Committee Reports::Report No. 13 - Comhlucht SiÚicre Éireann, Teoranta::16 December, 1980::Report

COMHLUCHT SIÚICRE ÉIREANN, TEORANTA

CLÁRNA TUARASCÁLA

 

 

Leathanach

I

RÉAMHRÁ

 

 

(a) Cúlra

...

...

...

...

...

...

...

...

14

 

(b) Cáilíocht dlíthiúil

...

...

...

...

...

...

14

 

(c) Comhthéacs an fhiosraithe seo

...

...

...

...

16

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

II

BRABÚSACHT AGUS MAOINIÚ: PLEANÁIL AGUS RIALÚ

 

 

(a) Díol agus brabúsacht

...

...

...

...

...

...

18

 

(b) Brabús i ngnóthaí siúcra, trádáil talmhaíochta agus

 

 

innealtóireachta

...

...

...

...

...

...

22

 

(c) Brabús an rannáin bhia

...

...

...

...

...

22

 

(d) Cuntais bhliantúla arna gcoigeartú de réir bhoilscithe

...

26

 

(e) Eagar caipitiúil agus staid airgeadais

...

...

...

26

 

(f) Caipiteal saothair

...

...

...

...

...

...

30

 

(g) Díbhinní

...

...

...

...

...

...

...

30

 

(h) Clár infheistíochta

...

...

...

...

...

...

32

 

(i) Pleanáil agus rialú

...

...

...

...

...

...

32

 

(j) Caillteanais Reatha

...

...

...

...

...

...

34

 

(k) Tátal

...

...

...

...

...

...

...

...

34

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

III

AN RANNÁN SIÚCRA

 

 

(a) Réamhrá

...

...

...

...

...

...

...

36

 

(b) Rialachas siúcra an CE

...

...

...

...

...

36

 

(c) So-fháltacht amh-ábhair

...

...

...

...

...

42

 

(d) Éifeachtúlacht trealaimh

...

...

...

...

...

50

 

(e) Monarcha siúcra Thuaim

...

...

...

...

...

56

 

(f) Athscagadh cána i gCeatharlach

...

...

...

...

58

 

(g) Beartas díola agus margaíochta

...

...

...

...

60

 

(h) Beartais phraghsála

...

...

...

...

...

...

62

 

(i) Tátal

...

...

...

...

...

...

...

...

64

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

IV

AN RANNÁN BIA

 

 

(a) Cúlra

...

...

...

...

...

...

...

...

68

 

(b) An margadh baile

...

...

...

...

...

...

70

 

(c) Díol díhiodráití tionscail

...

...

...

...

...

70

 

(d) Ceangal Heinz-Erin

...

...

...

...

...

...

70

 

(e) Margaí nua

...

...

...

...

...

...

...

72

 

(f) Díol bianna reoite

...

...

...

...

...

...

72

 

(g) Oibríochtaí gléasra

...

...

...

...

...

...

74

 

(h) Tátal

...

...

...

...

...

...

...

...

76

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

V

AN RANNÁN TRÁDÁIL TALMHAÍOCHTA

 

 

(a) Réamhrá

...

...

...

...

...

...

...

78

 

(b) Beatha ainmhithe

...

...

...

...

...

...

78

 

(c) Trádáil mholáis

...

...

...

...

...

...

80

 

(d) Innealtóireacht talmhaíochta

...

...

...

...

80

 

(e) Trádáil leasachán

...

...

...

...

...

...

82

 

(f) Cairéalacht

...

...

...

...

...

...

...

84

 

(g) Ceimiceáin talmhaíochta

...

...

...

...

...

84

 

(h) Comhairleachas don tríú domhan

...

...

...

...

84

 

(i) Tátal

...

...

...

...

...

...

...

...

84

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

VI

EAGRAÍOCHT AGUS BAINISTÍOCHT

 

 

(a) Eagar bainistíochta

...

...

...

...

...

...

86

 

(b) Caidreamh tionscail

...

...

...

...

...

...

88

 

(c) Tátal

...

...

...

...

...

...

...

...

88

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

VII

TÁTAIL

 

 

(a) Léargas foriomlán

...

...

...

...

...

...

90

 

(b) Siúcra

...

...

...

...

...

...

...

...

92

 

(c) Éagsúlú

...

...

...

...

...

...

...

...

96

 

(d) Freagrachtaí an chomhlachta maidir le cúrsaí sóisialta agus

98

 

forbairt réigiúnach

...

...

...

...

...

...

98

 

(e) Tátal

...

...

...

...

...

...

...

...

100

AN TRÍÚ TUARASCÁIL DÉAG

COMHLUCHT SIÚICRE ÉIREANN, TEORANTA

I RÉAMHRÁ

(a) Cúlra

1. Mórchomhlacht monaraíochta agus trádála is ea Comhlucht Siúicre Éireann, Teoranta (CSET) a bhíonn ag gabháil go háirithe do phróiseáil siúcra agus bia agus do réimse mór inchur talmhaíochta a mhonarú agus a imdháil. Bunaíodh é i 1933 mar ghnóthas monaraíochta siúcra Stáit. I dtús báire ghlac sé ceannas ar ghnó príobháideach faoi choimirce Rialtais a d’oscail i gCeatharlach i 1926. Thosaigh sé láithreach ar thrí mhonarcha siúcra eile a thógáil i Malla, Dúrlas agus Tuaim. I bhfeachtas táirgeachta 1934 cuireadh os cionn 44,000 acra biatas siúcra agus táirgeadh níos mó ná 66,000 tona siúcra. Mhéadaigh an táirgeacht le himeacht ama, agus sna chúig bliana seo caite monaraíodh ar an meán 178,000 tona siúcra ó tuairim 86,000 acra biatas siúcra. De bharr iarrachtaí an Chomhlachta, tá a dóthain féin siúcra ag Éirinn le daichead bliain i leith.


2. Siúcra a dhéanamh an t-aon ghnó amháin a bhíodh ar bun ag CSÉT go dtí déanach sna 1940-aidí. San am sin mar gheall ar na deacrachtaí a tharla i mblianta an chogaidh, chuaigh an Comhlacht i mbun leasacháin a imdháil agus innealra talmhaíochta a mhonarú chomh maith. I 1962 bhunaigh an Comhlacht gnó próiseála bia, Erin Foods. Ar ghníomhaíochtaí an Chomhlachta anois aírítear monarú siúcra, imdháil siúcra, próiséail bhia, beatha ainmhithe a tháirgeadh, trádáil cheimiceáin talmhaíochta, trádáil leasachán, cloch aoil a bhaint, agus innealtóireacht ghinearálta agus talmhaíochta. Gné amháin de na gnóthaí éagsúla sin is ea gur ó mhonarú siúcra mar bhun-obair a tháinig formhór de na foghníomhaíochtaí sin. Tá an mór-láimhdeachas roinnte go cothrom le blianta beaga anuas idir siúcra agus na gníomhaíochtaí eile, ach má chuirtear fo-tháirgí na monaraíochta siúcra (laíon agus molás) ar thaobh an tsiúcra, méadaíonn sé an taobh sin go dtí tuairim 60 faoin gcéad den iomlán. Bhí £1261 milliún punt láimhdeachais ann i 1979, rud a chuir an Comhlacht sa chéad 20 cuideachta Éireannach ó thaobh díolacháin. Tá 3,600 duine fostaithe ag an gComhlacht.


(b) Cáilíocht dlíthiúil

3. Is cuideachta dliteanais theoranta CSÉT a bunaíodh faoin Acht Déantóireachta Siúicre, 1933, Acht ina bhfuil a chuspóirí, a chóiriú agus a mhaoiniú leagtha amach. Is é a scairchaipiteal eisithe £7.0 milliún, arb é atá ann £6.5 milliún gnáthscaireanna i láimh an Aire Airgeadais, agus £0.5 milliún scaireanna tosaíochta carnacha i láimh daoine éagsúla den phobal. Thug Acht leasacháin i 1962 de chumhacht don Chomhlacht fo-chuideachta, Erin Foods Ltd., a bhunú agus scaireanna inti a shealbhú.


4. Is é an tAire Talmhaíochta an ball den Rialtas a bhfuil an fhreagracht phríomha air do CSÉT. D’aistríodh an fhreagracht sin chuige ón Aire Airgeadais i mí Feabhra 1980 mar chuid de chlár atheagraíochta na seirbhíse poiblí. Déanann an tAire Talmhaíochta maoirsiú ar bheartas ginearálta an Chomhlachta, tugtar fios dó i dtaobh mórchaiteachais infheistíochta agus i gcoitinne coinnítear ar an eolas é i dtaobh conas mar a bhíonn an Comhlacht ag dul ar aghaidh. Is é an tAire Airgeadais an príomh-scairshealbhóir i gcónaí.


(c) Comhthéacs an fhiosraithe seo

5. Tá an fiosrú seo ar CSÉT gafa de láimh ag an gComhchoiste tráth atá an Chuideachta sa treis le go leor fadhbanna deacra a bhfuil baint acu lena chéile. Táthar ag ceapadh go dtaispeánfaidh cuntais na bliana airgeadais 1979/80 go bhfuil an Comhlacht tar éis mórchuid airgid a chailleadh, ach níl ansin ach an ceathrú uair ina ré saoil 47 mbliana. Cuid den chúis atá leis an gcaillteanas sin an lag-trá atá ann faoi láthair sa tionscal talmhaíochta, rud atá tar éis dochar a dhéanamh do chuid de ghnóthaí an Chomhlachta. Ina theannta sin, tá cuid de na fo-chuideachtaí, go háirithe roinn an bhia agus an innealtóireacht talmhaíochta, agus is muirear iad le tamall de bhlianta ar acmhainní an Chomhlachta. Ina theannta sin, thosaigh an Comhlacht clár infheistíochta caipitil agus nuachóiriúcháin ina mhonarchana siúcra i 1975 agus bhí sé sin tar éis beagnach £30 milliún punt a chosaint suas go dtí 1979. Tá clár infheistíochta trí bliana eile ar chostas £40 milliún á chur i gcrích faoi láthair. Ó iasachtaí is mó a fuarthas an t-airgead don infheistíocht chaipitiúil sin, agus is é a thoradh go bhfuil dochar rómhór déanta aige do eagar airgeadais an Chomhlachta. Ní foláir dá dheasca bheith ag íoc muirir mhóra úis arís agus arís agus tá siadsan ag baint a thuilleadh nirt d’acmhainní an Chomhlachta. Ar thaobh an tsiúcra freisin, tá athruithe beartaithe ar rialachas siúcra an Chomhphobail Eorpaigh (CE) a dhéanfadh dochar do ghnóthaí an Chomhlachta dá gcuirfí i ngníomh iad. Leis an scéal mar atá, is léir ó go leor den fhianaise don Chomhchoiste go bhfuil an Comhlacht éiginnte i dtaobh a chuspóirí san am le teacht. Go háirithe, tá sé éiginnte i dtaobh cén tábhacht atá le tabhairt d’aidhmeanna tráchtála agus sóisialta i gcomórtas le chéile, nuair a bheadh na bearta ba ghá chun an Comhlacht a chur ag tuilleamh brabús ar ais i gcodarsnacht le haidhmeanna eile de chuid an Chomhlachta.


6. Níl aon ráiteas foirmiúil ann i láthair na huaire ar chuspóirí corparáideacha don Chomhlacht go huile. Chuir an Comhlacht in iúl dhá mhórchuspóir áfach, agus roinnt mionchuspóirí, san aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choiste.2 Sa chéad dul síos beartaíonn an Comhlacht leathnú agus éagsúlú mar ghnóthas monaraíochta agus trádála, agus sin a bheith bunaithe ar an earnáil talmhaíochta agus biaphróiseála, ach ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an beart sin íoc as féin. Sa dara dul síos, tá an Comhlacht ag iarraidh fostaíocht a chothabháil ar fud na cuideachta go hiomlán, agus a mhéid is féidir sin, i ngach áit, agus más féidir deiseanna fostaíochta a leathnú trí ghníomhaíochtaí nua a chur ar bun a d’íocfadh astu féin. Áirítear ar na fo-chuspóirí, inter alia, a ionad a bhuanú mar tháirgeoir aonair agus mar phríomh-ghníomhaireacht imdhála do shiúcra ar mhargadh na hÉireann; fás an bhiatais siúcra a spreagadh; éifeachtúlacht phróiseála a fheabhsú; atheagar a chur ar a ghnó bia-phróiseála chun go n-imeofar ó dhíol tráchtearraí chun gabháil le táirgeacht bhrandáilte le haghaidh margaí baile agus easportála; agus bheith in inmhe chun an feabhas is airde teicneolaíochta a choimeád buan i ngach uile réimse dá ghníomhaíocht.


7. Chonacthas cuspóirí eile don Chomhlacht in aighneachtaí eile.3 D’áitíodh go raibh cuspóir forbartha réigiúin ag an gComhlacht, agus go raibh éifeacht aige sin ar na suímh inar cuireadh na cheithre mhonarcha siúcra i gcéaduair agus freisin ar na hionaid a ceapadh do ghníomhaíochtaí éagsúla ina dhiaidh sin.4 Tuairim atá gar i ngaol dó sin is ea go bhfuil cuspóirí sóisialta fara le cuspóirí geilleagair ag an gComhlacht. Dealraíonn gurb é chiall a bhaintear ar sin anois gur chóir don Chomhlacht leanúint air ag obair ar ghnóthais nach n-íocann astu féin a thuilleadh ó thaobh gnó mar gheall ar an bhfostaíocht a thugann siad. Tuigtear go bhfuil cuspóir sóisialta freisin sa rud a dúirt an Comhlacht féin go bhfuil sé ag iarraidh leathnú agus fostaíocht a chur ar fáil, faoi réir na teorann go gcaithfidh sé sin íoc as féin mar ghnó, seachas bheith ag lorg an bhrabúis is mó san fhadtéarma.


8. Is léir go bhfuil ábhar do chodarsnacht idir na cuspóirí sin. Má chuirtear postanna ar fáil ar chúiseanna sóisialta lagóidh sé sin cumas an ghnó chun íoc as féin. Má leantar forbairt réigiúnach mar chuspóir d’fhéadfadh go mbeadh sé sin in aghaidh feabhsuithe ar éifeachtúlacht phróiseála. Ná ní léir go mbeidh a dhóthain acmhainní ag an gComhlacht san am le teacht chun na cuspóirí go léir atá luaite aige dó féin a bhaint amach. Tá géarghá smaoineamh go dian ar cad iad is bunchuspóirí don Chomhlacht. Ag féachaint don chor ró-bhaolach atá ar a chúrsaí airgid faoi láthair, tá sé riachtanach go mbeadh údarás ag an gComhlacht an cúram agus na freagrachtaí a bheidh air san am le teacht a leagan amach go soiléir beacht ionas go bhféadfaidh lucht bainistí aghaidh a thabhairt go réadúil ar dheacrachtaí an Chomhlachta. Sa tuarascáil seo tá súil ag an gComhchoiste gur chuidigh siad le athsainiú a dhéanamh ar chúram an Chomhlachta sna blianta le teacht.


II BRABÚSACHT AGUS MAOINIÚ: PLEANÁIL AGUS RIALÚ

(a) Díol agus brabúsacht

9. Tá an Comhlacht bródúil, agus a chúis aige, gur thuill sé brabúis gach uile bhliain ach trí cinn ó bunaíodh é i 1933. Tá taifeach ar a réim trádála don tréimhse 1970-1977 i bhFoscríbhinn 1. Tháinig méadú ar a dhíol iomlán ó £27.3m i 1970 go dtí £126.3m in 1979, cé gur de chionn arduithe praghais agus nach ó mhéaduithe táirgeachta a tháinig a lán den fhás sin. Tháinig athruithe i rith na ndeich mbliana sin ar an méid a chuidigh na trí príomh-ranna leis an díol iomlán. Tá achoimre ar na himeachtaí sa tábla seo a leanas:


TÁBLA 1


Taifeach ar Dhíol Ghrúpa CSÉT de réir Ghníomhaíochta


 

1979

1970

 

£m

%

£m

%

Siúcra

66.2

(52.4)

13.1

(48.0)

Trádáil agus Innealtóireacht Talmhaíochta

39.1

(31.0)

6.5

(23.8)

Bia

21.0

(16.6)

7.7

(28.2)

 

£126.3

(100.0)

£27.3

(100.0)

10. Tá gnó trádála talmhaíochta agus innealtóireachta tar éis tosach a bhaint de dhíolacháin roinn an bhia agus is ionann é anois beagnach agus an tríú cuid de dhíol iomlán an Ghrúpa. D’ainneoin beartas éagsúlúcháin an Chomhlachta, déanann siúcra suas tuairim leath an díola go léir fós agus is uaidh a tháinig, ar an meán, níos mó ná trí cheathrú de bhrabús an Ghrúpa le blianta beaga anuas.


11. Cé gur bhain an Comhlacht brabúis amach i naoi gcinn de na deich mbliana seo caite, ní raibh a ráta sruthaíocht airgid agus brabúsachta ar a chuid díolachán ná a thoradh ar an gcaipiteal a chuir sé chun saothair sásúil má chuirtear i gcomparáid é le caighdeáin thráchtála. Tá cinn-fhigiúirí cóimheasa ag taispeáint a chuid brabús i bhFoscríbhinn 1 agus 3. I 1979 ba é an corrlach brabúis oibriúcháin ar dhíolacháin5 4.7% agus i mblianta roimhe sin bhí na meánfhigiúirí ar an dul céanna. Ba é an toradh ar chaipiteal saothair6 10.2% i 1979 i gcomparáid le 11.0% i 1978. Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil an toradh ar chaipiteal iseal, toisc é a bheith ríofa de réir fhaisnéis chlár comhardaithe a thaispeánann sócmhainní an Chomhlachta ar fhoras chostas stairiúil. Chuir an Comhlacht in iúl don Chomhchoiste go bhfuil luach reatha7 a chuid sócmhainní dochta dhá oiread níos mó ná an méid a thaispeántar ina chuid cuntas foilsithe. De réir na faisnéise sin is é an toradh fíor a bhí i 1979 ar luach reatha an chaipitil a cuireadh chun saothair ná 7%.


12. Dúirt an Comhlacht8 go raibh a ráta iomlán brabúis measúil go leor i gcomparáid le comhlachtaí móra Éireannacha agus monaróirí siúcra an RA. Ach taispeánann an fhianaise atá achoimrithe i dtaifeach i bhFoscríbhinn 3 gur bhain cuideachtaí móra Éireannacha sa liosta meán-chorrlaigh bhrabúis 7.6% amach ar dhíol agus toradh 15.1% ar chaipiteal a cuireadh chun saothair i 1978. Rinneadh an ráta toradh sin ar chaipiteal a ríomh ar fhoras luachálacha sócmhainní cothrom le dáta i bhformhór na gcásanna—rud a thabharfadh go n-ísleofaí an toradh i gcomparáid leis an bhforas lenar ghlac CSÉT. D’athbhreithníodh freisin faisnéis airgeadais agus eile ar Chorparáid Siúcra na Breataine Teo (CSB). Monarú siúcra ó bhiatas siúcra is mó a bhíonn ar siúl ag CSB agus dá bhrí sin is féidir é a chur i gcomparáid leis an gComhlacht. Luaitear scaireanna CSB ar Stocmhargadh Londain agus sealbhaíonn Rialtas na RA 16.7% de scairchaipiteal CSB. Taispeánann an chomparáid i bhFoscríbhinn 3 thíos gur mó brabús CSB ná CSÉT ó thaobh díola agus caipitil ag saothrú. I 1979 bhain CSB brabús 10½% amach ar dhíol agus toradh 19.0% ar chaipiteal a cuireadh chun saothair. Mar sin dealraíonn nach sásúil an bhail atá ar réim brabúis CSÉT i gcomparáid le gnólachtaí monarúcháin eile.


13. Ar na cúiseanna go mbíonn brabúis níos airde ag CSB ná ag CSÉT tá, gur airde leibhéil táirgeachta an fostaí agus go bhfuil i bhfad níos mó airgid infheistithe i ngléasra agus trealamh i gcoibhneas le táirgeacht agus fostaithe. I 1979 b’fhiú díolacháin CSB £64,1809 an fostaí i gcomparáid le £34,933 i gcás CSÉT. I CSB bhí 9.2% de luach iomlán a dhíolachán le cur i leith luach saothair iomlán na bhfostaithe, i gcomparáid le 15.7% i CSÉT. Tuigeann an Comhchoiste an chontúirt a bhaineann le tátal daingean a tharraingt as an sórt sin comparáide. Tuigtear, áfach, ón difríocht ró-mhór sa ghnóréim idir an dá chuideachta go bhfuil mórán eile le déanamh fós ag CSÉT chun feabhas a thabhairt ar a éifeachtúlacht. Taispeánann na figiúirí freisin go bhfuil gá le hardleibhéal infheistíochta i dtrealamh i CSÉT má tá sé le bheith chomh maith chun gnó le CSB.


(b) Brabúis i ngnóthaí siúcra, trádáil talmhaíochta agus innealtóireachta.

14. Suas go dtí 1978 chuir CSÉT eolas teoranta ar fáil ina chuntais bhliantúla i dtaobh brabúis nó caillteanais a chuid gnóthaí éagsúla. Níor tugadh an t-eolas tábhachtach sin ina chuntais do 1979. Sa taifeach i bhFoscríbhinn 1 tá achoimre ar na brabúis roinne foilsithe i rith na tréimhse 1970-1978. Níor fhoilsigh an Comhlacht taifeach brabús mionsonraithe ar a ghnóthaí siúcra, trádáil talmhaíochta agus innealtóireachta—tá siad comhdhlúite ar mhaithe le tuairisc a thabhairt ar chuntais bhliantúla. Tuigtear don Chomhchoiste gur airde go mór an ráta brabúis ar dhíol siúcra ná na corrlaigh bhrabúis ar na ghnóthaí trádála talmhaíochta agus innealtóireachta. Ó na figiúirí atá ar fáil, táthar in amhras an bhfuil toradh ar fónamh, i gcomparáid leis na hacmhainní atá á n-úsaid, á thuilleamh ag an rannán trádáil talmhaíochta agus innealtóireachta.


(c) Brabús an rannáin bhia

15. Idir 1970 agus 1976 chaill an rannán bia suim darbh iomlán £4.2m mar atá léirithe go comair i bhFoscríbhinn 1. Cé go dtaispeánann na cuntais foilsithe go raibh fáltas agus caiteachas cothrom le chéile i 1977 agus gur baineadh amach brabús an-bheag i 1978, tá brabúis an rannáin os cionn na fírinne, agus a chaillteanais faoi bhun na fírinne, sa mhéid nach n-áirítear iontu muirir riartha agus chaipitil saothair a d’iompair an Grúpa. Tuigtear don Chomhchoiste gur tháinig fíor-dhrochbhail ar ghnó an rannáin bhia i 1979, agus gur cailleadh tuilleadh. Tá sé admhaithe ag an gComhlacht10 gur lagar an-mhór ar acmhainní an Ghrúpa an rannán bia agus go bhfuil rudaí ar an mí-chor sin i gcónaí. Ta deischostas (nó caillteanais) an rannáin sin an-ard i dtéarmaí acmhainní caipitil an Chomhlachta. I rith na tréimhse 1970-1979 b’fhiú £136m san iomlán díolacháin sa rannán bia. Dá mbeadh an rannán sin tar éis mionbhrabús 4.5% a thuilleamh, mar mheán-fhigiúr, ansin sna deich mbliana seo caite bheadh sé tar éis brabús £6m, roimh cháin, a thuilleamh don Chomhlacht—in ionad caillteanas iomlán tuairim £5m sna deich mbliana. An tsuim éifeachtúil a chosain lag-ghnó an rannáin bhia—£11m ar a laghad i rith na deich mbliana—d’ísligh sé brabús comhlán an Chomhlachta agus an toradh ar an gcaipiteal a cuireadh chun saothair. Go háirithe laghdaigh sé sruthaíocht airgid an Chomhlachta agus chuidigh sé lena bheith ag brath go han-mhór ar iasachtaí bainc.


16. Ar an eolas atá ar fáil dó, tá amhras ró-mhór ar an gComhchoiste go bhféadfaidh an Comhlacht toradh ar fónamh a fháil go luath óna rannán bia mar atá sé comhdhéanta faoi láthair. Rinneadh roinnt atheagruithe ar an rannán sin cheana—ach níor éirigh ró-maith leo ó thaobh brabúis a ghnóthú. Tá an Comhlacht ag gabháil d’athbhreithniú eile ar a chóiriú gnó i réimse an bhia. D’fhonn faireachas a dhéanamh ar an gcaoi a n-éireoidh nó nach n-éireoidh leis an gcóiriú sin, measann an Comhchoiste gur cheart do bhord an Chomhlachta sprioc áirithe a shonrú don rannán sin, ó thaobh toradh ar fónamh a bhaint amach ar na hacmhainní a úsáideadh, agus an sprioc sin a bhaint amach laistigh d’am cinnte. An costas a ghabhann le haon oibleagáid chun gnéithe dá oibríocht bia a bhuanú gan iad a bheith ag íoc astu féin, ach go dteastaíonn ón Rialtas iad a choinneáil ar bun ar chúiseanna sóisialta nó eile, ba cheart an costas sin a aithint go sainráiteach trí fhóirdheontas Stáit a thabhairt ina chúiteamh.


17. Tá an Comhchoiste á mholadh go dtaispeánfaí i gcuntais bhliantúla an Chomhlachta feasta faisnéis iomchuí ar shochair agus dochair agus ar na rátaí toraidh ar chaipiteal a úsáideadh i ngach ceann de na gníomhaíochtaí éagsúla. Ba cheart don taifeach sin idirdhealú a dhéanamh idir shiúcra, bia agus trádáil talmhaíochta agus innealtóireacht. Go deimhin, mar gheall ar na grúpaí earraí éagsúla, níor mhiste miondealú a thabhairt ar na gníomhaíochtaí trádáil talmhaíochta agus innealtóireachta, ós rud é gur rannán an-mhór é sin anois le díolachán bliantúil £39m. Molann an Coiste freisin go ndéanfaí costais riartha Grúpa agus ús ar chaipiteal saothair a roinnt amach de réir na húsáide a bhain gach ceann de rannáin an Chomhlachta as na hacmhainní sin. Tá an t-eolas sin riachtanach má tá an Comhlacht chun cuntas ceart a thabhairt ar bhainistíocht a chuid cúrsaí agus ar úsáid an Státchiste a deonaíodh dó. Ní chreideann an Comhchoiste go ndéanfadh sé ciotaí trádála ar bith don Chomhlacht an t-eolas sin a fhoilsiú.


(d) Cuntais bhliantúla arna gcoigeartú de réir bhoilscithe

18. D’fhéadfadh cuntais bhliantúla a ullmhaíodh ar bhonn costais staire mar ba nós ariamh daoine a chur amú nuair a bhíonn rátaí boilsciúcháin ard. I gcoitinne tugann an tuairisc ar bhrabús figiúr a bhíonn os cionn an ráta fior brabúsachta, go formhór toisc gur ar chostas bunaidh agus nach ar chostas reatha (costas is ró-dhóigh a bheith níos airde) a bhíonn muirir áirithe ar nós díluachadh trealaimh bunaithe. Tugann an Comhchoiste dá aire nár fhoilsigh an Comhlacht cuntais arna gcoigeartú de réir bhoilscithe. Cuireadh in iúl don Choiste gur ullmhaíodh cuntais inmheánacha arna gcoigeartú de réir bhoilscithe a ullmhú mar eolas don Chomhlacht féin.11 Tuigtear don Choiste gur thaispeáin na cuntais inmheánacha sin go mba lú figiúr athbhreithnithe do bhrabúis ná leath na suime brabúis a taispeánadh sna cuntais foilsithe de 1977 agus 1978. An t-eolas, go gcaithfí an muirear díluachaidh sna cuntais foilsithe a dhúbailt d’fhonn freagairt do chostas trealaimh faoi láthair, tugann sé le tuiscint, ar an gcóir is fearr de, go mb’fhéidir nár bhain an Comhlacht brabús ach ar éigean i 1979 ar fhoras figiúirí arna gcoigeartú de réir bhoilscithe. Molann an Coiste gur cheart don Chomhlacht ráitis airgeadais a fhoilsiú feasta a bheadh coigeartaithe de réir bhoilscithe, ar aon dul le caighdeán chuntasaíochta ghairme a tháinig chun cinn le déanaí.


(e) Eagar caipitiúil agus staid airgeadais

19. A chur i gcomparáid le critéir thráchtála agus na caighdeáin do chuideachtaí móra san earnáil phríobháideach, tá eagar caipitiúil CSÉT míchothrom leis an gcuid is mó de na deich mbliana seo caite. Tá cláir chomhardaithe roghnaithe á dtaispeáint i bhFoscríbhinn 2. Is léir uathu go bhfuil an Comhlacht tar éis teacht chun bheith ag brath ró-mhór ar iasachtaí ó bhainc agus creidmheas ó sholáthróirí chun forbairt a shócmhainní a mhaoiniú. I 1970, shuibscríobh an tAire Airgeadais gnáth-scairchaipiteal eisithe de mhéid 4.5m, fara le £0.5m (scaireanna tosaíochta carnacha 6%) a shuibscríobh an pobal. Chabhraigh sé sin le sócmhainní iomlána £23m a mhaoiniú. I dtús agus i lár na 1970-óidí rinne an tAire airleacan iasachta £1m a chomhshódh agus chuir sé £1m sa bhreis ar fáil chun an gnáthscairchaipiteal eisithe a thabhairt suas go dtí £6.5m. Níl a thuilleadh caipitil suibscríofa, cé gur shroich na sócmhainní iomlána £77.5m i 1979 agus go bhfuiltear ag súil go n-ardóidh siad go tapaidh de thoradh mór-chláir nuachóiriúcháin trealaimh. Mar a thaispeántar i bhFoscríbhinn 3, rinne airgead scairshealbhóirí maoiniú ar bheagnach leath na sócmhainní iomlána i gcuideachtaí móra san earnáil phríobháideach i gcomparáid le tuairim an ceathrú cuid i gcás CSÉT i 1979. Tá iasachtaí bainc go maith os cionn cistí scairshealbhóirí. Is mó an leibhéal iasachtaí faoi dhó ná mar is gnách i gcúrsaí tráchtála agus tuairim faoi cheathair níos airde ná an chionúireacht a thaispeántar i gcuntas Chorparáid Siúcra na Breataine. Faoi 1979 bhí £30m ar fad ar iasacht agus bhí costas an úis ina ualach ró-mhór ar bhrabúis oibre. Tá ‘bearna cistiúcháin’ níos leithne ag teacht ann le blianta beaga anuas —mar is léir ón tábla seo a leanas.


TÁBLA 2


Taifeach ar Shruthaíocht Cistí agus ‘Bearna Chistiúcháin’ 1977-1979


 

 

1979

1978

1977

 

 

£m

£m

£m

 

Cistí Isteach

 

 

 

 

Sruthaíocht airgid ó oibríochtaí

3.7

5.4

4.7

 

 

 

 

 

 

lúide

 

 

 

 

Cánachas íoctha

0.1

0.4

0.4

 

Díbhinní íoctha

0.2

0.1

0.1

 

 

 

 

 

A.

Sruthaíocht Ghlan Airgid

3.4

4.9

4.2

 

 

 

 

 

 

Cistí Amach

 

 

 

 

Méadú ar Chaipiteal Saothair

2.6

3.3

5.1

 

Gléasra agus Trealamh12

10.5

6.1

3.0

 

 

 

 

 

B.

Iomlán Amach

13.1

9.4

8.1

 

 

 

 

 

C.

Bearna Chistiúcháin’ (A-B)

 

 

 

 

á mhaoiniú le hiasachtaí méadaithe

9.7

4.5

3.9

Taispeánann an taifeach thuas go mba leor díreach an tsruthaíocht ghlan airgid a bhí á thionscnamh ag an gComhlacht chun méaduithe ar chaipiteal saothair a mhaoiniú agus gur bheag a d’fhág sé chun tacú le hinfheistíocht i dtrealamh nua. Dá bhrí sin tháinig ann do ‘bhearna cistiúcháin’ a líonadh trí bhreis a fháil ar iasacht ó na bainc—breis agus £18m ar fad in imeacht na dtrí mbliana. Ní raibh scairchaipiteal sa bhreis curtha ar fáil don Chomhlacht ag an am (Meitheamh 1980) a bhuail an Comhchoiste le hionadaithe ón gComhlacht. Nuair nach bhfuil aon chuidiú scairchaipitil ar fáil ná aon mhór-shócmhainn á chur de láimh, agus fara sin caillteanais thrádála throma agus suimeanna arda á gcaitheamh i gcónaí ar infheistíocht, is dóigh go mbeidh ‘Bearna cistiúcháin’ suas go £20m ann i 1980. Tugann an t-eolas sin le tuiscint go bhfaighfear iasachtaí suas go tuairim £50m ó na bainc—rud a d’fhágfadh an Comhlacht i gcor dian airgid agus ualach úis i bhfad thar gnáth air mar gheall ar a eagar míchothrom caipitil.


20. Tá sé curtha in iúl13 ag an gComhlacht gurb é an t-eagar caipitil atá mar sprioc aige ná iasachtaí a bheith ar coibhéis tuairim le 75% de chistí scairshealbhóirí. Ní dhealraíonn an cóimheas fiach/cothrom seo a bheith mí-réasúnta mar sprioc—cé go mb’fhéidir gurbh fhearr níos lú a fháil ar iasacht ar feadh roinnt blianta le teacht go dtí go mbeidh an Comhlacht tar éis atheagar a chur ar a chumas monaraíochta agus ráta brabúsachta níos treise a shroichint. Tá sé ráite ag an gComhlacht14 go dteastaíonn £25m scairchaipitil de chuidiú uaidh agus airgead caipitil bhreise go ceann roinnt blianta le teacht fad agus a bheidh an clár nuachóiriúcháin £40m atá pleanáilte á chur i gcrích aige. Tá an Comhchoiste ag tacú le barúil an Chomhlachta go bhfuil gá láithreach le £25m gnáth-scairchaipitil a chur isteach ann d’fhonn go bhféadfadh sé an míchothrom san eagar caipitil lena bhfuil sé ag obair faoi láthair a cheartú. Molann an Comhchoiste freisin go ndéanfaí comhaontú, idir an Comhlacht agus na ranna Rialtais lena mbaineann, ar chóimheas áirithe fiach/cothromas agus ar phlean cinnte airgeadais don am le teacht, feadh tréimhsí tríbhlianacha. Ba cheart réiteach a dhéanamh faoi sin mar bheart práinne.


(f) Caipiteal saothair

21. Is tuigthe ó na cláir chomhardaithe achoimrithe i bhFoscríbhinn 2 agus na comparáidí cóimheasa i bhFoscríbhinn 3 go raibh staid chaipitil saothair an Chomhlachta docht go leor le blianta beaga anuas. Ba é an cóimheas idir sóchmainní reatha agus dliteanais reatha ná 130% tuairim feadh roinnt blianta go dtí 1979. Tá an cóimheas sin íseal de réir na gcaighdeán don tionscal monaraíochta—mar gheall ar bheith ag brath go mór ar shaoráidí bainc gearrthéarma agus an tsuim mhór airgid atá gaibhnithe i stoic agus féichiúnaithe. I 1979 rinneadh cuid mhaith den fhiach bainc a chur in atheagar ar fhoras meántéarma go fadtéarma. Tá leibhéal an stoic atá á iompar ard, áfach, i gcomparáid le gnólachtaí móra Éireannacha i gcoitinne. Ar cheann de na cúiseanna go bhfuil an leibhéal stoic ard tá ceanglas an CE nach foláir do mhonaróirí siúcra stoc íosta a choimeád de mhéid cothrom le 10% dá mbonn-chuóta (mír 34). Thaispeáin an t-eolas a cuireadh ar fáil don Chomhchoiste, áfach, gurbh iad stoic an rannáin bhia ba mhó, ó thaobh luach, sa ghrúpa i mí Méan Fómhair 1979. Dhealródh sé go raibh gar do líon cheithre mhí díola de stoc á iompar sa rannán bia. Dealraíonn an méid sin stoic a bheith an-mhór—cé go míneodh dálaí séasúracha cuid de.


(g) Díbhinní

22. I 1979 d’íoc an Comhlacht glan-díbhinn £162,000 i leith an ghnáth-scairchaipitil £6.5m a shuibscríobh an tAire Airgeadais. Is mar a chéile an íocaíocht sin agus toradh 2½% sa bhliain ar chaipiteal. Is íseal ar fad an toradh é sin i gcomparáid le torthaí ar mhórchuideachtaí sa liosta agus an méid a chosnaíonn airgead ar an Státchiste. Tá díbhinn an-bheag íoctha ag an gCuideachta gach bliain le deich mbliana anuas. Tuigtear don Chomhchoiste15 go bhfuil ráta díbhinne níos airde iarrtha ag an Roinn Airgeadais ar na blianta deireannacha seo. Mheas an comhlacht nach raibh d’acmhainn aige díbhinn níos airde a íoc mar gheall ar an mbrabús beag agus go mba ghá brabús éigin a choinneáil d’fhonn a bhonn cothromais a neartú. Má tá díbhinní níos airde ag teastáil níor mhór toradh gnó níos fiúntaí a theacht ar shócmhainní an Chomhlachta, agus tuigfear as sin arís nár mhór don Chomhlacht tabhairt níos feidhmiúla ó thaobh gnó faoina chuid oibríochtaí. Cuireann sé sin ciallachais i láthair i leith cúram sóisialta an Chomhlachta i gcuid dá ghníomhaíochtaí. Tugann an Comhchoiste dá aire go ndealraíonn beartais na Roinne Airgeadais agus an Chomhlachta i dtaobh cuspóirí corparáideacha an Chomhlachta a bheith éagsúil lena chéile.


(h) Clár infheistíochta

23. Tá an Comhlacht tar éis dul i mbun chlár mór infheistíochta trealaimh do chur cóir nua-aimsire ar a chuid oibríochtaí siúcra. Cuireadh i bhfios16 go gcosnódh an clár £30m ach le déanaí tráchtadh ar shuim £40m.17 Beidh an t-airgead trí bliana á chaitheamh. Is íoc an-mhór infheistíochta é i ndáil le leibhéal láithreach sócmhainní agus le foras scairchaipitil an Chomhlachta. Níor cuireadh i gcion ar an gCoiste gur cheart dul i mbun an chláir sin ar an bhforas go dtabharfadh sé toradh fiúntach eacnamaíoch nó airgid. Deir an Comhlacht go bhfuil an infheistíocht riachtanach má tá tionscal an tsiúcra chun maireachtáil mar go gcuirfidh sé trealamh nua in áit trealaimh chaite agus go méadóidh sé inmhe táirgeachta. Tá tuilleadh trácht i Roinn III ar an ngá atá leis an gclár infheistíochta ag féachaint d’éifeachtúlacht oibre an Chomhlachta.


(i) Pleanáil agus rialú

24. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste ag an gComhlacht go n-oibríonn sé córas cuimsitheach buiséad bliantúil agus míosúil i leith gach gníomhaíochta.18 Ullmhaítear tuarascálacha míosúla ar chuntais ina dtaispeántar an gnó a rinneadh i gcomparáid leis an mbuiséad. Chuir an Comhlacht in iúl don Chomhchoiste, áfach, nach raibh sé ag oibriú faoi chuimsiú chomhphlean foirmiúil straitéiseach meántéarma nó fadtéarma, bunaithe ar chuspóirí áirithe gnó.19 Thug an Comhchoiste dá aire nach raibh aon doiciméad ann ag leagan amach gréasáin le haghaidh forbairt an ghrúpa—go háirithe ag féachaint dá réimse gníomhaíochtaí agus scála an chláir infheistíochta atá á bheartú. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil aiste phleanála meántéarma á ullmhú ag an gComhlacht i láthair na huaire. Tá sé á mholadh go bhféachfaidh bord an Chomhlachta chuige go ndéanfar forbairt, comhlíonadh agus athbhreithniú tráthrialta ar chórais phleanála agus rialaithe agus ar fhaisnéis a bhaineann le riachtanais an Chomhlachta.


25. I mí Feabhra 1980 chuir rialaitheoir Airgeadais an Chomhlachta fiosruithe ar bun maidir le hiontrálacha áirithe i mórleabhar cuntas na bhféichiúnaithe. Fuarthas fianaise prima facie calaoise de thoradh na bhfiosruithe sin. Tugadh aird fhairsing ar an scéal sna hollmheáin náisiúnta. Cuireadh fiosrú iomlán ar bun sa Chomhlacht ar an bpointe. Tugadh scéala d’Údaráis an Gharda agus chuaigh scuad calaoise i mbun iniúchta agus tá sé sin ar siúl fós. D’iarr an Comhlacht ar ghnólacht neamhspleách iniúchóirí scrúdú a dhéanamh ar an gcalaois féin agus ar na cúrsaí a thug go bhféadfadh a leithéid tarlú agus moltaí oiriúnacha a thabhairt.


26. Tá an Comhlacht tar éis eolas a chur ar fáil don Choiste ar na príomh-chinntí a fionnadh ón scrúdú iniúchta neamhspleách. Taispeánann sé sin gur tharla, de dhroim chomhcheilge, gur tógadh go mídhleathach suim mhór airgid agus gur cuireadh cainníochtaí móra bia-earraí próiseáilte thar lear ar bhun doiciméid falsa. Measadh gur chosain sé tuairim £1.8-£2.0 milliún ar fad ar an gComhlacht, go formhór de dhroim stoic earraí nach bhfuil, go dtí seo, díolta.


27. Tharla an cúrsa sin mar gheall ar chomhcheilg a beartaíodh go cúramach agus a ghlac buntáiste as laigí áirithe i ngréasáin agus i nósanna imeachta an Chomhlachta agus as bealaí éalaithe i socruithe rialúcháin agus iomraill bhreithiúnais. Cé gur trí ghnáthsheiceáil inmheánach a fionnadh an chalaois bhí an díobháil déanta. Rinneadh sraith moltaí i dtuarascáil na n-iniúchóirí i dtaobh nósanna imeachta, córais agus rialúcháin a fheabhsú. Chuir an Comhlacht in iúl go bhfuil clár feabhsúcháin bunaithe ar na moltaí sin á chur i ngníomh agus go bhfuil tús tábhachta á thabhairt dó i gcomhthéacs an atheagrúcháin chomhchoiteann atá ar bun faoi láthair. Tá súil ag an gCoiste go bhfuil gach uile bheart is féidir á dhéanamh ag an gComhlacht lena chinntiú nach dtarlóidh rud mí-ámharach mar sin arís.


(j) Caillteanais reatha

28. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste ag an gComhlacht go gcaillfeadh sé go trom i 1980 agus nach raibh an tuar do 1981 go maith ach oiread. De réir eolais a fuair an Coiste le déanaí bhí an glanchaillteanas do 1979/80 tadhlach le £9.0m. Deir an Comhlacht gur tháinig an drochbhail trádála rí-ghéar sin chun bheith ann mar gheall ar dhlús rudaí; corrlaigh níos cúinge ar oibríochtaí siúcra mar gheall ar arduithe costais nár gnóthaíodh as praghsanna díola; caillteanais do leanúint sa rannán bia agus laghdú ar bhrabúis sa rannán trádáil talmhaíochta agus innealtóireachta de chionn beagán éilimh ar an margadh baile. Chuir an Comhlacht in iúl freisin go bhféadfadh gur bhain caillteanas tuairim £1.5m dó (atá ar áireamh sa chaillteanas iomlán atá luaite roimhe seo don bhliain) mar gheall ar stailc i gceann dá mhonarchana i rith an tsamhraidh. I ndeireadh dála, ba rí-mhór mar a chuir sé le méid an airgid a cailleadh rátaí troma úis a bheith á ngearradh ar an leibhéal rí-ard airgid a fuarthas ar iasacht.


(k) Tátal

29. Fionnadh don Chomhchoiste gur ghnóthaigh an Comhlacht brabús measartha leis na deich mbliana seo caite. Ba lú a chorrlaigh brabúis ar dhíol agus a ráta toraidh ar chaipiteal saothair ná an gnó a rinne cuideachtaí móra Éireannacha ar an liosta nó Corparáid Siúcra na Breataine. Ní ró-mhaith an chomparáid atá idir an toradh a fuair CSÉT ar chaipiteal agus an méid a chosain cistí fadtéarma ar an Státchiste. Ba chás leis an gCoiste go dtáinig laghdú géar ar thrádáil i 1980. Tá caillteanais throma á dtuar agus níl súil go mbeidh an scéal mórán níos fearr i 1981. I láthair na huaire tá eagar caipitil an Chomhlachta ar míchothrom agus níl a bhail airgid ar fónamh. Is airde le roinnt blianta iasachtaí ó bhainc ná cistí scairshealbhóirí. Is airde an cóimheas fiach/cothromas ná na caighdeáin thráchtála agus tá muirir úis ina n-ualach an-trom ar bhrabús oibre an Chomhlachta. D’ainneoin é a bheith ag brath go ró-mhór ar iasachtaí Bainc tá beagnach £30m caite ag an gComhlacht ar threalamh nua le cúig bliana i leith. Tá sé á bheartú aige anois clár infheistíochta breise £40m a chur i ngníomh d’fhonn a chuid oibríochtaí siúcra a chur ar bonn nua-aoiseach. Ní mhéadófar táirgeacht—tá an Comhlacht á rá go bhfuil gá leis an infheistíocht chun go bhféadfar éifeachtúlachaí táirgeachta a shroichint d’fhonn is go mairfeadh an tionscal siúcra atá ann.


30. Bheadh mórchuideachta san earnáil phríobháideach tar éis scairchaipiteal breise a chruinniú cheana féin ar mhodh ‘eisiúint ceart’ d’fhonn a bhonn caipitil chothromais a neartú agus d’fhonn eagar caipitiúil cothrom a choimeád. Deir CSÉT go dteastaíonn £25m caipitil chothromais a chur isteach ann láithreach. Tá an Comhchoiste ag tacú leis sin. Tá sé curtha i bhfios ag an gComhlacht go mbeidh tuilleadh ionchur de chaipiteal cothromais ag teastáil d’fhonn an clár infheistíochta a mhaoiniú go ceann roinnt blianta le teacht. Beidh an t-éileamh ar acmhainní Státchiste chun tacú le heagar caipitiúil stuama fosaidh don Chomhlacht níos airde dá bhrí sin ná an £25m is gá chun an mhíbhail atá air faoi láthair ó thaobh airgid a chur ina cheart. Is cás leis an gComhchoiste gur ligeadh do chúrsaí airgeadais an Chomhlachta titim sa droch-riocht ina bhfuil siad. Dhealródh sé go raibh plé ar siúl le tamall le ranna Rialtais lena mbaineann ach nach dtángthas ar aon chinneadh ná beart daingean.


31. Ní dearfa don Choiste an bhfuil cuardach iomlán déanta ag an gComhlacht agus ag na ranna Rialtais lena mbaineann do lorg deiseanna chun teacht ar bhealaí nua chun forbairt an Chomhlachta a mhaoiniú. Tá sé le fiafraí ar chóir an bonn úinéireachta a leathnú agus airgead a chur ar fáil as acmhainní soláthróirí. Nó d’fhéadfaí machnamh ar ligean don fhoireann bheith páirteach i gcothromas an Chomhlachta. B’fhéidir go bhféadfaí costas maoinithe a laghdú trí fheidhm a bhaint as saoráidí léasachta meántéarma go fadtéarma, mar gheall ar chor cánach an Chomhlachta san am le teacht. Mar chríoch, d’fheadfaí smaoineamh ar shocrú díola agus aisléasaithe maidir le ceann-oifig luachmhar an Chomhlachta.


III AN RANNÁN SIÚCRA

(a) Réamhrá

32. Is é an Rannán Siúcra croí-lár ghnó uile an Chomhlachta. Uaidh a fríth díreach os cionn leath láimhdeachas an Chomhlachta leis na deich mbliana seo caite. Monaraítear siúcra anois laistigh de chomhthéacs comheagraíocht mhargadh siúcra an Chomhphobail Eorpaigh (CE). Toisc gur mhar gheall ar an gcuma ina bhfuil an margadh sin eagraithe a thig cuid d’fhadhbanna an Chomhlachta, tosaíonn an roinn seo le tuairisc ar rialachas siúcra an CE agus a chiallachais don tionscal siúcra sa tír seo.


(b) Rialachas siúcra an CE

33. Cumhdaíonn rialachas siúcra an CE siúcra biatais agus siúcra cána, chomh maith le roinnt earraí díorthaithe agus earraí ionaid. Rud ar leithligh siúcra i measc na n-earraí talmhaíochta atá cumhdaithe ag an gComhbheartas Talmhaíochta sa mhéid gurb é an t-aon réim rialachais amháin sa mhargadh é ina n-úsáidtear cuótaí táirgeachta chun an margadh a rialú. Tá an Coimisiún tar éis tograí a chur i láthair chun rialachas an mhargadh siúcra a athchóiriú ó shéasúr 1981/82 amach ach tá tuairisc ar dtús sa roinn seo ar an gcóiriú mar atá sé faoi láthair. Gach uile bhliain leagtar amach sprioc-phraghas do shiúcra bán san áit is mó sa Chomhphobal a bhíonn barrachas (Tuaisceart na Fraince). Leagtar amach praghas idirghabhála siúcra bán freisin don réigiún céanna, agus socraítear praghsanna idirghabhála díorthaithe, agus praghsanna níos airde, do réigiúin easnaimh na hÉireann, na hIodáile agus na Ríochta Aontaithe. Socraítear dhá phraghas íosta freisin do bhiatas siúcra gach bliain. Baineann ceann acu le táirgeacht laistigh de bhonn-chuóta (ar a dtugtar cuóta ‘A’) agus baineann an ceann eile le táirgeacht de bhreis ar an mbonn-chuóta ach laistigh de chuóta uasta (cuóta ‘B’). Tá an praghas íosta do bhiatas siúcra chuóta ‘A’ i gcoibhneas leis an bpraghas idirghabhála do shiúcra bán, agus cuireann sé san áireamh an toradh siúcra ó bhiatas, costais phróiseála, costais stoc-choinneála agus, aon uair is iomchuí, costas an bhiatais a sheachadadh dhon mhonarcha. Tá siúcra chuóta ‘B’ faoi réir thobhaigh táirgeachta nach féidir dul thar chionúireacht shocraithe, áfach, (30 faoin gcéad faoi láthair) den phraghas idirghabhála do shiúcra chuóta ‘A’, sa tslí go bhfuil i ndáiríre praghas íosta níos ísle do bhiatas san earnáil sin. Is chuige atá an tobhach beartaithe chun cabhrú le costas cúiteamh onnmhairithe a mhaoiniú, cúitimh a íoctar d’fhonn go bhféadfaí siúcra chuóta ‘A’ agus ‘B’, an bhreis de nach mbíonn ag teastáil ón gComhphobal, a onnmhairiú. Ní foláir siúcra a tháirgtear de bhreis ar chuótaí ‘A’ agus ‘B’ a chur de láimh lasmuigh den Chomhphobal gan aon chabhair ó airgead Comhphobail agus mar sin ní féidir dó a bheith ag brath ar aon ráthaíocht phraghais íosta. Ní foláir do mhonaróirí siúcra an praghas ráthaithe íosta ar a laghad a íoc le táirgeoirí ar bhiatas a tháirgtear laistigh den chuóta uasta, faoi réir difríochtaí cáilíochta. Tá praghsanna tairsí nó praghsanna all-mhairithe íosta, i gcoibhneas leis an sprioc-phraghas, bunaithe freisin do shiúcra bán, do shiúcra amh agus do mholás. Nuair is ísle na praghsanna domhanda ná na praghsanna Comhphobail muirearaítear tobhaigh ar allmhairí ar coibhéis leis an difríocht idir an praghas tairsí iomchuí agus an praghas tairisceana ionadaitheach is ísle. Nuair is airde praghsanna domhanda ná leibhéil an Chomhphobail, cuirtear cánacha onnmhairithe i bhfeidhm de ghnáth.


34. Rud eile a bhaineann le margadh siúcra CE is ea go n-allmhairítear faoi Phrótacal a ghabhann le Coinbhinsiún Lomé 1.2 milliún tona siúcra bán in aghaidh na bliana ó Stáit na hAfraice, na Cairibe agus na Ciúin-Mhara (ACC) tíortha táirgthe siúcra a shínigh an Coinbhinsiún sin ar phraghas i gcoibhneas leis an bpraghas idirghabhála a ráthaítear do shiúcra an Chomhphobail. Féadfar 80,000 tona sa bhreis a allmhairiú ón India agus ó roinnt críocha eile faoi chomhaontuithe ar leithligh den sórt céanna. Oibrítear córas tobhaigh/aisíoca ar tháirgeadh siúcra bán ar mhaithe le margaíocht ordúil faoina n-íocann monaróirí siúcra tobhach ar gach tona siúcra a dhíoltar. Is chuige an tobhach sin ná aisíoc na gcostas stórála a thabhaítear ar shiúcra bán a mhaoiniú. Bíonn monaróir a dhíolann go luath sa bhliain mhargaíochta á chur faoi phionós toisc go gcaitheann sé an tobhach sin a íoc agus gan ach beagán nó tada dá chostas stórála a fháil ina aisíoc. Ní gá an tobhach sin a íoc i gcás siúcra a dhíoltar isteach in idirghabháil, ionas gurb é an praghas margaidh urláir éifeachtúil an praghas idirghabhála móide an tobhach. Ina theannta sin, mar gheall ar thaithí an Chomhphobail sna luath-1970-óidí nuair a bhí teirce ghéar siúcra ann, déantar socrú go gcoinneofar stoic íosta ar seilbh lena chinntiú go mbeidh gnáth-sholáthar siúcra ar fáil. Tá sé de cheangal ar gach monaróir stoc íosta a choinneáil ar seilbh ar coibhéis le 10 faoin gcéad dá bhun-chuóta (nó 10 faoin gcéad den táirgeacht más lú é sin), a gcuirtear na costais a bhaineann leis san áireamh nuair a bhíonn na praghsanna idirghabhála á socrú do shiúcra bán agus do bhiatas siúcra.20


35. I 1975 ghlac Comhairle na nAirí cuóta ‘A’ 9.136 milliún tona don Chomhphobal agus cuóta ‘B’ ar coibhéis le 45 faoin gcéad den chuóta ‘A’, is é sin cuóta uasta 13.25 milliún tona. Ón am sin laghdaíodh an cuóta ‘B’ dhá uair agus is ionann é faoi láthair agus 27.5 faoin gcéad den chuóta ‘A’, rud is ionann agus cuóta uasta 11.6 milliún tona. 182,000 tona an cuóta ‘A’ d’Éirinn faoi láthair agus 50,000 tona an cuóta ‘B’, agus is léir uaidh sin nach bhfuil mórán tábhacht le hÉirinn mar tháirgeoir siúcra i dtéarmaí na hEorpa. Is é an imeacht atá faoi rudaí go bhfuil caitheamh siúcra sa CE ag fanúint socair ar cothrom le 9.5 milliún tona, tuairim, fad agus atá táirgeadh ag méadú leis chun cinn. Táirgeadh an méid is mó ariamh, 12.3 milliún tona, i 1979/80 mar gheall ar an toradh a bheith níos airde ná an meán. Nuair a chuirtear allmhairí tosaíochta 1.3 milliún tona san áireamh, ba ghá tuairim 4 mhilliún tona a onnmhairiú anuraidh, chun an margadh a chothromú. Is cás leis an gCoimisiún an chéim ard féin-dóthaineachta do shiúcra atá sroichte sa Chomhphobal agus tá tograí curtha i láthair aige arb é a n-aidhm an táirgeacht a laghdú. Tá ciallachais na dtograí sin don tionscal in Éirinn faoi bhreithniú i míreanna 39 go 48.


36. Is é aidhm atá leis an bplé seo ná béim a leagan air go bhfuil oibriú gnóthaí déantóireachta siúcra cuimsithe go dlúth ag rialacháin mhargadh CE. Ar thaobh an ionchuir, ní mór do lucht próiseála praghas íosta a íoc le feirmeoirí ar bhiatas siúcra. Ar thaobh an eischuir, beidh praghas an tsiúcra bháin i gcoitinne gar don íosphraghas ráthaithe mar gheall ar an gcothrom iomlán soláthar/éileamh sa Chomhphobal. Déantar an corrlach próiseála a chinneadh go riarthach tráth a shocraítear an praghas go bliantúil ag féachaint do na meán-chostais phróiseála ar fud an Chomhphobail. Aon mhonaróir a bhíonn ag dréim le leibhéil chostais a bhíonn cuid mhaith níos airde ná iad sin a bhíonn i bhfeidhm sa Chomhphobal i gcoitinne is beag deis atá aige chun na costais arda sin a ghnóthú trí phraghas níos airde ar shiúcra bán nó praghas níos ísle ar bhiatas d’fheirmeoirí.


37. Ar a shon go mbíonn gach uile bhia-phróiseálaí, faoin gComhbheartas Talmhaíochta, ag déanamh gnó i margadh atá á bhainistí go hardfheidhmiúil, ní foláir gné áirithe den tionscal siúcra a shonrú. Is é an t-aon earnáil amháin é den tionscal bia-phróiseála ina bhfuil praghas íosta á ráthú d’fhásóirí (i ngach earnáil eile, ar a n-áirítear arbhar, ag féachaint don eagar atá ar thrádáil an arbhair—cuirtear an ráthú praghais i ngníomh ar an leibhéal mórdhíola). Ní miste a chur in iúl, sna tionscail mhairteola agus déiríochta gur lú a fhaigheann táirgeoirí na hÉireann ar a gcuid earraí ná an choibhéis idirghabhála, ní as a dtuigtear, cibé cúis atá leis, go bhféadfadh bia-phróiseálaithe na hÉireann a bheith faoi réir chostas níos airde ná a lucht iomaíochta san Eoraip. Más mar sin atá, ansin nuair atá an praghas ar a bhfaightear amh-ábhar an tionscail agus an praghas ar a ndíoltar é i gcoibhneas le leibhéil in áiteanna eile san Eoraip d’ainneoin costais phróiseála a bheith go mór níos airde, d’fhéadfadh cumasacht airgeadais an ghnó sin a bheith i gcontúirt. Go mí-ámharach, sin mar atá an scéal i gCSÉT le blianta beaga anuas.


(c) So-fháltacht amh-ábhair

38. Tá barrachas ar mhargadh siúcra CE, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hallmhairí tosaíochta siúcra ó thíortha ACP agus tíortha eile. Ní dhéanfadh an méid sin scéal deacair de dá mbeadh margadh bíogúil domhanda ann ar a bhféadfaí an barrachas sin a dhíol ar phraghsanna fiúntacha. Go leor den siúcra a thagann ar an margadh domhanda, déantar é a thrádáil faoi chomhaontuithe nó conarthaí speisialta, agus bíonn an praghas ar an margadh fuílligh thar a bheith guagach. D’ainneoin gur tharla dhá uair sna sé bliana seo caite go ndeachaigh praghas domhanda an tsiúcra thar phraghas CE (rud as a dtáinig gur gearradh cáin ar onnmhairí siúcra ón gComhphobal), creideann an Coimisiún gur gnách go leagtar muirear airgid ar an gComhphobal mar gheall ar a bharrachas onnmhairí agus gur gá dá dhroim sin athruithe a dhéanamh ar réim siúcra CE. Ní nach ionadh, aon iarracht ag an gCoimisiún chun táirgeadh siúcra a laghdú d’fhonn margadh CE a thabhairt níos gaire do chothrom nó leagan amach na réime siúcra a athrú bheadh éifeacht ró-throm aige ar CSÉT san am le teacht.


39. Ní foláir nó beidh tionchar freisin ar bheartaíocht an Chomhphobail san am le teacht ag an tuar atá ann go mbeidh milsitheoirí saorga, agus go háirithe síoróip ghlúcóis ardfhruchtóis (iseaghlúcós) ag iomaíocht ar an margadh do shiúcra leachtach. As stáirse, agus as arbhar Indiach de ghnáth, a fhaightear iseaghlúcós, agus tá a gheilleagar ag brath ar an gcoibhneas praghais idir arbhar Indiach agus siúcra. Ó 1979 tá rialú á dhéanamh, trí chuótaí táirgeachta, ar tháirgeadh iseaghlúcóis sa Chomhphobal. Fiú amháin gan an tsrian sin a bheith ann, áfach, ní mór an éifeacht a bheadh ag iseaghlúcós ar CE féin; tuairim 600,000 tona an margadh a mheastar a d’fheadfadh a bheith ann dó, nó ó 6 go 7 faoin gcéad de thomhaltas siúcra CE. Dealraíonn sé gur tábhachtaí an táirgeacht i dtíortha eile ar nós na Stát Aontaithe, agus go bhféadfadh sé bheith á spreagadh ag an bpraghas ard atá ar shiúcra ar fud an domhain faoi láthair. D’fhéadfadh dá bhrí sin go mbeadh tionchar neamhdhíreach ag iseaghlúcós ar bheartas CE leis an éifeacht atá aige ar an gcothrom soláthar/éileamh domhanda do shiúcra. Beidh d’éifeacht leis go neartóidh sé le cás an Choimisiúin go laghdófaí ar leibhéal an chuóta uasta.


40. Is é aidhm an Choimisiúin aistriú ar deireadh thiar go dtí réim siúcra ina mbeidh gach rud á rialú ag praghas. Dá dtógtaí cuótaí táirgthe as ar fad, agus an praghas atá faoi láthair ar bhiatas siúcra a choinneáil mar atá, ansin thiocfadh méadú ar tháirgeadh, go háirithe sa Danmhairg, san Fhrainc, san Iar-Ghearmáin agus san Ísiltír. D’fhonn méadú ar tháirgeadh a chosc, chaithfí an praghas íosta ar bhiatas a laghdú go mór chun go laghdófaí spéis na bhfeirmeoirí ann mar bharr, é a laghdú b’fhéidir 25 faoin gcéad ar a laghad de réir áirimh an Choimisiúin. Sa chás sin, dhéanfaí dochar do tháirgeadh siúcra sa tír seo, nuair nach bhfuil sí chomh hoiriúnach do bhiatas agus atá cuid de bhallstáit CE na Mór-Roinne.


41. Measann an Coimisiún faoi láthair gur fearr cuótaí táirgeachta a choimeád ach iad a bheith ar leibhéil níos gaire do thomhaltas CE. Mhol an Coimisiún sa chéad togra uaidh do réim siúcra 1980/81 uaschuóta Chomhphobail de 10.4 milliún tona, nó laghdú 1.2 milliún tona ar an gcuóta uasta roimhe sin. Mhol sé freisin go roinnfí an cuóta uasta sin faoi threoir an dá bharr siúcra ‘A’ agus ‘B’ ab fhearr i rith na bhfeachtas 1975/76 go dtí 1978/79, arna laghdú de chomhéifeacht 0.9283. Mhol sé fós 80 faoin gcéad den chuóta uasta a bheith i gcuóta ‘A’ agus 20 faoin gcéad sa chuóta ‘B’. Ní raibh na ballstáit sásta glacadh leis na cuótaí sin.


42. Tá tograí nua curtha ar aghaidh anois ag an gCoimisiún do réim 1981/82 agus blianta ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil praghas domhanda an tsiúcra tar éis ardú go dtí an pointe go bhfuil cánacha i bhfeidhm anois ar onnmhairí siúcra ón CE, áitíonn an Coimisiún nach dóigh go mairfidh na cúiseanna atá leis an táirgeacht láithreach a bheith ró-bheag, agus go spreagfaidh na praghsanna domhanda atá ann faoi láthair tuilleadh táirgeachta san am le teacht agus gurb é toradh a bheidh air sin go mbeidh praghsanna íseal arís ar feadh achair, díreach mar a tharla tar éis thréimhse 1973/74. Dá bhrí sin, lean sé dá iarracht chun méid láithreach an chuóta uasta Chomhphobail a laghdú.


43. Is é príomh-phrionsabal na réime nua go mbeadh sé á maoiniú féin, lasmuigh de ghealltanais an CE faoi Choinbhinsiún Lomé. Molann an Coimisiún go gcoimeádfaí cuótaí ‘A’ ar bun ar a gcuid leibhéil láithreacha agus go ndéanfaí cuótaí ‘B’ a shainiú de réir tháirgeacht thagartha sa tréimhse 1975/76 go dtí 1979/80, faoi réir an choinníll nach ndáileofaí d’aon ghnóthas cuóta ‘B’ níos lú ná 5% dá chuóta ‘A’. Bheadh de thoradh air sin go laghdófaí an cuóta uasta Comhphobail ón 11.6m tona atá ann faoi láthair go dtí 11.2m tona. Toisc, áfach, go mbainfí amach an laghdú trí chuid de na cuótaí ‘B’ láithreacha a ligean ar lár ar le tíortha iad nár bhain úsáid astu in aon chor, is beag an éifeacht phraiticiúil a bheadh ag an réim bheartaithe ar tháirgeacht CE. D’fhonn a dheimhniú go gcumhdóidh ranníocaí ó tháirgeoirí na caillteanais a tabhaíodh agus barrachais chuóta táirgeachta Chomhphobail ar thomhaltas á gcur de láimh, molann an Coimisiún go ndéanfaí na caillteanais sin a chumhdach, sa chéad ásc, trí thobhach táirgeachta bunaidh nach rachaidh thar 2.5% den phraghas idirghabhála do shiúcra bán a ghearradh ar chuóta táirgeachta ‘A’ agus ‘B’ i dteannta a chéile. Dá mba nár leor sin molann sé go ndéanfaí suas an t-iarmhéid trí thobhach a ghearradh ar chuóta siúcra ‘B’ amháin suas go dtí 37.5% den phraghas idirghabhála ar a mhéid. Aon chaillteanais a bheadh fágtha thabharfaí anonn iad go dtí an chéad bhliain mhargaíochta eile. Molann an Coimisiún freisin go gcuirfí ar ceal na praghsanna idirghabhála biatais réigiúin.


44. Ní hí seo an áit le haghaidh tograí an Choimisiúin a athbhreithniú go hiomlán. Ba chúram don Chomhchoiste, áfach, meas a thabhairt ar a gciallachais do dhea-bhail na táirgeachta biatais agus an tionscail siúcra sa tír seo. Is mar seo a leanas a bheadh an dáiliú cuóta d’Éirinn de réir na dtograí:


 

Cuóta ‘A’

182,000t.

 

 

Cuóta ‘B’

9,100t.

 

 

Cuóta uasta

191,100t.

 

 

Cuóta uasta reatha

232,050t.

 

Cé nach bhfuil 191,100 tona táirgthe ag tionscal na hÉireann go nuige seo, b’fhearr leis an gComhlacht uasteorainn táirgeachta níos airde, abair cuóta ‘B’ de 10% den bhonn-chuóta ‘A’. Rud a mbeadh toradh níos measa air is ea an socrú atá molta chun onnmhairiú táirgeacht bharrachais an Chomhphobail a mhaoiniú, rud a ghearrfadh pionós ar tháirgeacht laistigh de chuóta ‘A’ don chéad uair. Dá leanadh an tobhach an córas is infheidhmithe maidir leis an tobhach ‘B’ reatha, atá á iompar i gcomhpháirt ag fásóirí agus monaróirí, dhéanfadh tobhach 2½% ar tháirgeacht chuóta ‘A’ praghas an bhiatais in Éirinn a laghdú de £0.60 an tona (cé nach gcuirfí aon tobhach i bhfeidhm faoi láthair toisc go dtéann praghsanna domhanda thar leibhéil CE). Áitíonn an Comhlacht gur trí bhíthin thobhach siúcra ‘B’ amháin ba cheart an maoiniú sin a dhéanamh. Mar sin féin, fáiltíonn sé roimh a chuóta ‘A’ a choinneáil ar bun mar chéim ar aghaidh ar na tograí roimhe sin ón gCoimisiún.


45. Cuóta ‘A’ reatha na hÉireann a bheith á choinneáil ní ráthaíocht ann féin é sin go mbeidh fásóirí baile toilteanach dul faoi chonradh oiread acraí a chur agus a sholáthróidh an cuóta sin. Maidir le hamhábhar don tionscal siúcra, tá baint leis sin freisin ag an mbrabús ó bhiatas siúcra i gcomparáid le gnóthaí eile feirme. Is iad seo a leanas na figiúirí do tháirgeadh siúcra na hÉireann laistigh de leibhéil chuóta ‘A’ agus ‘B’ sna cúig bhliain seo caite


 

1975-76

186,251 tona

 

 

1976-77

173,679 tona

 

 

1977-78

167,685 tona

 

 

1978-79

187,955 tona

 

 

1979-80

175,188 tona

 

Taispeánann na figiúirí sin gur theip ar an gComhlacht i dtrí cinn de na cúig bhliain seo caite dóthain siúcra a tháirgeadh chun a bhun-chuóta (182,000 tona) a chomhlíonadh. Áitíonn an Comhlacht gurbh é an chúis a bhí leis sin toradh ba lú ná mar ba ghnáth de dheasca na doininne agus nár toisc gan dóthain acraí a bheith faoi chur é. Ach tá comharthaí dainséir á dtuar.


46. Sa chéad dul síos, an bhua a bhíodh ag gnó biatais seachas gnóthaí eile feirme, dealraíonn go bhfuil sé dulta i laghad le blianta beaga anuas, má thomhaistear é de réir an chorrlaigh chomhláin is féidir a fháil. Léirítear an pointe sin i dTábla 3.


TÁBLA 3


Athrú Céatadáin sa Chorrlach Comhlán an tAcra do Ghnóthais Áirithe, 1974-76 go dtí 1977-79a


 

Athrú Céatadáin

Corrlach Comhlán

 

 

1979b

 

%

£

Cruithneacht

75

125

Eorna Beatha

89

105

Biatas Siúcra

53

211

Bainne Uachtarlainne

113

193

Bólacht

105

67

Caoirigh—uain ramhra

110

133

Foinse: An Foras Talúntais, Irish Agriculture in Figures, Meán Fómhair 1980.


D’ardaigh praghas an tona siúcra de chion siúcra 16 faoin gcéad ó £23.10 an tona i 1977 go dtí £27.00 an tona i 1980, agus níl sa mhéid sin ach 17 faoin gcéad d’ardú. Cé gur airde an toradh iomlán a bhíonn ar bhiatas seachas gnóthais eile, tá an leibhéal ionchuir a bhíonn ag teastáil ard freisin, fara leis an bhfiontar níos airde a ghabhann leis sin. Tá éifeacht na nithe sin le sonrú sa laghdú ar an méid acra biatais faoi chonradh atá á lorg le blianta beaga anuas. D’admhaigh an Comhlacht go nglacfaidís le níos mó acraí ná mar a tairgeadh dóibh i bhfeachtas 1979. Sa dara dul síos tá méadú mór tagtha le blianta beaga anuas ar mheán-scála an ghnó bhiatais ar fheirmeacha. Ón uair go mbíonn an líon acra seasmhach, chiallódh sé sin go bhfuil laghdú tagtha ar líon na bhfásóirí oilte. Is é fírinne an scéil gur thit an líon ó 11,200 i 1975-76 go dtí 9,500 i 1978-79. Gach fásóir a éiríonn as an tionscal anois laghdaíonn sé an líon iomlán acraí de 10 n-acra biatais i gcomparáid le 3½ acra deich mbliana ó shin.


47. Is deacair meas a thabhairt ar conas mar a bheidh idir biatas agus barraí eile feirme san am le teacht. Cuirtear biatas mar chéim in uainíocht barraí agus beidh a shaothrú ag brath ar chomh fairsing is a gheofar curadóireacht i gcoitinne a bheith fiúntach. San am le teacht beidh éifeacht ar an líon acraí ag athruithe praghais agus forbairtí teicneolaíochta do mhéadú táirgeachta. Tá béim láidir leagtha ag an gComhlacht ar a thábhachtaí atá taighde agus forbairt bhiatais d’fhonn is go mb’fhiú coinneáil le biatas a tháirgeadh. Dá bhféadfaí méadú a thabhairt ar an gcion ró-íseal siúcra sa bhiatas chabhródh sé sin go mór le brabúsacht an bhairr. Dá dtugtaí isteach an cineál atá oiriúnach do ráithe an fhómhair, agus tá taighde ar siúl air sin, d’fhéadfadh sé méadú tábhachtach a thabhairt ar thorthaí agus ar bhrabúsacht don fhásóir, cé go ndeir lucht éadóchais nach dóigh go mbeidh aon rath ó thaobh gnó le cineálacha geimhridh sna 1980-óidí.21 Cúis thábhachtach leis an gclár infheistíochta chun nuachóiriú a dhéanamh ar na monarchana siúcra ná tréimhse an tsaothair bhiatais a ghiorrú, agus dá thoradh sin cabhrú le torthaí biatais agus siúcra níos airde a thabhairt agus chomh maith leis sin cuidiú leis na fásóirí a bheith sásta. Tá rogha eile a bhfuil sé beartaithe triail a bhaint as agus is é sin go bhféadfaí conarthaí fadtéarma le duaiseanna fiúntacha a thairiscint d’fhásóirí a bheadh toilteanach dul i muinín an bhairr ar feadh roinnt blianta. Á chur san áireamh gur ceann de na cúiseanna nach mbíonn caitheamh i ndiaidh an bhiatais ná athrach toraidh a bheith air go minic, molann an Comhchoiste gur chóir don Comhlacht féachaint an bhféadfaí scéim árachais bairr a cheapadh a bheadh nasctha le conarthaí fadtéarma. Rogha eile a bheadh le glacadh ag an gComhlacht gabháil do chur biatais é féin, go hindíreach trí thuilleadh fairsinge a chur leis an smaoineamh ar thalamh-linn, mar a chuir sé ar bun san Iarthar (féach mír 59 thíos) nó go díreach trí thalamh a chur ar léas chuige sin. Féachann an Comhlacht ar obair a chuid foirne seirbhísí talmhaíochta mar rud fíor-riachtanach chun saothhrú biatais a chothabháil mar ghnó fiúntach.


48. Is léir go bhfuil go leor éiginnteachtaí maidir le soláthairtí biatais a fháil san am le teacht do mhonarchana na Cuideachta. Tugann an Comhchoiste dá aire gurb é tuairim an Chomhlachta go mbeidh méaduithe torthaí sách mór, tríd is tríd, chun aon laghdú ar an líon acraí a shlánú, ionas go gcoinneofar suas an soláthar iomlán biatais a bheidh ar fáil don Chomhlacht.22 Ní foláir don Chomhlacht beartú go feidhmiúil d’fhonn tairbhe a bhaint as an acmhainn do thorthaí méadaithe agus fiúntas an bhairr a chothabháil ar mhaithe leis an bhfeirmeoir.


(d) Éifeachtúlacht trealaimh

49. Tá tagairt déanta roimhe seo (míreanna 33 go 37) ag an gCoiste don bhealach ina bhhfuil réim siúcra an CE tar éis aird a dhíriú ar a thábhachtaí atá sé costais a phróiseáil le go mbeadh monaróirí siúcra in inmhe ó thaobh airgeadais. Sa chomhthéacs sin, tá roinnt tuairimí le lua ag an gCoiste anois ar éifeachtúlacht oibríochtaí an Rannáin Siúcra. D’fhéadfaí éifeachtúlacht gheilleagrach sa tionscal siúcra a shainiú mar an costas a bhaineann le haonad amháin siúcra bán a tháirgeadh tar éis luach na bhfo-tháirgí a chur san áireamh. Ní raibh figiúirí comparáideacha ag an gCoiste ar chostais phróiseála aonaid i ngléasra siúcra i dtíortha éagsúla an Chomhphobail. D’aontaigh Stiúrthóir Bainistíochta an Chomhlachta, áfach, ina chuid fianaise don Choiste nach gcosnódh sé chun tona a tháirgeadh i monarchana eile CE, i go leor cásanna, ach 60 go 70 faoin gcéad den méid a chosnódh sé i CSÉT.23 Is tuigthe ó na figiúirí sin nach mór rud éigin dearfa a dhéanamh chun an scéal a leigheas. Ar na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le héifeachtúlacht áirítear oibriú teicniúil, méid an ghléasra, suíomh gléasra i ndáil le soláthar amh-ábhar, aois gléasra agus trealaimh, agus bainistíocht. Cé nach raibh na hacmhainní ag an gCoiste chun staidéar comparáideach faoi gach gné d’éifeachtúlacht CSÉT a ghabháil de láimh, is féidir na tuairimímí seo a leanas a lua.


50. Tá figiúirí i dTábla 4 ag léiriú tomhais éifeachtúlachta na réime teicniúla i dtionscal siúcra CE. Cuidíonn na figiúirí leis an tuairim go bhfuil éifeachtúlacht sa tionscal Éireannach i bhfad chun deiridh i gcomórtas lena chuid iomaitheoirí. Tá tuilleadh eolais le fáil san fhianaise a thug an Comhlacht don Choiste á chur i bhfios nach raibh in éifeachtúlacht bhreosla na monarchana Éireannacha ar an meán ach 60 go 70 faoin gcéad d’fhigiúir na Danmhairge.24


TÁBLA 4


Tomhais Éifeachtúlachta i dTionscal Siúcra na hEorpa (1977-78)


Tír

 

Meánfhad an fheachtais i laethanta

Táirgeadh an tOibrí

Cion Biatas Siúcra

Biatas

Siúcra

%

Tona

An Danmhairg

14.4

105

1,908

274

An Ghearmáin

13.7

88

1,677

229

An Bheilg

13.5

74

1,186

160

An Fhrainc

15.9

91

1,148

183

R.A.

14.9

116

870

129

ÉIRE

12.2

105

613

75

An Iodáil

11.3

53

630

71

An Ísiltír

13.7

99

1,328

183

Foinsí: Faisnéis ó CSÉT arna bhunú ar fhigiúirí a fuarthas ó CEFS (Comhlachas Monarói rí Siúcra na hEorpa).


51. Tá dhá ní ina gciotaí ar éifeachtúlacht i monarchana na hÉireann, is é sin, a dtrealamh a bheith as dáta agus meánmhéid an ghléasra a bheith beag. Go bunúsach tá monarchana an Chomhlachta ag obair fós leis an ngléasra agus an trealamh céanna a bhí acu nuair a thosaigh siad. Is rí-bheag airgead a cuireadh iontu i rith na mblianta chun trealamh a nuachóiriú agus na monarchana a choimeád cothrom le dáta.


52. Tá an Comhlacht tosaithe ar chlár caipitil trí bliana £40m chun táirgeacht ó mhonarchana an Chomhlachta a fheabhsú. Cé gur measadh go raibh cúiseanna sábháilteachta agus timpeallachta ann, mar aon le gá chun cáilíocht na táirge a fheabhsú, lena mheas gur chóir an t-airgead sin a chaitheamh, is é príomh-chuspóir a bhí leis tréamhchur na monarchana a mhéadú tuairim 20 faoin gcéad d’fhonn is go bhféadfaí an tréimhse feachtais a ghiorrú. Taispeánann Tábla 5 na hathruithe ar acmhainn monarchan de thoradh an chláir sin. Caitheadh tuairim £30m d’infheistíocht idir 1975 agus 1979 roimhe seo. Trúigh mhí-shocrachta a bhaineann leis an gclár infheistíochta go dtí seo nár éirigh leis mórán feabhais a thabhairt ar tháirgeacht saothair an Chomhlachta. Taispeánann figiúirí bunaithe ar eolas a tugadh faoi rún don Chomhchoiste gur tharla feabhas tuairim 21% sa tréimhse 1973/74 go dtí 1979/80. Tharla an chuid is mó den fheabhas sin sa dá bhliain roimh 1975/76, áfach, agus is beag feabhas a tharla ó shin. Is aisteach é sin ag féachaint don infheistiú breise i rith na tréimhse 1975/1979, fiú amháin nuair a chuirtear san áireamh argóint an Chomhlachta go raibh go leor de ag teastáil chun freastal ar chaighdeáin shábháilteachta, timpeallachta agus cáilíochta níos airde. Beidh méadú táirgeachta i bhfad níos airde ag teastáil ón gcuid eile den chlár infheistíochta má tá an Comhlacht chun aon talamh a dhéanamh do ghlanadh na gcostas saothair atá ag titim air anois.


TÁBLA 5


Tréamhchur na Monarchana Siúcra—tona sa ló


Monarcha

1970

1977

1983*

Ceatharlach

3,700

4,900

6,000

Mala

3,000

3,900

5,000

Durlas

2,900

3,500

4,000

Tuaim

2,000

2,200

2,200

Iomlán

11,600

14,500

17,200

53. Tá an Comhlacht faoi mhí-bhuntáiste freisin mar gheall ar a ghléasra a bheith beag, de réir mheán-chaighdeáin. Is é a mheántréamhchur an mhonarcha sa ló 3,600 tona cé go mbeadh áireamh na Danmhairge, mar shampla, os cionn 6,000 tona.25 Is iad seo a leanas figiúirí tréamhchuir na cheithre mhonarcha Éireannach faoi láthair: Ceatharlach (4,900 t.); Mala (3,900 t.); Durlas (3,500 t.); agus Tuaim (2,200 t.). Tá iomraill gheilleagair ag déanamh dochair do Thuaim go háirithe mar gheall ar é a bheith beag agus ní féidir a rá gur fiú é ó thaobh geilleagair amháin. Dúirt an Comhlacht ina gcuid fianaise leis an gCoiste go raibh costas táirgthe an tona biatais i bhfad níos airde i dTuaim ná sa trí mhonarcha eile.26


54. Rud eile nach bhfuil buntáisteach is ea suíomh ghléasra an Chomhlachta i ndáil le limistéir fáis an bhiatais. Ar an Mór-Roinn is lú ná 10 mhíle ar an meán an turas tarlaithe chun na monarchan, ach is é meánfhad an turais iompair go dtí monarchana CSÉT tuairim 30-35 míle.27 Tá éifeacht na dturas fada tarlaithe sin le sonrú sna costais, tuairim £2 an tona biatais i bhfeachtas 1979, a bhí le híoc ag an gComhlacht. Tá an fhadhb déanta níos deacra toisc go gcaitear biatas a iompar ó Oirthear Chorcaí agus ó chontaetha an deiscirt go dtí monarcha Thuaim.


55. Caitear a lán fuinnimh chun siúcra a phróiseáil, agus tá ardú géar tagtha ar na costais phróiseála de dhroim costais an fhuinnimh d’ardú as cuimse. Gual a bhíodh á úsáid ag an gComhlacht i gcéaduair ina chuid monarchana agus d’athraigh sé go hola, ó ba shaoire í sin, tuairim 10 nó 15 bliana ó shin. Tá sé ar cheann de phríomh-lucht úsáidte ola sa tír anois, agus bíonn tuairim 90,000 tona ag teastáil uaidh in aghaidh na bliana. Tá trí cinn dá cheithre mhonarcha athraithe go húsáid guail d’fheachtas 1980/8128 agus laghdóidh sé sin go leath an méid ola a bheidh ag teastáil uaidh. D’éirigh leis an gComhlacht a chuid guail a fháil i mbliana ó cheannaithe áitiúla ach ní foláir socruithe níos faide téarma le haghaidh allmhairiú guail a bhreithniú. Níor mhór féachaint an bhféadfaí dul i gcomhar le haghaidh allmhairiú guail le BSL (le haghaidh a stáisiúin cumhachta gualdóite i Moneypoint). D’fhéadfaí freisin, b’fhéidir, gás aiceanta a úsáid mar fhoinse cumhachta amach anseo, agus molann an Comhchoiste go smaoineofaí air sin nuair a bheidh gréasán gáis na tíre á cheapadh amach san am le teacht.


56. Fágtar tarlú an bhiatais faoi lucht tarlaithe príobháideach agus faoi CIÉ lena ndéantar praghas conartha a réiteach in aghaidh na bliana. Ach leis an oiread sin gléasra agus fo-ghníomhaíochtaí ar fud na tíre, bíonn cabhlach ród-iompair dá chuid féin á oibriú freisin ag an gComhlacht agus tá sé ar cheann de na cabhlaigh is mó sa tír. Rinne an Comhlacht fiosruithe anois agus arís féachaint an sabhálfaí costais trí bhreis feidhme a bhaint as tarlaitheoirí príobháideacha ach tháinig sé ar an aigne nárbh aon bhuntáiste dó é.29 Is tábhachtach an mhír tarlú iarnróid i loighistic an fheachtais bhiatais agus is rud lánriachtanach é do mhonarcha Thuama. Mar thoradh ar iarratasaíocht ó CIÉ thóg an Comhlacht lárionad bailiúcháin i nDroichead Eoin i gCo. Loch Garman agus is mór an tsábháilt é sin do CIÉ ó thaobh an méid vaigíní is gá chun cainníocht áirithe biatais a iompar. Tá iarrtha anois ag CIÉ ar an gComhlacht trí lárionad eile mar sin a thógáil, a mbainfí úsáid as dhá cheann acu le hghaidh soláthair do mhonarcha Thuama. CIÉ a bheith mí-fhonnmhar biatas a iompar d’iarnród, sin rud eile nár mhór a chur san áireamh nuair a bheidh cás mhonarcha Thuama á chinneadh amach anseo.


57. Is tuigthe ón bplé seo ar éifeachtúlacht oibríocht siúcra an Chomhlachta go bhfuil méid, aois agus locadh ghleásra an Chomhlachta ina gcúis le costais oibríochta níos airde ná mar a fhéadfar a iompar sa timpeallacht Eorpach. D’fhonn fanúint ar inmhe iomaíochta, caithfidh an Comhlacht tabhairt faoi na costais sin a laghdú i gcoibhneas lena chuid iomaitheoirí.


(e) Monarcha siúcra Thuama

58. Tá lagú á dhéanamh ar acmhainní an Chomhlachta ag Tuaim ar dhá chúis. Sna blianta deireannacha seo rinne an mhonarcha próiseáil ar an meán ar tuairim 10 faoin gcéad de thréamhchur siúcra an Chomhlachta ach i 1979 d’fhostaigh sé 21 faoin gcéad den fhórsa saothair sna cheithre mhonarcha siúcra. Sa dara dul síos, ní shaothraítear go leor biatais i gcontaetha an Iarthair chun soláthar don mhonarcha.30 Is gá dá dhroim sin barrphraghsanna a íoc mar spreagadh chun biatas a chur agus fóirdheontais iompair chun biatas a tharlú ó áiteanna chomh fada ó bhaile le hOirthear Chorcaí chun an mhonarcha a choimeád ar siúl. Tá tagairt déanta cheana féin ar mhí-fhonn CIÉ leanúint de bhiatas a iompar d’iarnród chun na monarchan, ar a laghad go dtí go mbeidh CSÉT sásta suim maith mór a infheistiú i saoráidí láimhseála. Ó thaobh Thuama de, ní foláir a rá go raibh a acmhainn táirgeachta riachtanach don Chomhlacht san am atá caite chun go bhféadfadh sé oiread a phróiseáil agus a chomhlíonfadh cuóta ‘A’ laistigh d’am réasúnach.


59. Tá beartais éagsúla á gcur i ngníomh ag an gComhlacht d’fhonn laghdú a thabhairt ar an ró-chostas a bhaineann le gléasra Thuama a choinneáil ag obair. Tá fásóirí a bhíonn ag táirgeadh don mhonarcha i dteideal fóirdheontais £35 an t-acra sa bhliain reatha trí lamháltas a fháil de thona amháin laíon bhiatais an t-acra arna chur de réir £60 an tona in ionad an phraghais chaighdeánaigh £95 an tona. Cáilíonn fásóirí san Iarthar le haghaidh ráta fóirdheontais iompair 50 faoin gcéad níos airde ná é sin a bhaineann le fásóirí in áiteanna eile sa tír. Tá linn talún á forbairt freisin ag an gComhlacht trína bhfaigheann sé talamh ar léas ó fheirmeoirí lena thabhairt amach ar cíos d’fheirmeoirí a bhíonn sásta cur uainíochta a dhéanamh, agus biatas san áireamh, ar feadh roinnt blianta.


60. Mar sin féin, ní tuar ró-mhaith atá ann don mhéid acra faoi bhiatas san Iarthar a mhéadú ná fiú a choinneáil suas. Tá an Comhlacht tar éis infheistíocht i monarcha Thuama a choinneáil ar an bhfigiúr is ísle, ná ní mhéadófar a chumas faoin gclár nuachóiriúcháin reatha (féach Tábla 5). Shábhálfadh sé cuid mhaith airgid ar an gComhlacht dá ndúnfaí Tuaim, nuair a chuirtear gach ní i gcuntas, ar a n-áirítear an gá a bheadh leis na monarchana eile a mhéadú d’fhonn an cumas a bhí caillte a dhéanamh suas. Creideann an Coiste nach bhfuil dul as ach Tuaim a dhúnadh, agus go bhfuil cás láidir lena dhéanamh anois seachas ar ball. Ní foláir leas fásóirí agus fostaithe a bhreithniú sa tslí a mholtar i míreanna 115-118, áit a bhfuil sé molta ag an gCoiste gan é a dhúnadh go dtí go mbeidh fostaíocht mhalairte oiriúnach curtha ar fáil sa mbaile mór. Idir an dá linn ba cheart an méid a chosain sé ar an gComhlacht chun fostaíocht a choinneáil ar bun i monarcha siúcra Thuama a shonrú ar leithligh agus ba chóir don Rialtas an tsuim don tréimhse shealadach sin a aisíoc leis an gComhlacht.


(f) Athscagadh cána i gCeatharlach

61. Ba mhaith leis an gCoiste tagairt a dhéanamh don oibríocht athscagtha cánach i gCeatharlach mar chríoch leis an athbhreithniú seo ar oibríochtaí siúcra. Gach bliain déanann monarcha Cheatharlaigh próiseáil ar thimpeall 30,000 tona siúcra cána a allmhairítear ó thíortha ACC. Cuireadh tús leis an socrú sin roimh theacht an CE nuair a bhíodh siúcra cána á allmhairiú ag an gComhlacht d’fhonn is go mbeadh soláthar de shiúcra saor aige lena dhíol le lucht déanta milseogra a bhí ag onnmhairiú go dtí an RA. Thug sé deimhin éigin breise chomh maith go mbeadh soláthar cinnte ar fáil tráth a bhí an Chuideachta ag déanamh bealaigh isteach i margadh Thuaisceart Éireann den chéad uair. Nuair a síníodh prótacal an tsiúcra a bhí ag gabháil le Coinbhinsiún Lomé d’áitigh an Comhlacht agus d’éirigh leis san áiteamh gur chóir a allmhairí a bheith ina gcuid den fhoras staidrimh. Measann an Comhlacht gur bhain sé tairbhe as an oibríocht i gcaitheamh na mblianta ar a shon le méaduithe ar an gcostas scagtha go bhfuil cúrsaí brabúis sna greamanna crua leis an dá bhliain seo caite.31 Má táthar le leanúint leis an socrú sin, beidh gá le tuilleadh mór airgid a infheistiú chun é a choinneáil éifeachtúil agus i mbail iomaíochta i dteannta an chláir infheistíochta atá faoi réir ar thaobh phróiseála an bhiatais. Baineann na bacanna céanna leis an siúcra cána a scagadh agus a bhaineann le próiseáil an bhiatais sa mhéid nach bhfuil neart ag an gComhlacht ar an amh-ábhar ná ar phraghsanna an tsiúcra araon. Ní deimhin don Chomhchoiste go bhféadfar oiread brabúis a thuilleamh ar an obair i mblianta le teacht agus a thabharfadh toradh go leor ar an infheistíocht a bheadh ag teastáil, agus tá sé á chomhairliú go ndéanfaí an scéal a mheas go bunúsach ó thaobh airgid sula gcuirtear airgead ar leith don tionscadal sin.


(g) Beartas díola agus margaíochta

62. Cuireann an Comhlacht siúcra ar an margadh ar mhargaí an bhaile, Thuaisceart Éireann agus easportála, agus díolann sé le húsáidirí tomhaltais agus tionscail araon. Ar an margadh baile a dhíoltar an chuid is mó (160,000 t.) den mhéid a dhíolann an Comhlacht ar fad, is é sin 212,000 t. Cé go bhfuil an margadh sin ar oscailt anois le haghaidh allmhairí faoi rialacha CE, níl aon soláthróir eile ann dáirire ach an Comhlacht. Tháinig méadú ar an díol le Tuaisceart Éireann de thoradh chomhiarracht mhargaíochta tar éis dul isteach sa CE; is é an Comhlacht is mó a sholáthraíonn don mhargadh sin anois. Ní fhaightear deiseanna chun onnmhairithe ach go fánach cé go mbíonn díol éigin ar siúl go rialta i margadh an RA.


63. Chuir an Comhlacht dlús lena ghníomhaíochtaí margaíochta ar dhul isteach sa CE. Tugadh isteach an ainm branda “Siúcra” dá tháirgí go léir ar an margadh baile. Thóg sé tromlach na scaireanna i Sugar Distributors Ltd., an gnóthas is mó san earnáil imdhála siúcra. Cé gur éirigh go maith leis na beartais sin d’fhéadfadh, mar gheall ar an gceannas atá ag an gComhlacht sa dá mhargadh is mó atá aici, go mbeadh iomaíocht sa bhreis ag teacht ina choinne. Sna blianta le teacht ní foláir a bheith ag súil leis go ndéanfar díol ó amuigh ar an margadh baile. Tá sé a thuar ag an gComhlacht go ndíolfaidh sé roinnt éigin sa bhreis leis an earnáil monaraíochta, ach ní foláir na tuair sin a mheas ag féachaint do na deacrachtaí atá ag breith faoi láthair ar na tionscail milseogra agus earraí siúcra agus b’fhéidir iomaíocht ó earraí ionaid ar nós iseaghlúcós. D’fhéadfadh go ndéanfadh cuid dá phríomh-iomaitheoirí dochar don seasamh atá aige ar mhargadh an Tuaiscirt, cé go bhfuil sé cosainte ag an mbaint atá aige le hainm bhranda chéimiúil de chuid an Tuaiscirt. Dá gcaillfí díol ar an margadh baile nó i dTuaisceart Éireann níor mhór iarrachtaí sa bhreis a dhéanamh do lorg margaí easportála, agus chaithfí beith ag súil le torthaí níos lú an t-aonad.


(h) Beartais phraghsála

64. Tá sé tugtha ar aird ag an gComhchoiste cheana féin go bhfuil bac ró-chúng curtha ag an gcuma ina n-oibríonn rialachas mhargadh siúcra an CE ar rogha an Chomhlachta maidir le hamh-ábhar nó táirge. Socraítear praghas an táirgeora do bhiatas siúcra gach bliain trína réiteach idir an gComhlacht agus na fásóirí. Ó 1974 tá an praghas conartha bunaithe ar fhoirmle ina bhfuil trí chomhchuid: an bonnphraghas do bhiatas siúcra lena mbeidh feidhm in Éirinn agus mar a mbeidh sé cinnte ag an CE; ranníoc i leith an phraghais ar a ndíoltar laíon biatais de bhreis ar chostas an triomaithe; agus íocaíocht i leith siúcra a dhíoltar de bhreis ar an bpraghas idirghabhála. Tá an íocaíocht deiridh sin bunaithe ar roinnt chomhaontaithe a dhéanamh ar an bpraghas breise ar fhoras 60/40 idir an bhfásóir agus an Comhlacht faoi seach. Bíonn an praghas a íoctar leis an bhfásóir ag brath ar chion siúcra an bhiatais. Má théann táirgeacht thar chuóta ‘A’ agus é a theacht laistigh de chuóta ‘B’, gearrfar tobhach táirgeachta ar an mbreis agus beidh sé sin á iompar ag an bhfásóir agus ag an gComhlacht, arís ar fhoras 60/40, ar a shon sa dá bhliain seo caite inar táirgeadh siúcra chuóta ‘B’ gurbh é an Comhlacht a d’iompair costas uile an tobhaigh mar gheall ar na méideanna beaga a bhí i gceist. Bhí an praghas a fuair fásóirí na hÉireann ag gabháil beagán os cionn an bhonnphraghais CE íosta le blianta beaga anuas mar gheall ar an bpáirteachas siúcra.


65. Mar gheall ar an am a dhéantar athbhreithniú praghais bliantúil CE agus an gá tá le praghsanna laín bhiatais a chinneadh go beacht, ní féidir a bheith dearfa faoin bpraghas a bheidh ar bhiatas siúcra go dtí tráth déanach sa bhliain mhargaíochta. Ní thugtar don fhásóir dáiríre ach tuairim faoin bpraghas go luath sa bhliain agus déanann sé conradh biatas a chur ar an mbonn sin. I gcás feachtais 1980, thug an Comhlacht ráthú den chéad uair go dtabharfadh an fhoirmle praghas íosta (£27.00 an tona ar 16 faoin gcéad de chion siúcra). Bhí an praghas sin ní b’airde ná mar a fhéadfaí a shuíomh a bheith ceart ag féachaint don trí chomhchuid tráth an idir-réitigh. Ach ba chúram don Chomhlacht a chinntiú go mb’fhiú biatas a chur i gcomparáid le barr dá mhalairt d’fhonn a líon fásóirí a choimeád á saothrú. Tá tábhacht freisin leis an líon acra a choimeád suas mar gheall ar an mbaol atá ag bagairt ar chuóta siúcra na hÉireann faoi thograí an Choimisiúin don bhliain 1980. Dar ndóigh tá praghas an bhiatais tar éis ardú go mall le blianta beaga anuas, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an méadú ró-thapaidh ar chostais táirgthe (mír 46). Faoi na tograí is déanaí ón gCoimisiún do rialachas siúcra 1981/82, dá gcuirtí tobhach suas go 2½% ar bhiatas chuóta ‘A’ laghdódh sé sin praghas an bhiatais de shuim suas go £0.60 an tona. Ina theannta sin, dhéanfadh togra an Choimisiúin chun deireadh a chur le praghsanna idirghabhála réigiúin, dá nglactaí leis, praghas íosta ráthaithe an fhásóra a laghdú £1.04 an tona, cé go ndéanfaí cuid de sin a chúiteamh tríd an bpáirteachas siúcra. Ní chreideann an Comhlacht go mba rud indéanta é praghas an bhiatais a laghdú de na suimeanna sin agus fós an líon acra a bheadh ag teastáil a choimeád suas.


66. Tá an fásóir i dteideal tacaíocht airgid a fháil freisin i leith costas iompartha an bhiatais chun na monarchan faoi rialacháin CE, agus tá comhchuid ar áireamh sa chorrlach próiseála monarchan á chur sin i gcuntas. Maidir le hÉirinn de, tá comhaontú ag an gCuideachta le fásóirí chun fóirdheontas a thabhairt i leith iompair de réir an mhíle, ionas go n-oibríonn méid an fhóirdheontais amach cothrom le 50 faoin gcéad, tuairim, den chostas iomlán. Is mar a chéile, geall leis, an tsuim iomlán a íoctar mar fhóirdheontas, de réir an Chomhlachta, agus an méid atá lamháilte ag an CE.32 Cuireann an Chuideachta ar fáil freisin earraí ar nós síolta, lusnimheanna agus leasacháin d’fhásóirí ar mhodh socruithe creidmheasa ina mbíonn an ráta úis cothrom leis an meánchostas a thiteann ar an gComhlacht i leith airgid iasachta.


67. Maidir le praghas a chur ar shiúcra bán, ní foláir don Chomhlacht ceadú an Choimisiúin Náisiúnta Praghsanna (CNP) a fháil le haghaidh méaduithe praghais. Tá a chuid rialacha féin ag an CNP agus caitheann gnólachtaí dá réir sin bonn a chur lena n-iarratais ar mhéadú praghais, agus tá siad sin bunaithe cuid mhór ar chúrsaí costais. Creideann an Comhlacht go bhféadfadh an margadh tamall de bhlianta ó shin méadú praghais níos airde a iompar ná é sin a cheadaíonn an Coimisiún, sa mhéid go bhféadfadh an Comhlacht £6 go £7 milliún breise de theacht isteach a thuilleamh, ach ní mar sin an scéal a thuilleadh.33 Mar sin, is é an bhagairt iomaíochta ón taobh amuigh agus ní hé an CNP an t-ábhar is mó anois a chinneann beartas praghsála siúcra an Chomhlachta. Bhí an Comhlacht ag gearán, áfach, faoin gcostas a thiteann air mar gheall ar mhoill an Rialtais ag ceadú méadú praghsanna a bhí molta ag an CNP. Áiríonn CSÉT gur cailleadh suas go £4 milliún ioncaim sa dá bhliain suas go Meán Fómhair 1978. Ag féachaint don mheath atá tagtha ar chúrsaí airgid an Chomhlachta, áitíonn an Comhchoiste gur cheart don Aire Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta déileáil ar an bpointe le hiarratais ó CSÉT feasta.


68. Ba cheart trácht freisin ar an méid a chosain sé ar an gComhlacht tacú san am atá caite le tionscal na n-earraí milseogra siúcra. Bhí ag breith crua ar an tionscal seo idir 1974 agus 1976 mar gheall ar oibriú chóras na Suimeanna Cúiteacha Airgid (SCA). Níor íocadh aon SCA ar an siúcra in earraí ar nós brioscaí agus milseogra agus, dá thoradh sin, bhí tionscal milseogra siúcra na hÉireann faoi mhíbhuntáiste mhór i ndáil lena chuid iomaitheoirí sa RA. Ar iarratas ón Rialtas, dhíol an Comhlacht siúcra leis na gnólachtaí lenar bhain ar phraghas laghdaithe a raibh ceaptha dó cúiteamh a thabhairt i gcailleadh na Suimeanna Cúiteacha Airgid, arbh é an Comhlacht féin a d’iompair a gcostas.


(i) Tátal

69. Beidh beart leighis stuama láidir ag teastáil chun gnó siúcra an Chomhlachta a chur sa riocht go bhféadfaidh sé íoc as féin go ceann fadtéarma. Tá rudaí ag bagairt ó cheithre aird:


(i) Tá Éire i gcor míbhuntáisteach i dtáirgeadh biatas siúcra sa Chomhphobal. Níl ag coinneáil suas na táirgeachta anseo ach infheistíocht throm an Chomhlachta i dtaighde agus forbairt biatais, agus an chosaint atá á thabhairt ag eagar cuóta rialachais siúcra an CE. Bhainfeadh díobháil don Chuideachta dá ndéantaí aon athrú i rialachas siúcra an CE a laghdódh an toradh fíor ó chur biatais.


(ii) Cuireann an cineál rialachais siúcra atá ar bun sa CE riailbheart sainiúil ar mhonaróirí siúcra, sa mhéid ní amháin go bhfuil comhphraghas díola do shiúcra sa Chomhphobal i gcoibhneas leis an bpraghas idirghabhála Comhphobail, ach ráthaítear comhphraghas íosta biatais freisin d’fhásóirí. Sa mhéid go bhfuil costais phróiseála ag méadú anseo de réir ráta níos tapúla ná aon áit eile sa Chomhphobal, gan aon mhéaduithe praghais chúiteacha de bhíthin athruithe ráta malairte, ansin tá corrlaigh an Chomhlachta i gcónaí faoi éigean.


(iii) Fiú dá dtugtaí ráta na méaduithe costais ar aon dul leis sin i dtíortha eile Comhphobail, bheadh an Comhlacht faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a chostais táirgthe aonaid arda (50% níos airde ar an meán ná costais a lucht iomaíochta) arb é is cúis leo méid, aois agus áit a ghléasra. Dá thoradh sin ní féidir leis an gComhlacht go leor airgid a chur sa tsiúl chun nuachóiriú agus athinfheistiú a mhaoiniú. Fiú dá gcéadófaí don Chomhlacht praghas an bhiatais a laghdú d’fheirmeoirí lena gcúiteamh ina míbhuntáiste ó thaobh costais (mar a dhéanfaí, mar shampla, dá nglacfaí leis an togra chun deireadh a chur le praghsanna idirghabhála réigiúin do bhiatais), ní shílfeadh sé go bhféadfadh, mar gheall ar an laghdú a thiocfadh dá chionn ar an líon fásóirí agus ar an méid acra.


(iv) Tá iomaíocht bhreise ag bagairt ar an gComhlacht sna margaí siúcra is mó atá aige sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann agus d’fhéadfadh go laghdódh sé sin a chion den mhargadh, agus go mbeifí ag brath dá dhroim sin ar dhíol easportála ar phraghas níos ísle, rud a ghiorródh a thuilleadh brabúsacht an Chomhlachta.


70. Ag comhrac na ndeacrachtaí sin dó, thosaigh an Comhlacht i 1975 ar chlár nuachóiriúcháin lena ngabhfaidh caiteachas £70 milliún i rith tréimhse 8 mbliana. Tá £30m caite cheana féin agus tá £40m eile le caitheamh feadh na tréimhse 1980-82. Níor cruthaíodh don Choiste gur caitheamh maith é sin ar an bhforas go bhfaighfí dá chionn toradh fiúntach geilleagair nó airgid. Cuireadh i láthair é mar rud ba ghá le fanúint beo. Is ceist í le plé go poiblí an fiú £40m eile d’airgead an phobail a chur isteach in oibríocht siúcra an Chomhlachta le go mairfeadh sé, go ceann tamaill ghairid eile b’fhéidir, i dteannta fóirdheontais bhliantúil phoiblí, b’fhéidir, go ceann tréimhse éigin, ag féachaint dó go bhfuil deis-chostas ag baint leis an airgead sin i dtéarmaí deiseanna fostaíochta a ligeadh gan tairbhe san earnáil Stát-tionscanta agus eile.


71. Glacann an Comhchoiste leis gur cheart an scéim nuachóiriúcháin a chur i gcrích ar mhaithe lena chinntiú go mairfeadh an Comhlacht. Chítear don Choiste, áfach, nach bhféadfaidh an Comhlacht an t-airgead a thóg sé ar iasacht a sheirbhísiú mura gcuireann sé feabhas an-mhór ar a éifeacht phróiseála, fiú má dhéanann an Rialtas beart chun a eagar caipitil a fheabhsú. Is é barúil an Choiste go gciallaíonn sé sin go gcaithfidh an Comhlacht feasta dlús a chur lena chuid oibríochtaí siúcra sna monarchana is fearr gnó. An t-airgead breise is gá lena chinntiú gur leor acmhainn na monarchana sin chun an biatas ag teacht isteach chun an Chomhlachta a ionramháil laistigh de thréimhse feachtais 100 lá is ceart é a thabhairt i gcomhthéacs na socruithe do chaomhnú leasanna fásóirí agus fostaithe atá molta i Roinn VI (míreanna 115-118).


IV AN RANNÁN BIA

(a) Cúlra

72. Chuir an Comhlacht lámh i ngnó próiseála an bhia tráth an Chéad Chláir um Fhorbairt Eacnamaíochta (1958-63) de bhun ghairm ón Rialtas ag tabhairt ar na comhlachtaí Stát-tionscanta cuidiú leis an iarracht tionsclaíochta. Bunaíodh rannán Erin Foods mar thionscal próiseála glasraí agus feidhm á bhaint aige as teicníochtaí díhiodráitithe, reoiteacháin agus cannadóireachta agus mar mhonaróir earraí foirmle ar nós meascáin anraith. Bunaíodh gléasra próiseála sna ceithre bhaile ina raibh monarchana ag an gComhlacht agus, ina theannta sin, bunaíodh ceangail le roinnt monarchana comhfhiontair. Thug na comhfhiontair sin an Comhlacht agus leasanna áitiúla feirmeoireachta agus tráchtála i ndáil a chéile, i Mainistir na Corann, sa Sciobairín agus i nGleann Cholm Cille. I 1968 fuaireadh gnólacht próiseála J. Matterson & Sons, Luimneach. Sna blianta tosaigh, bhí bacainní ar Erin Foods earraí a chur á ndíol ar an margadh baile, agus chuir sé béim go luath ar dhíol easportála. Rinneadh iarracht i dtús ama fód díola a bhaint amach do bhranda Erin ar mhargadh miondíola an RA ach níor éirigh leis, agus ó shin i leith dhírigh an Comhlacht ar ghlasraí díhiodráitithe a dhíol ina mbulc ann agus ar dhíol leis an earnáil lónadóireachta tríd an socrú cómhargaíochta le Cuideachta H.J. Heinz. Thosaigh CSÉT ag díol ar mhargadh na hEorpa i 1966. Gné a bhaineann go háirithe le forbairt an Rannáin Bhia is ea ardleibhéal a shaineolais teicníochta agus ardcháilíocht a chuid táirgí. Níl aon mhórfhiontar Éireannach eile seachas é ag saothrú inniu san earnáil bia-phróiseála brandáilte.


73. Ó dhul isteach sa CE, tá láimhdeachas ainme an Rannáin Bhia tar éis méadú ó £9.2 milliún i 1972-73 go dtí £21.0 milliún i 1978-79. I ndáiríre, áfach, níor tháinig aon athrú ar thoirt an tréamhchuir, agus tá an chionúireacht den láimhdeachas Grúpa a chuir an Rannán Bia ar fáil tar éis titim ó thimpeall 28 faoin gcéad sna luath 1970-óidí go dtí tuairim 17 faoin gcéad i 1979. I 1972-73, bhí 5,900 acra piseán agus glasraí eile (seachas prátaí) faoi chur don Chomhlacht. Cuireadh roinnt acraí sa bhreis i mblianta áirithe ina dhiaidh sin, ach bhí an t-iomlán tar éis titim ar ais go dtí 5,900 acra (seachas prátaí) arís i 1978-79. Tá an Rannán freagrach i dtaobh tuairim agus an tríú cuid de na glasraí a chuirtear sa tír. B’fhiú £1.6 milliún ar íocadh leis na fásóirí sa bharr-bhliain 1978-79.


74. Má dhéantar miondealú ar dhíol an Rannáin Bhia taispeánfaidh sé, go háirithe i margaí easportála, gur díol tionscail agus bulc-dhíol is mó a dhéantar agus bíonn siad sin mós míthairbheach mar gheall ar chorrlaigh ísle agus dian-iomaíocht. Tá sé ghné den réimse margaíochta roghnaithe ag an gComhchoiste le trácht orthu. Is iad sin gnó an Rannáin ar an margadh baile; na fadhbanna a bhaineann le díolacháin díhíodráitithe tionscail; cónasc Heinz-Erin; margaí nua a fhorbairt do tháirgí breisluacha; na tuair do bhia-earraí reoite; agus an bhféadfadh bia-phróiseálaithe na hÉireann straitéis chómhargaíochta a fhorbairt faoi ainm branda comhchoiteann.


(b) An margadh baile

75. Is ar an margadh baile anois is mó a dhíoltar earraí an Rannáin Bhia. Tá a chion den iomlán ag méadú le blianta beaga anuas. Cuireann an Rannán sraith d’anraithí triomaithe, meascáin anlainne, deochanna réite te-chupa, glasraí aerthriomaithe agus cálóga prátaí ar na margaí miondíola agus lónadóireachta, agus ina theannta sin sraith táirgí cannaithe agus buidéalaithe faoi dhuillín tuairisce Matterson. Tá cuid thábhachtach den chion branda ag branda Erin agus tá sé chun tosaigh sa mhargadh i gcúrsaí deochanna réite. Tá an chuid sin de ghnó bia iomlán an Chomhlachta ag seasamh ar a bonna féin agus ba cheart go leanfadh na tuair mhargaidh de bheith bríomhar cé gur móide deacracht an Rannáin a chuid díolacháin a mhéadú gur éirigh chomh maith sin leis go dtí seo.


(c) Díol díhiodráití tionscail

76. Is iad na fadhbanna is mó atá le hionramháil ag an Rannán Bia glasraí díhiodráitithe a tháirgeadh agus iad a dhíol le húsáidirí tionscail. Tá an Rannán ar cheann de phríomh-phróiseálaithe an domhain i ndáil leis na táirgí sin. Cuireann sé timpeall 30 faoin gcéad ar fáil de tháirgeacht ghlasraí díhiodráitithe an CE. Tá dochar déanta don tionscal ag rialacháin mhargaidh an CE sa mhéid go bhfuil feidhmiú an Chomhbheartais Talmhaíochta sna príomh-mhargaí talmhaíochta earraí tar éis dálaí tráchtála an-deacra a bhunú don tionscal díhiodráitithe glasraí. D’fhonn a chuid amh-ábhair a fháil, ní mór don tionscal praghsanna fásóirí a dhíol, rud a chuireann táirgeadh glasraí san iomaíocht le hearraí eile atá á gcosaint ag an CT, ar a shon nach bhfaigheann táirgeacht deiridh an tionscail tairbhe óna shamhail de chosaint. Is é fírinne an scéil, go ndéanann leibhéal na hiomaíochta ó lucht soláthair don Chomhphobal ón taobh amuigh praghas na táirgeachta díhiodráite a chinneadh, agus tá an iomaíocht sin imithe i ndéine le blianta beaga anuas leis na laghduithe ar leibhéal tharaifí an CE.


77. Dá thoradh sin, cé go bhfuil éileamh na hEorpa ar an táirge díhiodráite fanta geall le bheith seasmhach, tá cion níos mó den mhargadh sin ag dul d’allmhairí agus tá táirgeacht sa CE dulta i laghad. Tá go leor táirgeoirí díhiodráite tar éis éirí as gnó nó, mar a tharla i gcás Erin Foods, tar éis an-chuid airgid a chailleadh. Tá an tionscal san Eoraip tar éis cosaint a lorg i bhfoirm fóirdheontais cosanta, rud a chuirfadh ar a chumas daoine a choinneáil fostaithe ach d’fhéadfadh go measfadh an Coimisiún nach rachadh sé sin do leas comhlán an chaidrimh thrádála idir an gComhphobal agus soláthróirí nach den CE. Mura bhfaighfear cosaint ar leibhéal an CE, dealraíonn gur idir bheith ag cailleadh airgid nó an líon oibrithe a bheith ag laghdú a bheidh an rogha sa táirgeacht díhiodráite tionscail sa Rannán Bia.


(d) Ceangal Heinz-Erin

78. Tá dhá chomhchuid sa cheangal Heinz-Erin. Sa RA tá cuideachta cómhargaíochta a bhunaigh Erin Foods agus Cuideachta H.J. Heinz a bhíonn ag díol earraí lónadóireachta d’fhoirmlí speisialta trí ghníomhaireacht lucht díola Heinz. Sa Phoblacht, gníomhaíonn an Rannán Bia mar ghníomhaire díolacháin d’earraí Heinz. Tá sé ráite i dtaobh an nós imeachta sa RA, trína mbíonn earraí Erin Foods á ndíol ag lucht díola Heinz, go dtagann de nach mbíonn ach meas den dara scoth ar chuid de na hearraí sin, go háirithe earraí ar nós anraithí nuair atá a mbranda féin de na hearraí sin san iomaíocht ag lucht Heinz, ach ní fhéachann CSÉT air sin mar mhíbhuntáiste rómhór. Ní dóigh rófhiúntach a bhí ar dhul ar a chonlán féin agus bonneagar díolacháin ar leithligh an bhunú. Glacann CSÉT leis freisin gur buntáisteach an rud dó an ghníomhaireacht d’earraí Heinz a bheith aige sa tír seo. I gcoitinne rinne an Comhlacht gnó réasúnta maith san am atá caite ag díol earraí lónadóireachta ar mhargadh na RA ach mar gheall ar iomaíocht rí-dhian tá laghdú tagtha ar an méid a dhíoltar sa mhargadh sin.


(e) Margaí nua

79. Tá iarrachtaí déanta ag an gComhlacht margaí d’earraí brandáilte/breisluacha a fhorbairt san Eoraip agus áiteanna níos faide ó bhaile le blianta beaga anuas. Mhéadaigh díolacháin ó thimpeall £¼ milliún i 1976-77 go dtí os cionn £1m i 1978-79 agus chuir an Comhlacht acmhainní breise margaíochta ag saothrú sa limistéar sin. Tá deacrachtaí ag baint d’Erin Foods i ndáil leis an margadh sa Domhan Toir agus d’fhéadfadh siad sin an fás sin a ghiorrú.34


(f) Díol bianna reoite

80. San fhianaise a thug sé don Chomhchoiste ní raibh dóchas anmhór ag an gComhlacht i dtaobh a bhainteachas le hearnáil na mbianna reoite. Faoi láthair níl sé ag plé go díreach leis ach amháin tríd an sraith “Harvest Time” de phacáidí lónadóireachta glasraí reoite a dhíoltar ar an margadh baile agus is beag díobh sin a dhíoltar agus is beag fós a chion den mhargadh i margadh dian-iomaíochta ar a bhfuil an ceannas ag mór-tháirgeoirí na RA. Déanann sé roinnt pacáistiú freisin ar conradh do chuideachtaí eile de réir mar tharlaíonn deiseanna chuige. Chuir an Comhlacht in iúl nárbh fhiú earnáil na nglasraí reoite de ghnó an bhia reoite in Éirinn ach £5 mhilliún as margadh iomlán £70 milliún. D’fhonn is go mb’fhiú an fiontar, níor mhór don Chomhlacht a bheith ábalta sraith de tháirgí reoite a thairiscint, ar leithligh ó ghlasraí, faoina ainm branda féin, i gcomhar b’fhéidir le táirgeoirí bia Éireannacha eile. Shíl an Comhlacht, áfach, go dtarlódh deacrachtaí ag comhordú iarrachtaí margaíochta ghrúpa gnóthas bia-phróiseála, cuid acu Stát-tionscanta, cuid acu príobháideach, cuid eile acu comhareagraithe, sa tslí go mbeidís sasta dul i dteannta a chéile ar an margadh faoi ainm branda comhchoiteann. Chaithfí cuid mhór airgid a chaitheamh i gcúrsaí margaíochta d’fhonn áit a bhunú ar an margadh. Mar gheall ar laghad mhargadh baile na hÉireann, chaithfeadh gnó bianna reoite díol leis an RA a chur chun cinn agus is beag a bhfeictear de bhuntáiste a leithéid a dhéanamh. Cé nach dtugann na deacrachtaí sin tuar dóchais go bhféadfadh gnó glasraí reoite an Chomhlachta méadú, molann an Coiste gur chóir don Ghrúpa Forbartha Garraíodóireachta a bhunaigh an tAire Talmhaíochta fadhbanna an scéil a phlé i gcomhthéacs a chuid athbhreithnithe ar thuair agus forbairtí don am le teacht ar an tionscal garraíodóireachta in Éirinn.


(g) Oibríochtaí gléasra

81. Fadhb an-mhór don Rannán Bia is ca go bhfuil a chuid saoráidí táirgeachta, agus áirítear seacht ngléasra ar fad orthu sin, chomh scaipthe sin ó chéile. Tá an fhadhb déanta níos measa toisc gan leorúsáid a bheith á dhéanamh den acmhainn sin. Mar a dúradh go feidhmiúil i bhfianaise scríofa ó Chomharchumann Charraig Aonair35 ní féidir luach cuid de na gléasraí beaga i limistéir iargúlta a mheas i dtéarmaí tráchtála amháin. Ba í obair an Chomhlachta an cleachtadh ba thúisce a fuarthas, agus go minic ní bhfuarthas aon chleachtadh eile, ar chúrsaí tionscail sna ceantair sin, agus tá cuidithe acu go mór le forbairt réigiúnda. Ar an leith eile, toisc gur éirigh chomh maith sin leis an iarracht chun an tionsclaíocht réigiúnda a fhorbairt níl cás chomh láidir ann anois chun oibríochtaí an Chomhlachta a choinneáil suas in áiteanna áirithe ar chúiseanna sóisialacha amháin.


82. Mar chuid dá iarrachtaí chun laghdú a thabhairt ar na caillteanais ón Rannán Bia, d’fhógair an Comhlacht i Samhain 1980 go raibh sé socair aige monarcha bia Cheatharlach a dhúnadh agus scor de thacaíocht margaidh agus airgid a thabhairt do bhia-earraí a próiseáladh i gComharchumann Charraig Aonair Teo. sa Sciobairín. Chuir sé in iúl freisin go ndéanfadh sé gach beart réasúnach chun fostaíocht táirgiúil mhalairte a chur in áirithe i gCeatharlach agus sa Sciobairín ar aon tráth, dá mb’fhéidir, leis an mbiaphróiseáil a ligean ar ceal i 1981. Tuigeann an Comhchoiste na cúiseanna atá le cinneadh an Chomhlachta. Creideann sé, áfach, mura mbeidh tionscadail mhalairte ag teacht chun beith ann laistigh den tréimhse sin, go mba chóir, mar gheall ar a dtitfeadh de chostas ar an Stát de dheasca breis dífhostaíochta (i bhfoirm chánacha nach bhfaightear agus sochair dhífhostaíochta a chaithfear a íoc) a thiocfadh ó aon iomarcaíocht de dheasca na monarchana sin a dhúnadh, fóirdheontas Stáit a íoc chun na monarchana sin a choimeád ar oscailt feadh sealad nó go mbeadh postanna eile curtha ar fáil. Tá trácht níos fairsinge ar an argóint sin i míreanna 115-118.


83. D’iarr an Comhchoiste ar an gComhlacht faoin gcur amach a bhí aige ar ghléasra próiseála phrátaí Thuama. Cheannaigh an gléasra sin prátaí ar conradh ó fheirmeoirí chun táirgí prátaí díhiodráitithe a chur ar fáil. San oibríocht sin bhí na fadhbanna praghais agus costais le hionramháil a bhí na rialacháin CE a thuairiscítear i míreanna 76 agus 77 thuas tar éis a bhunú do lucht próiseála díhiodráite. I gcás táirgí díhiodráite prátaí cinneadh an praghas díola de bharr iomaíochta ó lucht próiseála i Meiriceá agus i gCeanada. Ba mhíbhuntáiste do ghléasra Thuama freisin é bheith chomh beag sin, agus rinneadh dochar do bhrabúsacht an ghléasra nuair nár chomhlíon fásóirí a gconarthaí blianta áirithe. D’fhógair an Comhlacht go raibh sé beartaithe an gléasra a chéimscor d’obair. Chuir feirmeoirí na háite agus daoine eile le leas sa scéal comharchumann ar bun ansin chun prátaí brandáilte a chur ar an margadh le haghaidh an mhargadh earraí, agus d’aontaigh CSÉt an gléasra a choimeád ar siúl chun scoiteáin ón oibríocht sin a phróiseáil. San fhianaise a thug sé don Choiste, d’aontaigh an Comhlacht go raibh an comharchumann ag cur go maith chun ceist na fála, ach ba é a bharúil go bhfanfadh sé ina chineál imeallach oibríochta ó thaobh airgid mura bhféadfaí tréamhchur a mhéadú go mór agus urlámhas a choinneáil ar a chomhaltaí. 36


(h) Tátal

84. Is é meas an Choiste gur bhain caillteanas trádála carnach don Rannán Bia suas go £5 milliún ar fhoras figiúirí foilsithe an Chomhlachta feadh na deich mbliana go dtí 1978/79. Tá na caillteanais fíora i bhfad níos airde má chuirtear san áireamh muirir riartha agus muirir chaipitil oibre a bhí le híoc ag an nGrúpa. Ceaptar go dtarlóidh mór-chaillteanas eile i 1979-80, rud lena raibh baint ag na mírialtachtaí airgid a fíonnadh i rith na bliana. San am atá caite, is é an Rannán Siúcra a d’iompair caillteanais agus costais riartha an Rannáin Bhia, ach thaispeáin an taifeach atá déanta i Roinn III ar chor an Rannáin Siúcra nach féidir sin a dhéanamh a thuilleadh. Tá gá le cúram agus freagrachtaí i limistéar an bhia a athshainiú.


85. Tá sé ráite ag an gComhlacht gurb é a chuspóir don Rannán Bia “toradh réadúil a bhaint amach ar a infheistíocht sa limistéar próiseála bia trí gan a bheith ag braith an oiread sin ar dhíol earraí agus trí ghnó nua brabúsmhar a fhorbairt i dtáirgí brandáilte ar na margaí baile agus easportála”. Go dtí le déanaí is mó an tábhacht a cuireadh le fostaíocht a chaomhnú i monarchana bia an Chomhlachta ná leis an ngá lena chuid oibríochtaí a laghdú d’fhonn go bhféadfadh sé brabúis a bhaint amach. Tá sé socraithe ag an gComhlacht anois scála a chuid oibre i mbiaphróiseáil a laghdú leis na cinntí a ghlac sé maidir le gléasraí Cheatharlaigh agus an Sciobairín. Rinneadh taifeach i míreanna 76 go 77 ar na fadhbanna maidir le táirgeacht bulc-dhíiodráití. Is léir, mura gcuirfidh CE lámh sa scéal, go mbeifear ag cailleadh i gcónaí ar tháirgeacht dhíhiodráití tionscail. Aontaíonn an Coiste le cinneadh an Chomhlachta gan a bheith ag brath chomh mór is a bhí ar an ngnó sin. D’fhéadfadh go mba chabhair do ghnó brandáilte nua a fhorbairt táirgí nua “bia láithreach”, atá á réiteach faoi láthair, a thabhairt isteach, mar chéim do leanúint don nuabheartaíocht teicneolaíochta a bhí á chleachtadh sa réimse sin ag an gComhlacht. Ag féachaint, áfach, don dian-iomaíocht atá le comhrac sa mhargadh brandáilte freisin, creideann an Comhchoiste nach foláir tuilleadh mioneolais a thabhairt faoi straitéis an Chomhlachta chun seasamh ar cheart-bhonn gnó sa mhargadh sin. Mura mbainfidh an Comhlacht amach na spriocanna airgeadais atá i dtrácht i mír 16 laistigh de thréimhse réasúnach, ansin is dóigh leis an gComhchoiste gur cheart don Chomhlacht a bhia-oibríocht a chur de láimh faoi na socruithe a mholtar i míreanna 115-118. Má chinneann an Rialtas, áfach, mar gheall ar chúiseanna fostaíochta nó réigiúin, gur mhaith leis go gcoinneodh an Comhlacht a bhia-oibríocht ar siúl, ansin ba léir, dá dtugtaí fóirdheontas airgid mar chúiteamh don Chomhlacht i gcaillteanais a thiocfadh den bheart sin a dhéanamh, ba léir cé mhéid a chosnódh sé chun airgead poiblí a chaitheamh do bhuanú fostaíochta ar an gcuma sin.


V AN RANNÁN TRÁDÁIL TALMHAÍOCHTA

(a) Réamhrá

86. Cé gurbh é an bia-phróiseáil an ceann is suntasaí de thionscnaimh éagsúlaíochta an Chomhlachta, tá baint ag an gComhlacht le réimse gníomhaíochtaí eile atá foghabhálach don phríomh-obair shiúcra, ar a shon go bhfuil siad gaolmhar di. Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin déanamh beatha ainmhithe, trádáil i gceimiceáin talmhaíochta, trádáil i leasacháin, cairéalacht chloch-aoil, innealtóireacht ghinearálta agus innealtóireacht talmhaíochta, agus tá siad sin grúpáilte faoin Rannán Trádáil Talmhaíochta. Tá scair an Rannáin sin i láimhdeachas Ghrúpa tar éis ardú ó 24 faoin gcéad go 31 faoin gcéad den iomlán idir 1970 agus 1979. B’fhiú £39 milliún an díol go léir sa bhliain deiridh sin, i gcomparáid le £66 milliún don Rannán Siúcra agus £21 milliún don Rannán Bia. Ní dhearna an Comhchoiste scrúdú mion ar oibríochtaí gach gníomhaíochta foghabhálaí sa Rannán Trádáil Talmhaíochta. Á ghlacadh leis, dá n-imeofaí tuilleadh ó obair an tsiúcra ag gabháil do rud eile, gur mhar a chéile é sin agus na gníomhaíochtaí foghabhálacha atá ann a mhéadú mó gníomhaíochtaí sa bhreis a chur leis an líon, is ar fhadhbanna agus dóchúlachtaí na ngníomhaíochtaí atá ann is mó a bhí an Coiste ag díriú a bhfiafraithe d’fhonn meas a thabhairt ar a n-acmhainn chun forbartha san am le teacht.


(b) Beatha ainmhithe

87. Chuaigh an Comhlacht ag déanamh gnó sa mhargadh beatha ainmhithe toisc go raibh gá ann na príomhtháirgí ó dhéanamh siúcra, laíon biatais agus molás a chur de láimh agus brabús a dhéanamh astu. B’fhiú tuairim £14 milliún díolacháin sa bhliain dar críoch Meán Fómhair 1979. Faoi rialacháin CE, tá ceart chonarthach ag an bhfásóir an laíon amh a fháil ar ais saor in aisce ón monarcha. Is é a tharlaíonn go dtriomaíonn an Comhlacht an laíon, go ndíolann sé é le fásóirí ar a mhargadh-luach agus go bhfaigheann na fásóirí cúiteamh i leith an mhéid is mó an praghas díola ná na costais triomaithe de bhíthin eilimint a chur san áireamh i bhfoirmle praghsála an bhiatais siúcra. Athraíonn an t-éileamh ar laíon biatais mar bheatha ainmhithe ó bhliain go bliain, ach ar na séasúir dheireannacha seo ní raibh aon deacracht ag an gComhlacht iomlán a chuid táirgeachta a chur de láimh. Táirgeadh 130,000 tonna ar fad i séasúr 1978/79.


88. Is feidhm den phraghas díola agus den chostas triomaithe an fáltas ó laíon biatais. Le déanaí tá na fáltais i gcúngracht mar gheall ar an iomaíocht ó ábhair bheatha eile agus costas triomaithe a bheith méadaithe go han-mhór agus sin í an mhír is tábhachtaí i bpróiseáil costas. I bprionsabal, níor cheart go mbeadh éifeacht aige sin ar bhrabúsacht an laín bhiatais don Chomhlacht, mar ciallaíonn an socrú praghais chonartha go bhfuil sé, mar atá an scéal, ag díol ar coimisiún thar ceann an fheirmeora. Sa mhéid, áfach, nach bhfuil costais iomlána margaíochta agus triomaithe an Chomhiachta á muirearú ar an bhfásóir, is lagú ar achainní an Chomhlachta gnó an laín adhmaid.37 Tá an Comhlacht ag gabháil don laíon biatais a uasghrádú trí mholás a chur tríd d’fhonn ábhar beatha níos cothroime a dhéanamh. Tá luach níos airde sa chion laín atá san earra uasghrádaithe, agus tugann sin deis do na feirmeoirí agus don Chuideachta fáltais níos fearr a fháil. Díoladh suas le 40,000 tona d’earraí laín uasghrádaithe anuraidh.38 Faoi cheann aga agus aimsire ba cheart go gcuirfeadh laíon biatais go himeallach le brabúis an Chomhlachta go háirithe trí bhíthin chion an Chomhlachta den luach a cuireadh leis trí uasghrádú, ach tá teorainn curtha go follasach leis an acmhainn chun leathnúcháin ag an méid biatas siúcra a tháirgtear.


(c) Trádáil mholáis

89. Usáidtear molás, an seachtháirge a fhaightear ón obair phróiseála biatais, go páirteach, mar chuid den ábhar in obair bheatha ainmhithe an Chomhlachta i dtáirgeadh láin mholáis thriomaithe agus, go páirteach, díoltar díreach é le lucht trádála ábhair bheatha chumaiscthe. Tá méadú mear tar éis teacht ar an éileamh ar mholás in Éirinn ar na blianta deireannacha seo agus is mó anois é ná an barrachas atá ar fáil ó tháirgeacht an Chomhlachta féin. Tháinig dá chionn sin go ndearna an Comhlacht molás a allmhairiú, agus tá an díol iomlán méadaithe ó 22,000 tona go dtí 65,000 tona i rith na gcúig bliana seo caite. Rinneadh formhór an díola sin le lucht trádála beatha ainmhithe agus díoladh an chuid eile le feirmeoirí lena úsáid láithreach ar an bhfeirm.


90. Lean cuideachtaí eile lorg an Chomhlachta agus chuaigh siad le trádáil mholáis, agus tá breis iomaíochta anois sa limistéar sin. Tá cás déanta ag an gComhlacht ar shon longfoirt domhainsháile ionas go bhféadfaí molás a allmhairiú i mbulc i lastlonga móra má tá sé le bheith ar deis iomaíochta. Tá sé á bhreithniú freisin ar mhaith an rud ceangal le fochuideachta de chuid Tate and Lyle atá bunaithe i margadh Thuaisceart Éireann d’fhonn socrú margaíochta d’Éirinn go léir a leagan amach. Rud a bhfuil éifeacht aige ar na brabúis ó thrádáil mholáis is ea go bhféadfadh praghas moláis athrú síos nó suas go rialta, ach aontaíonn an Coiste má tá súil leis an éileamh in Éirinn a bheith ag méadú san fhadtéarma gur chóir dá chionn sin an t-airgead a chaitheamh is gá don Chomhlacht chun a ionad a dhaingniú ar an margadh.


(d) Innealtóireacht talmhaíochta

91. Tháinig an Comhlacht chun bheith ag gabháil d’innealtóireacht talmhaíochta a tháirgeadh de dhroim na n-iarrachtaí sna 1940-aidí déanacha chun biatas siúcra a bhaint go meicniúil. Is é an teagasc bunaidh a fuair an Rannán Innealtóireachta Talmhaíochta bheith ina shás seirbhíse do thionscal biatas siúcra na hÉireann agus feidhmiú mar tháirgeoir innealra tráchtála. D’éirigh leis go han-mhaith ag táirgeadh roinnt inneall a bhí deartha go speisialta faoi chomhair dhálaí na hÉireann agus d’éirigh leis freisin iad a dhíol ar onnmhairiú. B’fhiú tuairim £4 milliún an díol iomlán i 1978-79, agus is ar mhargaí onnmhairiúcháin a díoladh timpeall a leath. Áirítear ar innealra an Rannáin anois buainteoirí glasraí atá deartha chun freastal do thionscal na garraíodóireachta. Chuaigh an Comhlacht céim eile ar aghaidh i réimse na hinnealtóireachta i 1979 nuair a osclaíodh monarcha nua i dTuaim chun saoráidí innealtóireachta speisialta go formhór a sholáthar do chlár caipitiúil an Chomhlachta.


92. Bhí roinnt srianta ag cur isteach ar obair an rannáin a rinne dochar dá acmhainn brabúis. Bíonn sé ag freastal d’earnáil speisialta de thionscal na hinnealtóireachta feirme, agus go ró-áirithe d’innealra buainteoireachta, agus bíonn a ndíol sin dlúite isteach in am áirithe de bhliain. Tá fadhbanna costais táirgthe ann mar gheall ar a laghad earraí a bhíonn á gcur amach. I dteannta na bhfadhbanna sin, agus is fadhbanna iad atá a bheag nó a mhór ag baint le hoibríochtaí an Rannáin ó bunaíodh í, tá sé buailte leis an dá bhliain seo caite de dheasca an t-éileamh a bheith ag laghdú sa bhaile agus sa choigríoch. Mar gheall ar an éiginnteacht de chionn an tionchair a bheidh san am le teacht ag rialachas siúcra an CE ar thionscal biatais na Breataine agus an chúngracht ar fháltais feirme anseo sa bhaile is leasc le feirmeoirí infheistiú in innealra nua.


93. Ba chóir breithniú ar chor obair innealtóireachta talmhaíochta an Chomhlachta san am le teacht i bhfianaise phleananna náisiúnta an tionscail. Rud a tharraing trácht neamholtach go leor fara le moltaí gur chóir d’Éirinn lámh sa bhreis a chur sa réim gnó sin, gan aon tionscal innealra talmhaíochta náisiúnta a bheith ann ach ar éigin (is é CSÉT go mór is go fada an gnóthas is fairsinge sa tionscal fós, d’ainneoin é a bheith cineál srianta agus speisialaithe) agus go mbíonn gá le hallmhairí le haghaidh riachtanas innealra na bhfeirmeoirí. D’fhonn go n-éireodh le sin a dhéanamh, níor mhór atheagar a chur ar oibríocht innealtóireachta an Chomhlachta agus caipiteal ceart a thabhairt dó chun go bhféadfadh sé dul i mbun forbartha. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil roinnt tograí á mbreithniú faoi láthair i staidéar comhpháirteach ag an mBord Náisiúnta Eolaíochta agus Teicneolaíochta agus an tÚdarás Forbartha Tionscail, agus tá súil aige go mbeidh siad sin ina mbonn do a thuilleadh dul chun cinn sa réimse sin.


(e) Trádáil leasachán

94. Is le linn an Dara Chogadh Domhanda a thosaigh CSÉT ar lámh a chur in imdháil leasacháin. Déantar leasacháin chumaisc bhiatais a mheascadh faoi chonradh don Chomhlacht agus, ina theannta sin, déantar leasacháin neamhbhiatais a fháil agus a sheachadadh chuig fásóirí an Chomhlachta agus, feadh méid áirithe, chuig neamhfhásóirí. B’fhiú tuairim £9m. ar díoladh de leasacháin i 1978-79. Thóg an Comhlacht idir 7 agus 11 faoin gcéad den mhargadh leasacháin náisiúnta in imeacht na ndeich mbliana seo caite. I 1977, rinne an Comhlacht iarracht ar dhul isteach é féin i ngnó an chumaisc. Cheannaigh sé gléasra cumaisc i bPort Láirge, ach mar gheall ar agóidíocht ó dhreamanna leasmhara a ndéanfadh an tionscnamh dochar dóibh, níor ceadaíodh don fhorbairt sin dul ar aghaidh.39 Ón am sin, tá gnólachtaí príobháideacha eile tar éis dul isteach i ngnó an chumaisc, agus mar sin ní hindéanta don Chomhlacht é a thuilleadh. Tá áitreabh Phort Láirge á úsáid faoi láthair mar áit stórála do bheatha ainmhithe.


95. San am le teacht beidh forbairtí sa limistéar sin ag brath ar chúrsaí fáis biatais agus glasraí. Tá seasamh tréan margaíochta ag an gComhlacht i measc feirmeoirí cuir na tíre agus creideann an Comhchoiste gur cheart go leanfadh trádáil na leasachán de bheith ina mhír chuiditheach do ghnó iomlán an Chomhlachta.


(f) Cairéalacht

96. Tá an Comhlacht ag gabháil don ghnó cairéalachta ó thús na 19-caogaidí. Tá tábhacht le cloch aoil mheilte mar chabhair chun torthaí biatais siúcra a mhéadú trí aigéadacht ithreach a cheartú. Tá sé chairéal á n-oibriú faoi láthair ag an gComhlacht agus tá seilbh aige ar an tríú cuid den mhargadh náisiúnta do chloc aoil mheilte. B’fhiú tuairim £2 mhilliún ar díoladh sa bhliain 1978-79. Ó thús na 19-seachtóidí, tá an Comhlacht ag iarraidh tairbhe a shaothrú as na seachtháirgí óna chuid cairéal; tá ag méadú i gcónaí ar dhíol earraí cloiche eile, mar atá cloch mhionaithe. Mar gheall ar an bhfóirdheontas impair do chloch aoil mheilte a bheith tarraingthe siar agus an lagchor atá ar fheirmeoireacht thit an díol go mór i mbliana. Ach bíonn gá i gcónaí le cloch aoil mheilte ag féachaint do bhail ithreach na hÉireann. Más féidir leis an gComhlacht fanúint sa chomórtas le cairéil eile ba chóir go bhféadfadh sé a chion den mhargadh a choinneáil agus cabhrú leis an nGrúpa chun brabús a thuilleamh.


(g) Ceimiceáin talmhaíochta

97. Forbairt cuíosach nua do CSÉT is ea ceimiceáin a roinnt amach ar mhodh gníomhaireachta. Tá stóras á choimeád ag an gComhlacht i mBaile Átha Cliath agus tá roinnt stóras aige ar fud na tíre. Tá saoráid éifeachtúil pacáistithe curtha an bun i stóras Bhaile Átha Cliath agus tá súil ag an gComhlacht go bhféadfaidh sé cur ina luí ar a chuid príomhaithe pacáistiú sa tír seo. Tá an roinn seo ag brath go hiomlán ar thrádáil, agus tá a forbairt agus a brabúsacht san am le teacht ag brath ar í a bheith ábalta táirgí nua agus bealaí nua gnó a fháil. Níl sé beartaithe ag an gComhlacht i láthair na huaire seo ceimiceáin a mhonarú, cibé acu do thionscal na talmhaíochta nó nach ea.


(h) Comhairleachas don tríú domhan

98. Le blianta beaga anuas tá roinnt cleachtadh ag an gComhlacht ar chomhairle a thabhairt maidir le hobair bhia-phróiseála i dtíortha tearc-fhorbartha. Tá cuideachta nua, Devimpco, foirmithe aige, i gcomhpháirt le dhá ghnólacht chomhairliúcháin innealtóireachta agus i gcomhlachas leis an bhForas Talúntais, chun seirbhís chomhairleachais agus bhainistíochta tionscadail a thairiscint i bhforbairt talmhaíochta agus biaphróiseála go príomha do na tíortha tearcfhorbartha. Ba cheart go dtabharfadh an obair sin cuidiú beag do ghnó an Ghrúpa sna blianta le teacht.


(i) Tátal

99. Forbraíodh beagnach gníomhaíochtaí uile an Rannáin Trádála Talmhaíochta toisc go raibh gá le seirbhís agus taca a fhreastal ar obair bhunúsach an tsiúcra. Sin é neart agus laige araon na ngníomhaíochtaí sin. I gcás na dtáirgí sin in arb í príomhshuim an Chomhlachta trádáil, tá an Rannán tar éis a chinntiú go bhfuil seasamh láidir margaíochta bainte amach ar shon an Chomhlachta. Beidh tuilleadh fairsingiú á chuimsiú, áfach, ag ráta fáis an mhargaidh bhaile, agus is neamhdhóigh dó sin a bheith tapaidh. Is ag an innealtóireacht talmhaíochta amháin atá an cuimsiú sin sáraithe, trí dhíol onnmhairí a fhorbairt, d’ainneoin na deacrachta nach raibh sé ach ag gabháil do raon cúng innealra. Tá na fo-ghníomhaíochtaí sin forbartha, agus tá tacaíocht á fháil acu, ar fhoras an airgid atá curtha sa tsiúl ag gnó an tsiúcra. Nuair nach féidir le taobh an tsiúcra den Chomhlacht an tacaíocht sin a choinneáil suas san am díreach le teacht beidh sé sin ina bhac ar aon dul ar iad a leathnú nó cur leo. Is é tátal an Choiste, má théitear arís i mbun na gcaillteanas a laghdú a bhain don obair innealtóireachta talmhaíochta, go dtabharfaidh na gnóthaí atá ar bun faoi láthair sa Rannán Trádáil Talmhaíochta cuidiú fiúntach don Chomhlacht. Dá seasaidís ar a leith féin, áfach, ní bheadh aon bhonn lena cheapadh go bhféadfadh na gnóthaí sin aon mhór-athrú a thabhairt ar na tuair bhrabúis nó fostaíochta.


VI EAGRAÍOCHT AGUS BAINISTÍOCHT

(a) Eagar bainistíochta

100. Tá eagar láithreach an Chomhlachta tar éis forbairt chun gur fhás sé ó ghnó aonchineálach go dtí gnólacht ilghníomhaíochta. Is iad príomhghnéithe an eagair láithrigh na feidhmeanna speisialta éagsúla a chraobhaíonn ón gCeannoifig agus córas oibre rannán a leagann amach gníomhaíochtaí faoi thrí thuairisc—siúcra, bia agus trádáil talmhaíochta—agus urlámhas a bheith ar na gníomhaíochtaí sin trí cheathrar bainisteoir limistéir, duine in aghaidh gach limistéir mhonarcha siúcra.40 De réir mar a bhí an Comhlacht ag fás bhí strus sa bhreis ag titim ar an eagar bainistíochta. I 1979, chuir an Comhlacht gnólacht comhairleoirí faoi thuarastal chun athruithe a mholadh ar a eagar bainistíochta. De thoradh tuarascáil an chomhairleora, tá an Bord tar éis athruithe a mholadh anois atá le teacht i bhfeidhm ón mbliain 1980-81.


101. Tá sé ceaptha leis an atheagrú go mbunófaí gréasán arb é a bheidh ann Cuideachta Shealbhaíochta, a bheidh freagrach i bhfeidhmeanna Ghrúpa, agus sé entiteas, nó rannán, oibríochta foghabhálacha, a ghníomhóidh mar airmheáin bhrabúis neamhspleácha. Tá sé ceaptha go mbeidh na cumhachtaí agus na hacmhainní ag gach rannán is gá chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh mar eintiteas ar leithligh i ngach ní praiticiúil, laistigh de ghréasán Ghrúpa ina mbeidh cinneadh agus beartas á socrú. Is iad na rannáin atá i bhfís faoi láthair Siúcra, Erin Foods, Innealtóireacht, Cairéil, Beatha Ainmhithe, agus Ceimiceáin Thalmhaíochta. Ar na buntáistí atá le breith as an socrú nua áirítear go mbeidh cuspóirí agus freagracht rannán níos soiléire, go mbeidh an gréasán airgeadais rannáin níos follasaí, go gcruthófar aeráid fiontraíochta agus cuntasachta sna rannáin, agus go ndéanfar gréasán a leagan amach a bheidh oiriúnach le haghaidh éagsúlúcháin. Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an atheagar beartaithe agus tá dóchas aige, tar éis chomhairle chuí a ghlacadh leis na foirne lena mbaineann, go gcuirfear i ngníomh é go luath.


(b) Caidreamh tionscail

102. Tá stair shíochána tionscail ag an gCuideachta ar an urlár saothair feadh na mblianta. Ní raibh aon fhadhbanna caidrimh thionscail go dtí le déanaí agus tá roinnt cúiseanna á lua leis sin:41 traidisiún bainistíochta ina meastar an beartas pearsanra agus caidreamh tionscail a bheith ina gcuid dílis d’fheidhm gach bainisteora; comhaontú a rinneadh go luath faoi chóras comhaontuithe scríofa leis na cumainn ag leagan amach nósanna imeachta díospóide; córas comhairliúcháin a saothraíodh trí choistí oibre in imeacht tréimhse blianta; agus timpeallacht shóisialta an bhaile bhig ina bhfuil suíomh monarchana uile an Chomhlachta. Ba é an díospóid i 1980 i monarcha siúcra Cheatharlaigh an chéad díospóid tionscail sa Chomhlacht le breis agus 30 bliain.


103. Tá sé curtha in iúl ag an gComhlacht go mbeartaíonn sé a chuid deiseanna cumarsáide lena fhórsa saothair a fhorbairt tuilleadh. Tá sé molta aige go ndéanfaí comhairlí oibre de na coistí oibre monarchan. Tá an Comhlacht cleachtach freisin ar oibrí-stiúrthóirí a bheith ar an mBord aige faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977. Dúirt ionadaí ó Cheardchumann Chomhlachas na bhFoireann Eolaíochta, Teicniúla agus Bainistíochta, atá freisin ina oibrí-stiúrthóir ar CSÉT, go dtiocfadh athrú éigin de chionn oibrithe do theacht ar an mbord. Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta an Chomhlachta de bhreis air sin go raibh na hoibrí-stiúrthóirí ag cuidiú go rí-fheidhmiúil le hobair an Chomhlachta. Dúirt sé fairis sin “… ní foláir dúinn an eagraíocht a neartú ag a bonn ionas go mbeidh deis níos fearr ar thuairisc a fháil ar ais agus dlús a chur leis. Tá an oiread sin monarcha, ceardchumann agus láithreacha éagsúla againn, nach mbíonn sé easca ag na stiúrthóirí dul i mbun teagmhála”.42 Dúirt an CFETB freisin go raibh mórdheacrachtaí ó thaobh cumarsáide agus chuir i bhfáir go raibh gá le struchtúir leordhóthanacha chun tuairimí fostaithe a mhíniú agus a chur i bhfios.43


(c) Tátal

104. Tá fás agus athrú mear tagtha ar an gComhlacht leis an bhfiche bliain seo caite. Tá sé anois ag dul i mbun atheagrú bainistíochta le freagairt do na hathruithe sin atá tar éis titim amach. Tá na hathruithe atá déanta agus beartaithe i ngníomhaíochtaí, i dteicneolaíocht, i gcleachtais oibre, etc., an Chomhlachta tar éis dul i gcion freisin ar an bhfórsa saothair. Tá córas grinnsaothraithe nósanna imeachta oibrithe amach ag an gComhlacht chun dul i gcumarsáid lena chuid oibrithe agus chuidigh sé sin leis an stair mhaith caidrimh thionscail a bhí ag an gComhlacht san am atá caite. Tacaíonn an Comhchoiste le hiarrachtaí an Chomhlachta chun na nósanna imeachta sin a fheabhsú agus a fhorbairt. Tá súil aige nach comhartha é an díospóid tionscail a bhí ann le déanaí go bhfuil cor nua ag tosú ar chaidreamh tionscail an Chomhlachta.


VII TÁTAIL

(a) Léargas foriomlán

105. Tá tuairisc sna Ranna roimhe seo ar oibríochtaí an Chomhlachta, ar a phleananna reatha agus a chúrsaí airgeadais. Tá méar curtha ar roinnt áiteanna ina bhfuil fadhbanna, agus is iad seo a leanas an chuid is tábhachtaí díobh sin:


(i) Dealraíonn go bhfuil deireadh, sa mhéid a bhaineas leis an am is neasa dhúinn, le ré brabúis an Chomhlachta, brabús a bhí seasmhach gan a bheith suntasach. Ar na cúiseanna leis an athrú sin do theacht ar chúrsaí an Chomhlachta áirítear forbairtí mífhabhracha costais/praghais, rátaí arda úis, an margadh a bheith tite in ísle brí, mar gheall ar an laghdú ar ioncaim thalmhaíochta, i ndáil le cuid dá ghníomhaíochtaí coimhdeacha.


(ii) De dheasca gur trí airgead a thógáil ar iasacht atá maoiniú á dhéanamh ar chlár nuachóiriúcháin mhonarchana siúcra an Chomhlachta tá bail an-mhíchothrom ar chúrsaí caipitil an Chomhlachta sa tslí go bhfuil cóimheas fiach/cothromas an Chomhlachta i ndrochriocht i gcomparáid le gnóthais mhonaraíochta dá shamhail. Ní mór £25m de scairchaipiteal a chur isteach ann chun an lagar airgeadais atá air faoi láthair a cheartú, agus tuilleadh suimeanna scairchaipitil a chur isteach ann chun tacú lena chlár breise nuachóiriúcháin £40m.


(iii) Mar gheall ar rialachas siúcra an CE tá bacainn curtha le cumas an chomhlachta chun a chuid deacrachtaí in earnáil an tsiúcra a chloí. Fad agus a bheidh an corrlach próiseála a cheadaítear faoin rialachas sin coibhneasach le leibhéil chostais atá gar do mheán nó caighdeán éigin Eorpach agus san am céanna go mbeidh costais an Chomhlachta ag gabháil thar na leibhéil sin, beidh cumasaíocht airgid an Chomhlachta i bpriacal.


(iv) Is deacracht iad na costais riartha cinnte i ndáil leis an leibhéal reatha tréamhchuir i réimsí áirithe, go háirithe réimsí an bhia agus an innealra talmhaíochta. Ar a shon go bhféadfadh an chuid eile den Chomhlacht na gníomhaíochtaí sin a iompar nuair a bhí breis bhrabúis á dhéanamh, níl sin indéanta a thuilleadh.


(v) Mar chuideachta Stát-tionscanta, ghlac CSÉT cúram nár chúram tráchtála air féin i ndáil le forbairt réigiúnach. Cúram ceannródaíochta ab ea é sin sna 1950-aidí agus sna 1960-aidí nuair a bhí monarchana an Chomhlachta go minic ar an gcéadchleachtadh a fuarthas ar thionsclaíocht in go leor limistéar tuaithe. D’fhág sé sin an Comhlacht, áfach, le struchtúr monarchan atá scaipthe agus le go leor gléasra nach bhfuil sách mór le bheith eacnamúil, ionas go n-ardaítear costais phróiseála aonaid.


106. Ag plé dó leis na háiteanna sin ina mbíonn fadhbanna, tá roinnt acmhainní nirt freisin ag an gComhlacht. Orthu sin áirítear:


(i) saineolas bainistíochta agus bonneagar fisiciúil mhórchuideachta Éireannaí a dhíolann breis agus luach £130 milliún.


(ii) seasamh maith láidir ar an margadh baile—a phríomh-limistéar díola.


(iii) inmhe thábhachtach chun obair thaighde feidhmeach agus obair forbartha a ghlacadh ar láimh i ngach ceann de phríomh-réimsí a chuid gníomhaíochtaí.


(iv) é bheith de chúlra leis go bhfuil dea-chaidreamh aige le feirmeoirí cuir agus leis an bpobal talmhaíochta i gcoitinne, agus stair mhaith caidrimh thionscail lena fhórsa saothair, d’ainneoin na chéad stailce a tharla le déanaí i monarcha an Chomhlachta i gCeatharlach.


107. Sa Roinn deiridh seo dhírigh an Comhchoiste a aire ar thrí réimse a bhfuil an tábhacht is airde don Comhlacht san am le teacht ag baint le cén cinneadh a dhéanfar fúthu. Is iad sin: na bearta is gá dá áirithiú go n-éireoidh le hobair an tsiúcra; an chríoch atá le héagsúlú i bpleananna an Chomhlachta san am le teacht; agus an tábhacht atá le tabhairt do fhreagrachtaí forbartha sóisialta agus réigiúin i gcuspóirí foriomlána an Chomhlachta.


(b) Siúcra

108. Ba dheacair rud ró-mhór a dhéanamh den droch-bhail atá anois ag bagairt ar thionscal siúcra an Chomhlachta. Níl aon bhuntáiste aiceanta ag Éirinn maidir le táirgeadh biatas siúcra sa CE. Dá dhroim sin, d’fhonn fanúint ar deis iomaíochta, caithfidh an tionscal anseo a bheith níos éifeachtúla in obair tháirgthe agus phróiseála an tsiúcra, nó caithfidh sé a bheith in ann a chuid inchuir a fháil ar chostas níos ísle ná mar íocann a chuid iomaitheoirí. Tá an Comhlacht ag comhrac le ceithre dheacracht i láthair na huaire; na bacainní atá á leagan air ag gléasra agus trealamh as dáta; go dtarlódh gur lú an méid biatais a bheadh ar fáil toisc gur luachmhaire tionscadail eile feirme; an dóigh go mbeidh breis iomaíochta ina choinne ar na margaí is mó atá aige sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann; agus na srianta praghais atá á leagan air ag rialachas siúcra an CE.


109. Mar gheall ar an teannadh atá ar chorrlaigh an Chomhlachta faoi láthair, tá an tábhacht is airde ag baint lena bheartas praghsála maidir le táirge agus amh-ábhar araon. Tá sé sonraithe ag an gCoiste cheana féin nach bhfuil an neart céanna ag an gComhlacht chun ionramhála i dtaobh praghas an tsiúcra bháin mar gheall ar iomaíocht ón taobh amuigh a bheith ag bagairt. Molann sé, áfach, nuair a bheidh iarratas ar ardú praghais ceadaithe ag an gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna, nár cheart é sin a mhoilliú ar leibhéal Rialtais mar a rinneadh cheana.


110. Tá an praghas a íoctar ar bhiatas siúcra faoi bhac freisin ag rialacháin CE. I bprionsabal, tá ceithre limistéar ina bhféadfadh an Comhlacht coigeartuithe a lorg ar phraghas an bhiatais tar éis dul i gcomhairle leis na fásóirí, eadhon, an eilimint scairíochta siúcra i bhfoirmle phraghas an bhiatais, an coigeartú ar phraghas an laín bhiatais, an fóirdheontas iompair, agus deireadh a chur le córas an phraghais idirghabhála bhiatais réigiúin, rud arb é a éifeacht gurb airde praghas biatais íosta ráthaithe in Éirinn ná in aon áit eile sa CE. B’fhéidir go bhféadfaí, mar shampla, an eilimint scairíochta siúcra i bhfoirmle phraghas an bhiatais a athbhreithniú chun go n-athrófaí an cion, faoi seach, a thairbhíonn na fásóirí agus an Comhlacht de thoradh aon bharrachais sa phraghas margaidh ar shiúcra bán de bhreis ar an bpraghas idirghabhála. Maidir le laíon biatais de, admhaíonn an Comhlacht nach bhfuil a chostas iomlán margaíochta agus triomúcháin ar áireamh san eilimint laín bhiatais a íoctar le fásóirí i bhfoirmle phraghas an bhiatais. Go teoiriciúil tá scóip éigin anseo ar shon choigeartú ar thaobh an Chomhlachta. D’fhéadfaí méid an fhóirdheontais iompair a athbhreithniú chun go laghdófaí an t-ualach ar an gComhlacht agus cloí fós le spioraid rialacháin CE. Thabharfadh sé glan-bhuntáiste don Chomhlacht freisin dá gcuirfí deireadh le córas na bpraghsanna idirghabhála réigiúin, cé gur suim cuíosach beag atá i gceist má chuirtear san áireamh go bhfaigheadh fásóirí 60 faoin gcéad ar ais den laghdú praghais faoin bhfoirmle scairíochta siúcra láithreach. Tuigeann an Coiste, áfach, go bhfuil tarraingt idir bheartas an Chomhlachta chun costais amh-ábhar a choinneáil síos agus an riachtanas atá lena chinntiú go gcuirfear dóthain acraí biatais. I láthair na huaire ní dhealraíonn go bhfuil aon chorrlach ann le deis a bhaint as; go deimhin, chuir an Comhlacht in aghaidh deireadh a chur le córas na bpraghsanna idirghabhála réigiúin mar gheall air sin. Más féidir, de chionn fhorbairtí teicneolaíochta, breis bhrabúis a shaothrú ar bhiatas i gcomparáid le bairr eile, ansin d’fhéadfadh sé sin scóip ionramhála sa bhreis a thabhairt don Chomhlacht san am le teacht.


111. Tá sé ráite ag an gCoiste cheana féin (mír 71) go gcaithfidh an Comhlacht feabhsuithe móra a lorg ina éifeachtúlacht phróiseála má tá sé le bheith sa bhail go bhféadfaidh sé freastal do na suimeanna a thóg sé ar iasacht. Mar gheall ar ceithre mhonarcha an Chomhlachta a bheith beag agus scaipthe óna chéile cuireann sé sin go mór leis na costais aonaid a bheith níos airde ar an gComhlacht i gcomparáid lena chuid iomaitheoirí. Molann an Comhchoiste go ndíreodh an Comhlacht feasta ar a chuid oibríochtaí siúcra a shaothrú sna monarchana is fearr gnó atá aige. Ba cheart an infheistíocht bhreise a ghlacadh ar láimh is gá lena áirithiú go bhfuil go leor fairsinge sna monarchana sin chun an méid biatais a thabharfar chucu a ionramháil laistigh de thréimhse feachtais 100 lá.


112. Fiú má chuirtear i gcrích na bearta sin chun éifeachtúlacht phróiseála an Chomhlachta a fheabhsú beidh gá fós le cuid mhaith caipitil Stáit a chur isteach ann chun eagar caipitil fíor-mhíchothrom an Chomhlachta a chur ina cheart. Is mó go mór a chuid iasachtaí ón mbanc ná airgead na scairshealbhóirí, agus tá an t-ús ar na hiasachtaí sin ina ualach míréasúnta ar bhrabúis oibríochta agus ar chaipiteal oibre. Tá £25 milliún de scairchaipiteal breise ag teastáil láithreach le cur sa Chomhlacht. Má ghlactar leis go bhfuil clár nuachóiriúcháin mhonarchana siúcra an Chomhlachta riachtananch le go mairfeadh an Comhlacht, agus go dteastaíonn ón Rialtas go leanfaí den obair sin, creideann an Comhchoiste gur cheart don Rialtas an caipiteal sin a chur ar fáil gan mhoill. Beidh caipiteal breise ag teastáil in imeacht na dtrí mbliana seo chugainn mar thaca le maoiniú críonna an chláir infheistíochta £40m sa bhreis.


113. Bhí sé á bhreithniú ag an gCoiste ar cheart cuireadh a thabhairt d’fheirmeoirí is fásóirí airgead a infheistiú sa Chomhlacht mar fhoinse amháin as a bhféadfaí breis chaipitil a thuilleamh. Faoi reacht 1933, is féidir scaireanna sa Chomhlacht a dhíol le leasanna príobháideacha ach an tAire do thoiliú leis. Féadfar a rá ar a shon go bhfuil an Comhlacht chomh lántábhachtach do na fásóirí mar asraon do bharr shochrach agus atá na fásóirí don Chomhlacht. B’oiriúnach an socrú é, nuair atá siad ag brath ar a chéile mar sin, aitheantas a thabhairt don staid sin trí fheirmeoirí do chur cion airgid sa Chomhlacht. B’fheachtas roinnt fadhbanna don Choiste, áfach. B’fhéidir nach mbeadh feirmeoirí tógtha le cion mionúrach a ghlacadh i gcuideachta Stáit a bhfuil cuspóirí níos fairsinge aige ná an brabús is airde a bhaint amach. Thuig an Coiste freisin nárbh oiriúnach an t-am é le gluaiseacht a thionscnamh do lorg scairchaipitil i measc feirmeoirí faoi láthair. Mar sin féin, molann an Coiste nár mhiste dá ndéanadh an Comhlacht, na heagraíochtaí feirmeoireachta agus na ceardchumainn tuilleadh breithniú ar an smaoineamh sin.


(c) Éagsúlú

114. Tagraíodh go minic i bhfianaise an Chomhlachta do cheist an éagsúlaithe ag féachaint do chuspóir an Chomhlachta chun fostaíocht a choinneáil ar bun ar fud an Chomhlachta agus dá mb’fhéidir sin i ngach láthair.44 Chaithfeadh aon obair éagsúlúcháin a bheith cuíosach mór le tionchar a bheith aige ar acmhainn fostaíochta an Chomhlachta. Mar gheall ar roinnt cúiseanna, creideann an Comhchoiste nach dóigh don éagsúlú a bheith ina réiteach ar fhadhbanna an Chomhlachta faoi láthair. Sa chéad dul síos tá obair bhunúsach an Chomhlachta, déanamh siúcra, i mbaol ró-mhór ó thaobhanna éagsúla. Cuid de na gníomhaíochtaí coimhdeacha a ghabhann leis, go háirithe bia agus innealtóireacht talmhaíochta, tá siadsan freisin i ngreim deacrachtaí. Creideann an Comhchoiste go mb’fhearr leas a bhaint as acmhainní bainistíochta lena chinntiú go bhféadfar gnó an tsiúcra a sheoladh ar fónamh san am le teacht ná iad a iompó de leataobh chun gabháil do mhór-obair nua éagsúlúcháin. An t-atheagrú bainistíochta atá á dhéanamh faoi láthair theastódh am uaidh freisin chun socrú síos. Sa dara dul síos, ní léir in aon chor cad iad na deiseanna éagsúlúcháin atá ann. I gcás tionscnaimh uile an Chomhlachta roimhe seo, ach amháin b’fhéidir bia, bhí ceangal acu le hoibríocht éigin sa phróis mhonaraíochta siúcra. Cé go bhfuil aonad speisialta sa Chomhlacht do scrúdú smaointe a bhféadfadh tairbhe a bheith iontu, níor tháinig ann go fóill d’aon deiseanna a rachadh chun sochair. Sa tríú dul síos, fiú dá bhfionnfaí aon deis shochrach nach raibh ceangailte le siúcra agus go n-aontófaí gur chóir an deis sin a fhorbairt san earnáil Stát-tionscanta ní léir cén chúis go dtabharfaí an bheart sin do Chomhlacht Siúcra in ionad í a thabhairt do chuideachta Stát-tionscanta éigin eile nó fiú do chuideachta nua a bhunófaí go speisialta chuige sin. B’fhéidir nach eagar bainistíochta i gceangal le siúcra an foras ab oiriúnaí le bheith ag plé le mór-éagsúlú i réimse gan aon bhaint le siúcra. Sa cheathrú dul síos, níl na hacmhainní ag an gComhlacht faoi láthair chun caipiteal fiontair a chur ar fáil le haghaidh tionscnaimh éagsúlúcháin. Ar a shon go mb’fhéidir go mbeadh a thuilleadh acmhainní le fáil ón Rialtas, is í barúil an Choiste go mbeidh nuachóiriúchán an ghnó déanta siúcra ina chúram leordhóthanach le haon airgead a chaitheamh air a bheidh ar fáil amach anseo chomh fada agus is léir. Tuigeann an Coiste go bhfuil acmhainn an-mhór taighde agus teicneolaíochta ag an gComhlacht, agus tá súil aige go leanfaidh sé air féachaint an dtiocfaí ar aon tionscadail nua a bhféadfaí iad a fhorbairt in earnáil an Stáit go huile. Nuair a bheidh gnó an tsiúcra curtha ar a bhonna arís, beidh an Comhlacht sa chor ansin go bhféadfaidh sé tabhairt faoi cheann nó dhó de na smaointe sin a fhorbairt ar a chonlán féin. Idir an dá linn, tá béim á leagan air ag an gComhchoiste nach dóigh gur réiteach an t-éagsúlú ar fhadhbanna an Chomhlachta, agus nár cheart áis a bhaint as do sheachnadh nó do mhoilliú cinntí riachtanacha faoin gComhlacht a athchóiriú i limistéir eile.


(d) Freagrachtaí an chomhlachta maidir le cúrsaí sóisialta agus forbairt réigiúnach

115. San fhianaise os comhair an Choiste, rinneadh trácht go minic ar an ngá a bhí le tuairisc shoiléir a chur in iúl ar an tábhacht ba chóir a thabhairt do chuspóirí sóisialta i leagan amach an Chomhlachta san am le teacht. Is é a chiallaítear le cuspóirí sóisialta é a bheith de bheartas ag an gComhlacht gléasra a choinneáil ar siúl in áiteanna scaipthe agus gan é sa mhéid go n-íocfadh sé as féin d’fhonn fostaíocht a chur ar fáil sna háiteanna sin. Is eol don Chomhlacht go rí-mhaith go bhfuil na hoibríochtaí neamheacnamaíocha sin ag baint dá neart, ach is leasc leis iad a dhúnadh síos mura féidir leis deiseanna fostaíochta eile a sholáthar.


116. Glacann an Coiste leis gur oibleagáid ceart réasúnta ar oibríochtaí an Chomhlachta dífhostaíocht a sheachaint san am le teacht. Chítear dó, áfach, gurb é an locht atá ar argóint an Chomhlacht Siúcra é a bheith á cheapadh aige gur air féin atá na poist eile a sholáthar. De réir na tuairime sin féachtar ar fhreagrachtaí an Chomhlachta ar leithligh ó straitéis don earnáil Stát-tionscanta go huile, nó fiú ó bheartas tionscail an Stáit i gcoitinne. Bhí an Comhlacht ina cheannródaí ar thionsclaíocht tuaithe in áiteanna éagsúla nuair a bhunaigh sé a chuid monarchan. Tá sé níos deacra bheith ag seasamh ar an gcáilíocht ceannródaíochta sin anois nuair atá deiseanna ar fhostaíocht tionscail leathnaithe ar fud na limistéar tuaithe i rith na ndeich mbliana seo caite. Tá cuid d’ionaid mhonarchan an Chomhlachta ina láithreacha tionscail ina gceart féin anois. Creideann an Coiste go bhfreastalódh sé go hiomlán ar fhreagrachtaí an Chomhlachta dá fhórsa saothair féachaint chuige go mbeadh deiseanna fostaíochta eile ar comhchéim ó thaobh scile á gcur ar fáil san áit ag gnóthas Stát-tionscanta eile nó tionscal a gheobhadh cúnamh ón UFT, nuair a theastódh uaidh gléasra láithreach a dhúnadh síos.


117. Tuigeann an Coiste, áfach, ag féachaint air ó thaobh an Stáit, gan trácht ar leas an fhórsa saothair chomh maith, nár chiallmhar ar aon chor an mhaise don Chomhlacht monarcha a dhúnadh go dtí go mbeadh deiseanna fostaíochta eile faoi lánseol. Is troime de ghnáth an costas dífhostaíochta a thiteann ar an Stát, ag áireamh na bhfáltas cánach nach bhfaightear agus an tsochair dhífhostaíochta a íoctar, ná an difríocht idir luach na n-earraí a tháirgeann na hoibrithe agus a bpá. Má dhéantar freastal ar an gcoinníoll sin, is “saoire” don Stát fóirdheontas a thabhairt don Chomhlacht chun a mhonarcha a choinneáil ag obair go sealadach ná ligean dá chuid oibrithe dul ar phá dífhostaíochta. Go dtí go soláthrófar deiseanna fostaíochta eile, molann an Coiste go bhfaigheadh an Comhlacht fóirdheontas sealadach Rialtais chun a chuid gléasra neamheacnamaíoch a choimeád ag obair. Murab ionann agus an cor láithreach seo, áfach, nuair atáthar dáiríre á iarraidh ar an Stát gealltanas gan choinníoll a thabhairt na caillteanais a shlánú a bhain le gléasra neamheacnamaíoch a oibriú, sa chor beartaithe bheadh gealltanas soiléir poist eile níos buaine a sholáthar laistigh de ghearrthréimhse ama. Ba cheart an t-aistriú sin ar dheiseanna fostaíochta a dhéanamh gan amhras i bpáirtíocht iomlán leis na ceardchumainn agus na hoibrithe lena mbainfeadh.


118. Dá ndúntaí cuid d’oibríochtaí an Chomhlachta dhéanfadh sin dochar freisin do leasanna fásóirí/soláthróirí na monarchan sin. Níor cheart rud ró-mhór a dhéanamh den fhadhb sin. Bíonn a gcuid talún i gcónaí ag na fásóirí le haghaidh fiontair eile sa tslí nach gcosnaíonn dúnadh asraon Comhlachta orthu ach an difríocht idir an mbrabús ar bhiatas nó glasraí agus an chéad úsáid eile dá gcuid talún is tairbhiúla dóibh. Mar a léiríodh i mír 46, dealraíonn gur ag ísliú atá an difríocht sin le blianta beaga anuas. I gcás áirithe mhonarcha siúcra Thuama, is beag le háireamh an méid acra biatais a bhíonn á chur laistiar den tSionainn agus ag dul i laghad atá sé le blianta beaga anuas. Ina theannta sin, ó dhul isteach i gComhphobal na hEorpa, is lú go mór an tábhacht a bhaineann le hasraon do bhairr shochracha a sholáthar mar shlí chun cur le hioncaim feirme, go háirithe san Iarthar. Más rud é, áfach, go raibh fásóirí san Iarthar a bhí sásta soláthar do mhonarcha Thuama, bheadh an Comhlacht sásta fóirdheontas iompair a íoc ar bhiatas a saothraíodh taobh thiar den tSionainn a iompar go dtí ceann de mhonarchana eile an Chomhlachta feadh roinnt áirithe blianta i gcás Tuaim do dhúnadh. I gcásanna eile ina dtarlaíonn briseadh, tá bunús le haghaidh cúitimh ag brath ar na cúrsaí áirithe.


(e) Tátal

119. Tá cinneadh deacair le déanamh ag an gComhlacht ina chuid iarrachtaí ar bhrabús a shaothrú ar ais agus an éagothroime ina eagar caipitiúil a cheartú. Tá roinnt réimsí luaite san athbhreithniú seo ina bhfuil beart agus cúnamh Rialtais ag teastáil, mar shampla, maidir le scairchaipiteal a sholáthar go luath le cur isteach ann, agus freisin fóirdheontas airgid a sholáthar de réir mar is iomchuí d’fhonn an Comhlacht a chúiteamh i bhfreagrachtaí a ghlacann sé ar láimh atá sóisialta go sonrach. Ní leor beart Rialtais ann féin, áfach, chun an Comhlacht a sheoladh trí na deacrachtaí atá air faoi láthair. Go háirithe ar thaobh an tsiúcra, ní foláir beart fuinniúil ón lucht bainistíochta i ndáil le fadhbanna maidir leis an éiginnteacht i dtaobh soláthairtí biatais bhaile, breis iomaíochta ó sholáthróirí siúcra coigríche, na modhnuithe a dhéanfar amach anseo ar rialachas siúcra CE, agus leibhéal costas próiseála an Chomhlachta, rud atá curtha i riocht níos measa ag seandacht, méid agus ionad ghléasra an Chomhlachta. In imeacht beagnach caoga bliain, tá an Comhlacht tógtha suas chun go bhfuil sé anois ar cheann de na gnóthais thionscail is mó sa gheilleagar. Beidh comhoibriú iomlán ó gach n-aon lena mbaineann ag teastáil uaidh má tá sé le leanúint air ag gabháil dá chúram fadmharthanach forbairte i réimsí tábhachtacha de thionscal talmhaíochta na hÉireann.


120. Ghlac an Coiste fianaise béil ó ionadaithe de chuid Chomhlucht Siúicre Éireann, Teoranta agus ó Cheardchumann Chomhlachas na bhFoireann Eolaíochta, Teicniúla agus Bainistíochta. Fuair an Coiste aighneachtaí scríofa ó Chomhlucht Siúicre Éireann, Teoranta, ó Chomharchumann Charraig Aonair Teoranta, ó Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann agus ó Cheardchumann Chomhlachas na bhFoireann Eolaíochta, Teicniúla agus Bainistíochta. Tá na haighneachtaí scríofa faoi athchló i bhFoscríbhinní 4 go 8. Ba mhaith leis an gCoiste buíochas a ghabháil leo sin go léir a thug fianaise béil nó aighneachtaí scríofa.


121. Le haghaidh an fhiosraithe seo cheap an Coiste Alan Matthews, Uas., Léachtóir san Eacnamaíocht agus Edward Cahill, Uas., Léachtóir Sinsearach i gCuntasaíocht agus Airgeadas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, mar chomhairleorí saineolais. Thug siadsan cúnamh rí-luachmhar i rith an fhiosraithe.


122. Mar gheall ar chor airgid Chomhlucht Siúicre Éireann, Teoranta, a bheith ag dul in olcas, tá an Coiste á iarraidh go ndéanfaí díospóireacht ar an tuarascáil seo sa Seanad de réir Ordú an Tí sin dar dáta 14 Bealtaine 1980.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


16 Nollaig 1980


1Mura luafar a mhalairt, is £ Éireannach atá i gceist leis an gcomhartha £ sa tuarascáil seo.


2Féach Foscríbhinn 4.


3Féach Foscribhinní 6 agus 8.


4Féach Fianaise (Ceist 252).


5Brabús roimh ús nó cáin a ghearradh maidir le díolacháin.


6Brabús ar aon dul le 5 thuas. Caipiteal curtha chun Saothair = scairchaipiteal eisithe + cúltacaí + deontais forbartha + forálacha pinsin + gach suim a tugadh agus a fuarthas ar iasacht.


7Féach Fianaise (Ceist 290).


8Féach Fianaise (Ceist 286).


9££ sterling an figiúr bunaidh arna chomhshó de réir ráta malairte £1stg. = £IR 1.035.


10Féach Fianaise (Ceist 180).


11Féach Fianaise (Ceist 289).


12Tá caitheamh ar ghléasra agus trealamh á thaispeáint glan de dheontais £1.3m a fuarthas i gcaitheamh na dtrí mbliana.


13Féach Fianaise (Ceist 321).


14Féach Fianaise (Ceist 337).


15Féach Fianaise (Ceist 296).


16Féach Foscríbhinn 4.


17Féach Fianaise (Ceist 38).


18Féach Fianaise (Ceist 294).


19Féach Foscríbhinn 4.


20Féach Fianaise (Ceist 333).


a Aicme Ithreach 1.


b Measta.


21Gallagher, E.J.: Increasing Productivity in the Eighties: Crops; Páipéar do Chomhdháil an Chomhlachais Eolaíocht Talmhaíochta (1980).


22Féach Fianaise (Ceist 17).


23Féach Fianaise (Ceist 27).


24Féach Fianaise (Ceist 26).


* An tréamhchur tuartha á ghlacadh leis go gcuirfear an clár caipitil i ngníomh. Foinse: aighneacht CSÉT chun an Chomhchoiste.


25Féach Fianaise (Ceist 25).


26Féach Fianaise (Ceist 31).


27Féach Fianaise (Ceist 29).


28Féach Fianaise (Ceist 72).


29Féach Fianaise (Ceist 71).


30Is lú go mór torthaí biatais i limistéar mhonarcha Thuama ná sa chuid eile den tír agus míníonn sé sin cuid den drogall a bhíonn ar fheirmeoirí an Iarthair biatas a chur. I bhfeachtas 1979, mar shampla, 12.0 tona an t-acra an toradh biatais i limistéar mhonarcha Thuama i gcomparáid le 15.5 tona an t-acra sa chuid eile den tír.


31Féach Fianaise (Ceist 64).


32Féach Fianaise Ceist 84.


33Féach Fianaise Ceisteanna 95 agus 196.


34Féach míreanna 25-27.


35Féach Foscríbhinn 8.


36Féach Fianaise (Ceisteanna 221-230).


37Féach Fianaise (Ceist 119).


38Féach Fianaise (Ceist 123).


39Féach Fianaise (Ceisteanna 114 suas go 167).


40Féach Foscríbhinn 4.


41Féach Fianaise (Ceisteanna 110 agus 274).


42Féach Fianaise (Ceist 112).


43Féach Fianaise (Ceist 275).


44Féach Fianaise (Ceist 10).