Committee Reports::Report No. 78 - Liberalisation of Capital Movements::11 June, 1980::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar thogra an Choimisiúin (7873/79) le haghaidh Treoir ón gComhairle ag déanamh leasú don dara huair ar an gCéad Treoir chun Airteagal 67 de Chonradh CEE (gluaiseachtaí caipitil a léirscaoileadh) a chur i ngníomh. Ba é a Fho-Choiste ar Ionstraimí Reachtúla agus Cúrsaí Dlí, faoi Cheannas an tSeanadóra Dáithí Ó Maoldhomhnaigh, a rinne mionscrúdú ar an togra don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seandóir Ó Maoldhomhnaigh agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. Is é is aidhm don togra deireadh a chur le srianta malartúcháin ar shaorghluaiseacht aonad i ngnóthais chomhinfheistíochta d’urrúis inaistrithe (CIUTS) nó ar urrúis arna n-eisiúint ag an gcéanna. Tá dhá chineál gnóthas den sórt sin ann, eadhon, iontaobhais aonaid áirithe in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe agus cuideachtaí infheistíochta ilchríche, nó cuideachtaí le caipiteal inathraithe, a oibríonn ar an Mór-Roinn.


2. I 1976 chuir an Coimisiún dréacht-Treoir faoi bhráid na Comhairle chun dlíthe náisiúnta agus forálacha riaracháin a bhain le CIUTS a chomhordú. Is é aidhm na Treorach comhordúcháin beartaithe cosaint chomhionann d’infheisteoirí a áirithiú agus dálaí iomaíochta idir CIUTS a chomhfhogasú, sa chaoi, i ndeireadh na dála, go bhféadfaidh CIUTS a bunaíodh i mBallstát amháin a chuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn sna Ballstáit eile. Ba é an dréacht-Treoir sin ábhar an cheathrú tuarascáil is caoga (Prl. 6168) ón sean-Chomhchoiste agus tá sí fós faoi scrúdú ag fochomhlachtaí na Comhairle. Measann an Coimisiún go bhfuil an Treoir bheartaithe um ghluaiseachtaí caipitil riachtanach má táthar chun an Treoir Chomhordúcháin, má ghlactar agus nuair a ghlacfar í, a chur i ngníomh go héifeachtúil.


Léirscaoileadh Gluaiseachtaí Caipitil laistigh de CEE

3. Foráiltear in Airteagal 67 de Chonradh CCE go ndíothófar srianta ar ghluaiseacht chaipitil laistigh de CEE le linn na hidirthréimhse “a mhéid is gá sin chun ceartfheidhmiú an chomhargaidh a áirithiú”. Tá sé i bhfis le hAirteagal 69 go n-eiseofaí Treoracha ón gComhairle chun Airteagal 67 a chur i ngníomh. Rinneadh dhá Threoir den chineál sin go dtí seo, i mBealtaine, 1960 agus i Nollaig, 1962. Sna Treoracha sin roinneadh gluaiseachtaí caipitil i gceithre aicme nó liosta — A, B, C agus D — agus stádas éagsúil ag na gluaiseachtaí caipitil ar gach liosta díobh de réir mar bhí nó nach raibh sé sainordaithe iad a léirscaoileadh. Is le hinfheistíochtaí díreacha agus gluaiseachtaí caipitil phearsanta is mó a bhaineann Liosta A agus tá léirscaoileadh na míreanna sin faoi shainordú; cumhdaíonn Liosta B Urrúis luaite a fháil agus a dhíol ar leithligh agus tríd is tríd tá sé faoi shainordú; baineann liosta C le heisiúint urrús luaite, fáil agus díol urrús comhinfheistíochta agus neamhluaite, iasachtaí meántéarma agus fadtéarma, etc., agus tríd is tríd tá sé faoi réir rogha. Ní leagtar síos sna Treoracha aon rialacha tábhachtacha i leith míreanna ar Liosta D.


4. Faoin gConradh Aontachais ceadaíodh d’Éirinn léirscaoileadh aicmí éagsúla gluaiseachtaí caipitil a chur siar ar feadh tréimhsí sonraithe ach tá na socruithe idirthréimhseacha sin imithe in éag anois. Faoi Airteagal 108 de Chonradh CEE, áfach, tá cead faighte ag Éirinn chun na srianta atá aici ar infheistíocht phortfhóilió amach a choinneáil i bhfeidhm, faoi réir mhodhnuithe áirithe.


5. Tar éis di dul isteach i socruithe CAE Maidir le rátaí malairte, leasaíodh, inter alia, rialuithe na hÉireann ar infheistíocht phortfhóilió amach chun go mbeadh feidhm, maidir leis an Ríocht Aontaithe, le héifeacht ón 18 Nollaig 1978, ag rialuithe malairte a bheadh ar aon dul tríd is tríd leis na rialuithe a bheadh i bhfeidhm i leith idirbhearta le tíortha CEE eile. Tugadh fógra foirmiúil faoin mbeart a bhí glactha don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi Airteagal 109 de Chonradh na Róimhe. Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar mhaolú na hÉireann ar na hoibleagáidí chun infheistíocht phortfhóilió amach chuig Ballstáit eile CEE a léirscaoileadh, ach go gceaptar go dtabharfar cead chun na srianta atá ar infheistíocht den sórt sin faoi láthair a choinneáil i bhfeidhm. Tá cur síos ar an srianta sin sa chéad mhír eile.


Srianta Éireannacha ar Infheistíocht Phortfhóilió Amach

6. Ní cheadaítear i gcoitinne glanshealbháin d’urrúis choigríche a mhéadú. Is féidir na sealbháin atá ann cheana féin ar urrúis mar sin a choinneáil agus, faoi réir choinníollacha áirithe, iad a mhalartú ar urrúis eile dá samhail. Is féidir freisin na hurrúis sin a dhíol glan amach le daoine nach gcónaíonn anseo agus an t-airgead a fhaightear a thabhairt ar ais isteach sa tír. Daoine is sealbhóirí ar urrúis choigríche faoi láthair tig leo cearteisiúintí i ndáil leis na hurrúis sin a cheannach freisin. Is féidir i gcoitinne na fáltais ó dhíol urrús na Ríochta Aontaithe a athinfheistiú áit ar bith ar domhan. Tá roinnt eisceachtaí freisin ón riail ghinearálta. I Meán Fómhair, 1979 ceadaíodh do chuideachtaí árachais agus do chistí pinsin a sealbháin d’urrúis choigríche (a fuarthas i malairt oifigiúil) a ardú go dtí 10% dá sócmhainní (i gcoitinne bíonn modhanna éagsúla i bhfeidhm chun sócmhainní a ríomh) amhail ag an 31 Nollaig 1978. Tá na socruithe sin tugtha cothrom la dáta anois faoi threoir na bhfigiúirí ag deireadh 1979. Tá socrú den chineál céanna i bhfeidhm i gcás iontaobhais aonad. Tig le cuideachtaí árachais, cistí pinsin agus bainisteoirí portfhóilió gairmiúla airgeadra coigríche a fháil ar iasacht chun urrúis choigríche a cheannach. Tig le daoine a chónaíonn in Éirinn urrúis a d’eisigh na Comhphobail Eorpacha agus Banc Infheistíochta na hEorpa a cheannach le malairt oifigiúil. Dar ndóigh is féidir le daoine a chónaíonn in Éirinn urrúis Éireannacha a ndéileáltar iontu ar Stocmhargadh Londain a cheannach.


Togra an Choimisiúin

7. Bhainfeadh an Treoir bheartaithe um ghluaiseachtaí caipitil leis na gnóthais chéanna lena mbainfidh an Treoir chomhordúcháin bheartaithe. Is iad sin cuideachtaí iontaobhais aonad agus cuideachtaí infheistíochta ilchríche a infheistíonn 95% ar a laghad dá sócmhainní in urrúis inaistrithe agus i sócmhainní leachtacha. Is iad na gnóthais Éireannacha ar a rachadh sé i gcion iontaobhais aonad áirithe faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972.


8. Is é togra an Choimisiúin go ndéanfaí aonaid de chuid na niontaobhas aonad sin agus urrúis de chuid na gcuideachtaí infheistíochta ilchríche lena mbainfidh an Treoir chomhordúcháin a aistriú ó Liosta C go Liosta B d’Iarscríbhinn I a ghabh leis an gCéad Treoir dar dáta 11 Bealtaine 1960 (mar a leasaíodh). Tá d’oibleagáid ar Bhallstáit, maidir léis na gluaiseachtaí caipitil atá leagtha amach i Liosta B, cead ginearálta a thabhairt chun idirbhearta a chur i gcrích nó a dhéanamh agus le haghaidh aistrithe idir dhaoine a chónaíonn i mBallstáit. Os a choinne sin, i gcás Liosta C ceadaítear do Bhallstát srianta malartúcháin a bhí i bhfeidhm maidir leo an dáta a tháinig an Treoir i ngníomh (dáta an aontachais i gcás an Ríocht Aontaithe, Eire agus an Danmhairg) a choimeád i bhfeidhm nó a thabhairt isteach arís má tá baol ann go mbeadh saorghluaiseacht caipitil ina bhac in aghaidh gnóthú na n-aidhmeanna atá á saothrú aige i ndáil lena bheartas eacnamaíochta. Tá an Danmhairg, An Fhrainc, an Iodáil, Éire agus an Ísiltír tar éis feidhm a bhaint as an gceart sin cheana féin.


9. Rinne an Chéad Treoir léirscaoileadh ar ghnó i bhformhór na n-urrús lena ndéileáltar ar stocmhargadh de bharr iad a bheith ar Liosta B agus má ghlactar le togra an Choimisiúin cuirfear aonaid de chuid iontaobhais aonad san aicme chéanna. Tig le Ballstáit, áfach, forálacha na Chéad Treorach a shárú trí leas a bhaint as clásail chosanta i gConradh na Róimhe (e.g. Airteagail 73, 108 agus 109). Is féidir le hÉirinn, mar shampla, na srianta ar infheistíocht phortfhóilió amach dá dtagraítear i mír 6 a choinneáil i bhfeidhm d’ainneoin forálacha na Chéad Treorach de bhua na gclásal sin.


Breithniú ag Leibheál Comhphobail

10. Beidh ar Ghasra Oibre na Comhairle ar Cheisteanna Airgeadais breithniú a dhéanamh ar an Treoir bheartaithe um ghluaiseachtaí caipitil. Tuigeann an Comhchoiste áfach go bhfuil formhór na mBallstát, lena n-áirítear Éire, ar an aigne go mbeadh sé ró-luath ráiteas a dhéanamh faoin Treoir bheartaithe go dtí go mbeidh tuilleadh dul chun cinn déanta ar an Treoir chomhordúcháin. Thairis sin tuigeann an Coiste gur cosúil nach mbeidh an Treoir chomhordúcháin tugtha chun críche go ceann roinnt blianta. Ní féidir a rá ag an bpointe seo fiú cathain a thosófar na caibidlí ar an Treoir um ghluaiseachtaí caipitil.


Ciallachais d’Éirinn

11. Fad a bhaineann le hinfheistíocht amach beidh an éifeacht phraiticiúil maidir le hÉirinn, má ghlactar an Treoir um ghluaiseachtaí caipitil, ag brath ar cibé srianta malartúcháin a bheidh i ngníomh an tráth sin ach na srianta a bheith faoi réir fhorálacha ceannasacha Chonradh CEE. Tá sé tugtha le fios don Chomhchoiste, má bhíonn na srianta atá ann faoi láthair i bhfeidhm fós, go mb’fhéidir go mbeadh an t-údarás Comhphobail a cheadóidh iad a choinneáil i bhfeidhm chomh ginearálta sin ina choinníollacha go mbainfidh sé, uaidh féin, leis na gluaiseachtaí caipitil atá i gceist sa Treoir bheartaithe. Mura mar sin a bheidh, tuigtear don Choiste gur dócha go n-iarrfaí cead CEE na srianta sin a chur i mbaint leis na gluaiseachtaí caipitil atá i dtrácht, ós dócha go gcuirfí isteach go mór ar an margadh agus ar ghluaiseachtaí dá léirscaoilfí idirbhearta i raon urrús chomh cúng sin, is é sin, dá mbeadh sé de chor ar chúrsaí an tráth sin nár ghá na srianta a choinneáil i bhfeidhm sa réimse áirithe sin.


12. Maidir le hinfheistíocht isteach níl srianta ar bith á gcur i bhfeidhm ag Éirinn uirthi sin faoi láthair agus ní dócha go mbeidh aon athrú ar an scéal sin faoin am a ghlacfar an Treoir, má ghlactar í.


Barúlacha an Chomhchoiste

13. Ceann de na cuspóirí atá leis an Treoir chomhordúcháin bheartaithe ná go mbeidh CIUTS in ann a gcuid aonad a mhargú i mBallstáit seachas a mBallstát féin agus nach mbeidh na Ballstáit sin in ann na gnóthais sin nó a gcuid aonad a chur faoi réir foráil ar bith seachas rialacháin mhargaíochta. D’fhéadfaí bac a chur ar an gcuspóir sin áfach, fiú má ghlactar an Treoir sin de thoradh na srianta ar ghluaiseachtaí caipitil atá ceadaithe faoi láthair faoin gCéad Treoir dar dáta an 11 Bealtaine 1960 (mar a leasaíodh). Dá bhrí sin, aontaíonn an Comhchoiste gur ceart, má ghlactar an Treoir chomhordúcháin mar a mhol an Coimisiún, an Chéad Treoir a leasú de réir mholadh an Choimisiúin. Fiú má dhéantar é sin áfach beidh an éifeacht ó thaobh na hÉireann de ag brath ar na srianta malartúcháin a bheidh i ngníomh agus aithníonn an Coiste go mbraitheann sé ar cheisteanna eacnamaíochta agus airgeadais níos forleithne an gcoinneofar na srianta sin i bhfeidhm.


Buíochas

14. Is mian leis an gComhchoiste a fhíorbhuíochas a ghabháil le First General Unit Managers Limited, le Foras na Rúnaithe agus na Riarthóirí Cairte agus leis an Stocmhargadh as ucht an méid cabhrach a thug siad don Choiste le linn dó an togra seo a scrúdú.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Meitheamh, 1980