Committee Reports::Report No. 79 - Consumer Credit::23 July, 1980::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Rinne an Comhchoiste scrúdú ar an togra ón gCoimisiún ar Threoir ón gComhairle faoi chomhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát i dtaobh creidmheas tomhaltóirí. [COM (79) 69 críochnaitheach]. Tá an togra sin bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE agus cuireadh chun na Comhairle é an 28 Feabhra 1979 ach ní dhearna an institiúid sin breithniú air fós.


2. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais, faoi Cheannas an tSeanadóra Noel Ó Maolchatha, mionscrúdú ar an Treoir Bheartaithe don Chomhchoiste. Ar leithligh ó bhreithniú a dhéanamh ar mheabhráin scríofa ó chomhlachtaí leasmhara éagsúla phléigh an Fo-Choiste an togra le hionadaithe, ó Chónaidhm Thionscail na hEireann, Cónaidhm Baincéirí na hÉireann, Comhlachas Tithe Airgeadais na hÉireann Teo, Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann, Comhar Creidmheasa Éireann, Comhlachas Árachais na hÉireann, Banc Ceannais na hÉireann agus an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Rinne an Fo-Choiste scrúdú freisin ar an dréacht-Treoir i gcomhar le Fo-Choiste an Chomhchoiste ar Ionstraimí Reachtúla agus Cúrsaí Dlí faoi Cheannas an tSeanadóra Dáithí Ó Maoldhomhnaigh. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag na Seanadóirí Ó Maolchatha agus Ó Maoldhomhnaigh agus a bhFo-Choistí i dtaobh a gcuid oibre.


Treoir Bheartaithe

3. Chuirfeadh an Treoir bheartaithe d’oibleagáid ar Bhallstáit, mar cheanglas íosta, comhrialacha áirithe a chur i bhfeidhm ar chomhaontuithe creidmheasa tomhaltóirí, lasmuigh d’eisceachtaí áirithe sonraithe, go speisialta iad sin a rialaíonn creidmheas a bhíonn ceaptha chun cearta a fháil i dtalamh nó i bhfoirgnimh nó chun foirgneamh a athnuachan nó a fheabhsú. Achoimre an méid seo a leanas ar na príomh-fhorálacha atá ann:—


(i)Ní foláir eolas ar chostas iomlán chomhaontú creidmheasa agus ar an ráta úis bhliantúil éifeachtúil a mhuirearaítear a thaispeáint i bhfógráin agus i bhfógraí.


(ii)Féadfaidh Ballstáit toirmeasc a chur le cuairteanna gan iarraidh ar thomhaltóirí d’fhonn comhaontuithe creidmheasa a mholadh.


(iii)Ní foláir gach comhaontú creidmheasa a bheith i scríbhinn, eolas sonrach áirithe a bheith ann, é a bheith sínithe ag an dá pháirtí agus ní foláir don tomhaltóir cóip a fháil.


(iv)Comhaontuithe ró-tharraingte a bheith i scríbhinn: Athruithe ar rátaí úis a chur in iúl.


(v)Comhaontuithe creidmheasa a bheith ar neamhní ón tráth a athshealbhaítear earraí ach féadfaidh Ballstáit rialacha a leagan síos ag rialú athshealbhú.


(vi)Féadfar oibleagáidí faoi chomhaontú creidmheasa a urscaoileadh roimh an tréimhse a socraíodh sa chomhaontú do dhul in éag.


(vii)I gcás comhaontuithe trípháirteacha an creidiúnaí agus an soláthróir a bheith go comhpháirteach faoi dhliteanas i leith sáruithe ar an gcomhaontú creidmheasa.


(viii)Bheadh d’oibleagáid ar Bhallstáit comhlacht a bhunú do scrúdú gearáin ó thomhaltóirí nó dá cheangal ar dhaoine a thairgeann creidmheas údaraíocht oifigiúil a bheith acu nó a bheith faoi réir a n-iniúchta ag comhlacht oifigiúil.


4. Tuigtear don Chomhchoiste go nglacfar mar Threoir bhonneagair leis an Treoir bheartaithe ar chonarthaí a rinneadh as aice áitreabh gnó (“Díolacháin Leac Dorais”) atá faoi chaibidil san ochtú tuarascáil ón gCoiste (Prl. 7124) den 26 Aibreán 1978. Dá réir sin bheadh feidhm ag an Treoir sin maidir le gnóthaí comhaontaithe creidmheasa a rinneadh as aice áitreabh gnó. I gcásanna mar sin bhainfeadh an tréimhse stuanaithe a luaitear i mír 13 den ochtú tuarascáil ón gCoiste le hidirbhearta den sórt sin.


Barúlacha Ginearálta an Chomhchoiste

5. In Éirinn tá fruilcheannach agus cineálacha áirithe comhaontuithe díola chreidmheasa faoi réir na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960. Creideann an Comhchoiste, áfach, go gceapann na daoine i gcoitinne go bhfuil gá le cosaint níos fearr don phobal sa tír seo go háirithe i ndáil leis na saghsanna creidmheasa tomhaltóirí nua a bhfuil fáil orthu go hiomadúil le blianta beaga anuas. Is dearbh leis an gCoiste nach bhfuil cosaint sa réimse sin le fáil ag an tomhaltóir Éireannach chomh maith agus atá ar fáil in go leor de na Ballstáit CEE eile. Tríd is tríd dá nglactaí leis na caighdeáin íosta atá ceaptha le togra an Choimisiúin chuirfeadh sé feabhas ar chor an tomhaltóra Éireannaigh agus ar an ábhar sin is maith leis an gCoiste an Treoir bheartaithe cé go gcreideann sé go mb’fhéidir gur ghá cuid dá fhorálacha a leasú nó, ar a laghad, a shoiléiriú.


6. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil tograí do reachtaíocht náisiúnta ar chreidmheas tomhaltóirí á mbreithniú cheana féin sa Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta. Ceapann sé go bhfuil sé réasúnach gan dul ar aghaidh leis na tograí sin go dtí go mbeidh a fhios cad a tharlóidh don Treoir bheartaithe ach dóchas a bheith ann go gcríochnófar an breithniú ar thogra an Choimisiúin sul i bhfad. Ba mhaith an rud dá bhrí sin ó thaobh na hÉireann de go dtosófaí a luaithe is féidir ar an dréacht-Treoir a scrúdú ar leibhéal na Comhairle.


Míniú ar Thomhaltóir

7. Mínítear “Tomhaltóir” sa dréacht-Treoir mar dhuine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú i gcáil thráchtála nó ghairme go formhór. Tugann an Comhchoiste dá aire gur leithne de mhíniú é sin ná an fhoráil chomhréire in alt 3 den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980. Níl an Coiste in aghaidh an mhínithe ar an mbonn sin ach cuireadh uiríolla faoina bhráid go bhféadfadh forléiriú na habairte “go formhór” a bheith ina chúis le deacrachtaí do tharlú. Is dóigh leis an gCoiste gur cheart, i gcásanna amhrais, foráil a bheith ann gur ar an iasachtóir ba cheart an dualgas cruthúnais a leagan gur i gcáil thráchtála nó ghairme go formhór a ghníomhaigh creidiúnaí nuair a bhí creidmheas á fháil aige.


Comhaontuithe Creidmheasa

8. Cuirfear an Treoir bheartaithe chun feidhme nuair a gheobhaidh tomhaltóir creidmheas i bhfoirm íocaíocht iarchurtha, iasachta nó geallúint iasachta nó garacht airgeadais eile agus go mbeidh d’oibleagáid air an creidmheas, agus aon ús agus muirir san áireamh, a aisíoc i níos mó ná tráthchuid amháin. Measfar gur comhaontú creidmheasa ann féin chun críche na Treorach comhaontú chun earraí a sholáthar nó seirbhísí a chur ar fáil, má mhaoinítear é trí chomhaontú creidmheasa ar leithligh leis an soláthróir nó le creidiúnaí ag comhoibriú leis an soláthróir.


9. Tá an Comhchoiste ar aon aigne gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir maidir leis na cineálacha sin idirbheart trína bhfaigheann tomhaltóirí creidmheas de ghnáth chun earraí agus seirbhísí a sholáthar. Is imní leis, áfach, go ndealraíonn sé go bhfuil cineálacha áirithe eile idirbheart cumhdaithe nár chóir b’fhéidir go mbainfeadh an Treoir leo.


10. Nuair a úsáidtear cártaí creidmheasa ag ceannach earraí dhealródh sé go mbeadh d’éifeacht leis an Treoir go ndéanfadh sé comhaontú creidmheasa de gach idirbheart ar leithligh. Is ar éigin a bhí sé ar intinn a cheangal go mbeadh na hidirbhearta sin go léir i scríbhinn agus dhealródh sé mar sin gur ghá an Treoir bheartaithe a leasú.


11. Tá sé curtha i bhfáir ar an gCoiste freisin go bhféadfadh conarthaí árachais saoil agus conarthaí árachais neamh-shaoil teacht faoi réim fhorálacha na Treorach beartaithe más i dtráthchodanna a íoctar préimheanna nó má tá foráil ann i dtaobh neamh-fhorghéilleadh feadh tréimhse i gcás gan préimh a íoc. Ní féidir leis an gCoiste a chreidiúint go mbeadh sé ar intinn conarthaí den sórt sin a bheith san áireamh ach dealraíonn sé go bhfuil gá le foráil shonrach á n-eisiamh.


Comhaontuithe Gearrthéarma

12. Cé go bhfuil an Treoir bheartaithe le cur i bhfeidhm i gcás comhaontuithe ina mbeidh an t-aisíoc le déanamh i níos mó ná aon tráthchuid amháin níl sé le cur chun feidhme i gcás aon chomhaontuithe nach bhfuil an tréimhse aisíoca ina leith le dul thar trí mhí. Dar leis an gComhchoiste tá bonn réasúin le comhaontuithe a eisiamh ó fhoirmiúlachtaí na Treorach más rud é nach bhfuil ach an baol is lú míbhuntáiste don tomhaltóir ag baint leo. Ba mhaith an rud freisin, má bhíonn creidmheas gearrthéarma ar fáil, gan é sin a chur i mbaol ná é a dhéanamh níos costasaí. Molann an Coiste dá bhrí sin go niarrfaí ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí comhaontuithe a eisiamh ó fhorálacha na Treorach i gcásanna nach mó ná ceathair líon na dtráthchodanna is cuma cén fad tréimhse an aisíoca. Ba chóir socrú a dhéanamh freisin á dheimhniú nach sárófar an Treoir trí shraith comhaontuithe díolmhaithe a chur in ionad comhaontú aonair.


Comhair Chreidmheasa

13. Bhainfeadh an Treoir bheartaithe mar atá sé le comhaontuithe iasachta le Comhair Chreidmheasa sa tír seo. Comhlachtaí saorálacha comhair is ea Comhair Chreidmheasa mar atá siad in Éirinn agus is é a gcuspóir tíos agus taisce a neartú i measc a gcuid comhaltaí, creidmheas a chur ar fáil dóibh, a gcuid taisce a úsáid agua a rialú agus iad a theagasc i gcúrsaí airgeadais. Ní féidir leo iasachtaí a thabhairt ach amháin dá gcomhaltaí féin agus ní foláir dóibhsean a bheith páirteach i gcomhcheangal de réir reachta. Ní rún dóibh brabús a dhéanamh agus tá cosc reachta lena ráta úis ar iasachtaí do dhul thar aon faoin gcéad sa mhí. Chítear don Chomhchoiste nach ceart ar aon chor go mbeadh feidhm maidir le Comhair Chreidmheasa ag rialacha a ceapadh do chosaint custaiméirí a bhíonn ag déileáil le gníomhaireachtaí iasachta trádála agus molann sé go n-eisiafaí iad go sonrach ó fhorálacha na Treorach beartaithe.


Ráta Úis Éifeachtúil

14. Forálann an Dréacht-Treoir gur cheart go dtabharfadh fógraí, fógráin agus comhaontuithe creidmheasa eolas i dtaobh an ráta úis éifeachtúil. Is é míniú atá air sin costas iomlán an chreidmheasa arna shloinneadh mar chéatadán bliantúil de mhéid an chreidmheasa a deonaíodh, lena n-áirítear ús agus gach muirear eile. Dhéanfaí é a ríomh de réir na rialacha atá leagtha síos ag na Ballstáit.


15. Measann an Comhchoiste é a bheith lán-riachtanach go gcuirfí costas fíor an chreidmheasa in iúl don tomhaltóir sula dtéann sé, nó sula n-iarrtar air dul, faoi aon oibleagáid. Tá sé i dtacaíocht go hiomlán le haidhmeanna na dréacht-Treorach sa mhéid sin agus níl de cheist air ach amháin an féidir na forálacha iomchuí a chur i ngníomh go héifeachtúil. Tá sé ráite leis an gCoiste go bhfuil fadhbanna teicniúla le sárú ag ríomh an ráta úis éifeachtúil agus go bhfuil sé deacair teacht ar fhoirmle a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar gach uile chineál creidmheasa. Cuireadh i láthair, mar shampla, go bheadh costas an chreidmheasa i bhfoirmeacha áirithe ag brath ar an úsáid a bhaineann an custaiméir as an tsaoráid agus nach bhféadfaí i gcásanna áirithe ceanglais na dréacht-Treorach i dtaobh fógráin a chomhlíonadh. Ach ag dul de réir na gcomhráite a bhí ag a Fho-Choiste le hionadaithe an Bhainc Ceannais, creideann an Comhchoiste go bhféadfaí costas fíor creidmheasa a ríomh go réasúnta cruinn agus tá sé ag tathant dá bhrí sin go dtabharfaí tacaíocht don Treoir sa mhéid go bhfuil sé á lorg go gcuirfí an t-eolas sin ar fáil don tomhaltóir. Sa mhéid a bhaineann le fógraí a thaispeáint in áitreabh gnó an chreidiúnaí, creideann an Coiste gur cheart iad sin a thaispeáint go taibhseach agus gur cheart oiread eolais a thabhairt i bhfógráin agus i bhfógraí agus a thabharfadh fios go soiléir don duine a thiocfadh mar chustaiméir díreach cad iad na saoráidí atá á dtairiscint agus cad a chosnóidh siad air nó cén réim ina dtitfeadh an costas.


16. B’fhearr leis an gComhchoiste dá leagfadh an Treoir féin comhriail síos don Chomhphobal go huile chun an ráta úis éifeachtúil a ríomh. Tugann sé dá aire gur mar sin freisin ab fhearr leis an gCoimisiún ach go meastar dóibhsean nach féidir comhchuibhiú mar sin a bhaint amach faoi láthair. Tá sé curtha i láthair an Choiste, áfach, nach rud dodhéanta teacht ar chomhriail ach a leithéid a bheith ag teastáil dáiríre ó Bhallstáit. Molann sé dá bhrí sin iarracht a dhéanamh chun comhaontú ar chomhriail nuair a bheidh an dréacht-Treoir á bhreithniú ar leibhéal na Comhairle.


Dliteanas i gComhpháirt agus go Leithleach

17. Más féidir le tomhaltóir a chruthú go bhfuil comhar ann idir an creidiúnaí agus an soláthróir molann an dréacht-Treoir iadsan a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach don tomhaltóir i leith neamh-sheachadadh na n-earraí nó na seirbhísí a soláthraíodh faoin gconradh nó i dtaobh gan iad a bheith de réir a dtuairisc. Ach bheadh an chosaint faoi réir cibé cearta a bheadh ag an tomhaltóir i gcoinne an tsoláthróra faoi dhlí náisiúnta chun íocaíochtaí a rinneadh a ghnóthú nó tuilleadh íocaíochtaí a dhiúltú.


18. Chuir ionadaithe ó na gníomhaireachtaí iasachta roinnt agóidí i gcoinne na forála sin i bhfios don Chomhchoiste. Mar sin féin, tá an Coiste ar thaobh prionsabal na forála. Go feadh méid áirithe is cuid an prionsabal sin den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980, a dhéanann foráil i dtaobh dliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach má dhéanann ceannaitheoir earraí comhaontú le teach airgeadais chun “airgead a d’íoc an teach airgeadais leis an díoltóir i leith phraghas na n-earraí” a aisíoc leis an teach airgeadais. Ach ar mhaithe le gan cur go ró-mhór le costas an chreidmheasa bheadh an Coiste i bhfabhar dliteanas an chreidiúnaí a theorannú chun nach mbainfeadh sé ach le hidirbhearta nach ndeachaigh costas na n-earraí nó na seirbhísí a soláthraíodh thar méid ordaithe (e.g. IR £10,000). Ina theannta sin, aontaíonn an Coiste leis an mbarúil go bhfuil an coincheap ar “chomhar” mar atá sé luaite sa Dréacht-Treoir i bhfad ró-dhoiléir. Molann sé go ndéanfaí an Treoir a dhreachtú chun go bhféadfaí socruithe a bhí ann cheana féin idir creidiúnaí agus soláthróir a mhíniú i ndlí náisiúnta i gcomhréir leis na forálacha iomchuí d’Acht Creidmheas Tomhaltóirí na Breataine, 1974.


Ionstraimí Soshannta

19. Beartaíonn an dréacht-Treoir cosc a chur le Billí Malairte agus Nótaí Gealltanais a úsáid mar urrús nó mar íocaíocht i gcomhaontuithe creidmheasa cé go gceadófaí seiceanna mar mheán íocaíochta. Tuigtear don Chomhchoiste gur beag an éifeacht a bheadh sa tír seo dáiríre leis an toirmeasc beartaithe ar Bhillí Malairte. I dtaobh Nótaí Gealltanais, áfach, chuir Comhlachas Tithe Airgeadais na hÉireann, Teo., i bhfios go mbíonn siad sin ina gcuid de na gnáth-chomhaontuithe iasachta pearsanta a úsáideann a gcuid comhaltaí agus, má ghlactar leis an toirmeasc beartaithe, lorgóidh sé go gcuirfí leigheasanna eile ar fáil sa dlí baile.


20. Áitíonn an Coimisiún go gcuireann ionstraimí soshannta an tomhaltóir i mbaol rómhór toisc gur féidir an t-éileamh airgeadais a bhunaítear orthu a chuir i bhfeidhm gan aird ar a chearta faoin gcomhaontú. Ar leith amháin creideann an Comhchoiste gur míchríonna an rud baint leis na cleachtais atá ann mura bhfuil fianaise rí-láidir ann go bhfuil siad á n-ionramháil go mí-chuí. Ar an leith eile is dóigh leis nach foláir féachaint chuige nach gcuireann úsáid ionstraimí soshannta bac ar an tomhaltóir Éireannach ar na cearta nua a bheartaíonn an Treoir a thabhairt dó a chur i bhfeidhm i gcoinne an chreidiúnaí.


Athsheilbh

21. Beartaíonn an dréacht-Treoir comhaontú creidmheasa a chur ar neamhní ón am a ghlacann creidiúnaí athsheilbh ar na hearraí a soláthraíodh faoin gcomhaontú. Fágann sé faoi Bhallstáit a áirithiú nach bhfaightear buntáistí éagóracha de thoradh athshealbhú na n-earraí. Mar a shonraigh an Comhchoiste cheana úsáideadh an abairt “ar neamhní”, maidir le conarthaí, i roinnt tograí de chuid an Choimisiúin, mar atá an togra seo, i gcéill seachas an chiall a cheaptar dó sa chóras dlí seo againne. Ag féachaint don bhrí theicniúil a chuirtear ag gabháil leis an abairt “ar neamhní” i gcórais dlí choiteann molann an Coiste a chomhairliú don Choimisiún gan an focal a úsáid ach nuair a bheifear ag tagairt do chomhaontú airbheartaithe a bhíonn gan éifeacht dlíthiúil ab initio.


22. Deirtear sa mheabhrán míniúcháin gurb é cuspóir na forála sin cosc a chur leis na hearraí a bhaint den tomhaltóir i dtaobh nár íoc sé tráthchodanna ach ag an am céanna go mbeadh sé faoi oibleagáid an praghas comhaontaithe a íoc. Tá an Comhchoiste in amhras, áfach, an dtabharfadh an fhoráil mar atá sí dréachtaithe, an ceart do cheachtar páirtí. Ní fhéadfadh an creidiúnaí tráthchodanna caillte a ghnóthú agus d’fhéadfadh an tomhaltóir na hearraí a chailleadh gan rabhadh is cuma cén luach reatha iad. Glacann an Coiste leis nach bhféadfadh an fhoráil baint ach le comhaontuithe cosúil le comhaontuithe fruilcheannaigh agus is é a mheas gur fearr na leigheasanna atá ar fáil cheana féin i bhforálacha na nAchtanna Fruilcheannaigh. Molann sé, dá bhrí sin, go bhfágfaí an cheist i dtaobh athsheilbh faoi rialú an dlí náisiúnta ar fad.


Rótharraingtí

23. Níl ach foráil amháin sa dréacht-Treoir a bhaineann le creidmheas i bhfoirm airleacain ar chuntas reatha. Forálann sé go dtabharfar faisnéis i scríbhinn don chustaiméir ar an teorainn chreidmheasa, an ráta úis bliantúil agus muirir eile agus ar an nósimeachta chun an comhaontú a fhoirceannadh. Le linn an comhaontú a bheith i bhfeidhm chaithfí fios a thabhairt i scríbhinn don chustaiméir i dtaobh athruithe ar rátaí úis agus muirir de réir mar a tharlaíonn siad nó i ráiteas bainc má chuirfear sin ar fáil in aghaidh na míosa nó níos minicí.


24. Creideann an Comhchoiste gur lán-leor cleachtadh láithreach na mbanc Éireannach ag foilsiú a rátaí úis dóibh agus measann sé dá gcuirfí coinníollacha níos troime orthu go bhféadfaí iad a chur óna saoráidí rótharraingte a leathnú. Is é barúil an Chomhchoiste gur cheart an coinníoll sin a ligean ar lár a cheanglann go gcuirfí athruithe ar rátaí úis agus muirir in iúl i scríbhinn do gach custaiméir ar leithligh.


Comhaontuithe i Scríbhinn

25. Forálann Airteagal 6 den Treoir bheartaithe nach foláir comhaontuithe creidmheasa a bheith i scríbhinn agus na tearmaí conarthacha riachtanacha a bheith iontu. Ar na téarmaí sin áiríonn an dréacht-Treoir méid na héarlaise (más ann), agus na dátaí dlite, maraon le huimhir agus méid na dtráthchodanna. Chuir Cónaidhm Thionscail na hÉireann in iúl don Chomhchoiste nach eol i gcónaí, tráth na gcomhaontuithe a chríochnú, cathain a sheachadfar na hearraí agus dá dhroim sin cathain a thosóidh dliteanas aisíoca an tomhaltóra. Tharlódh a leithéid sin mar gheall ar theirce stoic nó toisc gur mhaith le tomhaltóirí go gcoinneofaí earraí siar, abair, go dtí go mbeadh teach nua críochnaithe. Tá sé molta ag an gCónaidhm, dá bhrí sin, go n-úsáidfí an focal “minicíocht” in ionad na bhfocal “dátaí dlite” agus tacaíonn an Coiste leis an leasú sin.


26. Lorgaítear le hAirteagal 10 den dréacht-Treoir ceart a thabhairt do thomhaltóir a chuid oibleagáidí faoi chomhaontú creidmheasa a urscaoileadh roimh an am a bhíonn socair leis an gcomhaontú. Measann an Comhchoiste gur chóir é a bheith oibleagáideach tagairt don cheart sin a chur isteach sa chomhaontú scríofa.


Buíochas

27. Le linn breithniú a bheith á dhéanamh aige ar an togra fuair an Comhchoiste an-chuid cabhrach ó na comhlachtaí éagsúla lena ndeachaigh sé i gcomhairle agus teastaíonn uaidh buíochas croí a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann, Cónaidhm Baincéirí Éireann, Comhlachas Tithe Airgeadais na hÉireann Teo, an Banc Ceannais, Comhar Creidmheasa Éireann, Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann, Comhlachas Árachais na hÉireann agus Comhlachas Tomhhaltóirí Éireann Teo.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


23 Iúil, 1980.