Committee Reports::Report No. 80 - Social Security Schemes in respect of Unemployed Workers::16 December, 1980::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar an togra le haghaidh Rialachán (CEE) ón gComhairle ag déanamh leasú, ar mhaithe le hoibrithe dífhostaithe, ar Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 i dtaobh scéimeanna sládála sóisialaí a fheidhmiú maidir le daoine fostaithe agus a dteaghlaigh ag gabháil ó áit go chéile sa Chomhphobal [COM(80) 312 críochnaitheach].


2. Chun saoirse ghluaiseachta a áirithiú d’oibrithe, chuir Airteagal 51 de Chonradh CEE d’oibleagáid ar an gComhairle bearta a ghlacadh i réim na slándála sóisialaí a thabharfaidh d’oibrithe agus dá dteaghlaigh


(a) comhshuimiú ar na tréimhsí árachais agus na tréimhsí a ndéileáltar leo amhlaidh, agus


(b) íocaíocht sochar ar fud chríocha an Chomhphobail.


Baineann Rialachán (CEE) Uimh. 1408/71 agus Rialachán 574/72, lenar cuireadh i bhfeidhm é, leis na nithe sin. Foráiltear sna Rialacháin sin


(i) go mbeidh cumhdach slándála sóisialaí le fáil ag náisiúnaigh Bhallstáit a bheidh ag obair i mBallstát eile díreach mar a bhíonn cumhdach le fáil ag náisiúnaigh na tíre ina bhfuil an fhostaíocht;


(ii) go bhféadfar tréimhsí árachais i mBallstáit éagsúla a chomhshuimiú chun cáilitheacht duine a chinneadh le haghaidh sochar slándála sóisialaí, agus


(iii) go bhféadfar sochair shlándála sóisialaí a ghlacadh in aon áit sa Chomhphobal.


3. Tá srianta áirithe faoi láthair maidir leis an bhforáil ag 2(iii) i gcás sochair dhífhostaíochta. Is é an bhunriail ná nach mór don tír is deireanaí ina raibh an duine fostaithe an sochar dífhostaíochta a íoc agus gur féidir leas a bhaint as aon tréimhsí árachais, fostaíochta nó cónaithe, de réir mar is cuí, a bheidh curtha isteach ag an duine dífhostaithe i mBallstáit eile chun na coinníollacha ranníoca a chomhlíonadh. Ionas gur féidir leis sochar dífhostaíochta a fháil, áfach, ní mór do dhuine é féin a chur ar fáil le haghaidh oibre trí shíniú isteach go rialta ag malartán fostaíochta sa tír ina bhfuil an sochar á íoc, agus dá bhrí sin ní féidir ieanúint de shochar dífhostaíochta a íoc le duine má aistríonn an duine sin a áit chónaithe chuig Ballstát eile. Foraíltear do mhioneisceacht amháin in Airteagal 69 de Rialachán 1408/71 faoina bhféadfaidh duine dífhostaithe a théann go dtí Ballstát eile ag lorg oibre leanúint de shochar dífhostaíochta a fháil sa tír is deireanaí ina raibh sé fostaithe ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí.


4. Tá rialacha speisialta i bhfeidhm maidir le hoibrithe imeallchríche i.e. oibrithe atá fostaithe i mBallstát amháin ach a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile. Faoi Airteagal 71 de Rialachán 1408/71 bíonn na hoibrithe sin i dteideal sochair dhífhostaíochta a éileamh sa tír ina bhfuil cónaí orthu de bhua na ranníocaí a d’íoc siad sa tír is deireanaí ina raibh siad fostaithe. Sna cásanna sin is ar an tír ina bhfuil cónaí ar an dhuine a thiteann costas an tsochair dhífhostaíochta go hiomlán.


5. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Sóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha, faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín, mionscrúdú ar thogra an Choimisiúin thar ceann an Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Bean Mhic Róibín agus ag a Fo-Choiste as a gcuid oibre. Chuaigh an FoChoiste i gcomhairle le Cumann Cónaidhme na bhFostóirí, Comhar Ceardchumann na hÉireann, Cumann Cónaidhme Oibrithe na hÉireann, an Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh.


Togra an Choimisiúin

6. Is é is cuspóir don leasú a bheartaítear a dhéanamh ar Rialachán Uimh. 1408/71 go gceadófaí faoi choinníollacha áirithe


(a) go gcoinneodh oibrí a aistríonn a áit chónaithe chuig tír eile seachas an tír is deireanaí ina raibh sé fostaithe a cheart chun sochar dífhostaíochta a fháil, agus


(b) go bhféadfadh oibrithe a aistríonn a n-áit chónaithe tar éis teacht i dteideal “sochar réamhscoir” na sochair sin a thabhairt ar aghaidh leo agus go n-íocfaí na sochair sin le hoibrithe imeallchríche freisin.


Is é atá sna leasuithe eile atá á mbeartú leasuithe iarmartacha, eadhon, leasuithe a éiríonn as an dá bhuntogra a ghlacadh, nó feabhsuithe teicniúla ba ghá a dhéanamh le linn an Rialachán a chur i ngníomh.


7. Fágtar an chuid is mó d’fhorálacha Rialachán 1408/71 mar atá faoin togra sin ach déantar socrú ar leith in Airteagal 69 (a) maidir le hoibrithe atá dífhostaithe agus ar mian leo a n-áit chónaithe a aistriú chuig Ballstát a bhfuil dlúthcheangal acu leis. Beidh feidhm leis an socrú sin sna cásanna seo a leanas:


—i gcás oibrí ar mian leis filleadh ar a thír dhúchais nó ar thír dhúchais a chéile, ach cónaí a bheith ar dhuine díobh sa tír dhúchais ar feadh 15 bliana ar a laghad:


—i gcás oibrí a mbíonn air aistriú go tír eile agus a bheidh dífhostaithe, mar shampla, fearchéile nó banchéile a mbíonn air/uirthi éirí as a p(h)ost agus imeacht go Ballstát eile chun bheith lena c(h)éile a mbeidh a f(h)ostóir tar éis é/í a aistriú ansin, ach sé mhí ar a laghad a bheith caite ag an gcéile ag gabháil do shlí bheatha nó ina c(h)ónaí sa Bhallstát eile;


—i gcás oibrí óg neamhphósta nach bhfuil aon cheangail aige leis an tír is deireanaí ina raibh sé fostaithe agus ar mian leis aistriú chuig Ballstát eile a bhfuil cónaí ar a thuismitheoirí ann, ach cónaí a bheith ar a thuismitheoirí sa Bhallstát eile ar feadh bliana ar a laghad.


Faoi na socruithe nua cheadófaí do dhaoine dífhostaithe sna cásanna thuasluaite sochar dífhostaíochta a éileamh sa tír a n-aistrigh siad chuici amhail is dá mba í an tír ba dheireanaí ina raibh siad fostaithe í, agus shocrófaí leo freisin gur ar an tír ba dheireanaí ina raibh siad fostaithe a thitfeadh 85 faoin gcéad de chostas an tsochair ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí.


8. Áirítear ar thogra an Choimisiúin freisin leasú ar Airteagal 71 de Rialachán 1408/71 a dhéanann socrú i dtaobh sochair dhífhostaíochta a thabhairt ar aghaidh chuig Ballstáit eile. D’áireofaí ar na sochair sin sochair a thabharfaí faoi scéimeanna reachtúla agus iad siúd dá bhforálfaí i gcomhaontuithe saothair a dheonaíonn pinsean luathscoir nó a ráthaíonn leibhéal áirithe ioncaim, go dtí go sroichfear an ghnáthaois scoir, d’oibrithe scothaosta atá iomarcach nó atá tar éis éirí as a bpostanna. Is é atá iontu go bunúsach bearta chun feabhas a chur ar staid na fostaíochta trí oibrithe nó daoine fostaithe scothaosta a thabhairt amach as an margadh saothair. Meastar dá bhrí sin go bhfuil na sochair sa chomhthéacs sin ar aon dul le hárachas dífhostaíochta cé nach gá a thuilleadh bheith ar fáil don mhargadh saothair, agus beartaítear socrú a dhéanamh ina dtaobh trí leasú a dhéanamh ar an gCaibidil i Rialachán Uimh. 1408/71 a bhaineann le híocaíocht dhífhostaíochta.


Ciallachais d’Éirinn

9. Fad a bhaineann le Ballstáit CEE is go dtí an Ríocht Aontaithe a théann formhór mór na n-oibrithe Éireannacha a théann ar eisimirce. Faoi na Rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair tig le hoibrí dul go dtí Ballstát eile ag lorg fostaíochta agus an ceart chun sochar dífhostaíochta a fháil ansin a choinneáil ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí. Ag deireadh na tréimhse sin áfach má bhíonn sé gan fostú fós ní mór dó filleadh ar an tír ba dheireanaí ina raibh sé fostaithe d’fhonn bheith cáilithe chun sochar dífhostaíochta a fháil ina dhiaidh sin. Is minic a bhaineann oibrithe imirceacha ó Éirinn leas as an bhforáil sin ag teacht agus ag imeacht dóibh go dtí an Ríocht Aontaithe nó as.


10. Tugadh le fios don Chomhchoiste go mba dheacair a shamhlú conas a rachadh an togra nua i bhfeidhm ar an méid sochair dhífhostaíochta a íocann Éire cé gur dóigh nach fiú trácht air. Tríd is tríd d’fhéadfaí glacadh leis nach n-aistreodh oibrí a áit chónaithe ó thír amháin go dtí tír eile mura mbeadh sé den tuairim go raibh deiseanna maithe sa tír nua. In imthosca áirithe na hÉireann i dtaca leis an Ríocht Aontaithe d’fhéadfadh cúrsaí baile dul i bhfeidhm ar an scéal ach meastar i gcoitinne go mbrathfadh sé ar an measúnú a dhéanfadh daoine aonair ar leith ar na hionchais gheilleagair agus ar chor an mhargaidh fhostaíochta cén leas a bhainfí as foráil den chineál atá á bheartú. I gcás ina gcinnfeadh oibrí leas a bhaint as an bhforáil, dhéanfadh togra an Choimisiúin go n-aisíocfadh an tír ba dheireanaí ina raibh sé fostaithe 85 faoin gcéad de chostas an tsochair ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéid laghdú mór ar an méid airgid ba ghá don tír a mbeadh sé tar éis aistriú chuicí a íoc.


11. Maidir leis an togra chun réim na Rialachán a leathnú le go mbainfidís le scéimeanna réamhscoir, is beag a bheadh i gceist leis sin d’Éirinn. Ba í an tír ba dheireanaí ina raibh an t-oibrí fostaithe a bheadh freagrach as na scéimeanna sin a mhaoiniú. Níl aon scéimeanna réamhscoir reachtúla i ngníomh sa tír seo, ná níl ceann ar bith curtha ar bun faoi chomhaontuithe tionscail ar bhonn ginearálta nó ar bhonn tionscail. Na scéimeanna atá ann is de bharr comhaontuithe speisialta idir fostóirí agus fostaithe i ngnóthais ar leith a cuireadh ar bun iad agus tugadh isteach iad d’fhonn an fórsa saothair a laghdú mar gheall ar dhálaí eacnamaíochta mífhábharacha nó de bharr teicneolaíocht nua a bheith tugtha isteach. D’áiritheodh na tograí réamhscoir go bhféadfaí, maidir le sochair faoi scéimeanna nach gceanglaíonn ar an tairbhí bheith ar fáil chun oibre, iad a thabhairt ar aghaidh gan srian má aistríonn an tairbhí go dtí Bhallstát eile. Is léir ón méid eolais atá ar fáil i dtaobh na scéimeanna atá i bhfeidhm sa tír seo nach bhfuil srian ar bith maidir le sochar a íoc le daoine a dteastaíonn uathu aistriú go dtí tír eile. Níl sa bheart sin ach beart comhordúcháin. Ní thagann sé i gceist faoi láthair go gceanglófaí ar Bhallstáit na scéimeanna sin a ghlacadh go hinmheánach, ach tuigeann an Comhchoiste go mbeadh ar an Roinn Leasa Shóisialaigh a áirithiú go gcomhlíonfaí na forálacha sin den togra a bhaineann le sochair ós na scéimeanna sin a aistriú. Toisc gur mó na daoine a théann ar eisimirce as Éirinn ná mar a thagann ar inimirce d’fhéadfadh an togra cabhrú le hoibrithe Éireannacha chun filleadh ar Éirinn ach tugadh le fios don Chomhchoiste go mbeadh sé deacair an tionchar a bheadh leis an togra a mheas go cruinn.


12. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste freisin gurb amhlaidh, toisc an líon beag fostaithe is náisiúnaigh Éireannacha a bhaineann leas as seirbhísí sláinte i mBallstáit eile (seachas sa Ríocht Aontaithe), go ndearnadh comhshocruithe neamhaisíoca idir Éirinn agus na Ballstáit eile sin toisc nárbh fhiú na suimeanna a bheadh i gceist i gcomórtas leis an gcostas riaracháin. Tá comhshocrú aisíoca i bhfeidhm idir an tír seo agus an Ríocht Aontaithe a oibríonn go mór inár bhfábhar, áfach. Is é an príomh-thoradh a bheadh ar an leasú beartaithe maidir leis an Roinn Sláinte ná an teideal chun seirbhísí sláinte a leathnú le go mbainfeadh sé leis an líon beag daoine dífhostaithe a thagann ó Bhallstáit eile CEE. Bheadh na seirbhísí céanna sin le fáil, dar ndóigh, i gcás Éireannaigh dhífhostaithe a théann chuig áiteanna eile sa Chomhphobal. Dá dtarlódh méadú mór ar an líon daoine lena mbainfeadh siad d’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar na comhshocruithe neamhaisíoca dépháirteacha le Ballstáit eile seachas an Ríocht Aontaithe.


Barúlacha an Chomhchoiste

13. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an togra seo mar bheart sóisialta tábhachtach. Is dóigh leis gur beart riachtanach é a chabhróidh chun deireadh a chur leis an idirdhealú míchóir atá á dhéanamh idir oibrithe dífhostaithe agus tairbhithe slándála sóisialaí eile. Ós rud é go bhfuil breis agus seacht milliún daoine dífhostaithe i CEE faoi láthair, measann an Comhchoiste go bhfuil sé tábhachtach, i gcás daoine nach bhfuil gníomhach ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de, nach mbeadh bac ar an ábhar sin amháin ar a gcuid saoirse ghluaiseachta go dtí an Ballstát arbh as dóibh nó go dtí Ballstáit a bhfuil dlúthcheangail acu leo.


Buíochas

14. Is mian leis an gComhchoiste buíochas ó chroí a ghabháil leis na comhlachtaí sin a chuir meabhráin chuige nó a chuir a gcuid barúlacha in iúl dó ar bhealach eile.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


16 Nollaig, 1980.