Committee Reports::Report No. 84 - Edible Casein and Caseinates, Fruit Juices and Energy Labels::16 December, 1980::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a scrúdaíodh

1. Scrúdaigh an Comhchoiste tograí a rinne an Coimisiún chun glacadh le Treoracha ón gComhairle i dtaobh chomhfhogasú dlíthe na mBallstát maidir le


Cáiséin agus Cáiséanáití Inite [COM (79) 9 Críochnaitheach].


Súnna Torthaí agus táirgí áirithe dá samhail [COM (79) 740 Críochnaitheach], agus


Lipéadú ar Ídiú Fuinnimh Gaireas Tís áirithe [COM (80) 193 críochnaitheach].


2. Tá na Treoracha beartaithe sin go léir bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE a chumhachtaíonn don Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún, “treoracha a eisiúint le haghaidh comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit a bhaineann go díreach le bunú nó feidhmiú an chómhargaidh.” Tá an Treoir bheartaithe maidir le súnna torthaí agus táirgí áirithe dá samhail bunaithe freisin ar Airteagal 43 de Chonradh CEE toisc go mbaineann sé le táirgí talmhaíochta agus le táirgí nach iad, ar aon.


3. Rinne an Fo-Choiste ar Chúrsaí Geilleagair, Tráchtála agus Airgeadais faoi Cheannas an tSeanadóra Noel Ó Maolchatha na tograí sin a scrúdú don Chomhchoiste. Cuireadh barúlacha faoi bhráid an Chomhchoiste ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ó na Ranna lenar bhain maidir leis na tograí. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil i dtaobh na cabhrach a fuarthas. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus a Fho-Choiste as ucht a gcuid oibre.


B. CÁISÉIN AGUS CÁISÉANÁIT

Ábhar an Togra

4. Baineann forálacha na dréacht-Treorach le cáiséiní inite (i.e. atá beartaithe mar bhia don duine) agus le cáiséanáití a mhonaraítear sa CEE nó a allmhairítear isteach ann. Baintear feidhm as cháiséiní agus caiséanáití in go leor ábhar e.g. gránaigh bhricfeasta, ispíní, feoil mhionaithe, uachtar púdaraithe do chaifé, bairr milseoige coipthe agus táirgí bia-eolaíochta. Ní bhaineann an dréacht-Treoir bheartaithe le cáiséin tionscail (baintear feidhm as cáiséin tionscail i roinnt slite e.g. ag monarú gléas páipéir agus cnaipí daora áirithe) ná le táirgí sa Treoir atá ceaptha a onnmhairiú go dtí tíortha nach Ballstáit.


5. Go ginearálta, is chuige an Treoir bheartaithe ná sainiú a dhéanamh ar na gnéithe monarúcháin agus na caighdeáin íosta cumaisc a bheadh le cur i bhfeidhm maidir le cáiséiní agus cáiséanáití atá ceaptha mar bhia don duine. Tá eolas sa togra freisin ar na coinníollacha nach foláir a chomhlíonadh i gcás na dtáirgí sin sula bhféadfar tuairiscí áirithe a úsáid maidir leo nó sula bhféadfar údarás a thabhairt dá n-úsáid in ullmhú ábhar beatha eile. Tá sé leagtha síos sa Treoir bheartaithe nach bhféadfar cáiséiní ná cáiséanáití a chur ar an margadh mura mbeidh siad de réir an tsainithe agus na rialacha sa Treoir.


6. Go sonrach, maidir le hairíona monarúcháin agus caighdeáin chumaisc a shainiú le haghaidh cáiséiní agus cáiséanáití inite, bunóidh an Treoir bheartaithe, má ghlactar léi, na bunriachtanais chumaisc, na caighdeáin sláinteachais a bheidh le cur chun feidhme agus freisin na sonraíochtaí micri-bhitheolaíochta (cion ginidíní), cúntacháin teicneolaíochta, airíona orgánóleipteacha (i.e. boladh agus dealramh).


Ciallachais d’Éirinn

7. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach mbeidh aon deacracht áirithe ag lucht monaraíochta/trádála forálacha an togra a chomhlíonadh má ghlactar leis.


8. Níl aon reachtaíocht náisiúnta sa réimse seo. Chaithfeadh an tAire Talmhaíochta ordú a dhéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, chun é a chur i ngníomh.


9. Níor mhór reachtaíocht ag tabhairt éifeacht d’fhorálacha na Treorach a achtú tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis an Treoir a bheith curtha in iúl do na Ballstáit.


Barúlacha an Chomhchoiste

10. Níl aon ní ag an gComhchoiste in aghaidh glacadh leis an togra seo.


C. SÚNNA TORTHAÍ AGUS TÁIRGÍ EILE DÁ SAMHAIL

11. Faoi Threoir 75/726/CEE ón gComhairle, arna leasú le Treoir 79/168/CEE ón gComhairle, tá caighdeáin ordaithe le haghaidh cumasc, lipéadú agus pacáistiú súnna torthaí agus neachtair atá ceaptha mar bhia don duine. Ón 17 Samhain 1977 amach tugadh cead na táirgí a bhí de réir forálacha Threoir 75/726/CEE do dhul ar fud an Chomhphobail gan bhac agus ón 19 Samhain 1978 amach coisceadh táirgí nach raibh dá réir amhlaidh a chur ar an margadh. Tugadh éifeacht dlí in Éirinn do Threoir 75/726/CEE leis na Rialacháin um Chaighdeáin Bhia (Súnna Torthaí agus Neachtair Torthaí) (Na Comhphobail Eorpacha), 1978 [I.R. Uimh. 173 de 1978].


12. Is iad príomh-aidhmeanna an togra seo (i) cosc a chur le biaaigéid chun súnna torthaí agus neachtair a aigéadú agus sú liomóide a úsáid chun aigéadaithe ina n-ionad, agus (ii) chun na forálacha lipéadaithe do shúnna torthaí agus do neachtair torthaí a thabhairt i gcomhréir leis na rialacha lipéadaithe do bhia-earraí i gcoitinne atá leagtha síos i dTreoir 79/112/CCE ar lipéadú, cur i láthair, agus fógraíocht bia-earraí chun a ndíola leis an tomhaltóir ceannchúrsa.


Ciallachais d’Éirinn

13. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach dóigh go mbeidh aon droch-iarsma ag an Treoir bheartaithe, má ghlactar léi, ar thionscal na hÉireann. Tuigtear don Choiste nár mhór na Rialacháin um Chaighdeáin Bhia (Súnna Torthaí agus Súnna Neachtair) (Na Comhphobail Eorpacha), 1978, a leasú.


Barúlacha an Chomhchoiste

14. Níl aon ní ag an gComhchoiste in aghaidh glacadh leis an togra seo.


D. ÍDIÚ FUINNIMH GAIREAS TÍS ÁIRITHE A LIPÉADÚ

15. De bhun Chlár CEE ar úsáid Réasúnach Fuinnimh, agus de thoradh Moladh ón gComhairle (76/496/CEE) an 14 Bealtaine 1976, ar úsáid réasúnach fuinnimh do ghairis tís leictreacha, ghlac an Chomhairle ar an 14 Bealtaine 1979 le gréas-Treoir i dtaobh ídiú fuinnimh gaireas tís a lipéadú (79/530/CEE). Ceanglaíonn an Treoir ar Bhallstáit a bhfuil leibhéil ídithe fuinnimh acu, nó a thugann isteach a leithéidí, do ghairis tís sonraithe (oighinn, cuisneoirí agus reoiteoirí, innill níocháin, teilifíseáin, innill nite soithí, triomadóirí guairne, innill iarnála) nuair a thaispeántar chun díola iad, an lipéad a úsáid atá ordaithe i dTreoracha feidhmiúcháin, ag tabhairt eolais ar ídiú fuinnimh an ghairis áirithe. Tá glactha cheana féin le Treoir fheidhmiúcháin den sórt sin i.e. Treoir 79/531/CEE a chuireann forálacha na gréas-Treorach (79/530/CCE) chun feidhme maidir le hoighinn leictreacha. Scrúdaigh an Comhchoiste an dá cheann acu sa 48ú Tuarascáil uaidh (Prl. 8086) a glacadh an 30 Bealtaine 1979.


16. Tugann an Treoir bheartaithe an rogha do Bhallstáit lipéadú fuinnimh a chur i bhfeidhm ina gcríocha féin ach má úsáidtear lipéad ídithe fuinnimh ní foláir gurb é an ceann atá leagtha amach sa Treoir bheartaithe a úsáidfear. Beidh monaróirí nó allmhaireoirí freagrach i leith an ídiú fuinnimh a thomhas agus na lipéid a sholáthar. Tá súil go rachaidh an t-eolas i gcion ar cheannaitheoirí ionas go gceannóidh siad gairis atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus go spreagfaidh sé monaróirí chun laghdú a thabhairt ar ídiú fuinnimh a gcuid gaireas.


17. An Treoir ón gComhairle atá á cur ar aghaidh anois lena glacadh chuirfeadh sí forálacha na gréas-Treorach chun feidhme maidir le


(a) innill níocháin leictreacha,


(b) innill nite soithí leictreacha le soláthar fuar-uisce amháin,


(c) cuisneoirí leictreacha, caibinéid bia-reoite, reoiteoirí agus comhdhéantúis díobh sin.


18. I dteannta eolais ar ídiú fuinnimh, beidh eolas breise ar na lipéid do na hinnill níocháin agus do na miasghlantóirí, e.g. ar a n-inniúlacht níocháin agus triomúcháin, ach sna cásanna sin tugtar faoi deara gur figiúirí sealadacha iad nó go gcuirfear na caighdeáin idirnáisiúnta i bhfios go beacht.


Ciallachais d’Éirinn

19. Ar na gairis lena mbaineann an Treoir bheartaithe, ní mhonaraítear sa tír seo ach aonaid íosreoite amháin. Tar éis glacadh leis na Treoracha feidhmiúcháin beartaithe ní foláir do na monaróirí (nó do na hallmhaireoirí sin, má shocraítear córas lipéadaithe fuinnimh a thabhairt isteach sa tír seo, lipéid ídithe fuinnimh a chur ar fáil do na gairis áirithe, agus ní foláir na lipéid sin a bheith ar aon dul ó thaobh eolais, méid agus dath leis na cinn atá leagtha amach sna Treoracha. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach mbeadh costas na lipéad an-mhór. Níl aon reachtaíocht ann sa réimse sin sa tír seo. Má shocraítear an córas lipéadaithe a chur i bhfeidhm ar ghairis sa tír seo, ceaptar go mbeidh gá le hionstraimí reachtúla a dhéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.


Barúlacha an Chomhchoiste

20. Is maith leis an gComhchoiste go bhfuiltear ag glacadh leis an Treoir bheartaithe ó chítear dó go gcabhróidh sé a thuilleadh lena chur in iúl nach foláir a bheith chomh spárálach agus is féidir i gcúrsaí fuinnimh.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


16 Nollaig 1980.