Committee Reports::Report No. 11 - Industrial Credit Company, Limited::17 September, 1980::Report

CUIDEACHTA AN CHAIRDE TIONSCAIL, TEORANTA

CLÁR NA TUARASCÁLA

 

 

Leathanach

I

RÉAMHRÁ

 

 

1.1 Cúlra

...

...

...

...

...

...

...

...

12

 

1.2 Gné Dlíthiúil

...

...

...

...

...

...

...

14

 

1.3 Forbairt Stairiúil

...

...

...

...

...

...

...

16

 

1.4 Cuspoirí na Cuideachta

...

...

...

...

...

...

18

 

1.5 Gníomhaíochtaí na Cuideachta

...

...

...

...

...

18

II

OIBRÍOCHTAÍ

 

 

2.1 Earnálacha Tionscail ar a nDéanann CCT Freastal

...

...

20

 

2.2 Seirbhísí Iasachtaí

...

...

...

...

...

...

...

22

 

2.3 Forbairt Fiontair

...

...

...

...

...

...

...

24

 

2.4 Earnáil na Mionghnó

...

...

...

...

...

...

24

 

2.5 Bainteachas leis an mBanc Ceannais agus leis na Bainc

28

 

Chomhlachaithe

...

...

...

...

...

...

...

28

 

2.6 Bainteachas leis an Údarás Forbartha Tionscail

...

...

...

32

III

BAINISTÍOCHT AGUS GNÓ-RÉIM

 

 

3.1 Bainistíocht

...

...

...

...

...

...

...

34

 

3.2 Bainteachas leis an Roinn Airgeadais

...

...

...

...

36

 

3.3 Forás agus Pleanáil

...

...

...

...

...

...

38

 

3.4 An Foinse Cistí

...

...

...

...

...

...

...

40

 

3.5 Gnó-Réim na Cuideachta

...

...

...

...

...

...

44

IV

FOCAL SCOIR

...

...

...

...

...

...

...

48

AN tAONÚ TUARASCÁIL DÉAG

CUIDEACHTA AN CHAIRDE TIONSCAIL, TEORANTA

I RÉAMHRÁ

1.1 Cúlra

1. Tá Cuideachta an Chairde Tionscail (nó CCT mar a thugtar uirthi) ar cheann de na comhlachtaí Stát-tionscanta dár gcuid is faide atá bunaithe. Bunaíodh í i 1933 faoi Acht Cairde Tionscail na bliana sin chun eisiúintí caipitil a fhrithghealladh agus chun caipiteal fadtréimhseach agus meántréimhseach a chur ar fáil, go háirithe chun tionscail nua a bhunú. An tráth sin bhí forbairt an tionscail mhonarúcháin mar mhórchuspóir ag an mbeartas náisiúnta geilleagair. Ó bunaíodh an Chuideachta tá feidhm thábhachtach comhlíonta aici i maoiniú tionscail. Cé gur bunaíodh le blianta beaga anuas forais eile a thairgeann seirbhísí airgeadais den sórt céanna tá caidreamh speisialta ag an gCuideachta i gcónaí le tionscail na hÉireann. Cuireann sí réimse chuimsitheach saoráidí airgeadais ar fáil chun tionscail nua a bhunú agus chun fiontair atá ann cheana féin a leathnú. Is léir a thábhachtaí atá an Chuideachta mar gur chuir sí tuilleadh le £274 milliún ar fáil go díreach d’fhiontair in earnálacha monarúcháin, dáiliúcháin agus seirbhísí thionscail na hÉireann suas go dtí an 31 Deireadh Fómhair, 1979.1 Déantar cúram ar leith do thograí chun tionscadail mhionscála a mhaoiniú. Sa bhliain dar chríoch 31 Deireadh Fómhair 1979 ba do ghnólachtaí a fhostaíonn níos lú ná 100 oibrí tuairim 90 faoin gcéad de na ceaduithe iasachtaí.2 Bhí baint ag an gCuideachta le roinnt gnólachtaí fad a bhí siad ag forbairt ó mhionfhiontair go dtí mórfhiontair.


2. Is mór an t-athrú atá tagtha ar riachtanais airgeadais tionscail agus gnó ó bunaíodh an Chuideachta—tá sí ag gníomhú anois i gcomhshaol atá níos casta, níos sofaistiúla agus níos iomaí ná mar a bhí san am a caitheadh. Trí leathnú a dhéanamh ar na saoráidí a bhí ann roimhe seo scair-eisiúintí a fhrithghealladh agus iasachtaí fadtréimhseacha a chur ar fáil, tá an Chuideachta tar éis socruithe a thabhairt isteach chun gléasra agus innealra a sholáthar ar fhruilcheannach agus chun maoin agus trealamh a léasadh. Cuireann sí airgead ar fáil d’fhiontair dáiliúcháin agus don earnáil turasóireachta. Le gairid freisin tá sí tar éis a scéim iasachtaí speisialta a leathnú chun cabhrú le gnólachtaí monarúcháin beaga agus meánmhéide a bhfuil lag-ghréasáin caipitil acu. Tá fochuideachta aici a chuireann comhairle agus saoráidí ar fáil i ndáil le cumaisc idir gnólachtaí—Cumaisc Teoranta—agus fochuideachta eile, an Chorparáid Airgeadais Loingis Teoranta, a chuireann airgeadas ar fáil chun longa a dhéanamh i longchlósanna na hÉireann. Rinneadh leachtú toilteanach i mí Iúil, 1980, ar thríú fochuideachta, Corparáid Airgeadais Scannán na hÉireann Teoranta, a bhí ar scor le roinnt blianta.


3. Tá an fás gasta a tháinig ar Chuideachta an Chairde Tionscail tar éis brú mór a chur ar a hacmhainní ach d’éirigh léi a foinsí cistí a leathnú agus a dhíbhéirsiú. Ní raibh stró ar bith taiscí a fháil ón bpobal le blianta beaga anuas agus is breis is 40 faoin gcéad den iasachtú iomlán iad anois. Fuair an Chuideachta iasachtaí ón mBanc Domhanda agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus shocraigh sí creidmheas trí fhorais airgeadais eile thar lear. Faigheann sí iasachtaí ón Státchiste freisin. Ba é an figiúr ab airde fós an tsuim £52 milliún a cuireadh i leataobh don Chuideachta sa Chlár Caipitil Poiblí sa bhliain 1979 agus ina bhfuil soláthar do ghníomhaíochtaí airgeadais CCT le haghaidh longthógála. An bhliain sin ba é caiteachas iarbhír CCT faoin gClár Caipitil Poiblí £69.33 milliún. I gClár Caipitil Poiblí na bliana 1980 cuireadh £75.0 milliún i leataobh, agus ba le haghaidh infheistíocht tionscail é ar fad beagnach, chun a chumasú don Chuideachta méadú suntasach a dhéanamh ar mhéid a gnó, á chinntiú leis sin nach dtabharfaí an t-eiteach do thionscadal fiúntach ar bith cheal airgid.


1.2 Gné Dlíthiúil

4. Is é an tAire Airgeadais an tAire atá freagrach as CCT agus is eisean a shealbhaíonn bunáite an scairchaipitil eisithe ar fad agus a cheapann na stiúrthóirí. Is é an scairchaipiteal eisithe £8.83 milliún agus tá 640 scair £1 ag daoine príobháideacha (Foscríbhinn I). Ní chuireann an tAire a ladar isteach in oibríochtaí na Cuideachta ó lá go lá ach, ar ndóigh, tá baint aige lena beartas i gcoitinne, le buiséad bliantúil na Cuideachta, lena gnó-réim airgeadais ghinearálta, le rátaí úis ar iasachtaí agus ar thaiscí, le hiasachtú eachtrach, le hiasachtú a ráthú, le foirm na gcuntas bliantúil a cheadú, leis na cuntais a chur faoi bhráid an Oireachtais agus le reachtaíocht leasúcháin.


5. Thug an tAcht Cairde Tionscail, 1933, cumhacht don Aire Airgeadais suibscríobh a dhéanamh i leith scaireanna i CCT a corpraíodh i mí Dheireadh Fómhair 1933. Tairgeadh scaireanna na Cuideachta don phobal i Samhain na bliana sin. Thóg an tAire Airgeadais, mar fhrithgheallaí, an chuid is mó de na scaireanna. I dhá eisiúint ina dhiaidh sin sna deich mbliana ó 1930 thóg an tAire arís an chuid is mó de na scaireanna. Tar éis tairiscint ón Aire scairshealbhóirí príobháideacha CCT a cheannach amach i 1958, mhéadaigh sealbhaíocht an Stáit go dtí breis is 99 faoin gcéad. Bhí roinnt scairshealbhóirí príobháideacha nár ghlac le tairiscint an Aire. Sealbhaíonn siadsan agus a gcomharbaí eatarthu níos lú ná a haon faoin gcéad de chothromas CCT faoi láthair. Tá CCT ar liosta an Stocmhargaidh fós.


6. Rinneadh an tAcht Cairde Tionscail, 1933, a leasú sé huaire chun scairchaipiteal nó ráthaíochtaí ar iasachtuithe a mhéadú. Rinneadh na leasuithe i 1958, i 1959 agus ceithre huaire ar leith sna deich mbliana ó 1970. I leasú na bliana 1971 méadaíodh an scairchaipiteal údaraithe go dtí £12 milliún agus méadaíodh cumhachtaí iasachtaithe go dtí £30 milliún agus ag an am céanna méadaíodh ráthaíochtaí Aire go dtí £30 milliún. Faoin leasú sin ceadaíodh do CCT airgeadas a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí lasmuigh d’Éirinn ar an gcoinníoll go rachadh na gníomhaíochtaí sin chun tairbhe go díreach do thrádáil agus do thionscail na hÉireann. Trí leasuithe a dhéanamh ar an Acht i 1974 agus i 1977 méadaíodh cumhachtaí iasachtaithe CCT go dtí £200 milliún. I Nollaig na bliana 1979 ritheadh leasú eile a d’ardaigh na teorainneacha reachtúla ar chumhacht an Aire Airgeadais chun iasachtuithe ag CCT a ráthú. Leis an leasú sin freisin ardaíodh na teorainneacha reachtúla ar chumhachtaí iasachtaithe na cuideachta féin. Faoin leasú sin ardaíodh teorainn iasachtaithe CCT go dtí £400 milliún.


1.3 Forbairt Stairiúil

7. Cé gur thug an tAcht Cairde Tionscail, 1933 agus an Meabhrán Comhlachais de cheart do CCT iasachtaí agus airgeadas a sholáthar ar bhealaí éagsúla, d’éirigh leis sa chuspóir a bhí aige caipiteal a sheoladh chuig tionscail sna deich mbliana tar éis 1930, go háirithe trí fhiontair a ghríosú a scaireanna a thairiscint don phobal tríd an Stocmhargadh. Mura gceannódh an pobal scaireanna gheobhadh CCT iad. Sna deich mbliana ó 1930 chuir CCT 29 gcuideachta ar foluain, lena n-áirítear Corparáid Árachais na hÉireann, Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta, Cement Limited agus Irish Ropes Limited.


8. Le linn an Dara Cogadh Domhanda is beag gníomhaíocht a bhí ar siúl ag CCT. Bhí an fhoireann bheag ag gabháil go háirithe do mhaoirsiú portfóilió scaireanna a fuarthas go mór mór trí oibleagáidí frithgheallta a fheidhmiú. Ó am go ham rinneadh na scaireanna sin a dhiúscairt tríd an Stocmhargadh nuair a bhí dálaí an mhargaidh oiriúnach chuige sin. Leanadh arís le gníomhaíochtaí árais eisiúna agus árais frithgheallta i 1946. Cuireadh cuideachtaí fearacht Gypsum Industries, Roadstone Limited agus Irish Glass Bottle Limited ar foluain le linn na tréimhse sin.


9. Tar éis an Chéad Chlár um Fhorleathnú Eacnamaíoch a fhoilsiú i 1958 tháinig leathnú seasta ar CCT ó thaobh caipiteal a chur ar fáil do thionscail agus ó thaobh foirne. Léirigh an Dara Clár um Fhorleathnú Eacnamaíoch i 1964 an méid seo a leanas:- “The demand for the facilities offered by the Company has increased so much in recent years that over one half of the total capital provided by it since its incorporation in 1933 has been provided during the past five years”.3 Méadaíodh airleacain ó £0.5 milliún i 1958 go dtí £4.3 milliún i 1968.4 Lasmuigh de na seirbhísí a bhí ann cheana féin a fhorbairt, thug CCT roinnt seirbhísí nua isteach le linn na tréimhse sin. Cé go raibh tábhacht ag baint fós le hairgeadas a chur ar fáil trí scair-eisiúintí, ba í an phríomhghníomhaíocht ansin caipiteal a sholáthar trí iasachtaí agus trí fhruilcheannach.


10. De bharr infheistíocht tionscail agus forás eacnamaíoch a bheith ag méadú go gasta amach sna deich mbliana ó 1960 agus sna blianta tosaigh tar éis 1970 tháinig athruithe suntasacha ar an gcomhshaol ina raibh CCT ag obair. Chuir na bainc thráchtála níos mó spéise i gcistí a thabhairt ar airleacan don earnáil monarúcháin agus chuir siad roinnt fochuideachtaí baincéireachta trádála ar bun. Faoin mbliain 1968 bhí roinnt banc trádála ón Ríocht Aontaithe agus roinnt grúpaí baincéireachta ó Mheiriceá Thuaidh ag gníomhú anseo. Ina dhiaidh sin bhunaigh roinnt mhaith grúpaí ó CEE oifigí i mBaile Átha Cliath. Le linn na tréimhse sin tháinig leathnú mór ar ghníomhaíochtaí CCT. Idir 1968 agus 1979 mhéadaigh airleacain CCT ó £4.3 milliún go dtí £66.2 milliún. Ina theannta sin, sa tréimhse sin tugadh isteach go leor seirbhísí breise fearacht na scéime i dtaobh airgeadais le haghaidh dailiúcháin, brainsoifigí a oscailt, Cumaisc Teoranta a bhunú, iasachtaí a fháil ón mBanc Domhanda agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus Scéim Caipitil Fiontair na Cuideachta a thabhairt isteach.


1.4 Cuspóirí na Cuideachta

11. Is í príomhchuspóir na Cuideachta na feidhmeanna a chomhlíonadh a chomhlíonann banc forbartha náisiúnta i.e. forás eacnamaíoch ar fud na tíre a chur chun cinn trí chaipiteal a chur ar fáil d’earnálacha tionscail agus seirbhíse na heacnamaíochta agus fós iarracht a dhéanamh fáltas réasúnta a shaothrú ar chistí scairshealbhóirí.


12. I dtús báire sheol CCT caipiteal chuig tionscail trí fhiontair a ghríosú a scaireanna a thairiscint don phobal tríd an Stocmhargadh. Leis na blianta anuas rinne an Chuideachta socrú i ndáil le 84 eisiúint phoiblí, sin tuairim 50 faoin gcéad de na cuideachtaí tionscail ar fad a scaoileadh ar Stocmhargadh Bhaile Átha Cliath ó bunaíodh CCT.5 Ó thaobh CCT tá sé fíor-thábhachtach fós an pobal a ghríosú chun infheistiú i dtionscail Éireannacha trí scaireanna a cheannach ar an Stocmhargadh cé gur forais is mó a dhéanann infheistíocht chothromais le blianta beaga anuas. Glacann an Comhchoiste leis gur cúrsaí nach bhfuil smacht ar bith ag an gCuideachta orthu, fearacht ardchánachas pearsanta, rialacháin an Stocmhargaidh, faitíos táthcheangal agus leasanna eile a bheith le baint as airgead, is cúis leis an bhfíorbheagán eisiúintí poiblí a bhain le gníomhaíochtaí CCT le blianta beaga anuas agus le forais in ionad daoine aonair a bheith bainteach leo.6


13. Ba í cuspóir na Cuideachta i dtús báire forbairt tionscail a chur chun cinn trí chaipiteal a chur ar fáil do thionscail. Rinneadh, áfach, cumhachtaí na Cuideachta a leathnú le hAcht Leasúcháin 1971 agus anois cuireann CCT saoráidí iasachtaí ar fáil d’fhiontair i gcuid mhaith earnálacha. Thairis sin, beagnach gach iarratas a scrúdaíonn an Chuideachta is iarratas é chun tionscal atá ann cheana féin a leathnú agus ciallaíonn sé sin go bhfuil riachtanais caipitil oibre ina gcuid de na hiarratais sin. Déanann CCT idirdhealú idir caipiteal oibre “lárnach” agus séasúrach. I ngnáthdhálaí ní chuireann an Chuideachta an dara cineál caipitil ar fáil.7


14. Le blianta beaga anuas is ar earnáil na mionghnó is mó atá béim á chur ag CCT. Is don earnáil sin atá tuairim 90 faoin gcéad d’iasachtaí CCT á dtabhairt faoi láthair.8


1.5 Gníomhaíochtaí na Cuideachta

15. Ó corpraíodh í i 1933 tá CCT, leis an gCorparáid Airgeadais Loingis Teoranta, an fhochuideachta atá ar úinéireacht aici go hiomlán agus a bunaíodh i 1961, tar éis caipiteal £274 milliún a chur ar fáil go díreach do thionscail agus do ghnóthais tráchtála na hÉireann, trí iasachtaí, trí infheistíocht scaireanna, trí fhruilcheannach, trí léasadh trealamh agus maoine, trí ráthaíochtaí, etc., agus, ina theannta sin, tá sí tar éis foluaintí caipitil ag cuideachtaí Eireannacha de thuairim £30 milliún a fhrithghealladh.


16. Tá príomhghníomhaíochtaí ghrúpa CCT le fáil faoi na ceannteidil seo a leanas: iasachtaí téarma, infheistíocht scaireanna, frithghealladh caipitil agus seirbhísí árais eisiúna, fruilcheannach, léasadh trealaimh, airgeadas le haghaidh dáiliúcháin, airgeadas le haghaidh turasóireachta, iasachtaí speisialta, maoin tionscail, seirbhísí comhairleacha, iasachtaí do long-úinéirí agus cumaisc agus táthcheangail. Tá cur síos níos mine i bhFoscríbhinn I ar na gníomhaíochtaí sin. Lasmuigh den scéim iasachtaí speisialta agus iasachtaí do long-úinéirí déantar gníomhaíochtaí an ghrúpa a sheoladh ar theármaí tráchtála.


II OIBRÍOCHTAÍ

2.1 Earnálacha Tionscail ar a nDéanann CCT Freastal

17. Ar feadh roinnt blianta tar éis a bunaithe dhírigh CCT a gníomhaíochtaí tacaíochta ar earnáil monarúcháin thionscail na hÉireann. Le gairid, áfach, ghlac an Chuideachta le tograí ó fhiontair sna hearnálacha turasóireachta agus dáiliúcháin freisin. Tá forbairt stairiúil na seirbhísí a chuireann CCT ar fáil léirithe i bhFoscríbhinn I. Déantar cion ard d’iasachtóireacht iomlán na Cuideachta a airleacan le haghaidh sócmhainní dochta (áitribh, gléasra agus trealamh) agus is caipiteal oibre lárnach an chuid eile ar fad beagnach. Tá de dhifríocht idir CCT agus na bainc thráchtála go dtugann sí a hairleacain ar fad don phobal gnó le haghaidh forbartha agus tá tréimhse aisíoca níos faide ag go leor iasachtaí CCT ná mar atá ag iasachtaí téarma bainc. Is iondúil go ndéanann gníomhaíocht CCT riachtanais infheistíochta tionscail sa tír a léiriú. Maidir leis sin tá an Rialtas tar éis a shocrú le gairid go ndéanfaidh an Chuideachta £50 milliún breise a chur ar fáil do ghnólachtaí monarúcháin beaga agus meánmhéide ar doiligh dóibh creidmheas a fháil; cuirfear na hiasachtaí sin ar fáil ar rátaí fabhracha úis.9


18. Idir 1975 agus 1979 tháinig roinnt athruithe ar an gcion de na cistí a cionroinneadh ar na hearnálacha éagsúla tionscail. Rinne na tionscail thraidisiúnta, lena n-áirítear bia agus próiseáil bia, teicstíleacha, coisbheart agus éadaí, troscán agus táirgí adhmaid agus an tionscal clódóireachta, cion níos lú de chistí CCT a ghabháil chucu i 1979 ná mar a rinne siad i 1975. Ar an láimh eile rinne na tionscail nua, lena n-áirítear na tionscail i gceimicí agus i dtáirgí ceimiceacha agus i miotail, a scair a mhéadú. Le linn na tréimhse tharla athrú suntasach i dtreo tacaíocht a thabhairt d’fhiontair san earnáil dáiliúcháin i gcoitinne. I 1979 rinne an grúpa tionscal sin, lena n-áirítear óstáin agus lónadóireacht, na cearda dáiliúcháin, seirbhísí iompair agus fo-ghabhálacha agus seirbhísí eile, 37.2 faoin gcéad de chistí infheistithe CCT a ghabháil chucu (Tábla I).


TÁBLA 1


Cionroinnt Cistí Infheistíochta 1975 agus 1979


An Earnáil Gníomhaíochta Tionscaila

1975

1979

 

%

%

Bia agus Próiseáil Bia

...

...

...

...

12.2

9.4

Teicstíleacha, Coisbheart & Eadaí

...

...

9.0

6.6

Troscán & Táirgí Adhmaid

...

...

...

6.6

3.0

Na Tionscail Clódóireachta, Foilsitheoireachta & a gComhthionscail

...

...

...

...

5.8

3.6

Ceimicí & Táirgí Ceimiceacha

...

...

...

2.8

6.0

Táirgí Miotail

...

...

...

...

...

4.9

9.4

Longthógáil

...

...

...

...

...

22.9

16.2

Tionscail Ilghnéitheacha, Tógáil agus Innealtóireacht

13.9

8.6

Seirbhísí Dáiliúcháin agus Eile

...

...

...

21.9

37.2

An tIomlán

...

...

...

...

...

100.0

100.0

 

 

 

 

 

=£51,267,000

=£142,144,000

Foinse: Cuntais Cuideachta CCT 1975 agus 1979.


2.2 Seirbhísí Iasachtaí

19. Is í príomhchuspóir CCT forás eacnamaíoch ar fud na tíre a chur chun cinn trí chaipiteal a chur ar fáil d’earnálacha tionscail agus seirbhíse an gheilleagair. Á dhéanamh sin di tairgeann CCT raon fairsing seirbhísí airgeadais agus eile mar atá sa liosta i mír 16. Deir an Chuideachta go raibh sí ar cheann de na chéad fhorais a d’fhreagair do na deiseanna móra a tharla ann de bharr an mhéadú gasta ar infheistíocht tionscail sa tréimhse ó 1968.10


20. Is i bhfoirm iasachtaí lena ngabhann tréimhsí aisíoca suas go dtí 15 bliana a bhíonn tuairim trí cheathrú de na saoráidí a chuireann CCT ar fáil. Is féidir an ráta úis a bheith socair nó malartach. Nuair a bhíonn rátaí arda úis i bhfeidhm, mar atá faoi láthair, is mó éileamh a bhíonn ar chistí ar ráta úis socair ná na cistí a bhíonn ar fáil. Nuair a bhíonn rátaí ísle úis i bhfeidhm, bíonn tóir ag iasachtaithe ar iasachtaí ar ráta malartach. Faoi láthair tá breis is leath d’iasachtaí CCT á dtabhairt ar ráta úis socair ach tá an cion sin ag laghdú.11


2.3 Forbairt Fiontair

21. Tá forbairt fiontair in Éirinn fíorthábhachtach ó thaobh an gheilleagair. Is ceann de phríomhchuspóirí CCT aos dána gnó-eagraíochta a fhorbairt sa tír. Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag gnó-eagraithe is ea airgeadas leordhóthanach a fháil chun tionscadail a chur ar foluain. Chun freastal ar an riachtanas sin tá CCT tar éis Scéim Caipitil Fiontair a fhorbairt faoinar féidir cistí a bheith i bhfoirm scairchaipitil nó iasacht-chaipitil.12 Tá an scéim ann anois le tuairim trí bliana agus go dtí seo cuireadh 18 dtogra faoi bhráid CCT. Agus chuir sí £500,000 san iomlán ar fáil. Níor cuireadh ach 10 faoin gcéad den iomlán ar fáil i bhfoirm scairchaipitil. Ní raibh éileamh chomh mór ar an scéim is a measadh a bheadh.13


22. Déantar rannpháirtithe don scéim a aithint ar bhealaí éagsúla. I gcoitinne téann gnó-eagraithe ionchasacha i dteagmháil le CCT ach tá iarracht déanta ag an gCuideachta an scéim a fhógairt tríd na nuachtáin agus aithníodh gnó-eagraí amháin trí scéim dámhachtana a bhunaigh an Chuideachta. Faigheann CCT moltaí freisin ó roinnt foinsí príobháideacha. Ní áirítear ar an líon rannpháirtithe a luaitear thuas gnó-eagraithe lena gcabhraíonn an tÚdarás Forbartha Tionscail. (UFT)


23. Tá an Scéim Caipitil Fiontair scóipiúil go maith agus cuirtear réimse fairsing seirbhísí ar fáil fúithi. Is féidir le gnó-eagraí dul i dteagmháil le CCT agus smaoineamh aige, agus ansin seolann an Chuideachta an t-iarratasóir chuig an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán (ITTC) agus CTT le haghaidh tuairiscí fiúchais teicniúla agus margaíochta. Cuireann CCT féin an tseirbhís airgeadais ar fáil chun an tionscadal a fhorbairt. Taitníonn an scéim sin leis an gComhchoiste agus molann sé gur cheart bealaí a lorg chun feidhm na scéime a leathnú agus chun poiblíocht níos mó a thabhairt di le go mbeidh eolas níos fearr uirthi agus teacht uirthi níos éasca ag rannpháirtithe poitéinsiúla.


2.4 Earnáil na Mionghnó

24. Ceann de na réimsí ar thug CCT aird mhór air i gcónaí agus a dtugann sí aird níos mó fós anois air is ea réimse na mionghnó. Is príomhfheidhm de chuid CCT fás agus forbairt a dhéanamh ar ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Is breá leis an gComhchoiste an claonadh sin mar go léiríonn sé go bhfuil aitheantas á thabhairt don ghá atá le greasachtaí airgeadais d’fhiontair dhúchasacha a bhfuil an poitéinseal acu fás agus cur go mór le spriocanna táirgíochta agus fostaíochta a bhaint amach. Tá sé léirithe ag taighde sa tír seo agus thar lear le gairid go bhfuil poitéinseal mór ann chun cumas gnó-eagraíochta a fhorbairt agus chun jabanna a chruthú in earnáil na mionghnó agus nach mór roinnt mhaith cúnamh forbartha a thabhairt don earnáil sin. Le linn 1979 ba do ghnólachtaí beaga agus méanmhéide (gnólachtaí a fhostaíonn níos lú ná 100 duine) nócha faoin gcéad de na hiasachtaí a cheadaigh CCT.


25. Ó tharla an dearcadh a bheith arís ag gníomhaireachtaí iasachtóireachta idirnáisiúnta cosúil leis an mBanc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte (an Banc Domhanda) agus an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) gur ceart earnáil na mionghnó a chur chun cinn, tá sin tar éis cabhrú go mór le CCT sa tacaíocht atá á thabhairt aici don earnáil sin trí airgeadas a chur ar fáil ar théarmaí fabhracha. De bharr teacht a bheith ag CCT ar fhoinsí airgeadais atá ceaptha d’earnáil na mionghnó treisíonn sin go mór leis an gCuideachta sa chás sin. Faoi théarmaí comhaontaithe speisialta idir an Rialtas agus an BEI cuireann CCT ar fáil suas go dtí caoga faoin gcéad de riachtanais caipitil chuideachta ar leith le haghaidh tionscadal monarúcháin in earnáil na dtionscal mionscála ar ráta úis speisialta, íseal, socair (12.5 faoin gcéad do théarma na hiasachta).14 Faoin scéim sin tá CCT tar éis 509 n-iarratas a fháil ar luach £36 milliún gnó. Amhail mar a bhí sa Mhárta, 1980 bhí CCT tar éis beagnach 400 iarratas ar £27 milliún a cheadú agus bhí an BEI tar éis 334 iarratas ar £23 milliún a cheadú.15 Ní mór na hiasachtaí a bheith ceadaithe ag CCT agus ag an BEI. Le gairid rinne CCT socrú i ndáil le hiasacht £10 milliún breise ón BEI ar rátaí úis fabhracha socra a bheidh le tabhairt chun sócmhainní dochta nua i bhfiontair bheaga a mhaoiniú.16


26. Tagann fuílleach na riachtanas caipitil ó fhoinsí eile, deontas UFT, cothromas tionscnóirí agus iasachtaí bainc de ghnáth. I gcásanna áirithe cuirfidh CCT féin cuid den fhuílleach ar fáil. Is maith is léir don Chomhchoiste mura gcuirtear an t-airgeadas atá ann d’earnáil na mionghnó ar fáil ar théarmaí fabhracha go measfaidh roinnt mhaith fiontar atá á iarraidh go bhfuil sé róchostasach agus nach leathnóidh siad de réir mar is mian sin a dhéanamh. Feictear do CCT gur feidhm bhunúsach dá cuid earnáil na mionghnó a mhaoiniú mar gurb í an Chuideachta an banc a bunaíodh chun caipiteal a chur ar fáil nach mbeadh ar fáil, b’fhéidir, thairis sin. Is é barúil CCT gur lú sochair a bhaineann le hearnáil na mionghnó ná le hearnálacha eile.17


27. Glacann an Comhchoiste leis gur ceann de na príomh-fhadhbanna nuair a bhítear ag déileáil le mionghnóthaí gur mion minic a chaitheann an foras iasachtóireachta dálaí neamh-airgeadúla a chur san áireamh in aon mheastachán — dálaí nach dtugann forais airgeadais eile aird ar bith orthu b’fhéidir. I ndáil leis sin réitíonn an Comhchoiste le CCT a bheith páirteach i gcomhfhiontair sa chuid sin den mhargadh maoine tionscail a bhíonn ag plé le monarchana beaga agus stórais a chur ar fáil sna limistéir is mó atá cheal cúraim. Chun mionghnóthaí a bhunú agus tacaíocht a thabhairt dóibh bhí ar CCT a bheith bainteach leis an margadh maoine tionscail.18 Ní gnách le forais iasachtóireachta a bheith sásta airgeadas a thabhairt do thionscail bheaga chun monarchana a fháil. Trí dhul i bpáirt le roinnt forbróirí eastát tionscail tá CCT in ann spás monarchan a chur ar fáil nach mbeadh ar fáil thairis sin ag mionghnóthaí. Déanann an clár sin comhlánú ar ghníomhaíochtaí an UFT mar go gcuirtear aonaid bheaga ar fáil i limistéir lár cathrach do na cearda dáiliúcháin agus don mhonarú le chéile.


28. Glacann an Comhchoiste leis gur fadhb bhreise nuair a bhítear ag déileáil le mionghnóthaí a n-easpa tuisceana agus a ndearcadh ar ghníomhaireachtaí Stát-tionscanta ar a bhfuil sé de chúram cúnamh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile a chur ar fáil. Ar an gcúis sin agus ar na cúiseanna eile a tugadh roimhe seo, tá feidhm tionscnaimh tionscail CCT sárthábhachtach agus braithfidh an chaoi a n-éireoidh léi ar fheabhas an cheangail a bheidh idir a gníomhaíochtaí agus gníomhaireachtaí tacaíochta eile. Ba chúis cúraim ar leith don Chomhchoiste an caidreamh le gníomhaireachtaí seirbhíse tacaíochta eile Stáit fearacht CTT, ITTC agus an tÚdarás Forbartha Tionscail mar gur trí CCT a cuireadh ar fáil go leor de na seirbhísí neamh-airgeadúla a theastaigh ó iarratasóirí ó earnáil na mionghnó agus nach í an Chuideachta féin a chuir ar fáil iad.19 Is cúis áthais don Chomhchoiste an caidreamh oibre daingean suite atá ag CCT le gníomhaireachtaí eile Stáit fearacht an UFT, an ITTC agus CTT.


2.5 Bainteachas leis an mBanc Ceannais agus leis na Bainc Chomhlachaithe

29. Oibríonn an Banc Ceannais córas cóimheas leachtaíochta do na bainc cheadúnaithe ar fad mar bhealach le beartas airgeadaíochta a chur i bhfeidhm. Trí athruithe a shonrú i gcóimheasa leachtaíochta tá an Banc Ceannais in ann tionchar a bheith aige ar an bhforás i gcomhiomláin airgeadaíochta. De bharr nach banc CCT de réir brí na reachtaíochta baincéireachta níl aon urlámhas díreach ag an mBanc Ceannais ar a gníomhaíochtaí.20 Is ag an Roinn Airgeadais atá urlámhas ar ghníomhaíochtaí CCT agus dá bhrí sin ní gá don Chuideachta cloí leis na cóimheasa leachtaíochta a fhorordaítear d’fhorais airgeadais, ná ní cheanglaítear ar an gCuideachta cloí le haon treoirlínte creidmheasa cainníochtúla a bheidh i bhfeidhm ó am go ham. De bharr nach mbíonn ar CCT freagairt do na príomh-chóimheasa agus do na cóimheasa tánaisteacha atá leagtha síos do na Bainc Chomhlachaithe, agus dá bhrí sin nach mbíonn uirthi a hacmhainní a bheith ceangailte in airgead ná in iasachtóireacht leis an Státchiste lena mbaineann níos lú brabúis, is léir gur buntáiste é sin ar aon dul le fóirdheontas do CCT nó mar cháin ar na Bainc Chomhlachaithe.21 Tá sé ráite ag CCT go n-oibríonn sí a scéim cóimheas leachtaíochta féin atá ar aon dul tríd is tríd leis an scéim a oibríonn na bainc thráchtála.22 Mar sin féin aontaíonn an Comhchoiste gur cheart d’fhorais airgeadais atá cosúil le chéile bheith san iomaíocht ar bhonn cothrom agus dá bhrí sin tá an cheist ann ar cheart CCT a chur go foirmiúil faoi urlámhas an Bhainc Ceannais agus é d’oibleagáid uirthi déanamh de réir cheanglais an Bhainc Ceannais. Molann an Comhchoiste gur cheart don Roinn Airgeadais agus don Bhanc Ceannais scrúdú a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le CCT a chur faoi urlámhas foirmiúil an Bhainc Ceannais nuair a bheidh cuspóirí CCT i ndáil le brabúsacht bainte amach.


30. Maidir leis an mbainteachas atá idir CCT agus na Bainc Chomhlachaithe is léir do CCT gurb í féin a chuireann creidmheas fadtréimhseach ar fáil. I gcoitinne déanann CCT feidhmeanna na mBanc Comhlachaithe a chomhlánú. Cuireann gach ceann ar leith acu beartán éagsúil seirbhísí ar fáil agus is ag an iasachtaí atá an rogha agus braitheann an rogha go mór ar a bhfuil ag teastáil uaidh go sonrach. I gcuid mhaith cistiúchán CCT bíonn anáil bainc thráchtála i gceist freisin.23 B’fhéidir gurb éard a bheadh in iasachtaí cuid áirithe ó CCT agus tréimhse aisíoca 10 mbliana, abair, i gceist agus cuid aírithe ó earnáil na baincéireachta príobháidí agus tréimhse aisíoca cúig bliana, abair, i gceist. Cé go mbíonn roinnt áirithe rádail agus iomaíochta idir an dá earnáil sa chás sin, is seirbhísí comhlántacha na seirbhísí a thairgtear do thionscail i gcoitinne.24 Cé is moite de thograí atá i dteideal airgeadas sainfheidhme ar ús íseal a fháil ón BEI, níl aon fhianaise dhochloíte ann go ndéanann CCT freastal ar iarratais ar iasachtaí nach féidir leis na bainc thráchtála déileáil leo de bharr srianta atá curtha orthu.25 Mhaigh na Bainc Chomhlachaithe, áfach, le gairid, go bhfuil ionad pribhléide ag na bainc Stáit maidir leis an gcosaint Rialtais a thugtar i bhfrithghealladh fiontar iomlaoide ar iasachtuithe in airgead reatha Chóras Airgeadaíochta na hEorpa (CAE). Creideann siad gur chóir an chosaint iomlaoide a leathnú chun a cheadú do na Bainc Chomhlachaithe dul san iomaíocht ar bhonn cothrom le CCT agus chun a áirithiú go leanfar le hobair chomhlántach na mbanc sa dá earnáil.


31. Maidir leis an gceist a bhaineann le raon iomlán seirbhísí baincéireachta a chur ar fáil glacann an Comhchoiste leis nach gá faoi láthair do CCT na gníomhaíochtaí atá ar siúl aici a leathnú. Ní chuireann CCT seirbhís cuntais reatha, seirbhísí iomlaoide coigríche ná seirbhísí bainistíochta portfóilió ar fáil. Níor mhór gréasán mór brainsí agus infheistíochtaí gaolmhara eile le seirbhís cuntais reatha a bhunú agus níl gá lena leithéid faoi láthair fad a bhaineann le cliaint CCT mar tá na seirbhísí sin á gcur ar fáil go leordhóthanach cheana féin ag na bainc thráchtála.26 Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil feidhmeanna comhlántacha ag CCT agus ag córas baincéireachta na hearnála príobháidí sna cúrsaí seo.


32. Ba mhór an chúis imní don Chomhchoiste, tráth a raibh cistí gann agus rátaí arda úis ann, go ndéanfaí iarratasóirí a bhí ag lorg iasachtaí ardfhiontair ó na bainc thráchtála a sheoladh chuig CCT. Níl fianaise ar bith ann, áfach, go bhfuil na bainc thráchtála tar éis CCT a ionramháil chun airgeadas a chur ar fáil nach gcuirfeadh sí ar fáil de ghnáth i mbun a cuspóirí mar bhanc forbraíochta di.27 Bhí an Comhchoiste ag iarraidh a chinneadh an bhfuil aon srianta sóisialta ar an ngné tráchtála d’oibríochtaí CCT a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a brabúsacht agus cur as don chumas atá aici a spriocanna airgeadais a bhaint amach. I gcásanna a ndiúltaítear gar do dhaoine a dhéanann iarratais ar na bainc thráchtála agus a dtéann siad i muinín CCT, is féidir leis an gCuideachta, os léir di a hardfhreagracht shóisialta, airgead a chur ar fáil do na hiarratais sin faoina scéim iasachtaí speisialta atá frithgheallta ag an Roinn Airgeadais.28 Níor theip ar mhórán faoin scéim sin cé go raibh roinnt de na tairbhithe mall ó thaobh ús a íoc ar an sprioc-am. Fiú amháin sna cásanna sin is é is dóichí go mbeadh baint ag na bainc thráchtála leo ó thaobh caipitil oibre. Dáiríre, gach togra a chuirtear faoi bhráid CCT bíonn baint ag banc tráchtála le cuid éigin eile den togra agus bíonn de thoradh air sin go mbíonn CCT agus na bainc thráchtála i bpáirt san obair forbraíochta.29


2.6 Bainteachas leis an Údarás Forbartha Tionscail

33. De bharr an cineál seirbhísí a chuireann CCT ar fáil bíonn caidreamh le go leor gníomhaireachtaí eile, stáit agus stát-tionscanta, i gceist. Tá na dálaí faoina n-oibríonn an Chuideachta go dlúth le gníomhaireachtaí fearacht an ITTC agus CTT léirithe i míreanna 23 agus 28 thuas. Is í an ghníomhaireacht is mó a mbíonn caidreamh ag CCT léi an tÚdarás Forbartha Tionscail a bunaíodh chun forbairt tionscail sa tír seo a chur chun cinn. Ó tharla gurb í príomhfheidhm CCT an t-airgead le haghaidh na forbartha sin a chur ar fáil is gá go síorraí faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí agus iad a fhí ina chéile. I roinnt tíortha is aon údarás amháin a chomhlíonann na feidhmeanna a chomhlíonann CCT agus a chomhlíonann an UFT. Dhúisigh an Comhchoiste an cheist, dá bhrí sin, ar chríonna an beart é dhá ghníomhaireacht ar leithligh a bheith ann, go háirithe ó tharla baint a bheith ag an UFT le gairid le riar mhór caipitil a thabhairt do mhórfhorbairtí tionscail.30 Is í seo an cheist atá á cur: “Ó tharla go bhfuil beartán riachtanas airgeadais ag an infheisteoir tionscail, cén fáth nach gníomhaireacht amháin, in áit dhá ghníomhaireacht mar atá faoi láthair, a chuirfeadh ar fáil iad?”.


34. Tá roinnt buntáistí ag gabháil le gach córas baincéireachta forbraíochta agus tá samplaí de gach ceann acu i gcodanna éagsúla den domhan. Tá ag gabháil le baincéireacht forbraíochta dhá ghné ar féidir le gníomhaireacht amháin nó níos mó iad a chur i gcrích. Sa chéad áit tá an fheidhm a ghabhann le tionscnamh tionscail lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin ar fad a bhfuil gá leo chun tionscail a mhealladh chun na tíre. Sa dara háit, tá an diminsiún airgeadais amháin faoinar gá grinnmheasúnú tráchtála a dhéanamh ar na tograí airgeadais ar fad a eascraíonn as aon tionscal nua a mheallfaí chun na tíre. Creideann CCT go mbíonn brú mór i gcónaí ar thionscnóir tionscail iasachtaí a chur ar fáil agus gur mó an brú nuair is ag an ngníomhaireacht chéanna a bhíonn an dá fheidhm ná nuair a bhíonn dhá ghníomhaireacht ar leithligh bainteach leo.31 Tríd an dá fheidhm a choinneáil scartha óna chéile creideann CCT gur féidir an leibhéal neamhspleáchais is gá a bheith ann i gcónaí agus san am céanna a áirithiú, trí dhea-chóras cumarsáide idirghníomhaireachta, go ndéantar clár forbartha tionscail a chur i gcrích go héifeachtúil.32 Tá dea-chuhmarsáid idir CCT agus an UFT ráthaithe mar tá ionadaíocht ag CCT ar roinnt coistí de chuid an UFT lena n-áirítear coiste na miontionscal, an coiste deontas atrealmhúcháin agus an coiste forbartha fiontair. Ar thionscadail sonracha dhéanfaí eolas a mhalartú go díreach freisin, ach sin faoi réir rún baincéireachta. Tá feidhm airgeadais i bhfad níos mó ag CCT ná mar atá ag an UFT agus is minic a thugann CCT comhairle don UFT ar chursaí airgeadais. Cé gur léir don Chomhchoiste go bhfuil buntáistí ag baint leis an dá chóras, is cúis imní dó mar sin féin go bhféadfadh an dealú feidhmeanna idir dhá eagraíocht Stát-tionscanta ar leithligh a bheith ina chúis le heaspa éifeachtúlachta i seirbhísí tionscail, go háirithe i réimse na mionghnóthaí.


III BAINISTÍOCHT AGUS GNÓ-RÉIM

3.1 Bainistíocht

35. Ag deireadh na bliana airgeadais 1979 bhí foireann 226 ag CCT agus ba foireann bainistíochta agus feidhmiúcháin 125 díobh sin, rud a léiríonn an ardoilteacht agus an oiliúint is gá chun feidhmeanna na Cuideachta a chomhlíonadh go héifeachtach. Tá fostaíocht sa Chuideachta méadaithe go mór le blianta beaga anuas — ó 1975 cuireadh 91 le líon iomlán na foirne. Bhí an fhoireann bhreise ag teastáil chun freastal ar an obair bhreise i dtrí oifig na Cuideachta i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach.


36. Cé gur tháinig méadú ar an líon iomlán foirne le blianta beaga anuas tháinig méadú freisin ar ghluaiseacht foirne.33 Is mór an fhadhb don Chuideachta an ráta méadaithe gluaiseachta foirne ó thaobh dóthain foirne le taithí a bheith ann chun feidhmeanna na Cuideachta a chomhlíonadh. Le blianta beaga anuas bhí CCT ag gníomhú a bheag nó a mhór mar láthair oiliúna d’fheidhmeannaigh agus tar éis dóibh siúd roinnt blianta a chaitheamh le CCT tugadh chun bealaigh iad isteach san earnáil phríobháideach agus go háirithe isteach san earnáil baincéireachta trádála.34 Is léir don Chomhchoiste, chun ardleibhéal seirbhíse baincéireachta a chothabháil chun cabhrú le forbairt tionscail sa tír, go bhfuil sé fíor-riachtanach an mianach ceart a bheith sa bhfoireann agus luach saothair maith a thabhairt dóibh as an obair. Maidir leis sin is léir don Chomhchoiste gur leis an earnáil baincéireachta príobháidí agus nach leis an gcuid eile den earnáil phoiblí atá CCT in iomaíocht ó thaobh foirne.


37. Is léir don Chuideachta nach gá di, de bharr fostaíocht léi a bheith slán agus dálaí dá samhail, na coinníollacha céanna a thairiscint chun a foireann a choimeád a thairgeann an earnáil baincéireachta tráchtála ach caitheann sí géilleadh do na srianta atá curtha uirthi ag an margadh ina n-oibríonn sí.35 Tá sé ráite ag an gCuideachta cén fáth a gcuireann sí in aghaidh léiriú docht a dhéanamh ar phrionsabal na haontachta sa tSeirbhís Phoiblí agus áitíonn sí go dtabharfaí aitheantas do dhálaí éilimh an mhargaidh.36 Is é an leagan amach atá ag an gComhchoiste go gcaithfidh CCT teacht a bheith aici ar scileanna sainiúla ionas go bhféadfaidh sí feidhmiú i gceart, díreach mar atá teacht orthu ag réimsí eile sa tSeirbhís Phoiblí. Ba chóir go n-éascódh sé an cor sin dá ndéanfadh an Rialtas na moltaí le gairid ón nGasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair níos Airde san Earnáil Phoiblí (Tuarascáil Uimh. 20) a chur i bhfeidhm go hiomlán. Um an dtaca seo ní féidir leis an gComhchoiste a dhéanamh ach an moladh a thug sé ina thuarascálacha le gairid ar Bhord na Móna agus ar Chorparáid an Chairde Talmhaíochta Teoranta a lua arís agus is é an moladh é go ndéanfaí tuarastail bainisteoirí sinsearacha a choinneáil faoi athbhreithniú go síorraí, go háirithe maidir leis an éifeacht atá ag an mbeartas láithreach ar mhianach na ndaoine a earcaítear chuig poist bhainistíochta shinsearacha.


3.2 Bainteachas leis an Roinn Airgeadais

38. Gach uile bhliain cuireann CCT meastacháin faoi bhráid na Roinne Airgeadais i dtaobh na bpleananna atá ag an gCuideachta don chéad bhliain eile agus tar éis comhráití leis an Roinn sin aontaítear figiúr don chlár caipitil poiblí. Is annamh aon easaontas faoin méid go díreach atá i gceist agus ní chuireann an Roinn Airgeadais teorainn le gníomhaíochtaí na Cuideachta.37


39. De bharr go ndéantar méid na gcistí atá ar fáil do CCT tríd an gClár Caipitil Poiblí a chinneadh ar bhonn bliantúil agus de bharr nach bhfuil sé leagtha amach cé na cistí poiblí a d’fhéadfadh a bheith ar fáil sna blianta atá romhainn is deacair a dhéanamh amach cén íosmhéid airgid a chaithfeadh CCT in aon tréimhse amach anseo.38 Dáil amháin, áfach, a laghdaíonn an deacracht sin go mór is ea an chuspóir dhearfa atá ag CCT a braiteachas ar an Státchiste a laghdú a luaithe is féidir é. Tá súil ag CCT é sin a dhéanamh tríd an gcion dá cistí a fhaigheann sí thar lear a mhéadú.39


40. Le blianta beaga anuas d’éirigh go maith leis na socruithe atá luaite i mír 38. Níor airigh CCT go raibh breis caipitil ag teastáil uaithi agus níor diúltaíodh do riachtanais infheistíochta bailí tionscail agus dáiliúcháin de bharr gan dóthain cistí a bheith ag CCT.40 Creideann an Chuideachta, áfach, go bhfuil an scéal ag athrú go gasta agus nach mbeidh cistí ar fáil chomh réidh sin amach anseo. Tá an Chuideachta anois ag lorg roinnt mhaith airgeadais i bhfoirm iasachtuithe eachtracha ó BEI. Is léir don Chuideachta nach mbeidh sí in ann leathnú mar ba mhian léi trí bheith ag brath go hiomlán ar chistí a fhaightear ag baile.41


41. Cé go bhfuil súil ag CCT a braiteachas ar an Roinn Airgeadais le haghaidh cistí a laghdú, beidh sí ag brath níos mó i gcónaí ar an Roinn mar sin féin chun an fiontar iomlaoide a ghabhann le cistí a fháil ar iasacht thar lear a ráthú. Is é polasaí CCT i ndáil le hiasachtuithe eachtracha gan glacadh le cistí den sórt sin mura mbíonn an fiontar iomlaoide ráthaithe. Tá na fiontair iomlaoide uile ráthaithe ag an Rialtas go dtí seo agus creideann CCT má leantar leis an nós sin go bhféadfadh an Chuideachta roinnt mhaith iasachtuithe in airgead reatha eachtrach a fháil as seo go ceann cúpla bliain a d’fhéadfaí a sheoladh chuig tionscail na hÉireann. Tacaíonn an Comhchoiste le CCT san iarracht sin agus aontaíonn sé go láidir le polasaí na Cuideachta maidir le cosaint ó fhiontar iomlaoide.


3.3 Forás agus Pleanáil

42. Rinne CCT a hiasachtóireacht a mhéadú 83 faoin gcéad i ndearbhthéarmaí sa tréimhse 1975-79.42 I 1979 bhí airleacain na Cuideachta os cionn £66 milliún. Chreid an Chuideachta go raibh 10 faoin gcéad den mhargadh iomchuí aici.43 De bharr go ngníomhaíonn CCT faoi cheannasacht an Chláir Caipitil Phoiblí ní bhaineann gníomhaíochtaí pleanála na Cuideachta ach le buiséid mhionchruinne a ullmhú do bhliain amháin sa turas. I rith na bliana déantar faireachán go rialta ar ghnó-réim iarbhír i gcoinne an bhuiséid. Ó thaobh fadtéarma de oibríonn an Chuideachta córas pleanála cúig bliana atá bunaithe tríd is tríd ar an tásc-chéimníocht ar phleanáil. Tá spriocanna leagtha amach cheana féin don tréimhse 1981-84. Leanann an Chuideachta céimníocht bhéal-oscailte ina pleanáil agus iarracht á dhéanamh aici an méid airgeadais is féidir a chur ar fáil de réir na rátaí úis a bhíonn i bhfeidhm.44


43. Nuair a bhíonn buiséid agus spriocanna á socrú ag an gCuideachta tugann sí aird ar an léirmheas geilleagrach a bhíonn ar fáil, ar na rátaí foráis a mheastar a bheidh ag an ngeilleagar, ar an scair den mhargadh a bhíonn ag an gCuideachta an tráth sin agus ar an seans atá ann go gcoinneoidh sí an scair sin agus ar aon phleananna mionchruinne eile a bhíonn ar fáil ó ghníomhaireachtaí fearacht an UFT.45 Is féidir deacrachtaí pleanála a bheith ann don Chuideachta de bharr gan clár caipitil poiblí a bheith ann do thréimhsí is faide ná bliain amháin. Dá mbeadh CCT in ann a dhéanamh amach roimh ré cén caiteachas náisiúnta nó infheistíocht náisiúnta a bheadh ann chuirfeadh sé ar a cumas a mheas cén caiteachas íosta is dóigh a bheadh ann don tréimhse i gceist.46


44. Is léir do CCT má tá uirthi brath ar an gClár Caipitil Poiblí mar fhoinse cistí nach mbeidh an Chuideachta in ann leanacht le leathnú ar an leibhéal a thograítear; dá bhrí sin, tá tábhacht ó thaobh CCT le foinsí eile airgeadais. Cé go bhfuil tosaíochtaí áirithe ag an gCuideachta a leanann sí nuair a bhíonn ganntanas airgid ann, ní raibh uirthi díriú ar chóras docht ciondála cistí le blianta beaga anuas. Dá dtarlódh a leithéid de chor go mbeadh cistí gann, bheadh tionchar mór ag cúrsaí fostaíochta ar ghníomhaíochtaí iasachtóireachta na Cuideachta agus chaithfí tosaíochtaí áirithe a leagan síos.47


3.4 An Foinse Cistí

45. Is é an Státchiste, trí scairchaipiteal nó trí airleacain, a sholáthraíonn beagnach 39 faoin gcéad de chaipiteal CCT. Is trí iasachtaí ó fhorais idirnáisiúnta cosúil leis an mBanc Domhanda, leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach a thagann 13.5 faoin gcéad eile de chaipiteal na Cuideachta. I mí Iúil 1979 is ó thaiscí a tháinig 34.4 faoin gcéad den chaipiteal iomlán (Tábla 2).


TÁBLA 2


Na Foinsí Caipitil — CCT agus Fochuideachtaí atá ar Úinéireacht go hIomlán aici, 31 Iúil 1979


An Fhoinse

An Méid

 

£

Scairchaipiteal Eisithe

 

Státchiste

...

...

...

...

...

...

...

8,829,360

Eile

...

...

...

...

...

...

...

640

Airleacain Státchiste

...

...

...

...

...

...

45,841,000

Iasachtaí Bainc

...

...

...

...

...

...

1,654,000

Iasachtaí BEI

...

...

...

...

...

...

...

6,043,000

Iasachtaí BIAF

...

...

...

...

...

...

12,645,000

Iasachtaí CEGC

...

...

...

...

...

...

324,000

Taiscí

...

...

...

...

...

...

...

...

48,360,000

Rótharraingt Bainc

...

...

...

...

...

...

2,498,000

Cúltacaí agus Barrachas

...

...

...

...

...

7,948,000

Cuntais Eile

...

...

...

...

...

...

...

6,330,000

An tIomlán

140,473,000

46. Séard é an scairchaipiteal £640 ó fhoinsí eile, seachas scaireanna cáilitheacha atá ag stiúrthóirí, fuílleach na scaireanna atá ag an bpobal agus nach bhfuil faighte ag an Aire Airgeadais faoin Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958. Tairgeadh £2 mhilliún san iomlán i scaireanna don phobal i 1933, 1936 agus 1952, ach níor thóg an pobal ach £8,607 den mhéid sin. Bhí ar an Aire Airgeadais an chuid eile a thógáil de réir na socruithe frithgheallta. Údaraíodh don Aire le hAcht 1958 na scaireanna a bhí ag an bpobal a cheannach amach.


47. I mí na Nollag, 1968 cheadaigh an tAire Airgeadais scéim taiscí de chuid CCT. Is í an taisce íosta tosaigh £1,000. Déanann an tAire taiscí a ráthú ó thaobh príomhshuime agus úis. Is iad seo a leanas na rátaí úis ab infheidhme ar an 1 Meitheamh 1980:


£1,000 go £5,000

12% sa bhliain ar éileamh,

£5,000 go £15,000

14% sa bhliain ar éileamh,

Os cionn £15,000

Athraíonn na rátaí de réir ráta idirbhanc Bhaile Átha Cliath.

Tá na treoghluaiseachtaí le gairid sa scéim taiscí léirithe thíos (Tábla 3).


TÁBLA 3


Taiscí Amuigh an 31 Deireadh Fómhair, 1975-1979


 

1975

1976

1977

1978

1979

An Méid £ milliún

...

...

11.7

15.7

20.1

33.6

54.5

48. Is léir don Chomhchoiste go bhfuil bainteachas díreach i roinnt cásanna idir an líon brainsí a bhíonn ag banc agus an líon taiscí a dhéantar leis an mbanc. I gcás CCT, áfach, is léir ón gcineál gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl ag an gCuideachta nach gá faoi láthair gréasán fairsing brainsí ná athrú ar bheartas na Cuideachta i leith taiscí.48 Glacann an Comhchoiste go hiomlán leis an dearcadh atá ag CCT nach cóir brainsoifigí a oscailt ach amháin nuair is féidir leo dóthain gnó a dhéanamh chun íoc astu féin.


49. Mar ba léir i mír 45 faigheann CCT a caipiteal ó fhoinsí éagsúla. Tá sé ceaptha le beartais chistiúcháin na Cuideachta bainteachas iomchuí a choinneáil idir téarma agus nádúr a dliteanas agus a sócmhainní agus fiontair iomlaoide shuntasacha ar iasachtuithe a sheachaint. Le blianta beaga anuas níl an tábhacht chéanna leis an Státchiste mar fhoinse cistí a bhíodh leis agus tá níos mó tábhachta ná a bhíodh le taiscí agus le forais idirnáisiúnta. Deir CCT go bhfuil sé de bheartas aici gan bheith ag brath chomh mór ar an Státchiste is a bhíodh agus dá thoradh sin tá sí ag lorg foinsí nua airgeadais a fhéadfar a úsáid ar mhaithe le fiontair Éireannacha.49


50. Is foinse shuntasach cistí do CCT le blianta beaga anuas an BEI. Tá cur síos i mír 2 thuas ar an BEI mar fhoinse cistí le haghaidh forbairt a dhéanamh ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Faoin scéim lena gcuirtear cistí an BEI ar fáil d’fhiontair Éireannacha bíonn dhá shraith slat tomhais i gceist. Leagann an Rialtas síos na coinníollacha i gcoitinne faoina ndéanann sé fiontair iomlaoide a ráthú in imthosca nach bhfostaíonn gnólachtaí iarrthacha níos mó ná 100 duine agus nach mó ná £1 milliún na sócmhainní dochta.50 De réir coinníollacha an BEI ní thugtar iasachtaí do Chuideachta monarúcháin aonair de mhéid is mó ná 50 faoin gcéad de riachtanais sócmhainní dochta. Déantar roinnt tionscal corrach a eisiamh.51 Cé go ráthaíonn an Rialtas an fiontar iomlaoide a ghabhann leis na hiasachtaí sin, glacann CCT leis an bhfiontar tráchtála ar fad. Is breá leis an gComhchoiste treallús CCT maidir le teacht ar fhoinsí nua cistí.


3.5 Gnó-Réim na Cuideachta

51. Maidir lena teist airgeadais, tá forás gasta déanta ag CCT le roinnt blianta anuas agus tá airleacain ó CCT do thionscail na hÉireann méadaithe ó £22.1 milliún i 1975 go dtí £66.2 milliún i 1979. Bhí airleacain don tréimhse sé mhí go dtí an 30 Aibreán, 1980 i bhfad níos mó ná airleacain don tréimhse chéanna i 1979. Measann CCT go mbeidh airleacain i 1980 níos airde ná an buaic-fhigiúr a bunaíodh i 1979. Idir 1975 agus 1979 bhí CCT freagrach as caipiteal a chur ar fáil mar a leanas:


TÁBLA 4


Caipiteal a chuir CCT ar Fáil, 1975-1979


Bliain go 31 Deireadh Fómhair

Iarbhír

Dearbhthéarmaía

 

£ milliún

1975

...

...

...

...

22.1

22.1

1976

...

...

...

...

26.4

22.4

1977

...

...

...

...

30.2

22.5

1978

...

...

...

...

38.7

26.8

1979

...

...

...

...

66.2

40.5

Foinsí: Tuarascálacha Bliantúla CCT agus Nuacht Staidrimh na hÉireann, Márta 1980 (Treoirphraghas do Thomhaltóirí).


52. Idir 1975 agus 1979 tháinig méadú 86.7 faoin gcéad i ndearbhthéarmaí ar ioncam CCT agus tháinig méadú 49.6 faoin gcéad i ndearbhthéarmaí ar bhrabúis tar éis cánach.52 Mar sin, bhí ag gabháil leis an méadú ar ioncam méadú dá shamhail ar airleacain tríd is tríd. Is í an dáil chontúirteach, áfach, le blianta beaga anuas an méadú ar an ús is iníoctha ag CCT. Le linn na tréimhse atá faoi athbhreithniú tháinig méadú 128.6 faoin gcéad i ndearbhthéarmaí ar an méid úis a d’íoc CCT. Tháinig méadú 91.2 faoin gcéad i ndearbhthéarmaí ar chaiteachais riaracháin le linn na tréimhse céanna, rud a bhí buille beag níos mó ná an méadú ar dhearbh-ioncam (Tábla 5). Bhí na brabúis tar éis cánach i 1978 níos airde ná a samhail d’fhigiúr do 1979.53 Is dóigh go gcuirfidh rátaí arda leantacha úis tuilleadh brú ar bhrabúis CCT. Léiríonn réamhfhigiúirí don tréimhse sé mhí suas go dtí an 30 Aibreán, 1980 gur tháinig méadú seacht faoin gcéad ar bhrabúis CCT, arna dtomhas i dtéarmaí reatha, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna go dtí an 30 Aibreán, 1979. Sin laghdú 7.5 faoin gcéad i ndearbhthéarmaí.54


TÁBLA 5


Torthaí Roghnaithe Trádála 1975-1979a


Torthaí Roghnaithe Trádála

1975

1976

1977

1978

1979

Dearbh-Athrúb 1975-79

 

 

 

 

 

 

%

Ioncam (£m)

...

...

...

6.0

8.4

10.8

13.1

18.3

86.7

Ús Iníoctha (£m)

...

...

3.4

5.0

6.7

7.2

12.7

128.6c

Caiteachais Riaracháin (£m)

...

0.8

1.1

1.3

1.8

2.5

91.2

Brabús tar éis Cánach (£m)

...

0.9

1.0

1.4

2.0

2.2

49.6

53. Cé gur tháinig méadú ar bhrabúis le linn na tréimhse 1975-79 tháinig méadú freisin ar chostais na Cuideachta agus ar an líon foirne a bhí fostaithe. Tháinig laghdú sa tréimhse ar dhearbh-bhrabúis i leith gach fostaí tar éis cánach, ó £6,700 an fostaí i 1975 go dtí £6,000 i 1979. Rinneadh méadú, áfach, sa chóimheas sin idir 1975 agus 1978. Cuireann rátaí arda úis agus dálaí eile brú mór ar lamhálacha a bhaineann go díreach le brabúsacht.55 Bhí an oll-lamháil ar iasachtóireacht beagán os cionn trí phointe céatadáin sa tréimhse 1975-1977. I 1978 baineadh olllamháil 4.6 phointe céatadáin amach ach laghdaigh sé sin go dtí 2.8 phointe céatadáin i 1979. Nuair a chuirtear i gcuntas beartas na Cuideachta i leith tuilleamh a choinnítear agus na treoghluaiseachtaí atá ag lamhálacha agus brabúis, tá an méid atá ar fáil chun críocha díbhinní, cé go bhfuil sé ag fás, beag go maith fós (Tábla 6).


TÁBLA 6


Cóimheasa Gnó-Réime Roghnaithe


 

1975

1976

1977

1978

1979

Dearbh-Bhrabúis tar éis Cánach I leith gach Fostaí

 

 

 

 

 

(£’000)

...

...

...

...

...

6.7

6.2

6.7

7.8

6.0

Díbhinn (%)

...

...

...

...

...

2.6

3.0

3.5

5.0

5.5

Oll-Lamháil ar Iasachtóireacht (%)

...

...

3.2

3.3

3.3

4.6

2.8

54. D’íoc CCT díbhinní ar scairchaipiteal de réir ráta 2.5 faoin gcéad sa bhliain ó 1940 go dtí 1947 agus ceathair faoin gcéad ó 1948 go dtí 1958 (cúig faoin gcéad i 1950). Níor íocadh aon díbhinní ó 1959 go dtí 1968 mar d’aontaigh an tAire Airgeadais díbhinn a ligean uaidh ionas go bhféadfadh an Chuideachta cúltacaí a chnuasach. Tosaíodh ag íoc díbhinne arís i 1968/69 de réir ráta 2.5 faoin gcéad sa bhliain agus ba é sin an ráta suas go dtí 1973 nuair a íocadh díbhinn trí faoin gcéad. I 1973 agus 1974 ba é an ráta trí faoin gcéad, ceathair faoin gcéad i 1975 (comhionann le 2.6 faoin gcéad tar éis cánach) agus 4.6 faoin gcéad i 1976 (comhionann le trí faoin gcéad tar éis cánach). Ba 3.5 faoin gcéad agus cúig faoin gcéad, faoi seach, an díbhinn tar éis cánach do 1977 agus 1978. I 1979 ba 5.5 faoin gcéad an díbhinn tar éis cánach.


55. Is é Bord CCT a chinneann an ráta díbhinne. Le blianta beaga anuas dúirt an Roinn Airgeadais go dteastaíonn fáltas tráchtála uaithi ar a hinfheistíocht agus d’áitigh sí ar CCT díbhinní a mhéadú.56 Is léir don Chomhchoiste go raibh beartas coimeádach i leith díbhinní a íoc anfheiliúnach nuair a bhí an Chuideachta ag cnuasach cúltacaí. Anois, áfach, ó tharla an beart sin a bheith déanta, tá an Comhchoiste ag dréim leis an Aire Airgeadais fáltas tráchtála a fháil ar a infheistíocht.


56. Cé gur léir don Chomhchoiste gur gá do CCT a díbhinn a mhéadú is léir dó freisin nach iondúil fáltais baincéireachta forbraíochta a bheith chomh mór le fáltais baincéireachta tráchtála. Faoi láthair tá an fáltas ar chaipiteal do na bainc san earnáil thráchtála thart ar 23 faoin gcéad i gcomparáid le méid is 1ú ná a leath sin do CCT. Le linn na tréimhse atá á breithniú mhéadaigh an fáltas ar chaipiteal a d’úsáid CCT ó 8.19 faoin gcéad i 1975 go dtí 10.27 faoin gcéad i 1979. Tá súil ag an gCuideachta go méadóidh sí a fáltas ar chaipiteal sna blianta atá romhainn ach is léir di go bhfuil iomthrádáil idir iasachtóireacht tráchtála agus forbraíochta.57


IV FOCAL SCOIR

57. Glacann an Comhcoiste leis go bhfuil feidhm úsáideach riachtanach á comhlíonadh ag CCT trí chreidmheas sainiúil a chur ar fáil do roinnt earnálacha de thionscail na hÉireann nach mbeadh ar fáil acu murach sin. Tá sé sin fíor cinnte maidir le gnó mionscála agus fiontair gnó-eagraíochta. Nuair a bhí oibríochtaí agus gnó-réim CCT á meas aige d’úsáid an Comhchoiste slata tomhais tráchtála agus ba léir dó san am céanna go raibh ar an gCuideachta aghaidh a thabhairt ar na coinbhleachtaí atá idir baincéireacht forbraíochta agus baincéireacht tráchtála. Agus na slata tomhais sin á n-úsáid aige glacann an Comhchoiste leis gur éirigh le CCT an chuid is mó dá cuspóirí a bhaint amach agus gur féidir léi na tascanna atá le déanamh ag banc forbraíochta a chur i gcrích.


58. Aontaíonn an Comhchoiste go hiomlán le hiarrachtaí CCT i ndáil le fiontair mhionscála agus fiontair nua agus admhaíonn sé go bhfuil tábhacht ag baint leis na ceangail atá bunaithe le gníomhaireachtaí Stát-tionscanta eile sna hiarrachtaí sin. De bharr gur minic a bhíonn lagmhisneach ar roinnt mhaith fiontar mionscála nuair a bhíonn orthu déileáil le go leor gníomhaireachtaí Stát-tionscanta sna hiarrachtaí a bhíonn á ndéanamh acu forás agus forbairt a dhéanamh, creideann an Comhchoiste gur cheart na seirbhísí a chuireann CCT ar fáil a choinneáil dírithe i gcónaí ar riachtanais na n-úsáidirí ar dóigh dóibh leas a bhaint astu.


59. Go dtí le gairid is mó dá dúthracht a chaith CCT le hairgeadas oiriúnach a chur ar fáil d’fhiontair tionscail na hÉireann agus le bonn cúltacaí leordhóthanach a thógail ná mar a chaith sí le leibhéal cuí brabúsachta a bhaint amach. Le blianta beaga anuas d’fhan brabúsacht na Cuideachta íseal agus ba chuid den chúis a bhí leis sin iasachtóireacht ar ús docht a bheith i dtreis agus a dheacra a bhí sé lamhálacha arda a fháil ar roinnt de ghníomhaíochtaí na Cuideachta. Molann an Comhchoiste gur cheart do Bhord agus do Bhainistíocht CCT díriú go háirithe ar bhrabúsacht a fheabhsú ionas go bhféadfar díbhinn leordhóthanach a íoc leis an Aire Airgeadais mar luach saothair as a infheistíocht sa Chuideachta.


60. Tá aighneachtaí i scríbhinn maidir lena feidhm agus lena gnóréim, a fuarthas ó CCT, leagtha amach i bhFoscríbhinní 1, 2 agus 3.


61. Mar bhuille scoir, is mian leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis an Dr. M. F. Ó Brolcháin, Léachtóir sa Mhargaíocht sa Roinn Riarachán Gnó, Coláiste na hOllscoile, Baile Atha Cliath, a ghníomhaigh mar shainchomhairleoir chun críche an fhiosrúcháin seo.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


17 Meán Fómhair 1980


1Tuarascáil Bhliantúil CCT, 1979, leathanach 20.


2Féach Foscríbhinn I.


3An Dara Clár um Fhorleathnú Eacnamaíoch, leathanach 158.


4Féach Foscríbhinn I.


5Féach Fianaise (Ceist 1) agus Foscríbhinní 1 agus 3.


6Féach Fianaise (Ceisteanna 1 agus 17).


7Féach Fianaise (Ceisteanna 3 agus 13).


8Tuarascáil Bhliantúil CCT 1979, leathanach 6.


9Féach Foscríbhinn 2.


aIdir 1975 agus 1979 tharla roinnt athruithe í scéim aicmiúcháin CCT agus dá thoradh sin tá roinnt athruithe ar na ceannteidil a úsáideadh idir an dá bhliain. Sa tábla thuas is iad na haicmiúcháin a úsáidtear na cinn atá i gcuntais 1979.


10Féach Foscríbhinn I.


11Féach Fianaise (Ceist 81).


12Féach Foscríbhinn I.


13Féach Fianaise (Ceisteanna 61 go 64 go huile) agus Tuarascáil. Bhliantúil 1979.


14Féach Foscríbhinn 1.


15Féach Fianaise (Ceist 50).


16Féach Foscríbhinn 2.


17Féach Fianaise (Ceist 56).


18Féach Fianaise (Ceist 25).


19Féach Fianaise (Ceisteanna 66 agus 67).


20Féach Fianaise (Ceist 43).


21Féach mír 27 den Deichiú Tuarascáil ón gCoiste (an CCTal).


22Féach Fianaise (Ceist 45).


23Féach Fianaise (Ceisteanna 78 agus 79).


24Féach Fianaise (Ceist 48).


25Féach Fianaise (Ceist 46).


26Féach Fianaise (Ceist 78).


27Féach Fianaise (Ceist 53).


28Féach Fianaise (Ceist 54).


29Féach Fianaise (Ceisteanna 78 agus 79).


30Féach Fianaise (Ceisteanna 69 go 77 go huile).


31Féach Fianaise (Ceisteanna 73 agus 74).


32Féach Fianaise (Ceisteanna 75 agus 76).


33Féach Foscríbhinn 1.


34Féach Fianaise (Ceisteanna 86 agus 87) agus Foscríbhinn 1.


35Féach Fianaise (Ceist 92).


36Tuarascáil Bhliantúil CCT, 1979, Leathanach 7.


37Féach Fianaise (Ceist 21).


38Féach Fianaise (Ceist 33).


39Féach Fianaise (Ceist 34).


40Féach Fianaise (Ceist 22).


41Féach Fianaise (Ceist 27).


42I ndearbhthéarmaí chun feidhm an bhoilscithe a dhíchur.


43Tuarascáil Bhliantúil CCT 1976 - cistí a d’infheistigh CCT in Earnálacha an tionscail mhonarúcháin agus dáiliúcháin mar scair den iomlán a chuir na bainc cheadúnaithe uile ar fáil do na hearnálacha sin.


44Féach Fianaise (Ceist 42).


45Féach Fianaise (Ceist 32).


46Féach Fianaise (Ceist 34).


47Féach Fianaise (Ceisteanna 28 agus 30).


48Féach Fianaise (Ceisteanna 10 agus 11) agus Tuarascáil an Choiste ar CCTal.


49Féach Foscríbhinn 1.


50Féach Fianaise (Ceist 83).


51Féach Fianaise (Ceist 85).


aCurtha i láthair i ndearbhthéarmaí (1975=100) chun feidhm boilscithe a sheachaint nuair a dhéantar comparáid idir blianta.


52Is ceart a thabhairt faoi deara go bhfuil cuid den mhéadú sin inchurtha i leith méadú ar chaipiteal—fheistiú don tréimhse.


53I ndearbhthéarmaí, tar éis coigeartú a dhéanamh i leith boilsciú.


54Tar éis coigeartú a dhéanamh i leith boilsciú.


aTá eolas níos mionchruinne ar thorthaí trádála i bhFoscríbhinn 1.


bTá comparáid á dhéanamh ar bhonn figiúirí díbhoilscithe agus úsáid á bhaint as an TPT (CPI) chun an dearbh-athrú don tréimhse a léiriú.


cIs ceart a thabhairt faoi deara go bhfuil cuid den mhéadú sin inchurtha i leith méadú ar chaipiteal-fheistiú don tréimhse.


55Féach Fianaise (Ceist 101).


56Féach Fianaise (Ceist 98).


57Féach Fianaise (Ceisteanna 59 agus 60).