Committee Reports::Report No. 82 - Lawn Mowers, Powered Industrial Trucks, Protective Structures for Construction Plant Safety belts, Achorage and interior Fittings of Motor Vehicles, and Electrical Equipment::16 December, 1980::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thograí ón gCoimisiún le haghaidh Treoracha ón gComhairle a ghlacadh maidir le


Torann ó lomairí faiche [COM (78) 387 críochnaitheach],


Trucailí tionscail cumhachtaithe [COM (79) 229 críochnaitheach],


Déanmhais chosanta ar rolláil-faoi agus ar rudaí ag titim do ghléasra foirgníochta [COM (79) 786 críochnaitheach],


Criosanna sábhála agus córais srianta, acarsóidí agus feistis inmheánacha do mhótar-fheithiclí [COM (80) 84 críochnaitheach], agus


Trealamh leictreach lena úsáid in atmasféar a bhféadfadh pléascadh tarlú i mianaigh ina mbeadh gal mhianaigh [COM (80) 12 críochnaitheach].


2. Tá na Treoracha beartaithe sin go léir bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE a chumhachtaíonn don Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimsiún, “treoracha a eisiúint le haghaidh comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin i mBallstáit a bhaineann go díreach le bunú nó feidhmiú an chómhargaidh.”


3. Tá na tograí sin scrúdaithe don Chomhchoiste ag a Fho-Choiste ar Ábhair Shóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Bean Mhic Róibín agus a Fo-Choiste as ucht a gcuid oibre. Chuathas i gcomhairle, i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na tograí atá i dtrácht sa tuarascáil seo, leis na comhlachtaí seo a leanas, agus fós leis na Ranna Rialtais lenar bhain:—


Cónaidhm Thionscail na hÉireann,


Cumann Cónaidhme na bhFostóirí,


Comhar Ceardchumann na hÉireann,


Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann,


An Chónaidhm Tionscail Fhoirgníochta,


An Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán,


Comhairle Leictre-Theicniúil na hÉireann, agus


Armo Ltd.


Ba mhaith leis an gCoiste a bhuíochas a ghabháil le dúthracht leis na comhlachtaí a sholáthraigh meabhráin dó nó a chuir a mbarúlacha i bhfios dó.


Tátail an Chomhchoiste

4. Tá sás in Airteagal 100 de Chonradh CEE chun bacainní neamhfhioscacha le trádáil idir tíortha an Chomhphobail a chur ar ceal. Tá an Comhchoiste sásta go bhfuil na tograí go léir sa tuarascáil seo dírithe chun na críche sin. Tá sé tar éis gach togra a scrúdú go mion ó thaobh a chuid ciallachais d’Éirinn de agus tarraingíonn sé aird níos faide anonn sa tuarascáil seo ar fhorálacha áirithe i dtograí ar leith inar mhaith an rud b’fhéidir ó thaobh na hÉireann de leasuithe a dhéanamh. Lasmuigh den méid sin níl aon ní aige in aghaidh glacadh le haon cheann de na tograí.


B. LOMAIRÍ FAICHE

Ábhar an Togra

5. Foráiltear sa Treoir bheartaithe nach bhféadfaidh Ballstáit cead a thabhairt lomairí faiche mótarchumhachta a chur ar an margadh má bhíonn a gcuid torainn ag gabháil thar leibhéil áirithe ach nach bhféadfaidh siad, ar bhonn leibhéil torainn, na lomairí sin a chosc óna gcur ar an margadh má bhíonn sé deimhnithe ag an monaróir nó ag an allmhaireoir go bhfuil siad de réir na Treorach agus go mbeidh inscríbhinn orthu ag lua an leibhéil torann-chumhachta. Ar na Ballstáit féin a bheadh sé d’oibleagáid féachaint chuige go raibh an Treoir á comhlionadh.


Ciallachais d’Éirinn

6. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste nach bhfuil ach gnólacht Éireannach amháin ag gabháil do lomairí faiche mótarchumhachta a dhéanamh agus nár cheart go mbeadh aon deacracht ag an ngnólacht déanamh de réir na Treorach má ghlactar leis. Tuigtear don Choiste nach ndéanfadh sé difear d’aon reachtaíocht Éireannach dá nglactaí leis an togra.


C. TRUCAILÍ TIONSCAIL CUMHACHTAITHE

Ábhar an Togra

7. Tá togra do ghréas-Treoir os comhair na Comhairle ó 1978 agus tá foráil ann do chineál-cheadú CEE, cineál-scrúdú CEE agus deimhniú neamhspleách CEE do ghairis tógála agus ionramhála meicniúil. Foráiltear sa togra láithreach seo go mbeadh trucailí tionscail cumhachtaithe de thoilleadh nach mó ná 10,000 cg (lasmuigh d’eisceachtaí sonraithe áirithe) i dteideal deimhniú CEE faoin ngréas-Treoir ach iad a bheith de réir na gceanglas atá sonraithe sa dréacht-Treoir nua ó thaobh déanamh agus deartha. Ní fhéadfadh Ballstáit cosc a chur le trucailí mar sin a chur ar an margadh nó a chur chun seirbhíse ach iad a bheith de réir na gceanglas sonraithe agus dá mbeadh deimhniú CEE acu chuirfeadh sé sin i gcéill go raibh na ceanglais á gcomhlíonadh acu dá réir sin. Ní bheadh aon oibleagáid ann, áfach, cosc a chur le húsáid nó díol trucailí nach mbíonn de réir na Treorach.


Ciallachais d’Éirinn

8. Dar leis an gComhchoiste tá sé riachtanach go gcaithfeadh aon Treoir a ghlacfaí ligean do na gnólachtaí Éireannacha a mhonaraíonn trucailí ardaithe leanúint de rochtain a bheith acu ar mhargadh na hEorpa dá réimse reatha earraí. Tá sé curtha in iúl don Choiste go bhfuil forálacha áirithe sa dréacht-Treoir mar atá sé a d’fhéadfadh a bheith ina mbac ar dhearadh agus is dóigh a ardódh costais. Tá súil aige go bhféadfar leasuithe iomchuí ar an dréacht-Treoir a réiteach le go mbeadh sé ag oiriúint do chor na hÉireann.


D. GLÉASRA FOIRGNÍOCHTA

Ábhar na dTograí

9. Tá an Coimisiún tar éis dhá dhréacht-Treoir a chur i láthair ag rialú déanmhais chosanta ar rolláil-faoi, agus déanmhais chosanta ar rudaí ag titim, a fheistiú ar fheithiclí áirithe a bhíonn á n-úsáid in obair fhoirgníochta. Tá sé ceaptha don dá cheann iad a bheith ina dTreoracha feidhmiúcháin agus iad a bheith bunaithe ar an dréacht-Treoir imlíne ar Ghléasra agus Trealamh foirgníochta atá os comhair na Comhairle ó 1975. Is é an gléasra foirgníochta lena mbaineann ná lódairí tosaigh boinn rubair, mótarghrádóirí, príomhiompráin agus scartairí agus lódairí tarracóirí snámhaíochta. Is é atá beartaithe nach gceadófar gléasra mar sin a chur ar an margadh mura mbeidh déanmhais chosanta rolláil-faoi feistithe air agus iad sin a bheith de réir sonraíochtaí CEE. Ní fhéadfar gléasra ar a mbeidh déanmhais chosanta ar rudaí ag titim a chur ar an margadh mura mbeidh na déanmhais sin de réir sonraíochtaí CEE. Ní bheadh cead ag Ballstáit cosc nó srian a chur gléasra a chur ar an margadh má bhíonn déanmhais chosanta feistithe air agus iad de réir na sonraíochtaí sin.


Ciallachais d’Éirinn

10. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach bhfuil aon ghnólachtaí Éireannacha ag gabháil faoi láthair do mhonarú na ndéanmhas nó na ngléasra lena mbaineann tograí an Choimisiúin. Ní cheaptar, dá bhrí sin, go mba dheacracht ar bith d’aon mhonaróir Éireannach glacadh leis na tograí.


11. Sa mhéid a bhaineann le sábháilteacht oibrithe tá sé curtha i bhfios don Choiste go bhfuil tograí an Choimisiúin bunaithe ar chaighdeáin an EIC agus go bhfuil glacadh leo sin ag Cigirí Tionscail na Roinne Saothair. Tá sé curtha in iúl don Choiste, áfach, ag an gCónaidhm Tionscail Foirgníochta go mba chás dó dá mbeadh de thoradh ar na bearta atá ceaptha contúirtí sábháilteachta eile a thabhairt isteach nach raibh ann sular cuireadh na bearta i gcrích. Déanann an Chónaidhm tagairt do: (a) bac ar shofheictheacht mórthimpeall, (b) bac ar a bheith ábalta teacht amach as an inneall go háirithe nuair a úsáidtear déanmhais chosanta ar rudaí ag titim agus (c) méadú ar chontúirtí tine agus torainn mar gheall ar dhéanmhais chosanta ar rudaí ag titim nuair a bhíonn an t-oibritheoir iata isteach acu. Cúis imní don Chónaidhm freisin go bhféadfadh déanmhais chosanta rolláil-faoi agus déanmhais chosanta ar rudaí ag titim cur le hairde chuid den ghléasra foirgníochta ionas go mbeadh sé mí-oiriúnach d’obair a bhfuil sé ag gabháil di faoi láthair. Measann an Coiste go bhfuil tábhacht nach beag sna pointí a chuir an Chónaidhm i láthair agus molann sé go scrúdófaí na tograí ag féachaint do thuairimí na Cónaidhme féachaint cá mhéid a theastódh iad a leasú.


E. GABHÁLAIS GLUAISTEÁN

Ábhar na dTograí

12. Faoin reachtaíocht CEE atá ann faoi láthair ní fhéadfaidh Ballstáit cosc a chur le mótar-fheithicil a dhíol, a chlárú, a chur chun seirbhíse agus úsáide má bhíonn an mótar-fheithicil sin de réir na bhforálacha CEE a bhaineann le (a) criosanna sábhála agus córais srianta (Treoir 77/541/CEE), (b) acarsóidí do chriosanna sábhála (Treoir 76/115/CEE) agus (c) feistis inmheánacha (Treoir 74/408/CEE). Faoi láthair ní bhaineann Treoir 77/541/CEE ach amháin le feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí a iompar a bhfuil 9 suíochán ar a mhéid iontu agus suíochán an tiománaí a áireamh. De dhroim athruithe i ndlí dhá Bhallstát, tá sé á bheartú ag an gCoimisiún réim na Treorach a leathnú chun go mbainfidh sé le (i) feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí a iompar, ina bhfuil níos mó ná 9 suíochán agus ag a bhfuil meáchan uasta nach mó ná 5 t. agus (ii) feithiclí a úsáidtear chun earraí a iompar agus ag a bhfuil meáchan uasta nach mó ná 3.5 t. Beartaítear freisin leasuithe iarmartacha a dhéanamh ar Threoir 76/115/CEE. Toirmisceann Treoir 74/408/CEE cineál-cheadú CEE a thabhairt d’fheithicil ar fhorais a bhaineann le neart na suíochán agus a n-acarsóidí má bhíonn acarsóidí crios-suíocháin ag gabháil leis na suíocháin mar chuid díobh. De dhroim a dtáiníg chun iúil do na monaróirí le déanaí, tá sé á bheartú ag an gCoimisiún go leasófaí an Treoir sin chun cineál-cheadú CEE a lamháil nuair atá acarsóidí i gceangal leis an suíochán féin.


Ciallachais d’Éireann

13. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste nach dóigh go mbainfidh aon deacrachtaí do mhonaróirí Éireannacha de bharr na dtograí sin. Tá sé curtha in iúl dó freisin, ar leithligh ón sceideal a ghabhann le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feithiclí a Chineál-Cheadú), 1980 [I.R. Uimh. 41 de 1980] a leasú, nach ndéanfadh sé aon difear do reachtaíocht na hÉireann glacadh leis na Treoracha leasúcháin. Tá an tInstitiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán tar éis a chur in iúl don Choiste go bhfuil Caighdeán Éireannach Uimh. 137: 1965 maidir le hacarsóidí do chriosanna sábhála á leasú ag féachaint do thograí CEE ach nach bhfuil aon rud le rá aige i dtaobh an dá thogra eile.


F. TREALAMH LEICTREACH

Ábhar an Togra

14. Is é seo an tríú Treoir i gclár Treoracha do dhíchur bacainní teicniúla ar thrádáil in earnáil fearais leictreachais atá ceaptha a úsáid in atmasféir a bhféadfadh pléascadh tarlú. An chéad cheann acu sin, Treoir 76/117/CEE ón gComhairle, 18 Nollaig 1975, is gréas-Treoir í do shuiteálacha uachtar talún agus leagann sé amach rialacha ginearálta a mbeadh feidhm acu; ba léir go ndéanfaí amach caighdeáin chomhchuibhithe ina dhiaidh sin i dTreoracha sonracha. Go háirithe d’fhág an gréas-Treoir as an áireamh trealamh a bhí ceaptha d’obair faoi thalamh i mianaigh a bhféadfadh baol ó ghal mhianaigh a bheith iontu. Thug an dara ceann acu, Treoir 79/196/CEE ón gComhairle, 6 Feabhra 1979, thug sí isteach seacht gcaighdeán chomhchuibhithe; tá barúlacha an Chomhchoiste ar an Treoir sin ina dréacht curtha in iúl sa Naoú Tuarascáil Déag uaidh faoi dháta 28 Meitheamh 1978 (Prl. 7278). Déileáltar sa togra sin leis an trealamh a fágtar as an áireamh ón ngréas-Treoir; cuireann sé an gréas in oiriúint chun go bhféadfar é a chur i bhfeidhm maidir le fearas leictreach atá ceaptha lena úsáid in atmasféir i mianaigh ghásacha ina bhféadfadh pléascadh tarlú; áirítear ann na seacht gcaighdeán chomhchuibhithe agus leagtar amach ann sonraíochtaí teicniúla breise a gcaithfidh an fearas leictreach sin a bheith dá réir; agus de mhaolú ar an dá Threoir roimhe sin, cuireann sé a chaighdeáin i bhfeidhm maidir le trealamh leictreach atá ceaptha lena úsáid sna codanna sin de shuiteálacha uachtar talún ag mianaigh ghásacha a bhféadfadh contúirt baint dóibh ó ghal mianaigh ag teacht ó aerú faoi thalamh.


15. Má ghlactar leis cuirfidh an Treoir nua d’oibleagáid ar Bhallstáit a cheadú go gcuirfí ar an margadh agus go n-úsáidfí trealamh leictreach a bheadh de réir na gcaighdeán comhchuibhithe nó a mbeadh deimhniú ag gabháil leis go raibh sé ar an gcéim chéanna sábháilteachta ar a laghad.


Ciallachais d’Éirinn

16. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste gur beag an éifeacht a bheidh ag an Treoir bheartaithe, má ghlactar leis, ar thionscal na hÉireann, ó tá na caighdeáin Éireannacha ag cloí go dlúth cheana féin leosan atá sa togra. Ní mhonaraítear sa tír seo an cineál trealaimh atá i gceist.


17. Má ghlactar leis an Treoir cuirfidh sé d’oibleagáid ar Éirinn comhlacht ceadaithe a cheapadh chun trealamh a fhíorú agus a thástáil agus/nó deimhnithe comhréireachta agus cigireachta a eisiúint. Tá sé curtha in iúl don Choiste nach bhfuil aon saoráidí in Éirinn chun trealamh mar sin a thástáil toisc nárbh fhiú iad ó thaobh costais. B’fhéidir dá bhrí sin go gcaithfí dul i muinín saoráidí tástála lasmuigh den tír.


18. Tá reachtaíocht na hÉireann ar an ábhar seo sna rialacháin leictreachais a rinne a tAire Saothair faoin Acht um Mianaigh agus Cairéil, 1965. Tá sé curtha i bhfios don Choiste nach foláir mionleasuithe a dhéanamh orthu sin d’fhonn a chinntiú nach mbeidh siad in éadan na Treorach má ghlactar í.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


16 Nollaig, 1980.