Committee Reports::Report No. 14 - Aer Lingus, Teoranta and Aerlínte Éireann, Teoranta::16 December, 1980::Report

AER LINGUS, TEORANTA agus AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA

CLÁR NA TUARASCÁLA

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Leathanach

I

RÉAMHRÁ

 

1.1

Staid Dlíthiúil an dá Aerchuideachta

...

...

...

14

 

1.2

Úinéireacht agus Rialú

...

...

...

...

...

14

 

1.3

Infheistíochtaí Coimhdeacha

...

...

...

...

18

 

1.4

Tuarascáil an Chomhchoiste

...

...

...

...

22

II

GNÓ-RÉIM AIRGEADAIS

 

2.1

Brabúsacht

...

...

...

...

...

...

...

22

 

2.2

Gréasán Caipitil

...

...

...

...

...

...

30

 

2.3

An Chothromaíocht idir Aeriompar agus Gníomhaíochtaí

 

 

 

Coimhdeacha

...

...

...

...

...

...

34

III

GNÍOMHAÍOCHTAÍ AERIOMPAIR

 

3.1

An Chreatlach Idirnáisiúnta

...

...

...

...

36

 

 

(a) Comhaontuithe Aeriompair

...

...

...

...

36

 

 

(b) IATA

...

...

...

...

...

...

...

40

 

 

(c) Beartas Aeriompair CEE

...

...

...

...

42

 

 

(d) Beartas Aeriompair na Stát Aontaithe agus Forbairtí

 

 

 

Iomaíocha ar Rianta an Atlantaigh Thuaidh

...

44

 

3.2

Gnó-Réim agus Táirgiúlacht Aer Lingus

...

...

...

48

 

3.3

Comparáidí Gnó-Réime agus Táirgiúlachta

...

...

52

 

 

(a) Réamhrá

...

...

...

...

...

...

...

52

 

 

(b) Fachtóirí Ualaithe

...

...

...

...

...

52

 

 

(c) Ioncam Oibríochta

...

...

...

...

...

54

 

 

(d) Costais Oibríochta

...

...

...

...

...

56

 

 

(e) Cóimheas Oibríochta

...

...

...

...

...

56

 

 

(f) Fostaíocht agus Táirgiúlacht

...

...

...

...

58

 

3.4

Fadhb an Atlantaigh Thuaidh

...

...

...

...

66

 

3.5

Na Seirbhísí Eorpacha

...

...

...

...

...

72

IV

GNÍOMHAÍOCHTAÍ COIMHDEACHA

 

 

4.1

Réamhrá

...

...

...

...

...

...

...

82

 

4.2

Gnó-Réim Airgeadais na nGníomhaíochtaí Coimhdeacha

84

 

4.3

Bainistí agus Rialú

...

...

...

...

...

...

86

 

4.4

Gníomhaíochtaí a bhaineann le hEitlíocht

...

...

...

...

88

 

4.5

Óstáin

...

...

...

...

...

...

...

...

90

 

4.6

Forbairtí Fóillíochta

...

...

...

...

...

...

92

 

4.7

Infheistíocht Choimhdeach san am le teacht

...

...

94

V

AER LINGUS AGUS TURASÓIREACHT

 

 

5.1

Cuspóirí

...

...

...

...

...

...

...

94

 

5.2

Staitisticí i dtaobh na dTurasóirí a iompraíonn Aer Lingus

 

 

 

Lingus

...

...

...

...

...

...

...

...

96

 

5.3

Mar a d’fhéadfadh an Turasóireacht agus Cuspóirí

 

 

 

Tráchtála teacht trasna ar a chéile

...

...

...

...

98

 

5.4

Cur chun cinn na Turasóireachta a riaradh

...

...

102

VI

EAGRÚ AGUS BAINISTÍ

...

...

...

...

...

 

 

6.1

Réamhrá

...

...

...

...

...

...

...

104

 

6.2

Eagrú agus Rialú

...

...

...

...

...

...

104

 

6.3

Treoghluaiseacht na Fostaíochta agus Tuillimh

...

...

106

 

6.4

Caidreamh Tionscail

...

...

...

...

...

112

VII

FOCAL SCOIR

...

...

...

...

...

...

...

116

AN CEATHRÚ TUARASCÁIL DÉAG

AER LINGUS, TEORANTA AGUS AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA

I RÉAMHRÁ

1.1Staid Dlíthiúil an dá Aerchuideachta

1. Déanann Aer Lingus Teoranta agus a comhchuideachta, Aerlínte Éireann Teoranta, aerlínte naísiúnta na hÉireann a oibriú. Corpraíodh Aer Lingus Teoranta mar chuideachta dliteanais theoranta phríobháideach i 1936 agus corpraíodh Aerlínte Éireann Teoranta mar an gcéanna i 1947.


2. Oibríonn Aer Lingus Teoranta aersheirbhísí laistigh d’Éirinn agus idir Éire, an Ríocht Aontaithe agus Mór-Roinn na hEorpa; ní oibríonn Aerlínte Éireann Teoranta ach idir Éire agus Meiriceá Thuaidh.


3. Anuas go dtí 1966 bhí an dá chuideachta ina bhfochuideachtaí ag Aer Rianta Teoranta, a bhí ag gníomhú mar chuideachta shealbhaíochta. Faoi fhorálacha Acht na nAerchuideachtaí, 1966, rinneadh cuideachtaí dliteanais theoranta poiblí, ar leith agus neamhspleách, den dá chuideachta (ar an 27 Iúil, 1967), agus Bord Stiúrthóirí, gréasán caipitil agus cuntais dá cuid féin ag gach aon cheann acu.


4. Cé gur einteatais dlíthiúla ar leith iad, agus go gcuireann siad seirbhísí ar fáil do limistéir gheoghrafacha éagsúla, tá an bhainistíocht chéanna ag an dá chuideachta agus tá an seachtar Stiúrthóirí céanna ag an dá chuideachta. Úsáideann an dá aerlíne an t-ainm coiteann ‘Aer Lingus’ le haghaidh margaíochta ar fud an domhain.


5. Sa tuarascáil seo, is gá go minic tagairt do chomhoibríochtaí an dá aerchuideachta mar tá roinnt eolais nach bhfuil ar fáil ar bhonn ar leith. Chun mearbhall a sheachaint úsáidfimid an t-ainm ‘Aer Lingus’ chun tagairt do chomhoibríochtaí na n-aerchuideachtaí agus coinneoimid na teidil dlíthiúla iomlána ‘Aer Lingus Teoranta’ (ALT mar ghiorrú air uaireanta) agus ‘Aerlínte Éireann Teoranta’ (AET) don tráth ar gá dúinn tagairt do na cuideachtaí aonair. Léiríonn an siombal ‘£’ sa tuarascáil seo puint Éireannacha.


1.2Úinéireacht agus Rialú

6. Is é scairchaipiteal údaraithe Aer Lingus Teoranta £36,500,000 atá déanta suas as 21,500,000 gnáthscair agus 15,000,000 gnáthscair tosaíochta £1 an ceann. Tá 21,393,003 ghnáthscair eisithe agus tá siad ar fad, cé is moite de bheagán scaireanna cáilitheacha Stiúrthóirí, ar seilbh ag an Aire Airgeadais. Tá na gnáthscaireanna tosaíochta ar fad eisithe agus tá siad ar seilbh ag Aerlínte Éireann Teoranta. Be é an caipiteal iasachta um 31 Márta, 1980, £55,930,000


7. Is é scairchaipiteal údaraithe Aerlínte Éireann Teoranta £20,000,000 arna roinnt i 10,000,000 scair ‘A’ £1 an ceann agus 10,000,000 scair ‘B’ £1 an ceann. Tá na scaireanna ‘B’ ar fad agus 7,217,042 de na scaireanna ‘A’ eisithe agus, cé is moite de bheagán scaireanna cáilitheacha Stiúrthóirí ‘A’, tá siad ar seilbh ag an Aire Airgeadais. Ina theannta sin, tá £5,000,000 infheistithe ag an Aire Airgeadais mar chaipiteal úsmhar neamh-inaisíoctha. Ba é an caipiteal iasachta ag deireadh na Márta, 1980, £45,349,000.


8. Mar sin, is í an infheistíocht iomlán atá ag an Rialtas in Aer Lingus £43,610,045 (agus tá £5,000,000 de sin úsmhar). Déantar an chuid eile de na riachtanais caipitil a chruinniú trí iasachtaí a fháil, lena n-áirítear iasachtaí in airgead reatha coigríche; tá £12.77 milliún d’iasachtaí ag ALT agus £26.52 milliún d’iasachtaí ag AET ráthaithe ag an Stát.


9. Ní féidir caipiteal iomlán an dá chuideachta a dhéanamh amach trí shuimiú simplí de bharr infheistíocht £15,000,000 ag Aerlínte Éireann Teoranta agus freisin de bharr iasacht atá tugtha ag Aer Lingus Teoranta d’Aerlínte Éireann Teoranta arbh é a méid £15,000,000 ar an 31 Márta, 1980. Tá achoimre i dTábla 1 ar staid an chomhghrúpa, mar aon le figiúirí comparáideacha do 1979.


TÁBLA 1


Sócmhainní agus Maoiniú Chomhghrúpa Aer Lingus


 

Amhail an 31/3/79

Amhail an 31/3/80

 

(£ milliún)

(£ milliún)

Sócmhainní atá á nÚsáid

...

...

...

 

118.82

 

140.62

Arna maoiniú ag

 

 

 

 

 

 

 

Caipiteal eisithe agus buanchaipiteal eile

 

 

 

 

(infheistíocht Státchiste)

...

...

...

43.61

 

43.61

 

Cúltacaí (Easnaimh)

...

...

...

(2.96)

 

1.11

 

Iomlán chistí na scairshealbhóirí

...

...

 

40.65

 

44.72

Caipiteal iasachta agus iasachtaí bainc

...

76.34

 

91.62

 

Cánachas Coigríche Iarchurtha

...

...

 

2.26

 

Deontais infheistíochta

...

...

...

0.79

 

0.74

 

Leasanna Mionlaigh

...

...

...

1.04

 

1.28

 

An fiach iomlán

 

 

 

 

78.17

 

95.90

 

 

 

 

 

118.82

 

140.62

Foinse: Meabhrán Aer Lingus don Chomhchoiste agus Tuarascáil Bhliantúil 1979/80.


10.Taispeánann an léiriú seo cothromas: fiach ar cóimheas tuairim 32:68 i maoiniú Aer Lingus, amhail an 31 Márta, 1980, i gcomparáid le 35:65 bliain roimhe sin.


11. Is é an tAire Iompair le toiliú an Aire Airgeadais a cheapann cathaoirleach agus stiúrthóirí an dá aerchuideachta. Foráiltear freisin le hAcht na nAerchuideachtaí, 1966 gur cóir do gach aon chuideachta clár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair agus tuarascáil na stiúrthóirí don bhliain a thabhairt don Aire gach bliain. Chomh maith leis sin, caithfidh gach cuideachta, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a thabhairt dó a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil de chuid na cuideachta, nó i ndáil le beartas agus oibríochtaí na cuideachta.


12. Ar na cumhachtaí airgeadais atá san Acht áirítear údarás do gach aon chuideachta airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead reatha coigríche), le toiliú an Aire Airgeadais, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Iompair, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais. Mar an gcéanna, faoi réir coinníollacha áirithe, féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair, a ráthú go n-aisíocfar ús agus/nó príomhshuim ar iasachtaí a fuair na cuideachtaí (lena n-áirítear iasachtaí in airgead reatha coigríche) agus íocaíochtaí a bheidh dlite i leith comhaontuithe léasaithe aerárthaí.


1.3Infheistíochtaí Coimhdeacha

13. I 1970 chinn na haerchuideachtaí ar bheartas, le ceadú na Roinne Turasóireachta agus Iompair a bhí ann an tráth sin, gníomhaíochtaí coimhdeacha a fhorbairt chun slánú a dhéanamh ar athruithe tréimhsiúla sa ghnó aeriompair agus chun an ráta iomlán fáltais ar chaipiteal a bhí á úsáid a fheabhsú. Taispeántar i dTábla 2 an tábhacht atá ag gabháil leis na gníomhaíochtaí sin anois agus léirítear ann an caipiteal ar an meán a bhí á úsáid i ngníomhaíochtaí coimhdeacha faoi na ceannteidil, ‘Seirbhísí a bhaineann le hEitlíocht’, ‘Óstáin, fóillíocht agus lónadóireacht’, agus ‘Seirbhísí airgeadais agus ríomhaire’ chomh maith leis an gcaipiteal ar an meán a bhí á úsáid sa phríomhghnó aeriompair. Léiríonn na figiúirí sin go raibh tuairim 35% den chaipiteal ar an meán a bhí á úsáid ag an dá aerchuideachta sa bhliain airgeadais 1978/79 gafa le gníomhaíochtaí coimhdeacha.


14. I dtuarascáil bhliantúil 1980, ní léirítear níos mó an caipiteal ar an meán atá á úsáid de réir gníomhaíochta ach tugtar tuairisc ar ioncaim oibriúcháin. Léiríonn Tábla 3 ioncaim oibriúcháin de réir príomhghníomhaíochta i 1979/80 mar aon le figiúirí comparáideacha do 1978/79. Is léir gur ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha a tháinig tuairim 39% d’ioncaim oibriúcháin i 1978/79 agus 36% d’ioncaim oibriúcháin i 1979/80.


TÁBLA 2


An Caipiteal ar an Meán de chuid Chomhghrúpa Aer Lingus a bhí á Úsáid de réir Gníomhaíochta


(An bhliain dar chríoch 31 Márta 1979)


 

£’000

%

Aeriompar (lena n-áirítear aerárthaí a léasú)

...

38,250

64.8

Seirbhísí a bhaineann le hEitlíocht

...

...

4,394

7.5

Óstáin, fóillíocht, lónadóireacht

...

...

...

10,007

17.0

Seirbhísí airgeadais agus ríomhaire

...

...

6,332

10.7

An tIomlán*

...

...

...

...

...

58,983

100

Foinse: Tuarascáil agus Cuntais Aer Lingus, 1979.


TÁBLA 3


Ioncam Oibriúcháin Chomhghrúpa Aer Lingus de réir Gníomhaíochta


 

1978/79

1979/80

 

£’000

%

£’000

%

Aeriompar (lena n-áirítear aerárthaí na Cuideachta

 

 

 

 

a léasú)

...

...

...

...

...

115,203

60.7

151,892

63.7

Seirbhísí a bhaineann le hEitlíocht

...

...

31,823

16.8

40,210

16.9

Óstáin, fóillíocht, lónadóireacht

...

...

...

40,294

21.2

42,589

17.9

Seirbhísí airgeadais agus ríomhaire

...

...

2,398

1.3

3,595

1.5

 

189,718

100

238,286

100

Foinse: Tuarascáil agus Cuntais Aer Lingus, 1979/80—leathanach 32.


1.4Tuarascáil an Chomhchoiste

15. Seo í an ceathrú tuarascáil déag ón gComhchoiste agus an chéad cheann ar na haerchuideachtaí. Tosaíodh an fiosrú faoi Aer Lingus Teoranta agus faoi Aerlínte Éireann Teoranta i mí Aibreáin, 1980, agus críochnaíodh é i mí na Nollag, 1980; agus tógadh fianaise ag sé sheisiún. De bharr Aer Lingus a bheith chomh mór sin agus réim agus castacht a gníomhaíochtaí, ba léir don Chomhchoiste nach bhféadfadh a fhiosrú déileáil ach le ceisteanna áirithe ar mheas an Coiste mórthábhacht a bheith ag baint leo. Siad seo a leanas na hábhair ar ar thugamar aird ar leith:—


(a)Gnó-réim airgeadais an dá aerchuideachta, agus aird ar leith á thabhairt ar na cúiseanna ar éirigh chomh dona sin le hAerlínte Éireann Teoranta ar rianta an Atlantaigh Thuaidh;


(b)An comhshaol iomaíoch idirnáisiúnta d’aeriompar, agus aird ar leith á thabhairt ar na gluaiseachtaí i dtreo táillí a léirscaoileadh, cineálacha nua seirbhísí fearacht Skytrain a thabhairt isteach, agus na ciallachais a ghabhann leis na forbairtí sin ó thaobh Aer Lingus de;


(c)Measúnú ar éifeachtúlacht Aer Lingus i gcomparáid le haerlínte eile;


(d)Méid na n-infheistíochtaí coimhdeacha atá ag na haerchuideachtaí, an gá atá leis na hinfheistíochtaí sin agus a ngnó-réim a scrúdú;


(e)Feidhm Aer Lingus ag cur na turasóireachta go hÉirinn chun cinn agus ciallachais airgeadais na feidhme sin;


(f)Bainistí agus eagrú na n-aerchuideachtaí, lena n-áirítear na gnéithe a bhaineann le caidreamh tionscail.


16. Tá ár dtuarascáil leagtha amach chun béim a chur ar na ceisteanna sin, mar a léiríonn ceannteidil agus focheannteidil na Ranna. Ina theannta sin fuaireamar amach ónár bhfiosrúchán go raibh roinnt bealaí a raibh ciallachais thábhachtacha ó thaobh a bhfuil i ndán d’Aer Lingus amach anseo ag gabháil leis na ceisteanna a roghnaíomar a fhiosrú. Dá bhrí sin tá roinnt barúlacha faoina bhfuil i ndán d’Aer Lingus curtha san áireamh ag na pointí cuí.


IIGNÓ-RÉIM AIRGEADAIS

2.1Brabúsacht

17. Léiríonn Tábla 4 na brabúis a rinne Aer Lingus Teoranta agus Aerlínte Éireann Teoranta le 10 mbliana anuas agus léiríonn sé freisin ioncam oibriúcháin iomlán an dá chuideachta le chéile.


TÁBLA 4


Torthaí Airgeadais Aer Lingus 1970/71 — 1979/80


(£’000)


Brabús/(Caillteanas) Glan


 

 

ALT

AET

An tIomlán

An tIoncam Oibriúcháin Iomlán

1970/71

...

213

602

815

37,501

1971/72

...

286

(2,665)

(2,379)

42,803

1972/73

...

888

(3,192)

(2,304)

45,241

1973/74

...

2,740

(1,491)

1,249

56,912

1974/75

...

(1,800)

(3,451)

(5,251)

67,914

1975/76

...

267

(5,527)

(5,260)

79,481

1976/77

...

3,768

(3,651)

117

138,009

1977/78

...

6,867

(2,252)

4,615

164,756

1978/79

...

8,295

(4,276)

4,019

192,167

1979/80

...

13,484

(9,483)

4,001

241,867

Foinse: Meabhrán Aer Lingus don Chomhchoiste agus Tuarascáil Bhliantúil, 1979/80 —leathanaigh 37 agus 39.


18. Léiríonn na hioncaim oibriúcháin iomlána méadú cothrom tuairim 16% p.a. go dtí 1975/76. Is de bharr ioncaim as grúpa óstán Dunfey a bheith sna cuntais do 1976/77 is mó a tharla an t-ardú gasta don bhliain sin. Tháinig forás tuairim 21% p.a. ar ioncam idir 1976/77 agus 1979/80. Measann an Coiste go léiríonn na figiúirí sin forás an-sásúil, cé nach mbeadh na figiúirí chomh maith is a shílfeá dá ndéanfaí iad a choigeartú ó thaobh boilsciú. Níl na bealaí ann chun fíor-fhorás gníomhaíochtaí seachas gníomhaíochtaí aeriompair a thomhas ach is táscaire amháin don ghnó aeriompair an cumas tonna-míle a tairgeadh agus mhéadaigh sé sin 10% p.a. ar an meán idir 1976/1977 agus 1979/80.


19. Tá cúrsaí brabúsachta níos measctha agus chun tuilleadh léargais a thabhairt ar an gceist sin rinneadh amach Tábla 5 as eolas a bhí i dtuarascálacha bliantúla Aer Lingus le sé bliana anuas. Léiríonn sé sin ar leithligh brabúis oibriúcháin an dá chuideachta in aeriompar agus brabúis oibriucháin na ngníomhaíochtaí coimhdeacha. Léirítear ar leithligh freisin an caipiteal a bhí á úsáid in aeriompar agus i ngníomhaíochtaí coimhdeacha anuas go dtí 1978/79 ionas gur féidir comparáid a dhéanamh idir rátaí fáltais idir gníomhaíochtaí agus ó bhliain go bliain.


TÁBLA 5


Brabúis Aer Lingus agus an Caipiteal a bhí á úsáid de réir Príomhghníomhaíochtaí, 1974/75-1979/80


 

1974/75

1975/76

1976/77

1977/78

1978/79

1979/80

Brabús (Caillteanas) Glan

 

 

 

 

 

 

£’000

 

 

 

 

 

 

Aeriompar — ALT

...

...

(3,200)

(1,275)

99

1,884

494

3,950

Aeriompar — AET

...

...

(1,285)

(3,631)

(815)

(1,652)

(3,412)

(7,360)

 

 

 

 

 

 

 

Aeriompar Iomlán

...

...

...

(4,485)

(4,906)

(716)

232

(2,918)

(3,410)

Gníomhaíochtaí comhdeacha

...

2,464

4,036

6,784

9,343

11,971

16,334

 

 

 

 

 

 

 

An tIomlán

...

...

...

(2,021)

(870)

6,068

9,575

9,053

12,924

Seirbhísí Lárnacha

...

...

...

(484)

(844)

(1,358)

(1,273)

(1,505)

(1,937)

 

 

 

 

 

 

 

Brabús roimh ús

...

...

...

(2,505)

(1,714)

4,710

8,302

7,548

10,987

Ús

...

...

...

...

...

(2,746)

(3,546)

(4,593)

(3,687)

(3,529)

(6,986)

 

 

 

 

 

 

 

Brabús (Caillteanas) Glan

...

...

(5,251)

(5,260)

117

4,615

4,019

4,001

 

 

 

 

 

 

 

Caipiteal a bhí á úsáid £’000

 

 

 

 

 

 

Aeriompar

...

...

...

48,149

34,207a

42,469

39,736b

38,250b

n.a.c

Gníomhaíochtaí Coimhdeacha

...

14,984

17,354

19,166

19,463b

20,733b

n.a.c

Sócmhainní Comhghrúpa

...

...

65,580

53,139

68,464

65,945

118,820

140,618

 

 

 

 

 

 

 

Fáltas ar Chaipiteal a bhí á Úsáid

 

 

 

 

 

 

(%)

 

 

 

 

 

 

Aeriompar

...

...

...

-9.3

-14.3

-1.7

0.6

-7.6

n.a.(c)

Gníomhaíochtaí Coimhdeacha

...

16.4

23.3

35.4

48.0

57.7

n.a.(c)

Brabús roimh ús/

 

 

 

 

 

 

Sócmhainní Comhghrúpa

...

-3.8

-3.2

6.9

12.6

6.4

7.8

Foinse: Tuarascálacha Bliantúla Aer Lingus, 1975 go 1980.


Nótaí


20.Ag tabhairt fianaise dó dúirt Cathaoirleach Aer Lingus linn go ndéanann taobh Aer Lingus den ghnó brabús beag, go ndéanann na gníomhaíochtaí coimhdeacha brabús mór ach go gcailltear airgead ar rian an Atlantaigh.1 Tríd is tríd deimhníonn na figiúirí i dTábla 5 an tuairim sin. Is mór an t-ábhar misnigh an t-athrú a tháinig ar thorthaí Aer Lingus Teoranta ó 1976/77. Ach séard is léir dúinn tríd is tríd go bhfuil brabúis mhóra ar ghníomhaíochtaí coimhdeacha atá ag fás go tréan le blianta beaga anuas chun slánú a dhéanamh ar an gcaillteanas ar aeriompar; agus is follas gur ar rianta an Atlantaigh Thuaidh atá á n-oibriú ag Aerlínte Éireann Teoranta is mó atá na caillteanais aeriompair, go háirithe le trí bliana anuas.


21. Ba mhór an chúis imní don Choiste gnó-réim airgeadais an ghnó aeriompair a bheith chomh dona sin agus go háirithe na caillteanais mhóra ar an Atlantach Thuaidh. Tá tuilleadh scrúdú i Roinn III thíos ar na cúiseanna atá leis an gcor sin. Ag an bpointe seo is leor suntas a thabhairt don méid a dúirt Príomh-Fheidhmeannach Aer Lingus linn i bhfianaise, is é sin, nár dhóigh leis gur leor an brabús a dhéanann Aer Lingus, cé go raibh cuma mhaith air i gcóimheas le hAerlínte, ach nár shíl sé gur leibhéal sásúil brabúis e.2 Tá aon ní amháin eile le rá againn anseo agus is é gurb oth linn an cinneadh gan anailís ar chaipiteal a bhí á úsáid de réir gníomhaíochta a fhoilsiú i dTuarascáil Bhliantúil 1980. Molaimid go leanfaidh an Roinn Iompair de bheith ag iarraidh an eolais sin ar bhonn rialta.


22. Bhí imní ar an gCoiste freisin dá leanfadh na haerchuideachtaí de chost-díluachadh stairiúil a úsáid go dtabharfaí léargas ró-fhabhrach ar an mbrabúsacht dáiríre sa ghnó aeriompair. Mhaígh Aer Lingus gur toimhdeana choimeádacha iad na toimhdeana saoil dá sócmhainní (14-16 bliana d’aerárthaí) agus gurb í an tslí cheart ar chaoi ar bith chun athsholáthar a dhéanamh airgead ó bhrabúis a leithroinnt ar chúltacaí.3 Is é a dtuairim nach cuntasaíocht mhearbhlach ach brabúsacht íseal an phríomh-fhadhb. Is é tuairim an Choiste, áfach, fiú mura mbíonn sa díluachadh ach “bealach le costas sócmhainní cnaíteacha a thomhas” gur inmhianaithe coigeartú éigin a dhéanamh i leith boilsciú. Ar chaoi ar bith, tugann an Coiste dá aire go mbeifear ag brath go ndéanfaidh Aer Lingus chomh maith le cuideachtaí móra eile costchuntais reatha a áireamh ina ráiteas airgeadais bliantúil ó 1980/81 amach faoi SSAP 16 a bhfuil glactha leis ag comhlachtaí cuntasaíochta de chuid na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.


23. Rud amháin a chuidigh leis an ngnó-réim olc airgeadais i gcúrsaí aeriompair ab ea an stailc a tharla i 1978, an chéad stailc i stair na n-aerlínte. Rinne Aer Lingus amach gur chosain an stailc sin tuairim £5 mhilliún, rud a laghdaigh faoina leath dáiríre an brabús glan do 1978/79. Is mór go deo an chúis imní gur tharla stailc eile fad a bhí ár bhfiosrú ar siúl, rud a chuir leis an ngéarchéim airgeadais tráth nach raibh cúrsaí iomaíochta idirnáisiúnta fabhrach chor ar bith. Tá sé déanta amach go sealadach ag Aer Lingus gur chosain an stailc is déanaí sin £6 mhilliún. Ba é fáistine Aer Lingus roimhe sin go mbeadh brabús beag tuairim £1 milliún ann do 1980/81 ach de bharr na stailce agus meathlú ar chúrsaí trádála is cosúil gur cinnte go mbeidh caillteanas mór i gceist anois.4


24. Murab ionann is cúrsaí aeriompair d’éirigh thar cionn ar fad le gníomhaíochtaí coimhdeacha Aer Lingus. Is maith an scéal é do na cuideachtaí, agus go neamhdhíreach do Rialtas na hÉireann agus do mhuintir na hÉireann, gur éirigh chomh maith sin leis an iolracht gnóthaí lenar ghlac Aer Lingus mar bheartas go luath tar éis 1970 agus déanaimid comhgháirdeas leis na daoine a bhí freagrach as sin. Tá scrúdú níos grinne againn i gCuid IV ar an gcaoi ar éirigh leis na gníomhaíochtaí coimhdeacha.


25. Ag smaoineamh duinn ar an léargas ginearálta atá againn ar na fíorais a bhaineann le gnó-réim airgeadais Aer Lingus, tá dhá mhórcheist a gcaithfear díriú orthu dar linn sula dtabharfaimid aghaidh ar chúrsaí níos grinne. Sa chéad áit tá an cheist a bhaineann le gréasán caipitil Aer Lingus, agus go háirithe an cóimheas is cuí idir cothromas agus fiach; sa dara háit tá an cheist ann céard í an chóimhréir chuí idir an príomhghnó agus na gníomhaíochtaí coimhdeacha ó thaobh oibleagáid airgeadais.


2.2Gréasán Caipitil

26. Léiríodh i dTábla 1 go raibh cóimheas tuairim 35:65 idir cothromas agus fiach Aer Lingus amhail an 31 Márta, 1979. Tugaimid faoi deara freisin go ndearna an Rialtas a infheistíocht cothromais in Aer Lingus Teoranta a mhéadú £15 mhilliún i Nollaig, 1978. Rinneadh é sin i gcomhthéacs mórmhéadú ar shócmhainní dochta a bheith sna cuntais faoi dheireadh na bliana airgeadais sin. Bliain roimhe sin (i.e. 31 Márta, 1978) ba 31:69 an cóimheas idir cothromas agus fiach agus, ar ndóigh, bheadh an cóimheas sin i bhfad ní ba mheasa dá dtarlódh an méadú ar shócmhainní gan aon mhéadú ar infheistíocht cothromais. Sa bhliain is deireanaí, de bharr méaduithe eile ar shócmhainní agus gan méaduithe dá réir ar chothromas (cé gur fheabhsaigh na cúltacaí) tharla gur thit an cóimheas idir cothromas agus fiach go dtí 32:68 amhail an 31 Márta, 1980.


27. D’áitigh Aer Lingus ina bhfianaise inár láthair, agus ina n-aighneacht i scríbhinn, gur chóir go mbeadh cóimheas tuairim 50:50 idir cothromas agus fiach. Is iad seo a leanas na príomhphointí a chuir Aer Lingus i gcion i dtaca lena n-argóint:—


(a)is cuí ardchóimheas cothromais a bheith ann de bharr an tionscal aerlíne fré chéile a bheith an-luaineach agus de bharr na ndeacrachtaí ar leith a bhaineann le haeriompar go hÉirinn agus ó Éirinn (leis an gcion ard tráchta neamhghnó agus leis na caillteanais leanúnacha ar an Atlantach Thuaidh a ghabhann leis) — agus na fadhbanna sin níos measa faoi láthair de bharr éiginnteachtaí faoi chúrsaí breosla agus de bharr dálaí na trá eacnamaíochta;


(b)an t-ualach trom muirear úis a thagann as an bhfiach an-mhór — in imeacht na 5 bliana go dtí 1978/79 ba £3.6 milliún ar an meán na muirir úis bhliantúla (Féach Tábla 5, mír 19, thuas); i 1979/80 chuaigh siad suas go dtí tuairim £7 milliún agus sa bhliain reatha meastar go rachaidh siad suas go dtí tuairim £8½ milliún. Fágann na híocaíochtaí sin nach mbíonn na hacmhainní ag na cuideachtaí chun forleathnú a dhéanamh;


(c)tá sé ráite ag baincéirí Aer Lingus go bhfuil easnamh caipitil orthu mar oibríocht tráchtála agus nár chóir go mbeadh an cion féich i ngréasán caipitil Aer Lingus níos mó ná 50%. Léirítear, de bharr taithí le gairid sna margaí caipitil idirnáisiúnta, go bhfuil baincéirí aireach maidir le fiontair tíre agus dá thoradh sin go bhfuil suim níos mó ag baincéirí a chinntiú gur féidir le cuideachta a fiach a sheirbhísiú as a hacmhainní féin, gan bacadh le ráthaíocht Rialtais ach in am na héigne.


28. Séard atá á rá go hachomair ag Aer Lingus go bhfuil easnamh caipitil orthu fós, d’ainneoin £15 mhilliún a thabhairt dóibh i 1978, agus go bhfuil sé sin ag fágáil drochbhail orthu ó thaobh tráchtála. Deir siad má leantar leis an scéal mar atá go bhfuil an dainséar ann gurb éard a thiocfaidh as córas aeriompair ag brath ar fhóirdheontas mar aon leis na gnéithe dainséaracha, míchuibhiúla a bheadh ag gabháil lena leithéid.


29. Tá breithniú an-chúramach déanta againn ar argóintí Aer Lingus ar an bpointe sin agus tá roinnt tuairimí ba mhaith linn a thabhairt:—


(a)Scrúdaíomar an cheist a bhaineann le gréasán caipitil inár dtuarascáil ar an British and Irish Steam Packet Co. Limited [21 Márta 1979, Prl. 8063]. Sa chás sin d’aontaíomar le dearcadh B+I gurbh inmhianaithe nach dtitfeadh cistí scairshealbhóirí faoi bhun 35% go 40% d’oibleagáid iomlán caipitil na cuideachta. Creidimid go mba chritéar oiriúnach an bhunlíne íosta sin sa chás seo. Toisc gur tionscal an-luaineach é, áfach, b’fhearr cóimheas beagán níos airde ná sin cé go bhfuil ráthaíochtaí Rialtais ar fáil chun tacú le hiasachtaí. Tríd is tríd creidimid gur 50:50 an figiúr ceart d’Aer Lingus.


(b)Is ábhar cúraim dúinn go raibh moill trí bliana ann sular chinn an Rialtas i 1978 a infheistíocht cothromais a mhéadú.5 Tagaimid leis an méid a dúirt Príomh-Fheidhmeannach Aer Lingus, eadhon, gur mhaith le hAer Lingus go gcoinneofaí dea-bhail ar an ngréasán caipitil ar bhonn leanúnach … nár dóigh leis go luíonn sé le ciall nach ndéanfadh an scairshealbhóir tada, go ligfeadh sé don ghnó dul le fána go dtí go mbeadh droch-chaoi air ó thaobh airgeadais, go mbeadh droch-ghréasán caipitil aige agus ansin go mbeadh an domhan de riachtanais airgeadais sa mhullach air tráth áirithe.6


(c)Tugaimid faoi deara go gcuireann Aer Lingus réamhmheastóireachtaí i dtaobh caiteachais caipitil ar bhonn 5 bliana faoi bhráid an Rialtais go rialta, nach féidir dó dul faoi mhórchaiteachas caipitil gan an Rialtas á cheadú agus go ndéanann an Rialtas iasachtaí Aer Lingus a cheadú chomh maith.7 Dá bhrí sin bíonn eolas iomlán ag an Rialtas tamall maith roimh ré i dtaobh riachtanais caipitil agus bearta maoiniúcháin Aer Lingus. Más deimhin leis an Rialtas go bhfuil údar maith leis na hinfheistíochtaí atá beartaithe ag Aer Lingus agus má tá siad ceadaithe ag an Rialtas is dóigh linn go mba chóir dó ag an am céanna ranníoc a dhéanamh é féin i leith a maoinithe, lena n-áirítear airgead cothromais a chur isteach ann go tráthúil nuair is gá sin. Ní maith an rud é go bhfuil an cóimheas cothromas: fiach ag dul le fána arís agus go bhfuil sé faoi bhun 35:65.


(d)I dtaca leo féin, ba chóir d’Aer Lingus na sriantachtaí atá orthu de bharr a staid airgeadais féin, agus de bharr teorainn a bheith leis an airgead Rialtais atá ar fáil, a chur i gcuntas le linn dóibh a gcaiteachas caipitil beartaithe a leagan amach. Ní mór a aithint go gcaithfear guaim an-mhór a choinneáil ar chaiteachas caipitil amach anseo fad a leanann na deacrachtaí atá anois ann agus nár chóir féachaint ar airgead cothromais breise mar chaipiteal in aisce mar thaca le hiasachtaí chun infheistíochtaí íseal-toraidh a mhaoiniú.


2.3An Chothromaíocht idir Aeriompar agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha

30. Chuaigh infheistíochtaí coimhdeacha suas ó thart faoi 24% den chaipiteal a bhí á úsáid i 1974/75 go dtí thart faoi 35% i 1978/79 (Féach Tábla 5, mír 19). Thugamar dár n-aire cheana féin sár-stair bhrabúsachta na ngníomhaíochtaí coimhdeacha agus déanfaimid scrúdú níos grinne ar an ábhar sin i gCuid IV thíos. Is é is cúram dúinn anseo an chothromaíocht idir príomhghnó aeriompair Aer Lingus agus na gníomhaíochtaí coimhdeacha, go háirithe ag féachaint dá ndúirt Aer Lingus ina meabhrán chugainn, eadhon, go mba é polasaí na haerlíne leanúint uirthi ag déanamh forbairt spreacúil ar na gnónna coimhdeacha.


31. Rinneadh infheistíocht i ngníomhaíochtaí coimhdeacha i dtosach báire chun cosaint a thabhairt don ghnó aeriompair i gcoinne luaineachtaí tréimhsiúla agus chun fáltas níos airde a thabhairt ná mar a d’fhéadfaí a fháil ón aeriompar amháin. Bhí cuid de na hinfheistíochtaí mar chúltaca leis an bpríomhghnó, mar shampla, seirbhísí cothabhála agus cóirithe aerárthaí, seirbhísí ionramhála paisinéirí agus lasta agus bróicéireacht agus léasú aerárthaí. Ní raibh ceangal chomh díreach sin ag cuid eile acu, mar shampla na hinfheistíochtaí in óstáin agus i bhfóillíocht. Tá sé feicthe againn gur éirigh leis na hinfheistíochtaí sin go dtí seo na cuspóirí i dtaobh cobhsaíocht bhreise agus brabúsacht níos airde a bhaint amach. D’fhéadfaí a áiteamh go mbeidh cinseal ag na tionscail coimhdeacha ar an bpríomh-thionscal sara i bhfad, go háirithe toisc nach maith na hionchais ghearr-théarma don ghnó aeriompair.


32. Ba údar misnigh dúinn an ráiteas seo a leanas a rinne Príomh-Fheidhmeannach Aer Lingus i bhfianaise, “Ós í feidhm na ngníomhaíochtaí coimhdeacha tacú leis an réimse aeriompair dár ngnó níor mhaith linn é do dhul thar 50%. Níor cheart go mbeadh sé os cionn 50%. Is éard atá sna gníomhaíochtaí coimhdeacha dóigh le cuspóir a ghnóthú. Is é an cuspóir sin brabúis a dhéanamh. … Is léir mar sin gur feidhm chúntach don aeriompar atá ag na gníomhaíochtaí coimhdeacha agus sin mar is cóir.” 8 Mheas Aer Lingus nach féidir foirmle chruinn mhatamaitice a leagan síos ina thaobh sin, áfach.


33. Tá ár dtuairim féin ar an ábhar sin gar do thuairim Aer Lingus agus tríd is tríd is tuairim leitheadach í. Is cóir na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh chun na gníomhaíochtaí coimhdeacha atá anois ann a choinneáil slán brabúsach, agus a bheith ag dréim i gcónaí le sruthaíocht dearfach airgid a ghnóthú ar mhaithe leis an ngnó aeriompair. Mar an gcéanna, i gcás gníomhaíochtaí coimhdeacha nach ndéanann maith dá ngealladh agus ar baol dóibh tarraingt ró-mhór ar acmhainní an ghrúpa, ba cheart beartas dífheistíochta a shaothrú go luath. Maidir le leathnú amach i réimsí nua is dóigh linn nár chóir sin a dhéanamh ach nuair a bhíonn deis mhaith ann chuige sin agus ní go díreach chun spriocleibhéal infheistíochta éigin a socraíodh roimh ré a bhaint amach.


IIIGNÍOMHAÍOCHTAÍ AERIOMPAIR

3.1An Chreatlach Idirnáisiúnta

(a)Comhaontuithe Aeriompair

34. Oibrítear aersheirbhísí sceidealta go hÉirinn agus ó Éirinn ar bhonn comhaontuithe aeriompair a thugtar i gcrích trí chaibidlí déthaobhacha le tíortha eile. D’fhéadfadh cuid de na cúig príomhchearta saoirse, nó iad uile, a bheith ar áireamh na gcomhaontuithe sin. Níl an chéad cheart ná an dara ceart saoirse chomh tábhachtach leis an 3ú, leis an 4ú ná leis an 5ú ceart. Is iad seo a leanas na cearta deiridh sin:—


(i)An 3ú Saoirse: Trácht a iompar ó do thír féin go dtí tír an dara páirtí sa chomhaontú;


(ii)An 4ú Saoirse: Trácht a iompar ó thír an dara páirtí sa chomhaontú go dtí do thír féin;


(iii)An 5ú Saoirse: Trácht a iompar ó thír an dara páirtí sa chomhaontú go dtí tríú tír.


35. Tá comhaontuithe déthaobhacha idir Éire agus na tíortha seo a leanas a n-oibríonn Aer Lingus isteach iontu faoi láthair: Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Danmhairg, an Iodáil, an Eilvéis, an Ísiltír, an Bheilg agus an Ghearmáin.


36.Ina dhiaidh seo tá achoimre ar phríomhghnéithe na gcomhaontuithe le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus leis an Ríocht Aontaithe.9


(i)Comhaontú Aeriompair idir S.A.M. agus Éire dar dáta 3 Feabhra, 1945, arna leasú. Faoin gcomhaontú sin tugtar d’aerlínte na hÉireann, i gcríoch S.A.M., cearta idirthurais, stad neamhthráchta agus iontráil tráchtála do thrácht idirnáisiúnta ar sheirbhísí sceidealta ag Bostún, Nua-Eabhrac, Chicago sa dá threo. Tugtar d’aerlínte S.A.M. faoin gcomhaontú cearta idirthurais, stad neamhthráchta agus iontráil tráchtála do thrácht idirnáisiúnta ar sheirbhísí sceidealta ar na rianta: S.A.M. go hÉirinn agus tíortha lastall via stadanna ar an mbealach sa dá threo le cearta den 5ú saoirse ag an tSionainn i leith pointí lastall d’Éirinn.


Chomh maith leis sin tá aerlíne amháin ó S.A.M. dá dtugtar, i gcríoch na hÉireann, cearta idirthurais, stad neamhthráchta agus iontráil tráchtála do thrácht idirnáisiúnta ag Aerfort na Sionainne agus Baile Átha Cliath, ar an rian seo a leanas: S.A.M. go hÉirinn via pointí ar an mbealach sa dá threo.


Ní mór do na heitiltí sceidealta go léir a dhéanann iompróirí ón dá thír i gceachtar treo freastal a dhéanamh ar Aerfort na Sionainne.


(ii)Comhaontú Aeriompair idir Éire agus an Ríocht Aontaithe dar dáta 5 Aibreán, 1976, arna leasú. Faoin gcomhaontú sin tugtar d’aerlínte na hÉirinn cearta idirthurais, stad neamhthráchta agus iontráil tráchtála do thrácht idirnáisiúnta ar sheirbhísí sceidealta ar 27 rian atá leagtha amach i dtrí sceideal a ghabhann leis an gcomhaontú; tá na trí rian, Aerfort na Sionainne agus/nó Baile Átha Cliath — Londain, Aerfort na Sionainne agus/nó Baile Átha Cliath — Learpholl agus/nó Manchain, agus Baile Átha Cliath — Birmingham le hoibriú i gcomhréim lena chéile ag aerlíne amháin ó gach tír. Tugtar d’aerlínte na Ríochta Aontaithe cearta idirthurais, stad neamhthráchta agus iontráil tráchtála do thrácht idirnáisiúnta ar sheirbhísí sceidealta ar 26 rian atá leagtha amach sa cheathrú sceideal a ghabhann leis an gcomhaontú; tá na trí rian Londain — Baile Átha Cliath agus/nó Aerfort na Sionainne, Manchain — Baile Átha Cliath agus Birmingham — Baile Átha Cliath le hoibriú i gcomhréim lena chéile ag aerlíne amháin ó gach tír. Faoin gcomhaontú, tá cearta monaplachta ag an iompróir Éireannach ar na rianta: Baile Átha Cliath — Dún Éideann, Baile Átha Cliath — Geirsí, Aerfort na Sionainne — Learpholl agus Aerfort na Sionainne — Manchain. Cé is moite den rian Aerfort na Sionainne — an tAtlantach Thuaidh, mar a dtugtar cearta den 5ú saoirse don iompróir ón Ríocht Aontaithe, is trácht den 3ú agus den 4ú saoirse trácht faoin gcomhaontú.


(b)IATA

37. Is éard é an Comhlachas Idirnáisiúnta Aeriompair (IATA) comhlachas trádála aerlínte an domhain. Tá breis agus 100 aerlíne ó 85 thír, lena n-áirítear ár gcuid aerlínte féin, ina gcomhaltaí de. Baineann cuid mhór d’obair IATA le cúrsaí dlí, airgeadais agus ábhair theicniúla (fearacht aershábháilteacht) nach ábhair chonspóide iad. Tá na Rialtais, áfach, tar éis an dualgas a bhaineann le taraifí a chaibidliú a tharmligean go foirmiúil chun IATA ach go bhfuil an ceart chun iad a cheadú (nó a dhícheadú) acu féin go fóill.10 Le blianta beaga anuas is iomaí gearán láidir a rinneadh i dtaobh na coda sin d’obair IATA agus táthar ag druidim in IATA féin i dtreo athchóiriú a dhéanamh.


38. Is é an cineál gearáin a rinneadh, de réir mar a thuigimid, ná gur chuidigh comhshocruithe IATA, sa mhéid gur shocraigh siad táillí róard, le ró-chumas agus le caighdeáin thar meán i gcúrsaí fearacht seirbhís san eitilt. Nuair a chuireamar ceist ar an Uasal Reed ón Údarás um Eitlíocht Shibhialta de chuid na Ríochta Aontaithe (CAA), fear a raibh sé de chineáltas ann fianaise a thabhairt dúinn mar shain-fhinné, an ísle a bheadh táillí san Eoraip mura mbeadh beartais IATA, d’fhreagair sé mar a leanas: “Is dóigh liom nach bhfuil amhras ar bith ná go ndearna sé dochar do leas an tomhaltóra an chaoi ar ceadaíodh do na haerlínte táillí a shocrú faoin gcóras sin”.11 I nóta i scríbhinn12 ón CAA ina dhiaidh sin, bhí seo le rá: “I gcás a bhfuil cosc, le rialachán, le hiomaíocht praghsanna, dírítear fuinneamh iomaíoch ar mhodhanna chun scair níos mó den mhargadh a fháil, modhanna a tharraingíonn iontu féin costais bhreise. … Tá cur síos déanta ag mórán tráchtairí ar an gcaoi a dtarraingíonn rialú taraifí costais bhreise agus is gné bhuan anois é i stair eacnamaíochta na n-aerlínte.” Ag an am céanna, níor mheas an tUasal Reed go mbeadh sé sásúil córas gan aon riail a bheith ann ach oiread.13 Chuir sé i bhfáth chomh maith gurb annamh ar fad a dhiúltaíonn Rialtais nó comhlachtaí rialúcháin beart táillí IATA a cheadú.


39. Chuir finné eile, an tUasal Varrier ó Dan-Air Services Limited, in iúl go raibh athrú tagtha ar struchtúr IATA. Mar a dúirt sé, “Ní ghlacfainn leis go bhfuil cairtéil IATA ann a thuilleadh tar éis an athrú struchtúir in IATA. … roinneadh an seanchóras IATA ina dhá chuid, cuid an chomhlachais trádála agus an chuid a bhaineann le socrú taraifí. Tá modhnú mór déanta ar fheidhmeanna na coda sin a bhaineann le socrú taraifí agus tig le hiompróirí anois taraif dhéthaobhach a chomhdú gan dul trí shásra IATA.” Ach ní raibh sé i bhfabhar dírialú iomlán ach an oiread: “Táimid i bhfabhar maolú éigin ar an rialú ach is é ár dtuairim daingean gur cóir dul ina bhun céim ar chéim agus go leanúnach agus nach ceart tabhairt faoi go tobann mar a tharla sna Stáit Aontaithe, mar go bhfuil a lán rúdaí maithe i struchtúr an aeriompair faoi láthair a d’fhéadfaí a mhilleadh nó a lagú go mór dá dtabharfaimis isteach córas dírialaithe iomlán go tobann.”14


40.Is é an seasamh atá ag Aer Lingus air seo, mar a chuir an Príomh-Fheidhmeannach in iúl dúinn í, ná go dtacaíonn siad go láidir le IATA ach ag an am céanna gur maith leo go bhfuiltear ag druidim i dtreo athchóiriú a dhéanamh.15 Thagair sé don obair theicniúil a dhéanann IATA ar mhaithe le caighdeáin sábháilteachta ar fud an domhain a ardú, do shocruithe imréitithe IATA a chuireann ar a chumas do dhuine, mar shampla, ticéad do thuras timpeall an domhain a cheannach ar chúpón de chuid Aer Lingus in ionad é bheith air ticéad ar leith a cheannach ó gach aerlíne ar a dtaistealaíonn sé, agus thagair sé chomh maith don ghréasán cumarsáide a chuireann IATA ar fáil. Maidir le taraifí, mheas Aer Lingus go raibh IATA “i bhfad ró-dhocht agus rórighin” agus go raibh sé “ag titim as a chéile toisc nárbh fhéidir le haerlínte gan dua táillí nua a thabhairt isteach a mbeadh baint acu lena gcuid riachtanais mhargaidh ar leithligh”. Anois tá sé i bhfad níos solúbtha agus freagraíonn sé níos fearr do riachtanais an mhargaidh de bharr na n-athchóirithe atá déanta. Mar achoimre, creideann Aer Lingus, tríd is tríd, “go mbaineann aerlíne bheag an-tairbhe as bheith páirteach sa chomhlachas trádála domhanda d’aerlínte”.


(c)Beartas Aeriompair CEE

41. Cé go bhfuil muiriompar agus aeriompar eisiata ón gcomhbheartas iompair mar atá leagtha síos i gConradh CEE, foráiltear le hAirteagal 84.2 go bhféadfaidh an Chomhairle, “ag gníomhú dí d’aontoil, a chinneadh cé acu is féidir, cá mhéad is féidir, agus conas is féidir, forálacha iomchuí a leagan síos do mhuiriompar agus d’aeriompar”. I mí Iúil 1979 ghlac Coimisiún CEE meabhrán dar teideal “Aeriompar: Dearcadh an Chomhphobail”. Tuigtear dúinn go raibh fáilte fairsing go leor roimh an meabhrán sin i gComhairle CEE nuair a thug na hAirí a mbarúil tosaigh air i Nollaig 1979. Cuireadh i dtábhacht, áfach, nach raibh ansin ach barúil tosaigh agus go raibh go leor oibre agus staidéir le déanamh sula bhféadfaí aon chinntí a dhéanamh.


42. Rinne an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach scrúdú ar mheabhrán an Choimisiúin agus thug siad tuarascáil ina thaobh dar dáta 4 Meitheamh 1980 (Prl. 8991). Tá breithniú déanta againn ar thuarascáil an Chomhchoiste, a bhain leas as barúlacha ó Aer Lingus agus ón Roinn Iompair. Tagaimid i gcoitinne leis na barúlacha a chuireann an Comhchoiste i láthair agus go háirithe leis an méid seo a leanas a dúirt an Comhchoiste:—


Dul isteach i Margadh Ionchais agus Nualeagan


“(Tá) cosaint riachtanach lena chinntiú go gcoinneofar ag imeacht na gnéithe seirbhíse poiblí d’oibríochtaí aerlíne i bhfoirm minicíochtaí turais agus riar táillí” agus “is dóigh leis an gCoiste dá bhrí sin nach foláir an cúigiú saoirse a bheith ar áireamh in aon léirscaoileadh ionas go mbeadh ar chumas Aer Lingus cearta oibríochta a fháil sa Ríocht Aontaithe nó ag ceangal tíortha eile CEE lena chéile.”


Táillí


“Creideann an Comhchoiste gur beart ar mhaithe leis an bpobal táillí aeir a choinneáil chomh híseal agus a cheadódh cumasaíocht gheilleagair na n-oibritheoirí aerlíne.”


Caidreamh Eachtrach


“Aontaíonn an Comhchoiste go mba rí-mhaith an rud é dá rachadh na Ballstáit i dteannta a chéile chun caidrimh le tríú tíortha ach tuigeann sé go mbeadh sé fíor-dheacair é sin a dhéanamh”.


43. Déantar an pointe deiridh sin sa tuarascáil de bharr bharúil Aer Lingus go mbeadh sé buntáisteach d’aerlíne bheag ó thír bheag dá rachadh stáit an Chomhphobail i dteannta a chéile chun caidrimh le tríú tíortha. Is dóigh linn go bhfuil tábhacht ar leith leis an bpointe sin i ndáil le caidreamh leis na Stáit Aontaithe.


(d) Beartas Aeriompair na Stát Aontaithe agus Forbairtí Iomaíocha ar Rianta an Atlantaigh Thuaidh

44. Is é beartas ‘Spéartha Oscailte’, mar a thugtar air, Rialtas na Stát Aontaithe is mó a bhí faoi chaibidil le linn pléití ar fhorbairtí aeriompair le blianta beaga anuas. Ba cheann é sin de na rudaí is mó a spreag bearta i dtreo athchóiriú ar nósanna imeachta IATA i ndáil le taraifí a chaibidil, go háirithe ag cruinniú IATA i Montreal i 1978. Bhí sé tábhachtach chomh maith sa mhéid gur chabhraigh sé leis an iliomad táillí saora ar rianta an Atlantaigh Thuaidh le blianta beaga anuas, ní ba thrúig go minic le caillteanais mhóra ar na rianta sin do na haerlínte lenar bhain.


45. Dúradh linn i bhfianaise, cé go raibh beartas na Stát Aontaithe i gcoitinne, ó 1970 i leith ar a laghad, i bhfabhar iomaíochta agus ar son scair den mhargadh d’iompróirí S.A.M., go raibh béim an bheartais sin athraithe. Ar dtús, ba é an príomhchuspóir a bhí leis ná “a gcúinne beag féin a fháil ar an Atlantach Thuaidh d’iompróirí forlíontacha, mar a tugadh orthu an uair sin, ó na Stáit Aontaithe a bhí tar éis an chuid ba mhó dá gcuid airgid a thuilleamh roimhe sin ar chairt-obair mhíleata amach go dtí an Meán-Oirthear.”16 Dá bhrí sin, sa chéad leath de na 1970idí is ó oibritheoirí cairte, a bhí ag tabhairt mórchuid tráchta leo de bharr a dtáillí ísle, a tháinig an brú iomaíochta is mó ar na haerlínte sceidealta. Dúirt Aer Lingus linn gur thug siad a dtáillí Apex isteach ar dtús i 1976 chun dul in iomaíocht leis na cairteacha. Nuair a comhdaíodh na táillí sin ar dtús le Rialtas na Stát Aontaithe diúltaíodh dóibh ar an bhforas go mba iomaíocht mhíchóir dá n-aerlínte cairte iad.


46. Le tamall anuas is é is mó is curám do bheartas na Stát Aontaithe táillí sceidealta a ísliú. Ina fhianaise dúinn dúirt an tUasal Reed: “Cé gur dóigh liom go bhfuil na daoine sa Bhord Aerloingseoireachta Sibhialta agus in áiteanna eile lenar phléigh mé an cheist sin lán-dáiríre nuair a chreideann siad sa bheartas sin, is fíor go réitíonn an beartas go rí-mhaith le leasanna eacnamaíochta idirnáisiúnta na Stát Aontaithe.”17 Níor dhóigh leis go gcruthódh córas gan rialú ar bith creatlach chóir nó comh-iomaíoch mar gheall ar an gcaoi ar féidir le hoibritheoirí ó na S.A. an sruth tráchta isteach sna príomh-mhoil lastiar de na geataí a rialáil.


47. Forbairt eile a tharla ar na rianta sin le déanaí ab ea na Seirbhísí Skytrain a thug Laker Airways isteach. Cé gur dhóigh leis an Uasal Reed ó CAA go raibh “tionchar ollmhór” ag Laker Airways ar mhargaí aeriompair, go háirithe iad siúd os cionn an Atlantaigh,18 mheas Aer Lingus nach ndearna Laker ach gluaiseacht iomaíoch eile a dhéanamh tráth áirithe. Mar a deir Aer Lingus, “bhí iompróirí an Atlantaigh Thuaidh ag cailleadh airgid sula dtáinig Laker isteach sa scéal.”19


48. Is é an rud is measa faoi na forbairtí sin ó thaobh na n-aerlínte de ná gur tharla siad tráth a bhfuil costais á mbrú go láidir in airde agus geilleagar an domhain ag dul trí mheathlú fada a laghdaíonn éileamh. Dar ndóigh is é an brú costais is mó atá ann praghsanna breosla. Ó £3.5 milliún i 1972/73, chuaigh costais bhreosla Aer Lingus in airde go dtí £17 milliún i 1978/79, breis agus £30 milliún i 1979/80 agus meastar go mbeidh siad chomh hard le £42.5 milliún i 1980/81.20 Cé gur tromaí an rud é sin d’Aer Lingus, tá a chóimhéid sin d’ardú tagtha ar an ngné sin de chostais na n-aerlínte go léir. Ó thaobh éilimh de, cé gur lean an t-aerthrácht air ag fás le blianta beaga anuas d’ainneoin na ndeacrachtaí, b’ábhar cúraim dúinn a fháil amach gur tharla titim 5% agus 6% faoi seach in Aibreán agus i mBealtaine na bliana seo ar thrácht paisinéirí sceidealta,21 rud a léiríonn go bhfuil goimh an mheathlaithe eacnamaíochta á brath go géar sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.


49. Sna himthosca sin, tá sé rí-thábhachtach d’aerlíne bheag fearacht Aer Lingus a lán-dícheall a dhéanamh i gcónaí chun cibé costais a bhfuil smacht aige orthu a choinneáil chomh híseal agus is féidir i gcomhréir le hoibriú éifeachtach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás Aer Lingus, ní amháin de bharr a laghad atá sé (níl ach 0.3% de chumas aeriompair an domhain ag Aer Lingus) ach toisc go bhfuil roinnt míbhuntáistí sonracha eile le sárú aige, fearacht a staid imeallach i ndáil leis an Eoraip, cion mór de rianta gearra, an méid beag tráchta a thionscnaíonn sa mhargadh baile agus an chaoi a n-athraíonn an t-éileamh go mór ó shéasúr go séasúr. Cuireann cúrsaí geilleagair na haimsire seo tuilleadh leis na míbhuntáistí sin. Chuir an Príomh-Oifigeach Oibriúcháin béim ar an bpointe sin i gciorclán chuig fostaithe Aer Lingus le déanaí. Is éard a dúirt sé ná “gur mó agus gur measa go mór na fadhbanna atá againn faoi láthair ná mar a bhí againn riamh roimhe seo.”22


3.2Gnó-Réim agus Táirgiúlacht Aer Lingus

50. I 1979/80 d’iompair Aer Lingus 2.5 milliún paisinéirí agus d’eitil sé tuairim 20 milliún míle. Ní tábhachtach amháin ar ar chóir meabhrú le linn an ghnó-réim sin a scagadh is ea an difríocht mhór idir oibríocht Eorpach Aer Lingus Teoranta (ALT) agus oibríocht Aerlínte Éireann Teoranta (AET) ar an Atlantach Thuaidh. I 1979/80 mar shampla d’iompair ALT 2.2 milliún paisinéirí agus thaistil paisinéirí ar sheirbhísí sceidealta 313 mhíle an duine ar an meán. Os a choinne sin níor iompair AET ach 0.3 milliún paisinéirí ach ba é meánturas na bpaisinéirí 3,079 míle. Dála eile is ea an cion de sheirbhísí neamhsceidealta (go mór mór cairteacha, arb iad a saintréithe táillí ísle agus cumas-úsáid ard) ach tá ionann is an cion céanna díobh sin ag an dá chuideachta: 16% ag ALT agus 18% ag AET.


51. Chomh maith le seirbhísí paisinéirí cuireann Aer Lingus seirbhísí lasta ar fáil agus is maith an tslat tomhais ar na seirbhísí go léir a chuirtear ar fáil an cumas tonna-míle a tairgeadh (CTM). Is féidir an méid úsáid a bhaineann trácht íocaíochta as na seirbhísí a chuirtear ar fáil a ríomh trí ioncam tonna-míle a díoladh (ITM) agus ón gcionúireacht idir ITM agus CTM faightear an fachtóir ualaithe iomlán. I dTábla 6 taispeántar na tomhais sin i leith ALT agus AET le 10 mbliana anuas. Feicfear gur tháinig ardú 86% ar chumas ALT a bhí á thairiscint sa tréimhse sin ach nach raibh ach 22% d’ardú i gcás AET. Dá ainneoin sin is mó go mór oibríocht AET ná oibríocht ALT i dtéarmaí tonna-míle. Ba mhó ná sin na harduithe ar iomcam tonna-míle, 96% agus 35% faoi seach, rud a thaispeánann go bhfuil fachtóir ualaithe an dá chuideachta ag dul in airde.


TÁBLA 6


Aer Lingus: Cumas a Tairgeadh agus a Díoladh agus Fachtóirí Ualaithe, 1970/71-1979/80


 

Cumas Tonna-Míle a Tairgeadh (milliúin)

Ioncam Tonna-Míle a Díoladh (milliúin)

Fachtóir Ualaithe Ioncaim ar fad (%)

 

ALT

AET

ALT

AET

ALT

AET

1970/71

90.5

186.1

51.2

116.4

57

63

1971/72

104.9

225.4

58.9

130.6

56

58

1972/73

104.8

214.4

60.1

133.2

57

62

1973/74

119.5

202.3

70.4

134.0

59

66

1974/75

119.9

183.0

69.8

120.7

58

66

1975/76

127.5

153.7

76.7

99.6

60

65

1976/77

131.3

165.7

78.7

109.0

60

66

1977/78

134.7

179.9

82.6

120.6

61

67

1978/79

150.8

210.6

92.4

142.1

61

67

1979/80

168.1

227.3

100.5

157.3

60

69

Foinse: Tuarascáil Bhliantúil Aer Lingus 1979/80.


52.Is tomhais fhisiciúla na tomhais atá i dTábla 6. Cé go gcabhraíonn fachtóir ualaithe ard le toradh maith airgeadais, tá an-tábhacht leis an gcostas a bhaineann le seirbhísí a sholáthar agus leis an ioncam a fhaightear chomh maith. Mar shampla, fachtóir ualaithe ard de bharr táillí ísle b’fhéidir nach gcuirfeadh sé feabhas ar bhrabúsacht. Taispeánann Tábla 7 ioncam oibriúcháin agus caiteachas oibriúcháin i leith an tonna-míle don dá chuideachta ó 1970/71 i leith. Ón ioncam oibriúcháin i leith ITM is féidir meántáillí agus meánmhuirir lasta a thomhas. Is airde go mór an figiúr sin i gcás ALT, rud a léiríonn na costais arda a bhaineann le hoibríocht ghearr Eorpach ALT agus atá le feiceáil sna figiúirí i dtaobh caiteachais oibriúcháin. Cé gur tháinig an t-ardú céanna ar chaiteachas oibriúcháin i leith CTM i gcás an dá chuideachta, áfach (breis agus trí oiread), níor éirigh le AET a ioncam i leith ITM a ardú ach 2.4 oiread cé gur éirigh le ALT, tríd is tríd, coinneáil suas leis na harduithe costais. Dá thoradh sin, i gcás an chorrlaigh oibriúcháin ar oibríocht AET, arna thomhas de réir na difríochta idir ioncam oibriúcháin i leith CTM agus caiteachas oibriúcháin i leith CTM, corrlach diúltach a bhí ann i ngach bliain ó 1970/71 i leith, ach amháin i 1973/74, d’ainneoin go ndeachaigh an fachtóir ualaithe i bhfeabhas. Dáirire, ba ghá corrlach oibriúcháin dearfach 10% chun costais riartha a ghlanadh agus chun fáltas leordhóthanach a thabhairt ar infheistíochtaí.


TÁBLA 7


Aer Lingus: Ioncam Oibriúcháin agus Caiteachas Oibriúcháin i leith an Tonna-Míle, 1970/71-1979/80


 

Ioncam Oibriúcháin

Caiteachas Oibriúcháin

 

Pinginí leith ITM

Pinginí i leith CTM

Pinginí i leith CTM

 

ALT

AET

ALT

AET

ALT

AET

1970/71

30.4

14.1

17.2

8.8

16.5

8.3

1971/72

30.3

13.6

17.0

7.9

16.5

8.4

1972/73

31.6

12.5

18.2

7.8

17.0

8.5

1973/74

35.1

14.1

20.7

9.3

18.0

9.0

1974/75

42.2

18.8

24.6

12.4

25.8

13.1

1975/76

48.7

22.0

29.3

14.2

28.3

16.4

1976/77

61.4

26.2

36.8

17.2

33.3

17.4

1977/78

71.2

27.2

43.6

18.2

38.6

18.3

1978/79

76.9

30.1

47.1

20.3

46.8

21.9

1979/80

95.5

33.6

57.0

23.2

54.7

26.5

Foinse: Tuarascáil Bhliantúil Aer Lingus 1979/80.


3.3Comparáidí Gnó-Réime agus Táirgiúlachta

(a)Réamhrá

53. Ar dtús, dearbhaímid go bhfuil sé deacair comparáidí gnó-réime agus táirgiúlachta a dhéanamh idir aerlínte toisc nach ionann cás aon dá aerlíne. Bíonn difríochtaí idir shaintréithe na ngréasán rianta go minic de bharr cúrsaí geograife agus polaitíochta seachas cúrsaí eacnamaíochta. Léiríonn difríochtaí i gcomhdhéanamh an chabhlaigh aerárthaí go páirteach difríochtaí sa ghréasán rianta agus go páirteach difríochtaí ó thaobh an tráth a rinneadh an infheistíocht agus an teicneolaíocht a roghnaíodh. Ar na dálaí eile a théann i gcion ar an ngnó-réim tomhaiste tá difríochtaí sa chaoi a athraíonn éileamh de réir séasúir, agus fiú amháin an aimsir, a chuireann isteach ar sceidil eitilte agus ar úsáid aerárthaí. Cé is moite ar fad de na fadhbanna teicniúla sin, bíonn sé deacair na comparáidí iomchuí a leagan amach de bharr fadhbanna sonraí—mar shampla, toisc go mbaineann cuideachtaí feidhm as modhanna cuntasaíochta éagsúla nó go mbaineann siad leas ar bhealaí éagsúla as a gcuid faisnéise le linn tuairisc a thabhairt.


54. Mar sin féin cheapamar gurbh fhiú tabhairt faoi roinnt comparáidí a dhéanamh ó d’fhéadfaimis níos mó tuisceana a fháil ar an scéal trí na figiúirí a chíoradh agus na torthaí a phlé le hAer Lingus. Mar chabhair dúinn leis sin réitigh ár gcomhairleoir roinnt comparáidí bunaithe ar na staitisticí a d’fhoilsigh an tEagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta de chuid na Náisiún Aontaithe (ICAO). Chun críche na comparáide, roghnaíodh ceithre cinn d’aerlínte beaga na hEorpa: Air Austria, Finnair, TAP (ón bPortaingéil) agus British Caledonian. Maidir leis an gcéad trí cinn, is iad na haerlínte náisiúnta iad i dtíortha a dtarlódh, mar gheall ar a staid, go mbeadh fadhbanna oibríochta den chineál céanna acu is atá ag Aer Lingus; roghnaíodh British Caledonian toisc go n-aithnítear gur oibritheoir cuíosach éifeachtúil é cé nach aerlíne mhór i dtéarmaí domhanda é.


(b)Fachtóirí Ualaithe

55. Trí ‘fachtóir ualaithe’ aerlíne is féidir an méid tráchta ioncaim a iompraíodh i ndáil leis an gcumas a cuireadh ar fáil a thomhas. I staitisticí an ICAO déantar é a thomhas trí ioncam an tona-cileameadar a rinneadh (ITC)23 arna roinnt ar an méid tona-cileaméadar iomlán a bhí ar fáil (TCF)23 a scríobh mar cheátadán. Léirítear i dTábla 8 thíos na fachtóirí ualaithe do ALT, AET, Aer Lingus (i.e. ALT agus AET le chéile) agus na ceithre aerlíne comparáide do na blianta 1975 go 1978 (an bhliain is déanaí dá raibh staitistící ICAO ar fáil agus seo á scríobh). Léiríonn na figiúirí sin gur éirigh go han-mhaith ar an meán le haerlínte na hÉireann, agus nár éirigh chomh maith sin le haon aerlíne ach amháin le British Caledonian in imeacht dhá bhliain.


TÁBLA 8


Fachtóirí Ualaithe Comparáideacha i gCoitinne 1975-1978 (%)


 

1975

1976

1977

1978

ALT

...

...

...

...

...

60.2(a)

59.9(a)

61.3(a)

61.2(a)

AET

...

...

...

...

...

64.8(a)

65.8(a)

67.0(a)

67.5(a)

Aer Lingus

...

...

...

...

63.2

63.2(a)

64.3

64.9

Air Austria

...

...

...

...

46.6

49.2

48.0

44.5

Finnair

...

...

...

...

51.5

51.5

53.5

56.9

TAP

...

...

...

...

...

n.a.

45.6

49.2

48.4

British Caledonian

...

...

...

59.9

64.2

62.6

57.3

Na haerlínte sceidealta go léir san ICAO

51.1

52.7

53.9

57.0

Foinse: ICAO, ach amháin na hítimí a bhfuil (a) leo, a tógadh as Tuarascálacha Bliantúla Aer Lingus.


(c)Ioncam Oibriúcháin

56. Léirítear i dTábla 9 comparáidí idir ioncam oibriúcháin i ceinteanna S.A.M. i leith ITC, ar táscaire é do mheánleibhéibhéil na dtáillí i leith an chileaméadair. Bheifí ag súil le táscaire níos ísle ar thurais fhada ach fiú agus an fachtóir sin san áireamh tá fianaise éigin anseo gur éirigh le AET a bhfachtóirí ualaithe a bhaint amach de bharr táillí ísle. Dealraíonn sé, ar an taobh eile den scéal, go bhfuil figiúirí ALT cuíosach ard, ach amháin i gcomórtas le Air Austria.


TÁBLA 9


Ioncaim Oibriúcháin Chomparáideacha 1975-78 (Ceinteanna S.A.M./ITC)


 

1975

1976

1977

1978

ALT

...

...

...

...

...

70.0(a)

72.6(a)

87.9(a)

103.1(a)

AET

...

...

...

...

...

31.6(a)

31.0(a)

33.6(a)

40.3(a)

Aer Lingus

...

...

...

...

53.1

55.3(a)

65.7

70.9

Air Austria

...

...

...

...

111.8

107.0

138.0

151.2

Finnair

...

...

...

...

52.6

56.2

57.3

65.2

TAP

...

...

...

...

...

n.a.

54.7

55.1

58.9

British Caledonian

...

...

...

34.1

34.1

43.4

58.1

Na haerlínte sceidealta go léir san ICAO

49.6

50.3

53.8

56.5

Foinse: ICAO, ach amháin na hítimí a bhfuil (a) leo, a tógadh as Tuarascálacha Bliantúla Aer Lingus. B’fhéidir nach bhfuil siad sin díreach inchomparáide.


Nóta:


Is cóir a mheabhrú go raibh athruithe ar rátaí iomlaoide an dollair Mheiriceánaigh agus airgeadraí eile le linn na mblianta éagsúla atá faoi scrúdú agus go ndeachaigh na hathruithe sin i bhfeidhm ar na figiúirí sa tábla.


(d)Costais Oibriúcháin

57. Ní mor féachaint ar chomparáidí meán-ioncaim i gcomhthéacs na leibhéal costais. I dTábla 10 taispeántar costais oibriúcháin i ceinteanna S.A.M. i leith TCF do na haerlínte céanna is atá i dTábla 9.24 Taispeánann na comparáidí sin go bhfuil leibhéal costas cuíosach ard ag ALT, an-chosúil leis na leibhéil costais atá ag Air Austria, rud a léiríonn go háirithe an t-ard-leibhéal costas a ghabhann le rianta gearra san Eoraip. Is gaire an chomparáid is féidir a dhéanamh idir costais AET agus costais Finnair, TAP agus British Caledonian. Nuair a cuireadh na príomhghnéithe costais i gcomparáid lena chéile, rud nach bhféadfaí a dhéanamh ach i gcás chomhoibríocht Aer Lingus, ba léir go raibh Aer Lingus cuíosach costasach ó thaobh costais oibríochta eitiltí, cothabháil, táillí úsáidirí agus ticéadú, díolacháin agus cur chun cinn (cé go raibh Air Austria níos airde, tríd is tríd) ach go raibh sé níos gaire do na haerlínte ísealchostais, TAP agus British Caledonian, maidir le díluachadh, costais seirbhísí paisinéirí agus riarachán i gcoitinne.


TÁBLA 10


Costais Oibriúcháin Comparáideacha, 1975-78 (Ceinteanna S.A.M./TCF)


 

1975

1976

1977

1978

ALT

...

...

...

...

...

40.7(a)

39.4(a)

47.7(a)

62.7(a)

AET

...

...

...

...

...

23.6(a)

20.6(a)

22.6(a)

29.4(a)

Aer Lingus

...

...

...

...

34.2

34.6(a)

39.7

44.4

Air Austria

...

...

...

...

52.0

48.7

60.0

62.7

Finnair

...

...

...

...

26.4

27.8

29.2

35.6

TAP

...

...

...

...

...

n.a.

24.5

26.7

29.5

British Caledonian

...

...

...

19.8

20.2

24.7

29.9

Na haerlínte sceidealta go léir san ICAO

24.9

25.2

27.5

29.5

Foinse: ICAO ach amháin na hítimí a bhfuil (a) leo, a tógadh as Tuarascálacha Bliantúla Aer Lingus. B’fhéidir nach bhfuil siad sin díreach inchomparáide.


Nóta:


Is cóir a mheabhrú go raibh athruithe ar rátaí iomlaoide an dollair Mheiriceánaigh agus airgeadraí eile le linn na mblianta éagsúla atá faoi scrúdú agus go ndeachaigh na hathruithe sin i bhfeidhm ar na figiúirí sa tábla.


(e)Cóimheas Oibriúcháin

58. Trí chóimheas oibriúcháin aerlíne (i.e. ioncaim oibriúcháin arna roinnt ar chostais oibriúcháin) is féidir a brabúsacht bhunúsach a thomhas. Mura bhfuil corrlach sách mór idir ioncaim oibriúcháin agus costais oibriúcháin ní féidir toradh réasúnach ar infheistíocht a ghnóthú. Mar shlat tomhais achomair is féidir a rá gur leor de ghnáth cóimheas oibriúcháin 1.10 (i.e. corrlach 10%). Léirítear i dTábla 11 gur beag nár éirigh le ALT an caighdeán sin a bhaint amach ach nár tháinig AET i ngar dó chor ar bith. Nuair a thógtar ALT ina aonar bhí a chóimheas oibriúcháin ar aon dul le cóimheas British Caledonian agus níos fearr ná na haerlínte eile sa chomparáid. Nuair a áirítear AET, áfach, tá toradh Aer Lingus faoi bhun mheán na n-aerlínte eile. TAP amháin ba mheasa ná é.


TÁBLA 11


Cóimheasa Oibriúcháin Comparáideacha, 1975-78


 

1975

1976

1977

1978

ALT

...

...

...

1.04(a)

1.10(a)

1.13(a)

1.09(a)

AET

...

...

...

0.87(a)

0.99(a)

0.99(a)

0.93(a)

Aer Lingus

...

...

...

0.98

1.05(a)

1.07

1.04

Air Austria

...

...

...

1.00

1.08

1.10

1.07

Finnair

...

...

...

1.03

1.04

1.05

1.04

TAP

...

...

...

n.a.

1.02

1.01

0.97

British Caledonian

...

...

1.03

1.08

1.10

1.11

Foinse: ICAO, ach amháin na hítimí a bhfuil (a) leo, a tógadh as Tuarascálacha Bliantúla Aer Lingus.


(f)Fostaíocht agus Táirgiúlacht

59. Thugamar faoi deara difríocht tábhachtach idir na staitisticí fostaíochta a d’fhoilsigh ICAO agus iad siúd a d’fhoilsigh IATA. Is cosúil gur tharla an difríocht toisc nár tugadh dóthain fógra d’aerlínte tuairiscíochta i dtaobh athrú sa chaoi a ndéanann ICAO cur síos ar ‘foireann ionramhála tráchta’. Dá bharr sin dealraíonn sé maidir le staitisticí ICAO ó 1976 i leith gur áiríodh ‘foireann ionramhála tráchta’ le ‘Foireann Ticéadaithe agus Díolacháin’ i gcás roinnt aerlínte ach le ‘Foireann Eile go Léir’ i gcás aerlínte eile. Roghnaíomar dá bhrí sin leas a bhaint as na staitisticí fostaíochta ó IATA atá i dTábla 12 ós rud é go dtaispeántar foireann ionramhála tráchta mar earnáil ar leith sna figiúirí sin. Iarraimid ar an Roinn Iompair an cheist sin a phlé le ICAO toisc gurbh í ba chúis le míthuiscint gan gá idir muid féin agus Aer Lingus ag pointe tábhachtach san fhiosrúchán. Ó scrúdú a dhéanamh ar na figiúirí i dTábla 12 is léir go bhfuil gréasán fostaíochta den chineál céanna ag Aer Lingus is atá ag na haerlínte eile ach amháin go bhfuil an cion d’fhoireann iomramhála tráchta cuíosach ard agus an cion d’fhoireann eile cuíosach íseal.


TÁBLA 12


Comparáid idir Líonta Foirne, 1978


Earnáil na Foirne

Aer Lingus

Aerlínte na hOstaireUimh.

Finnair

TAP

B-Cal

Uimh.

%

Uimh.

%

Uimh.

%

Uimh.

%

Uimh.

%

Píolótaí agus Comhphíolótaí

347

5.5

153

6.6

345

7.2

330

3.6

397

6.4

Foireann crannóige eile

...

5

0.1

184

2.0

104

1.7

Freastalaithe cábáin

...

655

10.3

258

11.1

632

13.2

878

9.5

885

14.3

Cothabháil agus cóiriú

...

1,579

24.8

373

16.1

1,522

31.8

2,239

24.3

1,185

19.2

Ticéadú agus Díolacháin

...

838

13.2

549

23.6

624

13.1

1,103

11.9

909

14.7

Ionramháil Tráchta

...

...

1,760

27.6

338

14.6

511

10.7

1,100

11.9

634

10.3

Foireann eile go léir

...

1,184

18.6

651

28.0

1,145

23.9

3,390

36.8

2,070

33.4

An tIomlán

...

...

...

6,363

100

2,322

100

4,784

100

9,224

100

6,184

100

Foinse: IATA—d’úsáideamar an fhoinse seo de rogha ar ICAO toisc gur chuir Aer Lingus in iúl dúinn go ndearna ICAO, trí dhearmad, foireann ionramhála tráchta a áireamh le foireann ticéadaithe agus díolachán sna staitisticí a d’fhoilsigh sé.


60. Is féidir gar-tháscaire táirgiúlachta a fháil tríd an líon foirne a roinnt ar thomhas den ghníomhaíocht iomlán fearacht tona-cileaméadair atá ar fáil (TCF). Déantar sin i dTábla 13. Sa chomparáid sin ciallaíonn figiúr cuíosach ard táirgiúlacht cuíosach íseal. Tá roinnt mhaith de na figiúirí sa Tábla sin a bhaineann le hAer Lingus cuíosach ard agus ba é cúram an Chomhchoiste a fháil amach cén fáth nach raibh cuma rómhaith ar an gcomparáid sin. Rinne Aer Lingus cur síos mion ar an gceist sin i bhfianaise25 agus ag féachaint dá raibh le rá ag Aer Lingus is dóigh leis an gCoiste gur beag idir táirgiúlacht Aer Lingus agus táirgiúlacht aerlínte Eorpacha eile. Ag féachaint do thábhacht an ábhair sin rachaimid go domhain isteach ann sna míreanna díreach ina dhiaidh seo.


TÁBLA 13


Gar-Chomparáidí Táirgiúlachta 1978 (Foireann/TCF)


 

Aer Lingus

Aerlínte na hOstaire

Finnair

TAP

B-Cal

TCF (Milliúin)

527.5

243.5

602.0

998.4

956.8

Foireann/Milliúin TCF

 

 

 

 

 

Píolótaí agus Comhphíolótaí

0.7

0.6

0.6

0.3

0.4

Foireann eile crannóige

0.2

0.1

Freastalaithe cábáin

1.2

1.1

1.1

0.9

0.9

Cothabháil agus Cóiriú

3.0

1.5

2.5

2.2

1.2

Ticéadú agus Díolacháin

1.6

2.2

1.0

1.1

1.0

Ionramháil Tráchta

3.3

1.4

0.8

1.1

0.7

Foireann eile go léir

2.2

2.7

1.9

3.4

2.2

An tIomlán

12.1

9.5

7.9

9.2

6.5

Foinse: TCF ó ICAO, líon foirne ó Thábla 12 thuas.


61. Pointe tábhachtach amháin a chuir Aer Lingus i láthair is ea go mb’fhéidir go mbeadh ioncam i leith tona-cileaméadair (ITC), a ríomhann an cumas a díoladh seachas an cumas a táirgeadh níos oiriúnaí mar roinnteoir i gcás gníomhaíochtaí áirithe fearacht ticéadú agus díolacháin.26 B’fhearr a thiocfadh Aer Lingus as an gcomparáid sa chás sin de bharr a fhachtóirí ualaithe a bheith ard. Dá ndéanfaí athríomh, agus leas a bhaint as ITC, ar na figiúirí atá sa líne dheiridh de Thábla 13, is mar a leanas a bheidís:—


TÁBLA 14


Coigeartú ar an nGar-Chomparáid Táirgiúlachta, 1978 (Foireann/ITC)


 

Aer Lingus

Aerlínte na hOstaire

Finnair

TAP

B-Cal

ITC (Milliúin)

...

...

342.5

108.3

342.7

483.2

547.9

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Foireann/Milliúin ITC

 

 

 

 

 

An tIomlán

...

...

...

18.6

21.4

14.0

19.1

11.3

Foinse: ITC ó ICAO, líon foirne ó Thábla 12 thuas.


Ón gcomparáid choigeartaithe sin, cé gur gar-chomparáid fós é, feictear go bhfuil Aer Lingus chun tosaigh ar Aerlínte na hOstaire agus ar TAP cé go bhfuil sé fós chun cúil ar British Caledonian agus Finnair.


62. Pointe eile a luaigh Aer Lingus is ea an chaoi ar féidir le difríochtaí in eagrú agus i gcleachtais aerlínte, mar shampla i ndáil le hobair fhochonraithe (cothabháil, ionramháil, lónadóireacht, etc.), dul i bhfeidhm ar chomparáidí idir aerlínte. Thug Aer Lingus faisnéis dúinn i dtaobh a mhéid a dhéanann na hiompróirí eile inár gcuid comparáidí seirbhísí a cheannach isteach ó pháirtithe eile agus seirbhísí a chur ar fáil do pháirtithe eile. Ós rud é gur tugadh an fhaisnéis sin faoi rún ní féidir linn a rá cé hiad na hiompróirí sin ach léiríonn na figiúirí atá i dTábla 15 gur lú go mór an cion seirbhísí a cheannaíonn Aer Lingus isteach ná mar a cheannaíonn na haerlínte eile dá bhfuil figiúirí ar fáil, agus gur mó an méid seirbhísí a chuireann sé ar fáil d’aerlínte eile. Déanann na dálaí sin saobhadh ar na gar-chomparáidí tairgiúlachta i bhfabhar na n-aerlínte eile. Cé nárbh fhéidir linn na comparáidí a choigeartú chun na dálaí sin a chur i gcuntas, tuigimid go gcabhródh na coigeartuithe iomchuí chun an difríocht idir Aer Lingus agus aerlínte atá níos éifeachtúla a mhíniú. Tugaimid dár n-aire áfach an rud a dúirt an tUasal Reed (CAA) i bhfianaise, eadhon, “tá an deis ann chun leibhéil chostais riartha na n-aerlínte náisiúnta atá ann le fada a laghdú agus i gcomparáidí idir oibríochtaí den chineál atá ag Laker agus aerlínte eile tá glan-fhuílleach éifeachtúlachta 10 go 20% fágtha fiú tar éis difríochtaí eile a chur san áireamh”.27


63. Thug Aer Lingus graf dúinn a leagann amach costais aerlíne in aghaidh an mheánfhaid chéime i gcás cuid mhaith d’aerlínte na hEorpa.28 Léirítear ann go bhfuil leibhéal costas faoin meán ag Aer Lingus tar éis an meánfhad céime a chur i gcuntas.


TÁBLA 15


An cion de Sheirbhísí Aerlíne a ceannaíodh isteach agus a díoladh amach: 1978


 

Seirbhísí Paisinéirí

Cothabháil agus Cóiriú

Stáisiún agus Talamh (lena n-áirítear ionramháil bagáiste)

 

Cean-naithe Isteach

Díolta amach

Cean-naithe Isteach

Díolta amach

Cean-naithe Isteach

Díolta amach

Aer Lingus

...

10%

20%

18%

59%

20%

36%

Iompróir X

...

27%

7%

25%

11%

55%

22%

Iompróir Y

...

87%

0%

47%

11%

62%

12%

Iompróir Z

...

n.a.f.

3%

n.a.f.

8%

n.a.f.

9%

Nótaí


‘Ceannaithe Isteach’ = An cion den tseirbhís a ceannaíodh isteach.


‘Díolta Amach’ = Obair a rinneadh do thríú páirtithe mar chéatadán de chostas iomlán na seirbhíse.


Foinse: Aer Lingus.


64. Gné eile a théann i bhfeidhm ar ghnó-réim is ea úsáid aerárthaí. Bhí imní orainn go mb’fhéidir go mbeadh deacrachtaí ag Aer Lingus i ndáil leis seo ó tharlaíonn go bhfuil cabhlach cuíosach beag aige agus toisc go n-athraíonn an t-éileamh go mór ó shéasúr go séasúr. Mhínigh Aer Lingus,29 áfach, gur éirigh leo sa tréimhse barrthráchta úsáid a bhaint as aerárthaí gearr-riain ar feadh 10 n-uaire a chloig sa ló i gcomparáid le 11 uair a chloig do Aerlínte na hOstaire, 7¾ do British Caledonian agus 6¼ do British Airways. D’éirigh leo sin a dhéanamh de bharr “sceideal dlúth-tháite, trí aisiompuithe an-ghearr, trí mhargaí a fhorbairt le haghaidh eitiltí cairte san oíche agus trí struchtúr táillí a ghineann trácht agus a chuireann ar ár gcumas ár gcuid aerárthaí gearr-riain a úsáid ceithre huaire a chloig is fiche sa ló i rith an tsamhraidh”. Sa gheimhreadh réitítear fadhb an ró-chumais de bharr an éilimh shéasúraigh trí léasú amach a dhéanamh. Bhí Aer Lingus ar cheann de na haerlínte is túisce a chuaigh leis an ngnó sin ar mhórscála agus is gníomhaíocht choimhdeach thábhachtach dá chuid anois é.


65. Fágaimid ag Príomh-Fheidhmeannach Aer Lingus an focal scoir a rá ar an ábhar sin. Dúirt sé i bhfianaise30 “Is iontach an rud é cé chomh deacair is atá sé comparáidí fiúntacha a dhéanamh idir aerlínte toisc gur gá oiread sin gnéithe a chur san áireamh. Mar shampla, tá an-chuid gníomhaíochtaí coimhdeacha ar siúl againn ar an láthair. Ardaíonn sé sinn líon iomlán na bhfostaithe atá againn. …Is gnách linn chomh maith níos mó oibre a dhéanamh ar an láthair ná mar a dhéanann an ghnáthaerlíne. Déanaimid ár gcuid cothabhála aerárthaí agus ár gcuid lónadóireachta eitilte ar fad, beagnach.…glanaimid ár gcuid oifigí féin. …Agus comparáidí á ndéanamh ní mór rudaí ar nós méid, séasúrachas, fad céime, a chur san áireamh, ó cuireann gach ceann acu sin cor eile sa scéal. Má dhéanaimid scrúdú mion ar an ábhar seo agus muid féin a chur i gcomparáid leis na haerlínte is fearr san Eoraip agus na fachtóirí timpeallachta áirithe sin a scagadh de réir táirgeachta i leith gach fostaí, feicimid go bhfuilimid beagáinín chun cúil ar na hiompróirí sin is fearr, dar linn, san Eoraip. …is amhlaidh atá na fachtóirí eachtracha, fachtóirí timpeallachta, sin againn a chuireann deacrachtaí sa bhealach orainn ach ní thig linn iad sin a úsáid mar leithscéal. Caithimid teacht ar bhealaí chun bheith i bhfad níos fearr ná meán na hEorpa agus tá mé sásta go bhféadfaí táirgiúlacht a fheabhsú laistigh den aerlíne agus tá tús áite á thabhairt dó sin ag an mbainistíocht.”


3.4Fadhb an Atlantaigh Thuaidh

66. Thugamar chun suntais cúpla uair go bhfuil iomaíocht an-ghéar ar rianta an Atlantaigh Thuaidh le roinnt blianta anuas. Sin ceann de na cúiseanna is mó a bhí le droch-thorthaí airgeadais Aerlínte Éireann Teoranta. Ach ní dheachaigh sé i bhfeidhm ar Aerlínte amháin. De réir fhaisnéis a thug Aer Lingus dúinn, sa tréimhse deich mbliana ó 1970-1979, má thógtar na hoibríochtaí paisinéirí sceidealta go léir ar na rianta sin, cailleadh 775 mhilliún dollar ar an gcuntas oibriúcháin (roimh ús, díbhinní agus cánacha) agus 4,480 milliún dollar tar éis úis agus cánacha. Is cosúil gur éirigh go holc leis na hoibritheoirí cairte chomh maith. As an “seisear mór” bunaidh d’iompróirí na Stát Aontaithe níl fágtha ach trí cinn (Transamerica, World, Capital). Leachtaíodh Universal agus ONA agus chuaigh Saturn i gcumasc le Transamerica. Is iomaí oibritheoir Eorpach beag a chuaigh in éag chomh maith, go háirithe cinn shuntasacha fearacht Atlantis (sa Ghearmáin). I gcás roinnt eile díobh fearacht Martinair (san Ollainn), is amhlaidh a thréigeadar margadh an Atlantaigh Thuaidh ar fad. Roinnt mhaith de na hiompróirí sceidealta a mbíodh cláir shubstainteacha cairte á n-oibriú acu ag tús na ndeich mbliana sin, fearacht PanAm agus British Caledonian, tá siad imithe ar fad anois as margadh cairte an Atlantaigh Thuaidh. Maidir le Dan-Air, a mbíodh cairteanna Atlantacha á n-oibriú acu ar feadh roinnt blianta, d’éirigh siad astu sin tuairim trí bliana ó shin toisc “gur thuigeamar nach bhféadfaimis brabús a dhéanamh ar mhargadh an Atlantaigh.”31 Sa chéad leath den bhliain seo (1980) is dóigh go ndeachaigh na caillteanais ar rianta an Atlantaigh Thuaidh in airde mar gheall ar ardphraghsanna breosla maille leis an trá eacnamaíochta sna Stáit Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe.


67. Ní mór mar sin an cheist a chur cad iad na bearta is féidir le hAer Lingus a ghlacadh chun na caillteanais ar an Atlantach Thuaidh a laghdú nó arbh fhearr, b’fhéidir, éirí as na rianta sin ar fad. Chuir Aer Lingus in iúl dúinn32 go raibh bearta áirithe glactha acu chun caillteanais a laghdú ansin agus is cuid acu iad seo a leanas:—


(i)sna 1970idí, díoladh cuid de na haerárthaí agus ligeadh na hárthaí “B 747” ar léas ar feadh tréimhsí;


(ii)ardaíodh fachtóirí ualaithe ó thart faoi 60% ag tús na ndeich mbliana go dtí thart faoi 70% um dheireadh na tréimhse sin trí tháillí saora a thionscnamh agus trí thréan-iarracht mhargaíochta. Mar shampla, ar rian Bhaile Átha Cliath-an tSionainn-Nua-Eabhrac mar a raibh sé in iomaíocht dhíreach le TWA, bhí 75% den mhargadh ag Aer Lingus sa deireadh sular éirigh TWA as;


(iii)le linn na tréimhse sin bhí laghduithe agus iomarcaíochtaí foirne sna Stáit Aontaithe agus cumascaíodh cuid mhaith d’oifigí díola Aer Lingus le hoifigí Bhord Fáilte chun costais a shábháil. Díoladh an oifig ar Fifth Avenue (Nua-Eabhrac);


(iv)tá sé cinnte ag Aer Lingus anois deireadh a chur leis na haerárthaí “B 707” céim ar chéim agus díriú ar an “B 747” toisc go bhfuil sé níos éifeachtúla ó thaobh costas;


(v)d’éirigh an chuideachta as rian na Sionainne/Montreal anuraidh;33


(vi)cinneadh eile a rinneadh le déanaí ab ea éirí as seirbhísí Chicago ón 1 Samhain 1980 agus seirbhísí a dhíriú go príomha, ach ní go heisiatach, ar Nua-Eabhrac agus leas á bhaint as aerarthaí “B 747”;


(vii)tá sé fógartha freisin ag Aer Lingus go mbainfear triail as táillí ísle nua ar rianta an Atlantaigh Thuaidh ón 15 Meán Fómhair. Áirítear orthu sin táillí speisialta don lagthréimhse agus táille “fadaithe” a chosnóidh 99 ndollar agus a cheadóidh do thurasóirí ó SAM agus ó Cheanada taisteal ó Éirinn go dtí ceann scríbe ar bith de chuid Aer Lingus sa Bhreatain nó ar Mhór-Roinn na hEorpa.


68. Gné amhain de chostais an Atlantaigh Thuaidh is míbhuntáiste suntasach d’Aer Lingus is ea an stad dúbailte nach foláir a dhéanamh in Éirinn. Chuir Aer Lingus in iúl34 go bhféadfaí tuairim £700,000 sa bhliain a shábháil mura ndéanfaí ach stad amháin in Éirinn, cé go mbainfí mórán leasa fós as Aerfort na Sionainne ós ann a thionscnaíonn thart faoi 60% den trácht trasatlantach.


69. Tuigimid go ndéanann Aer Lingus athbhreithniú go minic ar eacnamaíocht a chuid seribhísí ar an Atlantach Thuaidh. Mar a léirigh an Príomh-Fheidhmeannach,35 áfach, “ceann de na deacrachtaí a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar ghné amháin de do chuid oibríochtaí … is ea má ghearrann tú amach rud éigin nach bhfuil brabúsach, mura féidir leat na costais riartha go léir a ghabhann leis an oibríocht sin a dhealú ní gá go mbeidh tú ag cur deiridh leis na caillteanais go léir.” Cuid mhaith de na costais riartha tá siad i bpáirt ag an taobh Eorpach agus ag an taobh Atlantach den oibríocht agus go dtí seo ba é tuairim Aer Lingus gur mheasa a bheidís ó thaobh airgeadais de dá gcinnfidís ar dheireadh a chur le hoibríocht an Atlantaigh, an cabhlach a dhíol agus 1,400 nó 1,500 daoine a dhéanamh iomarcach. Ba é an bheart-chuspóir mar sin na caillteanais sin a laghdú. I séisiún fianaise ina dhiaidh sin áfach, dúirt Aer Lingus chomh maith “go bhfuil oiread sin á chailleadh anois go bhféadfaí gurb é an cinneadh ceart ó thaobh tráchtála de féachaint arbh fhearr éirí ar fad as an rian.” Is ceist chasta í agus tá an méid sin soiléir ón bhfreagra a fuaireamar ó Aer Lingus nuair a d’éirigh dúinn ina dhiaidh sin ceist a chur i dtaobh na gcoigilteas a tharla de bharr deireadh a chur le seirbhísí Chicago. Dúradh linn “gurbh é an caillteanas tuartha ar an rian do 1980, ar bhonn costas a bhí leithroinnte go hiomlán, suim de bhreis ar £1 milliún. De bharr deireadh a chur leis an oibríocht gheimhridh sábhálfar thart faoi £500,000 den chaillteanas sin.”36


70. Is leir dúinn, fiú má bhaintear leas as cibé laghduithe costas is cosúil atá ar fáil nach dócha go n-éireoidh le seirbhísí Aer Lingus ar an Atlantach Thuaidh bheith brabúsach fad is atá an timpeallacht iomaíochta chomh deacair is atá faoi láthair. Spreagann sé sin ceisteanna achrannacha i dtaobh an bheartais phoiblí nach mór dar linn cúpla rud a rá ina dtaobh.


71. Glactar leis de ghnáth i gcúrsaí eacnamaíochta na hearnála poiblí go mba chóir, maidir le seirbhís neamhbhrabúsach a choinnítear i bhfeidhm ar mhaithe leis an leas náisiúnta nó le ceartas sóisialta, go dtacófaí leis an tseirbhís sin trí fhóirdheontas sonrach in ionad tacú leis trí ghnáthioncam an fhiontair. Bhreathnaíomar an pointe sin i ndáil le seirbhísí Aer Lingus ar an Atlantach Thuaidh agus is é ár dtuairim dhaingean nár mhaith an rud é ar chor ar bith fóirdheontas díreach a thabhairt isteach. Tá trí chúis ar a laghad leis sin: Ar dtús, níl uchtach mór le fáil as na fasaigh i gcás eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí, in Éirinn agus thar lear. Sa dara háit, níor mhaith le Bord agus bainistíocht Aer Lingus go ndéanfaí amhlaidh. Chomh maith leis sin, is dóigh linn go gcuirfí ina choinne go hidirnáisiúnta dá dtabharfaí fóirdheontas speisialta i leith rianta an Atlantaigh Thuaidh.


72. Má ghlactar leis an tuairim atá againn feictear dúinn go leanfaidh iarmhairtí áirithe aisti má táthar le leanúint de sheirbhísí an Atlantaigh Thuaidh:—


(a)Ní mór gach dícheall a dhéanamh ar bhealach ar bith is féidir an fhoireann agus na costais riartha a laghdú agus táirgiúlacht a mhéadú;


(b)Caithfear bearta eile do laghdú costais a shaothrú chomh maith, lena n-áirítear breathnú a dhéanamh ar an stad dúbailte in Éirinn ag féachaint do na himpleachtaí idirnáisiúnta a bhainfeadh leis agus do na costais a d’fhéadfaí a shábháil;


(c)Ba chóir tacú go leanúnach le forbairt gníomhaíochtaí coimhdeacha a ghinfeadh sruthaíocht dhearfach airgid agus brabúis mar thaca leis an ngnó aeriompair (féach mír 33);


(d)Ba chóir don Rialtas a intinn a dhíriú ar an imní atá ar Aer Lingus faoina ghréasán caipitil agus a chur de cheangal air féin mar bheartas docht a leas cothromais a choinneáil os cionn an íosleibhéil 35-40% atá luaite i mír 29 thuas;


(e)Fad a leanfaidh na deacrachtaí ar an Atlantach Thuaidh, ní foláir a bheith an-aireach i ndáil le hathruithe a dhéanamh a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do bhrabúsacht sheirbhísí Eorpacha Aer Lingus.


3.5 Na Seirbhísí Eorpacha

73. Ba í an cheist ba mhó a theastaigh uainn a bhreathnú i ndáil leis na seirbhísí Eorpacha, an raibh leibhéal na dtáillí i gcoitinne, nó táillí áirithe, ró-ard agus an rabhthas ag teacht i dtír ar an tomhaltóir dá bharr agus/nó an raibh sé ina bhun le cros-fhóirdheontasú míchuibhúil.


74. I dTábla 16 déantar comparáid idir na príomhtháillá atá ar fáil ar roinnt rianta Eorpacha. Dealraíonn sé ón gcomparáid sin nach bhfuil rianta na hÉireann ard, ach amháin Baile Atha Cliath—Birmingham. Le déanaí thug Aer Lingus isteach táille speisialta £55 ó Bhaile Átha Cliath go Londain ar eitiltí a raibh fachtóirí ualaithe ísle riamh acu agus thiocfadh sé sin níos fearr fós as an gcomparáid.37 Nuair a rinneamar comparáid níos leithne ar ghnáth-tháillí eacnamúla ó Londain go dtí cinn scríbe san Eoraip a ndearnamar scrúdú orthu, as 36 tháille i leith achar faoi bhun 1,000 míle, ní raibh ach 4 cinn a bhí níos saoire in aghaidh an mhíle ná Londain-Bhaile Átha Cliath agus ba dhá cheann acu sin Baile Átha Cliath-Corcaigh agus Baile Átha Cliath-an tSionainn.


75. Cé go bhfuil na táillí ó Bhaile Átha Cliath go Londain réasúnta le hais táillí Eorpacha eile, tá an cheist ann fós an bhfuil siad, iontu féin, cineál ard. Mar shampla, bheifí ag súil le breis iomaíochta agus táillí níos ísle de bharr seirbhísí tointeála a thabhairt isteach, ceadúnais a thabhairt do bhreis oibritheoirí (nár mhór chuige an Comhaontú idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a leasú) nó cairteacha séasúracha.


76. Aerlíne amháin ar mhaith léi páirt níos mó a ghlacadh i rianta na hÉireann is ea Dan-Air. I bhfianaise dúinn dúirt Dan-Air go gcuireann an comhaontú aeriompair atá anois ann agus beartas údaráis na hÉireann srian leis na rianta dá bhféadfidís féin ceadúnas a fháil agus gurbh éigean dóibh an gréasán táillí a bhí aontaithe idir Aer Lingus agus British Airways a chur i bhfeidhm. Mheas Dan-Air nach raibh iomaíocht ar bith idir Aer Lingus agus British Airways toisc “go n-aontaíonn siad na táillí eatarthu féin” agus toisc “go bhfuil an chuid is mó dá seirbhísí á n-oibriú acu ar bhonn comhroinne”. 38


77. Ba é tuairim Dan-Air “gur cosúil go bhfuil an pobal ar rian Londain-Baile Átha Cliath ag íoc 20% ar a laghad níos mó ná mar is gá as a gcuid táillí.” Luaigh siad mar chomparáid a gcuid táillí féin ar rian Gatwick-Newcastle atá cosúil leis dar leo ó thaobh aerárthaí, míleáiste agus am eitilte. 39 Ar rian Newcastle tá gnáth-tháille Dan-Air thart faoi 20% faoi bhun na táille inchomparáide ó Londain go Baile Átha Cliath agus tá an táille speisialta turais tuairim 23% níos ísle ná a macasamhail, cé gurb ionann an táille Apex ar an dá rian. Dar ndóigh níor mhór an cion paisinéirí i ngach earnáil díobh a chur san áireamh le linn comparáid iomlán a dhéanamh. Is airde na muirir ionramhála i mBaile Átha Cliath agus is dócha gurb é sin is cúis le cuid den difríocht ach mheas Dan-Air go raibh buntáiste costais acusan chomh maith toisc nach raibh oiread foirne acu. Baineann sé le hábhar freisin gur cineál ‘táille feithimh’ an táille is ísle atá ag Dan-Air ionas go líonfaí suíocháin ag an nóiméad deiridh. D’admhaigh Dan-Air nach bhfuil an táille sin brabúsach ar chor ar bith má thógtar é ar leith ó chúinsí eile.40


78. Dúirt Aer Lingus linn go ndearna siad staidéar féachaint an bhféadfaí seirbhísí tointeála idir Éire agus an Bhreatain a thabhairt isteach i bpáirt le British Airways ach gur tháinig sé ar an tuairim gur oibríocht ardchostais a bheadh ann nach mbeadh aon bhuntáiste ar leith ag baint léi ó thaobh an mhargaidh de.41 Maidir le hoibritheoirí breise, dúirt Aer Lingus go mbíonn seirbhísí idir Éire agus an R.A. á dtairiscint freisin ag Air U.K., Dan-Air agus British Midland cé nach bhfuil ach British Airways in iomaíocht leis an rian Bhaile Átha Cliath-Londain.42 Dúirt Aer Lingus chomh maith go mbíonn fóntas poiblí i mbaol i gcónaí ó iomaíocht nach ndíríonn ach ar an gcuid is brabúsaí de ghnó gan bacadh leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a ghlacadh orthu féin. I ndáil leis an gceist sin tugaimid dár n-aire an freagra a thug an tAire Iompair ar cheist ar an 14 Bealtaine 1980 i dtaobh táillí Dan-Air idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt sé, cé nár mhiste leis riamh comhdú ar bith a scrúdú ar a fhiúntas, nach mbeadh sé sásta aon táille a cheadú a mbeadh de thoradh air dochar eacnamaíochta a dhéanamh do sheirbhísí idir Éire agus an Bhreatain agus oibriú i gcoinne seirbhísí a bheith ar fáil feadh na bliana ar an ngréasán leathan rianta atá idir Éire agus an Ríocht Aontaithe faoi láthair. Déantar an pointe céanna i gcoinne cairteanna, is é sin, go meallfaidís scair den ghnó i dtréimhsí barrthráchta agus gurbh iad na seirbhísí a bhíonn ann gan teip ar feadh na bliana go léir a bheadh thíos leis.


79. Ón bhfianaise a bhreithnigh an Coiste is cosúil go bhfuil táillí Aer Lingus an-réasúnta i gcomparáid le caighdeán na dtáillí Eorpacha i gcoitinne. Dá ainneoin sin, creideann an Coiste gurb amhlaidh, ó thaobh costais amháin, atá an táille ó Londain go Baile Átha Cliath, agus, b’fhéidir, táillí Eorpacha eile, cineál ard. Cé gurb eol dúinn a mhéid a chabhraíonn na seirbhísí sin le hoibríochtaí Aer Lingus i gcoitinne is dóigh linn gur chóir táillí ísle a thriail arís ar na rianta sin agus go ndéanfaí iarracht ar leith costais a laghdú sa réimse sin. Tá sé i gceist againn an cheist sin a scrúdú arís an chéad uair eile a bheimid ag tabhairt tuairisce ar Aer Lingus agus, ag féachaint do na himthosca a bheidh ann an uair sin, breithneoimid an bhféadfaí bheith ag smaoineamh ar bhreis iomaíochta ar rian Londan-Baile Átha Cliath mar gurbh é an t-aon bhealach éifeachtach é le táillí ísle, bunaithe ar chostais ísle, a fheidhmiú ar an rian sin.


TÁBLA 16


Comparáidí idir Tháillí Eorpacha áirithe (Turas ann agus ar ais)


(Bunaithe ar Tháillí ón 1 Aibreán 1980—na táillí go léir i bpuint na hÉireann)


 

Gnáth-Tháille

Táille Turais

Táille de chineál Apex

 

£

p/míle

£

p/míle

£

p/míle

Baile Átha Cliath-Londain

99

17.1

82

14.1

64

11.0

An tSionainn-Londain

117

15.5

97

12.8

76

10.1

Baile Átha Cliath-

 

 

 

 

 

 

Birmingham

93

23.3

71.50

17.9

53.50

13.4

Londain-Páras

121

28.9

49.50

11.8

 

94a

22.5

 

 

 

 

Londain-Amstardam

124

27.0

66

14.3

Londain-an Bhruiséil

124

29.4

65.50

15.5

Londain-Dusseldorf

132

21.5

69b

11.2

Londain-an Ghinéiv

200

21.9

141

15.4

105

11.5

Amstardam-Páras

139

26.6

80

15.3

69.50

13.3

Frankfurt-Páras

154

26.6

87b

15.1

Cóbanhávan-Frankfurt

199

23.6

153b

18.1

Nice-Barcelona

154

24.9

100.50c

16.3

 

 

 

86.5d

14.0

 

 

Foinse: Acr Lingus.


80. Le linn dúinn an fiosrúchán a sheoladh ardaíodh ceist na muirear ionramhála. Thaifid Aer Rianta, ina mheamram43 chugainn, go gcuireann Aer Lingus seirbhísí éagsúla ar fáil in Aerfoirt na hÉireann mar ghníomhairí d’Aer Rianta. Áirítear ar na seirbhísí sin ionramháil paisinéirí, bagáiste, lasta agus aerárthaí. Deir Aer Rianta:—


“Cé go nglacann Aer Lingus leis an ngaol príomhaí/gníomhaire, agus cé go bhfuilimid lán-sásta le caighdeán na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, níorbh fhéidir teacht ar chomhaontú i dtaobh an méid smachta is cóir a bheith ag Aer Rianta ar na muirir a ghearrann Aer Lingus i leith na seirbhísí sin”.


Dhearbhaigh Dan-Air i bhfianaise “gurb airde go mór na muirir ionramhála atá á n-íoc againn in Éirinn faoi láthair ná mar atá á n-íoc againn áit ar bith eile san Eoraip”.44


81. Tá sé tábhachtach idirdhealú soiléir a dhéanamh idir


(a)Muirir Thuirlingthe: táillí tuirlingthe, taillí lódála paisinéirí agus táillí áirithe eile a ghearrann Aer Rianta,


(b)Muirir Ionramhála: muirir ionramhála paisinéirí, bagáiste, lasta agus aerárthaí a ghearrann Aer Lingus; cuireann Aer Lingus na seirbhísí sin ar fáil ina gcáil mar ghníomhairí d’Aer Rianta.


Maidir leis an gcéad cheann díobh sin, faoina ndearna Aer Lingus gearán an tráth sin, mholamar inár dtuarascáil faoi Aer Rianta gur cheart don Aire Turasóireachta agus Iompair ceist na dtáillí tuirlingthe a bheith ar dheis iomaíochta a chur faoi bhráid an Choimisiúin Náisiúnta Praghsanna lena scrúdú mar ábhar. Níl sé i gceist againn níos mó a rá faoi na muirir sin ag an bpointe seo.


82. Maidir leis na muirir ionramhála tugaimid faoi deara barúil Aer Lingus go saothraíonn siad na costais chun na seirbhísí sin a chur ar fáil agus go mbeidís i sáinn dá ligfidís do thríú páirtí na muirir sin a rialú. Deir Aer Lingus go bhfuil a muirir bunaithe ar chostais imeallacha agus go bhfuil cuid mhaith den oibríocht ionramhála ag teastáil le haghaidh a gcuid tráchta féin ar aon nós. Deir Aer Lingus chomh maith go n-oibríonn siad córas ‘leabhair oscailte’ fad a bhaineann le hAer Rianta “ionas gur féidir leo struchtúr ár gcuid costas a scrúdú”45 Téann Aer Lingus i gcomhairle le hAer Rianta i dtaobh athruithe a bheartaítear a dhéanamh ar mhuirir ionramhála.


83. Dealraíonn sé dúinne go bhfuil ciall eacnamaíochta ag baint leis na comhshocruithe atá anois ann idir Aer Lingus agus Aer Rianta faoin ábhar sin, ach táimid ag tathant ar Aer Lingus a muirir ionramhála a choinneáil chomh híseal agus is féidir ionas nach gcuirfear bac le forbairt tráchta aerlíne go hÉirinn. Mura deimhin le hAer Rianta, ar bhonn na faisnéise i dtaobh costas atá curtha ar fáil dóibh, go bhfuil na muirir ionramhála réasúnach ba chóir dóibh an cheist a chur faoi bhráid an Aire Iompair.


IVGNÍOMHAÍOCHTAÍ COIMHDEACHA

4.1 Réamhrá

84. Baineann gníomhaíochtaí coimhdeacha Aer Lingus leis na trí réimse leathana seo a leanas46:—


(a)Seirbhísí a bhaineann le hEitlíocht: Áirítear orthu sin gníomhaíochtaí a sheolann ranna teicniúla inmheánacha (e.g. ionramháil paisinéirí agus lasta d’aerlínte eile in aerfoirt sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn; seirbhísí oiliúna d’aerlínte eile) agus roinnt fochuideachtaí (e.g. cothabháil agus cóiriú ar aerárthaí de chuid aerlínte eile atá á seoladh go príomha ag Aviation Traders (Engineering) Limited, fochuideachta d’Aerlínte Éireann Teoranta; seirbhísí héileacaptair in Éirinn ag Irish Helicopters Limited, cuideachta atá i gcomhlachas le hAer Lingus Teoranta; agus seirbhísí tionscnóirí turas in Éirinn agus sa Bhreatain). Cuideofar le fás an ghnó cothabhála aerárthaí de bharr forbairt Airmotive Ireland Limited. Nuair a bheidh an chuideachta sin faoi lán seoil beidh infheistíocht sócmhainní dochta £15 mhilliún aici agus beidh thart faoi 600 daoine ar fostú aici i ngléasra chun scairdinnill a athdhéanamh i Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath.


(b)Óstáin, Fóillíocht agus Lónadóireacht: Bíonn na príomhghníomhaíochtaí sna réimsí sin á seoladh ag ceithre fhochuideachta thar lear (Corparáid Aer Lingus-Dunfey sna Stáit Aontaithe a bhfuarthas seilbh uirthi i 1976; London Tara Hotel Limited; Hotel Commodore S.A. sa Fhrainc; agus Foxhills Golf and Country Club Limited) agus ag dhá chuideachta Éireannacha chomhlachaithe a bhfuil leas 25% ag Aer Lingus iontu (Jury’s Hotel Group Limited; International Airport Hotel Limited). Ós rud é go bhfuil gar do 9,000 seomra codlata óstáin faoi rialú Aer Lingus ní féidir a rá nach oibritheoir mór óstán an chuideachta anois. Áirítear chomh maith na seirbhísí lónadóireachta eachtracha a sholáthraíonn Aer Lingus.


(c)Seirbhísí Airgeadais agus Ríomhaire: Is iad na cuideachtaí is mó le rá faoin gceannteideal sin Cara Data Processing Limited (fochuideachta 100% de chuid Aer Lingus Teoranta) agus Guinness Peat Aviation Limited a ndearnadh leas Aer Lingus inti a laghdú le déanaí ó 41.5% go dtí 29.3% toisc gur tháinig Air Canada isteach mar cheann de scairshealbhóirí na cuideachta. Bíonn an chuideachta dheiridh sin ag gabháil do bhróicéireacht agus léasú aerárthaí agus tá sé ar na hinfheistíochtaí is brabúsaí dá ndearna an aerlíne. Áirítear chomh maith brabúis ó sheirbhísí ríomhaire ar an láthair a dhíol le haerlínte eile agus ó athárachas eitlíochta a sheoltar i gcomhlachas le Corparáid Árachais na hÉireann.


4.2Gnó-Réim Airgeadais na nGníomhaíochtaí Coimhdeacha

85. Bhí torthaí airgeadais na ngníomhaíochtaí coimhdeacha i gcoitinne ar áireamh i dTábla 5 i gCuid II. Phléamar ansin chomh maith an cheist i dtaobh an coibhneas cuí idir príomhghníomhaíocht aeriompair Aer Lingus agus gníomhaíochtaí coimhdeacha. Sa Chuid seo breithneoimid roinnt mionphointí i ndáil le gníomhaíochtaí coimhdeacha.


86. Taispeánann Tábla 17 taifeach ar thorthaí airgeadais na ngníomhaíochtaí coimhdeacha anuas go dtí 1978/79 de réir na gceannteideal leathana céanna a glacadh i mír 84 thuas. D’éirigh leis na seirbhísí a bhaineann le heitlíocht brabús an-mhaith a shaothrú cé nach bhfuil mórán brí, i gcás gníomhaíochta den chineál sin, leis na figiúirí i dtaobh fáltas ar chaipiteal in úsáid. Gné amháin de na torthaí ar féidir sásamh ar leith a bhaint aisti is ea na brabúis ar Óstáin, etc. agus ar sheirbhísí Airgeadais agus Ríomhaire a bheith ag dul in airde i gcónaí. Sa tuarascáil bhliantúil do 1980 athraíodh an chaoi a cuireadh i láthair faisnéis airgeadais faoi ghníomhaíochtaí coimhdeacha agus dá bharr sin níl na figiúirí inchomparáide ar fáil do 1979/80. Áirítear ar an bhfaisnéis nua ioncaim oibriúcháin agus brabús (roimh sheirbhísí lárnacha, ús agus cánachas). Tá na figiúirí sin le feiceáil i Nóta (b) a ghabhann le Tábla 17 agus léiríonn siad go bhfuil forás láidir faoin mbrabúsacht i gcónaí.


TÁBLA 17


Brabúsacht na nGníomhaíochtaí Coimhdeacha, 1974/5-1978/9


 

1974/5

1975/6

1976/7

1977/8

1978/9

Brabúis roimh Ús (£’000)

 

 

 

 

 

Seirbhísí a bhaineann le

 

 

 

 

 

hEitlíocht

...

...

2,011

3,221

4,586

6,027

7,562

 

 

 

 

 

 

 

 

Óstáin, Fóillíocht agus

 

 

 

 

 

Lónadóireacht

...

...

105

396

1,570

2,414

3,332

 

 

 

 

 

 

 

 

Seirbhísí Airgeadais agus

 

 

 

 

 

Ríomhaire

...

...

348

419

628

902

1,077

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán na nGníomhaíochtaí

 

 

 

 

 

Coimhdeacha

...

...

2,464

4,036

6,784

9,343

11,971

 

 

 

 

 

 

 

 

Caipiteal in Úsáid (£’000)

 

 

 

 

 

Seirbhísí a bhaineann le

 

 

 

 

 

hEitlíocht

...

...

963

1,240

2,200

2,661a

4,394a

 

 

 

 

 

 

 

 

Óstáin, Fóillíocht agus

 

 

 

 

 

Lónadóireacht

...

...

8,324

10,215

10,946

10,753a

10,007a

 

 

 

 

 

 

 

 

Seirbhísí Airgeadais agus

 

 

 

 

 

Ríomhaire

...

...

5,697

5,899

6,020

6,049a

6,332a

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán na nGníomhaíochtaí

 

 

 

 

 

Coimhdeacha

...

...

14,984

17,354

19,166

19,463a

20,733a

Fáltas ar Chaipiteal in Úsáid

 

 

 

 

 

(%)

 

 

 

 

 

Seirbhísí a bhaineann le

 

 

 

 

 

hEitlíocht

...

...

208.8

259.8

208.5

226.5

172.1

 

 

 

 

 

 

 

 

Óstáin, Fóillíocht agus

 

 

 

 

 

Lónadóireacht

...

...

1.3

3.9

14.3

22.4

33.3

 

 

 

 

 

 

 

 

Seirbhísí Airgeadais agus

 

 

 

 

 

Ríomhaire

...

...

6.1

7.1

10.4

14.9

17.0

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán na nGníomhaíochtaí

 

 

 

 

 

Coimhdeacha

...

...

16.4

23.3

35.4

48.0

57.7

Nóta:


 

1978/79

1979/80

Brabúis roimh Ús agus Cánachas (£’000)

 

 

Seirbhísí a bhaineann le hEitlíocht

...

...

...

...

7,243

8,420

Óstáin, Fóillíocht agus Lónadóireacht

...

...

...

...

4,250

7,553

Seirbhísí Airgeadais agus Ríomhaire

...

...

...

...

1,153

1,381

Iomlán na nGníomhaíochtaí Coimhdeacha

...

...

...

12,646

17,354

Ioncaim Oibriúcháin (£’000)

 

 

Seirbhísí a bhaineann le hEitlíocht

...

...

...

...

31,823

40,210

Óstáin, Fóillíocht agus Lónadóireacht

...

...

...

...

40,294

42,589

Seirbhísí Airgeadais agus Ríomhaire

...

...

...

...

2,398

3,595

Iomlán na nGníomhaíochtaí Coimhdeacha

...

...

...

74,515

86,394

Foinse: Tuarascálacha Bliantúla Aer Lingus, 1975 go 1980.


4.3Bainistí agus Rialú

87. Ag féachaint don tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí coimhdeacha i ndáil le hoibríochtaí Aer Lingus i gcoitinne anois, is fiú aird a thabhairt ar cheist na bainistí agus an rialaithe. Cé gur ar an Rialtas atá sé ceadú a thabhairt faoi dheoidh, dúirt Aer Lingus47 nach ndéanfadh an Rialtas meastóireacht de ghnáth ach ar ghnéithe ginearálta an bheartais a bhainfeadh le tionscadal. Ní mheasfadh an Roinn Iompair ná an Rialtas gurbh é a gcúram siúd mionmheastóireacht tráchtála a dhéanamh ar thionscadail ar leithligh: tá an fhreagracht sin ar Bhord agus ar bhainistíocht Aer Lingus. Dhearbhaigh Aer Lingus gur tharla i gcónaí gur aontaigh an Rialtas, tríd is tríd, lena mbeartas i leith gníomhaíochtaí coimhdeacha.48


88. Is iad na socruithe inmheánacha49 go dtugann an Príomh-Fheidhmeannach um Ghníomhaíochtaí Coimhdeacha tuairisc don Phríomh-Fheidhmeannach agus go dtugann seisean tuairisc don Bhord. Níl ar an bhfoireann bhainistíochta príomhoifige um ghníomhaíochtaí coimhdeacha ach deichniúr feidhmeannach agus tá siadsan freagrach i stiúradh, comhordú agus rialú airgeadais i gcoitinne. Ina dteannta sin, tá thart faoi 25 fheidhmeannach eile a bhíonn páirteach go páirt-aimseartha i ngníomhaíochtaí coimhdeacha sonracha, fearacht gníomhú mar ainmní ó Aer Lingus ar bhord comhlachta coimhdigh. Tá a gcuid fostaithe lánaimseartha féin ag na fochuideachtaí agus ní daoine d’fhoireann Aer Lingus iad.


89. Ní bheadh sé indéanta na gníomhaíochtaí coimhdeacha go léir a scrúdú go mion. Sna míreanna ina dhiaidh seo den chuid seo den tuarascáil tráchtaimid go comair ar na réimsí sin ar dealraitheach dúinn fadhbanna a bheith ag baint leo cé go n-aithnímid gur éirigh go maith leis na gníomhaíochtaí coimhdeacha i gcoitinne.


4.4Gníomhaíochtaí a bhaineann le hEitlíocht

90. Maidir leis an mbrabús an-ard a rinne na gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhaineann le heitlíocht i gcóimheas leis an gcaipiteal in úsáid, mhínigh Aer Lingus nár chion ard de chaipiteal léasaithe ba chúis leis. An chuid is mó den chaipiteal sa réimse sin is lena usáid ag Aer Lingus féin a fuarthas é (e.g. chun a gcuid aerárthaí féin a chothabháil agus a chóiriú). Níor ceannaíodh mórán den chaipiteal go sonraithe ar mhaithe leis na seirbhísí a chuireann Aer Lingus ar fáil d’aerlínte eile agus dá bhrí sin ba léiriú míthreorach é brabúis agus caipiteal a chur in aghaidh a chéile i gcás na ngníomhaíochtaí sin, sa mhéid nach raibh ach riachtanais caipitil imeallacha sonraithe sna figiúirí.50


91. Is mórinfheistíocht nua sa réimse sin an gléasra chun scairdinnill a athdhéanamh ag Ráth Cúil (Airmotive Limited). Táthar ag obair ar an tionscadal cheana féin agus tá an obair sin ar an sprioc.51 Beidh infheistíocht £22 mhilliún ar fad i gceist leis an tionscadal. Maoineofar é trí £5 mhilliún de chothromas ó Aer Lingus, £5 mhilliún nó níos mó i ndeontais ón UFT, agus gheofar suas le £12 mhilliún ar iasacht.52 Tá Aer Lingus deimhin de go bhfaighfear fáltas sásúil ón tionscadal sin cé go bhfuil priacail áirithe ag baint leis. Is iad na priacail is mó: (i) nach dtiocfaidh an fhorbairt a bhfuil coinne leis ar an margadh iomlán nó nach meallfaidh an gléasra nua an scair den mhargadh lena bhfuiltear ag súil; (ii)go mbeidh na costais táirgthe níos airde ná mar a mheastar agus go mbeidh an ráta fáltais níos isle dá bharr sin; agus (iii) an priacal ó thaobh caidrimh thionscail de a ghabhann le gléasra mór ina mbeidh 600 duine fostaithe sa deireadh. Níl imní ró-mhór ar Aer Lingus faoin bpriacal margaidh mar, cé gur ó thíortha forbraíochta sa tríú domhan is mó a thagann gnó den sórt sin faoi láthair, tá coinne acu le conarthaí suntasacha ón nGearmáin agus ón Ríocht Aontaithe. Ag féachaint don tábhacht atá leis an tionscadal sin agus do mhéid na gcistí ón earnáil phoiblí, trí UFT agus Aer Lingus, atá geallta dó, cuireann an Coiste i dtábhacht a riachtanaí atá sé go n-oibreoidh gach duine lena mbaineann lena chinntiú go mbeidh na costais táirgthe de réir na meastachán agus go mbeidh dea-chaidreamh tionscail ann.


4.5Óstáin

92. Is gné an-tábhachtach de ghníomhaíochtaí coimhdeacha Aer Lingus na hóstáin. Tá beartais áirithe glactha ag Aer Lingus d’fhonn na priacail a d’fhéadfadh bagairt orthu sa réimse sin a laghdú a mhéid is féidir. Áirítear orthu sin:—


(a)gan ach mionleas a thógáil i gcothromas óstán agus infheisteoirí eile, ar infheisteoirí institiúideacha iad i mórán cásanna, a spreagadh le bheith ina bpríomh-scairshealbhóirí iontu. I dteannta an mhionleasa déanann Aer Lingus ansin conradh bainistí fadtéarma agus leis na táillí uaidh sin is féidir bheith ag súil go ndéanfar an infheistíocht chothromais a aisíoc go luath. Sna cásanna sin déanann Aer Lingus comhaontú scairshealbhóirí a chaibidil a éilíonn go gcaithfí dul i gcomhairle le chéile i gcás mórathruithe beartais;53


(b)féachaint le hinfheistíochtaí a dhéanamh áiteanna éagsúla;54


(c)díriú ar óstáin i mbailte móra in ionad óstáin in ionaid saoire ag féachaint don dearcadh éadóchasach atá ag an gcuideachta anois i dtaobh forbairtí fóillíochta.54


93. Is cás ar leith sa réimse sin Óstáin Dunfey sna Stáit Aontaithe.55 Fuarthas seilbh ar na hóstáin ar dtús faoi chomhshocrú léasa 35 bliana i 1976. D’oir na comhshocruithe sin go mór d’Aer Lingus agus dá bharr sin tugadh ar na léasóirí, Aetna Life and Casualty Incorporated, mórchuideachta saoil sna S.A., iad a thairiscint le díol d’Aer Lingus. Rinneadh margadh faoina ndeachaigh Óstáin Dunfey faoi úinéireacht Aer Lingus i Nollaig 1978, agus ar théarmaí fabhracha freisin. I dtosach báire, as 21 óstán, bhí 14 chinn ar léas agus 7 gcinn faoi bhainistí. Anois tá 20 óstán ann, 11 cheann acu faoi úinéireacht, 2 cheann ar léas fós agus 7gcinn faoi chonarthaí bainistí, a bhfuil trí cinn acu faoi pháirtúinéireacht. Ní raibh i gceist dáiríre leis an gcaiteachas airgid ba ghá chun an staid sin a bhaint amach ach infheistíocht chothromais Aer Lingus in Óstáin Dunfey maille le ráthaíochtaí i leith iasachtaí ón mbanc.


94. Tá an Coiste sásta maidir le hÓstáin Dunfey go ndearnadh infheistíocht fhíor-mhaith ar théarmaí atá an-fhabhrach.


95. Ar na mórinfheistíochtaí óstán éile tá an London Tara Hotel (a thóg Aer Lingus agus ar leo é) agus an Commodore Hotel i bPáras dá bhfuarthas an léas i mí Iúil, 1979. Tá na hóstáin sin agus na hóstáin i Meiriceá fite fuaite i dturais pacáiste ó Éirinn agus áiteanna eile.


96. Maidir leis an gceist ar chóir d’Aer Lingus níos mó infheistíochta a dhéanamh in óstáin in Éirinn (i dteannta an leasa i nGrúpa Óstán Jury’s agus san óstán ag Aerfort Bhaile Átha Cliath), dúirt Aer Lingus: “Ní orainne atá an fhreagracht is mó cóiríocht óstáin a chur ar fáil in Éirinn ach má fheicimid go bhfuil fadhb ann, b’fhéidir go mbeadh orainn céadchabhair éigin a thabhairt. B’fhearr linn áfach gan páirt mhór a ghlacadh agus gan dul in iomaíocht go mór leis na hoibritheoirí óstán eile ná le fiontair phríobháideacha anseo in Éirinn.”56 Measann an Comhchoiste gurb é sin an dearcadh is cóir a bheith ag Aer Lingus.


4.6Forbairtí Fóillíochta

97. Sna olianta tosaigh a raibh forbairt choimhdeach á dhéanamh, mheas Aer Lingus gur mhaith an rud é infheistíocht a dhéanamh i bhforbairtí a bhain le fóillíocht. De bhun an bheartais sin rinneadh dhá infheistíocht, eadhon, tionscadal ionaid saoire sna hOileáin Chanáracha (a bhí le cur i ngníomh ag Aer Lingus Espana Tourist Developments S.A. ina bhfuil leas cothromais 65% ag Aer Lingus trí Aerlínte) agus Foxhills Golf and Country Club Limited i Surrey, Sasana.


98. Sna hOileáin Chanáracha fuarthas seilbh ar láthair 40 acra i 1973 agus tá na saoráidí bonneagair (bóithre, soilse, uisce, etc.) curtha isteach cheana féin. De bharr na n-athruithe atá tagtha ar an staid eacnamaíochta domhanda ón uair a tharla géarchéim na hola i 1973, ní hé tuairim Aer Lingus ná na scairshealbhóirí eile a thuilleadh gur fiú, ó thaobh torthaí airgeadais de, an caiteachas ba ghá chun an infheistíocht a chur i gcrích trí óstáin, árasáin, etc. a chur isteach.57 Is cosúil gurb é an rogha atá ann an infheistíocht a choinneáil go dtí go mbeidh cuma níos fearr ar a hionchais mhaireachtála nó dífheistiú a dhéanamh. Dúirt Aer Lingus go mbeidís sásta a leas go léir nó cuid dá leas sa tionscadal sin a dhiúscairt dá bhféadfaí teacht ar dhuine a cheannódh ar théarmaí oiriúnacha é. Níl aon deifir chuige sin ar Aer Lingus, áfach, agus is dóigh leo go bhfanfaidh luach na sócmhainní atá anois ann mar atá.58


99.Tá tionscadal Foxhills59 suite ar thart faoi 400 acra i Surrey. Ba é a bhí i gceist leis ar dtús i 1972 go mbeadh faichí gailf craobhchomórtais ann agus lárionad iomlán mar thaca leo ina mbeadh leadóg, snámh, scuais agus mar sin de, chomh maith le hóstán a bhfuil cead pleanála faighte dó. Toisc athrú a bheith tagtha ar chúrsaí eacnamaíochta, táthar ag dul i mbun na hoibre sin céim ar chéim. Críochnaíodh na faichí gailf ar dtús i 1975, agus i 1978 críochnaíodh céim 2, eadhon, na linnte snámha, na cúirteanna leadóige agus scuaise, an bhialann agus an beár. Tá an tionscadal i mbun oibre go sásúil agus tá dea-thoradh oibríochta air anois. Ní leor ar fad na brabúis uaidh áfach faoi chomhair na muirear úis. Is dóigh le hAer Lingus anois go bhfuil tuar maith air as seo go ceann roinnt blianta, ach ní mheastar gur gné riachtanach de straitéis Aer Lingus é an gnó sin a choinneáil.


100. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil Aer Lingus toilteanach an dá infheistíocht sin a dhíol más féidir duine oiriúnach a fháil lena gceannach. Ní bheadh aon ní ag an gCoiste ina choinne sin, ós rud é go mbeadh sé ag teacht leis na barúlacha a thugamar i mír 33 roimhe seo, agus go gcabhródh sé beagáinín chun feabhas a chur ar ghréasán caipitil Aer Lingus.


101. Is léir go bhfuil Blueskies agus Sunbound, na tionscnóirí turas Éireannacha a bhfuair Aer Lingus seilbh orthu ag tús na seachtóidí, in iomaíocht le tionscnóirí turas Éireannacha eile. D’aontaigh Aer Lingus le Comhlachas Gníomhairí Taistil na hÉireann go n-oibreodh na cuideachtaí sin ar neamhthuilleamaí ar fad. Tá a fhios ag Aer Lingus go bhfuil baol ann go gcuirfí iomaíocht mhí-chóir ina leith. Dúradh linn i bhfianaise go gcinneann Aer Lingus praghsanna na seirbhísí cairte ar bhonn na ngnáthchúinsí margaidh agus nach dtairgeann siad margáin speisialta ar bith ná nach ndéanann siad aon socruithe speisialta lena gcuid tionscnóirí turas féin.60


4.7Infheistíocht Choimhdeach san am le teacht

102. Ag pointí éagsúla ina gcuid fianaise dhearbhaigh Aer Lingus gur mian leo dul ar aghaidh le clár láidir dearfach infheistíochta i ngníomhaíochtaí coimhdeacha, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá acu cheana féin a leathnú agus infheistíocht a dhéanamh in earnálacha nua. Tá dearcadh ginearálta an Chomhchoiste i leith na nithe sin curtha i láthair cheana féin i gCuid II (mír 33).


VAER LINGUS AGUS TURASÓIREACHT

5.1Cuspóirí

103. I ráiteas i dtaobh a bhfeidhmeanna agus a gcuspóirí a ghlac Aer Lingus tuairim deich mbliana ó shin, bhí an cuspóir seo a leanas i leith forbairt phobail in Éirinn:—


Turasóireacht:— Turasóireacht go hÉirinn a chur chun cinn a mhéid is féidir linn, go díreach agus i gcomhar le dreamanna eile agus ar chaighdeán a mbeadh meas idirnáisiúnta air.”


I meabhrán a chur siad chugainn, dúirt Aer Lingus go bhfuil tábhacht ar leith, ó thaobh geilleagar na hÉireann de, ag baint leis an gcion a dhéanann siad chun an turasóireacht a chur chun cinn. Dúradh chomh maith “go bhfuil go leor á dhéanamh ag Aer Lingus le blianta fada anuas chun an margadh turasóireachta a fhorbairt trína n-iarrachtaí spreagthachta féin agus ag obair i ndlúth-chomhar le Bord Fáilte”. Tá 38 n-oifigí díolachán ag Aer Lingus thar lear anois agus titeann costais £13.5m. nó mar sin sa bhliain orthu i ndáil le díolacháin thar lear. In áiteanna áirithe is iad na hoifigí céanna atá acu is atá ag Bord Fáilte agus fónann an fhoireann chéanna dóibh araon. Measann Aer Lingus mar sin gurb í an fheidhm atá acu ní amháin cabhrú leis an turasóireacht trí shaoráidí iompair a chur ar fáil ach an turasóireacht a chur chun cinn go gníomhach.61


5.2Staitisticí i dtaobh na dTurasóirí a Iompraíonn Aer Lingus

104. Léiríonn staitisticí Aer Lingus, a bhfuil achoimre orthu i dTábla 18, go mbíonn 65% dá bpaisinéirí ar rianta na hEorpa (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe) ag taisteal ar chúiseanna seachas cúiseanna gnó. 88% an cion ar na rianta trasatlantacha. Dá bhrí sin is turasóirí cion an-ard de phaisinéirí Aer Lingus, má áirítear mar thurasóirí daoine atá ag tabhairt cuairte ar chairde agus ar ghaolta chomh maith le daoine ar saoire. Rinne Aer Lingus amach gur leosan a thaistealaíonn 42% de na turasóirí go léir a thagann go hÉirinn, lena n-áirítear cuairteoirí ón Ríocht Aontaithe nach dtaistealaíonn d’aer, agus gur 62% an cion de na turasóirí a thagann d’aer. Tá an-tábhacht freisin, áfach, le taistealaithe gnó ar rianta áirithe: 45% ar sheirbhísí sceidealta Londan, 39% ar sheirbhísí sceidealta Eorpacha agus 14% ar sheirbhísí sceidealta trasatlantacha.


TÁBLA 18


Taifeach ar Thrácht Paisinéirí Aer Lingus de réir Chuspóir an Aistir agus an Rian-Ghrúpa 1979-80


(Is éard atá sna figiúirí, céatadáin bunaithe ar an líon daoine ar aistir aontreo)


Cuspóir an Aistir

Rianta Eorpacha

Rianta Trasatlantacha

Sceidealta

Cairt

Iomlán

Sceidealta

Cairt

Iomlán

Gnó

...

...

42

5

35

14

5

12

CCG*

...

...

34

10

29

44

48

45

Laethanta Saoire

20

85

32

33

43

35

Eile

...

...

5

4

9

3

8

Iomlán

...

...

100

100

100

100

100

100

Foinse: Tógtha as Staitisticí a chuir Aer Lingus ar fáil.


105.Is iad na seirbhísí idir Éire agus an Bhreatain a mbíonn an cion is airde de thrácht gnó orthu ach is iadsan is lú ar tháinig méadú ar líon na bpaisinéirí orthu le blianta beaga anuas (8% sa bhliain, 1975/76 go 1979/80). Os a choinne sin, is mó an fás a tháinig ar líon na bpaisinéirí mór-roinne ná ar líon na bpaisinéirí trasatlantacha — 15% i gcomórtas le 12% — d’ainneoin an cion ard turasóirí i gcás na seirbhísí deiridh sin. Ní gá mar sin go n-áiritheodh cion ard turasóirí fás mór tráchta. Go deimhin, le roinnt míonna anuas tá an laghdú ar aerthrácht ar fud an domhain le cur síos i bpáirt do dhroch-éifeachtaí an lagain ghnó ar thurasóireacht.


5.3Mar a d’fhéadfadh an Turasóireacht agus Cuspóirí Tráchtála teacht trasna ar a chéile.

106. Is í an cheist is mó a theastaigh ón gCoiste a bhreithniú an raibh feidhm Aer Lingus i ndáil leis an turasóireacht go hÉirinn a chur chun cinn ag teacht trasna ar a fheidhm mar oibritheoir aeriompair le fiúntas tráchtála. Is cosúil go bhfuil ceithre bhealach ann go háirithe ina bhféadfadh codarsnacht den sórt sin tarlú:—


(a)b’fhéidir go measfadh Aer Lingus go mba ghá seirbhísí a oibriú ar mhaithe le turasóireacht ar rianta nár leor an méid tráchta orthu le go mbeadh fiúntas tráchtála ag baint leo;


(b)toisc go n-athraíonn éileamh turasóirí ar sheirbhísí go mór ó shéasúr go séasúr, tharlódh go dtabhófaí costais oibríochta breise agus dí-eacnamaíochtaí eile;


(c)toisc gur earnáil den mhargadh aeriompair í an turasóireacht atá an-íogair ó thaobh praghsanna de, b’fhéidir go dtabharfaí ar Aer Lingus táillí spreagtha ró-íseal agus greasachtaí eile a thairiscint d’fhonn an trácht turasóireachta a mhealladh go hÉirinn;


(d)d’fhéadfadh caiteachas spreagtha díreach Aer Lingus dul thar fóir ar fad.


107. D’fhonn cabhrú leis an gCoiste breithniú a dhéanamh ar an gceist sin iarradh ar Bhord Fáilte fianaise a thabhairt chomh maith agus tháinig ionadaithe ó Bhord Fáilte i láthair os comhair an Choiste an 30 Aibreán 1980.


108. Ní dóigh le hAer Lingus go bhfuil a fheidhm i ndáil le haeriompar agus a fheidhm i ndáil le turasóireacht a chur chun cinn ag teacht salach ar a chéile dáiríre. Mar a dúirt finné amháin ó Aer Lingus: “Is é an t-aon ní amháin atá le díol againne turas go hÉirinn.”62 Ciallaíonn sé sin gurb ionann airgead a chaitheamh chun Aer Lingus a fhógairt ar mhargaí coigríche agus fógraíocht a thabhairt d’Éirinn mar ionad turasóireachta. Mar a chonacthas cheana, is turasóirí cion ard de phaisinéirí Aer Lingus. Is léir go mbeadh ar Aer Lingus breithniú an-ghéar a dhéanamh ar a bpolasaithe i ndáil leis an earnáil thábhachtach sin den mhargadh, fiú ó thaobh cúrsaí tráchtála de. Dúirt Aer Lingus chomh maith nach n-oibreodh sé gréasán áirithe rianta ach amháin ar bhonn a fhiúntais tráchtála. “Ní thugaimid isteach seirbhísí nua ar bith mura bhfuilimid sásta go bhfuil cumas fiúntais tráchtála iontu.”63


109. Ón taobh eile den scéal, dúirt Bord Fáilte ina mheabhrán chugainn gur dóigh leis go bhfuil sé fíor-riachtanach d’Éirinn, ó thaobh na turasóireachta de, aerlíne náisiúnta láidir inchumais a bheith aici toisc nach bhfuil sé d’acmhainn ag Éirinn bheith ag brath ar oibríochtaí de chuid iompróirí nach bhfuil aon oibleagáid fadtéarma orthu freastal ar Éirinn. Téann Aer Lingus agus Bord Fáilte i gcomhairle le chéile go minic maidir le beartais phraghsála, rianta nua a fhorbairt, taighde margaidh agus mar sin de.64 Ní bheadh sé ag teacht leis na barúlacha a chuir an dá pháirtí in iúl dá mbeadh Bord Fáilte ag tathant ar Aer Lingus beartais a ghlacadh a dhéanfadh dochar dá fhiúntas tráchtála nó dá nglacfadh Aer Lingus comhairle den sórt sin. Chuir Bord Fáilte in iúl chomh maith nár theastaigh uathu ceangal ro-dhlúth a bheith acu le hoibritheoir amháin, ós rud é go bhfuil a gcion féin le déanamh ag oibritheoirí eile freisin chun turasóirí a thabhairt go hÉirinn. Nuair a bhí forbairt á déanamh ar rianta nua ba ghnách leo tosnú le cairteanna go dtí go gcinnfí cén cumas a bhí iontú. Ansin b’fhéidir go gceapfadh Aer Lingus go mb’fhiú seirbhís sceidealta a bhunú mar a tharla i gcás Baile Átha Cliath-Amstardam.


110. Sa mhéid nárbh ionann na barúlacha a bhí ag Aer Lingus agus ag Bord Fáilte san am a caitheadh dealraíonn sé go bhfuil siad níos mó ar aon fhocal anois. D’aontaigh Aer Lingus gur mór an spreagadh don turasóireacht na hathruithe atá déanta acu ar a struchtúir táillí le blianta beaga anuas.65 Bhí Aer Lingus féin gníomhach ar mhargadh cairte an Atlantaigh Thuaidh roimhe sin, áfach. D’áitigh Aer Lingus freisin gur ghlac siad orthu féin réimse fairsing de tháillí nua a thabhairt isteach ar mhargadh na hEorpa, sula ndearna aerlínte eile amhlaidh, cé nach raibh iomaíocht ghéar ó chairteanna ná ó oibritheoirí eile. Mar shampla, i dtréimhse cúig bliana i lár na 1970idí tháinig ardú 200% ar thurais chuimsitheacha ó na príomhionaid ar an Mór-Roinn go hÉirinn.66 Ar rianta na Ríochta Aontaithe chomh maith, thug Aer Lingus isteach roinnt táillí spreagtha, mar shampla, táillí deireadh seachtaine, táillí speisialta saorthurais, táillí fadiomláin, táillí céile, táillí APEX agus táillí turais chuimsithigh. Dúirt Aer Lingus nár mhór na táillí sin le haghaidh an mhargaidh agus gur mheas siad gur trí bheartas gníomhach de tháillí ísle agus fachtóirí ualaithe arda ab fhearr a dhéanfaí freastal ar chúrsaí eacnamaíochta a ngnó féin agus ar an turasóireacht.66


111. Ag féachaint do na hargóintí sin, is é tuairim an Choiste gur beag baol go ndéanfaí an iomarca forbartha ar rianta ar mhaithe leis an turasóireacht agus go bhfágann na beartais táillí scaoilte is féidir a chur i bhfeidhm anois gur féidir táillí spreagtha a thabhairt isteach gan dochar a dhéanamh don phraghsáil tráchtála fónta. Chuaigh sé i gcion orainn go mór nach foláir d’Aer Lingus, ós turasóirí formhór a bpaisinéirí, baint ghníomhach a bheith acu le forbairt an tráchta sin san fhadtéarma agus nár mhór go mbainfeadh cuid mhór de bheartais praghais Aer Lingus le táillí do thurasóirí. Tá sé fíor i gcónaí áfach gur trácht séasúrach don chuid is mó de an trácht turasóireachta agus nach foláir cothromaíocht a bhaint amach idir freastal a dhéanamh ar an margadh sin agus seirbhísí rialta a chur ar fáil ar feadh na bliana ar mhaithe le cúrsaí gnó agus riaracháin na hÉireann.


112. Maidir le caiteachas díreach ag Aer Lingus chun an turasóireacht a spreagadh, áirítear sa £13.5 milliún a chaitheann Aer Lingus in aghaidh na bliana costais díolachán nach mbaineann go díreach le spreagadh na turasóireachta. D’aontaigh Bord Fáilte go mbeadh orthu féin, mura mbeadh iarrachtaí spreagtha Aer Lingus, a gcaiteachas spreagtha a mhéadú £6-7 milliún nó níos mó.67 Taispeánann sé sin gur féidir a rá gur caiteachas spreagtha díreach tuairim is a leath de chaiteachas Aer Lingus. Ní mheasann Aer Lingus go bhféadfaí an caiteachas sin a shábháil, áfach. Is dóigh le hAer Lingus go bhfuil bonn maith tráchtála leis ó thaobh a n-oibríochtaí de. Dúradh gurbh ionann an cás agus cás cuideachta phríobháideach a théann i mbun fógraíochta corpraithe chomh maith le hearraí aonair a fhógairt: cé gur deacair tairbhí sonracha a chur i leith feachtais den sórt sin, bíonn toradh maith dearfa air i gcásanna oiriúnacha.68 Tugaimid faoi deara áfach gur sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil airgead á chailleadh ag seirbhísí Aer Lingus faoi láthair, a chaitheann Aer Lingus cuid mhór den airgead a chaitear ar chúrsaí spreagtha, agus ardaíonn sé sin ceisteanna i dtaobh an ghá atá leis an bhfeachtas spreagtha atá ar siúl ansin agus i dtaobh a éifeachtúlachta sin.


5.4Cur chun cinn na Turasóireachta a riaradh

113. Má bhíonn an obair chéanna á dhéanamh ag barraíocht gníomhaireachtaí a bhfuil an cuspóir céanna á shaothrú acu go léir d’fhéadfaí éifeachtúlacht costas na n-iarrachtaí go léir chun an turasóireacht go hÉirinn a chur chun cinn a laghdú. Chomh maith le Bord Fáilte agus Aer Lingus, bíonn SFADCO agus CIE agus cuideachtaí príobháideacha éagsúla ag gabháil do chur chun cinn na turasóireachta in Éirinn chomh maith. Cé go bhfuil roinnt comhlachtaí ag gabháil dó, measann Aer Lingus gur fearr an comhordu atá anseo ná i gcás tíortha eile.69 Ná ní dóigh le hAer Lingus go bhfuil an iomarca costais ag gabháil leis na hiarrachtaí sin go léir ós rud é gur féidir leis na gníomhaireachtaí éagsúla leas a bhaint as fógraíocht a chéile. Tá difríocht, dar le Bord Fáilte, idir a bhfeidhm siúd, eadhon, Éire a chur chun cinn mar ionad turasóireachta, agus iarrachtaí iompróirí ar gá dóibh, d’fhonn scair den mhargadh a fháil, a seirbhís féin a chur chun cinn chomh maith leis an gceann scríbe. Dhearbhaigh siad chomh maith go bhfuil an-chuid comhordaithe idir na gníomhaireachtaí éagsúla atá i gceist. Bíonn Bord Fáilte agus Aer Lingus ag obair sna hoifigí céanna i roinnt áiteanna, ní a laghdaíonn costais riartha. Oibríonn siad as lámha a chéile chomh maith i gcúrsaí fógraíochta70 agus déantar comhfhógraíocht go minic.


114. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil comhordú réasúnta maith idir na gníomhaireachtaí a chuireann turasóireacht na hÉireann chun cinn. Tá an-chuid airgid á chaitheamh air sin faoi láthair áfach agus ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh fianaise a bheith acu gur fiú an méid sin caiteachais ag féachaint do na torthaí atá air. Is cosúil go bhfuil an baol ann go háirithe go nglacfadh Aer Lingus de chúram air féin, mar gheall ar a acmhainní airgeadais, páirt ró-mhór a ghlacadh sa chur chun cinn náisiúnta, obair is dual do Bhord Fáilte. Níor mhaith an rud é sin, go háirithe tráth a bhfuil brabúsacht ghinearálta Aer Lingus íseal, agus ba chóir d’Aer Lingus a chuid iarrachtaí spreagtha a dhíriú ar an bpríomhghnó atá aige, eadhon, suíocháin a dhíol.


VIEAGRÚ AGUS BAINISTÍ

6.1Réamhrá

115. Sa chuid deiridh seo pléimid roinnt pointí i dtaobh eagrú agus bainistí Aer Lingus, lena n-áirítear caidreamh tionscail, nárbh iomchuí déileáil leo áit ar bith eile.


6.2Eagrú agus Rialú

116. Ar dtús, ba mhaith leis an gComhchoiste a rá nach léir dúinn gur gá go mbeadh dhá phríomhchuideachta oibriúcháin in Aer Lingus (Aer Lingus Teoranta agus Aerlínte Éireann Teoranta). Is cosúil go raibh cúiseanna stairiúla leis an staid sin nach bhfuil tairbhe ar bith leo a thuilleadh ó thaobh cúrsaí oibríochta, riaracháin nó rud ar bith eile. Ó tharla go raibh dhá chuideachta i gceist ba mhó na deacrachtaí a bhí orainn le linn dúinn bheith ag iarraidh an staid airgeadais a thuiscint. Molaimid don Rialtas féachaint an bhféadfaí iad a chónascadh in aon chuideachta amháin. Níor mhaith linn áfach go dtiocfadh as beart mar sin nach mbeadh an oiread céanna eolais ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfuil ag éirí le codanna éagsúla d’oibríocht Aer Lingus i gcuntais fhoilsithe Aer Lingus nó san fhaisnéis a fhaigheann an Roinn Iompair ó Aer Lingus.


117. Taobh amuigh de sin, ba í an cheist ba mhó ba chúram dúinn maidir le bainistí Aer Lingus an raibh dóthain socruithe ann le cuntasacht agus rialú na ngníomhaíochtaí coimhdeacha a áirithiú. Tá a bhfuil le rá againn ar an ábhar sin le fáil i gCuid IV thuas.


6.3Treoghluaiseacht na Fostaíochta agus Tuillimh

118. Léiríonn Tábla 19 garuimhreacha foirne Aer Lingus amhail ar an 1 Eanáir 1980. Taispeántar ann go bhfuil gar do 14,000 ar fad ar fostú ann a bhfuil níos mó ná a leath díobh fostaithe ag fochuideachtaí faoi lán-úinéireacht i rannán na ngníomhaíochtaí coimhdeacha. Tá an chuid eile ar fostú ag an dá aerchuideachta, cé go mbíonn cion díobh sin, mar atá ráite roimhe seo, ag gabháil do sheirbhísí coimhdeacha a bhaineann le heitlíocht agus a chuirtear ar fáil do thríú páirtithe (e.g. ionramháil bagáiste, lónadóireacht, etc.). Tá 83% d’fhostaithe na n-aerchuideachtaí, ach níl ach 3% d’fhostaithe na bhfochuideachtaí, bunaithe in Éirinn, rud a fhágann go bhfuil beagnach 6,000 duine ar fad fostaithe in Éirinn.


TÁBLA 19


Foireann Aer Lingus amhail ar an 1/1/80


Fostaithe de chuid na nAerchuideachtaí

 

Bunaithe: i mBaile Átha Cliath

5,240

 

sa tSionainn (agus i Luimneach)

320

 

i gCorcaigh

90

 

i mBéal Feirste

10

 

 

5,660

Bunaithe: sa Bhreatain

615

 

sna S.A. agus i gCeanada

350

 

ar Mhór-Roinn na hEorpa

90

 

san Afraic agus áiteanna eile

85

 

 

1,140

An tIomlán (aerchuideachtaí)

6,800

 

 

 

Foireann na bhfochuideachtaí faoi lán-úinéireacht

 

Bunaithe: in Éirinn

240

 

in áiteanna eile

6,840

An tIomlán (fochuideachtaí)

7,080

Foinse: Meabhrán ó Aer Lingus chuig an gComhchoiste.


119. I dTábla 20 léirítear treoghluaiseacht na fostaíochta i gcás na n-aerchuideachtaí. Baineann na figiúirí leis an 31 Márta gach bliain. Tháinig méadú 1,145 (20%) uirthi i gcaitheamh na tréimhse, agus tharla tuairim a leath den mhéadú sin idir 1978 agus 1979. B’ábhar cúraim don Choiste gur tharla méaduithe móra den sórt sin ar fhostaíocht tráth a raibh géarghá le breis táirgiúlachta d’fhonn dul in iomaíocht go héifeachtúil sa mhargadh. Mhínigh Aer Lingus gurbh iad na príomhchúiseanna a bhí leis na méaduithe le déanaí cabhlach níos mó a bheith á oibriú anois (dhá B 737 sa bhreis agus B 747 amháin sa bhreis) agus breis táirgeachta (tháinig tuairim 40% de mhéadú ar líon na bpaisinéirí sa tréimhse).71 Bhain tuairim 235 de na fostaithe breise le gníomhaíochtaí coimhdeacha a bhain le heitlíocht, go mór mór obair chothabhála faoi chonradh, mar gheall ar leathnú oibre sa réimse sin:—


TÁBLA 20


Fostaíocht sna hAerchuideachtaí, 1976-1980


(Uimhreacha amhail ar an 31 Márta)


 

1976

1977

1978

1979

1980

Píolotaí

...

...

...

232

253

280

324

337

Foireann Cábáin

...

...

347

399

458

656

586

Cothabháil agus cóiriú

...

1,375

1,409

1,505

1,596

1,720

Stáisiún agus Talamh

...

1,679

1,679

1,699

1,828

1,850

Díolacháin agus Ticéadú

...

641

631

660

733

756

Eile (lena n-áirítear saoire

 

 

 

 

 

gan phá agus ábhair

 

 

 

 

 

oifigeach)

...

...

1,384

1,314

1,368

1,390

1,554

An tIomlán

...

...

5,658

5,685

5,970

6,527

6,803

Foinse: Aer Lingus.


120. Thug Aer Lingus mionsonraí dúinn i dtaobh bunrátaí pá agus meántuillimh na bhfostaithe, de réir an fho-ghráid, i 1979/80. Ní fhoilsítear tuarastail na mbainisteoirí roinne agus dá bhrí sin níl siad ar áireamh sna figiúirí. Tá achoimre déanta againn ar na figiúirí sin de réir feidhme agus de réir banda tuillimh agus tá na torthaí le léamh i dTábla 21.


TÁBLA 21


Taifeach ar fhostaithe Aer Lingus de réir Feidhme agus Meántuillimh, 1979/80


Banda Tuillimh

Criú Eitilte

Teicniúil*

Riarachán agus Cléireachas

£12,000 agus os a chionn

258

66

£9,000 — £11,999

...

27

763

251

£7,000 — £8,999

...

109

1,127

1,070

£5,000 — £6,999

...

441

557

Faoi bhun £5,000

...

79

297

509

 

914

2,744

1,896

Foinse: Tógtha as staitisticí a thug Aer Lingus.


121. Tig le meántuillimh bheith níos airde ná bunrátaí pá ar chúiseanna éagsúla fearacht íocaíochtaí i leith dualgais sealaíochta/ uainchláir, breisam, pá ceadúnais agus bónais. Thugamar faoi deara gurbh airde go mór na meántuillimh i roinnt grád i 1979/80 ná barr na scálaí bunráta a bhí i bhfeidhm ón 1/1/80. Thuill cuid de na gráid teicniúla agus oibriúcháin 30%—40% níos mó ná na bunrátaí. Deir Aer Lingus go mbíonn níos mó tionchair ná mar is gnách i gcúrsaí tionscail ag na fachtóirí is cúis le tuillimh níos airde, toisc gur oibríocht lae agus oíche í dar gá ardleibhéal teicneolaíochta agus toisc gur iomaí rud a d’fhéadfadh í a chur as a riocht.


122. Rud áirithe amháin a d’fhéadfadh cabhrú le hardchostais saothair is ea breisam. Ní fhaigheann lucht bainistí meánach agus sinsearach íocaíocht i leith breisama agus ní mór uaireanta uasta do chriú eitilte bheith i gcomhréir le rialacháin sábháilteachta agus comhaontuithe caidrimh thionscail. Dá ainneoin sin, ba é an breisam meánach in aghaidh an duine don aerlíne fré chéile 3.76 uaire a chloig sa tseachtain le linn na bliana 1979/80. Taispeánann na figiúirí seo a leanas an breisam, ar an meán, de reir grúpa feidhme:—


Grúpa Feidhme

Breisam Meánach, 1979/80 (uaire a chloig an duine sa tseachtain)

Grúpa Oibríochta

...

...

...

2.15

Táirgeadh/Pleanáil táirgthe

...

...

7.77

Innealtóireacht/Cothabháil

...

...

0.97

Grúpa Díolacháin

...

...

...

0.38

Airgeadas

...

...

...

...

2.67

Pearsanra/Seirbhísí

...

...

...

2.93

Tráchtáil

...

...

...

...

...

0.33

Réimsí séasúracha (Stáisiúin/Lónadóireacht)

1.87

Foinse: Aer Lingus.


I gcás ceardaithe táirgthe go háirithe taifeadadh breisam an-ard, eadhon, 9.88 uaire a chloig in aghaidh an duine sa tseachtain, ar an meán. Ní raibh deis againn an scéal tábhachtach sin a scrúdú ach thugamar faoi deara, i gciorclán a cuireadh amach le déanaí chuig fostaithe Aer Lingus, go raibh breisam ar na ceithre ítim ar leith ar ar díríodh aird na mbainisteoirí roinne. Ag féachaint do na deacrachtaí atá ag Aer Lingus faoi láthair, agus dar ndóigh tráth ar bith, aontaímid nach cóir go mbeadh obair bhreisama á dhéanamh ach amháin nuair nach bhfuil aon dul as.


123. Níos luaithe sa tuarascáil seo (Cuid III) breithníodh an chaoi a dtéann líon na foirne i bhfeidhm ar tháirgiúlacht. Tugaimid dár n-aire ag an bpointe seo an méid a bhí le rá ag Príomh-Fheidhmeannach Aer Lingus: “Ní dóigh liom go bhfuil aon bharraíocht mhór foirne againn ach d’fhéadfaí an scéal a fheabhsú agus coigiltí a dhéanamh.”72 Le linn an tseisiúin deiridh den fhianaise dúirt sé linn nach raibh amhras ar bith ná go bhféadfaí feabhas a chur ar tháirgiúlacht.73 Is dóigh le hAer Lingus go háirithe go bhfuil gá le breis solúbthachta d’fhonn deireadh a chur leis an righneas atá tagtha isteach le himeacht aimsire. Tá Aer Lingus ag súil le feabhsuithe chomh maith de bharr níos mó úsáide a bhaint as ríomhairí. Ardaíonn an dá fhadhb sin ceist i dtaobh cúrsaí caidrimh thionscail i gcoitinne in Aer Lingus agus sin í an mhórcheist deiridh a bheidh faoi bhreithniú againn sa Chuid seo.


6.4Caidreamh Tionscail

124. Ní raibh saotharstad tionscail ar bith in Aer Lingus go dtí 1978. Dúirt na hionadaithe ceardchumainn a tháinig os ár gcomhair go raibh cúrsaí caidrimh thionscail i gcoitinne in Aer Lingus go maith—i gcomparáid le CIE, mar shampla.74 Ach bhí sé le brath sna blianta deireanacha seo go raibh lagan tagtha ar an gcion dílseachta laistigh d’Aer Lingus agus dá thoradh sin nach bhfuil caidreamh tionscail chomh suairc chor ar bith agus ba chóir.75 Mar thaca leis an mbarúil sin tá stailc na n-oibrithe cléireachais i 1978 agus stailc na gceardaithe a tharla agus an fiosrúchán á sheoladh againn. Is ábhar mór imní don Choiste an cheist sin.


125. Dealraíonn sé dúinn go bhfuil dálaí áirithe i gcor Aer Lingus faoi láthair a d’fhéadfadh oibriú chun aimhleasa don chaidreamh tionscail amach ar fad ó aon athrú ar bheartais nó ar eagrú. Sa chéad áit is fostóir an-mhór i ngeilleagar na tíre Aer Lingus anois agus ón taithí atá faighte i dtíortha eile tá sé cinnte go bhfuil baint dhearfach idir méid gnóthais agus minicíocht stailceanna. Thairis sin níl borradh faoi Aer Lingus a thuilleadh; dáiríre tá brú tráchtála air faoi láthair, agus b’fhéidir gur gá cúngú éigin a dhéanamh i réimsí áirithe. Is gnách do staid mar sin bheith ina ábhar teannais i gcúrsaí caidrimh thionscail. Mar chúlra leis sin go léir tá an t-ardbhoilsciú agus an claonadh i dtreo meathlaithe ar fud an domhain, imthosca atá imithe i bhfeidhm ar gheilleagar na hÉireann chomh maith le tíortha eile. Dá ndeasca sin tá sé deacair timpeallacht oibre a chruthú a oirfidh don lucht bainistíochta agus don lucht oibre araon, fiú má bhíonn dea-thoil ann.


126. Mar sin féin, cíbe dálaí is bun leis, is ní an-tromaí é gur tharla teagmhais ba chúis le caillteanais £5 mhilliún i 1978 agus £6 mhilliún, de réir mar a mheastar, i 1980, gan aon dochar iarmhartach a áireamh a leanann as cealúcháin agus easpa muiníne as Aer Lingus ina dhiaidh sin. Ní chabhraíonn na forbairtí sin chun seirbhísí imeallacha a shábháil agus ní mór ná go ndéanann siad dochar don fhostaíocht i ndeireadh na dála.


127. I ndiaidh stailc na n-oibrithe cléireachais i 1978, tionscnaíodh comhshocruithe i bhfoirm comhghasra oibre chun feabhas a chur ar an gcumarsáid idir lucht bainistí agus lucht oibre, ó líomhnaíodh gur easpa caibidlíochta ba chúis, cuid mhaith, leis an stailc. Bhí na hionadaithe ceardchumainn ar aon fhocal gur fearr ar fad na comhshocruithe caibidlíochta atá ann anois d’oibrithe cléireachais agus gur bhain codanna eile den fhoireann tairbhe astu go neamhfhoirmeálta.76 Ag féachaint do ghéarchor airgeadais na Cuideachta, beidh sé tábhachtach go n-oibreoidh na socruithe sin ar bhealach sásúil le linn na 1980idí chun déileáil leis na fadhbanna a bheidh ann nuair a fhéachfaidh Aer Lingus lena phleananna ríomhaireachta a chur i ngníomh.


128. Cé go bhfuil feabhas curtha ar nósanna imeachta caibidlíochta, mheas na ceardchumainn go bhfuil claonadh ró-mhór fós i measc lucht meánbhainistí Aer Lingus ábhair a chur faoi bhráid údarás níos airde lena gcinneadh ar ábhair iad, dar leis an bhfoireann, is cóir a réiteach ar an bpointe.76 Ní rabhamar in ann scrúdú mion a dhéanamh ar an bpointe sin. Rud amháin, áfach, a d’fhéadfadh cabhrú le cúrsaí feasta is ea stíurthóirí-oibrithe a cheapadh, rud a tharlóidh i 1981. Nuair a bheidh ionadaíocht acu ar an leibhéal is airde sa chuideachta b’fhéidir go bhféadfaí rudaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair mhíshásaimh a mharú san ubh sula n-imeoidh siad ó smacht. D’fhonn an staid sin a bhaint amach caithfear na gréasáin iomchuí a thabhairt isteach faoi bhun leibhéal an bhoird an tráth céanna.


129. Ábhar deacrachta eile a d’fhéadfadh éirí i gcúrsaí caidrimh thionscail san am le teacht is ea ceist na gcoibhneasachtaí. Rinne idir Aer Lingus agus ionadaithe ceardchumainn tagairt don ábhar sin ina bhfianaise chugainn.77 Deir Aer Lingus ina meabhrán gur toradh amháin a bhí ar stailc na n-oibrithe cléireachais i 1978 gur deacra anois gréasán idirbheartaíochta comhordaithe níos fearr a leagan amach. “Táimid ag obair go dian chun na príomhghrúpaí ceardchumainn sin san aerlíne a thabhairt le chéile, chun comh-chaibidlíocht a chur ar bun agus chun imeacht ó na ceisteanna coibhneasachta sin ar bior sa bheo againn iad.”78


130. Fadhbanna coibhneasachta ba bhun leis an stailc a tharla idir an 30 Bealtaine agus an 4 Iúil 1980 a raibh 1,000 ceardaí páirteach inti. Dhearbhaigh na ceardaithe, a raibh deich gceardchumann éagsúla ag feidhmiú thar a gceann, go raibh ídiú déanta ar an staid pá níos fearr a bhí acu riamh i gcomparáid le foireann na ngrád oibriúcháin. Dúradh gur tharla an t-ídiú sin de bharr oibriú na scéime rannpháirtíochta postchéimnithe don fhoireann oibriúcháin. Áitíodh chomh maith gur tharla an rud céanna de bharr na scéime post-mheastóireachta don fhoireann chléireachais. Tugtar le tuiscint dúinn go measann Aer Lingus go bhfuil níos mó forbartha tagtha ar cheirdeanna áirithe, fearacht innealtóireachta agus leictreachais, ná mar atá ar chinn eile agus go bhfuil sé sin ina bhun le cás le haghaidh scálaí difreálacha a thabharfadh aitheantas do na hathruithe atá tagtha orthu. Ní mian leis na ceardaithe féin áfach athrú ó chomhghrádú do na ceardaithe go léir. Agus an tuarascáil seo á scríobh bhí an t-ábhar sin idir lámha ag an gCúirt Oibreachais, tar éis comhaontú a fháil ar ardú idirlinne ar bhunrátaí. Tá an Coiste ag súil go dúthrachtach go réiteofar an fhadhb ar bhealach a thabharfaidh cobhsaíocht go ceann i bhfad ionas go gcinnteofar go dtiocfaidh an Chuideachta slán as an drochuain atá romhainn.


VII FOCAL SCOIR

131. Tá na haighneachtaí éagsúla a fuarthas i scríbhinn ó Aer Lingus leagtha amach i bhFoscríbhinní 1 go 7.


132. Fuarthas aighneachtaí i scríbhinn i ndáil le hAer Lingus ó na dreamanna seo a leanas:—


(a)Aer Rianta Teoranta


(b)Bord Fáilte Éireann


(c)An Roinn Iompair


(d)Seirbhísí Dan-Air


(e)An tÚdarás um Eitlíocht Shibhialta (R.A.)


agus tá siad sin leagtha amach i bhFoscríbhinní 8 go 12.


133. Ghlac an Comhchoiste fianaise béil ó:—


Aer Lingus,


Bord Fáilte Éireann,


Cumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann,


Cónaidhm Oibrithe Éireann,


An tÚdarás um Eitlíocht Shibhialta (R.A.)., agus


Seirbhísí Dan-Air.


Ba mhór ag an gComhchoiste chomh réidh is a bhí na daoine a thug fianaise chun ceisteanna a fhreagairt.


134. Chun críocha an fhiosrúcháin seo d’fhostaigh an Comhchoiste an tOllamh Christopher D. Foster, an tUasal Hugh Wenban-Smith agus an tUasal Stephen Dewar ó Coopers and Lybrand Associates Limited mar chomhairleoirí. Ba mhaith leis buíochas a ghabháil leo as an gcomhairle agus as an gcabhair fhíorthábhachtach a thug siad dó le linn an fhiosrúcháin ar fad. Ba mhaith leis freisin buíochas a ghabháil leis an Uasal Liam Boyd, F.C.I.T., as an bpáipéar staide an-eolasach a d’ullmhaigh sé don Choiste.


135. Ag féachaint don mheathlú ar staid eacnamaíochta an tionscail aeriompair i gcoitinne, agus Aer Lingus go háirithe, tá an Coiste á iarraidh go ndéanfar díospóireacht ar an Tuarascáil seo sa Seanad de réir Ordú an 14 Bealtaine, 1980, ón Teach sin.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


16 Nollaig 1980


*Nóta: Tá an caipiteal ar an meán a bhí á úsáid roinnt mhaith níos lú ná iomlán na sócmhainní a bhí á n-úsáid mar a léirítear i dTábla 1 go mór mór de bharr breiseanna móra a bheith curtha le sócmhainní dochta i leabhair Aer Lingus (de bharr aerárthaí agus maoine) amach go maith sa bhliain airgeadais agus de bharr gan fochuideachtaí nár thosaigh ag trádáil fós agus sócmhainní nach raibh á n-úsáid go gníomhach a bheith curt ha san áireamh.


(a)Rinne ath-aicmiú míreanna an figiúr sin a mhéadú go dtí £54.4 milliún i gcuntais 1977.


(b)Is iad na figiúirí sin an caipiteal ar an meán a bhí á úsáid mar a mhínítear i Nóta (a) ar lch. 32 de chuntais Aer Lingus, 1979; is figiúirí deireadh bliana na figiúirí eile ar fad maidir le caipiteal a bhí á úsáid.


(c)Ní áirítear i gcuntais Aer Lingus, 1980 anailís ar chaipiteal grúpa a bhí á úsáid d e réir gníomhaíochta.


1Féach Fianaise (Ceist 20).


2Féach Fianaise (Ceist 81).


3Féach Fianaise (Ceist 115).


4Féach Fianaise (Ceisteanna 422 go 425).


5Féach Fianaise (Ceist 3).


6Féach Fianaise (Ceist 11).


7Féach Fianaise (Ceist 2).


8Féach Fianaise (Ceist 134).


9Féach Foscríbhinn 10.


10Féach Fianaise (Ceist 33).


11Féach Fianaise (Ceist 273).


12Féach Foscríbhinn 12.


13Féach Fianaise (Ceist 272).


14Féach Fianaise (Ceist 353).


15Féach Fianaise (Ceist 34).


16Féach Fianaise (Ceist 23).


17Féach Fianaise (Ceist 272).


18Féach Fianaise (Ceist 280).


19Féach Fianaise (Ceist 22).


20Féach Fianaise (Ceist 62) agus preas-ráiteas ó Aer Lingus (27 Nollaig, 1979).


21Féach Fianaise (Ceist 322).


22Féach Foscribhinn 6.


23Is ionann na haonaid sin agus coibhéisí méadracha na dtomhas ITM agus CTM a úsáideadh i míreanna 51 agus 52 thuas. Níl aon difríocht coincheapa i gceist.


24Is cóir a mheabhrú nach ionann an t-ainmneoir i dTábla 10 (TCF) agus an ceann a úsáideadh sna comparáidí ioncaim i dTábla 9 (ITC) rud a léiríonn an dearcadh gur le cumas a cuireadh ar fáil is mó a bhaineann costais. Is féidir ainmneoirí eile a úsáid (e.g. ITC, an líon paisinéirí, etc.) agus tá siad úsáideach chun críocha áirithe.


25Féach Fianaise (Ceisteanna 128 go 133) agus Foscríbhinn 2.


26Féach Fianaise (Ceist 129).


27Féach Fianaise (Ceisteanna 284 agus 286).


28Féach Foscríbhinn 2.


29Féach Fianaise (Ceist 99).


30Féach Fianaise (Ceist 84).


31Féach Fianaise (Ceist 378).


32Féach Fianaise (Ceist 38).


33Ceist Pharlaiminteach Uimh. 40, 11 Meitheamh, 1980.


34Féach Fianaise (Ceist 41).


35Féach Fianaise (Ceisteanna 38 agus 40).


36Féach Fianaise (Ceist 397).


37Ar an 25 Meán Fómhair 1980 d’fhógair Aer Lingus go raibh sé ag leathnú a tháille “super-saver” agus go mbainfeadh sí, amhail ón 1 Samhain, leis na rianta go léir idir Éire agus an Bhreatain, lena n-áirítear iad siúd ó Chorcaigh agus ón tSionainn.


38Féach Fianaise (Ceist 363).


39Féach Fianaise (Ceist 371).


40Féach Fianaise (Ceist 374).


41Féach Fianaise (Ceist 31).


42Féach Fianaise (Ceist 49).


aTá srianta i bhfeidhm maidir le hidirlíne, cur in áirithe agus aisíoc.


bNíl ar fáil ach le haghaidh taistil Dé Sathairn/Dé Domhnaigh.


cBarrthréimhse.


dLagthréimhse.


43Féach Foscríbhinn 8.


44Féach Fianaise (Ceist 391).


45Féach Fianaise (Ceist 307).


46Tá liosta iomlán d’thochurdeachtai Aer Lingus le fáil ar leathanaigh 20 agus 30 de Thuarascáil Bhliantúil Aer Lingus, 1979/80.


aMeánchaipiteal in úsáid mar a shainítear i nóta (a) ar leathanach 32 de Thuarascáil Bhliantúil Aer Lingus do 1979.


bNíl figiúirí inchomparáide ar fáil do 1979/80 mar gheall ar athruithe sa chaoi a bhfuil faisnéis faoi ghníomhaíochtaí coimhdeacha curtha i láthair i dTuarascáil Bhliantúil 1980. Rinneadh, mar chuid de na hathruithe sin, sonrú ar chánachas agus éiríodh as na figiúirí i leith meánchaipiteal in úsáid a thabhairt agus san am céanna tugadh faisnéis nua i dtaobh ioncam oibriúcháin. Tá an fhaisnéis do 1979/80 (maille le figiúirí inchomparáide do 1978/79) leagtha amach thíos:—


47Féach Fianaise (Ceist 194).


48Féach Fianaise (Ceist 149).


49Féach Fianaise (Ceist 152).


50Féach Fianaise (Ceist 162).


51Féach Fianaise (Ceist 334).


52Féach Fianaise (Ceist 167).


53Féach Fianaise (Ceist 184).


54Féach Fianaise (Ceist 190).


55Féach Fianaise (Ceist 193).


56Féach Fianaise (Ceist 136).


57Féach Fianaise (Ceist 137).


58Féach Fianaise (Ceist 157).


59Féach Fianaise (Ceist 158).


60Féach Fianaise (Ceist 191).


61Féach Fianaise (Ceist 196).


*Cuairt ar Chairde agus ar Ghaolta.


62Féach Fianaise (Ceist 208).


63Féach Fianaise (Ceist 198).


64Féach Fianaise (Ceist 200).


65Féach Fianaise (Ceisteanna 201-203).


66Féach Fianaise (Ceist 203).


67Féach Fianaise (Ceist 237).


68Féach Fianaise (Ceist 207).


69Féach Fianaise (Ceist 205).


70Féach Fianaise (Ceist 225).


71Thug an Coiste dá aire, i gcás CIE, go raibh an méid seo a leanas le rá sa léirbhreithniú ón gCathaoirleach do 1979— “I gcás an iarnróid, cé is moite de il-lasta, tháinig méadú ar ghnó agus, ag an am céanna, rinneadh laghdú 20% ar an líon foirne” (Prl. 9165).


*Teicneoirí/Innealtóirí oilte agus leathoilte.


72Féach Fianaise (Ceist 121).


73Féach Fianaise (Ceist 439).


74Féach Fianaise (Ceist 249).


75Féach Fianaise (Ceist 264).


76Féach Fianaise (Ceist 249).


77Féach Fianaise (Ceisteanna 119 agus 249).


78Féach Fianaise (Ceist 119).