardú 1.5% a chur i bhfeidhm ar an gcoinníoll, i gcás earnáil an bhainne, nach mbainfeadh sé ach le próitéiní bainne amháin gan im a chur san áireamh.


8. In earnáil na mairteola agus na laofheola beartaíonn an Coimisiún préimh 60 AAE (IR£39.55) an ceann a thabhairt as na chéad chúig bhó dhéag diúil ar fheirm a bhíonn ag gabháil go speisialta do tháirgeadh mairteola.


9. Tá sé á chur in iúl go láidir ag an gCoimisiún go bhfuil a chuid tograí i dtaobh praghsanna ag brath ar an gComhairle do dhéanamh de réir na dtograí a rinneadh chun déileáil le héagothroime sna margaí. Deir sé go háirithe nach féidir ar chúinse ar bith na tograí praghais agus na bearta gaolmhara a mhaoiniú mura dtiocfar ar réiteach buan éifeachtach ar an bhfadhb is mó atá sa tslí ar an gcomhbheartas talmhaíochta faoi láthair, eadhon, fadhb an bhainne.


Tograí do Chothromú an Mhargaidh

10. I dtograí an Choimisiúin chun cothromaíocht a thabhairt ar ais sna margaí talmhaíochta (tograí ar a ndearnadh roinnt modhnuithe le tograí ina dhiaidh sin maidir le praghsanna) bhí na trí thogra bhunúsacha seo a leanas:—


(a) In earnáil an bhainne, mar aon leis an mbuntobhach comhfhreagrachta, tobhach forlíontach a bheadh i gcoibhneas le costais chun barrachais nua a dhiúscairt,


(b) Córas athchóirithe do shiúcra agus d’iseaghlúcós, agus


(c) Oiriúnuithe ar na córais do mhairteoil, seagal agus stairse.


11. Chomh maith le tobhach comhfhreagrachta a thoibheofar ar tháirgeoirí de réir ráta 1.5% den spriocphraghas i 1980/81, tá tobhach breise á mholadh ag an gCoimisiún a bheidh le híoc ag na gnóthais go léir a dhéanfaidh cóireáil nó próiseáil ar bhainne arna cheannach ó tháirgeoirí a tháirgfidh méid is mó ná 99% den mhéid a ceannaíodh i 1979. Is éard a bheadh sa ráta tobhaigh 18 AAE (IR £11.86) i leith gach 100 cileagram a cheannódh an ceannaitheoir i rith na bliana féilire de bhreis ar ar cheannaigh sé i 1979.


12. Tá an Chomhairle tar éis comhaontú cheana féin an buntobhach comhfhreagrachta ar tháirgeoirí a ardú go dtí 1.5%. Tá sé molta ag an gCoimisiún maidir leis an mbuntobhach sin go bhfeidhmeodh díolúine saor-ó-thobhach i leith seachadadh 60,000 lítear sa bhliain sna limistéir mhidheisiúla. Ní bheartaítear díolúintí ar bith a thabhairt ná eisceachtaí a dhéanamh i ndáil leis an tobhach forlíontach atá luaite san alt roimhe seo.


13. In earnáil an tsiúcra beartaíonn an Coimisiún na huaschuótaí a mhodhnú trína mbunú ar tháirgeadh sa dá fheachtas ab fhearr de na ceithre fheachtas chríochnaithe dheireanacha agus comhéifeacht a fheidhmiú ionas go sroichfidh táirgeadh iomlán an Chomhphobail tuairim 10.3 milliún tona. Dhéanfaí uaschuóta gach fiontair a leithroinnt sna cionúireachtaí 80% do chuóta A (saor ó thobhach) agus 20% do chuóta B (uastobhach—40% den phraghas idirghabhála) ar choinníoll nach dtitfeadh cuóta A de chuid fiontair ar bith faoi bhun 90% den leibhéal ar a bhfuil sé faoi láthair.


14. In earnálacha na mairteola agus na laofheola beartaíonn an Coimisiún (a) rangú Comhphobail do chonablaigh ramhar-bhólachta a chur ar bun agus an cháilíocht tagartha a shainiú d’fhonn fíorchomhchaighdeáin le haghaidh idirghabhála a bhunú, (b) treoirphraghsanna a shocrú i ndáil le cáilíocht tagartha, marbh-ualach, (c) gan idirghabháil a chur ar fáil ach amháin nuair is ionann nó nuair is lú meánphraghas an Chomhphobail do na hearnálacha idirghabhála ná an praghas idirghabhála, (d) deireadh a chur le comhéifeachtaí náisiúnta a bhfuil d’éifeacht leo praghsanna ceannaigh a shocrú ar leibhéil éagsúla i mBallstáit éagsúla agus (e) faoi ghnáth-dhálaí, idirghabháil a fhionraí sa tréimhse ó Aibreán go lár mí Lúnasa agus bheith ag brath sa tréimhse sin, más gá, ar stóráil phríobháideach.


Ciallachais d’Éirinn

15. Dá nglacfaí gan athrú na tograí do chothromú an mhargaidh, bhainfeadh caillteanais mhóra d’Éirinn de dheasca srian a chur ar fhás an táirgthe talmhaíochta go háirithe in earnálacha an bhainne, na mairteola agus an tsiúcra, ní a dhéanfadh díobháil don táirgeadh talmhaíochta san iomlán agus don gheilleagar i gcoitinne.


16. Maidir leis an gComhphobal i gcoitinne beidh an tobhach forlíon- tach ar dhéirithe á ghearradh, mar a mheastar, de réir ráta 3% i 1980/81. Idir an tobhach sin agus an tobhach comhfhreagrachta a bheidh ar tháirgeoirí d’fhéadfadh laghdú 2.5p an galún a bheith i gceist do tháirgeoirí in Éirinn. Maidir leis an tobhach forlíontach ní dhéanfaí aon idirdhealú idir limistéir ag a mbíonn táirgeacht cuíosach íseal in aghaidh gach bó agus limistéir ag a mbíonn táirgeacht ard, a bhíonn bunaithe go minic ar dhianúsáid tiubhachán beatha allmhairithe, agus atá ar na cúiseanna is mó leis an mbarrachas bainne faoi láthair. Is lú an tál bain- ne in aghaidh na bó in Éirinn ná i dtír ar bith eile sa Chomhphobal agus mar sin is mó a cumas forbartha agus, dá bhrí sin, feictear go bhfuil togra an Choimisiúin an-leatromach ar fad maidir leis an tír seo.


17. Níl aon bharrachas struchtúrtha mairteola sa Chomhphobal faoi láthair. Tá ní tábhachtach áirithe a chuireann leis an bhfadhb soláthair atá ann agus sin é go bhfuil méideanna móra mairteola á n-allmhairiú ó thríú tíortha ar théarmaí lamhálacha. Tá meánphraghas eallach na hÉireann ar an bpraghas is ísle sa Chomhphobal agus dhéanfadh srianta ar bith ar idirghabháil an praghas sa tír seo a laghdú tuilleadh. B’fhéidir go laghdódh sé sin muinín na dtáirgeoirí eallaigh agus go gcuirfeadh sé ar neamhní iarrachtaí an Choimisiúin chun a thabhairt ar tháirgeoirí bainne athrú go dtí táirgeadh mairteola.


18. In earnáil an tsiúcra is é aidhm an Choimisiúin cuótaí táirgthe a laghdú tuairim 1 milliún tona. Rachadh sé sin i gcion ar Éirinn sa mhéid go n-ísleofaí ár gcuóta “A” (i.e. praghas iomlán) ó 182,000 tona siúcra sa bhliain go 164,000 tona agus d’ísleofaí ár gcuóta “B” (i.e. an táirgeadh breise ar a ngearrfaí tobhach) ó 50,000 tona go 10,000 tona. Laghdódh togra an Choimisiúin ioncam feirme in Éirinn ó bhiatas, barra an-luachmhar i dtéarmaí airgid d’fheirmeoirí na hÉireann, agus chuirfeadh sé bac freisin ar fhorbairt thionscal siúcra na hÉireann.


19. Maidir leis na tograí chun déileáil le héagothroime i margaí táirgí eile, is beag éifeacht a bheadh acu ar Éirinn. Dhéanfaí na haisíocaíochtaí táirgthe a thugann an Comhphobal i leith stáirse faoi láthair a chéimniú amach in imeacht trí bliana. Ní tháirgtear ach beagán stáirse sa tír seo, áfach. De bharr an togra i dtaobh stáirse bheadh costais níos airde ar roinnt úsáidirí tionscail in Éirinn. Ní rachadh na tograí i dtaobh seagail agus torthaí agus glasraí i gcion go díreach ar an tír seo.


20. Maidir leis na tograí i ndáil le praghsanna talmhaíochta, má ghlactar gan athrú na leibhéil a mhol an Coimisiún thiocfadh ardú IR£25 mhilliún tuairim i mbliain iomlán ar ioncaim fheirme in Éirinn. Bhainfeadh IR£11.25m. den ardú le hearnáil na mairteola agus IR£9.6 milliún le hearnáil na déiríochta. Bheadh tuairim IR£15 milliún de ghlan-tairbhe ag dul dá dhroim sin do chomhardú na n-íocaíochtaí agus thiocfadh ardú tuairim 0.15% ar an Treoir-Phraghas Tomhaltóirí. An fhoráil chun díolúine ón mbuntobach comhfhreagrachta beartaithe 1.5% a thabhairt do tháirgeoirí bainne i limistéir mhídheisiúla i leith méid bhliantúil nach mó ná 60,000 cg., rachadh sí i gcion ar suas le 35,000 táirgeoir Éirean- nach agus thabharfadh sí díolúine dóibh i leith suim IR£2.1 mhilliún. Maidir leis an scéim bhó dhiúil bheartaithe do tháirgeoirí a gheallann gan bainne a sheachadadh, thabharfadh sé préimh IR£40, beagnach, in aghaidh gach bó ach ní bheadh thar 15 bhó sa tréad ina teideal. Dá gcuirfeadh na húinéirí tréada uile in Éirinn atá ina teideal isteach ar an bpréimh gheobhaidís tuairim IR£17 milliún.


Éagothroimí sa Mhargadh

21. Glacann an Comhchoiste leis gan áiteamh gurb é leas dearfa na hÉireann é cothroime a thabhairt ar ais i margaí talmhaíochta CEE. Ní thig leis an gCoiste tacú le tograí an Choimisiúin, áfach, óir creideann sé nach dtugann siad dóthain aird ar chuid de na dálaí is cúis leis na bar- rachais struchtúrtha faoi láthair.


22. Is léir go bhfuil allmhairí ó thríú tíortha, go háirithe allmhairí ar rátaí fabhair, ag cur leis na barrachais atá anois ann. Má dhéanann an Comhphobal, ar chúiseanna polaitiúla, comhaontuithe trádála fabhair le tríú tíortha, is é an Comhphobal i gcoitinne a chaithfidh íoc as na com- haontuithe sin. Bheadh sé an-éagórach ar fad dá mbeadh ar earnáil na feirmeoireachta an t-ualach ar fad a iompar. Is é tuairim an Chomhchoiste gur chóir costais nach n-éireodh mura mbeadh comhaon- tuithe le tríú tíortha a thabhairt ar leithligh i mbuiséad an Chomhphobail agus gan iad a chur síos don chomhbheartas talmhaíochta ionas gur léir do chuile dhuine an staid mar atá.


23. Airíonn an Comhchoiste easpa ar thograí an Choimisiúin freisin sa mhéid nach n-éiríonn leo déileáil le gnéithe a admhaíonn siad a bheith ábhartha. Níl tograí ar bith i dtaobh conas déileáil le hiomaíocht ó shaillte plandúla in earnáil an bhainne. Maidir le hábhair bheatha d’ainmhithe a allmhairiú, is cosúil go bhfuil an Coimisiún ag súil leis go bhfeidhmeofar srianta deonacha ar allmhairí pónairí soighe fearacht na srianta a glacadh i gcás manioc. Ní mór beart níos dearfa, dar leis an gCoiste, ar mhaithe le feirmeoirí déiríochta a bhaineann úsáid as a gcuid farae féin.


24. Is beag aird a thugann tograí an Choimisiúin ar éagsúlachtaí réigiúnda sa Chomhphobal nó ar an gcaoi a chuireann modhanna éagsúla táirgthe le bunú barrachas. Tá na tograí sin, go háirithe maidir le hearnáil an bhainne, an-leatromach ó thaobh na hÉireann de, áit a bhfuil táirgiúlacht faoi bhun mheán na hEorpa. On taobh sin de creideann an Comhchoiste go bhfuil siad ar neamhréir le Prótacal 30 leis an gConradh Aontachais a admhaíonn go bhfuil leas ag an gComhphobal i bhforás eacnamaíochta na tíre seo “arb é is sprioc dó an caighdeán maireachtála in Éirinn a chur ar chomhréim le caighdeán na náisiún Eorpach eile” agus a mholann d’institiúidí an Chomhphobail “gach méan agus gach nós imeachta dá bhforáiltear le Conradh CEE” a chur i ngníomh chun na críche sin.


Praghsanna Talmhaíochta

25. Ceann de na cuspóirí atá leis an gcomhbheartas talmhaiochta mar a leagadh amach i gConradh na Róimhe é is ea “caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú”. Ós rud é go bhfuil fíorioncam feirmeoirí ag titim le tamall agus costais cheannaigh ag ardú, ní léir don Chomhchoiste conas atá an cuspóir sin á chomhlíonadh i dtograí praghais an Choimisiúin do 1980/81. Dála an scéil, nuair a fhéachtar ar na tograí sin in éineacht leis na bearta gaolmhara a mhol an Coimisiún, creideann an Comhchoiste go mbeidh de thoradh orthu nach dtiocfaidh ardú ar bith, nó fiú gur laghdú a thioc- faidh, ar ioncam feirmeoirí i 1980/81. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go nglacann an Coimisiún go bhfuil éileamh CEGT le haghaidh ardú 7.9% bunaithe ar mheasúnacht oibiachtúil. Más fíor sin, creideann sé gur cóir glacadh leis an éileamh. Fiú dá dtabharfaí a leithéid d’ardú níor leor é chun ioc as costais bhreise in Éirinn mar ar tháinig breis is 17% d’ardú ar chostais cheannaigh idir Samhain, 1978 agus Samhain, 1979.


Bainne

26. Beartaíonn an Coimisiún go mbeidh feidhm ag an tobhach forlíontach ar dhéirithe de bhreis ar an tobhach comhfhreagrachta ar tháirgeoirí, a bhfuil ráta 1.5% comhaontaithe ina leith ag an gComhairle cheana féin do 1980/81. Measann an Comhchoiste gur iarracht é an tobhach forlíontach beartaithe chun pátrún an táirgthe bainne sa Chomhphobal faoi láthair a bhuanú. Is é tuairim an Choiste gur chóir d’Éirinn cur ina choinne go láidir. Ní mór an táirgeadh bainne a mhéadú má tá cuid mhaith d’fheirmeoirí beaga na tíre seo le fanacht i mbun gnó. Tá an meán-tál bainne in aghaidh na bó sa tír seo cuid mhaith faoi bhun mheán na hEorpa go fóill agus creideann an Coiste go bhfuil sé le tuis- cint i bPrótacal 30 leis an gConradh Aontachais nach féidir srianta ar tháirgeadh a cheadú go dtí go sroichfear leibhéal táirgiúlachta atá ar aon chéim le meán na hEorpa.


27. Glacann an Comhchoiste leis go hiomlán go bhfuil gá le bearta éagsúla chun tabhairt faoi fhadhb an ró-tháirgthe in earnáil an bhainne. Is léir gur gá leanúint le bearta chun a thabhairt ar tháirgeoirí éirí as bainne a sheachadadh chuig déirithe nó an seachadadh a laghdú. Measann an Coiste gur chóir breithniú a dhéanamh féachaint an bhféad- faí feabhas a chur ar na scéimeanna neamh-mhargaithe agus im- athrúcháin mhairteola tríd na mealltaí airgid a mhéadú agus trí na scéimeanna a choimeád i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide, cúig bliana, abair. Más gá an táirgeadh bainne a shrianadh a thuilleadh trí mhodh cánach, b’fhearr leis an gCoiste nach mbainfeadh an cháin sin ach le táirgeadh de bhreis ar thoradh tagartha in aghaidh an acra. Tuigtear dó gur moladh toradh de bhreis ar 12,000 lítear an heicteár i ndáil leis sin.


28. Creideann an Comhchoiste freisin go gcaithfear dul i ngleic ag an bpointe seo leis an gcaoi a chuireann iomaíocht ó tháirgí eile le fadhban- na earnáil an bhainne. Ceann de na cúiseanna atá leis an éagothroime sa mhargadh ná an laghdú ar chaitheamh táirgí déiríochta de dheasca iomaíochta ó shaillte de bhunadh plandúil. Measann an Coiste gur chóir tobhach a fhreagródh don tobhach comhfhreagrachta bainne a fhorchur in earnáil na saillte neamh-bhainne. Lena chois sin, fad a fhanann cúrsaí mar atá, creideann sé, má táthar chún prionsabhal na tosaíochta Comhphobail a chomhlíonadh, nach bhfuil ceart ná bonn leis na socruithe maidir le him ón Nua-Shéalainn a allmhairiú isteach sa Chomhphobal a choimeád i bhfeidhm tar éis deireadh 1980.


29. Is cosúil go mbeartaíonn an Coimisiún srianta deonacha a lorg ar allmhairiú soighe i ndiaidh bearta den chineál sin ar mhanioc. Creideann an Comhchoiste gur céim ar aghaidh é sin toisc go bhfuil tábhacht ag baint mar cheist le táirgeacht bainne ó ábhair bheatha allmhairithe nuair a bhíonn réiteach á lorg ar fhadhbanna na hearnála bainne. Measann sé, áfach, go mb’fhéidir go mbeidh gá le bearta níos dírí ar mhaithe le feirmeoirí atá ag brath ar fharae a tháirgtear sa bhaile. Ba chóir bheith ag smaoineamh ar dhíolúine ón tobhach comhfhreagrachta a thabhairt d’fheirmeoirí a tháirgeann 80% ar a laghad den fharae ar a gcuid feirmeacha féin.


Siúcra

30. Le linn don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar thograí an Choimisiúin maidir le siúcra, ba chóir di, dar leis an gComhchoiste, a thabhairt faoi deara gur de bharr allmhairí ó thríú tíortha a éiríonn cuid den chostas a thiteann ar CETRT i ndáil le haisíocaíochtaí on- nmhairiúcháin. Ní ceart go dtitfeadh iomlán an chostais sin ar tháirgeoirí Comhphobail. Ag féachaint don fheabhas atá tagtha ar an margadh domhanda do shiúcra, creideann an Coiste go bhfuil cás láidir ann chun na socruithe cuóta atá ann faoi lathair a choimeád i bhfeidhm i 1980/81. Ar aon nós tá an Coiste go mór in aghaidh laghdú ar bith ar chuóta “A” na hÉireann mar gheall ar an dochar a dhéanfadh sé d’ioncam feirmeoirí agus d’fhorbairt thionscal siúcra na tíre seo.


Mairteoil agus Laofheoil

31. Tá an Comhchoiste go mór in aghaidh thograí an Choimisiúin chun idirghabháil in earnáil na mairteola agus na laofheola a shrianadh. Tá meánphraghas na n-eallach sa tír seo ar an bpraghas is ísle sa Chomhphobal agus dá nglacfaí le tograí an Choimisiúin dhéanfadh siad margadhphraghsanna sa tír seo a ísliú tuilleadh. Dá bhrí sin caithfear cur ina gcoinne.


32. Ós rud é nach bhfuil barrachas struchtúrtha mairteola sa Chomhphobal, caithfear a rá gurb é is cúis le cuid mhaith den deacracht san earnáil sin ná an brú ar phraghsanna Comhphobail de dheasca al- lmhairiú ard leanúnach ar théarmaí fabhair. Má oireann sé don Chomhphobal, ar chúiseanna polaitiúla, lamháltais a thabhairt do thríú tíortha ní coir go mbeadh a chuid táirgeoirí féin thíos leis. Measann an Comhchoiste gur chóir don Chomhphobal, d’fhonn éifeacht na n-allmhairí sin a chomhrac, beartas onnmhairiúcháin a shaothrú go gniomhach agus na haisiocaíochtaí onnmhairiúcháin ar mhairteoil a mhéadú.


33. Fáiltionn an Comhchoiste roimh thogra an Choimisiúin chun an córas ceannaigh idirghabhála a dhéanamh níos éifeachtaí trí rangú Comhphobail do chonablaigh ramhar-bhólachta a chur ar bun agus an cháilíocht tagartha a shainiú. Cinnteoidh sé sin go mbeidh na praghsan- na tacaíochta céanna i ngach Ballstát do chonablaigh mhairteola den cháilíocht chéanna.


34. Beartaionn an Coimisiún préimh a thabhairt do tháirgeoirí ag a bhfuil ba diúil nach mbainfeadh ach leis an gcéad 15 bhó agus ar 60 AAE (IR £39.55) in aghaidh gach bó a bheadh i gceist léi. Fáiltítear roimh an togra sin toisc go bhfuil laghdú tagtha ar líon na mbó diúil in Éirinn le blianta beaga anuas. Measann an Comhchoiste, áfach, go mbeadh sé níos éifeachtí dá mba IR £50 an bó an ráta don chéad 30 bó sa tréad.


Gránaigh

35. Mar gheall ar an méid ionadach, fearacht glútan arbhair, taipióca agus criathair ghránaigh a thagann isteach sa tír seo saor ó thobhach, tá seans go mbeidh barrachas gránach le honnmhairiú ag Éirinn i 1980/81. Mar gheall ar chúiseanna éagsúla is buntáiste míchóir do tháirgeoirí beostoic i roinnt Ballstát é na hionadaigh ghránach shaora sin a bheith ar fáil agus téann sé rite le táirgeoirí déiríochta agus muc na hÉireann dul in iomaíocht le táirgí a tháirgtear le cabhair na n-ionadach sin. Chomh maith leis sin is féidir roinnt mhaith den ró-sholáthar in earnáil bhainne an Chomhphobail a chur i mbaint le táirgeadh ísealchostais bunaithe ar ionadaigh gránach allmhairithe. Creideann an Comhchoiste gur chóir tobhach a fhorchur ar allmhairiú ionadach den chineál sin fearacht an tobhach atá ar allmhairiú eorna mar ábhar beatha.


Buíochas

36. Fuair an Comhchoiste cúnamh fial ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann agus an Bord Bainne le linn dó tograí an Choimisiúin a scrúdú. Tá sé faoi chomaoin ag na comhlachtaí sin agus ba mhaith leis buíochas a ghabháil leo.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


27 Márta, 1980.