|
TUARASCÁILCúlra1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste cheana féin ar thograí áirithe ón gCoimisiún maidir le hÁbhair Fuinnimh sa 37ú Tuarascáil uaidh (Prl. 7639) a glacadh an 13 Nollaig 1978. Chinn an Coiste go raibh sé caothúil tuarascáil eile a chur amach ag féachaint d’fhorbairtí ó eisíodh an Tuarascáil sin uaidh. Doiciméid a Scrúdaíodh2. Rinne an Comhchoiste scrúdú ar na doiciméid seo a leanas a bhaineann le hábhair fuinnimh— (i)Cuspóirí fuinnimh an Chomhphobail do 1990 agus beartais na mBallstát a chur ar chomhrian [COM(79) 316 críochnaitheach], (ii)Beartas fuinnimh an Chomhphobail [COM(80) 130 críochnaitheach], (iii)Gnéithe eacnamaíochta de thionscnamh Comhphobail um fhuinneamh [COM(80) 151 críochnaitheach], (iv)Praghsanna agus cánacha fuinnimh sa Chomhphobal a chomhchuibhiú [COM(80) 152 críochnaitheach], (v)Córacha fioscacha chun fáltais Chomhphobail ón bhfuinneamh a bhailiú [COM(80) 153 críochnaitheach], (vi)Clár Comhphobail chun infheistíocht i bhfuinneamh a chur chun cinn [COM(80) 220 críochnaitheach], (vii)Beartas fuinnimh agus eacnamaíochta [COM(80) 583 críochnaitheach], (viii)Tograí le haghaidh Ríalacháin ón gComhairle ag déanamh leasú ar (a)Rialachán (CEE) Uimh. 725/79 fad a bhaineann le tacaíocht airgid a thabhairt i leith tionscadal taispeána i réim an chaomhnaithe fuinnimh, agus (b)Rialachán (CEE) Uimh. 726/79 a shocraíonn uasteorainn don chúnamh a thabharfaí faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1302/78 maidir le tacaíocht airgid a thabhairt i leith tionscadal chun foinsí malairte fuinnimh a shaothrú [COM(80) 567 críochnaitheach], agus (ix)Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ón gComhairle in ionad an togra ag (viii) (b) thuas [COM(80) 629 críochnaitheach]. 3. Rinne an Fo-Choiste ar Chúrsaí Eacnamaíochta, Tráchtála agus Airgeadais, faoi Cheannas an tSeanadóra Nollaig Ó Maolchatha, scrúdú mion ar na doiciméid sin thar ceann an Chomhchoiste. Phléigh an Fo-Choiste an t-ábhar le Cairde na Cruinne, le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le hionadaithe ón Roinn Fuinnimh. Bhreithnigh sé freisin meabhráin a fuarthas i scríbhinn ón Roinn agus ó na comhlachtaí thuasluaite agus ón Oifig um Thadhall Tionscail, an Coláiste Ollscoile, Corcaigh, an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán, an Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach, Bord an Leictreachais, Texaco (Ireland) Ltd., Irish Shell Ltd., Comhlachas Tomhaltóirí Éireann agus an Bord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maolchatha agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leis na comhlachtaí sin go léir as ucht a dtuairimí a chur in iúl dó. Cuspóirí fuinnimh an Chomhphobail do 1990 agus beartais na mBallstát a chur ar Chomhrian [COM (79) 316 críochnaitheach].4. Is iad seo a leanas an dá bheart-chuspóir is mó a luaitear sa doiciméad:— (i)An cóimheas idir an fás i dtomhaltas fuinnimh agus an fás eacnamaíoch a laghdú faoi bhun 0.7 de réir a chéile, agus (ii)Teorainn 50% a chur le spleáchas an Chomhphobail ar fhuinneamh a allmhairítear ó thíortha nach tíortha Comhphobail agus go háirithe féachaint chuige nach rachaidh glan-allmhairí ola thar 472 milliún tona (an leibhéal a sroicheadh i 1978). 5. Ag an gcruinniú a bhí acu an 13 Bealtaine, 1980, cheadaigh Comhairle na nAirí bunábhar dhá rún inar leagadh amach cuspóirí i ndáil leis an bhfás i dtomhaltas fuinnimh a laghdú agus i leith clár Comhphobail um chaomhnú fuinnimh. Beartas Fuinnimh Comhphobail [COM (80) 130 críochnaitheach]6. Sa pháipéar sin d’fhéach an Coimisiún lena thaispeáint go bhfuil gá le tionscnamh nua Comhphobail chun beartas fuinnimh Comhphobail a fhorbairt. Pléitear sa pháipéar roinnt tograí ar a bhféadfaí an tionscnamh sin a bhunú. Is féidir ceithre phríomh-chuid a dhéanamh de:— (i)Réamhrá fada a dhéanann athbhreithniú ar chor an fhuinnimh i gcoitinne agus a léiríonn an gá atá le beartas éifeachtach Comhphobail maidir le fuinneamh agus dhá réimse leathana ina bhféadfaí gníomhú:— (a)beartas praghais agus cánach fuinnimh, agus (b)níos mó infheistíochta i bhfuinneamh. Déileáltar le ciallachais eacnamaíochta ghinearálta an bheartais fhuinnimh sin i nDoiciméad COM(80) 151 críochnaitheach. (ii)Mír a bhaineann le beartas praghais agus cánach, ina ndéileáltar le comhchuibhiú leanúnach a dhéanamh ar phraghsanna agus cánacha fuinnimh ar fud an Chomhphobail agus a ndéantar na ciallachais a bheadh leis a phlé i bpáipéar ar leith—COM(80) 152 críochnaitheach. (iii)Mír a bhaineann le maoiniú, ina bpléitear modhanna chun breis airgid a fháil mar thacaíocht do chlár fuinnimh Comhphobail — ceist a phléitear go mion i bpáipéar ar leith—COM (80) 153 críochnaitheach. (iv)Mír a bhaineann le hInfheistíocht i bhFuinneamh, ina bpléitear an gá atá le tacaíocht Chomhphobail d’infheistíocht in earnáil an fhuinnimh, agus a ndéantar na ciallachais atá leis a phlé i bpáipéar ar leith—COM(80) 220 críochnaitheach. 7. Sa réamhrá a ghabhann leis an bpáipéar sin tugtar cur síos ar an gcor fuinnimh domhanda mar atá sé agus cuirtear in iúl go bhfuil ganntanas ola ann cheana féin agus má tá geilleagair na dtíortha Comhphobail le fanacht mar atá, gan trácht ar fhorbairt, go gcaithfear an-atheagrú a dhéanamh orthu ionas go laghdófar go mór méid a spleáchais ar ola. Léirítear sa pháipéar go bhfuil Ballstáit an Chomhphobail go mór i mbaol ós rud é gurb í an ola, a dtagann 85% de ó thíortha lasmuigh den Chomhphobal, is bun le 55% dá riachtanais fhuinnimh. Gnéithe Eacnamaíochta de Bheartas Fuinnimh Comhphobail [COM(80) 151 críochnaitheach]8. Ag dul níos domhaine san ábhar a pléadh sa réamhrá a ghabhann le Doiciméad COM(80) 130 críochnaitheach feiceann an Coimisiún cúig phríomh-thoradh ar na harduithe i 1979/80 ar phraghsanna ola:— (i)easnaimh ollmhóra ar chomhardú na n-íocaíochtaí agus don chéad uair riamh easnamh mór ar chomhardú na n-íocaíochtaí don Chomhphobal i gcoitinne i 1979/80; (ii)an boilsciú imithe chun donais de bharr na coimhlinte ag lorg scair den ola agus de bharr gluaiseachtaí sna rátaí malairte (e.g. treoghluaiseacht an yen le déanaí); (iii)éileamh laghdaithe de thoradh tosca inmheánacha (dálaí trádála, athchúrsáil neamhdhóthanach ar ioncam na dTíortha is Tairgeoirí agus Onnmhaireoirí Ola (OPEC), an éiginnteacht chomhchoiteann a bheith méadaithe agus drochéifeacht a bheith aige sin ar fhonn an phobail chun airgead a chaitheamh) agus de thoradh beartais sriantacha chun an boilsciú, atá ag dul i méid, nó an éagothroime eachtrach, a chomhrac; (iv)deacrachtaí ó thaobh na gcoigeartuithe bonneagair is gá a dhéanamh toisc stoc caipitiúil a bheith ag dul i léig níos tapúla agus de bharr athruithe ar phátrún costas saothair agus caipitiúla, nithe a fhágann ní hamháin go bhfuil infheistíocht níos riachtanaí ach go bhfuil sí níos deacra freisin; (v)éifeachtaí díréireacha ar gheilleagair áirithe thar a chéile (i gcoibhneas lena scair choibhneasach den OTB): tíortha Meánmhara ach go háirithe tíortha forbraíochta nach táirgeoirí ola. 9. Deirtear ina dhiaidh sin sa pháipéar nár tháinig aon athrú i dtéarmaí dearbhluacha ar leibhéal na gcánach sonrach (dleacht mháil) ar tháirgí ola, mar shampla, idir 1973 agus 1978; ba lúide a tionchar ar an bpraghas deiridh, dá bhrí sin, rud a laghdaigh an t-ualach ar thomhaltóirí deiridh ach nach ndearna na hathruithe is gá ar phatrún an tomhaltais fhuinnimh. 10. Molann an páipéar na haidhmeanna seo a leanas d’fhonn a thuilleadh géarchéimeanna a sheachaint:— (i)spleáchas ar ola allmhairithe a laghdú; (ii)ceangal níos laige idir fás eacnamaíoch agus tomhaltas fuinnimh; (iii)iarrachtaí níos déine chun fuinneamh a chaomhnú; (iv)forbairt níos rianúla ar an táirgeadh baile de bhunfhoinsí fuinnimh in ionad amh-ola allmhairithe; (v)na cineálacha fuinnimh, agus na hionaid taobh amuigh den Chomhphobal óna bhfaightear soláthairtí fuinnimh, a éagsúlú. Beartas Praghais agus Cánach [COM(80) 152 críochnaitheach]11. Deirtear sa pháipéar go dtógfadh sé tamall maith chun comhchuibhiú leanúnach a dhéanamh ar phraghsanna agus cánacha fuinnimh ó tharlaíonn go bhfuil éagsúlachtaí móra ar fud an Chomhphobail le blianta fada i ndáil le praghsanna fuinnimh, gréasáin taraife agus beartais chánachais. Gan trácht ar dhifríochtaí idir rátaí táirgiúlachta pá i ngeilleagair na mBallstát éagsúla, agus sna tionscail fuinnimh, is iad na cúiseanna is mó atá leis na héagsúlachtaí sin:— (a)difríochtaí i ngréasáin na dtionscal fuinnimh, difríochtaí maidir le tionscail náisiúnaithe agus fóntais phoiblí a mhaoiniú agus le beartas praghsála a rialú, (b)difríochtaí i gcúrsaí cánachais, (c)difríochtaí a éiríonn ó cheisteanna beartas fuinnimh, agus ón gcaoi a gcuireann na Ballstáit ar leithligh fadhbanna fuinnimh agus beart-chuspóirí níos leithne i gcoibhneas lena chéile. 12. Scrúdaíonn an páipéar sin méid na ndifríochtaí sin agus cuid de na ceisteanna polasaí is bun leo. Is é a bhreith go bhfuil éagsúlachtaí i bpraghsáil agus cánachas fuinnimh ag cur bac níos mó le himeacht aimsire ar an gcomhchuibhiú ar an mbeartas fuinnimh. Dearbhaíonn sé gurb é cuspóir fadtéarma an Chomhphobail comhchuibhiú iomlán a dhéanamh agus go gcaithfear mar chéad chéim chuige sin teacht ar chomhdhearcadh i leith córas praghsála, gréasáin taraife agus buneagair chánachais. Maoiniú [COM(80) 153 críochnaitheach]13. Sa doiciméad réamhráiteach COM(80) 130 críochnaitheach tugtar le fios go bhfuil an iomarca airgid ag teastáil le haghaidh iarracht mhór Chomhphobail le go dtiocfadh sé as an mbuiséad Comhphobail mar atá faoi láthair agus gur ghá modh nua maoinithe a fháil. Ba iad na príomh-chuspóirí dá n-úsáidfí an t-airgead breise:— (a)cur leis an gcomhchuibhiú ar chánacha agus praghsanna fuinnimh, (b)tuilleadh airgid a chur ar fáil chun fuinneamh a chaomhnú, acmhainní atá ann cheana féin a shaothrú agus foinsí nua a fhorbairt, (c)cabhrú leis an athrú ó ola go foinsí eile fuinnimh a chur ar aghaidh, agus (d)mar thaca le beartas fuinnimh Comhphobail. 14. Tá an Coimisiún tar éis doiciméad ar leith—COM(80) 153 críochnaitheach—a ullmhú ina bpléitear modhanna éagsúla chun ioncam Comhphobail ó fhuinneamh a bhailiú. Is iad na príomhmhodhanna ó thaobh chánachais:— (a)cáin a fhorchur ar úsáid fuinnimh de gach cineál nó ar úsáid ola nó táirgí ola sonracha, (b)cáin ar tháirgeadh fuinnimh i gcoitinne nó ar tháirgeadh ola go háirithe, (c)dleacht nó tobhach ar onnmhairí fuinnimh i gcoitinne nó ar onnmhairí ola nó táirgí ola sonracha. D’fhéadfaí na cánacha sin a chur le chéile ar bhealaí éagsúla. Infheistíocht i bhFuinneamh [COM(80) 220 críochnaitheach]15. Cuirtear in iúl sa pháipéar go bhfuil ar intinn ag na Ballstáit breis agus 400 billiún AAE a chaitheamh ar infheistíocht chaipitiúil i bhfuinneamh sa tréimhse 1980 go 1990. Glactar leis go ndéanfar an chuid is mó den infheistíocht sin chun stáisiúin ghiniúna leictreachais — go háirithe stáisiúin ghuail agus núicléacha — a thógáil. Ba í feidhm speisialta an Chiste Infheistíochta cabhrú chun deireadh a chur leis na bacainní atá ag cur cosc ar an infheistíocht faoi láthair. Bheadh na Ballstáit go léir i dteideal leas a bhaint as an gCiste Infheistíochta, go háirithe na Ballstáit sin is mó atá ag brath ar an ola mar fhoinse fuinnimh. Cumarsáid ón gCoimisiún chun na Comhairle maidir le beartas fuinnimh agus eacnamaíochta [COM(80) 583 críochnaitheach]16. Pléadh an doiciméad sin le linn chruinnithe Chomhairle na nAirí le déanaí. Bhíodar ar aon tuairim go bhfuil géarghá le beartas fuinnimh a leagan amach chun diomailt a mhaolú agus chun éagsúlú infheistíochta a spreagadh. Níor comhaontaíodh ar aon bhearta áitithe. (a)Togra le haghaidh Rialacháin (CEE) ón gComhairle ag leasú Rialacháin (CEE) Uimh. 725/79 maidir le tacaíocht airgid a thabhairt i leith tionscadal taispeána i réim an chaomhnaithe fuinnimh, agus (b)Togra le haghaidh Rialacháin (CEE) ón gComhairle ag leasú Rialacháin (CEE) Uimh. 726/79 ón gComhairle a shocraíonn uasteorainn don chúnamh a thabharfaí faoi Rialachán (CEE) Uimh. 1302/78 maidir le tacaíocht airgid a thabhairt i leith tionscadal chun foinsí malairte fuinnimh a shaothrú [COM(80) 567 críochnaitheach agus [COM(80) 629 críochnaitheach] 17. Sna doiciméid sin tá dhá dréacht Rialachán a áiritheoidh go gcoinneofar i bhfeidhm an maoiniú atá tosaithe cheana féin le haghaidh (a) tionscadail i gcaomhnú fuinnimh agus (b) tionscadail chun foinsí malairte fuinnimh a shaothrú, ós rud é go bhfuil na leithroinntí dóibh ionann is ídithe. Barúlacha an Chomhchoiste18. Réitíonn an Comhchoiste leis an mbarúil go gcaithfidh Éire a ró-spleáchas ar fhoinse fuinnimh neamhdhúchasach amháin, eadhon ola, a laghdú, agus ag féachaint don éiginnteacht a bhaineann le soláthairtí ola a fháil amach anseo, tacaíonn sé leis an aidhm leas a bhaint as meascán cothrom foinsí fuinnimh chun leictreachas a ghiniúint. Cuireadh i láthair an Chomhchoiste go n-oirfeadh sé d’Éirinn, ag féachaint don éagsúlacht foinsí fuinnimh atá ar fáil di, roinnt stáisiún cumhachta réigiúnda beaga a bheith aici a thabharfadh idir teas agus cumhacht, ach níl an Comhchoiste dearfa de go mbeadh socrú den chineál sin níos eacnamúla ná an córas lárnaithe atá ann faoi láthair dá gcuirfí i gcuntas go mb’éigean do gach córas neamhspleách ar leith áis phráinne leordhóthanach a bheith mar chúltaca aige. Tugadh le fios don Chomhchoiste nach bhféadfaí saoráidí stórála chomh fairsing sin a sholáthar agus go bhféadfaí déanamh d’uireasa saoráidí substainteacha práinne. Tá sé fíor-riachtanach mar sin na hacmhainní a bhfuil an ceannas is mó againn orthu agus go háirithe na hacmhainní is féidir a athnuachan a shaothrú a mhéid is féidir. Tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuíl dréacht—Rialachán (CEE) ón gComhairle á bhreithniú faoi láthair lena n-ardófaí uasteorainn an chúnaimh le haghaidh bearta chun foinsí malairte fuinnimh a shaothrú ach maidir leis na tionscadail atá idir lámha faoi láthair—leacht agus gás a dhéanamh de bhreoslaí soladacha, réimsí geoiteirmeacha a shaothrú, fuinneamh gréine a shaothrú—cé go bhfuil siad siúd dírithe ar fhorbairt a dhéanamh ar chumas fuinnimh malairte Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh mar a bunaíodh ar dtús é, níor soláthraíodh aon airgead Comhphobail le haghaidh tionscadal taispeána i bhfuinneamh gaoithe, tonnta nó taoide. Cé go dtuigeann an Comhchoiste go mbaineann fadhbanna ar leith le leas a bhaint as fuinneamh gaoithe toisc an oiread sin luasanna gaoithe a bhíonn in Éirinn, creideann sé gur chóir leanúint leis an taighde atá á dhéanamh ag BSL faoi láthair ach measann sé gur beag seans go bhféadfar leas a bhaint as na taoidí timpeall an chósta toisc go bhfuil an raon ró-theoranta. 19. Ar an taobh eile den scéal, áfach, is idir na domhan-leithid 40° agus 60° is mó a d’fhéadfaí fuinneamh a bhaint as na tonnta agus tá suíomh na hÉireann fóinteach chun tairbhe a bhaint as an bhfoinse sin. Luadh figiúr 50 meigeavatt an ciliméadar mar thomhas den fhuinneamh sin. I bpáipéar a scríobh Risteard Ó Flaithearta ó Bhord Soláthair an Leictreachais ar an ábhar sin, mheas sé go bhféadfaí idir 2,500 agus 6,000 meigeavatt a fháil ó chrios cósta 250 ciliméadar; is ionann an figiúr is ísle díobh sin agus cumas iomlán BSL in Éirinn. Beidh roinnt mhaith fadhbanna le réiteach sula gcuirfear an fuinneamh ar fáil ach má fhéachtar ar cé chomh hard is atá na figiúirí sin is léir na ciallachais a bheidh i gceist mura dtabharfar airgead chun dlús a chur le taighde agus forbairt sa réimse sin. I bhfoilseacháin a cuireadh amach le déanaí léirigh an tUasal O Lobhaois ón Roinn Innealtóireachta Sibhialta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh cumas mór na dtonnta mar ábhar fuinnimh d’Éirinn. Mar atá ráite, cé nach bhfuil sa tonnchumhacht i gcás na Breataine ach urrús i leith fuinnimh, d’fhéadfadh tonnchumhacht a bheith ina rud i bhfad níos feidhmiúla sa tír seo toisc ár gcuid riachtanais fuinnimh a bheith cuíosach íseal. Meastar mar shampla go dteastódh fad toinne 1716 ciliméadar chun freastal do riachtanais fuinnimh na Ríochta Aontaithe ach nár ghá ach idir 35 agus 58 ciliméadar d’Éirinn. Sa chlár atá san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil déantar comparáid achomair idir staid na dtíortha éagsúla i ndáil le fuinneamh ó na tonnta. Fiú dá ndéanfaí clár taighde agus forbartha Comhphobail a thionscnamh inniu, thógfadh sé roinnt blianta sula bhféadfaí tábhacht fuinneamh na dtonnta i leith riachtanas fuinnimh náisiúnta (agus Comhphobail) a mheas. Mura rachfar i mbun an chláir is gá láithreach is ionann é agus a chinneadh gan leas a bhaint as an acmhainn sin. Is é tuairim an Chomhchoiste mar sin gur chóir clár taighde Comhphobail i ndáil le cumas fuinnimh na dtonnta a chur ar bun gan mhoill. 20. Cé go bhfuiltear den tuairim go bhfuil cumas saothraithe anteoeanta ag baint le fuinneamh gréine díreach in Éirinn mar gheall ar leibhéil ísle na ngathanna gréine díreacha atá ar fáil, bhíomar in ann páirt mhór a ghlacadh sa chlár Comhphobail um thacaíocht airgeadais do thionscadail taispeána i réimse an chaomhnaithe fuinnimh de bharr mórspéise i bhfuinneamh ón mbithmhais (a bhféachtar air mar fhoirm indíreach den fhuinneamh gréine). Mar atá an scéal tá tionscadal Bithmhaise na hÉireann ar cheann de na tionscadail is mó sa réimse sin. Chuaigh costais an tionscadail in airde go tapaidh agus tá siad tuairim 80 faoin gcéad níos airde ná na meastacháin tosaigh. Is é leas na hÉireann dá bhrí sin an buiséad don chlár Fuinnimh Ghréine a mhéadú go mór. Tugann an clár céanna tacaíocht le haghaidh linnte snámha grian-téite agus tá togra fóinteach ag Éirinn sa réimse sin. 21. Deir Cairde na Cruinne go meastar go bhféadfaí iomlán an mhéid fhuinnimh a úsáidimid faoi láthair a fháil ó 12 faoin gcéad d’achar na talún dá gcuirfí faoi bharraí fuinnimh fearacht crainn gearruainíochta í. Réitíonn an Comhchoiste leis an togra go ndéanfaí forbairt ar chumas barraí fuinnimh i.e. bithmhais ós rud é gur mhian leis oiread agus is féidir den bhunfhuinneamh a bheith faoi rialú baile. D’ainneoin sin tá a fhios ag an gCoiste go mbeidh Éire, go dtí go ndéanfar taighde fada leanúnach faoi fhoinsí fuinnimh malairte, ag brath go mór fós ar bhunfhuinneamh allmhairithe agus nach mór foinsí an fhuinnimh sin a bheith chomh forleathan agus is féidir ionas gur lú an seans go dtarlódh briseadh tubaisteach sa tsoláthar ó sholáthróir mórcheannasach amháin. 22. Tugann an Comhchoiste dá aire rún Chomhairle na nAirí chun an cóimheas idir an fás i dtomhaltas fuinnimh agus an fás eacnamaíoch a laghdú faoi bhun 0.7 de réir a chéile agus chuir Cónaidhm Thionscail na hÉireann in iúl dó gur tháinig méadú ar thomhaltas bunfhuinnimh ó 7.08 milliún tona de choibhéis ola i 1973 go dtí 7.83 milliún tona de choibhéis ola in 1978, sin méadú 10.6 faoin gcéad, agus i gcomórtas leis sin gur mhéadaigh an OTB ó IR£3,473.7m. go dtí IR£4,222.0m. (praghsanna 1975), méadú 21.5 faoin gcéad. 23. Sa tréimhse 1973-78 mar sin rinne Éire i bhfad níos fearr ná an cóimheas idir an fás eacnamaíoch agus an fás i mbunfhuinneamh a bhí glactha ag an gComhairle mar sprioc do 1990. Ag féachaint do chéim fhorbartha gheilleagar na hÉireann faoi láthair, áfach, d’fhéadfadh nach mbeifí in ann cloí leis an gcóimheas fabhrach sin Measann an Comhchoiste, dá dtarlaíodh sin nach ceart teorainn a chur leis an bhfás eacnamaíoch ná comparáidí dochta a dhéanamh le geilleagair Bhallstát eile atá ar chéim fhorbartha níos airde. 24. Maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar phraghsanna agus cánacha fuinnimh creideann an Comhchoiste nach féidir déileáil leis an gcuspóir sin ar leith ó cheist an chomhchuibhithe ar phraghsanna agus cánacha i gcoitinne sa Chomhphobal. Ní mór a aithint go mbunaítear an córas praghais agus cánachais i leith aon earra ar leith i dtír ar bith sa Chomhphobal ar an mbuneagar praghais agus cánachais níos leithne atá ag gach tír ar leith. Bíonn sé dlúthcheangailte freisin le gréasán geilleagair na dtíortha éagsúla. Ní bheadh sé cuí mar sin a bheith ag iarraidh comhchuibhiú a dhéanamh ar chánacha agus praghsanna earraí áirithe ar bhonn ad hoc gan scrúdú mion a dhéanamh ar an éifeacht a bheadh ag iarracht den sórt sin ar ioncam agus caiteachas Rialtais agus ar bheartas geilleagair sna tíortha éagsúla. 25. Tuigeann an Comhchoiste gur fada fós an Comhphobal ó bheartas ginearálta fuinnimh a leagan amach. Is doiciméid díospóireachta formhór na ndoiciméad a breithníodh sa tuarascáil seo agus ní féidir níos mó a dhéanamh ná suntas a thabhairt dá bhfuil iontu. Leis an bhfírinne a rá ní dhearnadh mórán dul chun cinn ó 1973 i leith. Cé is moite d’iasachtaí a fuarthas ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó trí shásra iasachtaí Euratom agus roinnt cistí teoranta a cuireadh ar fáil le haghaidh tionscadal taighde agus forbartha níor tugadh go dtí seo suimeanna tábhachtacha airgid chun tacú le tionscadail fhuinnimh. D’ainneoin sin is dóigh leis an gComhchoiste gur chóir dó, fiú ag an bpointe seo, aird a tharraingt ar réimsí áirithe fiú má tharlaíonn, tar éis taighde agus meastóireacht chuí a dhéanamh orthu, nach mbíonn iontu ach deis chabhrach áisiúil leis na príomhfhoinsí soláthair. I dtaca leis sin creideann an Comhchoiste go bhfuil tábhacht ar leith maidir leis an tír seo ag baint le taighde agus forbairt ar fhuinneamh tonnta agus ar bhithmhais. Ós cosúil anois go nglacfaidh an gual páirt níos mó i gcúrsaí fuinnimh amach anseo is léir go gcaithfear gach iarracht a dhéanamh chun feabhas a thabhairt ar na saoráidí atá ann cheana féin chun gual a allmhairiú, a iompar agus a stóráil agus chun saoráidí nua a fhorbairt agus dar ndóigh chun foinsí dúchasacha guail agus móna a shaothrú. Ach an cion is mó is féidir a dhéanamh chun fadhb an fuinnimh a réiteach, is dóigh, baineann sé le caomhnú fuinnimh agus le seachaint diomailte, sa bhaile, san ionad oibre agus ag triall chun oibre agus ag filleadh. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 16 Nollaig, 1980. |
||||||||||||