Committee Reports::Report No. 67 - Amendment of Orders of Reference of Joint Committee and Relations with Members of European Assembly::27 March, 1980::Report

TUARASCÁIL

1. Comhaltaí de cheachtar Teach a bhí “de thuras na huaire ina dtoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach” bhíodar ina gcomhaltaí den Chéad Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach a bunaíodh i mí Iúil, 1973. Le linn ré an Chomhchoiste sin ba ghnách aon mheabhráin a cuireadh ar fáil don Chomhchoiste ó Ranna Rialtais nó ó Chomhlachtaí eile a thabhairt do na toscairí chun Tionól na hEorpa má bhí baint ag na meabhráin sin le cláracha oibre na gCoistí de Thionól na hEorpa ar a raibh na toscairí ag fónamh. Ós rud é gur soláthraíodh an t-ábhar do na toscairí i gcóir a gcuid oibre i gCoisti an Tionóil tharla go minic gur cuireadh ar fáil dóibh siúd é sular cuireadh sa timpeall chuig na comhaltaí eile den Chomhchoiste é.


2. In Orduithe na Dála agus an tSeanaid lenar bunaíodh an Comhchoiste atá anois ann i Nollaig, 1977, foráiltear gurb éard a bheidh air “18 gcomhalta de Dháil Éireann agus 8 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach toscaire chún Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh)”. Sna hOrduithe sin fresin foráiltear mar seo a leanas maidir le cruinnithe den Chomhchoiste:—


“(3) Go dtabharfar fógra do thoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.”


3. Fágadh na toscairí chun Tionól na hEorpa as an áireamh mar chomhaltaí den Chomhchoiste de réir mholadh a rinneadh sa chúigiú Tuarascáil is caoga (Prl. 6169) ón gcéad Chomhchoiste. Nuair a bhí an Comhchoiste atá anois ann á bhunú, áfach, ba léir ón méid a dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha sa Dáil [T.O. Iml. 302, Col. 959] go leanfaí ag tabhairt mionteagasc do na toscairí, i bhfoirm meabhrán a fuair an Comhchoiste, d’ainneoin nár chomhaltaí den Chomhchoiste a thuilleadh iad.


4. I mí Iúil, 1979, tar éis na dtoghchán do Thionól na hEorpa i Meitheamh, cuireadh ionadaithe díor-thofa in ionad na dtoscairí chun Tionól na hEorpa. Ní toscairí ó Pharlaimintí Náisiúnta na hionadaithe sin, dar ndóigh. Dá bhrí sin, na forálacha maidir le toscairí chun Tionól na hEorpa in Orduithe na Dála agus an tSeanaid lenar bunaíodh an Comhchoiste, thiteadar ar lár. Tháinig deireadh freisin leis an socrú chun mionteagaisc a sholáthar do chomhaltaí de Thionól na hEorpa.


5. Ar an 19 Nollaig, 1979, tugadh cuireadh do na hionadaithe Éireannacha atá i dTionól na hEorpa faoi láthair chuig cruinniú leis an gComhchoiste “chun breithniú cé mhéid a bhféadfaí socruithe le haghaidh cúnaimh fhrithpháirtigh a leagan amach a chabhródh leis an gCoiste chun a oibleagáidí i ndáil le Tithe an Oireachtais a chomhlíonadh agus le comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chun a ndualgais Pharlaiminteacha a chur i gcrich.”. Mar a tharla agus de bharr a n-oibleagáidí eile san Eoraip ní raibh ach triúr d’ionadaithe na hÉireann in ann freastal ar an gcruinniú. Rinneadh gach gné den scéal a phlé go hiomlán, áfach.


6. Níl am ná acmhainn ag an gComhchoiste na hábhair go léir a thagann faoina théarmaí tagartha a scrúdú agus dá bhrí sin tá antábhacht ag baint le roghnú an ábhair atá le scrúdú. Measann sé go bhféadfadh na hionadaithe i dTionól na hEorpa cabhrú leis sa mhéid sin trí na nithe ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh a mholadh ag féachaint dá dtaithí san Eoraip. Molann sé cóipeanna de na meabhráin go léir a fhaightear ó Ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí eile a thabhairt d’aon ionadaí Éireannach i dTionól na hEorpa atá sásta cabhrú leis sa mhéid sin, bíodh nó ná bíodh baint ag na meabhráin sin le hobair an Choiste Tionóil ar a bhfuil an t-ionadaí ag fónamh.


7. In Orduithe na Dála agus an tSeanaid i ndáil leis an gComhchoiste atá ann faoi láthair, foráiltear “go mbeidh cead ag comhaltaí de cheachtar Teach, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.”. Is é tuairim an Chomhchoiste gur chóir foráil a bheith iontu chomh maith go dtabharfaí fógra i dtaobh cruinnithe den Chomhchoiste do Chomhaltaí de cheachtar Teach is ionadaithe freisin i dTionól na hEorpa.


8. Dá bhrí sin molann an Comhchoiste go scriosfaí mír (3) d’Orduithe na Dála agus an tSeanaid dar dáta an 13 Nollaig agus an 14 Nollaig, 1977, faoi seach, agus go gcuirfí an méid seo a leanas ina hionad:—


“(3) Go dtabharfar fógra i dtaobh cruinnithe d’ionadaithe i dTionól na gComhphobal Eorpach is comhaltaí de cheachtar Teach chomh maith agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.”


Molann sé freisin go leasófaí mír (1) de na horduithe sin trí “(nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh)” a scriosadh.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


27 Márta, 1980.