|
TUARASCÁILRéamhrá1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra leasaithe le haghaidh Treorach ón gComhairle faoi cheart cónaithe do náisiúnaigh Bhallstát i gcríoch Bhallstáit eile [COM (80) 385 críochnaitheach]. Is leagan leasaithe é sin den togra a rinne an Coimisiún ar dtús i Meán Fómhair, 1979 [COM (79) 215 críochnaitheach] agus a leasaíodh ag féachaint do Thuairimí Pharlaimint na hEorpa agus an Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach. Rinneadh scrúdú freisin ar leasú breise ar an togra bunaidh nach raibh sa leagan leasaithe [COM (80) 649 críochnaitheach]. 2. Tá an togra bunaithe ar Airteagal 235 den Chonradh a chuireann ar chumas na Comhairle bearta iomchuí a ghlacadh chun aidhm de chuid an Chomhphobail a ghnóthú mura dtugtar sa Chonradh na cumhachtaí is gá. Tá sé bunaithe freisin ar Airteagal 56 (2) atá sa Chaibidil a bhaineann le ceart bunaíochta i.e. an ceart atá ag oibrithe ar a conlán féin agus ag gnóthais chun gabháil le gníomhaíochtaí eacnamaíochta i mBallstáit seachas a mBallstát féin. Foráiltear le hAirteagal 56 nach rachaidh bearta Comhphobail chun dochair d’infheidhmeacht beart náisiúnta “lena bhforáiltear cóir speisialta do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó leis an tsláinte phoiblí”. 3. Tá mionscrúdú ar an togra déanta don Chomhchoiste ag a Fhochoiste ar Chúrsaí Sóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín. Seachas meabhráin a bhreithniú a fuarthas ón Roinn Dlí agus Cirt, ón Roinn Sláinte agus ón Roinn Leasa Shóisialaigh phléigh an Fo-Choiste an togra le hionadaithe ó na trí Ranna sin. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Mhic Róibín agus ag a Fochoiste as a gcuid oibre. Abhar an Togra4. Tá saoirse ghluaiseachta agus chónaithe ann cheana féin do náisiúnaigh an Chomhphobail atá cumhdaithe faoi na Rialacháin agus na Treoracha a bhaineann le saorghluaiseacht oibrithe agus dóibh siúd atá cumhdaithe faoi na forálacha maidir le Ceart Bunaíochta. Faoi láthair tá feidhm ag na rialacha ginearálta a bhaineann le náisiúnaigh choigríche maidir le náisiúnaigh Ballstát ar mhian leo cónaí go buan i mBallstát eile gan gabháil le haon ghníomhaíocht eacnamaíochta agus déileáltar leo, ó thaobh coinníollacha cónaithe, mar a dhéileáltar le náisiúnaigh Stát nach Ballstáit agus faoi réir rogha na mBallstát Óstach. Is í aidhm na dréacht-Treorach seo ceart cónaithe bunúsach i mBallstát eile a áirithiú do náisiúnaigh aosaithe (os cionn 18) de chuid Ballstát agus dá dteaghlaigh, is cuma má bhíonn siad ag gabháil le haon ghníomhaíocht eacnamaíochta nó nach mbíonn. Chun críocha an togra seo d’fholódh teaghlach (a) céile agus gaolta sa líne shliochtach ar cleithiúnaithe iad nó atá faoi bhun 18, agus a gcéilí siúd agus (b) gaolta cleithiúnacha sa líne shinsearach agus gaolta a gcéilí siúd. Faoin leasú atá i nDoiciméad COM (80) 649 críochnaitheach leathnaítear an míniú ar theaghlach chun go bhfolódh sé “duine ar bith a bhfuil sé d’oibleagáid ar shealbhóir an chirt chónaithe é a chothú nó atá i gcleithiúnas iarbhír ar an sealbhóir”. Is iad na daoine a rachadh an Treoir bheartaithe chun tairbhe dóibh daoine scortha, daoine a bhfuil maoin dá gcuid féin acu agus mic léinn. 5. Ní bhaineann an togra ach le cúrsaí gluaiseachta agus cónaithe agus dá bhrí sin áirítear a mhéid is féidir ann na forálacha a glacadh i dtaobh oibrithe agus daoine féinfhostaithe. Is iad seo a leanas na forálacha is mó atá i gceist: (i)an ceart chun an chríoch a fhágáil, Airteagal 2, (ii)doiciméid iontrála, Airteagal 3, (iii)doiciméid chónaithe do bhaill den teaghlach nach náisiúnaigh Ballstáit den Chomhphobal, Airteagal 5 (3), (iv)Críocha an chirt chónaithe, Airteagal 7, (v)na táillí as ucht doiciméid chónaithe a eisiúint agus a athnuachan, Airteagal 8, agus (vi)na doiciméid a bheidh le tabhairt ar aird chun an cead cónaithe a eisiúint, Airteagal 6, ach amháin (b) foráil ar leith a bhaineann le cruthúnas maireachtála. Ciallachais d’Éirinn6. Le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 [I.R. Uimh. 393 de 1977] leagtar síos cearta iontrála agus cónaithe d’earnálacha áirithe daoine ar náisiúnaigh iad de Bhallstáit na gComhphobal Eorpach. Má ghlactar na tograí ní mór na Rialacháin sin a leasú chun go n-áireofaí orthu na hearnálacha dá bhforáiltear sa Treoir. Níor ghá aon athrú a dhéanamh ar reachtaíocht Leasa Shóisialaigh ná Sláinte. Barúlacha an Chomhchoiste7. Ní fheictear don Chomhchoiste go mbeadh aon fhadhbanna móra i gceist don tír seo dá nglacfaí an togra seo. Tugadh le fios don Choiste gur eisíodh ceadanna cónaithe chuig 1,942 náisiúnaigh de chuid Ballstát ón 1 Eanáir 1972 to dtí an 31 Deireadh Fómhair i mbliana faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1972 agus 1977. Níor diúltaíodh iarratas ar bith. Sa bhFoscríbinn a ghabhann leis an tuarascáil seo leagtar amach an líon ceadanna cónaithe a eisíodh i leith gach Ballstát agus na hearnálacha daoine dar eisíodh iad. Ní gá, áfach, gurb ionann na hiomláin agus iomláin na náisiúnach CEE “cáilithe” a chónaíonn sa Stát ós rud é (a) nach n-áirítear orthu daoine a rugadh sa Bhreatain nó i dTuaisceart Éireann agus (b) nach éigean do náisiúnach CEE cead cónaithe a iarraidh agus aithnítear go bhfuil roinnt cónaitheoirí fadtéarma sa Stát nach bhfuil ceadanna cónaithe foirmiúla iarrtha acu. 8. De réir Airteagal 4 (2) den dréacht-Treoir tig le Ballstáit an ceart buanchónaithe a choinneáil siar ó dhaoine nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun freastal dá gcuid riachtanas féin ná do na baill chleithiúnacha dá dteaghlaigh agus de réir Airteagal 5 (1) d’fhéadfaí an ceart a aistarraingt tar éis cúig bliana ar an ábhar céanna. Maidir leis na hacmhainní is gá chun go ndeonófaí buanchónaí, ní féidir iad a bheith ar leibhéal níos airde ná an t-íosleibhéal maireachtála is infheidhme faoi dhlí na mBallstát i leith a gcuid náisiúnach féin. 9. Tuigeann an Comhchoiste nach bhfuil íosleibhéal maireachtála sainmhínithe faoi dhlí na hÉireann agus gur dócha, le linn an fhoráil sin a chur i bhfeidhm in Éirinn, go gcuirfeadh na húdaráis de cheangal ar dhaoine a bheadh ag iarraidh ceada buanchónaithe sa tír seo dóthain acmhainní ar a laghad a bheith acu le nach gá dóibh cúnamh a fháil faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh nó faoi na scéimeanna cúnaimh shóisialaigh eile atá faoi riaradh na Roinne Leasa Shóisialaigh. 10. Níl feidhm maidir le mic léinn ag an bhforáil i dtaobh leordhóthaineacht acmhainní a chruthú. Tá sé deacair a rá conas a rachadh sin i gcion ar Éirinn ach is dócha gur bheag an éifeacht a bheadh aige. De réir mar a tharla go dtí seo, is léir nach mbaineann mic léinn aon leas gur fiú trácht air as na scéimeanna cúnaimh shóisialaigh éagsúla. 11. Earnáil eile daoine atá eisiata freisin ón bhforáil i dtaobh leordhóthaineacht acmhainní a chruthú is ea baill de theaghlach duine a bhfuil ceart buanchónaithe aige agus leanann an t-eisiamh i bhfeidhm fiú tar éis don duine sin bás a fháil. Thabharfadh sin méadú éigin ar líon na n-éileamh le haghaidh pinsean neamhranníocacha baintreach agus dílleachtaí ach níltear ag súil le méadú an-mhór. 12. Is iad na scéimeanna de chuid na Roinne Leasa Shóisialaigh is mó ar a rachadh an Treoir, má ghlactar í, i gcion, an Scéim Liúntas Leanaí agus an Scéim Saorthaistil, ós rud é nach gá cáiliú faoi fhiosrú maoine ná faoi scéim ranníoca árachais shóisialaigh chun bheith cáilithe do na scéimeanna sin. Is dóigh go mbeadh níos mó d’éifeacht aici ar an Scéim Saorthaistil ar do dhaoine 66 bliana d’aois nó os a chionn is mó í, ná ar an Scéim Liúntas Leanaí ós rud é gur daoine scortha an dream is mó a bhainfeadh tairbhe as an Treoir seo má ghlactar í. Ní dócha, áfach, go dtitfeadh costais mhóra ar cheachtar scéim dá barr. 13. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste gur bheag ar fad an difear a dhéanfadh an Treoir do na seirbhísí sláinte, go mór mór má shoccraítear Airteagal 4 (2) ar ráta atá níos airde ná na treoirlínte a úsáidtear i ndáil le deonú cártaí leighis. Tá gach cónaitheoir i dteideal na réime céanna seirbhísí sláinte, is cuma cé as dó. 14. Foráiltear sa togra go ndéanfar athbhreithniú laistigh de shé bliana ar fheidhmiú na hoibleagáide chun leordhóthaineacht acmhainní a chruthú d’fhonn a fháil amach an bhféadfar deireadh a chur leis an gceanglas sin. Tá ceart cónaithe sa tír seo cheana féin ag náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe gan srian ar bith maidir le hacmhainní agus tá sé tugtha le fios don Chomhchoiste nár thit aon ualach mór dá bharr sin ar na scéimeanna atá faoi riaradh na Roinne Leasa Shóisialaigh. 15. Níl aon ní ag an gComhchoiste i gcoinne an togra leasaithe agus an leasú a ghlacadh. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 16 Nollaig, 1980. |
||||||||||||