Committee Reports::Report No. 68 - Insurance Contracts::27 March, 1980::Report

TUARASCÁIL

RÉAMHRÁ

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar an togra a rinne an Coimisiún i mí Iúil seo caite le haghaidh Treorach ón gComhairle ar chomhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le conarthaí árachais (8144/79).


2. Tá baint idir an togra seo agus an dréacht-Dara Treoir i dtaobh Árachais NeamhShaoil a bhí i gceist sa triú tuarascáil (Prl. 6923) ón gComhchoiste. Sa tuarascáil sin, nach bhfuil glactha go fóill ag an gComhairle, tá sé á iarraidh go n-éascófaí feidhmiú éifeachtúil na saoirse chun seirbhísí a sholáthar i réimse an árachais neamhshaoil. Chumasódh sé sin do ghnóthais árachais gnó a dhéanamh trasna teorainneacha náisiúnta gan brainse ná gníomhaireacht a bhunú sa Bhallstát ina bhfuil an fiontar atá á chumhdach. De riachtanas, ardaíonn an cineál sin gnó ceist i dtaobh cén dlí náisiúnta a rialaíonn na conarthaí árachais agus sa dréacht-Dara Treoir Neamhshaoil tá rialacha chun roghnú an dlí is infheidhme a rialú. Tá dhá chuspóir leis an togra atá á phlé sa tuarascáil seo. Ar an gcéad dul síos, maidir leis na conarthai árachais lena mbaineann an togra, féachann sé le ráthaíocht a thabhairt don sealbhóir polasaí go bhfaighidh sé an chosaint chéanna i ndáil le pointí bunúsacha an chonartha, is cuma cén dlí infheidhme a roghnaíodh. Ar an dara dul síos, is iarracht é chun deireadh a chur le difríochtaí bunúsacha idir dlithe náisiúnta mar dhálai iomaiochta.


Réim an Togra

3. Is iad na haicmí árachais lena mbainfidh an Treoir bheartaithe timpist, breoiteacht, damáiste d’fheithiclí talún nó iad a chailliúint, dóiteán agus fórsaí nádúrtha, damáiste do mhaoin, dliteanas mótarfheithicle, dliteanas ginearálta, caillteanais airgid ilghnéitheacha agus costais dlí. Ní bhainfidh sí le hárachas maidir le damáiste do rothra iarnróid, aerárthai, loingeas nó earraí faoi bhealach, ná cailliúint an chéanna, ná le dliteanas a éiríonn as úsáid aerarthaí nó long, ná le creidmheas nó urraíocht.


4. Féachann an Treoir bheartaithe le comhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát a rialaíonn príomhghnéithe conarthaí árachais ó thaobh na n-aicmí árachais atá léirithe thuas. Má ghlactar an Treoir, beidh feidhm ag na Rialacha céanna ar fud an Chomhphobail, is cuma cén dlí náisiúnta a rialaíonn an conradh, maidir le gnéithe bunúsacha fearacht na faisnéise a bheidh le tabhairt i ndoiciméid pholasaí, oibleagáid an tsealbhóra polasaí fíorais ábhartha a nochtadh agus a dtarlaíonn de bharr gan é sin a dhéanamh, tosach feidhme agus foirceannadh an chumhdaigh, an phréimh a íoc agus a dtarlaíonn de bharr gan í a íoc.


Conrú amach

5. Foráiltear in Airteagal 12 den dréacht-Treoir go gceadaítear do pháirtithe “aontú ar théarmaí níos fábharaí don sealbhóir polasaí, don duine árachaithe nó don tríú páirtí díobhálaithe ná mar a fhoráiltear sa Treoir seo”. Is cosúil gur intuigthe ón bhforáil sin go dtoirmisctear conrú a dhéanamh le haghaidh téarmaí a bheadh níos fábharaí don árachóir. Creideann an Comhchoiste gurb shin é atá i gceist ann ach measann sé gur cóir é sin a fhoráil go sonrach sa Treoir.


Faisnéis a Nochtadh

6. Is conarthaí uberrimae fideí iad conarthaí árachais i ndlí na hÉireann agus ceanglaítear ar an árachaí gach ní is eol dó ar ní ábhartha é a nochtadh fiú mura léir dó a ábharthacht. Is cosúil gurb é an slat tomhais ná ar ní ábhartha é a rachadh i gcion ar mheon árachóra stuama agus nach é gur de bhíthin gan fíoras a nochtadh a tharla nó nár tharla caillteanas. Tig leis an árachóir an conradh a neamhniú mar gheall ar neamhnochtadh.


7. Foráiltear sa dréacht-Treoir “go gcuirfidh an sealbhóir polasaí in iúl don árachóir imthosca ar bith atá ar eolas aige a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do mheasúnú an árachóra nó don árachóir glacadh leis an bhfiontar”. Ní bheadh de cheangal air imthosca a nochtadh atá ar eolas ag an árachóir cheana féin nó ar eolas poiblí iad. Aon cheisteanna a chuirfeadh an t-árachóir mheasfaí gur cheisteanna ábhartha iad mura gcruthófaí a mhalairt.


8. Bhí formhór na ndaoine lena ndeachaigh an Comhchoiste i gcomhaírle ar aon fhocal go ndéanfadh an Treoir, dá nglacfaí léi, modhnú ar na rialacha maidir le nochtadh faisnéise chun leasa an tsealbhóra polasaí. Chuir siad i bhfáir nach gcuirfeadh an Treoir bheartaithe iallach ar bith ar an sealbhóir polasaí imthosca a nochtadh ar chóir dó eolas a bheith aige orthu. I ndáil leis sin dírítear aird ar alt 18 (1) den Marine Insurance Act, 1906, a chuireann de dhualgas ar an árachaí gach imthoisc ábhartha is eol dó a nochtadh agus a fhorálann go measfar gurb eol don árachaí gach imthoisc is cóir, i ngnáthchúrsa gnó, a bheith ar eolas aige.


9. Cuireadh a mhalairt sin de thuairim in iúl don Chomhchoiste, áfach. Chuala sé tuairim eolach amháin inar dúradh gur léargas réasúnta ar an dlí mar atá sé sa tír seo an dualgas chun eolas a nochtadh mar atá leagtha amach sa dréacht-Treoir.


10. Ní bheadh aon ní ag an gComhchoiste i gcoinne maolú a dhéanamh chun leasa an tsealbhóra polasaí ar an dualgas chun faisnéis a nochtadh, mar a shainmhínítear é de réir foirceadal uberrima fides, más gá sin ar mhaithe le comhchuibhiú. Is dóigh leis, afach, go bhfuil Airteagal 3.1. den Treoir bheartaithe débhríoch mar atá sé faoi láthair. Ní léir an gcuireann sé d’oibleagáid ar shealbhóir polasaí imthosca a nochtadh atá ar eolas aige agus a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar an árachóir bíodh nó ná bíodh a fhios aige go bhféadfadh na himthosca dul i bhfeidhm air amhlaidh.


Éifeacht an Neamhnochta

11. Mar a cuireadh i bhfios cheana, faoi dhlí na hÉireann bíonn an t-árachóir i dteideal conradh a neamhniú mura nochtann an sealbhóir polasaí fíoras ábhartha. Faoin Treoir bheartaithe d’athrófaí an dlí ina leith sin, ag brath ar cibé acu go neamhurchóideach, go míchóir nó le hintinn mheabhlaireachta a bhi an sealbhoir polasai ag gniomhu.


12. I gcás nach raibh an sealbhóir polasaí ag gníomhú go míchóir nó le hintinn mheabhlaireachta, bheadh sé de cheart ag an árachóir, de bharr neamhnochta, leasú a mholadh ar an gconradh ach gan é a bheith de cheart aige é a fhoirceannadh. D’fhéadfadh an sealbhóir polasaí an leasú a ghlacadh nó a dhiúltú laistigh de chúig lá dhéag. Dá ndiúltódh sé é d’fhéadfadh an t-árachóir an conradh a fhoirceannadh laistigh de 8 lá trí fógra 15 lá a thabhairt. Níl aon ní ag an gComhchoiste ina choinne sin ach ceapann sé go bhfuil na tréimhsí 8 lá agus 15 lá ró-ghearr.


13. Más go míchóir a bhí an sealbhóir polasaí ag gníomhú nuair a choimeád sé siar an fhaisnéis, bheadh de rogha ag an árachóir an conradh a fhoirceannadh nó leasú a mholadh air laistigh de dhá mhí tar éis na fíorais a fháil amach. Dá roghnódh sé leasú a mholadh bheadh an nós imeachta ar aon dul leis siúd a leanfaí i gcás neamhnochta neamhurchóidigh. Glacann an Comhchoiste gurb ionann tríd is tríd an bhrí atá le “go míchóir” is atá le “go faillíoch” i ndlí na tíre seo. An fhoráil i dtaobh leigheasanna éagsúla do bhrath ar an gcéim lochta a bheadh ar an sealbhóir polasaí, cor nua a bheadh ansin i ndlí na tíre seo. Níl aon ni ró-mhór ag an gCoiste ina choinne, áfach, cé gur dóigh leis arís, maidir leis na tréimhsí ocht lá agus cúig lá dhéag a bheadh i gceist dá roghnódh an t-árachóir leasú a dhéanamh, go bhfuil siad ró-ghearr.


14. Más le hintinn an t-árachóir a mheabhlú a ghníomhaigh an sealbhóir polasaí d’fhéadfadh an t-árachóir an conradh a fhoirceannadh laistigh de dhá mhí tar éis na fíorais a fháil amach agus bheadh sé i dteideal na préimheanna a íocadh ar mhodh damáistí. Dá mba ionann gníomhaíocht an tsealbhóra polasaí agus tort calaoise sa dlí coiteann d’fhéadfadh sé, chomh maith le leigheas ar bith eile a bheadh ar fáil dó, damáistí a ghnóthú i gcaingean. Glactar leis nach bhfuil sé beartaithe cur isteach ar dhlí an toirt mar a oibríonn sé sa tír seo. Ach d’fhéadfadh an toradh sin a bheith ar an bhforáil go gcoimeádfar “ar mhodh damáistí” na préimheanna a íocadh. Ní mór scrúdú ar leith a dhéanamh ar an ngné sin.


15. Maidir le himthosca nár léir don dá pháirtí nuair a rinneadh an conradh agus a tháinig chun suntais ina dhiaidh sin, beartaítear sa dréacht-Treoir go mbeadh na cearta céanna ag an árachóir a bheadh aige i gcás neamhnochta neamhurchóidigh. Measann an Comhchoiste gur cosúil nach bhfuil an fhoráil sin cothrom don sealbhóir polasaí. Is é gnó an árachóra cosaint a dhíol i gcoinne fhíontar an chaillteanais. Ní léir chor ar bith don Choiste cén fáth a ligfí dó a thaobh fein a fheabhsú má dhealraíonn sé, tar éis an conradh a dhéanamh, gur móide an fíontar de bharr dála éigin nárbh fhios do cheachtar páirtí nuair a rinneadh an conradh.


Barántaí

16. Faoi Airteagal 4 den Treoir bheartaithe bheadh de cheangal ar shealbhóir polasaí, tar éis conradh a bheith tugtha i gcrích, imthosca nua nó athrú ar imthosca a mbeadh fógra ina dtaobh iarrtha ag an árachóir sa chonradh a chur in iúl don árachóir. Dá mainneodh an sealbhóir polasai an oibleagáid sin a chomhlíonadh, bheadh na hiarmhairtí céanna ag gabháil leis is a bheadh dá mainneodh sé faisnéis a nochtadh i dtús báire, nó, lena rá ar bhealach eile, bhraithfeadh siad ar cibé acu ar ghníomhaigh an sealbhóir polasaí go neamhurchóideach, go míchóir nó le hintinn an t-árachóir a mheabhlú.


17. D’fhiafraigh Comhlachas Árachais na hÉireann den Chomhchoiste an gcuirfeadh Airteagal 4 isteach ar chleachtas árachóirí na hÉireann faoina gcuireann siad isteach i gconarthaí árachais coinníollacha nó téarmaí nach foláir a chomhlíonadh go beacht agus a bhféadfadh an t-árachóir an conradh a shéanadh dá sáraítí iad. “Barántaí” a thugtar orthu sin i mbéarlagar árachais. Ní dóigh leis an gCoiste go bhfuil sé ceaptha d’Airteagal 4 bac a chur ar árachóirí an fíontar áirithe atá á chumhdach a leagan amach go beacht sa chonradh. Molann sé, áfach, go ndéanfaí scrúdú ar leith ar an gceist.


Tarrthálas

18. Chuirfeadh Airteagal 8 den dréacht-Treoir d’oibleagáid ar shealbhóir polasaí gach beart is féidir a dhéanamh chun na hiarmhairtí a sheachaint nó a laghdú. Mheasfaí aon treoracha ón árachóir nó forálacha conarthacha sonracha maidir leis sin a bheith réasúnta. Is ar an árachóir a thitfeadh aon chostais a thabhódh an sealbhóir polasaí.


19. Chuir Comhlachas Árachais na hÉireann in iúl go raibh imní orthu go bhféadfadh dliteanas gan teorainn i leith costas a bheith ar árachóirí de dhroim na forála sin. Os a choinne sin chuala an Comhchoiste tuairim go mbeadh an dliteanas i leith costas faoi réir an cheanglais a bheadh ar an sealbhóir polasaí gníomhú go réasúnta. B’fhéidir gur gá athdhréachtú éigin a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás go ngníomhódh an sealbhóir polasaí ar mhodh nach mbeadh de réir treoracha nó forálacha sonracha, nach ndlífí den árachóir costais a íoc má bhí an sealbhóir polasaí ag gníomhú go míréasúnta.


Buíochas

20. Le linn don Chomhchoiste an togra seo a scrúdú fuair sé cabhair fhairsing ó Chomhlachas Árachais na hÉireann. Bhain sé leas freisin as tuairimí a fuair sé ó Niall Ó Fionnalaigh, Abhcóide Sinsir agus ó Sheán Mac Maighre, aturnae. Is mian leis an gCoiste a fhíorbhuíochas a chur in iúl as an gcabhair a fuair sé.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach.


27 Márta, 1980.