Committee Reports::Report No. 76 - Community Aid for Infrastructural Development in Ireland::11 June, 1980::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. De bharr na gcaibidlí leis an gCoimisiún sa Bhruiséil i Mí Dheireadh Fómhair 1979 chinn an Comchoiste ar oibriú Chiste Réigiúnach na hEorpa a scrúdú go háirithe maidir le cúnamh a bheith ar fáil le haghaidh forbairt bhonneagair in Éirinn. Ag gabháil do sin níor mhór scrúdú a dhéanamh ar Rialachán (CEE) Uimh. 724/75 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (CEE) Uimh. 214/79 ón gComhairle. Scrúdaigh an Comhchoiste freisin an meabhrán a chuir an Coimisiún chun na Comhairle an 20 Samhain, 1979 (10808/79) ar chúram an Chomhphobail ag forbairt bonneagair iompair chomh maith leis na tograí foirmiúla ón gCoimisiún le haghaidh Rialacháin Comhairle nua maidir le (a) tionscadail forbartha réigiúnacha Comhphobail shonracha faoi Airteagal 13 de Rialachán Chiste Réigiúnach na hEorpa arna leasú (9808/79 den 16 Deireadh Fómhair 1979), agus (b) cúnamh do thionscadail i réimse an bhonneagair iompair (R/1665/76 den 8 Iúil 1976).


2. D’fhonn léargas iomlán a fháil ar a bhfuil déanta ag an gComhphobal in infheistiú i mbonneagar ní foláir aird a thabhairt ní hamháin ar an gcúnamh deontais a soláthraíodh ach freisin ar na huirlisí Comhphobail eile a fhéadfar a úsáid chun forbairt bonneagair a chur chun cinn. Mar gheall air sin rinne an Comhchoiste scrúdú níos fairsinge ar an gceist agus bhreithnigh sé na hiasachtaí a sholáthraíonn an Banc Infheistíochta Eorpach (BIE), an Ionstraim Chomhphobail Nua (ICN) nó “Saoráid Ortoli” [Cinneadh (CEE) Uimh. 870/78 ón gComhairle 16 Deireadh Fómhair 1978] agus an córas fóirdheontas ús-ráta atá ar fáil d’Éirinn de thoradh a páirtíochta i gCóras Airgeadaíochta na hEorpa (CAE).


3. Rinne dhá fhochoiste de chuid an Chomhchoiste mionscrúdú i dteannta a chéile ar na hionstraimí agus na tograí Comhphobail iomchuí don Chomhchoiste, is iad sin le rá, an Fochoiste ar Chúrsaí Eacnamaíocha, Tráchtála agus Airgeadais, faoi Cheannas an tSeanadóra Noel Ó Maolchatha, agus an Fochoiste ar Ábhair Shóisialta, Comhshaoil agus Ilghnéitheacha faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibin. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag na Fochoistí agus na Cathaoirligh i dtaobh a gcuid oibre.


An Ciste Réigiúnach a Leasú

4. Ghlac an Chomhairle ar an 6 Feabhra 1979 le Rialachán Uimh. 214/79 ag leasú Rialachán (CEE) Uimh. 724/75 ag bunú Ciste Forbartha Réigiúnach na hEorpa.


Is iad seo a leanas na priomh-leasuithe a tugadh isteach:


—déanfar méid an Chiste a chinneadh go bliantúil mar chuid de nós imeachta buiséadachta an Chomhphobail


—na cuótaí náisiúnta a athdháileadh chun lamháil do 2% sa bhreis don Fhrainc i bhfabhar Críocha na Fraince Thar Lear (tá cion na hÉireann, de thoradh dea-chaibidliochta, á choimeád ar an gcothrom céanna geall leis a bhí ann faoin Rialachán roimhe sin)


—roinn neamhchuóta a thabhairt isteach


—sainiú nios solúbtha ar bhonneagair cháilithe


—ráta idirghabhála breise, i gcásanna áirithe, do thionscadail bhonneagair (an ráta uasta cúnaimh méadaithe ó 30% go 40%)


—feabhsuithe riaracháin áirithe, lena n-áirítear córas íocaíochtaí luathaithe a thabharfaidh feabhas tábhachtach ar shruth na bhfáltas Ciste.


Forálacha bonneagair nua

5. Faoin sean-Rialachán Ciste ní fhéadfaí cúnamh as an gCiste a thabhairt ach do bhonneagair a bheadh ceangailte go díreach le forbairt cheirde tionscail nó gníomhaíochtaí seirbhíse (lasmuigh de bhonneagair áirithe a cumhdaíodh faoi Airteagal 3(2) den Treoir ón gComhairle (75/268/CEE) ar fheirmeoireacht shléibhe agus chnoic agus feirmeoireacht i limistéir mhídheisiúla. Bhi teorainn ró-dhian leis an míniú sin ar cháilitheacht sa mhéid a bhaineann leis an tír seo, áit a bhfuil sé riachtanach bonneagar leormhaith a bheith ann mar bhonn le tionscal a tharraingt go dtí limistéir tearc-fhorbartha.


6. Faoin Rialachán leasaitheach leathnaíodh an míniú ar bhonneagar cáilithe le go n-áireofai ann bonneagair a chabhraíonn le forbairt an réigiúin nó an limistéir ina bhfuil siad. Ní gá dá bhrí sin ceangal tionscail díreach a bhunú feasta i gcás bonneagar a bhfuil cabhair ón gCiste á lorg dóibh ach is leor a thaispeáint go gcuidíonn sé le forbairt an limistéir lena mbaineann.


7. Cé go mbeidh an ráta cabhrach Ciste le haghaidh bonneagair faoi réir uasmhéid 30% den chostas de ghnáth, tá socrú déanta faoin Rialachán Ciste leasaitheach go bhféadfar an ráta sin a mhéadú go 40% i gcás tionscadal a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo d’fhorbairt an réigiúin ina bhfuil siad.


8. Ag glacadh leis an Rialachán leasaitheach don Chomhairle dúirt sí ina cuid miontuairiscí go ndéanfaidh sí, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún a cuireadh ar aghaidh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Beartas Réigiúnach, na bearta bonneagair a mhíniú a bhféadfaidh an Ciste cúnamh a thabhairt ina leith. Oibreofar amach an míniú ar fhoras an chláir forbartha réigiúnaigh a chuir na Ballstáit isteach agus déanfar riachtanais réigiúnacha le haghaidh bearta bonneagair áirithe a chinneadh ó na cláir sin. Mar sin tá an Chomhairle le liostaí de bhonneagair cáilithe a tharraingt suas agus táthar ag súil go mbeidh an obair sin críochnaithe roimh an gcéad Athbhreithniú eile ar an Rialachán Ciste a cheaptar a dhéanamh faoin 1 Eanáir 1981. Tá an taifead sin i miontuairiscí na Comhairle ína bhac, rud éigin, ar mhíniú bonneagair cháilithe a leathnú toisc Ballstáit áirithe a bheith in aghaidh réim an Chiste a leathnú in oirchill na liostaí a tharraingt suas.


9. Srian eile atá tugtha isteach faoin Rialachán Ciste leasaitheach is ea nach bhféadfaidh cion iomlán an chúnaimh uile a thabharfaidh an Ciste do mhaoiniú bonneagair dul thar 70% de chúnamh an Chiste.


Ranna Cuóta agus Neamhchuóta

10. Faoin Rialachán bunaidh rinneadh acmhainní an Chiste a imdháil de réir chuótaí náisiúnta sonraithe. 6% cion na nÉireann ach tugadh suim bhreise sé mhilliún A.C. d’Éirinn a bhí le baint de chion Ballstát eile ach amháin an Iodáil. Le tairbhe an Chiste a fháil b’éigean do infheistíochtaí teacht faoi cuimsiú na gclár forbartha réigiúnach a bhí tarraingthe suas ag na Ballstáit. Dháil an Coimisiún cúnamh ón gCiste ar bhonn tionscadal a bhí curtha i láthair ag na Ballstáit, ar leithligh, i gcás infheistíocht de bhreis ar 10 milliún A.C. agus go huile i dtús gach ráithe.


11. Faoin Rialachán leasaitheach dáiltear 95% d’acmhainní an Chiste de réir an nós imeachta sin roimhe seo, agus is é cion iomlán na hÉireann den roinn cuóta anois 6.46%.


12. Faoin Roinn nua Neamhchuóta den Chiste a bunaíodh leis an Rialachán leasaitheach is í an Chomhairle ag gníomhú di d’aontoil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa a chinnfidh conas mar a dháilfear cúnamh. Tá sé ceaptha don Roinn Neamhchuóta bearta forbartha réigiúnacha Comhphobail sonracha a mhaoiniú:


—a bheadh i gceangal le beartais Chomphobail agus le bearta a ghlac an Comhphobal d’fhonn aird níos fearr a thabhairt ar an ngné réigiúnach nó a n-iarmhairtí réigiúnacha a laghdú


—nó, i gcásanna eisghnácha, atá ceaptha chun freastal ar iarmhairtí struchtúrtha a thig de rudaí ró-thromaí a tharla i réigiúin nó i limistéir áirithe le hionchas go bhféadfaí postanna a sholáthar in ionad postanna a cailleadh agus na bonneagair is gá a bhunú chuige sin. (Tuigtear gur do thubaistí aiceanta a thagraíonn an úsáid deiridh sin den Roinn Neamhchuóta agus go bhfuil dóchas nach dtarlóidh a leithéid dáiríre).


13. Ag glacadh leis an Rialachán leasaitheach di, dúirt an Chomhairle ina cuid miontuairiscí, ag gníomhú di ar thionscnamh Éireannach, go bhfuil sí sásta, faoi Airteagal 13 (a dhéanann foráil don Roinn Neamhchuóta) scrúdú a dhéanamh, ar thogra ón gCoimisiún, ar aon iarratais ar chúnamh a bhaineann le fadhbanna teorann sna réigiúin is mó a thuilleann sin sa Chomhphobal ach na hiarratais a theacht i dteannta a chéile ó dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann.


14. Maidir le bearta a mbeidh cúnamh le tabhairt ina leith faoin Roinn Neamhchuóta ní foláir dóibh a bheith éagsúil go hiomlán nó go páirteach leis na cineálacha bearta a maoiníodh faoin Roinn Cuóta. In aghaidh na tréimhse reatha trí bliana den Chiste, ní bheidh thar 5% de acmhainní iomlána an Chiste ar fáil don Roinn Neamhchuóta.


15. Ar an 18 Deireadh Fómhair 1979 chuir an Coimisiún tograí faoi bhráid na Comhairle do Rialacháin ag tionscnamh cúig bheart Roinn Neamhchuóta. Baineann na tograí le clár don tréimhse cúig bliana 1980-85 agus is iad seo a leanas na hearnálacha lena mbaineann, na Ballstáit tairbhíocha ar ina gcríocha atá na réigiúin agus na suimeanna atá beartaithe (i milliúin d’aonaid chuntais Eorpacha):—


(i)

Méadú

An Fhrainc (55)

An Iodáil (65)

(ii)

Cruach

R.A. (33)

An Iodáil (4)

 

 

 

An Bheilg (6)

(iii)

Longthógáil

R.A. (17)

 

(iv)

Fuinneamh

An Iodáil (6)

 

(v)

Teorainn

 

 

 

na hÉireann

Éire (16)

Tuaisceart Éireann (8)

Níl aon chinneadh déanta fós ag an gComhairle ar na tograí sin.


Bearta Trasteorann

16. Is é togra an Choimisiúin go gcuirfí i ngníomh clár speisialta cúig bliana, atá le cur i láthair ag Éirinn agus an Ríocht Aontaithe, arb é is cuspóir dó gníomhaíochtaí geilleagair a fhorbairt i réimsí turasóireachta, cumarsáidí agus ceirde. Chuirfí an clár i gcrích i gContaetha Dhún na nGall, Liatroim, Cabhán, Muineachán agus Lú sa Phoblacht agus i gceantair chomhairle Londain Doire, an Srath Bán, Fear Manach, Dún Geanainn, Ard Mhacha, An tIúr agus Mughdorna i dTuaisceart Éireann. Dhéanfadh an dá Bhallstát atá i gceist agus an Comhphobal an clár a mhaoiniú i gcomhpháirt, agus gheofaí cúnamh ón gCiste Réigiúnach do na hoibríochtaí seo a leanas sa mhéid a thaispeántar:—


(a) Déanamh agus athrú cóiríochta le haghaidh cuartaíochta—50 faoin gcéad de chaiteachas poiblí,


(b) Comhlachtaí a bhunú nó a fhorbairt a mbeidh de chúram orthu cuartaíocht, poiblíocht agus dea-bhainistíocht ar chóiríocht do chuairteoirí a chur chun cinn—70 faoin gcéad de chostais oibre na gcomhlachtaí,


(c) Taitneamhachtaí agus bonneagar a bhainfeadh le cuartaíocht, saoráidí cultúrtha agus caitheamh aimsire ar a n-áirítear iascach dorú agus marcaíocht agus oibreacha do chur feabhais ar spóirt uisce—50 faoin gcéad de chaiteachas poiblí,


(d) Feabhas a chur ar chumarsáidí go dtí limistéir chuartaíocht lena n-áirítear fo-bhóithre agus malartáin theileafóin a dhéanamh nó a nuachóiriú—50 faoin gcéad de chaiteachas poiblí,


(e) Gníomhaíochtai iompair a fhorbairt—50 faoin gcéad de chaiteachas poiblí ar fhóirdheontais faoi chomhair glanchostas soláthair seirbhísí iompair, agus


(f) Gnóthais cheirde a bhunú agus a fhorbairt—50 faoin gcéad de chaiteachas poiblí ar chúnaimh do infheístíochtaí agus 70 faoin gcéad de chaiteachas poiblí ar chúnaimh chun eolais agus comhairle a sholáthar.


Bonneagar Iompair

17. I mí na Samhna 1979 thug an Coimisiún doiciméad caibidlíochta (10808/79) don Chomhairle ar chúram an Chomhphobail i bhforbairt bonneagair iompair. Go dtí seo faoin gComhbheartas Iompair is é a bhíodh á dhéanamh oibríochtaí iompair a shaoradh ó rialacháin sriantachta, idirdhealú éagórach a dhíchur agus saor-iomaíocht a cheadú. Is mall an dul chun cinn a rinneadh sna réimsí sin. Sa doiciméad caibidlíochta tá an Coimisiún á áireamh nach mbainfídh an Comhbheartas Iompair amach na cuspóirí atá sainithe dó sa Chonradh ná nach ndéanfaidh sé a chion sa gheilleagar go huile mura dtéann sé i mbainteachas tuilleadh agus tuilleadh fós le bonneagar iompair.


18. Go dtí seo measadh bonneagar iompair a bheith ina ghnó go háirithe do Rialtais náisiúnta. Tá an Coimisiún á chur in iúl, áfach, go bhfuil an líon tráchta sa Chomhphobal ag fás dhá oiread chomh tapaidh le trácht náisiúnta amháin. Thairis sin deir sé (a) go bhfuil gréasáin láithreacha ceaptha agus curtha i bhfeidhm go ginearálta de réir chuspóirí náisiúnta, (b) nach léir i gcónaí an ceangal idir fhorbairt gréasán náisiúnta agus beartais iompair na mBallstát, (c) gur athraigh tosaíochtaí ó Bhallstát go chéile agus (d) go bhfuil difríochtaí móra idir chláir náisiúnta. Is dóigh leis an gCoimisiún go bhféadann measúnacht costais-sochair ar chláir bhonneagair athrú ag brath ar an iad na sochair don Bhallstát a ghlacann an fhorbairt ar láimh a chuirfear san áireamh nó an gcuirfear san áireamh freisin sochair do Bhallstáit eile.


19. Creideann an Coimisiún gur móide leas an Chomhphobail i mbonneagar iompair toisc éifeacht a bheith aige ar bheartais gheilleagair, tionscail, réigiúnacha, timpeallachta agus fuinnimh an Chomhphobail. Maidir leis an mbeartas réigiúnach cuireann sé i bhfáir cuspóir an Chomhphobail, is é sin fórsaí lárnachais an Chómhargaidh a chomhrac trí ghníomhaiochtai geilleagracha a roinnt níos cothroime ar fud chrioch an Chomhphobail. Is é tuairim an Choimisiúin gur gá, chun go n-éireodh leis an mbeartas sin, gréasán inmheánach cumarsáidí a bheith ag na réigiúin mhídheisiúla a bheadh oiriúnach dá riachtanais san am i láthair agus san am le teacht, agus freisin go gcaithfear iad a oscailt agus a cheangal le príomh-ionaid an Chomphobail le luathbhealaí nuaaoiseacha d’fhonn mibhuntáiste na dturas fada a chloí oiread agus is féidir.


20. I mí Iúil 1976 rinne an Coimisiún tograí (R/1665/76) le haghaidh Cinneadh ón gComhairle do thionscnamh nós imeachta comhairlíochta agus do bhunú Coiste i réimse an bhonneagair iompair agus Rialachán ón gComhairle le haghaidh cabhrú le tionscadail leasa Comhphobail i réimse an bhonneagair iompair. Ghlac an Chomhairle an Cinneadh beartaithe i mí Feabhra 1978. Tá an Coimisiún á thathant anois go nglacfaí an Rialachán beartaithe go luath. Sholáthródh an Rialachán beartaithe sin cúnamh Comhphobail ar mhodh roghnach i bhfoirm ráthú ar iasachtaí, iasachtaí fóirdheontais, laghduithe ar rátaí úis le haghaidh méid teoranta tionscadal tábhachtach go háirithe (i) tionscadail chun scroigeanna a dhíchur i dtrácht Comhphobail (ii) tionscadail trasteorann (iii) tionscadail is cóir a bheith ann mar go dtagann sochar don Chomhphobal dá gcionn agus (iv) tionscadail a éascaionn caighdeánú trealaimh agus comhthráthú oibre ar ghréasán cumarsáidí an Chomhphobail.


21. Sa mheabhrán uaidh le déanaí cuireann an Coimisiún in iúl gur cheart tosaíocht a thabhairt do scroigeanna a dhíchur ach san am céanna sonraíonn sé roinnt ceangal ar chóir aird faoi leith a thabhairt orthu, agus is iad sin (a) ceangail iarnróid idirnáisiúnta idir lárionaid thábhachtacha e.g. Amstardam-An Bhruiséil-Lucsamburg-Strasbourg, (b) ceangail le réigiúin imeallacha e.g. in Éirinn ceangail leis an Tuaisceart (Baile Atha Cliath-Béal Féirste-Doire) agus leis an Iarthar (Baile Átha Cliath-Corcaigh/Gaillimh), (c) ceangail a chloíonn constaicí aiceanta e.g. trasnú an Chainéil agus (e) “ceangail in easnamh” idir ghréasáin atá ann cheana féin e.g. uiscebhealach intíre idir an Muir Thuaidh agus an Mheánmhuir trí chanáil idir an Réin agus an Róin.


Iasachtaí Comhphobail

22. Cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta iasachtaí ar fáil le haghaidh forbairt réigiúin chomh maith le hiasachtaí chun gnóthais a nuachóiriú agus a athrú agus le haghaidh tionscadal a bhfuil leas comhchoiteann ag an Eoraip iontu. Ioctar amach iasachtaí in airgeadrai éagsúla nó in airgeadra amháin neamh-Chomhphobail, go formhór dollar na Stát Aontaithe, franc na nEilvéise agus an yen. Toisc go n-oibríonn an Banc ar bhonn neamh-bhrabúis tá a rátaí úis gar do na rátaí ar na margaí airgeadais mar a bhfaigheann sé formhór a chuid airgid, agus ní théann aon athrú ar na rátaí úis i gcaitheamh tréimhse na hiasachta. Faoi láthair ní théann iasachtaí an Bhainc thar 50 faoin gcéad de na sócmhainní dochta. Braitheann téarmaí na hiasachta ar cén cineál tionscadail é agus déantar aisíoc, idir príomhshuim agus ús, san airgeadra nó sna hairgeadraí a fuarthas i gcéaduair.


23. An Infheistíocht Airgeadais Nua nó Saoráid Ortoli a bhunaigh Cinneadh 78/870 ón gComhairle tá sé ceaptha chun iasachtaí a sholáthar do thionscadail fuinnimh agus freisin le haghaidh infheistíochtaí i dtionscadail bonneagair a chuidíonn le comhdhruidim agus lánpháirtiú, agus na torthaí réigiúnacha agus fostaíochta a chur san áireamh. Tá 1,000 milliún ACE sa tsaoráid go hiomlán agus ar an 14 Bealtaine 1979 ghlac an Chomhairle cinneadh á údarú go dtógfaí ar iasacht an chéad tráinse 500 milliún ACE don ionstraim ar an margadh caipitil. Tá 250,000 ACE as an tsuim deiridh sin le caitheamh ar bhonneagar. Is é an Coimisiún a dhéanann cinneadh ar cháilicheacht na dtionscadal de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an gComhairle agus is é an Banc Eorpach Infheistíochta a chinneann ar théarmaí agus coinníollacha na hiasachta.


24. Faoi na bearta atá ceaptha do neartú geilleagar na dtíortha atá páirteach i gCAE féadfaidh Éire tarraingt ar iasachtaí IR£225 milliún gach bliain (tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta) i rith tréimhse chúig bliana. Tá fóirdheontas de ráta 3% úis i bhfeidhm i ndáil leis na hiasachtaí sin agus is ionann sin agus fóirdheontas tuairim IR£45 milliún sa bhliain. Íoctar an fóirdheontas sin mar chnapshuim sa chéad bhliain de thréimhse na hiasachta. Dá bhrí sin má bhaineann Éire leas as méid iomlán na n-iasachtaí atá á dtairiscint gheobhaidh sí tairbhe as aistriú acmhainne de thuairim IR£225 milliún i rith cúig bliana.


Iasachtaí agus Deontais d’Éirinn

25. Is iad seo a leanas na méideanna a fuair Éire ar iasacht faoi na hionstraimí iasachta Comhphobail i 1979:—


(i)

Iasachtaí fóirdheontasaithe

 

 

 

CAE ón mBanc

 

 

 

Eorpach Infheistíochta

 

 

 

(BEI)

IR£

147.6 milliún

 

Ionstraim Chomhphobail

 

 

 

Nua (ICN nó saoráid “Ortoli”).

IR£

25.0 milliún

 

Fo-iomlán iasachtaí CAE

IR£

172.6 milliún

(ii)

Iasachtaí BEI eile

IR£

20.5 milliún

(iii)

Iasachtaí ICN eile

IR£

33.0 milliún

 

Iomlán

IR£

226.1 milliún

Rinneadh iasachtaí faoi (i) a leithliú ar bhonneagar. Ar na hiasachtaí faoi (ii) bhain IR£17.5 milliún le hiasachtaí comhiomlána do CCTion agus CCTal mar airgead le tabhairt ar iasacht. Le haghaidh tionscadail bonneagair agus fuinnimh na hiasachtaí faoi (iii).


26. I gcomparáid leis sin cuireadh tuairim IR£41.7 milliún de dheontas cabhrach ar leithligh i 1979 do thionscadail Eireannacha (a raibh IR£21.9 milliún de ag dul do bhonneagar) faoi Chiste Forbartha Réigiúnach na hEorpá. Fuarthas fáltais dar mhéid IR£25.55 milliún. Féadfar cuidiú an Chiste a léiriú a thuilleadh ach féachaint ar na deontais a cuireadh ar fáil le haghaidh forbairt bóithre in Éirinn.


27. Taispeánann na figiúirí seo a leanas na suimeanna a d’infheistigh an Roinn Comhshaoil i bhfeabhsuithe bóithre ar na bóithre Náisiúnta Príomha agus Tánaisteacha ó bunaíodh an Ciste agus na méideanna comhlána caiteachais a cuireadh ar aghaidh mar chúnamh:—


IR£000,000

 

1975

1976

1977

1978

1979

Iomlán

Deontais a d’íocadh le hÚdaráis Áitiúla le haghaidh Feabhsuithe Bóithre ar Bhóithre Náisiúnta.

6.97

4.59

5.97

12.45

20.48

50.46

Tionscadail Bóithre a cuireadh ar aghaidh chun cúnaimh CFRE

0.84

4.03

1.92

19.20*

11.38

37.36

28. Is é méid iomlán an chúnaimh ón gCiste Réigiúnach atá dlite i leith tionscadail bóithre don tréimhse 1975-1979 ná IR£11.24m. nó geall le 30 faoin gcéad den chaiteachas iomlán a cuireadh ar aghaidh. O bunaíodh an Ciste Réigiúnach i 1975 tá a cuóta iomlán cúnaimh i ngach bliain tógtha suas ag Éirinn. Dá bhrí sin ní mhéadódh sé méid an chúnaimh ón gCiste dá mbeadh níos mó tionscadal bóithre curtha ar aghaidh.


Athbhreithniú ar an gCiste Réigiúnach

29. Is maith an rud gur léathnaiodh an miniú ar bhonneagar chun go n-áireofar air bonneagair a chuidíonn le forbairt an réigiúin nó an limistéir. Ach go dtí go míníonn an Chomhairle na bearta áirithe bonneagair a bhféadfaidh an Ciste cúnamh a thabhairt ina leith níltear cinnte cén éifeacht phraiticiúil a bheidh leis. Chítear don Chomhchoiste go bhfuil an míniú leasaithe fairsing go leor chun go n-áireofaí ann bonneagair shóisialta mar atá ospidéil, scoileanna, ceardscoileanna, etc, agus tá súil aige go n-áiteofar ar an gComhairle gur chóir toil a thabhairt dá leithéidí sin mar thionscadail a bheadh cáilithe do chúnamh ón gCiste.


30. IR£1,725 milliún ar fad atá sa Chiste Réigiúnach faoi láthair in aghaidh na tréimhse trí bliana 1978-80, agus is tábhachtach an méadú é sin ar an gCiste bunaídh arb é a mhéid tuairim IR£531 milliún in aghaidh na tréimhse trí bliana 1975-77. Mar sin féin ní leor é chor ar bith chun míchothromachtaí réigiúnacha sa Chomhphobal a laghdú. I 1979, mar shampla, ní raibh i bhfáltais IR£25 milliún na hÉireann ach tuairim 2.5 faoin gcéad den chaiteachas ar an gClár Caipitil Phoiblí. Ina theannta sin faoin Rialachán láithreach níl acmhainní an Chiste, cibé acmhainní iad, á ndíriú ar na réigiúin den Chomhphobal is mó atá ina ngá. Tá teideal i gcónaí chun cúnamh a fháil ón gCiste ag réigiúin a dhéanann suas leath críche an Chomhphobail agus ina bhfuil 40 faoin gcéad de dhaonra an Chomhphobail.


31. Ní féidir leis an gComhchoiste a chreidiúint go bhfuil modh riartha an Chiste agus go háirithe an roinn cuóta de chomh héifeachtach agus a d’fhéadfadh a bheith. Tá an Coimisiún bainteach le cinneadh agus maoirsiú cuid mhór tionscadal ar leithligh sna Ballstáit. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil 7,000 go 8,000 tionscadal ag fáil cabhrach ón gCiste faoi láthair. In Éirinn bíonn suimisean agus próiseáil na n-iarratás ón tír seo ar chúnamh an Chiste á gcomhordú ag an Roinn Airgeadais. Bíonn sé ag braith ar shuimisin ó na Ranna agus na Gníomhaireachtaí atá díreach freagrach sna tionscadail. Ní foláir dóibhsean, nuair a bhíonn suimisin á n-ullmhú acu, aird chuí a thabhairt ar (1) na Rialacháin Ciste, (2) pléití a tharla ag an gCoiste Bainistíochta Ciste agus an Coiste um Beartas Réigiúnach (a bhfuil faireachas á dhéanamh acu araon ar oibríochtaí an Chiste) agus (3) a bhfuil tionscadal ina thionscadal tosaíochta a bhféadfar airgead ina leith a fháil ón gClár Caipitil Phoiblí sa bhliain áirithe. Nuair a bhíonn a suimisean chun na Bruiséile á ullmhú ag an Roinn Airgeadais téann sí i gcomhairle leis na Ranna Talmhaíochta, Comhshaoil, Iascaigh agus Foraoiseachta, Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta, Poist agus Telegrafa. Iompair agus Roinn na Gaeltachta, maraon leis an U.F.T., Gaeltarra Éireann agus C.A.N.S. Teo. Toradh eile ar an gcóras láithreach is ea go bhfuil na húdaráis áitiúla anois faoi réir cheithre iniúchadh, eadhon, iniúchadh inmheánach, iniúchadh ag an Roinn Comhshaoil, iniúchadh Coimisiúin agus iniúchadh ag an mBord Iniúchóirí. Gabhann a lán obair bhiúrocraideach leis sin go léir agus ní mheasann an Comhchoiste gur fiú na torthaí é. Tógtar tionscadail Éireannacha as na gníomhaíochtaí sin atá cáilithe do chúnamh Stáit cheana féin agus á fháil. Tionscadail a cháilíonn do chúnamh deontais ní tionscadail de chineál iad a gcaithfí éirí astu ar deireadh thiar cheal airgid. Creideann an Comhchoiste gurb é an rud is mó a dhéanann an Ciste Réigiúnach ná go bhféadfar tosaíocht a thabhairt do thionscadail áirithe nach bhfaighidis in aon chás eile.


32. Tá athbhreithniú le déanamh ar an gCiste Réigiúnach agus ní foláir don Chomhairle, ag gníomhú ar thogra ón gCoimisiún, é a chríochnú roimh an 1 Eanáir 1981. Tá dóchas ag an gComhchoiste go ndéanfar athchóiriú ó bhun ar an gCiste de thoradh an athbhreithnithe sin. Tá an tábhacht is airde ag baint le hacmhainní leordhóthanacha a sholáthar. Dá n-éagmais ní fheicfear an Comhphobal choíche ag cabhrú go héifeachtúil le fadhbanna réigiúnacha a réiteach. Tá sé riachtanach freisin breis mhór d’acmhainní an Chomhphobail a chur chun úsáide sna limistéir sin is mó atá ina ghá sa Chomhphobal. Is é barúil an Chomhchoiste mura n-athchóirítear an Ciste ar an ndul sin nach mbeidh tábhacht lena chúram i ndáil leis na riachtanais bhonneagair sa tír seo.


33. Tá dóchas ag an gCoiste chomh maith go dtiocfaidh den athbhreithniú córas i bhfad níos simplí chun an Ciste a riaradh. D’fhéadfadh gur le haghaidh cláir chinnte áirithe éigin a bheadh faoi chuimsiú an chláir forbartha réigiúnaigh go huile a cheapfaí cibé cúnamh a bheadh ar fáil, in ionad é a chaitheamh ar roinnt tionscadal ar leithligh.


Iasachtaí Comhphobail a Ranníoc

34. Mar a fheicfear ó na figiúirí atá luaite cheana féin is mó go mór de ranníoc a fhaightear ó iasachtaí BEI agus ICN do mhaoiniú infheistíocht i bhforbairt bonneagair ná mar a fhaightear ón gCiste Réigiúnach. Tugtar na hiasachtaí sin áfach faoi dhálaí reatha na margaí caipitil. Ina theannta sin má théitear i muinín saoráidí iasachta caithfidh sé sin a bheith ag brath ar an gcumas chun freastal ar fhiach poiblí a bheidh ag dul i méid, rud a bheidh ag brath arís ar fhás a bheith ag teacht faoin ngeilleagar. Sa mhéid a bhaineann le hÉirinn, dá bhrí sin, is gá tuilleadh bearta Comhphobail a bheidh ceaptha go sonrach chun freastal ar riachtanais an bheartais bhonneagair agus mar gheall air sin fáiltíonn an Comhchoiste roimh páipéar caibidlíochta an Choimisiúin ar bhonneagar iompair.


Bonneagar Iompair

35. Creideann an Comhchoiste go bhfuil an ceart ag an gCoimisiún nuair a áitíonn sé nach gcomhlíonfar cuspóirí an Chomhbheartais Iompair mura mbíonn an Comhphobal bainteach i bhfad níos mó le bonneagar iompair. Sa limistéar sin ní bonneagar sna réigiúin mhídheisiúla is aonchúram ná fiú príomhchúram don Choimisiún. Go deimhin ar cheann de na hargóintí a úsáideann sé le go nglacfaí lena thogra 1976 le haghaidh cúnaimh Chomhphobail do thionscadail i mbonneagair iompair is ea go bhfuil lé réigiúnach le cuid de na hionstraimí Comhphobail atá ann cheana. Admhaíonn sé áfach go mbeadh an Rialachán beartaithe, dá nglacfaí leis, ina chabhair chun fórsaí lárnacháin an Chómhargaidh a chomhrac trí chabhrú le bonneagar iompair a fhorbairt sna réigiúin imeallacha den Chomhphobal, réigiúin nach bhfuil barraíocht deiseanna acu. Ina theannta sin féachann an Rialachán beartaithe le cúnamh a chur ar fáil ní hamháin ar mhodh ráthaíochtaí iasachtaí, iasachtaí agus laghduithe rátaí úis ach freisin ar mhodh fóirdheontas chomh maith. I 1976 ní fhéadfadh an Coimisiún fígiúr a lua maidir leis na ciallachaís airgid don Chomhphobal dá nglacfaí lena thograí. Ach i bhfianaise roinnt de na tionscadail atá luaite ag an gCoimisiún is léir go gcaithfeadh an soláthar airgid a bheith mór má bhíonn cúram tábhachtach le déanamh ag an gComhphobal. Creideann an Comhchoiste go bhféadfadh gurb é leas na hÉireann tacú leis an gComhairle do ghlacadh an rialacháin bheartaithe agus féachaint le roinnt cúnaimh deontais a fháil dá bhforáiltear faoi le haghaidh Plean Forbartha Bóithre an Rialtais do bhlianta 1980. Creideann an Coiste freisin gur cheart breithniú féachaint an lorgófaí cúnamh Comhphobail le haghaidh ceangail iarnróid a fhorbairt idir bailte móra in áiteanna ar nós Iarthar na hÉireann agus na hiarnróid a chomhghabháil isteach san fhorbairt iomlán ar bhonneagar iompair.


36. Leag an Rialtas Plean Forbartha Bhóithre na hÉireann os comhair dhá Theach an Oireachtais. De réir an Phlean tabharfar tosaíocht infheistíochta do na bóithre móra cathrach agus idirchathrach is tábhachtaí, do bhealaí rochtana chun na bpríomh-bhailte poirt agus chun na bpríomh-aerfort, agus do bhóithre faoisimh agus bóithre tráchta inmheánacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Port Láirge, Gaillimh agus ionaid ghnó tábhachtacha eile. Tá socrú sa Phlean do dhá chineál beart. An chéad cheann acu sin clár fairsing oibreacha de shórt ar a dtugtar gnáth-oibreacha feabhsúcháin atá ceaptha chun gach uile chuid de na Príomh-Bhealaí Náisiúnta agus codanna tábhachtacha de Bhealaí Tánaisteacha Náisiúnta a thabhairt cothrom leis an gcaighdeán íosta do “bhóithre dhá rian”, is é sin, carrbhealach dhá lána 7.3 méadar ar leíthead le gualainn phábháilte idir 2 agus 3 méadar ar gach taobh. Aireofar sa chlár gnáth-fheabhsuithe ath-ailínithe bóithre, leathnú bóithre agus droch-bhaill tionóisce a ghlanadh as. An dara cuid den chlár mórthíonscadail feabhsúchain lena n-áirítear carrbhealaí dhá-rian, droichid, bóithre faoisimh agus seachbhealaí sna cathracha móra agus ar na príomhbhealaí idir-chathrach. Tá liosta cuimsitheach sa Phlean de na príomh-oibreacha feabhsúcháin beartaithe.


37. Tá sé measta go mbainfidh costas comhiomlán os cionn IR£475 milliún leis an gcóras bóithre atá ann a chothabháil chun caighdeáin inglactha feadh tréimhse an phlean, agus go mbeidh IR£73.5 milliún de sin ag teastáil chun na Príomh-Bhóithre agus na Bóithre Tánaisteacha Náisiúnta a choinneáil i ndeisriocht. Is é an méid iomlán a cheaptar a chaithfear d’fheabhsú an ghréasáin bóithre geall le IR£600 milliún, a ndeánfar trí cheathrú de a úsáid chun Bealaí Náisiúnta agus mórbhóithre cathrach a fhorbairt. Tá an meastacháin sin bunaithe ar bhuanphraghsanna 1978.


38. Áirítear ar chlár na mór-oibreacha feabhsú tábhachtach a chur ar na bealaí náisiúnta ar a dtugtar E-bhealaí i gcomhthéacs gréasáin phríomhbhealaí na hEorpa. Bóithre is ea E-bhealaí atá ceaptha go sealadach ag an gCoiste Iompair Intíre de Choimisiún Geilleagair ENA don Eoraip (G.C.E.) a bheith oiriúnach chun forbartha le haghaidh riachtanais tráchta idirnáisiúnta. Tá an plean ceaptha dá bhrí sin chun feabhas a chur ar bhóithre ar cuid iad de mhórghréasán Eorpach bóithre agus chun ceangal níos fearr a dhéanamh idir ár n-ionaid táirgthe tionscail agus na calafoirt agus na aerfoirt mhóra. Is é barúil an Chomhchoiste go rachadh an plean, dá gcuirfi i ngniomh é go lánmhaith, chun leasa don Chomhphobal go huile.


39. Creideann an Comhchoiste nach bhfuil san fhorbairt ar bhóithre atá i dtrácht sa phlean ach an méid is lú is riachtanach le haghaidh forbairt gheilleagair na hÉireann. Ni fhéadfai a rá chor ar bith go bhfuil an plean ró-chaiteach agus fiú amháin má chuirtear i ngniomh go hiomlán é ní bheidh mótarbhealach ar áireamh ann. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhféadfar cás láidir a chruthú chun cúnamh speisialta a iarraidh ar an gComhphobal d’fhonn an plean a chur i ngníomh níos luaithe. Seachas cabhrú le forbairt gheilleagrach na tíre seo agus tríd sin an bhearna idir Éirinn agus réigiúin níos forbartha den Eoraip a laghdú bheadh d’éifeacht direach leis an gcúnamh sin go spreagfadh sé trádáil sa Chomhphobal. B’fhéidir go mbeadh an Rialachán a mhol an Coimisiún i 1976, dá nglactai é, ina dheis le haghaidh an chúnaimh sin.


Clár Trasteorann

40. An Rialachán beartaithe chun cúnamh a sholáthar as an roinn neamhchuóta den Chiste Réigiúnach do limistéir teorann tá sé teoranta ina réim mar níl sé ach ag baint le cuartaíocht agus cearda. Ach is cúnamh beag a bheartaítear. D’fhéadfadh go mba thairbhe é do bhóithre cuartaiochta áirithe sna Contaetha teorann ach níl aon mhioneolas ar an gclár fós. Is maith leis an gComhchoiste an togra, áfach, agus ba mhaith leis a rá go gcomharthaionn sé breis chúraim ar thaobh an Chomhphobail do fhadhbanna teorann na hÉireann.


Tátail an Chomhchoiste

41. Tá sé ar cheann d’aidhmeanna bunúsacha CEE comhdhruidim eacnamaíochta a chur chun cinn trí mhíchothromachtaí réigiúnacha a dhíchur. Nuair a chuaigh Éire sa Chomhphobal thug na Ballstáit eile dá n-aire gurbh é a gcomhleas go ndéanfadh Rialtas na hÉireann “beartas tionscnaíochta agus forbartha eacnamaíochta a chur i ngníomh arb é is sprioc dó an caighdeán maireachtála in Éirinn a chur ar chomhréim le caighdeán na náisiún Eorpach eile, deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus san am céanna na difríochtaí sa leibhéal forbraíochta ó réigiún go chéile a chur ar ceal”. Má táthar leis na haidhmeanna sin a bhaint amach creideann an Comhchoiste go bhfuil sé lántábhachtach infheistíocht mhór leanúnach a dhéanamh i mbonneagar mar atá bóithre, iarnróid, cumarsáidí, seirbhísí sláintíochta, calafoirt agus cuanta. Cé gur ar Rialtas na hÉireann atá an phríomh-fhreagracht chun infheistíocht den sórt sin a chur in áirithe creideann an Comhchoiste, ag féachaint do na gealltanais atá curtha síos i bPrótacal 30 leis an gConradh Aontachais, go bhfuil teideal ag Éire chun bheith ag brath ar CEE do chúnamh tábhachtach go háirithe sna réimsí forbartha sin atá go follasach ag gabháil leis an mbeartas atá luaite ag an gComhphobal. Cé go measann an Coiste gur féidir riaradh an Chiste Réigiúnaigh a fheabhsú ní chreideann sé go bhféadfaidh an Ciste seo cúram tábhachtach a chur i gcrích mura méadaítear go mór an cúnamh deontais a sholáthraíonn an Ciste. I réimse an ghréasáin iompair mar a bhfuil feabhas mór ag teastail in Eirinn tá an Coiste ag tacú le barúil an Choimisiúin go bhfuil sé riachtanach d’aidhmeanna an chomhbheartais iompair lámh a bheith ag an gComhphobal ann go díreach agus tá sé ag tathant go dtabharfaí tacaíocht dúthrachtach don Rialachán beartaithe atá curtha isteach ag an gCoimisiún. Mar fhocal scoir ba mhaith leis an gCoiste admháil a thabhairt sa chúnamh tábhachtach atá faighte ag Eirinn ar mhodh iasachtaí Comhphobail go háirithe ó tháinig an fóirdheontas saor-ó-ús CAE chun bheith ar fáil.


Díospóireachtaí sna Tithe

42. Mar gheall ar thábhacht na forbartha bonneagair in Éirinn tá an Comhchoiste á iarraidh go ndéanfaí díospóireacht ar an tuarascáil seo sa dá Theach de réir na n-orduithe ó Dháil Éireann agus ó Sheanad Éireann faoi dhátaí an 17 Deireadh Fómhair 1979 agus 6 Feabhra 1980, faoi seach.


Buíochas

43. Tá an Comhchoiste fíor-bhuioch don Fhoras Taighde Eacnamaíoch agus Sóisialach, don Fhoras Forbartha agus do na Ranna Airgeadais agus Comhshaoil as a gcabhair ag breithniú an ábhair seo. Tá sé faoi chomaoin ró-speisialta freisin ag M Jean Jaeger ón Ardstiúrthóireacht ar Bheartas Réigiúnach, Coimisiún na gComhphobal Eorpach. Ar chuireadh ón gComhchoiste tháinig M Jaeger chun cainte le Fochoisti an Chomhchoiste i mBaile Átha Cliath agus ba mhaith leis an gCoiste a bhuiochas a chur in iúl i dtaobh an teagaisc eolasaigh a thug sé dó ar an ócáid sin.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


11 Meitheamh, 1980.


*Tionscadail a cuireadh ar aghaidh chun cúnaimh i 1978 d’fhéadfadh gur tosaíodh iad i 1977 agus gur lean siad ar aghaidh isteach i 1979.