|
CORPARÁID AN CHAIRDE TALMHAÍOCHTA, TEORANTACLÁR NA TUARASCÁLA
AN DEICHIÚ TUARASCÁILCORPARÁID AN CHAIRDE TALMHAÍOCHTA, TEORANTAI RÉAMHRÁ(a) Cúlra1. Bhí Corparáid an Chairde Talmhaíochta, Teoranta (nó an CCT) ar cheann de na chéad chomhlachtaí Stát-tionscanta a bunaíodh sa tír seo. Bunaíodh é i 1927 chun seirbhís chreidmheasa speisialta a sholáthar do thalmhaíocht, go háirithe i réimse na n-iasachtaí meán-téarma agus fad-téarma d’fheirmeoirí agus do chomharchumainn feirmeoireachta. Ar feadh cuid mhaith blianta ní raibh ach gnó beag á dhéanamh, comhartha ar an saol deacair geilleagrach a bhain le talmhaíocht sna blianta sin agus drogall a bheith ar fheirmeoirí airgead a fháil ar iasacht. Faoi 1961 b’ionann na sócmhainní iomlána agus £3.7 milliún sa chlár comhardaithe agus bhí tuairim £0.8 milliún sa bhliain á thabhairt amach ar iasacht. 2. Chuaigh gnóthaí an CCT chun bisigh níos tapúla i mblianta déanacha na 1960-ódaí. Thosaigh an CCT ar é féin a chur chun tosaigh mar ghníomhaireacht do thabhairt iasachtaí agus san am céanna, i measc na bhfeirmeoirí, is mó an fonn a bhí orthu iasacht a fháil ag brath ar phraghsanna agus margaí feabhsaithe de thoradh a dhul isteach i CEE. Chabhraigh dhá mhír reachtaíochta a ritheadh sna 1960-ódaí lena bheith níos gníomhaí. Mhéadaigh Acht Cairde Talmhaíochta 1961 scairchaipiteal údaraithe na Corparáide, inter alia; d’ardaigh sé an teorainn iasachta; rinne simpliú ar nósanna imeachta trí thalamh a ghlacadh mar urrús i leith iasachtaí; agus cheadaigh sé don Chorparáid bheith ag gabháil d’iasachtóireacht fruilcheannaigh. Cheadaigh Acht Cairde Talmhaíochta 1965 don CCT taiscí a ghlacadh ón bpobal agus leag síos foras ar an gcuma sin don mhéadú acmhainní a tháinig dó ina dhiaidh sin. Mhéadaigh na hiasachtaí in aghaidh na bliana ó £4.9 milliún faoi 1965 agus go dtí £17.5 milliún faoi 1972. Mhéadaigh na hacmhainní bliantúla go dtí beagnach £12 milliún faoi 1965 agus go dtí beagnach £41 milliún faoi 1972. 3. Leathnaigh réim gníomhaíochtaí na Corparáide go rí-fhairsing sna 1970-ódaí. D’infheistíodh a thuilleadh airgid sa talmhaíocht de réir mar bhain feirmeoirí leas as na deiseanna a bhí le fáil de thoradh dul sa CEE. Mhéadaigh an CCT a eagraíocht d’fhonn freastal ar an éileamh méadaithe ar chreidmheas. San fhianaise a thug Cathaoirleach an CCT don Chomhchoiste, chuir sé in iúl go raibh an CCT caoga bliain ar bun i 1977 agus go raibh níos mó gnó déanta ag an gCorparáid sna trí bliana chun an dáta sin ná mar a rinne sé sna 47 mbliana roimhe sin dá mharthain.1 I 1978 tugadh amach airleacain dar mhéid £143 milliún, suim a sheas do 23,000 idirbheart iasachta ar leithligh. Mhéadaigh acmhainní iomlána an CCT ó £125 milliún i ndeireadh Aibreáin 1975 go dtí £340 milliún i ndeireadh Meán Fómhair 1979. Tar éis boilsciú a chur san áireamh, sin méadú fá thrí ar ghnó ó 1972. TÁBLA 1 Iasachtaí do Thalmhaíocht ón CCT agus na Baine Chomhlachaithe 1975-78
Nótaí: Iasachtaí ó na Bainc Chomhlachaithe i mí na Samhna gach bliain. Iasachtaí ón CCT ag deireadh na Nollag gach bliain. Áirítear ar iasachtaí CCT iasachtaí do ghnó talmhaíochta. (b) Gné dlíthiúil4. San Acht Cairde Talmhaíochta, 1978, a rinne comhdhlúthú agus leasú ar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1975, leagtar amach cuspóirí, comhdhéanamh, feidhmeanna agus maoiniú an CCT. Tá an CCT freagrach don Aire Airgeadais, a shealbhaíonn an scairchaipiteal eisithe ar fad agus a cheapann na stiúrthóirí. Nuair a bunaíodh an CCT, bhí sé beartaithe gurb iad na Bainc Chomhlachaithe na príomhscairshealbhóirí agus gur mion-leas a bheadh ag an Stát agus nach gceapfadh an Stát ach an mionlach stiúrthóirí. Ní mar sin a tharla agus tháinig an Stát chun bheith ina scairshealbhóir aonair sna 1940-adaí. Ach tá foráil i gcónaí san Acht Cairde Talmhaíochta, 1978 go bhféadfaí scaireanna a chionroinnt ar dhaoine eile. 5. Is cúram leis an Aire beartas uileghabhálach an CCT ach ní bhaineann sé lena ghnóthaí ó lá go lá. Ceadaíonn sé buiséad bliantúil na Corparáide, athruithe ar rátaí úis ar iasachtaí agus taiscí agus athruithe ar theorainn chumhachtaí an CCT chun airgead a fháil ar iasacht, coinníonn sé faireachas ar a chúrsaí ginearálta airgid agus tá sé freagrach i reachtaíocht leasaitheach san Oireachtas. (c) Oibríochtaí6. Is é príomh-ghnó an CCT iasachtaí agus saoráidí fruilcheannaigh a airleacan chun críche ar bith is dóigh leis a dhéanfaidh tairbhe do thalmhaíocht, do gharraíodóireacht nó d’iascach. Cuireadh an t-iascach san áireamh san Acht Cairde Talmhaíochta, 1978, ar a shon nach bhfuil aon iasachtaí tugtha go dtí seo i ndáil le hiascach. Thosaigh an CCT le déanaí ar iasachtaí a thabhairt do ghnó talmhaíochta; i 1978, d’airleacadh £30 milliún punt do chomhlachtaí sna tionscail phróiseála talmhaíochta mar atá uachtarlanna, monarchana feola agus muilleoirí arbhair. 7. Baineann formhór na n-iarratas ar iasachtaí le hairgead ceannaigh do bheostoc, foirgnimh agus innill, síolta, arbhar agus leasacháin, caipiteal oibre, ceannach agus feabhsú talún agus socruithe teaghlaigh. Taispeántar i bhFoscríbhinn mar a dáileadh iasachtaí na Corparáide chun na ngnóthaí sin le blianta beaga anuas. Baineann suim speisialta le scéim na Corparáide le haghaidh iasachtaí forbartha, atá ceaptha chun forbairt phleanáilte ar fheabhsuithe feirme a spreagadh. Tugtar na hiasachtaí sin ar fhoras phleananna a bhíonn curtha isteach ag daoine a bhíonn ag lorg iasachtaí, agus cóirítear téarmaí aisíocaíochta chun gabháil leis an gcineál oibre a bhíonn i gceist. I 1979 d’airleacadh os cionn £13 milliún le haghaidh iasachtaí forbartha. 8. Téann na tréimhsí aisíoca suas ó bhliain nó dhá bhliain i gcás iasachtaí gearrthéarma go dtí cúig bliana déag i gcás ceannach talún. Chuaigh na rátaí úis i Nollaig 1979 ó 17½ faoin gcéad i gcás iasachtaí séasúir b’iníoctha laistigh de bhliain suas go dtí 18¾ faoin gcéad i gcás iasachtaí téarma deich mbliana agus os a chionn. Tugtar iasachtaí de réir an ráta úis a bhíonn i bhfeidhm lá a dtugtha agus, lasmuigh de roinnt iasachtaí a tugadh amach roimh 1975 de réir ráta cinnte úis, d’fhéadfaí na rátaí úis orthu a athrú ó am go ham. 9. Roimh 1965 is ón Státchiste i bhfoirm cistí agus iasachtaí scairshealbhóirí a tháinig acmhainní uile na Corparáide. Bhí £12.5 milliún ar fad d’airleacain an Státchiste amuigh ar an 31 Nollaig 1978. Is le taiscí, áfach, is mó a mhaoiníonn an Chorparáid a cuid gníomhaíochtaí anois. Mar chionúireacht dá hacmhainní iomlána mhéadaigh taiscí ó 59 faoin gcéad i 1975 go dtí 81 faoin gcead i 1978. Maoinítear iasachtaí nua go formhór as ioncam taiscí agus as aisíocaíochtaí ar iasachtaí atá ann cheana. Ní raibh ar an gCorparáid airgead sa bhreis a iarraidh ar an Státchiste ó 1973. Tá ráthaíocht Stáit ag tacú le taiscí CCT agus tá seasamh aige mar urrús iontaobhais. (d) Cuspóirí10. Níor leag na hAchtanna Cairde Talmhaíochta aon chuspóirí áirithe síos don CCT. I 1977 d’iarr Bord an CCT ar chomhlacht comhairleoirí bainistíochta cabhrú léi chun a bun-chuspóirí a shainiú. Is iad cuspóirí an CCT ar ar comhaontaíodh de thoradh mholtaí na gcomhairleoirí: Seirbhísí baincéireachta agus airgeadais a sholáthar do thalmhaíocht, iascach agus tionscail ghaolmhara na hÉireann d’fhonn a bhforbairt a chur chun cinn agus a urasú, lena n-áirítear airgead a chur ar fáil do thionscadail a mheasfaidh an Chorparáid a bheith rathúil ó thaobh airgid agus a mhéadóidh táirgeacht talmhaíochta nó iascaigh nó a chabhróidh lena mhéadú, agus é sin a dhéanamh le linn (a)neart agus neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach agus a choimeád slán, agus (b)toradh a thuilleamh ar chaipiteal a oibrítear a bheidh réadúil ag féachaint do ghealltanais fadtéarma na Corparáide agus do imeachtaí in earnáil an airgeadais. 11. Ardaíonn na cuspóirí sin ceisteanna tábhachtacha i dtaobh cúram agus réim an CCT. Nuair a bunaíodh é, bhí cineálacha áirithe creidmheasa nach raibh ar fáil d’fheirmeoirí na nÉireann ach ar rí-éigean. Cuireadh an CCT ar bun chun seirbhís sainiúil creidmheasa a sholáthar go háirithe d’iasachtaí meántéarma agus fadtéarma. Le déanaí thug na Bainc Chomhlachaithe le fios go bhfuil siad i bhfad níos toilteanaí airgead a thabhairt ar iasacht do thalmhaíocht agus do ghnóthaí a bhaineann leis an bhfeirm. San am céanna tá leathnú déanta ag an CCT ar réimse seirbhísí ionas go n-áirítear orthu anois airgeadas séasúir agus gearrtheárma, sa tslí go bhfuil sé san iomaíocht anois leis na bainc thráchtála do chineálacha áirithe creídmheasa. San fhianaise a thug sé, ó bhéal agus i scríbhinn, don Chomhchoiste, chuir an CCT in iúl go soiléir go dteastaíonn uaidh bheith ina fhoinse príomha airgeadais le haghaidh talmhaíocht na hÉireann agus dúirt go raibh sé ag iarraidh a chur in áirithe “go soláthrófar seirbhís iomlán uileghabhálach, feadh dícheall ár gcumais, go háitiúil agus go réigiúnach.”2 12. An CCT a bhunú mar phríomh-shás le haghaidh airgead a thabhairt ar iasacht chun talmhaíochta ní shin é go follasach an cúram a ceapadh dó i gcéaduair ach bheith ina sholáthróir imeallach do chreidmheas speisialta. Dar leis an gComhchoiste, áfach, tá roinnt cúiseanna ann le gur mhaith leis an Stát bheith ina choimirceoir do ghníomhaireacht iasachta talmhaíochta den sórt sin, fiú má bhíonn na bainc thráchtála toilteanach airgead a sholáthar le haghaidh cineálacha áirithe iasachtaí talmhaíochta. D’fhéadfadh go gceapfadh an Stát go mbeadh tráthanna ann nuair nár leor iasachtaí de chuid banc tráchtála, san iomlán, chun freastal ar riachtanais talmhaíochta. Nuair nach dteastaíonn ó na bainc thráchtála cineálacha áirithe airgeadais a sholáthar, ar nós iasachtaí fadtéarma, ansin is buntáiste é don fheirmeoir go bhfuil de rogha aige a chuid creidmheasa uile a fháil ó aon fhoras amháin. B’fhéidir gur mhaith leis an Stát tuilleadh iomaíochta a thabhairt i gcrích idir seirbhísí baincéireachta; de bharr foras creidiúnais a sheoladh féadfaidh sé dul i gcion ar iasachtaí talmhaíochta, ó thaobh a dtéarmaí agus a méid, níos éifeachtaí ná de bhíthin rialacháin nó bheith ag spreagadh an chórais bhaincéireachta tráchtála. Sa deireadh thiar, b’fhéidir gur mhaith leis an Stát díreach lámh a bheith aige in infheistíocht bhrabúis a thabharfadh airgead do mhaoiniú a chuid gníomhaíochtaí eile. 13. Creideann an Comhchoiste go bhfuil feidhm úsáideach á comhlíonadh ag an CCT. Soláthraíonn sé creidmheas ar bhonn speisialta do thalmhaíocht nach mbeadh ar fáil ar aon bhealach eile; spreagann sé iomaíocht ag ceann gearr an mhargaidh chreidmheasa; cuireann sé i ndeimhin go ndéanfar freastal ar riachtanais chreidmheasa na talmhaíochta; agus cuidíonn sé leis na cistí Stáit mar ranníocóir nó ar a laghad d’fhéadfadh dó sin a dhéanamh. Ach ag tabhairt measluach dó ar oibríochtaí agus gnó airgeadais an CCT, ní fheictear don Chomhchoiste go bhfuil cúis ar bith ann le nach gcuirfí na feidhmeanna sin ar fáil ar choinníollacha tráchtála. Tá an Comhchoiste ar aon tuairim le Cathaoirleach CCT, a dúirt ina fhianaise gurb é an caighdeán “éifeachtúlacht a bhaint amach agus sa mhéid go bhfuilimid, agus go bhfanfaimid, éifeachtúil beimid i dteideal go n-áireofaí sinn mar bhanc oiriúnach eile chun críocha sonraithe.”3 Ní léir don Chomhchoiste cúis ar bith le bheith in aghaidh iarracht an CCT chun staid cheannais a bhaint amach sa mhargadh creidmheasa talmhaíochta. II CÚRSAÍ AIRGEADAIS(a) Brabúsmhaireacht an CCT14. Níl aon mhíniú áirithe ar chuspóirí tráchtála an CCT san Acht a bhunaigh é i 1927, ná i reachtaíocht ina dhiaidh sin. Cé go raibh tuiscint ghinearálta ann gur cheart an Chorparáid a sheoladh ar chóir thráchtála ní dhearnadh aon iarracht dáiríre sna blianta tosaigh toradh sásúil ar a chuid caipitil a thabhairt don Stát. Is é rud ar leag an Chorparáid béim air sa chéad áit, airgead oiriúnach a sholáthar d’fheirmeoirí chun a dtáirgeacht a fhorbairt agus a mhéadú. Sa tsraith cuspóirí lenar ghlac an Bord i 1977, tá aitheantas tugtha go soiléir don riachtanas atá ann oiread brabúis a shaothrú agus a thabharfadh toradh réadúil ar an gcaipiteal a úsáideadh. Mar a cuireadh in iúl go soiléir cheana, tá an Comhchoiste ag tacú go hiomlán leis an gcuspóir sin. 15. Cé gur tháinig méadú an-mhear ar ghnó an CCT le blianta beaga anuas, tá a bhrabús trádála beag i gcónaí (féach Tábla 2). Sna blianta sin bhí éifeacht ar bhrabúsmhaireacht na Corparáide ag an mbeartas a chleacht sé, suas go dtí 1975, iasachtaí a thabhairt de réir rátaí cinnte úis agus ag na caillteanais mhóra ar na hiasachtaí a thóg sé ón gcoigrích mar gheall ar dhíluachadh sterling. Níor íoc an CCT díbhinn leis an Aire Airgeadais ó 1973/74, nuair nár dearbhaíodh ach 1% glan cánach. Tháinig feabhas ar bhrabúsmhaireacht ó 1976 cé gur dóigh go mbeidh toradh na bliana 1979 faoi bhun sprice. TÁBLA 2 Brabúsmhaireacht an CCT, 1975-78
Nóta: Tá figiúirí diúltacha idir lúibíní. 16. Go dtí tús na 1970—ódaí maoiníodh cuid mhór d’iasachtaí an CCT as cistí de réir rátaí úis chinnte, agus ba é beartas na Corparáide iasacht a thabhairt de réir rátaí úis chinnte. I rith na 70-ódaí, áfach, tháinig an CCT chun bheith ag brath tuilleadh ar ioncam taisce chun iasachtaí a mhaoiniú, nuair a bhí rátaí úis ar thaiscí ag athrú de réir ráta an mhargaidh. I 1973 agus 1974 tháinig ardú an-mhór ar rátaí úis taisce i gcomparáid le mar bhí roimhe sin agus caolaíodh láithreach bonn corrlach brabúis na Corparáide. I 1975 d’athraigh an CCT a bheartas iasachtóireachta. Bíonn rátaí úis inathraithe anois ar gach iasacht, seachas fruilcheannach agus cistí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le haghaidh air-iasachtaí do chustaiméirí gnó talmhaíochta. Níl ach roinnt an-bheag iasachtaí de réir úis chinnte amuigh fós, sa tslí nach bhfuil tábhacht ná tionchar a thuilleadh leis an gcor sin ar bhrabúsmhaireacht na Corparáide. 17. Go luath sna 70-ódaí bhí níos mó éileamh do lorg iasachtaí ag teacht ó fheirmeoirí ná mar a bhí ar chumas na Corparáide a mhaoiniú as a chuid acmhainní féin. Dá bhrí sin tharraing sí iasachtaí ón gcoigrích i 1974, le ceadú ón Roinn Airgeadais agus ón mBanc Ceannais, d’fhonn cur lena hacmhainní baile, ar a shon gur thuig sí san am céanna go bhféadfadh sí í féin a chur i bhfiontar ó thaobh malairte. Mar a tharla bhain mórchaillteanais don Chorparáid mar gheall ar dhíluachadh sterling. Ar deireadh thiar glanadh na caillteanais sin as an gclár comhardaithe i 1979.4 18. Bhí iasachtaí coigríche de shuim ar coibhéis le £IR 27.5 milliún tógtha ag an CCT ag an 31 Nollaig 1978 (i gcomparáid le sócmhainní iomlána £314 milliún sa chlár comhardaithe i ndeireadh 1978) agus bhí sin méadaithe go dtí coibhéis £IR41.5 milliún ag 31 Nollaig 1979. Ón mBanc Eorpach Infheistíochta a fuarthas cuid den airgead sin ar iasacht, agus is ar an tionscal próiseála bia amháin a chaitear é. Ina theannta sin, teacht deireadh 1979 thóg an CCT £25 milliún punt ar iasacht in airgeadraí CEE. Sa dá chás sin tá an fiontar malairte á iompar ag an Rialtas. 19. Faoi alt 12 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1978, a thugtar ráthaíocht Stáit don Chorparáid i gcoinne an fhiontair mhalairte ar a chuid iasachtaí ón gcoigrích. Ní hionann agus mar a dhealraíonn sé ar an gcéad amharc, ní mar a chéile an ráthaíocht sin agus a rá go bhfaigheann an CCT fóirdheontas. Faightear na cistí ar iasacht ar rátaí úis cuíosach íseal agus tugtar ar iasacht ansin iad d’fheirmeoirí de réir ghnáthrátaí úis na Corparáide ar iasachtaí. Aon difríocht idir na rátaí á bhfáil ar iasacht agus á dtabhairt ar iasacht a théann thar chorrlach riaracháin an CCT tugtar ar ais don Státchiste é agus bíonn sé ar fáil aige sin mar thaca in aghaidh caillteanais mhalairte, más ann dóibh. D’fhéadfadh an Rialtas cailleadh nó breith as an ngnó, ag brath ar mar bheadh na rátaí malairte idir £ na hÉireann agus airgeadraí CAE. Is iad na feirmeoirí, dá bhrí sin, agus ní hé an CCT, a thairbhíonn as an ráthaíocht Stáit, ar a shon gan amhras go n-íocann an feirmeoir as an ráthaíocht sin i bhfoirm rátaí úis níos airde. 20. Is í barúil an Chomhchoiste gur chóir gurb é bun-chúram Bhord agus lucht bainistí an CCT i rith na gcúig bliana seo romhainn breis bhrabúis a thuilleamh. Ba chóir é a bheith mar aidhm ag an CCT leorchúiteamh a dhéanamh i gcothromas an Stáit sa Chorparáid faoi dheireadh na tréimhse sin. Breis bhrabúis a bhaint amach freisin an bealach chun clár comhardaithe na Corparáide a neartú, agus is ar an ábhar sin a thabharfaimid aghaidh anois. (b) Clár comhardaithe an CCT21. Tá an CCT tar éis aird a tharraingt ar roinnt laigí follasacha ina chlár comhardaithe nuair a dhéantar é sin a iniúchadh de réir na bprionsabal a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí airgeadais eile. San aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Chomhchoiste, deir sé: “Faoin mbliain 1977 bhí sé tagtha chun soiléire le tamall nach bhféadfadh an Chorparáid leanúint da bheartas láithreach, is é sin, ag fáil iasachtaí gearrthéarma agus ag thabhairt iasachtaí fadtéarma uaidh. Ní gearr-iasachtú agus fadiasachtóireacht díreach a bhí i gceist; is é a bhí i gceist ár n-acmhainní go léir a thabhairt amach ar iasacht.”5 Tá cláir chomhardaithe na Corparáide do 1977 agus 1978 faoi athchló i dTábla 3. 22. Ina cháil mar fhoras airgeadais, tá an CCT neamhleachtach amach is amach. Bhí na glan-sócmhainní leachtacha faoi bhun náid i 1978, nuair ba mhó iasachtaí agus ró-tharraingt bainc ná airgead ar láimh agus ar taisce, agus nuair a bhí iasachtóireacht (meántéarma agus fadtéarma a fhormhór) níos airde ná taiscí (a bhféadfaí formhór díobh a aistarraingt laistigh de mhí). Tá sé gann-chaipitlithe chomh maith, gan méadú ag teacht ar chistí scairshealbhóirí ach ó 2% go 3½% de na sócmhainní iomlána idir 1977 agus 1978. Dá mba ghnáthbhanc tráchtála an CCT, bheadh taisceoirí an-amhrasach faoina gcuid airgid a thabhairt ar iasacht dó sa riocht sin dó. Is é lom na fírinne nach bhfuil ach toisc amháin le CCT a bheith fanta ar marthain sna cúinsí sin agus is é sin go bhfuil sé ar úinéireacht an Stáit agus go bhfuil ráthaíocht an Stáit lena chuid taiscí. TÁBLA 3 Clár Comhardaithe an CCT, 1977 agus 1978
23. Mar chosaint ar an CCT, áfach, féadfar a áiteamh go bhfuil a chlár comhardaithe sa bhail ina bhfuil sé mar gheall ar roinnt blianta dian- fhairsingiúcháin, a tháinig de dhroim gur ghá nach gcuirfí bac, de dheasca gan fáil a bheith ar airgead, leis na deiseanna nár ráinig riamh roimhe d’fheirmeoireacht na hÉireann de bharr dul isteach in CEE. Go deimhin ceapann an CCT féin anois go bhfuil gá le druidim umá luaithe go dtí staid in mbeidh a chuid cóimheas airgid níos mó ar aon dul le forais airgeadais cosúil leis féin. 24. Ar na cúiseanna gur mhaith an rud é clár comhardaithe na Corparáide a neartú tá siad seo a leanas: —chuirfeadh gannchaipitliú bac leis an gCorparáid do mhéadú tuilleadh san fhadtéarma. —gá a bheith le druidim i dtreo gnásanna oifigiúla baincéireachta tráchtála, mar atá leagtha síos ag an mBanc Ceannais, toisc na gnásanna sin a bheith ag gabháil le cleachtas críonna freagrach baincéireachta, agus toisc go mbeadh siad ina mbun-choinníoll do cheadúnas baincéireachta dá dteastaíodh ón CCT a léithéid a iarraidh tráth ar bith. —Tharlódh dáiríre go mbeadh feidhm maidir leis an gCorparáid fán mbliain 1985 ag Treoir thosaigh CEE maidir le dlíthe agus rialacháin chreidmheasa, ina leagfar síos rialacháin sócmhainneachta agus leachtais do fhorais chreidmheasa i mBallstáit.6 —Toisc gur oibritheoir tábhachtach sa mhargadh creidmheasa an Chorparáid, ní foláir dó bheith ag súil le bheith faoi réir na gceanglas céanna agus a bhíonn forais airgeadais eile a bhíonn ag obair sa réimse chéanna. Féadfar a rá freisin go mbeadh clár comhardaithe neartaithe ina rud riachtanach dá gcinnfí gur cheart do CCT breis airgid chothromais a lorg ar fheirmeoirí nó ar an earnáil phríobháideach. 25. D’fhonn a chlár comhardaithe a fheabhsú, tá spriocanna leagtha amach do féin ag an gCorparáid maidir le bun-chóimheas áirithe a cheapann sé a bhaint amach faoi 1985. Tá sé curtha in iúl go príobháideach don Chomhchoiste ag an CCT conas is dóigh leis a bhainfear amach na spriocanna sin. Tá béim á leagan air ag an gComhchoiste go bhfuil gnóthú an chóimheas sprice ag brath ar leibhéal leordhóthanach brabús coinnithe a bhaint amach. 26. Tá an Comhchoiste ag tacú go láidir le hiarrachtaí an CCT chun an bun-chóimheas sin a bhaint amach faoi 1985. Cé gur cás leis an gCoiste go bhféadfadh de thoradh a bheith ar an iarracht chun leachtas dóthanach a bhaint amach sna cúig bhliain seo romhainn srian a chur leis an airgead a bheadh ar fáil le haghaidh iasachtaí feirme, molann sé mar sin féin go dtabharfadh CCT faoi na spriocanna a bhaint amach i rith na tréimhse sin is cuma cad é an síos-suas a tharlódh ó am go ham ar chúrsaí creidmheasa. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil na spriocanna comhcheangailte agus go mbeidh siad ag brath go bunúsach ar Mhór-Chorrlach Oibríochta na sprice a bhaint amach. Creideann an CCT gur caoile a chorrlach sprice féin ná é sin atá faighte ag a lucht iomaíochta.7 Molann an Coiste dá bhrí sin go meabhródh an Roinn Airgeadais, nuair a bheidh tograí ón CCT le haghaidh athruithe rátaí úis á n-athbhreithniú aige, a thábhachtaí atá sé don Chorparáid leorchorrlach oibríochta a bhaint amach. Ba chás leis an gCoiste a fháil amach go raibh eagar na rátaí úis d’iasachtaithe agus d’iasachtóirí i 1979 sa riocht go raibh mór-chorrlach oibríochta CCT go maith faoi bhun a ráta sprice ar feadh cuid mhór den bhliain. 27. Ní miste a rá go dearfa anseo nach dtagann CCT faoi urlámh an Bhainc Ceannais, agus mar sin nach gá dó cloí leis an gcóimheas leachtais atá ceaptha d’fhorais airgeadais, ná níl de cheangal air gabháil de réir aon treoirlínte creidmheasa cainníochtúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ó am go ham. Nuair nach gá don CCT an cóimheas príomha agus tánaisteach atá leagtha síos do na bainc chomhlachaithe a chomhlíonadh agus nuair nach gá dó dá chionn sin acmhainní a cheangal suas in airgead nó iad a thabhairt ar iasacht don Státchiste ar bhrabús níos lú, is féidir a leithéid sin a áireamh mar bhuntáiste, rud a bheadh mar a chéile agus fóirdheontas don CCT nó, b’fhéidir gur chóra a rá, ina cháin ar na bainc chomhlachaithe. Dúirt an CCT leis an gComhchoiste gur léir dó gur gá, mar gheall ar na cúiseanna atá leagtha amach i mír 24, a chóimheas airgeadais a thabhairt ar aon réir le forais airgeadais eile den chineál céanna ach is ábhar fiafraithe é ar chóir é a chur go foirmiúil faoi urlámh an Bhainc Ceannais maille le hoibleagáid ceanglais an Bhainc Ceannais a chomhlíonadh. Aontaíonn an Comhchoiste gur chóir go mbeadh an cothrom céanna iomaíochta idir fhorais airgeadais den chineál céanna. Is é cúram láithreach an CCT a chlár comhardaithe a chur ar ais sa riocht go mbeidh sé leachtach agus a chúltacaí a neartú trí bhíthin brabús connithe. Má théitear i dtreo na spriocanna sin tabharfaidh sin freisin cóimheas airgeadais CCT chun bheith níos mó ar aon réir le forais airgeadais eile den chineál céanna. Nuair a bheidh cuspóirí sin CCT bainte amach, ansin ba cheart breithniú a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhainfeadh leis an CCT a chur faoi urlámh foirmiúil an Bhanc Ceannais. (c) Bacainní sóisialta ar bhrabúsmhaireacht CCT28. Rinne an Comhchoiste iarracht a fháil amach an bhfuil aon bhacainní sóisialta ar oibríochtaí an CCT ó thaobh gnó, bacainní a b’fhéidir a rachadh i gcion ar a bhrabúsmhaireacht agus a dhéanfadh difear dá inmhe chun a chuid spriocanna airgeadais a bhaint amach. Tháinig an Comhchoiste ar an aigne nár cheart bac a bheith ar ghnóréim airgeadais an CCT maidir leis sin. Cé go mbíonn an CCT toilteanach iasachtaí a rollú i gcásanna inar decair d’fheirmeoirí a n-aisíocaíochtaí a íoc, níl aon fhianaise go bhfuil an CCT níos boige i ndáil leis sin ná na bainc thráchtála. Deir an CCT i gcónaí go bhfuil na daoine a dtugann sé iasacht dóibh an-mhaith ag aisíoc.8 Bíonn ócáidí ann freisin nuair a iarrfadh an Rialtas ar an CCT tacaíocht a thabhairt d’oibríocht áirithe i dtionscal an bhia. I ngach cás den sórt sin bheadh ráthaíocht in aghaidh caillteanais ag an gCorparáid ón Aire. Tugann an Chorparáid rátaí fabhair úis d’fheirmeoirí beaga a dteastaíonn airgead uathu chun críocha ginearálta táirgthe, tuairim 1% faoi bhun an méid a bhíonn le fáil ag lucht feirmeoireachta i gcoitinne. Bíonn an leibhéal fabhair agus an tsuim iasachta cuibheasach beag, agus níl tábhacht ró-mhór leis i ngníomhaíochtaí iomlána na Corparáide. III OIBRÍOCHTAÍ(a) Saoráidí cuntais reatha29. Tá áireamh na seirbhísí baincéireachta atá á gcur ar fáil ag an CCT faoi láthair leagtha amach go cuimsitheach i bhFoscríbhinn 2. Tá éagsúlacht fairsing saoráidí creidmheasa, idir saoráidí iasachta agus saoráidí tráthchodanna, á n-oibriú aige do dhaoine a thógann airgead ar iasacht, agus i gcás taisceoirí, tá scéim taisce, cosúil le mar atá ag na bainc thráchtála, á hoibriú ag an CCT. I gcomparáid leis na bainc thráchtála, áfach, ní chuireann an CCT seirbhís iomlán baincéireachta ar fáil go fóill. Go háirithe, ní féidir leis saoráidí cuntais reatha, iasacht neamhthalmhaíochta ná rótharraingthe a chur ar fáil ag an am seo i láthair. 30. Bhí sé á áiteamh go gcailleann an Chorparáid ábhar custaiméirí toisc nach féidir leis saoráidí cuntais reatha a thairiscint.9 Níl sé ar a chumas tairbhiú freisin as úsáid taiscí cuntais reatha de réir rátaí úis zero. Ar an leith eile, bheadh sé costasach saoráidí cuntais reatha a thabhairt isteach. Chaithfí athruithe móra eagraíochta a dhéanamh dá chionn agus thabharfadh sé an CCT níos gaire do bheith i ndír-iomaíocht leis an gcóras baincéireachta tráchtála. Ina chuid fianaise don Chomhchoiste, d’aithin Cathaoirleach an CCT go raibh baint idir na corr-iarratais ar shaoráidí baincéireachta iomlána don CCT agus fadhbanna a bhí tar éis tarlú sna bainc thráchtála, agus a thúisce a bhí na fadhbanna sin réitithe, go ndeachaigh na hiarratais i léig go ríthapaidh.10 Ach ar leithligh ón bhfiúntas nó a mhalairt a bhaineann leis an togra chun saoráidí cuntais reatha a thabhairt isteach, ní féidir é a dhéanamh go luath. Níor mhór ceadúnas chuige ón mBanc Ceannais agus ní dóigh go bhfaighfear é sin ag féachaint don riocht ina bhfuil clár comhardaithe an CCT. 31. Is é beartas láithreach an CCT díriú ar a chlár comhardaithe a fheabhsú ionas faoi 1985 go mbeadh sé sa chor go bhféadfadh sé ceadúnas baincéireachta a iarraidh agus saoráidí cuntais reatha a thabhairt isteach dá gceapfaí go mba mhaith an rud sin. Tá aigne oscailte ag an CCT faoi láthair i dtaobh ar mhaith nó nár mhaith an rud ceadúnas baincéireachta, cé go n-aontaíonn sé gur mhó an tarraingt a bheadh aige ar chustaiméirí dá mbeadh a leithéid aige.11 Aontaíonn an Comhchoiste gur cheart tús a thabhairt faoi láthair do chlár comhardaithe na Corparáide a neartú. Molann sé, idir an dá linn, go ndéanfadh an Chorparáid staidéar iomlán a ghabháil de láimh ar an gcostas agus an tairbhe a bhainfeadh le saoráidí cuntais reatha a thabhairt isteach nó aon chórais leath-slí dá mhalairt a b’fhéidir. Chabhródh staidéar den sórt sin le heolas a thabhairt le haghaidh cinneadh dá n-ardófaí an cheist arís faoi na meán 80-ódaí. (b) Iasachtóireacht neamhthalmhaíochta32. Airgead a thabhairt ar iasacht tá baint díreach aige sin le ceist na saoráidí cuntais reatha agus ceadúnas baincéireachta a cheadú. Nuair nach féidir leis an CCT iasachtaí ná ró-tharraingtí pearsanta a thairiscint is lú an t-éileamh a bhíonn air ag daoine a d’fhéadfadh a bheith ina gcustaiméirí taisce. Mar shampla, is míbhuntáisteach an rud dó, i ndáil le taisceoirí cathrach a bhfuil a líon ag méadú, nach féidir leis airgead a thabhairt ar iasacht le haghaidh tithe. Dá bhfaigheadh an CCT ceadúnas baincéireachta, bheadh sé ina chúram lom láithreach dó é a bheith mar shaoráid aige cuntais reatha a thairiscint (agus dá bhrí sin ró-tharraingtí pearsanta).12 Ar an taobh eile den scéal, thionscnódh sé sin éileamh mór nua ar chistí CCT agus sheolfadh sé acmhainní i dtreo eile seachas don iasachtóireacht talmhaíochta. 33. Tá ceisteanna eile bainteach leis an scéal. Faoin Acht Cairde Talmhaíochta, 1978, níl cead ag an CCT ach airgead a thabhairt ar iasacht chun críocha forbartha talmhaíochta, garraíodóireachta agus iascaireachta. D’fheádfadh baol do bhaint le gan bheith ag thabhairt iasachtaí ach le haghaidh earnáil gheilleagair amháin agus bheith i mbaint chomh dlúth sin lena bail. Fad agus bhí seirbhís creidmheasa sainiúil agus cuibheasach beag á sholáthar don talmhaíocht ag an gCorparáid ní raibh ach baol rí-bheag ann cé gurbh í an chionúireacht chéanna baoil a bhí ann. Is mó go mór an baol atá ann anois tráth gur mó agus gur tábhachtaí an CCT inniu mar iasachtóir don talmhaíocht. D’fheádfadh freisin, ó tá an CCT ceangailte le hiasachtóireacht talmhaíochta go formhór, go bhféadfadh sin féin deacrachtaí a chur sa tslí dá n-iarradh sé ceadúnas baincéireachta. Ar cheann de na coinníollacha a ghabhann le ceadúnas baincéireachta tá nach mbeidh thar 20% sócmhainní fiontair cruinnithe le chéile ag sealbhóir cheadúnais in aon earnáil áirithe gnó nó geilleagair is ábhar do mhór-fhiontar comhchoiteann.13 Tharlódh go mba dheacair don CCT mar atá a chomhdhéanamh faoi láthair an coinníoll sin a chomhlíonadh dá mbaintí míniú beacht as. 34. Ceist chasta go follasach í cumhachtaí an CCT a leathnú ionas go gceadófaí iasachtóireacht neamhthalmhaíochta. Toisc ceangal díreach a bheith aige, áfach, le ceist na saoráidí iomlána baincéireachta agus ceadúnas baincéireachta a fháil, níl sé ar an gclár oibre láithreach. Á ghlacadh leis go n-éireoidh leis an CCT a spriocanna airgeadais a bhaint amach faoi 1985, ní mór tuilleadh plé a dhéanamh ar cheist chumhachtaí iasachtóireachta an CCT a leathnú, agus na ciallachais a chur san áireamh a bhainfeadh le haon chinneadh ag feirmeoirí nó ag comharchumainn leas cothromais a lorg san CCT. Ba mhaith leis an gComhchoiste filleadh ar an gceist sin tráth níos gaire don am iomchuí. (c) Iasachtóireacht gnó talmhaíochta35. Soláthraíonn an CCT pacáiste iasachtaí gearrthéarma, meántearma agus fadtéarma do cheannaithe agus comharchumainn a bhíonn ag gabháil do phróiseáil bia agus do sheirbhísí foghabhálacha. Réimse nua iasachtóireachta é seo don CCT; i láthair na huaire tá £30 milliún amuigh ar an earnáil sin, £15 milliún de ina airgead gearrthéarma agus £15 milliún ina airgead fadtéarma. 36. Áiríonn an CCT go ngabhann an iasachtóireacht gnó talmhaíochta go nádúrtha leis an iasachtóireacht feirme a bhíonn ar siúl aige.14 Is comhchuid thábhachtach é de chreidiúint iomlán an CCT mar bhanc feirmeoirí. Is eol don CCT an fiontar sa bhreis a ghabhann le hiasachtóireacht gnó talmhaíochta, agus cuirtear coinníollacha i bhfad níos déine i bhfeidhm nuair a bhíonn iasacht á lorg ag gnólacht tráchtála á mheas seachas i gcás feirmeora. Cuid mhór d’iasachtóireacht gnó talmhaíochta an CCT maoinítear é trí iasachtaí ón BEI agus tá coinníollacha iasachta dá chuid féin aigesean.15 Dá bhrí sin iniúchtar faoi dhó aon tionscadail a bhíonn ag fáil airgead BEI sula gceadaítear iasacht dóibh. Mar chosaint sa bhreis, tá cumhacht ag an CCT duine éigin a chur ar bord ghnólacht gnó talmhaíochta, agus ar leibhéal comharchumainn tá fairtheoirí aige a bhíonn i láthair ag gach cruinniú coiste gach mí d’fhonn é a chur ar an eolas i dtaobh cad a bhíonn ar siúl.16 Go nuige seo tá stair mhaith aisíoca ag a gcuid iasachtóirí gnó talmhaíochta. 37. Is dóigh leis an CCT nach bhfuil aon chodarsnacht leasa idir iasacht a thabhairt do lucht gnó talmhaíochta agus iasacht a thabhairt d’fheirmeoirí. Cuid den mhíniú air sin gurb é an BEI a mhaoiníonn cuid mhór den iasachtóireacht sin agus sin bunadh airgid nach bhfuil ar fáil le haghaidh iasachtóireachta ag an ngnáth-fheirmeoir, agus cuid de toisc gurb é atá i mórchuid den fharrasbarr airgead séasúir a chuireann ar chumas do cheannaithe agus do chomharchumainn arbhar a cheannach ó fheirmeoirí.17 Dá dtarlaíodh sé riamh, áfach, go n-éireodh airgead gann, bhí sé ina bheartas ag gach Bord dá dtáinig acmhainní a dhíriú ar chúrsaí feirme.18 38. Tá an CCT fós sa chéim go bhfuil sé ag neartú ar a shaineolas agus ar a réim iasachtóireachta i gcúrsaí gnó talmhaíochta. Le haghaidh forbairt iomlán a dhéanamh ar chumas talmhaíochta na tíre ní foláir airgead a thabhairt ar mhaithe le táirgí feirme a phróiseáil agus a mhargú chomh maith díreach lena thabhairt ar cothrom feirme. Tá an Comhchoiste sásta gur réimse dlisteanach gníomhaíochta don CCT é seo. (d) Iasacht le haghaidh talamh a cheannach39. Ag féachaint do na lochtaí a fuarthas ar fhorais iasachtóireachta le blianta beaga anuas gur mar gheall ar a gcuid beartas a tháinig an t-ardú comhchoiteann ar phraghsanna talún, scrúdaigh an Comhchoiste beartas na Corparáide maidir le hiasachtaí do cheannach talún.19 Comhaontaítear leis an Roinn Airgeadais cén chionúireacht d’airgead iasachta iomlán an CCT a bhíonn le leithroinnt do cheannach talún, agus b’ionann é agus 14% i 1977 agus 15% i 1978 (16 milliún agus 21 milliún faoi seach). £40,000 an tsuim is mó a thabharfaidh an Chorparáid ar iasacht chun talamh a cheannach, nó £50,000 do dhaoine a bhfuil taisce acu ann. Thaispeáin suirbhéireacht CCT i 1977 gur 66 acra meánmhéid an ghabháltais a fuair cabhair ó CCT chun talamh a cheannach, agus gur 33 acra an meánmhéadú ar an ngabháltas sin. Sula dtugtar chun críche aon iarratas ar cheannach talún, déanann oifigeach don CCT iniúchadh áitiúil agus tugann sé meas ar chor baile agus cumasacht na feirme sin. Cuireann sé luach ar bhlúire talún agus ní bhfaighidh ábhar iasachtóra tacaíocht CCT má théann sé thairis sin. Má bhíonn roinnt custaiméirí dá chuid san iomaíocht ag iarraidh an bhlúire chéanna talún a cheannach, féachann an Chorparáid leis nach mbeidh siad ag tairiscint in aghaidh a chéile agus é fhágáil faoin CCT praghas a mhaoiniú tar éis é a dhul ró-ard gan ghá gan riachtanas. In aon chás ní thabharfaidh an Chorparáid airgead ar iasacht ach d’fheirmeoir bona fide. Nuair a thagann gabháltais mhóra ar an margadh bíonn an CCT lánsásta iarratais ó ghrúpa a bhreithniú, cé go gcaithfear fiúntas creidmheasa agus cumas aisíoca gach duine sa ghrúpa a mheas ar leithligh. Bhí an Comhchoiste sásta, mar gheall ar na cosaintí sin, nach raibh an CCT ina cheannródaí praghsála ag iarraidh praghas talún a chur chun daoire. (e) Rátaí úis40. I Nollaig 1979 bhí rátaí úis CCT ag imeacht ó 17½% i gcás iasachtaí séasúir go dtí 18¾% i gcás iasachtaí 10 mbliana nó tuilleadh. San am céanna chuaigh rátaí iasachta na mbanc tráchtála ó 17¼% ar ró-tharraingtí go dtí 19¼% ar iasachtaí 5-7 mbliana. Dá bhrí sin is cúinge réimse an CCT idir rátaí iasachta gearrthéarma agus fadtéarma ná mar atá idir rátaí na mbanc tráchtála. Iarrtar ó am go ham go dtabharfaí fóirdheontais le haghaidh rátaí úis ar airgead a fhaightear ar iasacht chun feirmeoireachta. Cé gur cúram don Rialtas é sin go príomha agus ní don CCT, tá sé á chur in iúl ag an gComhchoiste go bhfuil soláthar ann le haghaidh fóirdheontais úis a íoc in ionad deontais chaipitiúla faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha. Ní shíleann an Comhchoiste go bhfuil aon chás ann chun fóirdheontais a thabhairt go comhchoitian le haghaidh rátaí úis ar airgead a tógadh ar iasacht chun feirmeoireachta, fiú dá gceadaítí é sin faoi Chonradh na Róimhe. (f) Beartas taiscí41. Dhá leith an ghnó, iasachtaí a thabhairt, taiscí a ghlacadh. Is iad na taiscí bonn agus beatha na heagraíochta. Tá an CCT ag brath beagnach go hiomlán ar a chuid taiscí baile féin chun tuilleadh airgid a thabhairt ar iasacht. Ó thaobh an CCT is tábhachtach an ní é go mbeadh na hábhair spreagtha do thaisceoirí chomh tathantach agus ab fhéidir i gcomparáid leo sin a bhíonn á dtairiscint ag forais dá samhail. Cé go raibh rátaí taisce CCT ag gluaiseacht chomh gar agus ab fhéidir do rátaí na gcumann foirgníochta, bhí rátaí CCT i gcónaí faoi bhun rátaí na gcumann foirgníochta, leis na chúig bhliain seo caite. Níl aon amhras ar an CCT ná go bhfuil ráthaíocht an Stáit lena chuid taiscí ina bhun-chúis le spreagadh a thabhairt don choigilteoir beag agus d’infheisteoirí neamh-chónaitheacha go háirithe chun airgead a chur ann.20 Tá an chéim is airde tábhacht ag baint leis sin go háirithe san am i láthair ag féachaint don chaoi ina bhfuil cúrsaí airgid na Corparáide i láthair na huaire. 42. D’fhéadfaí a áiteamh gurb ionann ráthaíocht an Stáit do thaiscí CCT agus fóirdheontas intuigthe do ghnóthas tráchtála. Is é costas an fhóirdheontais sin an tsuim a cheaptar is ionann agus aon mhainneachtain ag an CCT san am le teacht ar a chuid iasachtaí ó thaisceoirí. Má dhéantar bainistíocht críonna ar airgead agus an clár comhardaithe a neartú, ba chóir gur rí-bheag an fiontar é sin, ach mar sin féin tá sé ann. Níl aon chúiseanna geilleagair ann, áfach, le bheith in aghaidh an ráthaíocht Stáit do leanúint, ar an gcoinníoll go bhfuil an fiontar sin aitheanta agus cúitithe sa toradh a theastóidh ón Stát a bheith ar a chothromas sa Chorparáid. Tacaíonn an Comhchoiste dá bhrí sin le ráthaíocht an Stáit do leanúint ar thaiscí an CCT, ar an gcoinníoll go bhfaigheadh an Stát cúiteamh san fhiontar a iompraíonn sé nuair a bheifear ag ríomh an toradh a theastóidh uaidh ar an airgead a bhí curtha isteach aige sa CCT. 43. Cé go dtugann ráthaíocht an Stáit do thaiscí buntáiste don CCT ina iomaíocht le forais eile sa réimse chéanna, ní bhíonn an loghaíocht chánach le fáil ag taisceoirí an CCT ar ús suas go dtí £70 (£140 i gcás comhchuntais) a bhíonn le fáil mar shampla ag taisceoirí sna bainc thráchtála. (Tá sé de mhí-bhuntáiste ar an CCT freisin nach bhféadann sé ró-tharraingtí ná saoráidí iasachta tí a thairiscint do thaisceoirí ionchais, mar atá pléite i mír 32 et seq.). Chítear don Chomhchoiste gurb iomrallach an scéal é sin. Ní fhéadfadh aon chosaint eile a bheith air, ar leithligh ón méid airgid a d’fhéadfadh an Státchiste a chailleadh tríd an loghaíocht a thabhairt, agus sin é go bhfuil a choinneáil siar ina quid pro quo don méid a chosnaíonn sé ar an Stát an ráthaíocht Stát a thabhairt (meabhraítear nach costas é sin faoi láthair ar aon chuma, gurb é atá ann an fiontar mainneachtana atá á iompar ag an Stát agus a d’fhéadfadh airgead a chosaint air tráth éigin ar ball). Molann an Comhchoiste go scrúdódh an tAire Airgeadais an scéal féachaint an bhféadfadh sé an loghaíocht a thabhairt do thaisceoirí an CCT. IV EAGRAÍOCHT AGUS BAINISTÍOCHT(a) Réigiúnú agus dílárú44. Tháinig fás faoi eagraíocht an CCT de réir mar a leathnaigh gníomhaíochtaí na Corparáide in imeacht na mblianta. Go dtí 1961 ní dheachaigh an líon foirne riamh thar 45 mar gheall ar scála beag a chuid oibríochtaí. Nuair a ritheadh an chéad Acht Cairde Talmhaíochta, tionscnaíodh dá chionn an chéad chéim den fhás a tháinig faoin gCorparáid, agus ceapadh an chéad oifigeach talmhaíochta; agus i 1963 ceapadh líon beag gníomhairí creidmheasa áitiúla. 45. Tar éis staidéar a dhéanamh ar chóras creidmheasa na Stát Aontaithe, thosaigh an Chorparáid ar Oifigí Áitiúla a oscailt ar fud na hÉireann i rith 1965/66 agus ar chéimithe san eolaíocht talmhaíochta a cheapadh chun dul i mbun na n-oifigí sin. Faoi 1971 bhí 164 de líon ag an gCorparáid, agus bhí 30 acu sin sna hoifigí áitiúla. Tar éis tuarascáil a fháil ó chomhlacht comhairleoirí bainistíochta i 1972, rinne an Chorparáid réigiúnú ar a chuid oibríochtaí agus leag sé go leor feidhmeanna riaracháin óna Cheann-Oifig ar a chuid oifigí áitiúla agus réigiúin. Rinneadh a thuilleadh atheagrú i Meán Fómhair 1978 d’fhonn idirdhealú níos soiléire a dhéanamh idir na feidhmeanna a bhaineann go díreach leis an ngnó a oibriú agus iad sin a bhaineann le pleanáil agus rialú go huile-ghabhálach. Faoi 1979 bhí an fhoireann méadaithe go dtí 606, a raibh 213 díobh in oifigí áitiúla agus réigiúin ar fud na tíre. Chítear don ACC gurb iad na hoifigí áitiúla an chéim is tábhachtaí dá chuid tionscnamh margaíochta, agus tá sé ceaptha 50 oifig a bheith ann i 1980.21 Le blianta beaga anuas tá an bhéim leagtha ar oifigí nua a bhunú i ndáil le taiscí ionchais, seachas ar dheiseanna iasachtóireachta. 46. Fara leis an méadú ar mhéid na n-oifigí áitiúla, tá sé curtha i gcrích mar bheartas ag lucht bainistí an CCT dílárú a dhéanamh ar bhainistíocht agus á chur sin i gcrích tá feidhmeanna oibre aistrithe ón gCeann-Oifig go dtí na hoifigí áitiúla. Tá breis saoirse tugtha do na hoifigí áitiúla ar mhaithe le cinntí níos tapúla agus margaíocht níos éifeachtúla a dhéanamh. Creideann an CCT gur de thoradh oiread údaráis agus ab féidir dá rogha féin a thabháirt dá n-oifigigh áitiúla ag déanamh cinntí dóibh i dtaobh iasachtaí, agus beartas é sin a ceapadh d’aon turas, gur dá thoradh a tháinig cuid mhór den dul dhun cinn tapaidh a rinne an CCT le blianta beaga anuas. Creideann sé gur mó an rogha agus an tsaoirse atá ag a chuid oifigeach áitiúil anois ná mar atá ag oifigigh áitiúla i bhforais atá in iomaíocht leo.22 47. D’fhiafraigh an Comhchoiste ar bhain aon torthaí mífhabhracha leis na beartais réigiúnúcháin agus dílárúcháin, ar nós méadú ró-mhor do theacht ar chostais riartha nó urlámh airgid a chailleadh.23 Bhí an Coiste sásta gur cuireadh coinníollacha diana i bhfeidhm maidir le hoifigí nua a oscailt. Dúradh leis an gCoiste freisin gur cuireadh rannán iniúchta inmheánach ar bun i 1975 ar mhodh foirmiúil mar chuid de nósanna imeachta na Corparáide le haghaidh airgead a rialú. Tá béim á leagan ag an gCoiste ar an ngá atá le deiseanna agus sás rialaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnó a bhfuil mórchuid de díláraithe anois. (b) An Bord48. Déantar Bord na Corparáide a cheapadh de réir an Acht Cairde Talmhaíochta 1978. Ní fhéadfaidh an líon Stiúrthóirí dul thar seachtar ná faoi bhun triúr. De ghnáth bíonn seachtar stiúrthóirí, a gceapann an tAire Airgeadais iad uile. Ba é an nós gur lucht feirme nó daoine ó thionscail talmhaíochta Stiúrthóirí an CCT agus gur lucht tuaithe iad ó chúlra agus dúchas. Creideann an Comhchoiste go neartódh sé an Bord dá gcuirfí daoine air a chruthaigh a gcumas agus a gcleachtadh i gcúrsaí airgeadais agus margaíochta. Creideann an Coiste freisin, ar mhaithe le leanúntas agus le caidreamh an Phríomh-Fheidhmeannaigh lena chomhoifigigh sa bhainistíocht uachtarach, go mba bhuntáisteach an rud é an Príomh-Fheidhmeannach a cheapadh ar an mBord mar ghnás. Tá trí fholúntas ar Bhord an CCT faoi láthair, agus molann an Coiste gur cheart don Aire Airgeadais na barúlacha sin a chur san áireamh nuair a bheidh na chéad cheapacháin eile á mbreithniú aige. (c) Caidreamh leis an Roinn Airgeadais49. Tá dlúth-chaidreamh oibre ag an CCT leis an Roinn Airgeadais, ó tá siadsan bainteach de bhua reachta le cúrsaí ginearálta beartais an CCT. Dúirt an CCT ina gcuid fianaise leis an gComhchoiste go bhfuil an caidreamh ag obair go maith.24 Is ceann d’fheidhmeanna na Roinne é athruithe ar rátaí úis na Corparáide a athrú. Mar a sonraíodh i mír 26, chuir an Roinn moill ar cheadú na n-athruithe ar rátaí iasachtaithe nó iasachtóireachta san am atá caite mar gheall ar chiallachais níos leithne ó thaobh beartais a thiocfadh de na hathruithe sin i gcás forais iasachtóireachta a bhí san iomaíocht leis an CCT. Tharla dá thoradh sin gur bhain caillteanas ioncaim don Chorparáid. Cé go dtuigeann an Coiste na ciallachais níos leithne nach foláir don Roinn a mheabhrú, agus go deimhin cé nach bhfuil sé i bhfabhar géilleadh láithreach d’iarratais ón CCT gan iad a iniúchadh go beacht, ba mhaith leis a rá arís nach foláir a chinntiú go mbainfidh an CCT amach a chuid cóimheas airgeadais sprice. Ag feáchaint don ngá ró-thábhachtach atá le clár comhardaithe na Corparáide a neartú ar feadh na gcúig bliana le teacht trí bhrabúis a choinneáil, molann an Comhchoiste go dtabharfadh an Roinn cinntí go luath maidir le hiarratais a thiocfaidh feasta ón CCT ar athruithe sna rátaí úis. (d) Luach saothair foirne50. Tá sé curtha in iúl ag comhlachtaí Stát-tionscanta éagsúla go raibh sé deacair dóibh foireann a fháil agus a choimeád mar gheall ar bhacainní pá san earnáil phoiblí a bhaineann leo. Dúirt Cathaoirleach an CCT, san fhianaise a thug sé don Chomhchoiste, gurbh shin fadhb mhór don CCT freisin.25 Tháinig moltaí le déanaí ón nGasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair níos Airde san Earnáil Phoiblí (Tuarascáil Uimh. 20), agus má chuireann an Rialtas i ngníomh go hiomlán iad, ba chóir go n-éascódh siad an cor áirithe sin. Ag an gcéim seo i láthair, níl le déanamh ag an gComhchoiste ach an moladh a thabhairt arís a thug sé sa tuarascáil uaidh le déanaí ar Bhord na Móna, go gcoimeádfaí tuarastail bhainisteoirí sinsearacha faoi shíor-athbhreithniú, go háirithe i ndáil leis an éifeacht atá ag beartas láithreach ar cháilíocht na ndaoine a cheaptar i bpoist bhainistíochta sinsearacha. V AN CCT AGUS ÚINÉIREACHT AG FEIRMEOIRÍ(a) Ginearálta51. Ó am go ham bíonn moltaí gur cheart comharbhanc a dhéanamh den CCT, é a bheith ar úinéireacht ag feirmeoirí agus faoina n-urlámh acu féin go díreach nó trína gcomharchumainn phríomha. Rinneadh socrú in Acht Cáirde Talmhaíochta 1961, agus arís in Acht Cairde Talmhaíochta 1978, trína bhféadfaí scaireanna a chionroinnt agus a eisiúint do dhaoine seachas an tAire Airgeadais lena cheadú. Dá bhrí sin ghlac an Comhchoiste leis an deis chun labhairt le hionadaithe ó Chumann Comhar-Eagraíochtaí na hÉireann Teo agus ón CCT féachaint an raibh aon tograí ann faoi láthair chun tuilleadh baint a bheith ag feirmeoirí le húinéireacht an CCT agus, má bhí, cén dul ar aghaidh a bhí déanta. 52. Chuir CCEÉ in iúl arís, san fhianaise a thug sé don Chomhchoiste26, gurbh é a aidhm go mbunófaí comharbhanc talmhaíochta sa tír seo. Chuir sé i bhfáir go raibh cineál éigin córas comhar bhaincéireachta talmhaíochta i ngach tír eile san Eoraip, ach amháin sa Ríocht Aontaithe. Bhí Stát agus feirmeoirí araon bainteach leis i gcuid de na tíortha sin. Fuair comharchumainn talmhaíochta san Eoraip amach go raibh sé riachtanach lámh a chur sa bhaincéireacht sula bhféadfadh siad dul le gníomhaíochtaí éagsúla i réimsí eile. B’fhacthas do CCEÉ gurbh é an CCT go follasach an bonn ar a bhféadfaí banc talmhaíochta comhair a thógáil agus, le haontú ón CCEÉ, chuaigh an CCT chun bheith páirteach mar ionadaí Éireannach san eagraíocht a bhí ionadaitheach do chomharbhainc san Eoraip. Dar leis an CCEÉ, is “comharchumann in intinn” an CCT cé go mbeadh tacaíocht agus comhar ón CCEÉ, ó eagraíochtaí feirmeoirí agus ó eagraíochtaí eile riachtanach dó dá dtagadh dó comharchumann a dhéanamh de. 53. Dúirt Cathaoirleach an CCT, ina chuid fianaise don Chomhchoiste, go bhfáilteodh an Chorparáid le feirmeoirí a bheith bainteach leis tuilleadh agus leis an méadú caipitil a thiocfadh ina chuibhreann sin. Cuireadh roinnt tograí roimhe sin faoi bhráid an Aire Airgeadais maidir le bainteachas sa bhreis a bheith ag feirmeoirí leis, tá cúig bliana ó shin ó rinneadh an ceann is deireannaí, ach níor tháinig toradh ar aon togra acu. Luaigh sé cuid de na deacrachtaí a bhainfeadh le stádas an CCT a athrú ó chomhlacht Stát-tionscanta. B’eagal leis go háirithe go gcaillfí ráthaíocht an Stáit do thaiscí CCT, agus shíl sé nach bhféadfadh eagraíochtaí feirme, feirmeoirí aonair ná comharchumainn an caipiteal cothromais riachtanach a chur ar fáil. Chuir sé in iúl freisin, ag féachaint do bhail brabúis an CCT agus don riocht ina bhfuil a chlár comhardaithe faoi láthair, go raibh sé in amhras an mbeadh feirmeoirí nó comharchumainn toilteanach cothromas a infheistiú san CCT san am i láthair. Shíl sé gurb é an rud ceart le déanamh fanúint go dtí go mbeadh feabhas tagtha ar chlár comhardaithe an CCT sula dtosófaí ar chaibidlíocht dáiríre ar chomharbhanc a dhéanamh den CCT. (b) Togra i dtaobh Banc Trádála54. Mhól CCEÉ le déanaí go mbunófaí Banc Trádála nua, ina mbeadh na comharchumainn mhóra páirteach, lena n-áirítear Forbairt Gnó Feirme, an comharbhanc talmhaíochta Dúitseach, Rabobank, agus an CCT, Is é a bhí ar intinn go mbeadh de chúram tábhachtach ar an mbanc onnmhairí bia ó Éirinn a mhaoiniú. Is iad seo a leanas na buntáistí a fheictear don CCEÉ a bheith ag gabháil leis an togra sin, mar aon leis an gcúram is dóigh leis a bheadh ar an mBanc Trádála beartaithe ag druidim dó chun na críche go ndéanfaí comharbhanc den CCT: —Onnmhairíonn tionscal bia na hÉireann a lán dá chuid earraí ach is ciotaí mhór ó thaobh iomaíochta dó, i gcomparáid lena chuid iomaitheoirí san Eoraip, costas airgid a bheith chomh hard in Éirinn, cás a b’fhéidir a réiteach trí rochtain níos éasca a bheith ar fhoinse breise iasachtaí airgid choigríche. —Cé gur mhaith leis na comharchumainn a bheith bainteach le baincéireacht, tuigeann siad nach indéanta faoi láthair cothromas a mhaoiniú sa CCT féin, ach tá gá le seirbhís nua agus tugann sé sin deis chun tús a chur leis feadh an bhealaigh sin. —I láthair na huaire níl ach beagthábhacht lena ndéanann an CCT de ghnó ag tabhairt airgid ar iasacht do ghnó talmhaíochta, agus is beag a fuair sé de shaineolas sa réimse sin; de chionn bheith i bpáirtíocht leis na comhpháirtithe eile sa bhanc trádála beartaithe, d’fhéadfadh an CCT a chothromas agus a shaineolas a mhéadú go tapaidh sa réimse sin. —Bheadh de bhuntáiste le páirteachas an CCT freisin go laghdódh sé aon chodarsnacht ó thaobh leasa, agus as an gcleachtadh a thiocfadh de bheith ag obair le chéile, dá n-éireodh leis an mbanc beartaithe, b’fhusa ceann cúrsa a bhaint amach, is é sin, comharbhanc a dhéanamh den CCT. 55. Ar an leith eile, cé go raibh an CCT toilteanach tuilleadh breithniú a dhéanamh ar an togra, bhí amhras air i dtaobh tairbhe an bhainc thrádála a bhí á mholadh agus i dtaobh cén dóchas a bhí ann é a thionscnamh. Mheas sé, i gcoitinne, go raibh go leor foras baincéireachta ann lena chinntiú go ndéanfaí freastal ar a mbeadh ag teastáil ó aon chustaiméirí a thiocfadh, agus go mbeadh foras nua san iomaíocht leis an CCT féin, ar thaobh na hiasachtóireachta agus go háirithe ar thaobh na dtaiscí. Maidir leis an bponc sonrach go bhféadfadh banc trádála nua airgead sa bhreis a chur ar fáil do chomharchumainn de réir ráta níos saoire, mheas an CCT nach raibh faoi láthair aon teirce airgid do thionscadail fiúntacha, agus go raibh an ráta úis níos saoire a bhí ar iasachtaí in airgeadraí coigríche ar coibhéis leis an bhfiontar malairte a bhaineann leis. Bhí teagmháil cheana féin ag an CCT leis an Rabobank trína bheith bainteach leis an eagraíocht atá ionadaitheach do chomharbhainc san Eoraip, agus chruthaigh sé é féin a bheith toilteanach agus cumasach cheana féin chun tharraingt as margaí airgid CAE d’fhonn a chinntiú go mbeadh airgeadas go leor ar fáil in Éirinn. Ina theannta sin, bhí a chuid iasachtaí do ghnó talmhaíochta ag leathnú le cabhair an BEI, banc a chruthaigh go raibh dóthain muiníne aige i saineolas an CCT chun é a roghnú mar an t-aon mheán in Éirinn trína bhféadfaí airgead BEI a chur ar fáil do ghnólachtaí gnó talmhaíochta. 56. Tuigtear don Chomhchoiste go gcuirfear meitheal oibre ar bun chun breithniú níos grinne ar an togra faoin mbanc trádála.27 Dá bhféadfaí teacht ar réiteach i measc na bpáirtithe lena mbaineann, ansin d’fhéadfaí togra mionchruinn a chur faoi bhráid an Bhainc Ceannais agus an Roinn Airgeadais le breithniú. Ba mhaith leis an gComhchoiste dá gcuirfí meitheal oibre den sórt sin ar bun. 57. Is cuma, áfach, an rachfar ar aghaidh leis an mbanc trádála molta nó nach rachfar, fágann sé fós le socrú an cheist i dtaobh ar mhaith agus arbh indéanta an rud é an CCT féin do theacht chun bheith ina chomharbhanc. Ba léir don Chomhchoiste nach bhfuil smaoineamh chun cinn déanta ag gluaiseacht na gcomharchumann féin ar na fadhbanna a bhainfeadh leis sin, ná ar na meicníochtaí a d’fhéadfaí a úsáid. B’fhéidir dá bhrí sin nach mbeadh sé ró-chéillí don Choiste tuilleadh trácht a dhéanamh ar thogra nach bhfuil tagtha ann dó fós. Ach ba mhaith leis an gComhchoiste roinnt tuairimí a thabhairt atá bunaithe ar an bhfianaise atá cloiste aige. 58. I mír 12 chuir an Comhchoiste i láthair cúiseanna á shuíomh gur cheart don Stát a bheith bainteach le baincéireacht talmhaíochta. Crei- deann an Coiste go bhfuil bonn fós leis na cúiseanna sin inniu. Tá cuidiú tábhachtach tugtha ag an CCT d’fhorbairt na talmhaíochta, dar linn, go háirithe i rith na ndeich mbliana seo caite. Le fada an lá tá sé saineolach ar an iasachtóireacht feirme, agus tá sé ag teacht chun bheith bainteach tuilleadh leis an iasachtóireacht do ghnó talmhaíochta. An laige is mó a bhain dó san am atá caite a bhrabúsmhaireacht íseal, agus dá dheasca sin neamhleachtas agus gann-chaipitliú na heagraíochta. Tá sé curtha roimhe ag an CCT a chlár comhardaithe a neartú agus cóimheas airgeadais a bhaint amach faoi 1985 a d’oirfeadh níos fearr d’fhoras dá mhéid, agus tá sé curtha in iúl ag an gComhchoiste cheana féin a thábhachtaí atá sé brabúis sa bhreis a thuilleamh chun na spriocanna sin a baint amach. Nó go sroichfear an pointe sin agus fiú amháin dá éis, beidh ráthaíocht an Stáit le taiscí an CCT ina dheis rí-thábhachtach chun tathant ar infheisteoirí coigilt leis an gCorparáid. 59. Creideann an Comhchoiste, mura mbeidh bail na mbrabús agus an clár comhardaithe i riocht sásúil, nach dóigh go n-éireoidh le haon iarracht chun tathant ar na feirmeoirí airgead cothromais a sholáthar don Chorparáid, go háirithe má bhí sé i dtrácht go dtarraingeofaí siar ag an am céanna an ráthaíocht Stáit lena thaiscí. Fiú amháin nuair a bhaineann an CCT bail shásúil brabús amach agus go mbíonn sé ag íoc luach saothair dóthanach as a chaipiteal cothromais, ní léir don Chomhchoiste go mbeadh aon bhuntáistí le breith, ó thaobh seirbhísí baincéireachta níos fearr a chur ar fáil d’fheirmeoirí agus do ghnó talmhaíochta, dá ndéantaí comharbhanc den CCT, cé go bhféadfaí measluach a leagan ar an úinéireacht féin. Féadfaidh na páirtithe leasmhara an scéal a phlé i ndáiríre, áfach, nuair a chuirfidh feirmeoirí nó a gcomharchumainn in iúl go bhfuil siad sásta an t-airgead is gá a íoc chun buannacht a bheith acu ar an gCorparáid. VI ACHOIMRE AGUS MOLTAÍ60. Creideann an Comhchoiste go bhfuil feidhm fhóinteach á comhlíonadh ag an CCT trí chreidmheas sainfheidhme a sholáthar do thalmhaíocht nach mbeadh ar fáil dá éagmais agus trí iomaíocht a spreagadh sa bhaincéireacht talmhaíochta. Ag tabhairt dó faoi oibríochtaí agus gnóréim airgeadais an CCT a mheas, ní fheaca an Coiste cúis ar bith nach mbreithneofaí iad sin de réir chaighdeáin thráchtála. Tá an CCT tagtha chun bheith ar an gcéim is ceannasaí san iasachtóireacht talmhaíochta agus tá sé beartaithe aige bheith ar an gcor sin feasta. Ní soláthróir creidmheasa sainfheidhme amháin é a thuilleadh. Ní fheiceann an Comhchoiste cúis ar bith le bheith in aghaidh iarracht an CCT ceannas a ghlacadh sa mhargadh creidmheasa talmhaíochta (míreanna 11-13). 61. San am atá caite ba mhó ba chúram don CCT airgead oiriúnach a chur ar fáil d’fheirmeoirí ná leibhéal brabuis áirithe a bhaint amach. Ar na blianta deireannacha seo d’fhan a chuid brabúis íseal, mar gheall ar fhormhór na n-iasachtaí a thabhairt de réir úis chinnte agus freisin gur chaill sé go mór ar iasachtaí a fuair sé ar mhalairt choigríche. Molann an Comhchoiste do Bhord agus Lucht Bainistí an CCT é bheith mar thosach cúraim acu sna chúig bhliain le teacht feabhas a thabhairt ar chúrsaí brabúis sa tslí go bhféadfaidh sé faoi dheireadh na tréimhse sin bheith sa bhail go bhféadfaidh sé cothromas an Stáit sa Chorparáid a leorchúiteamh (míreanna 14-20). 62. Go páirteach mar gheall ar an méadú ollmhór in iasachtóireacht i rith na tréimhse aontachais do lánchomhaltas CEE (méadú fó thrí idir 1972 agus 1978), tá an CCT fíor-neamhleachtach agus gannchaipitlithe d’fhoras airgeadais. Tá sé curtha roimhe mar sprioc ag an CCT cóimheas airgeadais a shroichint a thabharfadh a chlár comhardaithe ar aon imeacht le forais airgeadais dá shamhail faoi 1985. Tá an Comhchoiste go tréan ar aon aigne leis sa chuspóir sin, ach leagann sé béim ar an tábhacht atá le dóthain brabús coinnithe chun an cuspóir sin a bhaint amach (míreanna 21-27). 63. Níl aon chuid de sheirbhís shóisialach ag baint le gné tábhachtach ar bith de ghníomhaíochtaí an CCT a chuirfeadh bac ar thoradh de réir ráta tráchtála a theacht ar an gcaipiteal a bhíonn á úsáid ina chuid gníomhaíochtaí (mír 28). 64. Ó am go ham iarrtar ar an CCT saoráidí cuntais reatha a chur ar fáil dá chustaiméirí. Ar chúiseanna éagsúla sin leathnú ar ghníomhaíochtaí an CCT nach bhfuil i gcor a dhéanta faoi láthair; fara le rudaí eile, níor mhór ceadúnas baincéireachta chuige, rud nach dóigh don CCT a fháil nó go mbeidh feabhas i bhfad níos fearr ar a chlár comhardaithe. Idir an dá linn, molann an Comhchoiste go bhfaigheadh an CCT amach cad a chosnódh sé, agus cén tairbhe a thiocfadh de, saoráidí cuntais reatha a sholáthar fara le haon tograí leathslí eile ionas go bhféadfaí cinneadh eolach a ghlacadh i dtráth cuí i dtaobh ar mhaith an ní a leithéidí a bheith ann (míreanna 29-31). 65. Ba ghá ceadúnas baincéireachta iomlán freisin dá dteastódh ón gCorparáid iasachtaí nó ró-tharraingtí pearsanta a thairiscint do dhaoine a thaiscfeadh airgead leo. D’fhéadfadh gur mhaith an rud cumhachtaí iasachtóireachta sa bhreis a thabhairt don CCT chuige sin agus chun críocha eile ar roinnt cúiseanna, agus d’aontaigh an Comhchoiste gur cheart dó an cheist sin a phlé tuilleadh nuair a bheadh an CCT sa bhail go bhféadfadh sé ceadúnas a iarraidh (míreanna 32-34). 66. Airgead a thabhairt ar iasacht do ghnó talmhaíochta sin réimse cuíosach nua gníomhaíochta don CCT agus tá sé ag leathnú. Tá sé tábhachtach le haghaidh talmhaíocht na hÉireann a fhorbairt go soláthrófaí caipiteal do ghnó talmhaíochta, is comhlánú é ar iasachtóireacht feirme an CCT agus cabhraíonn sé lena cháil mar bhanc d’fheirmeoirí a bhuanú. Is trí iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta a mhaoinítear cuid mhór de ghnó talmhaíochta an CCT agus mar sin ní bhíonn sé i gcodarsnacht le hiasachtóireacht feirme. Is dearbh leis an gComhchoiste gur gnó dlisteanach don CCT an iasachtóireacht gnó feirme (míreanna 35-38). 67. Tá milleán trom leagtha ar na forais iasachtóireachta mar gheall ar gur neartaigh siad leis an ardú ar phraghsanna talún sna blianta deireannacha seo, agus d’fhiafraigh an Coiste cén dearcadh a ghlac an CCT i leith iasachtaí do cheannach talún. Is dearbh leis an gCoiste go bhfuil go leor cosaintí táite isteach sa phróis iasachtóireachta chun a chinntiú nár chuidigh an CCT féin leis an ardú ar phraghsanna talún (mír 39). 68. Taiscí a choinníonn an CCT beo agus scrúdaigh an Coiste na dreasuithe a bhí ann do lucht taisce leis an CCT agus le forais iomaíochta. Tá tábhacht an domhain leis an ráthaíocht Stáit do thaiscí CCT mar shás misnithe do choigilteoirí beaga agus d’infheisteoirí neamhchónaitheacha chun airgead a chur san CCT. Rinne an Coiste breithniú i dtaobh arbh ionann an ráthaíocht sin agus fóirdheontas intuigthe do eagraíocht tráchtála, ach tháinig sé ar an aigne nárbh ionann ach go dtabharfaí aithint do chostas na ráthaíochta sa toradh a gheobhadh an Stát ar a chothromas sa Chorparáid, agus molann sé go leanfaí den ráthaíocht a thabhairt. Molann sé freisin go scrúdódh an tAire Airgeadais an scéal féachaint an dtabharfaí do thaisceoirí an CCT an loghaíocht chánach ar ús suas go dtí £70 (£140 i gcás comhchuntais), rud atá ar fáil ag taisceoirí sna bainc thráchtála (míreanna 40-43). 69. Cuireadh eagar an CCT in oiriúint don fhás mear a tháinig faoin iasachtóireacht. Tá dílárú mór déanta ar a chuid saothair le 50 oifig áitiúil agus réigiúin, geall leis, agus tá tábhacht bhunúsach leis an dílarú sin ina leagan amach margaíochta. Tá béim á chur ag an gComhchoiste ar an ngá atá le sásra a bheidh sách maith chun cúrsaí airgeadais a rialú (míreanna 44-47). 70. Molann an Comhchoiste go neartófaí Bord an CCT trí dhaoine a cheapadh air a raibh cruthú ar a n-inniúlacht i gcúrsaí margaíochta agus airgeadais. Molann sé freisin go ndéanfaí Príomh-Fheidhmeannach an CCT a cheapadh ar an mBord mar ghnás (mír 48). 71. Cé go bhfuil caidreamh maith leis an Roinn Airgeadais, de réir dealraimh, molann an Comhchoiste gur chóir don Roinn é a mheabhrú, nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar thograí ón CCT i dtaobh athruithe ar rátaí úis, go bhfuil sé tábhachtach don Chorparáid leorchorrlach oibríochta a bhaint amach, agus gur chóir cinneadh a thabhairt go luath ar thograí an CCT (mír 49). 72. Tá sé curtha in iúl ag an CCT go bhfuil dochar déanta dó mar gheall ar bhacainní ar phá na hearnála poiblí a bheith á gcur i bhfeidhm ar thuarastail lucht sinsearach bainistíochta. Dá gcuireadh an Rialtas i bhfeidhm go hiomlán moltaí an Ghasra Athbhreithnithe um Luach Saothair níos Airde san Earnáil Phoiblí ba chóir go n-éascódh sé an scéal sin, ach ba mhaith leis an gComhchoiste an moladh a thug sé i dTuarascáil níos luaithe a athlua, is é sin, go mbreathnófaí go leanúnach ar thuarastail bhainisteoirí sinsearacha (mír 50). 73. Rinne an Comhchoiste iniúchadh ar an dóigh a bhí ann go dtiocfadh don CCT chun bheith ina chomharbhanc ar úinéireacht feirmeoirí go luath san am le teacht. Ba mhaith leis dá mbunófaí meitheal oibre ar a mbeadh de chúram féachaint ar mhaith an rud banc trádála a bheith ann, agus an CCT a bheith páirteach ann, chun seirbhís a thabhairt do riachtanais airgid ghnó talmhaíochta. Níl aon togra foirmiúil ann faoi láthair chun comharbhanc a dhéanamh den CCT. Is eol don Choiste na cúiseanna a ndealraíonn an CCT faoi láthair a bheith ina infheistíocht lagfhiúntais d’fheirmeoirí agus dá gcomharchumainn. Nuair a chuirfidh siad in iúl go bhfuil siad sásta an t-airgead is gá a shuibscríobh, féadfaidh na páirtithe leasmhara plé dáiríre a dhéanamh ar an gceist faoi chomharchumann a dhéanamh den CCT (míreanna 51-59). VII FOCAL SCOIR74. Cheap Bord an CCT Glacadóir ar Ghrúpa Cuideachtaí Mhic Artáin faoi ghníomhas dar dháta 8 Feabhra 1980. Aithníonn an Coiste tábhacht an scéil sin do na cuideachtaí lena mbaineann, do gheilleagar Chontae Liatroma agus don CCT féin. Ar dháta glactha na Tuarascála seo bhí scrúdú an Ghlacadóra fós ar siúl, agus dá bhrí sin ní raibh an Coiste sa chor go bhféadfadh sé aon trácht le heolas a dhéanamh air. Tá sé beartaithe ag an gCoiste, áfach, an t-ábhar a bhreithniú tráth a thiocfaidh cóir a dhéanta sin dó. 75. Tá aighneachtaí i scríbhinn a fuarthas ón CCT agus ó Chumann Comhar-Eagraíochta na hÉireann Teoranta faoi chló i bhFoscríbhinní 2 agus 3, faoi seach. Tógadh fianaise ó bhéal ó ionadaithe ón dá eagraíocht. Tá an Comhchoiste buíoch i dtaobh a thoilteanaí a fhreagair lucht fianaise béil na ceisteanna a cuireadh orthu. 76. Cheap an Comhchoiste an tUasal Alan Matthews, Léachtóir i nGeilleagar, Coláiste na Tríonóide, chun cabhrú leis san fhiosrú seo. Ba mhaith leis an gComhchoiste a bhuíochas a ghabháil leis as an gcabhair agus an chomhairle a thug sé dó. (Sínithe) EOIN Ó RIAIN Cathaoirleach an Chomhchoiste 16 Aibreán 1980 11Féach Fianaise (Ceisteanna 9 agus 10). 13Tuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais, 1975. 19Féach Fianaise (Ceisteanna 29 go 33). 20Féach Fianaise (Ceisteanna 65 agus 73). 23Féach Fianaise (Ceisteanna 44, 45 & 47). 26Féach Fianaise (Ceisteanna 83 agus 84). 27Féach Fianaise (Ceisteanna 159 agus 166). |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||