Committee Reports::Report No. 07 - Arramara Teoranta::23 January, 1980::Report

AN SEACHTU TUARASCÁIL

ARRAMARA TEORANTA

I RÉAMHRÁ

(a) Cúlra Ginearálta

1. Bunaíodh Tionscail Ailgíneacha (Eire) Teoranta i 1947 mar chui- deachta phríobháideach chun feamainn a bhaint a thriomú agus a mheilt. Athraíodh ainm na Cuideachta go dtí “Arramarra Teoranta” i 1955.


2. I 1949 fuair an Rialtas tromlach na scaireanna sa Chuideachta. Ba iad Alginate Industries Limited, cuideachta Bhreataineach, an scairsheal- bhóir eile. I mí Iúil 1979 fuair Merck & Co. Incorporated, cuideachta ilnáisiúnta, ceannas ar Alginate Industries Limited, ag a bhfuil 49 faoin gcéad den scairchaipiteal in Arramara Teoranta. Ach tá tromlach na scairshealbhaíochta, 51 faoin gcéad, ag an Rialtas in Arramara Teoranta.


3. I 1978 bhí £1.1 milliún de láimhdeachas ag Arramara. Bhí líon 62 fostaithe ag an gCuideachta an bhliain sin. Ina theannta sin bíonn daoine ag baint feamainne don Chuideachta ar chósta iarthar na hÉireann. Gach bliain le tríocha bliain anuas rinne an Chuideachta brabús ar a cuid oibre. Le cheithre bliana i leith tá díbhinn 10% íoctha aici ar scaireanna eisithe.


(b) Gné Dlíthiúil

4. Tá £100,000 de scairchaipiteal údaraithe ag Arramara Teoranta agus é roinnte ina scaireanna de £1 an ceann. I ndeireadh 1978 ba é méid an scairchaipitil eisithe £77,000—a raibh £39,000 de i seibh an Rialtais agus an £38,000 eile i seilbh Alginate Industries. Is leis an Acht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d’Fháil) 1949 a údaraíodh ar dtús don Stát £5,100 a infheistiú sa Chuideachta. Ardaíodh infheistíocht an Stáit sa Chuideachta go dtí £43,000 le hAcht leasachain i 1954.


5. Ní foláir don Chuideachta cuntais bhliantúla iniúchta a thabhairt díreach d’Aire na Gaeltachta gach bliain mar aon le tuarascail ar a cuid oibre. Forálann Airteagail Chomhlachais na Cuideachta, chomh fada agus a shealbhaíonn an tAire sin tromlach na scaireanna, go mbeidh de cheart aige triúr as an gcúigear stiúrthóirí a aimmniú agus go mbeidh de cheart ag Alginate Industries Limited beirt stiúrthóirí a aimmniú fad agus atá an chuid eile de na scaireanna ar seilbh aige. Tagann Bord Arramara le chéile i ndáil chruinnithe ocht no naoi n-uaire sa bhliain. Toisc nach cuideachta ainmnithe Arramara faoin Acht um Pairteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit) 1977 níl aon oibri-stiurthoirí ar an mBord.


6. Maidir le bainistíocht tá dhá stiúrthóir bainistíochta ar an gCuideachta. Ionadaíonn duine acu d’Aire na Gaeltachta agus an duine eile do Alginate Industries Limited. Le linn na fianaise, dúradh leis an gComhchoiste go raibh réimsí údaráis ar leithligh ag an dá stiúrthóir bainistíochta—bíonn duine acu ag gabháil go formhór do thaobh an airgid den ghnó; bíonn an duine eile ag gabháil go formhor do thaobh na hoibre.1 Tá an bheirt acu ag gabháil go páirt-aimsireach do chúrsaí Arramara. Go páirtaimsireach freisin a oibríonn runaí na Cuideachta don Chuideachta. Is oifigeach é ar fhoirinn Roinn na Gaeltachta agus oibríonn sé uaireanta breise chun a dhualgais a chomhlíonadh don Chuideachta agus don Roinn araon. Tá príomh-fheidhmeannach lánaimsire ag an gCuideachta—an príomh-bhainisteoir—agus foireann bhain istíochta lánaimsire arb iad féin cuntasóir, beirt bhainisteoiri monarchan agus triúr bainisteoir feamainne. Tá foireann oifige agus foireann mhonarchan ag obair faoin lucht bainistíochta. Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann atá ag ionadú dóibhsean is deireanaí a luaitear.


II FEAMAINN AGUS AILGIONÁITÍ

(a) Feamainn

7. Tá feidhm á bhaint as feamainn leis na céadta blian mar bhunadh chun beatha. Baineadh feidhm go fairsing as freisin sa talmhaíocht mar leasú agus mar bhia d’ainmhithe. Sa seachtú céad déag fionnadh go raibh sóid i luaithreach na feamainne dóite. D’fhonn freastal ar an éileamh ar shóid ó na tionscail chriadóireachta, gloine agus gallúnaí de réir mar a tháinig forbairt faoin Réabhlóid Tionscail, tháinig ann do thionscal maith mór feadh cóstaí larthar Eorpa ag déanamh bailiú, triomú agus dódh feamainne le haghaidh ceilpe. Ach tháinig meath ar thionscal na ceilpe sa naoú céad déag nuair a fuarthas go raibh sóid le fáil as bunaí eile. Chabhraigh sé leis an tionscal a choimeád beo gur fionnadh go raibh iaidín sa cheilp.


8. Baineann feamainn leis an aicme plandaí ar a dtugtar algaí. Tá siad sin rangaithe arís ina n-aicmí, a dtugtar algaí dearga agus algaí rua ar dhá cheann acu. As na halgaí dearga a fhaightear carraigín, as a mbain- tear úsáid go fairsing i dtáirgí bainne. Tá cuid de speiceas na feamainne agus tá siad oiriúnach le haghaidh ailgionáití don margadh a bhaint astu. I mbéarlagar na ceimíochta is iad ailgionáití ná salainneacha agus eistir d’aigéad ailgíneach carbaihiodráit atá san fheamainn rua mar ábhar struchtúrtha riachtanach. Taispeántar i bhfoscríbhinní 2 agus 3 na príomh-áiteanna ina bhfuil na cineálacha éagsúla feamainne le fáil. Ascophyllum nodosum (feamainn charraige) agus laminaria hyperborea (slata mara) an dá phríomh-chineál feamainne atá ar chósta na hÉireann.


9. Tuilleann go leor teaghlach ar chósta thiar na hÉireann breis airgid trí fheamainn charraige agus slata mara a chruinniú. Baintear an fhea- mainn charraige feadh na bliana agus scoitear é de láimh de ghnáth. nuair a bhíonn sé os cionn uisce aimsir lag trá, cuirtear téadáin timpeall air nó cruinnítear in eangacha é agus tarraingítear i dtír é le lán trá. Bailítear na slata mara ó tuairim Deireadh Fómhair go Márta2: fásann siad in uisce níos doimhne agus stoitear de na carraigreacha iad agus caitear suas ar an gcladach iad le linn stoirmeacha geimhridh; ansin bailítear iad ó na tránna. De réir mar a bhíonn ag teastáil ó na monar- chana, iompraítear an fheamainn go dtí an gléasra triomúcháin agus meilte ina riocht fliuch nó aer-thriomaithe.3


(b) Ailgionáití

10. Is í an chéim tosaigh i dtáirge ailgionáití feamainn a thriomú agus a mheilt faoi dhálaí a chaithfear a riaradh go cúramach. Baineann ailgionáití leis an aicme táirgí ar a dtugtar hidreacollóidí. Táirgí iad sin a ndéanann substaintí righne glóthánacha díobh in uisce agus mar sin úsáidtear iad mar thiubhaitheoirí, cobhsaitheoirí, agus mar shás gló- thacháin, scannánachta agus easbhrúite. Úsáidtear sa mhonarú cumaisc de chuid de na príomh-chineálacha feamainne nó díobh go léir, ag braith ar an ailgionáit a bheadh ag teastáil. Déanann eistir4 ailgíneacha cobhsú ar eibleachtaí uisce-in-ola (e.g. in anlanna sailéid) agus gníomhaíonn siad mar chobhsaitheoirí cúráin. Ina ghiorracht, baintear go leor feidhme as ailgionáití, idir iad a úsáid ag tairgeadh bia agus iad a úsáid sa tionscal cógaisíochta.


11. Chun go leor criocha bíonn ailgionáití in iomaíocht díreach le hidreacollóidí eile—dúirt Arramara ina gcuid fianaise gur “ceann acu ceallalós carbocsaimeitil agus ansin go bhfuil gumaí aiceanta atá go huile in iomaíocht leis: heictin an guma pónaire lócaiste, tragacanth guma agus mar sin de.”5 Bíonn athrú ó fheidhm go feidhm ar na dálaí trína gcinntear an ailgionáit, guma aiceanta nó hidreacollóid de shórt éigin eile a úsáidfear. Dealr margin-right: 1ex;aíonn sé, idir ailgionáití agus ábhair a úsáidtear ina n-ionad, go mbíonn sé ina iomaíocht ghéar go maith agus go rí- mhinic go gcuirtear in ionad a chéile iad.


12. Tá margadh na n-ailgionáití ag méadú le blianta beaga anuas. Le linn na fianaise dúradh leis an gComhchoiste go raibh an margadh beoga go maith le roinnt blianta.6 Sa tuarascáil ar ailgionáití a d’fhoilsigh Monopolies and Mergers Commission na Ríochta Aontaithe le déanaí tá dearbhú ar mhéadú leanúnach a bheith ar mhargadh na n-ailgionáití.7 Dúirt an Coimisiún sin go meastar an margadh a bheith ag méadú de réir tuairim 3-5 faoin gcéad sa bhliain. Chuir siad i bhfáir freisin gurb é Alginate Industries Limited an soláthróir ailgionáité is mó ar domhan anois, gurb é Merck an dara ceann is mó, go bhfuil Protan (cuideachta Ioruach) sa tríú áit agus CECA (cuideachta Francach) sa cheathrú áit. Ina ghiorracht, tá ceannas ar thionscal na n-ailgionáití ag dream beag cuideachtaí móra.


III RÉIM CÚRAIM ARRAMARA TEORANTA

(a) Timpeallacht Oibre

13. Sna blianta tosaigh ní bhíodh Arramara ach ag gabháil do shlata mara a bhaint, a thriomú agus a mheilt. I dtús na 1960-adaí, nuair a bhí fómhar na slata mara ag tosú ar mheath, thosaigh an Chuideachta ag baint agus ag próisiú feamainn charraige, agus i dtús báire díoltaí an táirge a fuarthas, min asco, mar bheatha ainmhithe ach thaispeáin tástálacha a rinneadh go raibh sé an-oiriúnach le haghaidh táirgeadh ailgionáití; agus chuathas ina bhun sin ar fad.


14. Tá dhá mhonarcha faoi láthair ag Arramara—ceann i gCill Chiar- áin, Co. na Gaillimhe, agus ceann ar an Mhín Mhór, Co. Dhún na nGal Déanann na monarchana sin an phróiseáil tosaigh ar an bhfeamainn a húsáidtear do tháirgeadh ailgionáití agus ansin onnmhairítear toradh na hoibre sin go hAlbain chun é a phróisiú tuilleadh. Tá an Chuideachta tar éis a chur i bhfáir go ndíoltar an toradh go léir le Alginate Industries Ltd. agus go ndéanann siadsan an próisiú críochnaitheach air i monar- chana ceimíochta in Albain.8 Bhí tráth ann go mbíodh an Chuideachta ag táirgeadh ábhair bheatha d’ainmhithe agus ag cur carraigín ar an margadh in Éirinn agus sa choigrích. Cuireadh in iúl san fhianaise, áfach, go raibh an sóláthar carraigín ró-bheag agus ró-dheacair a dhíol anois.9 Cuireadh in iúl freisin go raibh an praghas a gheofaí ar mhin fheamainne mar bheatha ainmhithe i bhfad níos lú ná an praghas a gheofaí ar ailgionáití.10 Dé réir figiúirí a thug an Roinn Talmhaíochta don Choist tá laghdú ag teacht sna blianta déanacha seo ar tháirgeadh mhi fheamainne.


15. Níl ach an rí-bheagán cuideachtaí Éireannacha ag gabhá d’fheamainn a thriomú agus a mheilt anois. Orthu sin atá sa tionscal fós, tá dhá ghnólacht a úsáideann an t-amh-ábhar chun min fheamainne.11 Ar na gnólachtaí a onnmhairíonn feamainn go dtí Alginate Industries Lim- ited (A.I.L.) is é Arramara an príomh-sholáthróir Éireannach. Dúradh leis an gCoiste le linn na fianaise go soláthraíonn Arramara tuairim 2 faoin gcéad den fheamainn a bhíonn ag teastáil ó A.I.L.12 Ó Éirinn a fhaigheann A.I.L. 34 faoin gcéad ar fad faoi láthair den méid feamainne a bhíonn ag teastáil uathu, á áireamh de réir cion ailgionáit chailciam. Ó Albain a fhaigheann siad tuairim 20 faoin gcéad agus ó bhunaí éagsúl eile don chuid eile, 46 faoin gcéad. Sa mheabhrán a chuir sé faoi bhrái an Choiste dúirt Arramara go gcaithfidh siad bheith san iomaíocht leis na bunaí eile sin ó thaobh cáilíochta agus praghais má bhí siad le greim a choinneáil ar an margadh.13


(b) Fostaíocht

16. Dúradh sa Dara Clár le haghaidh Forbairt Eacnamaíochta ón Rialtas, ar a shon go raibh brabús a dhéanamh ag Arramara, gurbh é a phríomh-chuspóir fostaíocht a sholáthar i limistéir Ghaeltachta.14 San am sin bhí fostaíocht díreach á thabhairt do thuairim 40 daoine ag an gCuideachta. Bhí an líon fostaithe méadaithe go dtí 62 faoi 1978. Ó bunaíodh an Chuideachta, luaitear i gcónaí ina cuid tuarascálacha bliantúla go bhfuil dea-chaidreamh á choinneáil suas idir lucht bainistíochta agus lucht oibre. Is maith leis an gComhchoiste gur mar sin atá.


17. I meabhrán a chuir sí faoi bhráid an Chomhchoiste, chur Roinn na Gaeltachta an méid seo a leanas in iúl:—


“Both of Arramara’s factories are in Gaeltacht areas and this Department and Gaeltarra Éireann, a statutory body under its auspices, are particularly interested in the provision of employment in those areas. It may be mentioned that a higher level of employ- ment than in Arramara has been attained by several of Gaeltarra’s subsidiary and associate companies”.15


Is dóigh leis an gComhchoiste, áfach, nár mhiste smaoineamh, fara le fostaíocht díreach, go dtugann Arramara fostaíocht indíreach do bhaili- theoirí feamainne. Íocadh os cionn £½ milliún le bailitheoirí i 1978—méadú dáiríre (tar éis coigeartú i leith an bhoilscithe) beagnach 330% os cionn airgead 1950. Dúirt Arramara san fhianaise go raibh tuairim 300 bailitheoirí feamainn charraige aige agus b’fhéidir an oiread céanna ag bailiú slata mara, go soláthraíonn cuid de na bailitheoirí abair 10 dtonna sa bhliain agus go dtuilleann siad £80 nó £100 as.16 Tráth eile le linn na fianaise, dúradh gur dóigh go n-íocfaí ar an meán le bailitheoir idir £40 agus £60 sa tseachtain.17


Baineann an meán sin ní amháin le bailitheoirí a bhíonn ag bailiú i gcaitheamh na bliana ach freisin leo sin nach mbíonn ach ag bailiú sa samhradh. Bíonn coibhneas i gcoitinne idir méaduithe pá a íoctar le bailitheoirí agus an méadú ar phá a bhíonn ag imeacht.18 Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil sin mar is ceart, ach mholfadh sé tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun scéimeanna greasachta a cheapadh chun soláthairtí a chur ar fáil sa gheimhreadh nuair nach mbíonn mórán á chur chun na monarchana.


18 D’fhéadfadh sé cur isteach ar shlí agus gnás beatha na mbailitheoirí feamainne dá ndéantaí, abair, úsáid a bhaint as modh meicniúil éigin do bhaint feamainne. Ní fostaithe leis an gCuideachta na bailitheoirí agus ní dhealr margin-right: 1ex;aíonn go mbeadh aon cheart dlíthiúil acu chun cúitimh dá dtarlódh nach mbeadh siad ag teastáil a thuilleadh chun oibre. Dúradh leis an gComhchoiste dá n-iompódh Arramara riamh chun meicníochta gurbh ionann é agus teip a admháil.19 San am céanna, bhacfadh talamh anacrach chósta na hÉireann Thiar feidhm fhairsing a bhaint as innill fhómhair mheicniúla. Ar a shon sin, ní fhéadfar é a chur as an áireamh gur praiticiúla agus gur tiosaí na hinnill mheicniúla, nó go dtiocfadh dóibh chun bheith amhlaidh. Cé go dtuigeann an Comhchoiste go mbeadh sé míreasúnach a bheith ag súil leis go dtabharfadh an Chui- deachta dearbhú, gan cháilíocht, i dtaobh cúiteamh a íoc dá gcinntí ar mheicniú a thabhairt isteach, molann sé mar sin féin go ndéiléalfaí go tuisceanach leis na bailitheoirí dá dtarlaíodh a leithéid de chor. Faoi láthair, áfach, is saoire feamainn a bhaint leis an láimh.19


(c) Táirgeadh agus Costais

19. Slata mara agus feamainn charraige (féach mír 8 agus Foscríbhinn 2) na hamh-ábhair a bhíonn á n-úsáid ag Arramara sa dá mhonarcha atá aige. Is fearr an brabús atá le baint as slata mara, agus uathu sin anois a fhaightear cuid an-bheag de tháirgeadh Arramara tuairim 7%. Is fearr a mbrabús mar go mbaintear grád is fearr ailgionáite astu ná mar a gheofaí ó fheamainn charraige. Bhí laghdú 6% de réir tonnaí ar tháirgeadh iomlán na Cuideachta i 1978 i gcomparáid le 1977. Tharla an laghdú sin mar gheall ar mhonarcha Chill Chiaráin do dhúnadh ar feadh sé mhí chun scrúdú agus deisiú iomlán a dhéanamh ar an ngléasra. Tá eolas i bhFoscríbhinn I i dtaobh táirgeadh monarchan agus fómhar na slat mara agus na feamainne carraige don tréimhse 1976 go 1978.


20. Tá costais táirgthe na Cuideachta ag méadu de bhreis agus 16% sa bhliain le roinnt blianta anuas. I 1978 chosain táirgeadh beagnach £130 an tona. Taispeántar i bhFoscríbhinn I an ghluaiseacht atá faoi chostais díreacha agus riartha Arramara i rith na tréimhse 1976 go 1978. Díoltar a dtáirgeann Arramara le Alginate Industries Limited agus dúirt Arramara ina gcuid fianaise “fad agus a bhainimid amach praghsanna réasúnta agus go mbíonn ár gcuid earraí go maith tá siadsan sásta ceannach uainn.”20 Tá comhaontú díola seacht mbliana ag Arramara le A.I.L. agus críochnaíonn sé an 31 Nollaig 1981. Dúirt Arramara ina gcuid fianaise “go bhféadfaimid faoin gcomhaontú ár bpraghsanna a mhéadú d’fhonn méaduithe ar ár gcostais a chur san áireamh agus san am céanna méid réasúnta brabúis a choinneáil suas.”21 Mholfadh an Comhchoiste go dtosódh Arramara ar bheith ag réiteach do chomhaontú nua (do 1982 amach) go luath, d’fhonn a chinntiú go n-aontófar le Alginate Industries Limited ar bhonn fosaidh sásúil ar mhaithe le Arra- mara do dhul chun tuilleadh bisigh.


(d) Cúrsaí Airgid

21. Mhéadaigh láimhdeachas (nó díol) Arramara ó díreach faoi bhun £33,000 i 1950 go dtí os cionn £1.1 milliún i 1978. Nuair a chuirtear boilsciú san áireamh, is ionann é sin agus méadú dearfa de 450% geall leis i rith na tréimhse.


22. San aighneacht a chuir an Chuideachta faoi bhráid an Chomh- choiste d’áitigh sí gur “scéal méadaithe agus brabúis ó thús scéal Arra- mara.”22 Ó 1949, tá brabúis á ndéanamh in aghaidh na bliana ag an gCuideachta. £1,870 an glan-bhrabús roimh chánachas i 1950; faoi 1978 bhí sé méadaithe go £55,411. Is ionann é sin agus méadú dearfa 376% i rith na tréimhse, tar éis boilsciú a chur san áireamh. Sna cheithre bliana seo caite tá díbhinn 10%, íoctha ag na gCuideachta ar chaipiteal eisithe. Bhí an meánbhrabús glan tar éis cánach sna cheithre bliana 1974 go 1978 os cionn £33,000. Tá coimriú i bhFoscríbhinn 4 ar chuid de phríomhstaidreamh airgeadais na Cuideachta in aghaidh na gcúig bliana, 1974 to 1978.


23. Le linn na fianaise dúradh leis an gComhchoiste go raibh “toradh mó’s maith ar infheistíocht”.23 Ní fhéadfar a mheas go bhfuil brabús fabhrach nó neamhfhabhrach go dtí go dtomhaistear é i gcoinne na hinfheistíochta as ar baineadh leas chun é a tháirgeadh. Trí bhrabúis a chur i gcomparáid le láimhdeachas (nó le caipiteal a cuireadh ag saothrú) feadh roinnt blianta féadann cuideachta meas a thabhairt ar mar a bhíonn ag éirí leí i gcaitheamh an ama sin. Athraíonn an cóimheas ó thionscal go tionscal ach laistigh de thionscal áirithe is treoir mhaith an cóimheas ar conas mar a bhíonn ag éirí leis an tionscal sin. Tá figiúirí na mblianta 1974 go dtí 1978 maidir le Arramara sa tábla seo a leanas:


TÁBLA


Arramara Teoranta: Tomhais Bhrabúsmhaireachta 1974 go dtí 1978


 

1974

1975

1976

1977

1978

1. Brabús mar % láimhdeachais

1.4%

4.9%

5.0%

5.6%

5.0%

2. Brabús mar % den chaipiteal a bhí ag saothrú

4.0%

17.9%*

18.1%

17.9%

13.8%

Foinse: Tuarascálacha Bliantúla Arramara (Eisiúintí Éagsúla)—féach Foscríbhinn 4.


Ba rí-bheag a bhí sa chéatadán brabús le láimhdeachas i 1974. Ach i leith na tréimhse 1975 go 1978 chuaigh an meán díreach os cionn 5%. Maidir le brabús mar chéatadán den chaipiteal a cuireadh ag saothrú, is léir gur tháinig ísliú ar ghnóthaíocht na Cuideachta le blianta beaga anuas, ar a shon go ndeachaigh céatadán 1978 os cionn 13%. D’áitigh an Chuideachta ina cuid fianaise go raibh an toradh ar an scairchaipiteal “i bhfad ní ba airde. Níl ach £77,000 sa scairchaipiteal agus is suim nach beag £55,000 de bhrabús ar scairchaipiteal £77,000”.24 B’fhiú ceithre oiread déag a scairchaipiteal eisithe láimhdeachas na Cuideachta i 1978. Creideann an Comhchoiste, más féidir leis an gCuideachta a ráta brabús a choinneáil suas (nó fiú é a mhéadú tuilleadh) go bhféadfaidh an Chuideachta cabhrú le laghdú a thabhairt san am le teacht ar an scair- chaipiteal sa bhreis a bheidh ag teastáil uaithi.


(e) Eagar Caipitiúil

24. Méadaíodh scairchaipiteal eisithe na Cuideachta, is é sin £6,000, go dtí £10,000 i 1950. Méadaíodh é ceithre huaire ina dhiaidh sin—de £26,000 i 1955; de £10,000 i 1964; de £4,000 i 1968 agus de £27,000 i 1973. I ndeireadh 1978 ba é an scairchaipiteal eisithe £77,000 agus ba é an scairchaipiteal údaraithe £100,000.


25. Is leis an Acht um Thionscail Ailgíneacha (Éire) Teoranta (Scai- reanna d’Fháil), 1949, a údaraíodh infheistíocht stáit sa Chuideachta i gcéaduair. Chuir an tAcht sin £5,100 de theorainn ar an Aire ag fáil scaireanna dó. D’ardaigh an tAcht um Thionscail Ailgínacha (Éire) Teoranta (Scaireanna d’Fháil), 1954, an teorainn go dtí £43,000. Á ghlacadh gur £100,000 scairchaipiteal údaraithe na Cuideachta, tugann an Comhchoiste dá aire nach mbeadh cumhacht ag Aire na Gaeltachta faoin reachtaíocht mar atá sé tromlach na scaireanna sa Chuideachta a shealbhú, dá n-eisítí an chuid eile de na scaireanna údaraithe. Dá réir sin d’ainneoin an bharúil atá luaite i ndeireadh mhír 23, molann an Comhchoiste gur cheart don Rialtas smaoineamh ar mhéadú thar an teorainn údaraithe, lena chinntiú go mbeadh cumhacht ag an Aire leanúint de thromlach na scaireanna a shealbhú dá n-eisítí an chuid eile de na scaireanna údaraithe.


26. Féadann cuideachta a caiteachas caipitiúil a mhaoiniú ó bhunaidh inmheánacha (brabúis choinnithe nó cothromas méadaithe), féadann sí airgead a thógáil ar iasacht nó deontais a fháil. Is trí bhrabúis choinnithe go formhór agus, cuid ba lú ná sin, trí scairchaipiteal breise a eisiúint a maoiníodh infheistíochtaí Arramara. Chuaigh Arramara freisin i muinín beagán airgid a fháil ón mbanc ar iasacht. I ndeireadh 1978 bhí díreach os cionn £29,800 ar iasacht aige ar bhonn fadaimsire, agus ba shin laghdú de shuim os cionn £12,200 seachas an bhliain roimhe sin. Tá foinse breise airgid a bhféadfaidh cuideachtaí leas a bhaint as, is é sin, deontais infheistíochta ón Rialtas i leith costas sócmhainní dochta a fháil. Chuir Roinn na Gaeltachta in iúl i meabhrán don Chomhchoiste nach fada ó shin ó fuair Arramara deontais sa ghnáthshlí ón Údarás Forbartha Tionscail.25


27. Tríd is tríd, aontaíonn an Comhchoiste le tuairim Arramara go dtaispeánann an Clár Comhardaithe go bhfuil bail mhaith airgeadais ar an gCuideachta.26 Ach molann an Comhchoiste go bhféachfadh Arra- mara chuige féachaint an bhféadfadh sé na leibhéil díluachála a úsái- deann sé ina chuntais a ardú os cionn na leibhéal a ríomhtar de reir chostas stairiúil sócmhainní.


IV FORBAIRT SAN AM LE TEACHT

(a) Pleananna don am le teacht

28. Dúirt an Chuideachta leis an gCoiste go bhfuil sí faoi láthair ag cur dúthrachta leis an dul chun cinn atá déanta go nuige seo a dhaingniú, trí éifeachtúlacht i ngach céim a chinntiú d’fhonn an margadh a chosaint in aghaidh na hiomaíochta gan sos ó sholáthróirí i dtíortha eile. San am céanna, tá sé á bheartú cóir níos fearr a chur ar an bpróis atá ann le córas feabhsaithe meilte, ar chostas £100,000 mar a mheastar, agus an méid sin a roinnt ar na blianta 1979-80. Molann an Comhchoiste go bhféachfadh an Chuideachta le toradh de réir ráta ard go leor a bhaint amach ar an infheistíocht deiridh sin.


(b) Táirgeadh Ailgionáití ag Arramara

29. Le linn na fianaise ardaíodh an cheist an bhféadfadh Arramara an phróis iomlán déantóireachta ailgionáití a dhéanamh. Dúirt an Chuideachta ina haighneacht go bhfuil sí i gcóir chun aon mholtaí dealr margin-right: 1ex;aith- eacha a thiocfadh chun cinn a scrúdú. Chuir sí i bhfáir ina cuid fianaise go ndearnadh iarracht tuairim deich mbliana ó shin chun monarcha ailgionáite a chur ar bun i nGaillimh ach gur tháinig deacrachtaí pleanála sa tslí uirthí.27 Rud áirithe a bhaineann le táirgeadh ailgionáite is ea go mbíonn sé ag braith ar neart uisce a fháil a bheadh saor, úr agus glan ó chailciam. Rud eile a bhaineann leis is ea go gcaitheann sé silteachas a scaoileadh chun siúil. Dúirt Arramara gur mheas an t-údarás sláinte i nGaillimh gur shilteachas bréan go maith é, agus nárbh áibhéil sin mar thuairisc, agus nach dtabharfadh siad cead é a ligean isteach sa chuan.27


30. Ar leithligh ó sholáthar uisce agus silteachas, tá ceisteanna teic- neolaíochta, airgeadais agus costais a bhainfeadh le méid. Áitíonn Arra- mara gur próis fíorchasta ailgionáití a dhéanamh, go mbíonn neart mór airgid ag teastáil chuige agus ceimiceáin daora; nach é an oiread sin daoine a bheadh fostaithe air agus nár mór an-chuid ábhair a bheith á chur chuige agus ag imeacht as chun go n-éireodh leis.28 Go deimhin, ar a shon nach bhfuil ar a chúram ach an t-aon earra amháin, is tionscal casta é nár mhór rialú agus aire a bheith á thabhairt dó i gcuid mhór gníomhaíochtaí. Tá an baol ann i gcónaí freisin go dtiocfadh hidreacollóid san iomaíocht a bhainfeadh an talamh d’ailgionáití ar fad i gcás feidhm áirithe agus tá fós an baol go bhféadfadh úsáidire mór ailgionáití a ghnó d’aistriú go dtí soláthróir ailgionáití eile.


31. Is eolaí maith iad figiúirí airgid Alginate Industries Limited ar conas mar a bhíonn táirgeoir ailgionáite ag déanamh. Tá achoimre i bhFoscríbhinn 5 ar chuid de phríomhchuntais AIL don tréimhse cúig bliana 1974 go 1978. Chítear ón bhFoscríbhinn go raibh ar an meán 18% de thoradh ar láimhdeachas i leith na mblianta 1974 go 1977—os cionn trí oiread an ráta chomparáide do Arramara Teoranta. Ach i 1978 thit brabús AIL, sular baineadh ús agus cáin de, go dtí 9.7% mar chéatadán láimhdeachais. Arís, i gcás an dara tomhas ar bhrabúsmhaireacht AIL —toradh ar an meán-chaipiteal a cuireadh ag saothrú—tharla laghdú tábhachtach i 1978. Chuaigh brabús mar chéatadán den mheán-chaipiteal saothrúcháin thar 27% sa bhliain ar an meán sna blianta 1974 go 1977; ach i 1978 laghdaigh sé go dtí 12.5%.


32. Scéal spéisiúil gur lú de thoradh a fuair AIL ar an meán-chaipiteal saothrúcháin ná mar a fuair Arramara i 1978. Athraíonn méid na gcóimheas sin ó thionscal go tionscal agus ní foláir a aithint gur ailgionáití is toradh críche do AIL agus nach ndéanann Arramara ach amhábhar a tháirgeadh chun ailgionáití a dhéanamh. Ní foláir smaoineamh freisin go raibh meán-chaipiteal os cionn £14 milliún curtha chun saothair i 1978 ag AIL, agus ina choinne sin nach raibh ach £½ mhilliún i gcás Arramara. Ach d’áitigh Arramara, le linn na fianaise, go bhfuil “ábhar fiontair níos mós ag baint leis an obair thall ansin ná san obair seo againne sa tslí go mbeimis ag súil leis go loirgeodh siad toradh níos airde”.29


33. Le scéal comair a dhéanamh de, faoi láthair ní dhéanann Arramara ach cuid den phróiseáil ar fheamainn. Dá ndéantaí aon phróiséail sa bhreis ar an amhábhar thabharfadh sé sin i gceist crua-chuntasaíocht maidir le scála, teicneolaíocht ardscile, infheistíocht an-mhór agus earraí casta ceimiceacha a chur isteach ann. Dar le hArramara níl aon leathslí, “caithfear gabháil an bealach ar fad”.30 D’ainneoin na fianaise sin, mholfadh an Comhchoiste go leanfadh Arramara ina chuid iarrachtaí ar bhealaí a lorg chun ailgionáití a tháirgeadh—faoi cheadúnas nó trí thabhairt faoi roinnt bheag ailgionáití áirithe a tháirgeadh.


(c) Ceannas a ghabháil ar Alginate Industries Limited

34. D’fhoilsigh U.K. Monopolies and Mergers Commission tuarascáil i mí Iúil 1979 ar an gcumasc a bhí á bheartú de Alginate Industries Limited agus Merck & Co., Inc. nó FMC Corporation. Is é a mheas an Coimisiún gur dhóigh nach ndéanfadh ceachtar de na cumaisc díobháil do leas an phobail. Ar theacht ar na tátail sin di d’aon toil, chuir an Coimisiún sa chuntas, dá bhfaigheadh Merck ceannas ar Alginate Indus- tries Limited, nach dtiocfadh dá thoradh ach méadú rí-bheag ar an scair mhór mhargaidh a bhí ann cheana féin in ailgionáití. Thuig an Coimisiún, áfach, go mbeadh drochéifeacht ag an dá chumasc bheartaithe i gcúinsí áirithe ar chor na bhfostaithe a bhain le AIL in Albain ach cheap sé go mba chinnte a bheadh dea-bhail AIL san am le teacht agus dá thoradh sin a inniúlacht chun cuidiú le fostaíocht in Albain dá nglactaí ceannas ar AIL ná mar a bheadh dá bhfanadh sé neamhspleách.


35. Gairid tar éis foilsiú na Tuarascála ó Monopolies and Mergers Commission rinneadh an cumasc idir Merck agus AIL. Cé gur aithin Arramara gur léir go mbeadh éifeacht ar a fhorbairt san am le teacht ag an gcumasc, dúirt sé san fhianaise: “Ní raibh d’athrú i gcás Merck ach go raibh cathaoirleach nua le bheith acu. Lasmuigh de sin ní bheidh aon athrú agus beidh sí neamhspleách mar chuideachta i gcónaí. Mar sin beidh Arramara ag déileáil i gcónaí le Alginate Industries agus ní le Merck nó FMC”.31


V FOCAL SCOIR

36. Chuaigh sé i bhfeidhm ar an gCoiste fianaise a bheith ann ar Arramara do bheith ag fairsingiú agus ag déanamh brabús le tríocha bliain i leith agus gur chomhlíon sé a chuspóir maidir le fostaíocht a sholáthar sna ceantair Ghaeltachta, agus san am céanna gur éirigh leis go maith ó thaobh airgid.


37. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil i dtaobh na cabhrach a fuair sé óna chomhairleoir, Tomás Ó Fearghuis, le linn an fhiosraithe seo.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


23 Eanáir 1980


1Féach Fianaise (Ceist 2).


2Féach Fianaise (Ceist 85).


3Féach Fianaise (Ceist 39).


4Féach Mír 8.


5Féach Fianaise (Ceist 38).


6Féach Fianaise (Ceist 37).


7The Monopolies and Mergers Commission, “FMC Corporation /Merck & Co., Inc/Alginate Industries Limited: A report on the proposed mergers” (H.M.S.O., Londain, Iuil 1979).


8Féach Foscríbhinn I.


9Féach Fianaise (Ceist 51).


10Féach Fianaise (Ceist 35).


11Féach Fianaise (Ceist 39).


12Féach Fianaise (Ceist 46).


13Féach Foscríbhinn 1.


14Cuid II den Chlár, leathanach 240; Pr. 7670; Iúil 1964.


15Féach Foscríbhinn 6.


16Féach Fianaise (Ceist 94).


17Féach Fianaise (Ceist 82).


18Féach Fianaise (Ceist 91).


19Féach Fianaise (Ceist 12).


20Féach Fianaise (Ceist 34).


21Féach Fianaise (Ceist 75).


22Féach Foscríbhinn 1.


23Féach Fianaise (Ceist 66).


* Toisc gur bhain brabús 1975 le tréimhse chúig bliana déag dar chríoch 31 Nollaig 1975, tógadh 80% den bhrabús ag ríomh an chóimheasa d’fhonn comparáid “aondul le haondul” a chinntiú.


24Féach Fianaise (Ceist 66).


25Féach Foscríbhinn 6.


26Féach Foscríbhinn 1.


27Féach Fianaise (Ceist 9).


28Féach Fianaise (Ceisteanna 9 agus 45).


29Féach Fianaise (Ceist 45)


30Féach Fianaise (Ceist 84).


31Féach Fianaise (Ceist 98).