|
TUARASCÁILRéamhrá1. An cheist faoi chomhbheartas struchtúrtha nua a ghlacadh in earnáil iascaireachta CEE de bhíthin leathnú na limistéar iascaireachta go dtí 200 muirmhíle tá sí faoi bhráid Chomhairle na nAirí ó 1976 i leith. Ar an 30 Bealtaine 1980, d’eisigh an Chomhairle ráiteas á dhearbhú go bhfuil sé de rún aici na cinntí a ghlacadh is gá lena áirithiú go gcuirfear comhbheartas iascaireachta uilechoiteann in éifeacht an 1 Eanáir 1981 ar a dhéanaí. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thograí an Choimisiúin le haghaidh reachtaíochta Comhphobail ar an ábhar sin agus ar dhoiciméid ghaolmhara a bhí ar Chlár Oibre na Comhairle sa chruinniú di a tionóladh an 3 agus 4 Nollaig, 1979, agus atá luaite san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. Chinn an Comhchoiste, ag éirí as an scrúdú sin, an tuarascáil seo a ullmhú chun an cúlra atá leis na comhchaibidlí fada a chur i gcuimhne do Chomhaltaí, chun achoimre a thabhairt ar thograí an Choimisiúin agus chun léargas ginearálta a thabhairt ar an réiteach ba mhaith leis an gCoiste a fheiceáil ar na ceisteanna tábhachtacha fad a bhaineann le hÉirinn. 2. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Talmhaíochta agus Iascaigh, faoi Cheannas an Teachta Micheál Mac Gabhann, scrúdú mion ar na tograí iomchuí don Chomhchoiste. Phléigh an Fo-Choiste an t-ábhar leis an Uasal S. Ó Dúill, Rúnaí Ginearálta Eagras Iascairí na hÉireann Teo, leis an Uasal Ó Murchú, Rúnaí Ginearálta Chomhlachas Náisiúnta na nIascairí Bradán agus Cladaigh agus le hionadaí ón Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta. Bhreithnigh sé freisin meabhráin a fuarthas i scríbhinn ón Roinn agus ón dá chomhlacht atá luaite. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Teachta Mac Gabhann agus ag a Fho-Choiste as a gcuid oibre. An Comhbheartas Iascaireachta Bunaidh3. Sula ndeachaigh an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe isteach ann bhí beartas struchtúrtha an Chomhphobail leagtha amach i Rialachán 2142/70 ón gComhairle a bhfuil Rialachán comhdhlúthúcháin 101/76 curtha ina ionad ó shin. Ba é bunphrionsabal an bheartais nach mbeadh rialacha gach Ballstáit i dtaobh iascaireachta ina uiscí cósta ina bhun le cóir éagsúil do na Ballstáit eile. Bheadh comhrochtain ag iascairí uile an Chomhphobail ar na huiscí farraige a thagann faoi cheannasacht nó faoi dhlínse an stáit chósta ach lamhálfaí maolú cúig bliana ón bhforáil sin i gcrios trí mhíle amach ó chóstaí ina bhfuil an pobal áitiúil ag brath go mór ar an iascaireacht. Ceadaíodh don stát cósta leanúint leis ag déanamh rialú ar iascaireacht ar bhonn neamh-idirdhealaitheach ach cumasaíodh don Chomhairle bearta caomhnúcháin a ghlacadh má bhí baol go raibh an iomarca iascaigh á dhéanamh. Conradh Aontachais4. Modhnaíodh Rialachán 2142/70 leis an Acht a ghabh le Conradh Aontachais 1972 do na Ballstáit nua agus do na Ballstáit bhunaidh. Coinníodh an prionsabal i dtaobh coinníollacha comhionanna rochtana faoi réir maolú tábhachtach deich mbliana faoinar ceadaíodh do Bhallstáit iascaireacht i limistéar cósta sé mhíle a chur in áirithe do na báid sin amháin ar gnách leo a gcuid iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin as calafoirt sa chrios geografach tadhlach. I gcás criosanna sonraithe amach ó chósta na Danmhairge, na Fraince, na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe leathnaíodh an limistéar sé mhíle go dhá mhíle dhéag ar an gcoinníoll, maidir leis na cleachtais iascaireachta sa limistéar sin, “nach cúlú é i gcomparáid leis an staid a bhí ann an 31 Eanáir, 1971”. Foráladh freisin, de dhroim tuarascála a bhí le tabhairt ag an gCoimisiún roimh dheireadh 1982, agus ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, go ndéanfadh an Chomhairle “na forálacha a scrúdú a d’fhéadfadh teacht as” na maoluithe thuasluaite. 5. Foráladh san Ionstraim Aontachais freisin mar a leanas: “Tráth nach déanaí ná an séú bliain tar éis an aontachais, cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, na coinníollacha maidir le hiascaireacht, d’fhonn a áirithiú go gcosnófar an domhain agus go gcaomhnófar acmhainní bitheolaíochta na farraige”. Dealraíonn sé ó bhreith na Cúirte Breithiúnais i gCásanna 185—204/78 [1978] ECR 2345, gur chóir an oibleagáid sin a bheith comhlíonta roimh dheireadh 1978. Leathnú na dTeorainneacha Iascaireachta6. Nuair a bhí Tríú Comhdháil na Náisiún Aontaithe faoi Dhlí na Farraige (UNCLOS) fós ar siúl, tháinig sé chun suntais, go luath i 1976, go raibh sé i gceist ag na Stáit Aontaithe, ag Ceanada, ag an Ioruaidh agus ag roinnt Stát eile a dteorainneacha iascaireachta a leathnú go dtí 200 míle ó thosach 1977 de réir na dtreoirlínte a bhí á leagan amach i dtéacsanna caibidlíochta UNCLOS. Rinne an Chomhairle amhlaidh trí rún a ghlacadh an 3 Samhain 1976, inar comhaontaíodh, amhail ón 1 Eanáir 1977, go ndéanfadh Ballstáit, trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe, teorainneacha a limistéar iascaireachta a leathnú go dtí 200 míle amach óna gcostaí leis an Muir Thuaidh agus an Atlantach Thuaidh. Rinne ceithre Bhallstát (An Danmhairg, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Éire agus an Ríocht Aontaithe) a dteorainneacha iascaireachta a leathnú faoin dáta ar ar comhaontaíodh agus rinne an Fhrainc agus an Ísiltír amhlaidh beagán níos déanaí. Tuigtear go bhfuil an Bheilg tar éis achtú na reachtaíochta is gá a chur siar go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir le gnéithe áirithe den chomhbheartas iascaireachta. 7. Ba léir gur ghá an comhbheartas iascaireachta a athmheas de bharr teorainneacha iascaireachta na mBallstát a bheith ardaithe ó 12 mhíle nó níos lú go dtí 200 míle. Chuir an Coimisiún cumarsáid chun na Comhairle ina thaobh sin i Meán Fómhair, 1976, agus ina dhiaidh sin chuir sé tograí foirmiúla faoina bráid le haghaidh reachtaíochta. An Córas Beartaithe8. Ar an gcóras atá i bhfís ag an gCoimisiún chun iascaireacht sa Chomhphobal a rialú, d’áireofaí na bearta seo a leanas: (a) Bearta caomhnúcháin lena n-áirítear srianta ar iascaireacht. (b) Gabháil iomlán incheadaithe (GII) a shocrú i leith cineálacha éisc nó grúpa cineálacha gaolmhara, (c) Cuótaí nó toirt na gabhála iomláine a shocrú a cheadaítear do Bhallstát aonair a thógáil, (d) Córas ceadúnúcháin lena n-áirítear báid iascaireachta, agus a gcaptaein, a chlárú, (e) Tuarascálacha ó Bhallstáit chuig an gCoimisiún ar oibriú beart caomhnúcháin, cuótaí agus ceadúnas agus bearta maoirseachta a bheidh le glacadh ag an gComhairle, (f) Bearta struchtúrtha lena n-áirítear cúnamh CETRT d’infheistíocht i mbáid, i bhfeirmeoireacht éisc agus in oiliúint foirne oibre, (g) Rochtain ar uiscí cladaigh a theorannú, agus (h) Taighde agus comhairle eolaíochta. 9. Cé nár éirigh leis an gComhairle teacht ar chomhaontú go fóill maidir le córas inmheánach iascaigh, tuigtear nach mbeadh sé ródheacair teacht ar chomhaontú ginearálta ar mhórchuid gnéithe de thograí an Choimisiúin dá réiteofaí an fhadhb is mó. Is í sin ceist na dteorainneacha náisiúnta eisiatach. Bhí an bonn ar ar chóir na cuótaí a leithroinnt ar Bhallstáit ina ábhar conspóide freisin ach meastar go bhféadfaí ceist na gcuótaí a réiteach dá bhféadfaí ceist na limistéar náisiúnta eisiatach, a bhfuil dlúthbhaint aici léi, a réiteach. Níos luaithe i mbliana ghlac an Chomhairle Rialacháin (a) inar socraíodh na GII do 1980 agus (b) inar glacadh córas faoina ndéanfaí gabhálacha a thaifeadadh agus faoina ndéanfadh Ballstáit tuarascálacha orthu a chur chuig an gCoimisiúin. Rún na Háige10. Ní hionann tionscal iascaireachta na hÉireann agus an tionscal sin sa chuid eile den Chomhphobal sa mhéid go bhfuil sé fós i mbun forbartha cé go bhfuil an tionscal ag dul i laghad sna Ballstáit eile. Measann an Comhchoiste go bhfuil sé riachtanach go dtabharfaí deis do thionscal iascaireachta na hÉireann forbairt go lán a chumais agus go gcuirfeadh cibé comhbheartas iascaireachta a leagfar amach ar deireadh ar a chumas dó an fhorbairt sin a dhéanamh. I rún na Háige faoi Ghnéithe Áirithe a bhaineann le Bunú Limistéir Iascaireachta 200 míle sa Chomhphobal, dar dáta an 3 Samhain 1976, is cosúil go n-aithníonn an Chomhairle gur mar sin atá an scéal. Sa rún sin dearbhaíonn sí go bhfuil sé de rún aici forálacha an chomhbheartais iascaireachta athmheasta a chur i bhfeidhm ionas go gcinnteofar forbairt leanúnach ar thionscail iascaireachta na hÉireann, bunaithe ar Chlár Forbartha Iascaigh Rialtas na hÉireann d’fhorbairt iascaigh cósta. Is é tuairim an Choiste go bhfuil sé riachtanach go gcoimeádfaí an gheallúint sin. 11. Na ceantair chósta in Éirinn atá ag brath go mór ar an iascaireacht tá siad ar na ceantair is boichte sa tír. I Rún na Háige aithníonn an Chomhairle, go bhfuil réigiúin sa Chomhphobal, go háirithe an Ghraonlainn, Éire agus tuaisceart na Ríochta Aontaithe, ina bhfuil na pobail áitiúla ag brath go mór ar an iascaireacht agus ar na tionscail ghaolmhara. Aontaíonn an Chomhairle, mar sin, gur chóir riachtanais bheatha na bpobal iascaigh sin a chur i gcuntas freisin nuair a bhíonn an comhbheartas iascaireachta á chur i bhfeidhm. Measann an Comhchoiste go bhfuil sé de cheart ag Eirinn seasamh air go dtabharfaí éifeacht phraiticiúil don chomhaontú sin i cibé comhbheartas a leagfar amach i ndeireadh na dála. Rochtain ar Uiscí Cladaigh a Theorannú12. Ba é an t-ábhar easaontais ba mhó i measc na Comhairle ceist na limistéar náisiúnta eisiatach. Faoin dréacht-Rialachán bunaidh mar a bhí sí i dtús 1978 ceadaíodh do Bhallstáit iascaireacht laistigh de limistéar cósta 12 mhíle a chosc ach amháin i gcás “báid ar gnách leo a gcuid iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin as calafoirt sa chrios geografach tadhlach” ach gan dochar do na cearta speisialta a bhí ag Ballstáit cheana féin agus na cearta atá luaite in Airteagal 100 den Ionstraim Aontachais san áireamh. Choimeádfaí na socruithe a bunaíodh faoi Airteagail 100 agus 101 den Ionstraim Aontachais i bhfeidhm tar éis an 31 Nollaig 1982, faoi réir chinneadh ar bith a dhéanfadh an Chomhairle idir an dá linn, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún tar éis dó an cor a athmheas. Tuigeann an Comhchoiste gur ar éigean a bhí plé ar bith ag an gComhairle ar an togra sin ó dheireadh 1978 nuair a rinneadh iarracht a fháil amach cé mhéid leasa a bhí á bhaint as na cearta a bhí ann an uair sin i leith limistéar laistigh de 12 mhíle. 13. Bhí imní ar an gComhchoiste go mb’fhéidir go mbainfí fad as na comhchaibidlí ar an gceist sin go dtí go mbeadh 1982 thart agus na maoluithe dá bhforáiltear san Ionstraim Aontachais imithe i léig. Is cúis áthais di mar sin gur fhógair an Chomhairle go bhfuil sé de rún aici an cheist a réiteach roimh dheireadh na bliana seo. Ar mhaithe le hiascairí na hÉireann ba mhaith leis an gComhchoiste an crios eisiatach cósta is leithne is féidir a chaibidil a fheiceáil. Ba chóir cearta speisialta na mBallstát eile laistigh den chrios eisiatach cósta a chéimniú amach a mhéid is féidir sin, mar a mhol an Coimisiún sna tograí bunaidh a rinne sé i 1976. GII agus Cuótaí14. Socraítear an ghabháil iomlán incheadaithe i leith gach saghas éisc ar leith ar bhonn comhairle eolaíochta agus ós rud é go bhfuil Rialachán glactha ag an gComhairle ag socrú na GII do 1980, níl aon amhras ar an gComhchoiste ná go bhfuil glacadh ginearálta anois leis an modh a úsáidtear. Tá an fhadhb maidir le leithroinnt na gabhála iomláine a cheadófar le réiteach fós. Ceisteanna conspóideacha roimhe seo ab ea ar chóir, agus cá mhéid ba chóir, éifeachtúlacht traidisiúnta, cailliúint cearta iascaigh in uiscí nach uiscí comhphobail agus riachtanais na réigiún atá ag brath ar an iascaireacht, a chur i gcuntas. Measann an Comhchoiste go bhfuil sé riachtanach ó thaobh na hÉireann de go gcuirfeadh cuóta na hÉireann i gcuntas forbairt leanúnach fhorásach an tionscail sa tír seo i gcomhréir le Rún na Háige. Caomhnú Acmhainní Iascaigh15. Déantar foráil i ndréacht-Rialachán a mhol an Coimisiún maidir le bearta teicniúla éagsúla chun stoic éisc a chaomhnú, mar shampla, íosmhéid mogaill, íostomhais do na héisc a thabharfar i dtír, limistéir choiscthe, séasúir choiscthe, srianta ar chineálacha trealaimh iascaireachta, fo-ghabhálacha agus cineálacha áirithe long monarchan agus mar sin de. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste gurb iad na hábhair is mó easaontas ná méíd an mhogaíll d’íasc bán, socruithe i ndáil le hiascach Nephrops (cloicheáin Bhá Dhuibhlinne), “Putbhosca” na hIoruaidhe sa Mhuir Thuaidh agus an clásal cosanta faoina n-údarófaí do Bhallstáit gníomhú go haontaobhach dá mba ghá bearta caomhnúcháin a chur i bhfeidhm go práinneach. Tugadh le fios dó go mbaineann an deacracht is mó i ndáil leis na ceisteanna sin go léir leis an Ríocht Aontaithe de bharr bearta aontaobhacha atá glactha aicise faoin socrú cosanta atá ann cheana féin, eadhon, Iarscríbhinn VI le Comhaontú na Háige 1976, agus a chuaigh i gcion ar iascaireacht Ballstát eile, go háirithe an Fhrainc agus an Danmhairg. Tuigeann an Coiste gur mian leis an Ríocht Aontaithe dul níos faide agus níos gasta ná na Ballstáit eile chun comhairle eolaíochta a ghlacadh ar mhaithe le stoic. 16. Cé is moite de bhearta éigeandála, cheadódh togra an Choimisiúin do Bhallstáit, le comhaontú ón gCoimisiún, a gcuid bearta féin a dhéanamh do chaomhnú agus do bhainistí stoc éisc nach díol suime ach d’iascairí áitiúla amháin. Measann an Comhchoiste gur foráil fíor-riachtanach é sin agus tá súil aige go nglacfar í. 17. Measann Eagras Iascairí na hÉireann Teo. gur chóir úsáid peaslíonta saighne a chosc i limistéar 200 míle na hÉireann mar mhír tosaigh de thoirmeasc iomlán ar fud na hEorpa a chur leis an modh iascaireachta sin. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste go meastar gur modh iascaireachta an-éifeachtach é an tsaighneoireacht pheaslíonta agus go bhfuil an chomhairle theicniúil atá ar fáil i gcoinne toirmisc iomlán. Maidir le cosc páirteach ar úsáid peaslíonta saighne, áfach, is cosúil nach gcuirfí ina choinne sin i bprionsabal ós rud é go bhfuil cosc den chineál sin ar iascach scadán sa Mhuir Cheilteach á mholadh i dtograí an Choimisiúin. Tá imní ar iascairí na hÉireann go mbeidh na stoic ronnach chomh holc leis na stoic scadáin i gceann cúpla bliain de dheasca úsáid neamhshrianta peaslíonta saighne le haghaidh iascach ronnach in uiscí na hÉireann. Tuigeann an Coiste go bhfuil an Coiste Eolaíochta agus Teicneolaíochta um lascaigh i bhfábhar srian a chur le saighneoireacht ronnach le peaslíonta agus tá sé ag tathant go gcuirfear dlús leis sin. Cur i bhfeidhm18. I ndréacht-Rialachán atá molta ag an gCoimisiún foráiltear go ndéanfaidh gach Ballstát maoirsiú ar an gcomhbheartas iascaireachta laistigh dá limistéar 200 míle féin, go gcoinneoidh captaein leabhair loinge, go saineofar ionaid chun cineálacha éisc atá faoi réir chuóta a thabhairt i dtír, go dtabharfaidh captaein tuairisceáin ghabhála do na Ballstáit, go dtabharfaidh Ballstáit tuairisceáin mhíosúla don Choimisiún i dtaobh na gcineálacha éisc faoi réir chuóta a tugadh i dtír, go ndéanfar cuótaí a riaradh agus go ndéanfar rialacha i dtaobh líonta, nach ionann tuise mogaill dóibh, a bheith á n-iompar. Tá forálacha ann freisin maidir le “pleananna iascaigh” a chur i ngníomh, bealach amháin atá i bhfís ag an gCoimisiún chun tosaíocht i limistéir chósta a thabhairt d’iascairí cladaigh. 19. Mar aitheantas ar an gcaoi a bhfuil ualach na cosanta agus an fhaireachais iascaigh leata go héagothrom ar fud na mBallstát ghlac an Chomhairle Cinneadh 78/640/CEE ar an 25 Iúil 1978 ag déanamh socrú le haghaidh ranníoc Comhphobail i leith costas cigireachta agus faireachais in uiscí na hÉireann agus na Graonlainne. Roimh dheireadh 1982 tá an Comhphobal chun 46 mhilliún ACE de chaiteachas na hÉireann a aisíoc léi. Roimh 1983 déanfaidh an Chomhairle cinneadh faoi pháirteachas an Chomhphobail i gcaiteachas na mBallstát as sin amach. 20. Níl Eagras Iascairí na hÉireann Teo. sásta le tograí an Choimisiúin i dtaobh cur i bhfeidhm. Mhol é go mbunófaí cór breathnóirí a rachadh ar bord chuid ar a laghad de na báid mhóra agus a ghníomhódh mar a bheadh póilíní. Mar aon le rialú a dhéanamh d’fhéadfadh na breathnóirí sin mórchuid feidhmeanna teicniúla a chomhlíonadh thar ceann rialtas éagsúil, fearacht luas gaoithe a thomhas, uisce a shampláil, agus mar sin de. 21. Go dtí go mbeadh comhrialacha iascaigh i ngníomh agus á gcur i bhfeidhm ní féidir breith a dhéanamh ar cé chomh héifeachtúil is atá na modhanna feidhmiúcháin. Fiú ag an bpointe seo áfach is léir don Chomhchoiste go bhfuil fiúntas ag baint leis an smaoineamh go gcuirfí breathnóirí oifigiúla ar bord bád ó am go chéile ar a laghad lena chinntiú go bhfuil na rialacháin á gcomhlíonadh. Measann an Coiste go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na hiascairí sásta go bhfuil cibé rialacha ar a gcomhaontófar á gcomhlíonadh tríd is tríd ag gach duine lena mbaineann siad. Bearta Struchtúrtha22. Mhol an Coimisiún go nglacfaí Treoir ón gComhairle ag déanamh socrú do bhearta áirithe a chuirfidh Ballstáit i ngníomh, agus maoiniú páirteach ón gComhphobal acu i gcásanna áirithe, chun cabhlach iascaireachta an Chomhphobail a athchóiriú de bhíthin laghdú a bheith tagtha ar réim na hiascaireachta in uiscí baile agus coigríche. Is iad na réimsí is mó lena mbaineann siad báid a leagan suas go sealadach, báid a chur á mbriseadh, iascaireacht taiscéalaíoch, speicis nua a fhógairt agus a chothú agus gléasraí min éisc a athrú chun bia a phróiseáil don duine. Tá sé ceaptha don togra sin bheith ina réiteach ar na fadhbanna a éiríonn as an laghdú ar líon na mbád cianuisce agus leasanna min éisc Ballstát eile, go háirithe an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Danmhairg, an Ghearmáin agus an Ísiltír agus níl mórán baint aige le hÉirinn, an t-aon Bhallstát amháin a n-aithnítear ina thaobh go bhfuil tionscal na hiascaireachta ag dul i méid seachas ag dul i laghad. 23. Tá dréacht-Rialachán á mholadh ag an gCoimisiún freisin a shocraíonn go n-íocfaí deontais CETRT chun báid nach faide ná 24 mhéadar idir na hingir a thógáil, le haghaidh tionscadal iascfheirmeoireachta i sáile nó i mearsháile agus chun oiliúint a thabhairt d’fhoirne oibre a athraíonn ó iascaireacht mhara go hobair iascfheirmeoireachta. Thabharfaí suas le 25% de dheontas (50% in Éirinn, sa Ghraonlainn, i dTuaisceart Éireann agus sa Mezzogiorno). Cuireadh scéimeanna idirlinne den chineál céanna maidir le tógáil bád agus le hiascfheirmeoireacht i ngníomh i 1978 agus 1979 faoi Rialacháin (CEE) Uimh. 1852/78 agus 592/78. Cuireadh in iúl don Chomhchoiste gur comhaontaíodh i bprionsabal scéim idirlinne eile a chur i ngníomh i 1980, faoi réir thuairim Pharlaimint na hEorpa. Bheadh an scéim sin ar aon dul le scéim na bliana anuraidh ach amháin go mbainfeadh sé le nuachóiriúchán agus athrúchán bád chomh maith. Beartas Margaíochta24. Tá dhá ghné ar leith i gceist le comhbheartas iascaireachta CEE, eadhon, beartas struchtúrtha agus beartas margaíochta. Sa tuarascáil seo is é an chéad ceann acu sin a bhí á phlé ag an gComhchoiste agus ní dhearnadh aon mhionscrúdú ar an dara ceann. Le linn na bpléití a bhí aige le heagraíochtaí na n-iascairí, rinneadh casaoid ghéar leis an gComhchoiste i dtaobh chor an mhargaidh faoi láthair. Dúradh nach dtig le hiascairí a dtáirge a dhiúscairt ar phraghsanna eacnamaíocha de dheasca iomaíochta ó allmhairí ísealchostais. Measann na hiascairí go n-éiríonn an deacracht is mó de bharr allmhairí ó thríú tíortha ós rud é nach leor chor ar bith an chosaint a thugann eagraíocht mhargaíochta an Chomhphobail faoi láthair ina n-aghaidh sin. Is gnéithe eile iad na fóirdheontais a fhaigheann roinnt bád laistigh den Chomhphobal agus éisc a tarraingíodh siar ón margadh a bheith á ndíol trí bhealaí neamhoifigiúla. Cé nach raibh deis ag an gCoiste mionscrúdú a dhéanamh ar an scéal is léir ar an gcéad amharc go bhfuil rud éigin bun os cionn ar fad sa mhargadh éisc faoi láthair. Creideann sé go bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis náisiúnta an scéal a bhreathnú láithreach. Buíochas25. Ba mhian leis an gComhchoiste a rá go bhfuil sé faoi chomaoin ag Eagras Iascairí na hÉireann Teo agus ag Comhlachas Náisiúnta na nIascairí Bradán agus Cladaigh as an gcúnamh mór a fuair sé uathu agus ba mhaith leis a fhíorbhuíochas a chur in iúl don dá chomhlacht sin. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 11 Meitheamh, 1980. |
||||||||||||