Committee Reports::Report - Procedure for consideration by the Dáil of the Estimates for Public Services::04 June, 1980::Report

TUARASCÁIL

1. Tar éis don Choiste tuarascáil eatramhach a dhéanamh an 18 Iúil, 1979, agus tar éis do na hAoirí comhaontú a dhéanamh, d’aontaigh an Dáil, le rún dar dáta an 23 Aibreán, 1980, le comhshocrú eatramhach faoina bhféadfadh suí breise den Dáil a bheith ann gach seachtain ar an Aoine sa tréimhse amach go dtí an 27 Meitheamh, 1980, agus an lá sin san áireamh, agus gur bhreithniú Meastachán an t-aon ghnó amháin a bheadh ar siúl.


2. Beidh an comhshocrú sin faoi réir a athmheasa arís ag na hAoirí san Fhómhar agus, sna himthosca nua, cuirfidh an Coiste siar ant-athbhreithniú ar an ní a chuir an Dáil faoina bhráid an 13 Feabhra, 1979.


(Síniú) SEOSAMH Ó BRAONÁIN,


Cathaoirleach.


4 Meitheamh, 1980.