Committee Reports::Report No. 08 - Bord na Móna::12 March, 1980::Report

AN tOCHTÚ TUARASCÁIL

BORD NA MÓNA

I BUNEOLAS

1.1 Cúlra teicniúil

1. Ar phortach a fháil, ní mór roinnt blianta ullmhúcháin chun é a chur i dtreo chun bainte. An chúis is mó atá leis an ullmhúchán seo an portach a shiltin chun go mbeidh a laghad uisce ann is go bhféadfar an mhóin a bhaint agus a shábháil agus go mbeidh an talamh daingean go leor chun na hinnill bhainte a iompar fara leis na bóithre iarainn a bhíonn ag teastáil chun an mhóin a thabhairt chun siúil ó láthair a bainte. Nuair a bhíonn an mhóin bainte, fágtar amuigh faoin aer í lena triomú leis an ngaoth agus sin é a fhágann obair Bhord na Móna ag brath ar an aimsir. Ní hé an méid chéanna móna a bhaintear gach aon bhliain agus is í an chúis atá leis sin go háirithe na hathruithe a thagann ar an aimsir le linn an tséasúir triomúcháin. Bíonn stoc mór móna ar láimh ach amanna ní leor sin chun laghdú sa táirge a chosc óna chothromú le laghdú díolacháin.


2. Tá ceithre earra á dtáirgeadh ag Bord na Móna. An chéad cheann, móin innill a bhaintear ina fhóid—tugtar fódmhóin uirthi chomh maith. Nuair a bhíonn sí triomaithe, tá an teas céanna i móin innill agus atá i dtuairim an tríú cuid den mheáchan céanna d’ola bhreosla. An dara ceann, móin mheilte. Baintear í sin trí uachtar an phortaigh a scríobadh. Ar í a dhíol, tá an teas céanna i dtonna móna meilte agus atá sa chúigiú cuid de thonna d’ola bhreosla. Ní mar a chéile agus móin innill, ní dhíoltar móin mheilte díreach leis an bpobal: díoltar tuairim an tríú cuid di le Bord Sólathair an Leictreachais agus cuirtear an chuid eile go dtí monarchana Bhord na Móna chun brícíní móna a dhéanamh de agus ansin díoltar iad sin leis an bpobal. Is iad na brícíní an tríú hearra. Ní breosla an ceathrú hearra ach ábhar le bail a chur ar ithir, is é sin, caonach móna, agus onnmhairítear cuid mhaith de sin. Brathann sé ar chineál, áit agus méid aon phortaigh cén táirge a bhainfear as.


3. Nuair a bhíonn an oiread agus is féidir den breosla móna agus den chaonach bainte as portach, tugtar portach bainte air. I gcásanna áirithe is féidir an portach a úsáid ansin chun críocha talmhaíochta nó gairneoireachta.


1.2 Cúlra staire

4. Chuir an Rialtas spéis i saothrú na bportach chomh fada siar ar a laghad leis na deich mbliana tosaigh den naoú céad déag, ach thosaigh a bhforbairt dáiríre le tuarascálacha na gcoimisiún a bunaíodh i 1917 agus 1920. Ba é éirim na dtuarascálacha sin gur cheart go mbeadh móin le haghaidh giniúint leictreachais ina chuid lántábhachtach d’aon fhorbairt phortaigh, agus go dtí an lá atá inniu ann tá an tábhacht is airde le Bord Soláthair an Leictreachais i dtionscal na móna.


5. Rinneadh bearta tábhachtacha go luath sna 19-tríochadaí. I 1933 bunaíodh rannóg sa Roinn Tionscail agus Tráchtála le freagracht speisialta chun táirgeadh agus úsáid móna a chur ar aghaidh. I 1934 bunaíodh an Bord Forbartha Móna, cuideachta phríobháideach a maoiníodh le deontais-i-gcabhair. Bhain an Bord seo úsáid as mhodhanna meicniúla chun móin a bhaint, fuair sé portaigh agus shil iad agus i 1940 ghlac ceannas ar mhonarcha brícíní ón Peat Fuel Company.


6. Bunaíodh Bord na Móna i 1946 le hAcht Forbartha Móna na bliana sin. Faoin Acht sin ghlac Bord na Móna chuige féin sócmhainní an Bhord Forbartha Móna. Ba é céad chúram na heagraíochta nua clár náisiúnta forbartha móna a chur i ngníomh arb iad a phríomh-ghnéithe: milliún tonna móna innill (fódmhóin) a tháirgeadh a n-úsáidfí cuid mhaith de chun leictreachas a ghiniúint; 20,000 tonna brícíní a tháirgeadh sa bhliain; agus 50,000 méadar ciúbach sa bhliain de chaonach móna a tháirgeadh. I 1950 chuir Bord Soláthair an Leictreachais an chéad stáisiún ar ordú le haghaidh táirge Bhord na Móna a úsáid.


7. Sa bhliain chéanna bunaíodh an dara clár forbartha, trína ndearnadh rialú ar ghníomhaíochtaí Bhord na Móna go dtí lár na 1970-ódaí. Rinne sé socruithe le haghaidh 0.9 milliún tonna móna innill a tháirgeadh in aghaidh na bliana, fara le 3¼ mhilliún tonna móna meilte (le haghaidh úsáide i stáisiúin chumhachta agus chun brícíní a dhéanamh), 0.3 milliún tonna brícíní agus milliún méadar ciúbach de chaonach móna.


8. Bacainn mhór a bhí ar fhorbairt mhóna go dtí le déanaí ab ea go raibh sé i ndian-chomórtas le hola allmhairithe. Go háirithe d’fhéadfadh Bord Soláthair an Leictreachais, agus is uaidh sin a bhí tuairim a leath d’ioncam Bhord na Móna ag teacht, d’fhéadfadh sé cumhacht a tháirgeadh i bhfad níba shaoire i stáisiúin ola-dhóite ná i stáisiúin móin-dóite. Tháinig mór-athrú ar an gcor sin leis an méadú faoi cheathair a tháinig ar phraghsanna ola i 1973/4 agus bhain Bord na Móna buntáiste as na cúinsí nua tríd an tríú clár a ghlacadh trína ndearnadh socrú le haghaidh ollmhéadú ar tháirgeadh agus na spriocanna seo a leanas a bhaint amach in aghaidh na bliana: 6 mhilliún tona de mhóin mheilte; trí-cheathrú mhilliún tona bricíní; agus 1.9 milliún méadar ciúbach de chaonach móna. Is é an clár sin is comhthéacs do ghníomhaíochtaí agus pleananna Bhord na Móna faoi láthair.


1.3 Obair Faoi Láthair

9. Tá oibreacha ag Bord na Móna i 21 láthair, agus is i lár na tíre atá siadsan go léir seachas chúig cinn d’oibreacha measartha beag i gContaetha Dhún na nGall, Gaillimh, Ciarraí agus Maigh Eo. I gContaetha Uibh Fhailí agus Chill Dara atá an comhdhlús is mó: I 1978/79 sholáthraigh oibreacha sna contaetha sin 60 faoin gcéad, 51 faoin gcéad, 100 faoin gcéad agus 49 faoin gcéad den mhóin innill, den mhóin mheilte, de na brícíní agus den chaonach móna, faoi seach, a táirgeadh. Tá roinnt tábhachta ann, maidir le héifeacht gheilleagair agus shóisialta an tionscail mhóna, na hoibreacha sin a bheith comhdhlúite isteach in aon limistéar amháin.


10. Tá táirgeadh agus díolachán 1978/79 leagtha amach i dTábla 1.


TÁBLA 1


 

Móin Innill (tona)

Móin Mheilte (tona)

Brícíní (tona)

Caonach Móna (méadar ciúbach)

Táirgeadh

942,699

2,914,537

318,888

1,093,055

Díol

 

 

 

 

- BSL

272,343

2,731,102

- Eile

651,870

21,716

317,065

1,090,861

- Brícíní

778,279

- Iomlán

924,213

3,531,097

317,065

1,090,861

11. Tá sé luaite cheana féin go mbíonn baint mhóna ag brath go mór ar an aimsir, agus mar gheall air sin d’fhéadfadh na figiúirí do bhliain amháin léargas bréagach a thabhairt ar scála oibríochtaí Bhord na Móna. Ba lú táirgeadh 1978/79 ná táirgeadh na bliana roimhe sin i gcás gach earra. Laghdú beag a bhí ann (2½ faoin gcéad) i gcás móin innill agus is comhartha sin ar an treo ginearálta ina bhfuil táirgeadh na hearra sin ag gabháil. Mar a tharla, chuaigh táirgeadh na móna innill breis agus 10 faoin gcéad thar sprioc.


12. Rinne aighnis thionscail dochar do tháirgeadh na mbrícíní agus thit sé sin 11 faoin gcéad laistíos den sprioc agus de leibhéal na bliana roimhe sin. Ba é an toradh ba mheasa a fríth ón drochaimsir gur bhain laghdú do tháirgeadh móna meilte de 11% i gcomparáid le 1977/78. Mar a tharla, ba é sin an táirge ab ísle le cheithre bliana den earra sin, earra a bhfuil ceaptha dó a bheith ina mhór-sprioc sa Tríú Clár Forbartha.


13. Nuair a laghdaigh an táirgeadh iomlán is é a lean as gur laghdaigh díolacháin na dtáirgí go léir i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin: 4 faoin gcéad, 9 faoin gcéad, 11 faoin gcéad agus 8 faoin gcéad do mhóin innill, móin mheilte (agus seachadadh do na monarchana brícíní a áireamh), brícíní agus caonach móna faoi seach. Cás na mbrícíní ba mheasa, mar bíonn i bhfad níos mó éileamh orthu ná fáil agus caitear iad a chiondáil, ach bhí an díol ba lú le deich mbliana orthu mar gheall ar gan na spriocanna a bhaint amach.


14. Díoladh luach £33,495,000 ar fad i 1978/79; bhain £10,281,000 de sin le móin innill, £12,355,000 le móin mheilte, £6,224,000 le brícíní agus £4,635,000 le caonach móna. An méadú fíor-mhion ar luach an láimhdeachais i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (ní raibh ann ach 3 faoin gcéad) is comhartha é ar an laghdú mór táirgeachta atá luaite cheana.


15. Is é Bord Soláthair an Leictreachais is mó, go mór is go fada, a úsáideann breosla móna. De réir toirt, b’ionann díolachán leis an gcomhlacht sin agus 29 faoin gcéad de dhíol iomlán móin innill (an cion is lú riamh, rud a thaispeánann go háirithe go bhfuil tábhacht na stáisiún ginte a bhaineann úsáid as an mbreosla sin ag dul i laghad i gcóras BSL) agus 77 faoin gcéad den mhóin mheilte a díoladh (cion a bhíodh ag fás ach atá fanta cobhsaidh le trí bliana anuas).


16. Tagann athrú de réir an tséasúir ar an líon a bhíonn fostaithe, ionas gur airde de thuairim 20 faoin gcéad an líon a bhíonn fostaithe ag an mbuaicthréimhse ná an meán-líon in aghaidh na bliana. 5,102 an meán-líon a bhí fostaithe i 1978/79 agus 6,255 sa bhuaicthréimhse.


1.4 Eagraíocht agus airgeadas

17. Leis an Acht Forbartha Móna, 1946, cuireadh an fhreagracht i leith stiúradh chúrsaí Bhord na Móna de chúram ar Bhord mórsheisear comhalta arna gceapadh ag an Rialtas. Ceaptar comhalta amháin mar Chathaoirleach agus tá ceann de na háiteanna á líonadh ag an Stiúrthóir Bainistíochta agus eisean a ghníomhaíonn mar phríomh-fheidhmeannach. D’fhonn bheith i gcomhréir le forálacha an Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977, méadaíodh líon an Bhoird go dáréag. Tá ceathrar comhalta ar an mBord anois atá tofa ag agus as foireann Bhord na Móna agus atá ceaptha ag an Taoiseach.


18. Is iad atá san eagar feidhmeannais ná seacht bhfeidhmeanna a bhfuil a gceanna freagrach díreach don Stiúrthóir Bainistíochta: rúnaí, inncaltóireacht, oibreacha ginearálta, pearsanra, díolacháin, cuntais agus forbairt talún. Téann freagracht líne ó bhainisteoirí oibreacha go dtí an príomh-bhainisteoir oibreacha.1


19. Tá freagrachtaí airgid Bhord na Móna leagtha amach san Acht Forbartha Móna, 1946, arna leasú le deich nAcht Forbartha Móna ina dhiaidh sin. Níor leagadh síos aon chuspóir áirithe airgeadais ariamh — i dtéarmaí mheán-ráta toradh ar chaipiteal, mar shampla, ach bíonn cosaint ar chaillteanais i dhá shlí. Sa chéad áit, ceadaíonn alt 53 (i) d’Acht 1946 don Aire Airgeadais suimeanna a airleacan do Bhord na Móna ach ceanglaíonn alt 53 (3) den reacht céanna go n-aisíocfaí na hairleacain sin fara ús. Sa dara háit, ní dhéanann aon chuid den reachtaíocht iomchuí foráil le haghaidh fóirdheontais do chumhdach caillteanas. Níl d’eisceacht leis sin ach an fhoráil in alt 57(1) d’Acht 1946 (foráil a athnuaitear ó am go ham i reachtaíocht ina dhiaidh sin) go bhféadfaidh an tAire Airgeadais ús a tharscaoileadh go sealadach ar airleacain ón Státchiste. Go fánach ar fad a baineadh úsáid as an gcumhacht sin.


20. Mar sin, ní foláir do Bhord na Móna capiteal a aisioc go hiomlán—i.e. soláthar as a ioncam le haghaidh ús a íoc agus fiacha a ghlanadh. Faoi dheireadh 1978/79 bhí suim chomhiomlán £45.4 milliún glactha ar iasacht agus £12.7 milliún fuascailte.


21. Is ón Státchiste is mó go mór is go fada a fuair Bord na Móna capiteal. I ndeireadh 1978/79, b’ionann agus £39.6 milliún a dhliteanais chaipitiúla, agus iasachtaí Státchiste ab ea 74 faoin gcéad de sin, iasachtaí ó bhunaidh eile ab ea 8 faoin gcéad de agus tháinig 17 faoin gcéad de ó chistí inmheánacha (barrachais charnaithe ab ea a leath de sin).


22. Ar chuntas reatha, roinneadh mar a leanas na costais iomlána i 1978/79: díluachadh (nó b’fhéidir go mba chóra a rá, glanadh úis) 4 faoin gcéad; ús 4 faoin gcéad; pá agus tuarastail 67 faoin gcéad; costais eile 25 faoin gcéad. Ba lú ná aon faoin gcéad den láimhdeachas an barrachas iomlán £206,000. Toisc leibhéil táirgeachta 1978/79 a bheith níba ísle ná mar ba ghnáth cuireadh iarracht de mhí-riocht ar na figiúirí sin, go háirithe tríd an gcuid díobh a bhain le pá a bhoilsciú. Is mó a d’fhéadfaí 1977/78 a áireamh mar ghnáthbhliain ar na blianta seo is déanaí, bliain ina ndéantar an costas a roinnt idir díluachadh 9 faoin gcéad, ús 4 faoin gcéad, costais eile 32 faoin gcéad, agus b’ionann barrachas agus 1½ faoin gcéad den láimhdeachas.


II GNÉITHE GEILLEAGRACHA

2.1 Brabúsmhaireacht agus toradh airgid

23. Ní hé an gnáth-chleachtadh in Eirinn cuspóirí airgeadais chomhlachtaí Stát-tionscanta a shainiú go lán-bheacht. Tuigtear go leagtar amach na cuspóirí is ísle trí chinntí rialtais i dtaobh bunaidh caipitil, in coinníollacha faoina soláthraíonn an Státchiste caipiteal, beartas fóirdheontais agus, níos déanaí, na rialacha a chuireann an Coimisiún Náisiúnta Praghsanna i bhfeidhm. Mar sin, i gcás Bhord na Móna, ní bhíonn aon chaillteanais toisc nach foláir freastal d’airgead iasachta as ioncam agus toisc nach bhfuil aon fhoráil ann le haghaidh fóirdheontais. Fairis sin arís, áfach, níl aon bhac ar an mBord, ach amháin aon bhac a chuirfeadh Coimisiún Náisiúnta na bPraghsanna i bhfeidhm dá ndéanfadh Bord na Móna iarracht ar a mbrabúis a fheabhsú trí phraghsanna a ardú.


24. Sna dálaí sin, is deacair a dhéanamh amach cad iad na prionsabail ba chóir a fheidhmiú agus gnóthaíocht airgeadais Bhord na Móna á mheas. Is dóigh go bhfeádfaí gnáth-thuairim lucht geilleagair a chur i bhfios go grod comair mar a leanas i gcás gnó phoiblí atá ag obair i margadh nach bhfuil a lán iomaíochta ann (mar atá i gceist sa chás seo): ceap amach riail infheistíochta lena chinntiú go n-oibreoidh an fiontar go lán a chumais; sonraigh ansin riail praghsanna a áiritheodh go gcinnteofaí praghsanna ar bhonn costais chorrlaigh fadaimsire; agus bíonn an toradh airgeadais le fáil as sin mar iarmhar. Deacrachtaí a bhaineann leis an mbealach sin is ea; ní bhíonn fiú an lucht geilleagair féin ar aon tuairim i dtaobh fiúntas fíor na rialacha sin nuair a tharlaíonn nach bhfuil ach an beagán ceisteanna geilleagair sa domhan faoi láthair á fhórsaí iomaíochta margaidh; tá deacrachtaí diana ag baint leis na rialacha sin (mar shampla, conas a chinneann duine cén costas corrlaigh fadaimsire a bhainfeadh le táirge?); agus teastaíonn ó rialtais i gcoitinne fiontair phoiblí a úsáid chun críocha seachas an rud ar a dtugann lucht geilleagair éifeachtúlacht, lena n-áirítear smaoineamh éigin ar rudaí a roinnt i gceart nó go cothrom.


25. Ag breathnú na gcastachtaí sin, ní mór do dhuine aird a thabhairt go díreach ar bhrabús. Is é tuairim an Chomhchoiste nach bhfuil aon bhealach tábhachtach do lorg laghdú costais fágtha gan triail, agus dá bhrí sin is mar a chéile trácht ar ioncam agus, go háirithe, trácht ar leibhéal na bpraghsanna. Sin é is ábhar don chéad roinn eile, ach roimhe sin ní folair achoimre a thabhairt i dTábla 2 ar ghnóthaíocht airgeadais Bhord na Móna leis na cúig bhliain seo caite.


TÁBLA 2


Gnóthaíocht Airgeadais


 

1974/5

1975/6

1976/7

1977/8

1978/9

1.

2.198

3.399

5.598

4.815

2.647

2.

1.220

1.465

1.989

1.831

1.433

3.

0.118

0.365

0.863

0.531

0.206

4.

21.611

22.090

25.631

29.227

34.792

5.

10.2

15.4

21.8

16.5

7.6

6.

5.6

6.6

7.8

6.3

4.1

7.

0.5

1.7

3.4

1.8

0.6

Eochair do Thábla 2


Sraith


1. Mórbhrabús trádála díluachadh agus úis (£m).


2. Glanbhrabús trádála díluachadh agus mórmhéid úis (£m).


3. Barrachas = glanbhrabús trádalá díluachadh agus úis (£m).


4. Glansócmhainní (meánmhéid ag tús agus deireadh bliana) (£m).


5. Líne 1 mar chéatadán de líne 4.


6. Líne 2 mar chéatadán de líne 4.


7. Líne 3 mar chéatadán de líne 4.


26. Mar gheall ar gan brí ró-shoiléir a bheith leis an téarma “díluachadh” i gcuntais Bhord na Móna tá deacracht áirithe ag baint le léiriú na bhfigiúirí seo, agus tráchtfar air i roinn ina dhiaidh seo. Ar leithligh ón bpointe sin, ba chóir aird a dhíriú ar línte 6 agus 7 i dTábla 2. Taispeánann laghad na bhfigiúirí i líne 7 gur beag a thuill Bord na Móna i rith na mblianta seachas mar ba ghá chun a chuid oibleagáidí conarthacha agus reachtúla a ghlanadh. Ó thaobh airgeadais tá déanta aige díreach ionann agus dá mba eagraíocht gan chothromas é ag obair i dtimpeallacht dian-iomaíochta. Go deimhin níl aon chothromas aige, agus dá bhrí sin níl díbhinní le híoc aige, ach chomh deimhin céanna ní bhíonn sé ag obair i dtimpeallacht chomh lán d’iomaíocht agus go gcaitear brabúis a laghdú go dtí an pointe íochtair, go háirithe sa tréimhse lena mbaineann an Tábla. Dá mbaintí amach praghsanna níos airde, d’fhéadfaí brabús níos airde a thuilleamh. Tá an meánráta fáltais glan (líne 6) an-íseal de réir na gcaighdeán lena mbítear ag súil san earnáil phríobháideach, cé go bhfuil comparáidí den sórt sin curtha in iomroll leis an gcuma ina ndéileálann Bord na Móna le díluachadh.


27. Níl ach dhá mhíniú ar an leibhéal íseal brabúis sin, á ghlacadh leis go bhfuil an leibhéal éifeachtúlachta ard: ba é beartas láncheaptha an Bhoird brabúis ísle a thuilleamh nó tá bacainn curtha ar bheartas an Bhoird mar gheall ar rialú náisiúnta a ar phraghsanna. Déanfar scrúdú níos grinne ar an dá thuairim sin anois.


2.2 Beartas praghsála

28. Go dtí lár na 1970-ódaí, mhair Bord na Móna toisc gur fhéad sé leath a chuid táirge a dhíol ar mhargadh a bhí réitithe ina chomhair— is é sin, móin chun leictreachas a ghiniúint as. Is é a tharla go ndearna lucht úsáidte leictreachais fóirdheontais a sholáthar d’fhorbairt móna agus theastaigh ó Rialtais i ndiaidh a chéile beagní a dhéanamh den “fhóirdheontas” a bhí ag gabháil le haon scála áirithe tái geachta móna. Mar sin coinníodh praghsanna Bhord na Móna. agus dá bhrí sin brabúis an Bhoird, ar an bpointe ab ísle ba ghá chun an leibhéal táirgeachta móna a bhí ag teastáil a choimead ar bun.2


29. Leis na méaduithe móra ar phraghas na hola ó 1973, tá athrú iomlán tagtha ar an scéal agus go háirithe tá athrú suntasach ar an bpointe cothromaíochta sa choimhlint leasa idir Bord na Móna agus Bord Soláthair an Leictreachais ó thaobh praghsanna móna Níl sa ghiniúint leictreachais gan amhras ach úsáid amháin d’fhuinneamh príomha, ach gheofar san earnáil sin an léargas is áisi úla ar an iompó timpeall a tháinig le déanaí ar chostais mhóna agus ola i gcomparáid le chéile, athrú a bheadh chomh soiléir céanna i limistéir eile inar féidir na breoslaí sin a úsáid go teicniúil in ionad a chéile. I 1972/73 bhí meánchostas breosla na n-aonad a gineadh i stáisiúin a oibríodh le móin innill cothrom le 297 faoin gcéad de mheánchostas breosla na n-aonad a gineadh i stáisiúin a oibríodh le hola; ba é an figiúr coibhéiseach i gcás stáisiún móin mheilte 212 faoin gcéad agus i gcás stáisiún móna ar fad 231 faoin gcéad.3 Faoi 1978/79 bhí na cobhnis sin tar éis titim go dtí 91, 77 agus 79 faoin gcéad faoi seach. Is é sin le raá tá an meánchostas breosla an cúigiú cuid níos ísle anois i stáisiúin mhóna ná i stáisiúin ola cé go raibh sé 2½ oiread níos airde cúig bhana roimhe seo.


30. Blúire eile eolais a bhaineann le hábhar is ea nach bhfuil Bord na Móna ábalta riar ar an éileamh ar bhrícíní ó 1976 agus go mb’éigean dóibh córas ciondála a oibriú.


31. Tá dhá rud le rá i dtaobh na bpointí seo. Sa chéad áit, taispeánann siad an t-athrú iomlán atá tagtha ar chor iomaíochta Bhord na Móna sa mhargadh d’fhuinneamh príomha. Tar éis dó bheith ina eagraíocht nach bhféadfadh bheith ann dó ach amháin toisc go mb’ éigean dá phríomhchustaiméir beartais a chur i gcrích a bhí contráa trha dá leas tráchtála féin, tá sé athraithe chun go bhfuil sé ina eagraíocht ag obair go deisiúil agus san am céanna ag baint praghsanna amach atá cuid mhaith níos ísle ná na praghsanna ar earraí a bhíonn in iomaíocht leo agus, i gcás na mbrícíní, chomh híseal sin gur gá ciondáil chun an margadh a fhreastal. Sa dara háit, tá sé le fiafraí, nuair atá an scéal mar sin, an bhfuil praghsanna móna ró-íseal nó nach bhfuil. I dTuarascáil Bhliantúil 1978/79, agus i bhfianaise leis an gComhchoiste4, chuir Bord na Móna in iúl gur mhaith leis praghsanna a ardú le bheith níos gaire do phraghas na hola agus tá an t-ábhar sin á bhreithniú anois.


32. Is é an chéad rud nach foláir a rá go dearfa, fiú le beartais mar atá siad faoi láthair, nach féidir praghsanna móna a choinneáil chomh híseal agus atá siad i láthair na huaire. 5 faoin gcéad ar éigean an meánmhuirear úis ar airgead a thóg Bord na Móna ar iasacht san am atá caite agus i gcomparáid leis sin, beidh breis agus dúbailt an ráta sin mar mheán-mhuirear ar an iasacht airgid a theastóidh chun an méadú táirgeachta a mhaoiniú faoin Tríú Clár Forbartha. Tugadh suntas don fhadhb a thig uaidh sin san Acht Forbartha Móna, 1975, a dtugann alt 3 de cumhacht don Aire Airgeadais an t-ús ar iasachtaí státchiste faoin gClár sin a tharscaoileadh agus fós le cinneadh an Aire i 1976 feidhm a thabhairt don fhoráil sin trí chaipitliú ar mhuirir úis mar sin a cheadú. Is í aidhm a bhí leis sin athrú chomh réidh agus ab fhéidir a réiteach ó dháil ina raibh na costais úis íseal go dtí dáil ina bhfuil na costais úis ard.


33. Slí eile chun an t-athrú sin a chur i gcrích ná dliteanais úis san am le teacht a laghdú tríd an gcion caipitil nua ó bhunaidh inmheánacha Bhord na Móna a mhéadú. Is cuma conas mar a thaispeánfar é sin sna cuntais (mar shampla d’fhéadfaí é a dhéanamh trí dhíluachadh a luathú agus tríd sin sruthaíocht airgid a fheabhsú sa ghearrthéarma nó tríd an mbarrachas a mhéadú), ní féidir é a bhaint amach ach trí chur leis an méid a théann fáltais thar costais oibríochta agus is léir nach fearr slí chun é sin a dhéanamh ach fáltais a mhéadú trí phraghsanna a mhéadú.5


34. Ina achomaireacht, is é an cor ina bhfuil rudaí go dtitfidh sé amach sna blianta seo díreach romhainn go mbeidh tábhacht le caipiteal nua ardchostais i gclár comhardaithe Bhord na Móna, go gcaithfear an caipiteal sin a sheirbhísiú agus go dtiocfaidh de sin go n-ardófar go mór praghas na móna. Is é an cás atá déanta ag an mBord gur chóir praghsanna a ardú roimhe sin agus an t-ardú ar an mbarrachas dá thoradh sin a úsáid do mhaoiniú caipitil, caipiteal a chaithfí a mhaoiniú ó iasachtaí ar aon slí eile, agus tríd sin muirir úis san am le teacht a laghdú chun go mb’ísle iad ná mar bheadh siad d’eile agus ar an gcuma sin laghdú a thabhairt ar an ráta a chaithfí praghsanna a ardú san am le teacht.6


35. Brathann barúil duine ar an argóint sin ar conas ba mhaith leis roinnt le custaiméirí láithreacha seachas custaiméirí san am le teacht mar is é rud a dhéanann sé, i gcomparáid lena mhalairt, praghsanna láithreacha a mhéadú d’fhonn praghsanna san am le teacht a laghdú. Sin fadhb chlasaiceach cosúil le gné amháin den cheist ar cheart do Rialtas caiteachas caipitiúil a mhaoiniú as cánachas nó as airgead iasachta. De réir a théarmaí tagartha, ní léir don Chomhchoiste aon ní a thabharfadh bonn dó chun breithiúnas den sórt sin a thabhairt agus mar sin díreofar aird anois ar argóintí eile chun praghsanna móna a ardú.


36. Baineann na hargóintí sin le héifeachtúlacht (sa chéill gheilleagrach seachas sa chéill innealtóireachta). Sa chéad áit, sócmhainn a bhfuil caitheamh ag dul uirthi is ea ár gcuid móna agus más rud é go n-ídeoimid í ró-thapaidh toisc í a bheith ró-shaor tiocfaidh de sin go gceilfimid ar mhuintir na hÉireann níos túisce ná mar ba cheart bunadh eile fuinnimh san am le teacht. Ní hionann é seo agus an cheist a bhí á plé roimhe seo i dtaobh conas mar ba chóir leas na dtomhaltóirí láithreacha agus leas na dtomhaltóirí a thiocfaidh a mhéadh i gcoinne a chéile ach ceist níos bunúsaí i dtaobh ar chóir tomhaltóirí a thiocfaidh a chur san áireamh in aon chor i gcinntí láithreacha. (Na beartais chuntasaíochta atá ag Bord na Móna faoi láthair ní chuireann siad é sin san áireamh agus sin rud ar a dtráchtfar amach sa tuarascáil seo.) Is é an costas a bhaineann le móin a úsáid anois nach mbeidh móin ann ar ball; beidh méid an chostais sin ag brath ar cé mhéid móna a husáidtear anois; agus dá laghad iad praghsanna móna faoi láthair is ea is mó an t-ídiú a bheidh ar mhóin faoi láthair.


37. Tá an dá argóint atá luaite go dtí seo ar áireamh sa dara hargóint. De réir phraghsanna faoi láthair, d’fhéadfadh Bord na Móna i bhfad níos mó móna a dhíol ná mar is féidir leis táirgeadh faoi láthair; ní foláir brícíní a chiondáil agus tá fachtóirí ualaigh i stáisiúin ghiniúna móindóite níos airde sna blianta deireanacha seo ná mar a bhí siad tráth ar bith san am atá caite. Sna dálaí sin is é an beart is fearr de ghnáth praghsanna a ardú chun éileamh a laghdú, nó táirgeacht a mhéadú. Sa chás seo, áfach, ní féidir fiú amháin an ráta láithreach táirgeachta a choinneáil suas, gan trácht ar é a mhéadú, mura gcuirtear cuid mhaith airgid chun saothair ag forbairt portaigh nua. Dá bhrí sin is costas ídithe reatha costas an fhorbartha nua seo, agus níl aon dóchas go mbainfear amach ráta éifeachtúil úsáide ar an acmhainn aiceanta seo, acmhainn nach bhfuil aon rud le cur ina hionad, mura dtaispeántar éifeacht an chostais sin i bpraghsanna reatha. Mar gheall ar a bhfuil tar éis tarlú do rátaí úis, is airde costas na forbartha nua sin (costas corrlaigh fadtéarma) ná na meánchostais láithreacha a ndearnadh na praghsanna láithreacha a shocrú dá réir.


38. Is é an argóint deiridh, dá ndeántaí an córas geilleagair a eagrú sa tslí go mbeadh an caighdeán maireachtála is airde againn atá ceadaithe ag ár n-acmhainní caola, gur gné amháin den saol sin go mbeadh costais chorrlaigh fuinnimh mar a chéile ba chuma cén breosla a bhí á úsáid. Léiríonn giniúint leictreachais nach mar sin atá faoi láthair: is airde go mór costais chorrlaigh breosla i stáisiúin ola ná i stáisiúin mhóna. Is é an ciallachas atá le baint as sin gur fearr an úsáid a bhainfí as na soláthairtí teoranta fuinnimh phríomha dá dtugtaí praghsanna breoslaí iomaíochta níos gaire dá chéile. Slí amháin is ea fóirdheontas a thabhairt le haghaidh ola bhreosla a úsaid i gcásanna ina mbíonn móin mar bhreosla ionaid ach chuige sin ba ghá cánachas ginearálta a ardú agus tá oiread agóidí le cur ina choinne sin gur fearr glacadh leis an mbeart eile, is é sin, praghas na móna a ardú.


39. Mar fhreagra ar na hargóintí sin, is é is é is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil praghas na móna ró-íseal faoi láthair agus molann sé go gceadófaí do Bhord na Móna a phraghsanna a ardú. In aimsir seo an bhoilscithe ní héasca an ní d’aon Choiste Oireachtais a mholadh go n-ardódh comhlacht Stát-tionscanta a chuid praghsanna nuair atá brabús á dhéanamh aige — ar a shon gur brabús beag é. Mar sin féin glacann an Coiste leis na hargóintí nach bhfuil dul uaidh ach praghsanna a ardú ar ball má tá Bord na Móna le freastal ar a chuid oibleagáidí agus go mbainfear an tairbhe is mó as an acmhainn luachmhar aiceanta seo má hardaítear praghsanna de bheagán go luath seachas iad a ardú de mhórán níos déanaí.


40. Ní theastaíonn ón gComhchoiste a mholadh cá mhéid díreach ba cheart an praghas a ardú. D’fhonn costais bhreosla a thabhairt ar cothrom le chéile i stáisiúin ghiniúna ola-dhóite agus móin-dóite níor mhór, i 1978/79, praghas móin innill a ardú thar 10 faoin gcéad agus praghas móin mheilte a ardú 30 faoin gcéad arna sheachadadh do Bhord Soláthair an Leictreachais, agus is é an dóigh go mba ghá praghsanna níos airde anois chun an cuspóir céanna a bhaint amach. Bheadh ardú mar sin róard go deimhin lena thabhairt isteach d’aon iarracht amháin agus, gan amhras ar bith, ós dócha gur airde costais chorrlaigh neamh-bhreosla i stáisiúin mhóna ná i stáisiúin ola, níor mhaith an rud ar aon chor praghas na móna a ardú cothrom le praghas na hola. Molann an Comhchoiste go gcinnfí an t-ardú de réir an riachtanais go mbeadh ard-chostais chaipitiúla an chláir nua forbartha le sonrú i bpraghsanna Bhord na Móna láithreach.


2.3 Infheistíocht agus maoiniú caipitil

41. O tá ré na hard-infheistíochta buailte le Bord na Móna (méadaíodh a acmhainní iomlána de £9½ milliún punt nó 32 faoin gcéad i rith na bliana 1978/79), ní miste breathnú ar an modh maoinithe atá fanta gan athrú, geall leis, leis na 33 bliana atá an eagraíocht ar marthain.


42. An gné is suntasaí d’eagar caipitiúil Bhord na Móna, i ndeireadh 1978/79, is ea go raibh 83 faoin gcéad de na glan-sócmhainní á maoiniú le hiasachtaí inaisíoctha a bhfuil oibleagáid reachtúil (nó, i gcás iasachtaí nárbh iasachtaí Státchiste oibleagáid chonarthach) chun ús orthu a íoc go leathbhliantúil sa ghnáthnós. Maidir leis an gcuid eile, is é atá in 8 faoin gcéad de cúltaca a tógadh suas trí dhíluachadh a dhéanamh ar shócmhainní a bhí díscríofa cheana féin agus is é atá i 9 faoin gcéad de cúltaca a cuireadh le chéile ó bharrachais.


43. Má hardaítear praghsanna mar a moladh sa roinn roimhe seo, is é toradh a bheidh air go dtiocfaidh ardú ar an mír deiridh ar chostas na chéad mhíre, is é sin, go méadófar an chionúireacht chaipitiúil ó bhunaidh inmheánacha — agus ní gá a thuilleadh a rá faoi sin. Ní miste trácht anseo, áfach, ar dhá ní eile.


44. An chéad ní, gur caitheadh amhras tráthanna éagsúla le linn ré marthana Bhord na Móna i dtaobh é a bheith ciallmhar eagraíocht a bhunú mar chorparáid reachtúil gan aon chaipiteal cothromais ar eagraíocht í a mbíonn a cuid oibre ag brath ar an aimsir agus dá bhrí sin a bhféadfadh a bhrabús trádála athrú síos suas go mór ó bhliain go bliain. San earnáil phríobháideach, aon chuideachta a mbeadh eagar caipitiúil ar chóir ró-ard aice bheadh sí i ngreim deacrachtaí i dtimpeallacht den sórt sin. Tá an cheist curtha dá bhrí sin ar cheart cuideachta theoranta le scairshealbhaíocht chothromais i láimh an Rialtais a dhéanamh de Bhord na Móna. Déarfadh an Comhchoiste nár cheart. An fhoráil a athnuaitear ó am go ham go bhféadfaidh an tAire Airgeadais an t-ús a tharscaoileadh a bhíonn dlite ar airleacain ón Státchiste chítear don Choiste gur ró-leor é sin chun déileáil le haon fhadhb ghearr-ré a tharlódh de dheasca éifeacht na doininne anois agus arís ar bhrabús trádála. Ar shlí tá sé cosúil le gan díbhinn a íoc le sealbhóirí cothromais i mbliain a bheadh mó’s dona: dá sealbhaíodh an tAire cothromas seachas bheith ina chreidiúnaí rachadh sé d’éagmais díbhinne in ionad ús a tharscaoileadh. Fairis sin fós, tá idirdhealú idir an dá chor atá tábhachtach, más caol. Sa chás seo i láthair, is é an tAire, agus ní hé an Bord, a chinnfidh má bhíonn ús le bheith gan íoc, agus í gcás cothromais is é an Bord agus ní hé an scairshealbhóir (an tAire) a chinnfidh an íocfar díbhinn nó nach n-íocfar. Gan dabht, dá leantaí gan díbhinn a íoc níor mhór toiliú an Aire a fháil leis agus is é éifeacht an toilithe sin (agus bhí sé le fáil maidir le roinnt cuideachtaí Stát-tionscanta) deontas caipitiúil a dhéanamh de scairshealbhaíocht an Aire. Is é barúil an Chomhchoiste go gcoinníonn an córas láithreach airleacan araíonacht tairbheach ar gach páirtí lena mbaineann agus go ndéanann an fhoráil i leith tarscaoileadh úis sáchsolúbtha é.


45. Baineann an dara pointe le hábhar a cuireadh i bhfáir go feidhmiúil sa mheabhrán ó Ghrúpa Tuath-Oibrithe Chónaidhm Oibrithe Éireann.7 Ní bhfuair Bord na Móna riamh aon fhóirdheontas ar cuntas caipitil agus dá bhrí sin ní mar a chéile é agus go leor comhlachtaí príobháideacha a fhaigheann fóirdheontais trí ghníomhaireachtaí mar an tÚdarás Forbartha Tionscail, agus roinnt fiontar poiblí a fuair fóirdheontais chaipitiúla i bhfoirm éigin. D’ainneoin go ndearnadh cás láidir, ní ghlacann an Comhchoiste le haon togra go gcuirfí Bord na Móna i dteideal fóirdheontais chaipitiúla mar sin a fháil. Sa chéad áit, ní fhéadfadh Bord na Móna feadh chúig bliana fichead ardleibhéal táirgeachta agus fostaíochta a choimeád suas — agus san am céanna a chuid caipitil a chúiteamh go hiomlán — gan rud ab ionann agus fóirdheontas reatha leanúnach a bheith á íoc ag tomhaltóirí leictreachais. Ní mar sin atá an scéal a thuilleadh, agus cuireann sé sin an dara pointe i láthair. Is é an cuspóir atá leis an gcóras deontas atá á oibriú ag an Údarás Forbartha Tionscail, mar shampla, infheistíocht a tharraingt nach ndéanfaí dá éagmais sin. Ach tá Bord na Móna sa chor anois go bhfuil sé láidir go leor ó thaobh iomaíochta le haghaidh aon infheistíocht is dóigh dó a dhéanamh a mhaoiniú gan aon saghas fóirdheontais — fad agus a hardaítear praghsanna. Dá bhrí sin is beag a d’fhéadfadh fóirdheontasú caipitiúil a dhéanamh chun postanna breise a sholáthar ag táirgeadh móna, agus toisc go bhfágfadh sé gairid tionscadail phoiblí nó phríobháideacha eile atá ag brath ar fhóirdheontais chun iad a choimeád beo, ní bheadh ann ach diomailt acmhainní.


2.4 Beartas maidir le Díluachadh

46. Tá beartas Bhord na Móna maidir le díluachadh curtha in iúl mar a leanas ina Thuarascáil Bhliantúil, 1978/79:


“The depreciation charge is based on the repayment of capital advances and loans over a period of twenty-five years. Where loans have been repaid and assets fully written off, the annual charge has been continued… In addition amounts have been written off factory and other Works buildings erected in recent years.”


Ba léire fós an chéad abairt i dTuarascálacha Bliantúla roimhe sin:


“The depreciation charge is the amount of the capital repayments made during the year plus a provision for advances not yet due for repayment.”


47. Is léir uaidh sin, i gcás Bhord na Móna, nach é an ghnáthchiall atá le díluachadh, is é sin, íocaíochtaí a dhéanamh isteach i gciste d’fhonn airgead a chur in áit sócmhainní de réir mar a mheathann a luach; ciallaíonn sé íoc isteach i gciste d’fhonn dliteanais a leachtú. Ach taispeánann an tríú habairt sa sliocht atá athluaite thuas go bhfuil iarracht de dhíluachadh sócmhainne ar áireamh san nós imeachta sin, agus léirítear é sin i gcuntais 1978/79 mar a dtaispeántar £848,000 de scríobh síos ar shócmhainní dochta (laistigh de mhuirear iomlán ‘díluachadh’ £1,214,000) sa bhliain sin.


48. Tá oibleagáid reachtúil ar Bhord na Móna airleacain a aisíoc agus mar sin ní fhéadfadh aon agóid a bheith ann i gcoinne cistí fiachmhúchta chun na críche sin. Síleann an Comhchoiste, áfach, go mb’fhearrde ó thaobh soiléire dá ndéantaí an fhoráil do dhíluachadh fíor a idirdhealú sa Chuntas Ioncaim ón leithreasú do mhaitheamh fiacha. Déantar é sin, mar shampla, i gcuntais Bhord Soláthair an Leictreachais, agus molann an Coiste go leanfadh Bord na Móna an nós imeachta sin.


49. Tarlaíonn mearbhall freisin mar gheall ar bheith ag leanúint de dhíluachadh sócmhainní atá díscríofa cheana féin. Iarracht é sin ar bheith ag gabháil do dhíluachadh costas-athionadúcháin nó iarracht ar rud is ionann agus barrachas a cheilt. B’fhéidir gur cuspóirí inmholta an dá rud sin, ach má theastaíonn ón mBord gabháil do chuntasaíocht boilscithe nó cúltacaí a chruinniú d’fhonn leathnú a mhaoiniú, b’fhearr é sin a dhéanamh go díreach dearfa. Molann an Comhchoiste go ndéanfaí aon mhuirear ‘díluachadh’ de bhreis ar an méid is gá chun fiacha a mhaitheamh nó díscríobh stair-chostas sócmhainní a áireamh sa bharrachas in ionad é a chur sa mhír dar tuairisc ‘díluachadh’.


50. Breithneofar ceist i bhfad níos bunúsaí anois. Gach tona móna a bhaintear laghdaíonn sé luach caipitiúil na bportach ach ní chuirtear síos an laghdú sin i gcuntais Bhord na Móna. Ní haon rud as gnáth é sin: cuideachtaí i mbun tionscail a bhíonn ag baint earraí as an talamh ar nós tionscail ghuail nó bhainte mhianaigh nó saothrú ola, mar shampla, ní chuirfeadh siad i gcuntas an laghdú ar a n-acmhainn aiceanta agus is léir go mbeadh sé míréasúnta bheith ag súil leis go mbeadh Bord na Móna ag déanamh rud bunoscionn le cleachtadh idirnáisiúnta sa chás seo.


51. Mar sin féin, de réir an ráta táirgeachta láithreach beidh an mhóin ídithe amach tuairim na bliana 2030 agus ciallaíonn sé sin, má théitear in éagmais táirgeacht bliana anois, go mbeidh móin acusan a mhairfidh i 2031 nach mbeadh ar fáil acu d’eile. Is mar a chéile é sin díreach agus díluachadh ar mhír innealra: má bhíonn súil go mairfidh sé fiche bliain beidh sé, ach gan é a úsáid i mbliana, ar fáil acusan a bheidh beo faoi cheann bliain agus fiche.


52. Ní bhaineann sé le hábhar nach fiú dada portach gan forbairt. Is é an rud tábhachtach gur mó go mór luach caipitiúil phortaigh fhorbartha ná an costas a bhain leis na hoibreacha siltin, na hiarnróid, na foirgnimh, etc. ba ghá chun é a fhorbairt, ach fágann clár comhardaithe Bhord na Móna an méid sin ar lár. Is é bunús na faidhbe nach féidir aon rud a chur in ionad na móna agus mar sin má húsáidtear í anois buailfidh sé sin costas dáiríre ar ghlúine atá fós le teacht. Toisc nach n-áirítear an costas sin sna cuntais níl éifeacht aige ar an bpraghas reatha ar mhóin. Dá thoradh sin, tá móin á húsáid againn anois de réir ráta nach gcuireann sa chuntas chor ar bith nach mbeidh aon mhóin le húsáid in Éirinn ar ball, mar gheall air sin.


53. Ní féidir déileáil go héasca leis an fhadhb sin má húsáidtear modhanna traidisiúnta cuntasaíochta agus, dá bhrí sin, ní féidir leis an gComhchoiste moladh daingean a dhéanamh. Ina theannta sin d’fhéadfaí a áiteamh gur lú an fhadhb a bhaineann le táirgeadh móna ná mar a bhaineann, abair, le baint ghuail mar go bhféadfaí an talamh a úsáid d’éis na móna. Ní féidir, áfach, mórán seachas buille faoi thuairim a chaitheamh go fóill ar cén mhaith chun fáis a bheadh i bportach saothraithe (déantar breithniú ar an gceist sin níos faide amach sa Tuarascáil seo) agus ní bheadh sé céillí bheith chomh bogásach san ábhar sin nach mbreathnófaí cén éifeacht a bheadh ag saothrú láithreach ar acmhainn aiceanta dúchais nach bhféadfaí dada a chur ina ionad. Ní féidir leis an gComhchoiste tuilleadh a dhéanamh seachas aird a dhíriú ar an gceist.


2.5 Ábhair eile cuntasaíochta

54. A aithint nach mbíonn aon scairshealbhóirí ag corparáidí reachtúla ach go bhfuil siad freagrach do mhuintir na hÉireann trína rialtas, foilsíonn Bord na Móna (fara le comhlachtaí Stát-tionscanta eile) cuntais ina mbíonn i bhfad níos mó eolais ná mar a cheanglaítear ar chuideachta theoranta le hAchtanna na gCuideachtaí. Chítear don Chomhchoiste, áfach, nach miste feabhas a chur ar a mbíonn d’eolas sna cuntais sin, i dteannta na moltaí atá déanta cheana féin i míreanna 48 agus 49.


55. Suas go dtí 1975/76 agus an bhliain sin a áireamh, rinne an Cuntas Ioncaim idirdhealú idir na ceithre tháirge agus mar sin d’fhéadfadh an léitheoir a fheiceáil cé mhéid a chuir gach táirge leis an gcuntas iomlán airgeadais. Ón am sin i leith níl ach torthaí comhiomlána á dtaispeáint sa Chuntas sin. Tá sé á mholadh go rachfaí siar ar an sean-chleachtadh. Tá sé á mholadh freisin go dtabharfadh an Cuntas Ioncaim breis eolais i dtaobh costais agus, go háirithe, go dtaispeánfadh siad pá agus tuarastail mar rud ar leithligh. Taispeántar costais saothair chomhlána i dtábla ar leithligh faoi láthair ach ba cheart iad sin a bhriseadh ó chéile de réir táirge sa Chuntas Ioncaim athbhreithnithe, sa tslí go bhféadfaí na costais saothair aonaid de réir táirge a fheiceáil, rud atá tábhachtach.


56. Ba mhaith leis an gComhchoiste freisin aird a tharraingt ar rud a n-admhaíonn an Bord gur beartas an-choimeádach é maidir leis an luacháil cuntasaíochta ar stoic. Deir Tuarascail Bhliantúil 1978/79:


“The valuation is substantially below cost or market value (and so, particularly in the case of milled peat, this) creates an undisclosed stock reserve of considerable magnitude”.


Tá sé sonraithe sa Tuarascáil freisin gur theastaigh ó chomhalta amháin den Bhord é a lua mar dhuine a bhí in aghaidh an bheartais sin.


57. Tá an beartas thuasluaite ann le fada agus gan amhras tá sé ceadaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Is iomaí cúis a bheadh ann le go dtabharfadh cuntais leagan míthreorach ar obair nó ar fhiúntas eagraíochta ach nuair a thig toradh mar sin de bharr gur in aonturas a bheartaítear é is áirithe go ndéanfar fiafraí. Má chuirtear síos tuairisc neamhiomlán ar aon mhéadú ar luach stoc i rith na bliana ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairisc faoi bhun an chirt ar bharrachas na bliana sin, ach má thugann an clár comhardaithe luach is lú ná an margadhluach do stoic deireadh bliana, sin tuairisc níos lú ná an ceart ar fhiúntas na heagraíochta. Mar gheall ar na cúiseanna sin, molann an Comhchoiste go nglacfaí le beartas níos réadúla i leith luacháil stoic agus, go háirithe, molann sé go mbunófaí an luacháil sin ar phraghsanna margaidh.


2.6 Caidreamh le Bord Soláthair an Leictreachais

58. Ón gcéad lá ba é go mór is go fada an gné ba thábhachtaí de ghníomhaíochtaí Bhord na Móna móin a bheith á húsáid do ghiniúint leictreachais. I 1978/79, thóg Bord Soláthair an Leictreachais 77 faoin gcéad de mhóin mheilte Bhord na Móna, 29 faoin gcéad den fhódmhóin, agus ó Bhord Soláthair an Leictreachais a tháinig 44 faoin gcéad d’ioncam iomlán Bhord na Móna nó 51 faoin gcéad den ioncam as breosla móna a dhíol. Go ginearálta ar a laghad, is é an dóigh go leanfaidh an t-ardtábhacht sin, go háirithe mar gheall ar an oiread sin móin mheilte a bheith á cheannach ag BSL agus, ar thaobh an bhreosla de, is ar móin mheilte atá an fairsingiú go léir atá beartaithe faoin Tríú Clár Forbartha dírithe. Ar 24 faoin gcéad, ba mhar a chéile an chionúireacht leictreachais a gineadh ó mhóin a sholáthraigh Bord na Móna i 1977/78 agus é sin a gineadh cúig bliana roimhe sin, agus is teastas ann féin an méid sin ar chomh maith atá éirithe leis an mhóin san iomaíocht le breoslaí eile, rud a bhfuil tagairt déanta dó cheana, ar a shon gur thit an chionúireacht sin faoi bhun 20 faoin gcéad i 1978/79. Go dtí lár na 19-seachtódaí, bhí ag laghdú ar thábhacht chomparáideach na móna mar bhreosla chun leictreachas a ghiniúint. Tá dhá thoradh tábhachtacha leis an athrú a tháinig ar phraghsanna breoslaí i gcoibhneas lena chéile agus le bunú an Tríú Chláir Forbartha: an chéad cheann go bhfuil fachtóirí ualaigh i stáisiúin móindóite ardaithe go mór, ionas go bhfuil cobhsú déanta ar an gcionúireacht atá díreach luaite; agus an dara ceann, tar éis achar blianta nuair nach raibh aon mhéadú tar éis teacht ar acmhainn móindóite, tá Bord Soláthair an Leictreachais anois ag réiteach láithreacha breise i nDroichead na Sionainne agus i mBéal Átha Liag.


59. Toisc an dá chomhlacht sin a bheith ag brath go han-mhór ar a chéile bhíodh caidreamh eatarthu a bhí casta mar gheall ar an mbuntáiste margaíochta a bheith tráth ag taobh amháin seachas an taobh eile agus gá a bheith acu lena chéile. Feadh 25 bliana nó mar sin bhí sé de laige ar Bhord na Móna go raibh fóirdheontas á fháil acu ó lucht úsáidte leictreachais, ach níl fianaise ar bith ann go raibh Bord Soláthair an Leictreachais ag breith buntáiste as sin. Tá a mhalairt de chor ar nithe anois agus níor bhain Bord na Móna ina huain féin deis as a neart chun buntáiste a bhreith. Dá chomhartha sin féadfar a lua, sa bhliain 1978/79, go raibh an praghas (fáltas an tona) ar mhóin innill arna seachadadh do BSL beagnach 30 faoin gcéad níos ísle ná praghas na hearra céanna arna seachadadh do úsáidirí eile (£8.80 i gcomparáid le £12.10). D’fhéadfadh go raibh an mhóin innill a soláthraíodh do BSL faoi bhun feabhais agus go mba lú costais áirithe seachadta ach is deacair a mheas go bhféadfadh na nithe sin a bheith ina míniú ar dhifear chomh mór sin sna praghsanna. Tá an mhí-thoil chéanna chun buntáiste a bhreith as lámh uachtair iomaíochta le feiceáil ón iarratas atá á dhéanamh ag Bord na Móna anois nuair atá siad a lorg praghsanna “fuinneamh-choibhneasa” a bhaint amach ar a shon go bhfuil sé bliana caite ó tháinig ardú ar phraghas na hola.


2.7 Fostaíocht agus táirgiúlacht

60. Tá figiúirí áirithe leagtha amach i dTábla 3 maidir le táirgeacht, fostaíocht agus pá i rith na gcúig bliana seo caite.


TÁBLA 3


Táirgeacht, fostaíocht agus pá


 

1974/5

1975/6

1976/7

1977/8

1978/9

1.

97

106

80

102

100

2.

90

180

143

112

100

3.

101

110

96

112

100

4.

88

88

94

108

100

5.

5592

5708

5385

5998

6255

6.

89

91

86

96

100

7.

61

60

54

55

66

8.

70

70

66

63

71

Eochair do Thábla 3


Sraith


1. Táirgeacht mhóin innill (1978/9 = 100)


2. Táirgeacht mhóin mheilte (1978/9 = 100)


3. Táirgeacht bhrícíní (1978/9 = 100)


4. Táirgeacht chaonach móna (1978/9 = 100)


5. Fostaíocht ag buaic (uimhreacha)


6. Fostaíocht ag buaic (1978/79 = 100)


7. Pá mar chéatadán de na costais iomlána (ioncam lúide barrachas)


8. Pá mar chéatadán de chostais reatha (ioncam lúide barrachas, ús agus díluachadh).


61. Toisc go n-athraíonn an táirgeacht go mór ó bhliain go bliain — go háirithe i gcás móin mheilte — agus toisc é a bheith mí-éasca treoir a chumadh den táirgeacht chomhiomlán ní bhíonn sé furasta teacht ar bhreithiúnas glan, ach ar a laghad is féidir a rá i dtaobh na bhfigiúirí sin nach dtaispeánann siad aon chomhartha cinnte gur tháinig feabhas le déanaí ar tháirgiúlacht saothair. Má chuirtear an bhliain tosaigh agus an bhliain deiridh i gcomparáid lena chéile níl ráta méadaithe thar an méadú ar fhostaíocht bhuaice á thaispeáint ach ag caonach móna. (Fostaíocht bhuaice agus ní meán-fhostaíocht a bhaineann le hábhar anseo mar bheifí ag súil gur mó a bheadh sé sin ag freagairt do chorr-athruithe táirgeachta ná mar a bheadh meán-fhostaíocht.) Ach amháin caonach móna, ba lú go mór ar táirgeadh de gach earra i 1978/79 ná i 1975/76, cé go raibh fostaíocht 10 faoin gcéad níos airde.


62. Dá ainneoin sin, áfach, ní chuireann Tábla 3 in iúl go bhfuil deacrachtaí ag baint do Bhord na Móna mar gheall ar chostais saothair. Tá éifeacht ar na figiúirí i sraith 7 ag muirir chaipitiúla a bheith ag gabháil síos suas — rud a chuidíonn le míniú a thabhairt, mar shampla, ar an áireamh an-ard do 1978/79 — agus is fearr an léargas a thugann na figiúirí i sraith 8. Taispeánann siad sin nach raibh aon chlaonadh áirithe le costais saothair do mhéadú níos tapúla ná costais eile leis na chúig bhliain seo caite.


63. Ón uair go bhfuil go leor d’fhostaíocht Bhord na Móna á sholáthar i ngníomhaíochtaí agus in áiteanna nach bhfuil fostaíocht dá mhalairt le fáil ach go tearc d’fhéadfaí cás a dhéanamh amach le nach leanfaí go dtí an teorainn tráchtála is faide na deiseanna go léir do mhéadú táirgeacht an fostaí, fad agus nach n-éireodh costais aonad saothar ró-ard. I limistéar den sórt seo d’fhéadfadh gur mhaith an rud sa chéill shóisialta praghas aonaid níos airde, barrachas níos ísle nó luach saothair níos ísle an fostaí a íoc mar phraghas ar ardleibhéal fostaíochta a choinneáil ar bun.


III GNÉITHE EAGRAÍOCHTA

3.1 Caidreamh tionscail

64. An caidreamh a bhíonn i gcónaí i measc Bord, lucht bainistí agus foireann aon eagraíochta, cé go bhféadfadh baint a bheith aige (go háirithe mura mbíonn sé ag obair i gceart) ar chúrsaí lasmuigh, is rud íogair ‘tí’ é agus má chuireann an fear lasmuigh a ladhar ann is baolach dó a thoisc. Ní mheasann an Comhchoiste gur gá, ná gur mhaith an rud é, iniúchadh ró-dhomhain a dhéanamh ar chaidreamh tionscail i mBord na Móna, go háirithe ó nach léir sa chás seo go bhfuil aon imní náisiúnta ná poiblí ann mar a taispeánadh i dtaobh na ceiste sin i roinnt comhlachtaí Stát-tionscanta eile. Mar sin féin is ábhar tábhachtach é seo agus measann an Comhchoiste gur chóir pointí áirithe a lua.


65. Sa chéad áit, ar a shon nach dteastaíonn uaidh trácht ar rudaí go háirithe, is maith leis an gComhchoiste na prionsabail ghinearálta ar a gcinntear leibhéil phá i mBord na Móna.8 Is é an t-aon slí amháin ina bhféadfadh cómhargántaíocht a bheith éifeachtúil agus tíosach san earnáil phoiblí ná an bonn comparáide is iomchuí a fháil amach nuair a bhíonn prionsabail chomparáideacha á gcur chun feidhme. Chuige sin ní foláir a fháil amach cad iad na fostaíochtaí ina ndeántar obair den sórt céanna in áiteanna den sórt céanna. I gcás lámhoibrithe, is ceart an chomparáid a dhéanamh le hoibrithe tuaithe eile agus ó thaobh léargais náisiúnta de, is follas nach gá a rá gur mí-oiriúnach iad na grúpaí a roghnaíodh le haghaidh comparáide sa chás seo, mar atá, foireann in Oifig na nOibreacha Poiblí, i gCóras Iompair Éireann, i mBord Soláthair an Leictreachais agus sna comhairlí contae agus oibrithe foraoiseachta. I gcás foireann nach lámhoibrithe i gcoitinne is lú an luí atá leis an tuath agus déantar an chomparáid le CIÉ, an BSL, Nítrigin Éireann Teoranta, Comhlucht Siúicre Éireann Teoranta agus Aer Lingus.9 Gan dabht d’fhéadfaí pá agus tuarastail níos airde a íoc dá mba rud é, mar a mholann an aighneacht ó Ghrúpa Tuath-Oibrithe Chónaidhm Oibrithe Éireann, dá mbeadh caipiteal le fáil saor in aisce ag Bord na Móna trí ghníomhaireachtaí mar an tÚdarás Forbartha Tionscail. Dá ndéanfaí é sin, áfach, níor mhór athrú an-mhór beartais a dhéanamh agus, mar a dúradh roimhe seo sa Tuarascáil seo, ní fheiceann an Comhchoiste go bhfuil aon ghá le athrú den sórt sin a mholadh i gcás Bhord na Móna.


66. Ábhar cúraim agus tábhachta do Bhord na Móna is ea nach féidir leis an mBord luach saothair a fhoireann bhainistíochta a chinneadh go neamhspleách mar gheall ar bhacanna a chuirtear air ón taobh amuigh. Dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta ina chuid fianaise go raibh na daoine is fearr ag imeacht ó Bhord na Móna go dtí an earnáil phríobháideach.10 Cé go ndúirt sé go sainráiteach nach raibh sé ag gearán i dtaobh dualgas comhoirdniúcháin Roinn na Seirbhíse Poiblí, níl de thátal le baint as ag an gComhchoiste ach go mba chomhartha eile é seo ar an imní atá curtha in iúl i gcomhlachtaí Stát-tionscanta eile i dtaobh na ndeacrachtaí a bhíonn ag fiontair phoiblí ag dul san iomaíocht dóibh leis an earnáil phríobháideach do lorg daoine atá éirimiúil ar bhainistíocht agus iad chomh tearc sin. Ba cheart go n-éascófaí an cor sin se bharr na moltaí a fuarthas le déanaí ón nGasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair níos Airde sa Roinn Phoiblí (Tuarascáil Uimh 20), dá gcuireadh an Rialtas i ngníomh é go hiomlán. Molann an Comhchoiste go gcoinneofaí tuarastail bhainisteoirí sinsearacha faoi shíor-athbhreithniú go háirithe i ndáil leis an éifeacht atá ag beartas láithreach ar cháilíocht na hearcaíochta chun poist bhainistíochta sinsearacha.


67. Sa dara háit, tugann an Comhchoiste dá aire go bhfuil an Bord toilteanach, mar a dúradh i bhfianaise, feabhas a chur ar leibhéal agus réim na sochar atá ar fáil faoin scéim aoisliúntais.11 Cé go bhféadfadh sé a bheith deacair le linn boilsciú a bheith ard agus rátaí toradh ar chistí pinsin a bheith íseal, is tábhachtach an rud go mbeadh na scéimeanna sin maoinithe go hiomlán. Tá súil ag an gComhchoiste dá bhrí sin go dtiocfaí ar chomhaontú maidir leis an leibhéal ranníoca is gá má tá sochair níos fearr le cur ar fáil faoi scéim Bhord na Móna.


68. Sa tríú háit, bhí Bord na Móna ar cheann de na chéad chomhlachtaí Stát-tionscanta chun an tAcht am Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 a chur i ngníomh, Acht a dhéanann socrú go mbeadh foireann páirteach ar leibhéal Boird. Tá roinnt forcoimeádas luaite i meabhrán na Cónaidhme—forcoimeádais a bhain le rudaí ar nós an líon oibrí-stiúrthóirí agus arb í an fhoirm sean-nósmhar cuntas an ceann is oiriúnaí do Bhord a bhfuil lucht oibre páirteach ann—agus is féidir, agus ba cheart, iad sin a athbhreithniú de réir mar a dhéantar forbairt ar an smaoineamh seo. Ba shuim go háirithe leis an gComhchoiste an dúthracht a bhí ag lucht sinsearach bainistíochta do dhéanamh an Bhoird nua. Nuair a fiafraíodh de cad ba dhóigh leis den leagan nua seo, dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta ina chuid fianaise:


“An-mhaith …… Go háirithe i dtuairim an Chathaoirligh nó an Phríomh-Fheidhmeannaigh, tá sé tar éis leathnú tábhachtach a thabhairt ar réim iomlán an rannpháirteachais i ndéanamh cinntí ag an mBord.”12


69. Mar fhocal scoir, cé go bhfuil sé míthreorach tagairt do dhíospóidí tionscail ar leithligh ón gcomhthéacs ina dtarlaíonn siad, ní miste trácht ar chor Bhord na Móna, ós rud gur cás leis an bpobal stailceanna i gcomhlachtaí Stát-tionscanta. Cé gurb é fairsinge na stailce a dhéanann difear do tháirgeacht, is minic gur fearr an t-eolas a thugann an méid stailceanna ar staid an chaidrimh thionscail in eagraíocht. Tá Bord na Móna ar bun 33 bliana agus i gcaitheamh an achair sin ní raibh ann ach chúig stailc oifigiúil. I 1976 a tharla an ceann deiridh acu nuair a chuaigh lucht ceirde ar stailc agus gur chuir sé isteach go mór ar tháirgeacht, go háirithe brícíní. Tharla roinnt stailceanna neamhoifigiúla, ach ní miste dhá rud a shonrú. An chéad rud, leis na ceithre bliana seo caite níor cailleadh ach leath oiread fearuaireanta i mBord na Móna mar gheall ar aighnis thionscail agus a cailleadh i gcás tionscail earraí iniompair go hiomlán. An dara rud, téann sé i bhfeidhm ar an gComhchoiste gur fánach a tharla aon ró-laghdú táirgeachta mar gheall ar aighneas tionscail. Cé nach cúis ar bith é le bheith sásta leis an scéal, thuigfí ón méid sin amháin gur beag atá as cor go bunúsach le cúrsaí caidrimh thionscail i mBord na Móna.


3.2 Caidreamh leis an Rialtas

70. I réimse an fhiontair phoiblí is cúis bhunúsach cúraim i gcónaí an caidreamh idir an tAire agus an Bord. Mar gheall air sin, mheas an Comhchoiste é a bheith tábhachtach a fháil amach an raibh nó nach raibh ceist ar Bhord na Móna i dtaobh aitheantas a thabhairt dá cheart-neamhspleáchas ar thaobh an Aire agus na n-oifigeach roinne lenar bhain. Dea-scéala dá bhrí sin go bhféadfadh an Cathaoirleach an méid seo a rá ina chuid fianaise:


“Tá mé 15 nó 16 bliana ar an mBord agus ní fhéadaim a thabhairt chun cuimhne go raibh aon mhór-aighneas riamh le Roinn Rialtais. Rinneamar díospóireacht ar chúrsaí agus ní chuireann aon bheart de chuid na roinne srian orainn. Bhí cúrsaí caidrimh go mhaith. Bhí plé neamfhoirmiúil eadrainn agus níor cuireadh bac ar bith orainn.”13


71. Tá dhá réimse inar chuir orgáin eile Rialtais go mór i gcoinne an Bhoird i gcás beartais áirithe ba mhaith leis a chur i grích. Tá trácht déanta orthu sin roimhe seo sa tuarascáil seo. An chéad rud, nuair ba saoire ola ná móin chun leictreachas a ghiniúint, chuir Bord Soláthair an Leictreachais ó am go chéile in aghaidh tograí Bhord na Móna chun breis úsáide a bhaint as móin agus thacaigh an tAire Iompair agus Cumhachta leis an BSL. Ós rud é gur féidir le móin dul san iomaíocht go héifeachtúil le hola sa mhargadh sin anois, ní dóigh go dtarlóidh deacrachtaí den sórt sin arís chomh fada agus is féidir a fheiceáil.


72. An dara rud, ní bhíonn neart ag an mBord praghsanna a Chuid táirgí a shocrú toisc go mbíonn sé faoi shrian ag an gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna. Dúirt an Cathaoirleach ina chuid fianaise:


“tá ár gcumas chun caipiteal a dhéanamh dúinn féin á bhac go mór ag an gCoimisiún Praghsanna. B’fhearr linne ár n-acmhainní caipitil a fhorbairt … .”14


Mar a dúradh roimhe seo, tá Bord na Móna faoi láthair ag iarraidh athrú a thabhairt ar an scéal sin.


73. Sa dá chás sin a luaitear roimhe seo ní fheictear don Chomhchoiste go bhfuil aon chúis le bheith mí-shocair. Ní haon rud neamhghnách codarsnacht a bheith idir dhá ghníomhaireacht phoiblí a mbíonn gach ceann acu ag féachaint dá leas féin agus tá meáin sean-fhorbartha aitheanta ann chun déileáil leis an gcodarsnacht sin, agus i ndeireadh na dála is ag an Aire nó ag an gCaibinéad atá sé de cheart cumhachtaí cinnteacháin a fheidhmiú. Sá chéad ásc, bhí gníomhaireacht amháin—Bord na Móna—a bhfacthas dó gur cheart dó úsáid móna a chur chun cinn oiread agus ab fhéidir agus bhí ceann eile—Bord Soláthair an Leictreachais—a bhfacthas dó chomh ceart céanna gurb é a chuspóir costas leictreachais do thomhaltóirí a choimeád chomh híseal agus ab fhéidir. Bhí an dá chuspóir sin in aghaidh a chéile agus chaithfeadh údarás níba airde cinneadh a dhéanamh, agus sa chás seo ba é an tAire é ó bhí an dá Bhord freagrach dó. Sa dara hásc, nuair a theastaigh ó Bhord na Móna méadú a thabhairt ar an méid infheistíochta a bheadh á mhaoiniú as airgead a bhí á dhéanamh aige féin bhí sé sin in aghaidh chuspóir na gníomhaireachta ar chúram dó féachaint le méadú praghsanna a choinneáil ar an gcothrom ab ísle ab fhéidir gan cur isteach ar chumas na gníomhaíochta áirithe sin oibriú leis: agus arís is codarsnacht é sin, dá leantaí leis, nach féidir le haon sórt eagraíochta a réiteach ach trí fheidhm a bhaint as údarás ceannais. Sa chás seo ní raibh Bord na Móna sa riocht go mbainfeadh aon díobháil áirithe dó mar gur Chomhlacht Stát-tionscanta é ón uair go bhfuil dualgas ar an gCoimisiún Náisiúnta Praghsanna freisin chun praghsanna san earnáil phoiblí a chinneadh.


74. Le scéal achomair a dhéanamh de, dá bhrí sin, tá an Comhchoiste cinnte de gur oibrigh an comhpháirteachas idir dhualgais an Bhoird agus an Rialtais ar bhealach sásúil i gcoitinne.


IV NUAIR A BHEIDH AN MHÓIN ÍDITHE

4.1 Lagphortaigh

75. Nuair nach féidir an príomh-ábhar a atáirgeadh, is tionscal é de shórt a mbítear ag baint as agus go dtagann críoch ré dó. Faoi cheann tuairim caoga bliain beidh na portaigh atá forbartha ag Bord na Móna go dtí seo, nó iad sin a bhfuil forbairt ceaptha dóibh faoin Tríú Clár beidh siad ídithe agus beidh deireadh le táirgeadh móna. Ach is é chaoi nach mar a chéile an tionscal seo agus, abair, mianadóireacht, go ndéanann an táirgeadh luach na talún a ardú chun críocha eile. Ón uair nach féidir aon rud a chur ag fás nó a thógáil ar lagphortach, níl maith ar bith ann dáiríre, ach má dhéantar portach a shilt agus a shaothrú go dtí nach mbíonn ach leath-mhéadar fágtha dá shraith íochtair bíonn gan amhras tairbhe ann mar thalamh cuir.


76. Is rud nua lagphortaigh, áfach, ar an mórscála atá i gceist agus ní léir in aon chor cad chuige is fearr talamh den sórt sin. Chonacthas an fhadhb sin roimh ré agus le breis agus fiche bliain tá Bord na Móna agus An Foras Talúntais ag gabháil do thaighde fairsing ar úsáid lagphortaigh. Ní theastaíonn ón gComhchoiste tuairisc a thabhairt ar an taighde sin ná trácht air mar tá sin déanta i dtuarascáil a foilsíodh le déanaí ó choiste idir-rannach a cuireadh ar bun go sonrach chun breathnú ar na fadhbanna teicniúla a bhí i gceist.15 Ach tugann an Comhchoiste dá aire gur tharla deacrachtaí maidir le gach úsáid talmhaíochta, garraíodóireachta agus foraoiseachta a ndearnadh trialacha ina leith go dtí seo agus comhairlíonn sé bheith san airdeall agus gan bheith á cheapadh go sásta go mbeidh suas go 150-200,000 acra sa bhreis de thalamh maith in Éirinn faoin mbliain 2030. Ina theannta sin measann an Coiste é a bheith oiriúnach trácht a dhéanamh ar dhá phointe.


77. Ar dtús, ní ceist teicniúil amháin, ná fiú ceist bhunúsach, cén úsáid is fearr a bhainfí as lagphortach; is ceist gheilleagair í. Ar thaobh amháin, tá tábhacht leis na fadhbanna a fionnadh go dtí seo (mar shampla, gá a bheith le domhain-treabhadh, silt chaidéalaithe, trom-leasacháin a úsáid, forlíontachas cothú ainmhithe, etc.) ní toisc iad a bheith deacair a réiteach go teicniúil ach toisc iad a bheith costasúil a réiteach. Ar an leith eile, ní féidir a chinneadh conas mar is fearr a fhéadfaí talamh, lena n-áirítear lagphortach, a úsáid, gan tuar a dhéanamh ar leibhéal na bpraghsanna san am le teacht ar chineálacha éagsúla talún a sholáthrófaí. De réir mar a gheofar breis tuisceana ar na gnéithe teicniúla agus geilleagair a bhaineann le húsáid lagphortaigh, beidh méadú ag teacht de réir a chéile ar an tábhacht a bhaineann leis an ngné deiridh sin mar ní a rachaidh i gcion ar aon chinneadh.


78. De réir an eolais atá ar fáil faoi láthair ceaptar gur mar rud éigin cosúil le talamh imeallach, mar a thugtaí uirthi, is fearr lagphortach a mheas: tá gach comhartha ann nach mbeidh sé saor í a thabhairt chun cuir agus bheadh costas a tugtha chun dea-chríche ag brath ar cén táirge a bhí á cheapadh di. Ós mar sin atá, b’fhéidir gurb é críoch is fearr a d’fhéadfadh a bheith uirthi í a fhágáil gan úsáid. Is fearr pleanáil ar an mbonn go gcaithfidh lagphortach íoc as féin má táthar chun é chur chun úsáide; ar bhonn den sórt sin d’fhéadfaí costais agus praghsanna a chur san áireamh mar is ceart nuair a bheadh aon chinneadh á dhéanamh ach is cosaint é freisin ar an mbarúil shimplí go gcuireann táirgeadh móna acmhainn aiceanta saor in aisce ar fáil dúinn ar chuma éigin. Níl cúis ar bith le lagmhisneach, ach is fada fós ó bheith léir cé mhéid agus cé fairsing iad na deiseanna a bheidh ar fáil tráth a bheidh Bord na Móna críochnaithe leis na portaigh.


79. Baineann an dara pointe le húsáid lagphortaigh a eagrú, agus áirítear air sin cé aige is fearr úinéireacht air. On uair go n-athraíonn an pátrún is fearr ar úinéireacht talún de réir na críche chun a gcuirfear an talamh sin, b’fhearr gan tabhairt faoi theacht ar aon réiteach daingean ar an gceist sin go dtí go bhfionnfar go soiléir tar éis a thuilleadh taighde cad iad na gnéithe teicniúla agus geilleagair a bhainfeadh leis na bealaí éagsúla úsáide. Mar sin, nuair ab fhearr an portach a úsáid chun foraoiseachta, d’fhéadfaí mar rogha amháin an portach sin a thabhairt i láimh na Roinne Iascaigh agus Foraoiseachta, agus más chun talamh féir is fearr an portach b’fhéidir gurbh fhearr é a dhíol le daoine príobháideacha, lena n-áirítear comharchumainn.


80. Ceist fíor-chasta í seo a mbaineann fadhbanna geilleagair, sóisialta agus polaitíochta léi agus ní mheasann an Comhchoiste gurb iad féin an dream is fearr a thabharfadh moltaí faoin ábhar. Mar sin féin, dealraíonn pointe tábhachtach amháin a bheith soiléir. Tá réimsí fairsinge talún curtha ar fáil faoi aon úinéireacht amháin tríd an bhfeo simplí a shealbhú i mórán gabháltais bheaga. Tríd is tríd, níor cheart smaoineamh ar an lagphortach a thabhairt ar ais d’úinéirí príobháideacha ina chodanna beaga. An comhdhlúthú ar ghabháltais atá déanta ag Bord na Móna is buntáisteach an rud é le haghaidh formhór na húsáide a d’fhéadfaí baint as agus chuirfeadh beartas mí-oiriúnach faoi sheilbh thalún an bhuntáiste sin ó rath. Is mó is fíor an méid sin nuair is lagphortach an talamh atá i gceist. Is fíor do Bhord na Móna an méid seo a leanas, sa Tuarascáil Bhliantúil uaidh do 1976/77, maidir leis an talamh a bhíonn fágtha tar éis don mhóin a bheith bainte ag daoine príobháideacha:


“Many thousands of acres of privately owned cutaway and marginal land remain underdeveloped because of the fragmented structure of ownership which inhibits drainage and development essential for the full utilisation of the real potential of these lands”.


Níor mhaith an rud é dá ndéantaí lagphortach Bhord na Móna a chur de láimh ar deireadh thiar i slí nach mbainfí tairbhe as na buntáistí a ghabhann chun go leor críocha le gabháltais mhóra. D’fhéadfadh úinéireacht chomharchumainn, mar shampla, na buntáistí sin a chur chun dea-chríche.


81. Measann an Comhchoiste go bhfuil an deis ag an Rialtas anois chun tús foirmiúil a chur le beartas forbartha maidir le húinéireacht lagphortach Bhord na Móna san am le teacht. Ní thagann an t-ábhar sin faoi théarmaí tagartha an Choiste Idir-Rannach atá ann agus ar aon chuma níl an comhdhéanamh is fearr ar an gCoiste sin chuige sin. Níor mhór Coiste nua a bhunú ar a mbeadh ionadaithe ó na dreamanna leasmhara poiblí agus príobháideacha ionas go bhféadfaí úsáid agus úinéireacht na talún sin a bhreithniú i dteannta a chéile.


4.2 Fostaíochta agus dífhostaíocht

82. Is léir go bhfuil baint le ceist na fostaíochta ag na cinntí a dhéanfar i dtaobh úsáid lagphortach. I gcás iad sin atá fostaithe ag Bord na Móna, ní gá gur fadhb ró-dheacair é. Más féidir glacadh leis go mbainfear amach de réir oird ama an táirgeadh atá ar áireamh sa Tríú Clár Forbartha, ansin féadfar an leibhéal fostaíochta a thuar go cruinn, portach ar phortach, ar feadh cuid mhaith blianta anonn. Go háirithe is féidir a bheith cinnte de go mbeidh fios roimh ré ar cén laghdú a thiocfaidh ar fhostaíocht de réir mar a oibreofar amach gach portach. I gcúinsí mar sin, agus fad agus is oiriúnach do chóir ama rudaí (ar nós aois) a thugann ar oibrithe Bord na Móna a fhágáil dá ndeoin féin, ní gá go mbeadh iomarcaíocht éigeantach ann: is féidir an laghdú san fhórsa saothair a bhaint amach ar an mbealach dá ngairtear de ghnáth, agus ní dóigh gur maith an leagan é, “diomailt nádúrtha”. Fairis sin, tharlódh d’oibrithe nach mbaineann “diomailt nádúrtha” dóibh mar sin fostaíocht a fháil san obair a bheadh curtha ar bun sa lagphortach.


83. Ní hé an fhadhb is mó, áfach, an fórsa saothair a laghdú lena laghad ceataí is féidir dóibhsean atá fostaithe. Rud is tábhachtaí is ea gur lú an t-éileamh a bheidh ar lucht saothair ar Bhord na Móna do dhul in éag agus go dtarlóidh cuid mhór den laghdú sin in áiteanna a mbeidh sé deacair is cosúil obair dá mhalairt a fháil, mura ndéanfar beart cinnte ina comhair. De réir mar a bheidh táirgeacht mhóna ag dul i laghad agus ar deireadh thiar ag dul as ar fad caillfear go díreach isteach is amach le 7,000 post ar fad, agus b’fhiú an méid sin post geall le £35 milliún punt airgid i bhfoirm pá amháin, de réir phraghsanna 1979, do ghnó áitiúil na gceantar timpeall16.


84. Gan amhras, ní tharlódh cailliúint postanna chomh hard leis sin don gheilleagar náisiúnta ach, mura ndéanfar beart cinnte, d’fhéadfadh éifeacht chomh fairsing leis sin a bheith aige ar na geilleagair áitiúla. Ceann de na sochair shóisialta a lean gnóthaí Bhord na Móna is ea go bhfuil na gnóthaí sin ar bun i limistéir a mbíonn sé deacair acu infheistíocht nua a tharraingt chucu. Bíonn pobail iomlána ag brath ar thionscal na móna, agus le fírinne is é tionscal na móna a thug dóibh a bheith ann. Rud follasach a d’fhéadfaí a chur in ionad an tionscail sin go háitiúil is ea airgead a chaitheamh ar úsáid lagphortaigh. Ach lasmuigh de chás amháin níl aon mheastacháin ar fáil ar cé mhéid daoine a fhostófaí da mbaintí úsáid eile as lagphortaigh, ach má is ea léiríonn an cás áirithe sin méid na faidhbe. I dtuarascáil ar bheartas foraoiseachta don Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialach17, measadh go gcuirfí áireamh faoi bhun 4,000 post ar fáil, nuair a bheadh táirgeacht iomlán faoi sheol, dá gcuirfí crainn ar iomlán an 175,000 acra talún lagphortaigh atá ag Bord na Móna. Ach ní bhainfí fiú an t-áireamh sin amach nó go mbeadh na deicheanna de bhlianta caite.


85. Beidh an laghdú ar tháirgeadh móna agus ar fhostaíocht ina mhór-fhadhb do na geilleagair áitiúla agus ina dhúshlán do bheartas réigiúnach. Ach is féidir an laghdú sin a thuar go beacht feadh an chéad chaoga bliain atá romhainn agus tá an Comhchoiste ag tathant ar ghníomhaireachtaí ar nós an tÚdarás Forbartha Tionscail, AnCO agus údaráis áitiúla lena mbaineann leas a bhaint as an deis seo, deis nach dtagann ach go hannamh, chun dearcadh rómpu isteach san am le teacht.


V FOCAL SCOIR

86. Feadh na mblianta, tá cuidiú fairsing tugtha ag Bord na Móna do leas geilleagair agus sóisialta na tíre sa chuma inar oibrigh sé sócmhainn tábhachtach náisiúnta. Tá cúnamh mór tugtha aige in aghaidh na bliana don chomhardú íocaíochtaí trí chaonach móna a onnmhairiú agus, go speisialta, trí bhreosla a sholáthar nár ghá a allmhairiú; chuir sé fostaíocht shiúráilte ar fáil i bpobail ina bhfuil bunaidh eile oibre tearc; de thoradh a chuid scéimeanna tithíochta tá fo-phobail curtha ar bun go díreach aige i dtuaith na hÉireann; agus tríd a chuid taighde ar bhealaí úsáide lagphortaigh, tá sé ag tabhairt faoina chinntiú go leanfaidh tairbhe a chuid saothair fiú nuair a bheidh an mhóin ídithe. Le linn é sin go léir a bheith ar siúl aige, tá sé tagtha chun bheith ar an dara táirgeoir breosla móna is mó sa domhan, thionscain sé a chuid nua-bhealaí teicniúla féin, agus tá aitheantas idirnáisiunta ag a chuid scileanna, agus ní hé an chuid is lú de sin go dtángthas ó thíortha eile do lorg saineolais air.


87. D’airigh an Comhchoiste go bhfuil d’oibleagáid air moltaí áirithe a dhéanamh le haghaidh athruithe, go speisialta i réimse an airgeadais agus go ró-áirithe maidir le praghsanna, réimse ina bhféadfaí bunadh tábhachtach dúchais fuinnimh a úsáid go diomailteach dá mbeadh beartais mhí-oiriúnacha á n-oibriú; ach níor cheart in aon chás a thuiscint as gurb ionann moladh agus locht a fháil ar an obair atá déanta ag Bord na Móna san am atá caite.


88. Tá dhá aighneacht i scríbhinn a fuarthas ó Bhord na Móna leagtha amach i bhFoscríbhinní 1 agus 2. Ta aighneacht i scríbhinn a fuarthas ó Ghrúpa Tuath-Oibrithe Chónaidhm Oibrithe Éireann leagtha amach i bhFoscríbhinn 3. B’ábhar sásaimh don Chomhchoiste gur thug an cumann—ionadaí mórthábhachtach ar shon fhoireann Bhord na Móna—gur thug sé freagra chomh hiomlán sin ar an gcuireadh chun fianaise i scríbhinn a chur isteach.


89. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Ollamh John Bristow ó Choláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath as an gcúnamh ró-luachmhar a thug sé le linn an fhiosraithe seo.


(Sínithe) EOIN Ó RIAIN


Cathaoirleach an Chomhchoiste


12 Márta 1980


1. Feach Foscríbhinn 1.


2. Tá trácht i roinn ina dhiaidh seo ar an mbaint idir Bord na Móna agus Bord Soláthair an Leictreachais.


3. Ní bhaineann na figiúirí sin ach amháin leis na stáisiúin mhóna a ndéanann Bord na Móna soláthar dóibh. Ní áirítear orthu na cheithre stáisiún 5 MW ar imeallbhord an iarthair.


4. Féach Fianaise (Ceisteanna 5-40; agus 44-52)


5. Níl aon amhras, mar atá an scéal faoi láthair, go bhfuil an soshinteacht pragnais san éileamh ar mhóin íseal go leor le go dtiocfadh méadú ar tháltais de bharr meadú ar phraghsanna.


6. Féach Fianaise (Ceisteanna 5, 6, 10, 14 agus 15)


7. Féach Foscríbhinn 3.


8. Féach Fianaise (Ceist 139)


9. Féach Fianaise (Ceist 139)


10. Féach Fianaise (Ceist 147)


11. Féach Fianaise (Ceisteanna 140-143)


12. Féach Fianaise (Ceist 145).


13. Féach Fianaise (Ceist 2)


14. Féach Fianaise (Ceist 4)


15. Tuarascáil Eatramhach ón gCoiste Idir-rannach a cheap an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh do bhreithniú conas a fhéadfai úsáid a bhaint as lagphortaigh Bhord na Móna (Prl. 8150).


16. Áirítear ansin lucht oibre ar phortaigh agus i monarchana Bhord na Móna agus sna stáisiúin ghiniúna leictreachais ar a mbíonn Bord na Móna ag freastal. Ní áirítear ann, mar shampla, postanna in earnáil na seirbhísí áitiúla, agus d’fhéadfadh go mbeadh éifeacht orthu sin ag laghdú sa chaiteachas áitiúil.


17. Irish Forestry Policy (National Economic and Social Council, Report No. 46, pp. 146-147. Prl. 7857).