|
TUARASCÁILRéamhrá1. Bhreithnigh an Comhchoiste an Chumarsáid (6728/79) a chuir an Coimisiún chun na Comhairle an 8 Bealtaine 1979 i dtaobh páirteachas oibre agus freisin na rúin ghaolmhara lenar ghlac an Chomhairle an 18 Nollaig 1979 ar obair agus oiliúint chónasctha do dhaoine óga (I.O. C1, Iml. 23), agus am oibre a oiriúnú (I.O. C2, Iml. 23). 2. Tá baint ag an smaoineamh ar pháirteachas oibre le seifteanna éagsúla chun an méid oibre atá ar fáil a athroinnt d’fhonn deiseanna fostaíochta a mhéadú. D’aithle Chumarsáid an Choimisiúin faoi dháta 8 Bealtaine 1979 ar an ábhar, d’iarr cruinniú de Chomhairle na nAirí Gnóthaí Sóisialta a tionóladh an 14 agus 15 Bealtaine 1979 ar an gCoimisiún leanúint dá chuid staidéir agus taifigh, agus aird a thabhairt ar phléití Chomhairle na hEorpa i Márta 1979 agus ar na treoirlínte a luaigh an Chomhairle féin ag a cruinnithe an 14 agus 15 Bealtaine 1979, d’fhonn gréasán Comhphobail a bhunú le haghaidh páirteachas oibre agus aon tograí oiriúnacha a chur i láthair. D’aithle chruinniú an 22 Samhain 1979 ghlac an Chomhairle na rúin atá luaite cheana agus a phléitear níos faide amach sa tuarascáil seo. 3. Rinne an Fo-Choiste ar Chúrsaí Sóisialta, Comhshaoil agus Ábhair Ilghnéitheacha faoi cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín scrúdú ar an gceist seo don Chomhchoiste. Phléigh an Comhchoiste an cheist go mion le hionadaithe ó Chumann Cónaidhme na bhFostóirí agus ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann agus freisin le hoifigigh ón Roinn Saothair agus ón sean-Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta. Ina theannta sin bhreithnigh sé go mion barúlacha i scríbhinn a fuair sé ó Roinn na Seirbhíse Poiblí, ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann agus ó Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann. I gcríoch dála, bhí caoi aige roinnt páipéar a mheas a d’ullmhaigh Foras Ceardchumann na hEorpa agus an Bunachas Eorpach d’Fheabhsú Dálaí Maireachtála agus Oibre. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Bean Mhic Róibín agus a Fo-Choiste as ucht a gcuid oibre. An Cúlra Geilleagair4. Sna fiche bliain roimh chúlú 1974/5, bhí bail mhaith ar gheilleagar an domhain. Le linn na tréimhse sin mhéadaigh go seasmhach ar éileamh, bhí infheistíocht á dhéanamh go beoga agus rinneadh gnóchain mhóra ar tháirgiúlacht. Leis an mbail sin ar chúrsaí b’fhéidir sochair a mhéadú, pá fíor a ardú agus am oibre a laghdú san am céanna. Laghdaíodh am oibre i ngach tír Chomhphobail le linn na tréimhse sin. Mar gheall ar ghéarchéimeanna na hola i 1973/4, agus arís i 1979 ach gan í a bheith chomh holc, tá an chomhthimpeallacht gheilleagair athraithe go mór. In ionad na rátaí arda forbartha a bhí ann i mblianta a ’60 agus i mblianta luatha a ’70 tá na rátaí forbartha i bhfad níos measartha i mblianta déanacha an ’70 agus ní leor iad chun postanna a chur ar fáil dóibhsean go léir atá ag lorg oibre. Is neamhdhóigh go bhfillfidh geilleagar an domhain ar na rátaí arda fáis a bhí ann i mblianta a ’60, ag féachaint go háirithe don chor baolach atá ar chúrsaí fuinnimh. 5. Faoi láthair tá an líon daoine atá ag teacht in aois oibre ag méadú go tapaidh ar fud an Chomhphobail. Ceaptar go méadóidh líon an lucht saothair idir 500,000 agus 800,000 sa bhliain go dtí 1985 cé go meastar i gcás an Chomhphobail go hiomlán go n-ísleoidh treoghluaiseacht an daonra sa dara leath den deichbhliain agus go rachaidh sé ar gcúl ina dhiaidh sin. Measann an Coimisiún go mbeadh ráta fáis idir 4.5 faoin gcéad agus 5 faoin gcéad sa bhliain ag teastáil chun aon sórt feabhais a chur ar chúrsaí fostaíochta i rith na mblianta seo is neasa dúinn. Sa Chumarsáid uaidh faoi dháta an 8 Bealtaine 1979 tugann sé tuar de thuairim 3 faoin gcéad go 3.5 faoin gcéad sa bhliain d’fhás geilleagair an Chomhphobail sna blianta seo is neasa dúinn (de réir forbairtí ó ullmhaíodh an Chumarsáid bheadh na rátaí fáis go deimhin níos ísle fós). Táthar á cheapadh, dá bhrí sin, go n-ardóidh dífhostaíocht sa Chomhphobal os cionn an ráta 5.5 faoin gcéad atá fúithi faoi láthair go dtí lár deichbhliain 80. 6. Ní hionann treoghluaiseachtaí dhaonra na hÉireann agus iad sin i dtíortha eile CEE sa mhéid go bhfuil an daonra seo againne ag méadú níos tapúla agus ní hamháin sin ach is dóigh freisin go leanfaidh an fás go dtí deireadh an chéid. I bPáipéar Uimh. 35 (Tábla A2) ón gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach tuartar go mbeidh an lion daoine le haghaidh fostaíochta lasmuigh de thalmhaíocht in Éirinn ag ardú go dtí idir 997,000 agus 1,050,000 faoi 1986 i gcomparáid leis an líon iarbhír 830,000 tuairim a bhí ag obair i 1979. Is é gréasán aoise an daonra faoi láthair is bun leis an méadú seo mar tá a dhá oiread daoine óga san aoisghrúpa 15-19 agus atá de dhaoine aosta san aoisghrúpa 60-64. Níl aon dóigh ann go dtiocfaidh aon athrú tábhachtach sa chionúireacht 2:1 idir lucht fágála scoile agus daoine ar tí scor go dtí deireadh an chéid. 7. An dóigh atá ann go méadófar dífhostaíocht mar gheall ar an bhfórsa saothair a bheith ag dul i méid agus fás righin a bheith faoin ngeilleagar tá sé tar éis tabhairt ar an gCoimisiún a mholadh go rachfaí i mbun bearta páirteachais oibre sa Chomhphobal mar chuidiú le hobair a chur ar fáil don oiread daoine agus is féidir. Is é an smaoineamh bunúsach atá le páirteachas oibre an méid táirgiúlachta atá ann faoi láthair a roinnt amach ar líon breise lucht saothair. Trí am oibre a laghdú siar tá súil go dtógfaidh fostóirí oibrithe breise chun táirgiúlacht a choinneáil suas. Tugann Cumarsáid an Choimisiúin rabhadh, áfach, nach dtéann toradh na mbeart páirteachas oibre de réir uimhríochta i.e. ní gá go gciallódh laghdú 1 faoin gcéad in am oibre méadú 1 faoin gcéad i bhfostaíocht. Thaispeáin staidéir a rinneadh i SAM, nuair a laghdaítear am oibre go dtagann dá thoradh méaduithe tábhachtacha ar tháirgiúlacht a d’fhéadfadh éifeacht na fostaíochta a laghdú suas go 50 faoin gcéad. Barúil an Choimisiúin8. Sa Chumarsáid uaidh faoi dháta an 8 Bealtaine 1979 admhaíonn an Coimisiún nach foláir na gnéithe seo a leanas do bhaint le beartas páirteachas oibre, má tá sé le cuidiú tábhachtach a thabhairt do chor na fostaíochta sa Chomhphobal:— (a)é a lánpháirtiú le comhdhruidim dálaí maireachtála agus oibre sna Ballstáit, (b)gan bheith ina chúis le caiteachas poiblí breise, (c)gan damáiste a dhéanamh don teacht aniar atá faoi láthair ar bhrabúsmhaireacht gnólachtaí tar éis an chúlaithe, (d)gur féidir dul siar arís, (e)é do theacht as caibidlí idir na comhpháirtithe sóisialta. Creideann an Coimisiún gur gá beart Comhphobail do stiúradh na dtreoghluaiseachtaí chun laghdú a thabhairt ar am oibre, atá sna Ballstáit, i dtreo cuspóirí a chuideoidh le comhdhruidim beartas geilleagair. Creideann sé gur cheart na cuspóirí sin, ach gnéithe náisiúnta agus earnála a chur san áireamh, a bheith chomh haonchineálach agus is féidir agus iad a bheith i gcomhréir lena chéile. 9. Is dóigh leis an gCoimisiún gur cheart don Chomhphobal lámh a chur sna limistéir pháirteachais oibre seo a leanas:— (i) obair bhliana ina méadófaí an tsaoire bhliantúil agus ina laghdófaí an tseachtain oibre chaighdeánach, (ii) srian a chur le breis-am, (iii) uain-obair, (iv) scor solúbtha agus scor luath, (v) ceart chun oiliúna, (vi) obair pháirtaimsire a mhéadú, agus (vii) obair shealadach a rialú. 10. Samhlaítear don Choimisiún go bhfuil dhá chineál ní a d’fhéadfadh an Comhphobal déanamh, ag brath ar an ábhar. Samhlaítear dó i dtús báire go bhféadfaí comhaontuithe imlíne Eorpacha a réiteach idir na Comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal Comhphobail le cúnamh teicniúil agus idir-réitigh ón gCoimisiún. Táthar ag breathnú ar an ré bliantúil oibre mar ábhar oiriúnach do chomhaontuithe mar sin. Sa dara háit, molann an Coimisiún go nglacfaí le treoracha imlíne a shocródh comhchuspóirí ach a d’fhágfadh na mionsocruithe faoi na Stáit ar leithligh. Luann sé go bhféadfadh sriantachtaí ar bhreis-am a bheith mar ábhar do threoir dá leithéid. Rúin ón gComhairle11. Níl aon fheidhm reachtúil ag na rúin lenar ghlac an Chomhairle an 18 Nollaig 1979 agus ní chuireann siad aon bheart áirithe de cheangal ar na Ballstáit. Sa Rún uaithi ar atheagrú am oibre ceadaíonn an Chomhairle treoirlínte ginearálta maidir le breis-am, scor solúbtha, obair pháirtaimsire, obair shealadach, uain-obair agus uaire oibre bliantúla agus tá sí á iarraidh ar an gCoimisiún (a) a chuid tátail a chur i láthair i dtaobh conas a chuirfeadh an Comhphobal chun obair bhreis-ama sheasmhach a laghdú agus uaire oibre bliantúla sa Chomhphobal a laghdú mar aon le (b) cumarsáidí sonraithe ar scor solúbtha, obair pháirtaimsire agus obair shealadach. Ba mhaith léi freisin (i) comhchomhairlí do leanúint idir an Coimisiún agus na comhpháirtithe sóisialta, agus (ii) caidreamh níos dlúithe a bheith idir na comhpháirtithe sóisialta sa Chomhphobal féachaint an bhféadfaí a réiteach conas a thabharfadh an Comhphobal aghaidh ar an bhfadhb. 12. Ghlac an Comhphobal freisin ar an 18 Nollaig 1979 le Rún ar obair agus oiliúint chónasctha do dhaoine óga. Tá treoirlínte sa Rún do na Ballstáit ar (a) ábhar agus smaoineamh ar obair agus oiliúint chónasctha, (b) maoirsiú agus aitheantas oiliúna, (c) luach saothair agus tacaíocht airgid agus (d) dálaí oibre agus cosaint shóisialta. Iarrann an rún freisin ar an gCoimisiún (i) na dálaí a scrúdú faoina bhféadfadh Ciste Sóisialach na hEorpa a bheith i gcomhlachas le haon bheart a dhéanfadh Ballstáit chun obair agus oiliúint chónasctha a fhorbairt i rith tréimhse dul isteach i saol oibre, (ii) faireachas a dhéanamh ar fheidhmiú an Rúin sna Ballstáit, (iii) tacaíocht teicniúil a thabhairt do Bhallstáit, (iv) cabhrú le taithí a mhalartú agus (v) tuairisc a thabhairt don Chomhairle i 1982. Barúil Ghinearálta an Chomhchoiste13. Is é an chéad smaoineamh a bhuail an Comhchoiste ar an ábhar seo a scrúdú go bhfeictear dó nach féidir taifeach a dhéanamh a priori ar na ciallachais gheilleagair a ghabhfadh leis na bearta páirteachais oibre, atá luaite go comair ag an gCoimisiún, a chur i ngníomh. Níl aon dlús eolais ná fiú taithí ann a bhféadfaí tarraingt as nuair a bheifí ag iarraidh a mheas cén toradh a bheadh ar aon bheart páirteachas oibre áirithe. Ina theannta sin níl dóthain staidrimh ná i ngar dó i dtaobh am oibre in Éirinn agus ar fud an Chomhphobail agus déanann sé sin fadhb an taifigh níos measa fós. Creideann an Comhchoiste go bhfuil tacaíocht do na tátail sin le fáil sa Tuairim agus Tuarascáil ón gCoiste um Beartas Geilleagair a tíolacadh don Chomhairle an 26 Deireadh Fómhair 1979. 14. Breis fáis faoi gheilleagar agus feabhas ar éifeachtúlacht na príomhbhealaí chun fostaíocht a mhéadú. Más dóigh áfach, agus ní neamhdhóigh é, nach féidir leis na hionchais fáis anois agus san am le teacht fostaíocht a chruthú ar scála ba ghá chun freastal do fhórsa saothair atá ag dul i méid chítear don Chomhchoiste nach foláir breathnú go grinn ar aon bheartaíocht eile a d’fhéadfadh feabhas a thabhairt ar chor na fostaiochta. Is i an cheist thábhachtach an bhféadfadh na bearta páirteachais oibre sin atá léirithe an cuspóir sin a bhaint amach. D’fhéadfadh go mbeadh sé ag brath i ndeireadh na dála ar dhúthracht dhá thaobh an tionscail don smaoineamh ar pháirteachas oibre. Sa phonc áirithe shonraigh an Comhchoiste difríocht bhunúsach prionsabail idir ionadaithe fostóirí agus oibrithe sa tír seo. 15. Is é a deir na fostóirí, d’éagmais roinnt ar an ioncam a thig as fostaíocht i gcomhréir le roinnt ar am oibre gurb é toradh a bheadh ar pháirteachas oibre costais saothair a mhéadú agus tríd sin laghdú a thabhairt ar mhéid na fostaíochta a bheadh ar fáil. Fairis sin chítear dóibh nach bhfuil i dtograí na Bruiséile an solúbthacht is gá chun freastal don difríocht an-mhór atá idir fadhbanna fostaíochta sna Ballstáit agus an eacnamaiocht comhlachtai beaga a bhionn go formhór in Eirinn go háirithe. Dar leo nach bhfuil sé cruthaithe go dtabharfadh aon bheart acu sin atá molta laghdú ar dhífhostaíocht. Ina ionad sin chítear dóibh gur feabhsuithe ar choinníollacha fostaíochta iad go príomha agus deir siad nach ábhar na feabhsuithe sin do chinntí ar bhonn Eorpach. 16. Is é barúil na gceardchumann ar an leith eile gur cuidiú dearfa an páirteachas oibre cé nach bhféadfadh go mbeadh sé ina phríomhiarracht in aghaidh na dífhostaíochta. Tá siad daingean air, áfach, nach gcaithfear páirteachas oibre a chur in ionannas le páirteachas ioncaim. Creideann siad nach mbeadh thar chaol-éifeacht ar chostais ag aon cheann de na bearta páirteachais oibre atá i dtrácht. Glacann siad leis go bhfuil gá le cumas iomaíochta gnólachtaí Éireannacha a choimeád suas ach measann siad má dhéantar beart comhordaithe ar leibhéal Comhphobail, nár chóir go mbainfeadh dochar d’aon Stát seachas a cheile de dhroim na héifeachta a bheadh aige ar chostais aonad oibre. Mar gheall air sin ba mhaith leo go gcuirfeadh an Comhphobal lámh sa scéal. 17. Cibé deacracht a bheadh ann tuairimí na bpáirtithe sóisialta a thabhairt i gcomhréir lena chéile, creideann an Comhchoiste gur cheart leanúint do cheist an pháirteachais oibre más féidir a chruthú go bhfuil seans cothrom aige feabhas a thabhairt ar chor fostaíochta atá ag dul in olcas i ndálaí deacra geilleagair agus in am a bhfuil an teicneolaíocht ag athrú go mear. Mar gheall air sin creideann sé gur cheart na bearta éagsúla atá molta a scrúdú a thuilleadh ar leibhéal Comhphobail agus náisiúnta. Ag an am seo agus cheal tograí sonracha níl an Comhchoiste sa chor go bhféadfaidh sé aon cheann de na bearta atá luaite ag an gCoimisiún a mholadh go dearfa. Maidir leosan níl beartaithe aige sa tuarascáil seo ach aird a tharraingt ar ghnéithe éigin a tháinig faoina umhail le linn dó a bheith á scrúdú. 18. Tugann an Comhchoiste dá aire barúil an Choimisiúin, cé gur chóir bearta Comhphobail a bheith chomh haonchineálach agus is féidir agus comhoiriúnach dá chéile, go gcaithfear aird a thabhairt ar ghnéithe náisiúnta agus earnála. Creideann an Comhchoiste go bhfuil sé rí- thábhachtach, má chuireann an Comhphobal lámh i gcúrsaí, go gcuirfeadh sé san áireamh staideanna éagsúla na forbartha geilleagair ar fud an Chomhphobail. Sa mhéid a bhaineann le hÉirinn de, measann an Comhchoiste, má tá ár gcumas iomaíochta le coinneáil slán, nach foláir aird a thabhairt ar na nithe seo (a) gur gnólachtaí tionscail bheaga atá againn, (b) ár dtáirgiúlacht tionscail a bheith iseal, (c) an méid craobh- ghléasra de chomhlachtaí ilnáisiúnta atá againn a thagann go maith as aon chomparáid le gléasraí i dtíortha eile, (d) na deacrachtaí atá ag tarlú do ghnólachtaí Éireannacha cheana féin mar gheall ar léirscaoilteacht trádála sa bhreis, agus (e) onnmhairí ó thíortha forbraíochta a bheith ina mbaol do thionscail seanbhunaithe na hÉireann. 19. Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil sé tábhachtach nach rachfaí ag lorg an pháirteachais oibre trí neamhaird a thabhairt ar mhodhanna eile do mhéadú fostaíochta. I ndáil leis sin tá fianaise ann a thabharfadh le tuiscint go mba chuidiú le fostaíocht breis solúbthachta a bheith i margadh oibreachais na hÉireann. Tá lucht oibre oilte an-tearc in earnálacha áirithe tionscail in Éirinn (saothar leictreonach, innealtóireacht) agus i ngrúpaí ceirde áirithe (feisteoirí, táthairí, teicneoirí leictreonacha, innealtóirí leictreacha, etc). Gan amhras, ní foláir nó gur tuilleadh bac ar lucht tionscail an teirce sin nuair a bhíonn daoine oilte agus leath-oilte sa bhreis á lorg acu. Tá sé á thathant ag an gCoiste an tosaíocht is airde a thabhairt do chloí na teirce sin, trí líon na bprintíseach a mhéadú b’fhéidir, nó comhréir na bprintíseach le ceardaithe a laghdú agus iarracht a dhéanamh lion na gceimithe o ranna innealtóireachta na nOllscoileanna agus na bhForas Teicneolaíochta a mhéadú. Creideann an Comhchoiste freisin go bhfuil fianaise ann á chur i bhfios gur dífhostaíocht réigiúnach cuid de dhífhostaíocht na tíre seo. Níor mhiste dá bhrí sin breathnú go práinneach ar bhearta a chabhródh le dul ó áit go háit, mar atá deontais nó fóirdheontais athlonnúcháin. Is léir gur chun olcais a rachadh rudaí dá dtugtaí isteach páirteachas oibre in áiteanna a bhfuil teirce daonchumhachta cheana féin. Ré oibre20. Beart amháin páirteachais oibre a moladh chiallódh sé go laghdófaí ré bliantúil nó méid bhliantúil oibrithe trí shaoire le pá a fhadú nó an méid uaire oibre sa tseachtain a laghdú. Dealraíonn sé gurbh fhearr leis an gCoimisiún go ndéileálfaí le ré oibre i gcomhaontuithe imlíne. Níor mhiste a shonrú gur airde ar an meán seachtain oibre chaighdeánach thionscal na hÉireann ná í sin do thíortha eile CEE agus is é an chéad chéim a ghlacfaí ná cleachtadh na hÉireann a thabhairt ar aon réir le cleachtadh Ballstát eile ach aird chuí a thabhairt ar an ngá atá le cumas iomaíochta thionscal na hÉireann a choinneáil buan. Rud tábhachtach i gcúinsí na hÉireann is ea dá laghad an líon daoine a bhíonn fostaithe ag gnólacht gur lúide is dóigh go mbeadh breis foirne á bhfáil do chionn laghdú a thabhairt ar na huaireanta a oibríonn oibrí. Tríd is tríd ní foláir nó go bhfuil sé i ndabht i gcúinsí na hÉireann, ar a laghad, cá mhéid a chabhródh laghdú uaireanta oibre le hoibrithe breise a ghlacadh isteach as líon na ndaoine dífhostaithe nó ó lucht fágála scoile. 21. Faoi láthair tá sé leagtha síos ag an Tuiscint Náisiúnta cá mhéid a d’fhéadfadh geilleagar na hÉireann glacadh le laghduithe ar am oibre san am atá díreach romhainn agus ní cheadaíonn sé laghduithe ar am oibre ach amháin i gcás oibrithe nach bhfuil 17 lá de shaoire bhliantúil acu agus oibrithe a bhfuil a gcuid uaire faoi láthair i bhfostaíochtaí áirithe ar neamhréir leosan atá i bhfeidhm sa tionscal nó sa réigiún. Breis-am22. Is dóigh leis an gCoimisiún de réir dealraimh go bhfuil sé ríthábhachtach srian a chur le breis-am a thaobhú, go háirithe toisc go bhféadfadh taobhú le breis-am neamhní a dhéanamh d’aon laghdú sa tseachtain oibre ar a gcomhaontófaí. Mheas Comhairle na hEorpa ag an gcruinniú a bhí aici i Márta 1979 gur chóir uaslíon uaire breis-ama a údarú agus gur chóir uaire a oibríodh de bhreis ar an uaslíon a chúiteamh le ham saor. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste, áfach, nach bhfuil aon fhianaise ann, sa mhéid a bhaineann le hÉirinn de, gur mhaith le hoibrithe a thuilleadh am saor in ionad tuillimh. 23. Ní foláir idirdhealú idir bhreis-am córasta agus breis-am féiliúnta. B’fhéidir nach bhfuil seachaint ar bhreis-am a thig de chineál séasúrach na táirgeachta ach glacann an Comhchoiste leis, dá ndéanfaí breis-am córasta, nach teirce lucht oibre is cúis leis, a laghdú, go bhféadfadh méadú fostaíochta teacht de sin gan costais aonad oibre a mhéadú. In Éirinn, ar an leith eile mar a bhfuil gá le breis-am chun cúiteamh in easpa oilteachta, d’fhéadfadh laghdú ar bhreis-am bheith ina chúis le laghdú i dtáirgiúlacht agus i bhfostaíocht. Ba mhaith ab fhiú a fháil amach cad iad na fostaiochtai ina n-oibritear a lán breis-ama féachaint an bhféadfaí i gcásanna áirithe druidim ó bheith ag brath ar uaire fada go dti méadú ar an bhfórsa saothair. 24. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach, tar éis dul i gcomhairle leis na Fostóirí agus na Ceardchumainn, a laghdóidh an tseachtain oibre chaighdeánach ó 48 n-uaire go dtí 40 uair agus a bhacfaidh dul thar 10 n-uaire a chloig oibre sa tseachtain. Uain-Obair25. Níltear cinnte cá mhéid a mhéadófaí fostaíocht trí bhreis uain- oibre. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go bhfuil an-chuid uain-oibre á dhéanamh i dtionscail a bunaíodh le déanaí in Éirinn go háirithe i dtionscail tromchaipitil. Is é an bac is tábhachtaí gan amhras an t-éileamh atá ar an earra a tháirgtear. Táthar in amhras, dá gcuirfí srian le breis-am, an mbeadh bonn cóir le huaineacha sa bhreis a chur ar fáil ach d’fhéadfadh dá laghdaítí an tseachtain oibre i roinnt tionscal go dtiocfadh dá thairbhe uain sa bhreis a bhunú. Scor Luath agus Scor Solúbtha26. Ós beag é an líon oibrithe atá ag druidim le haois scoir i gcomparáid leis an líon díobh a bhfuil saol fada oibre rompu amach, b’fhéidir go bhfuil scóip in Eirinn chun cionúireacht níos airde de dhaoine éatacha a choinneáil ar scor. Faoi láthair tá an céatadán éatach atá gníomhach i gcúrsaí geilleagair go maith os cionn meán CEE. Gan amhras tá cuid den mhíniú ina leith sin le fáil sa laghdú géar ar chaighdeáin mhaireachtála a bhaineann do go leor d’oibrithe na hÉireann ar scor dóibh. Ach ní mór féachaint ar an ngréasán fabhrach aoise sa chomhthéacs go bhfuil ráta ar cleithiúnachta ann mar gheall ar an gcionúireacht ard leanaí agus nach bhfuil ach cion cuibheasach beag den daonra i bhfostaíocht seachas talmhaíocht. 27. Is deacair a rá cén éifeacht a bheadh ag plean ginearálta luath- scoir ar fhostaíocht go huile. Ní foláir smaoineamh go bhféadfadh oibrithe teacht isteach an athuair sa mhargadh oibreachais. Tá fianaise ann ó scéimeanna luath-scoir i dtíortha eile, go háirithe san Iodáil, go bhfuil méadú maith mór tar éis teacht ar líon na ndaoine éatacha atá fostaithe sa mhargadh oibreachais “liath”. Fostaíocht Pháirtaimsire28. Ba é an rud ab fhearr obair pháirtaimsire a bheith ar fáil dóibhsean a dteastaíonn sí uathu ach táthar in amhras go mba chabhair ar bith don staid ghinearálta breis obair pháirtaimsire a bheith ar fáil. Is cabhair i an fhostaíocht pháirtaimsire nuair a bhíonn an margadh saothair docht agus b’fhéidir go mbeadh glacadh i Stáit ina bhfuil na meán-tuillimh ard leis an moladh go gcuirfí obair pháirtaimsire in ionad obair lánaimsire. Níl margadh saothair docht in Éirinn, áfach, (cé go dtarlaíonn scroigeacha saothair in earnálacha den mhargadh saothair) agus is neamhdhóigh go bhfuil leibhéil na dtuilleamh éirithe chomh hard sa tír seo agus go bhfáilteofaí roimh scor in áit oibre. I ndáiríre ní feabhas ach olcas a thabharfadh sé ar ár bhfadhb dífhostaíochta spreagadh a bheith á thabhairt de bhreis fostaíochta páirtaimsire sa tír seo, mar gheall ar a laghad ban pósta atá ag gabháil di. Ina theannta sin b’fhéidir go mba leasc le go leor comhlachtaí fostaithe sealadacha nó fostaithe páirtaimsire a ghlacadh isteach ar eagla go ndéanfadh an reachtaíocht oibreachais atá ann costais shocraithe in ionad costais inathraithe de na costais a thabhófaí dá chionn. Obair Shealadach29. Deir an Coimisiún go ndealraíonn an scéal go bhfuil comhlachtaí airithe ann agus gur minic a úsáideann siad obair shealadach mar dheis chun imeacht ó na ceanglais atá leagtha síos le dlí nó trí chomh-mhargaíocht do chosaint fostaíochta. Measann sé go bhféadfaí díobháil a dhéanamh do bhearta arb é a gcuspóir uaire oibre a laghdú agus obair a athdháileadh dá mbeadh ceanglais oibreachais bhreise á gcomhlíonadh ag oibrithe sealadacha seachas ag earcaigh nua. Dá bhrí sin chítear dó gur cuid thábhachtach den bheartaíocht go léir obair shealadach a rialú. 30. D’aithle an ghealltanais sa Tuiscint Náisiúnta tá Gníomhaireacht Fruilithe Náisiúnta le bunú ag an Aire Saothair. Cuideachta theoranta phríobháideach a oibreoidh an ghníomhaireacht. Beidh an Ghníomhaireacht bainteach le folúntais lánaimsire sealadacha de gach cineál a líonadh. Fostóidh an Ghníomhaireacht féin na hoibrithe lena mbaineann agus soláthróidh sí na hoibrithe sin do na gnólachtaí lena mbaineann. Beidh sí freagrach i bpá an oibrí agus a chuid cánach agus asbhaintí slándála sóisialta a íoc mar aon leis na freagrachtaí eile a chuirtear ar fhostóirí i ndáil le hoibrithe. Tar éis tréimhse áirithe ar bhearta oibre, beidh siad sin a bheidh cláraithe leis an nGníomhaireacht i dteideal táille áirithíochta speisialta. Forbairt Oiliúna31. Creideann an Coimisiún, maidir le bearta a gceaptar dóibh freastal ar riachtanais oiliúna oibrithe, go bhféadfaidh na bearta sin cabhrú freisin chun srian a chur leis an méadú ar sholáthar lucht oibre. Baineann an ghné sin de na tograí i dtaobh páirteachas oibre go follasach le beart Comhphobail ar obair agus oiliúint chónasctha do dhaoine óga agus is gné í, dar leis an gComhchoiste, ar cheart breithniú uirthi go cúramach. Dá gcuirtí bearta oiliúna i bhfeidhm fairsing go leor, d’fhéadfadh méadú fostaíochta teacht dá gcionn agus chabhródh siad chomh maith le laghdú a thabhairt ar neamhionannais gréasáin idir soláthar agus éileamh ar an margadh saothair. Tá sé sin tábhachtach d’Éirinn go háirithe mar a bhfuil oibrithe oilte tearc in earnálacha den mhargadh saothair. Buíochas32. Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur in iúl gur mór aige agus gur buíoch é de chionn méid an chúnaimh a fuair sé, nuair a bhí ceist an pháirteachais oibre á breithniú aige, ó Chomhar Ceardchumann na hÉireann, ó Chumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, ó Chumann Cónaidhme na bhFostóirí agus ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann. Ba mhaith leis admháil a thabhairt freisin sa chabhair a fuair sé as na páipéir a d’fhoilsigh Foras Ceardchumann na hEorpa agus a cuireadh ar fáil dó le caoinchead an Chomhair, i dtaobh uaire oibre agus breis-am a laghdú agus as páipéar ar uainobair a sholáthraigh an Bunachas Eorpach d’Fheabhsú Dálaí Maireachtála agus Oibre. (Sínithe) DÁITHÍ Ó MAOLDHOMHNAIGH, Cathaoirleach Gníomhach an Chomhchoiste. 16 Aibreán 1980. |
||||||||||||