|
TUARASCÁILRéamhrá1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le clár eatramhach do chomhrac na bochtaine. [COM (79) 657 críochnaitheach]. Tuigtear don Choiste go mbeidh Comhairle na nAirí ag déanamh breithniú ar an togra sin ag an gcruinniú a sheolfar an 9ú lá den mhí seo. 2. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Sóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha, faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín, scrúdú mion ar an togra don Chomhchoiste. Comh maith le breithniú a dhéanamh ar mheabhráin a fuarthas i scríbhinn ón gCoiste Náisiúnta um Threoir-Scéimeanna do Chomhrac na Bochtaine, ón Lárionad Oideachais/Cearta, Corcaigh agus ón Roinn Leasa Shóisialaigh, phléigh an Fo-Choiste na tograí le hionadaithe ón Roinn agus leis an Athair Micheál Meirtneach, Stúirthóir an Choiste do Chomhrac na Bochtaine agus le hionadaithe ó sé ghrúpa déag atá páirteach leis an gCoiste do Chomhrac na Bochtaine chun a chlár a chur i gcrích agus atá luaite sa liosta san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Mac Róibín agus ag a Fo-Choiste as a gcuid oibre. Bunchlár3. Ba í Éire a mhol Clár Eorpach in aghaidh na Bochtaine ar dtús. Ceann de na gníomhaíochtaí tosaíochta a bhí ar áireamh sa Chlár um Ghníomhaíocht Shóisialta a ghlac Comhairle na nAirí i mí Eanáir, 1974, ab ea bearta sonracha éagsúla do chomhrac na bochtaine a chur i ngníomh trí threoirscéimeanna a ullmhú. I mí Iúil, 1975, ghlac an Chomhairle Cinneadh 75/458/CEE á údarú don Choimisiún clár treoirscéimeanna agus staidéir a chur chun cinn agus cúnamh airgid a chur ar fáil dó nach rachadh thar na suimeanna a soláthraíodh i mBuiséid 1975 agus 1976. I Samhain 1975 cheadaigh an Coimisiún liosta ar a raibh treoirscéim is fiche a mhol na Ballstáit agus dhá staidéar tras-náisiúnta a mhol sé féin agus a bhí glactha ag na Rialtais lenar bhain. 4. Toisc nach raibh formhór na scéimeanna a ceadaíodh tugtha chun críche ag deireadh an dá bhliain tosaigh chuir an Chomhairle trí bliana eile leis an gclár le Cinneadh 77/779/CEE dar dáta an 12 Nollaig 1977. De bhun Chinneadh eile ón gComhairle dar dáta an 29 Márta 1978, ghlac an Coimisiún sraith eile treoirscéimeanna agus staidéar ionas go raibh naoi gcinn is fíche i gceist ar fad. 5. Beidh críoch leis an gclár an 1 Nollaig, 1980. Beartaíonn an Coimisiún tuarascáil deiridh a chur faoi bhráid na Comhairle ar an 30 Meitheamh 1980, nó roimhe sin, i dtaobh a chuid meastóireachta ar na torthaí a baineadh amach. Ní dóigh go mbeidh an Chomhairle in ann dul i mbun a cuid meastóireachta féin ar an gclár nios luaithe ná tús 1982. 6. Tá sé ceaptha do threoirscéimeanna a sheoltar faoin gclár scrúdú agus forbairt a dhéanamh ar mhodhanna nua chun cabhrú le daoine a bhfuil an bhochtaineacht sa mhullach orthu. Féachann na treoirscéimeanna le tuiscint níos fearr a thabhairt ar chineál, ar chúiseanna, ar raon agus ar oibriú na bochtaineachta. Is iad na daoine a bhfuil an bhochtaineacht sa mhullach orthu daoine a bhfuil a laghad sin acmhainní acu nach bhfuil fiú an bealach maireachtála acu is ísle a bhfuil glacadh leis sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu. Áirítear ar acmhainní earraí, ioncam airgid agus seirbhísí poiblí agus príobháideacha. An Clár a chur i ngníomh in Éirinn7. Sa tír seo fágadh faoin gCoiste Náisiúnta um Threoirscéimeanna do Chomhrac na Bochtaine, a cuireadh ar bun i mBealtaine, 1974, clár a leagan amach de réir Cinntí CEE agus tá roinnt tionscadal agus staidéar ar siúl aige. Tá baint dhíreach aige le sé thionscadal atá bunaithe ar bhonn áitiúil agus le ceithre staidéar náisiúnta, agus tá dhá thionscadal déag eile agus dhá staidéar náisiúnta eile tugtha amach ar conradh aige do chomhlachtaí eile. Sa mhéid a bhaineann le CEE, tugann an Coimisiún aitheantas, ar chúiseanna riaracháin, do thrí phríomhthionscadal, eadhon, na Tionscadail um Thaighde Gníomhaíochta Comhphobail, um Chearta Leasa agus um Liúntais Leasa Forlíontacha, mar ghníomhaíochtaí de chuid an Choiste atá i dteideal cúnaimh CEE. Iocann CEE 50 faoin gcéad de chostais an dá thionscadail tosaigh díobh sin agus 25 faoin gcéad i gcás an tríú ceann. Caitheadh tuairim IR£1.8 milliún ar ghníomhaíochtaí an Choiste suas go dtí deireadh 1979 agus fuarthas IR£540,000 de ar ais ó CEE. Clár Eatramhach8. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún go mbeidh an clár eatramhach i bhfeidhm sa tréimhse ón 1 Nollaig 1980, nuair a bheidh deireadh leis an gclár atá ann faoi láthair, go dtí go gcuirfear i ngníomh cibé cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle tar éis di an clár sin a mheas, rud a tharlóidh tráth nach luaithe, de réir dealraimh, ná an dara leath de 1982. Faoin gCinneadh beartaithe ón gComhairle cheadófaí don Choimisiún, faoi réir theorainn na leathreasaí a údaródh an t-údarás buiséadachta, tionscadail nó staidéir i ndáil le gnéithe áirithe a sonraíodh faoin gclár do chomhrac na bochtaine, de bhun Chinneadh 75/458/CEE, agus atá oiriúnach lena scrúdú níos grinne, a chur chun cinn, a mhaoiniú nó a ghabháil de láimh. Bhainfeadh an Cinneadh le hoibríochtaí ar chinn an Coimisiún don chéad uair roimh an 1 Nollaig 1980, cúnamh airgid a thabhairt ina leith. Fearacht an chláir atá ann faoi láthair, beartaítear go n-íocfaidh an Comhphobal suas le 50 faoin gcéad de chostas measta gach treoirscéime nó staidéir ach tig leis níos mó a íoc i gcás treoirscéimeanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don Chomhphobal i gcoitinne nó a bhaineann le níos mó ná Ballstát amháin. Meastar go gcosnóidh an clár 9m. ACE ar bhuiséad an Chomhphobail. 9. Deir an Coimisiún ina mheabhrán míniúcháin gurb é a tharlóidh má ghlacann an Chomhairle an clár eatramhach, go ndíreofar acmhainní ar raon beag réimsí nó gnéithe a bhfuil dóchas láidir ann feabhas a thabhairt ar a gcor sa ghearrthéarma. Mar léiriú air sin luann sé na nithe seo a leanas:— (i) leas a bhaint as táscairí bochtaine a tháinig chun suntais ó na treoirscéimeanna agus na staidéir chun daoine nó limistéir a bhfuil cúnamh ar leith ag teastáil uathu a thaispeáint; (ii) lánpháirtiú riaracháin idir na seirbhísí árachais shóisialaigh agus cúnaimh shóisialaigh ar leibhéal áitiúil, agus (iii) staidéar domhain ar na cúiseanna nach sroichean cúnamh sóisialach na spriocphobail i gcónaí. Barúlacha an Chomhchoiste10. Tagann an Comhchoiste go hiomlán leis an gCoimisiún go bhfuil gá le clár eatramhach agus tá súil aige go gcinnfídh an Chomhairle amhlaidh freisin. Tá imní air, áfach, i dtaobh an chaoi a mbeartaítear an clár eatramhach a chur i ngníomh. Tuigtear don Choiste go bhfuil sé cinnte ag an gCoimisiún cheana féin (a) nach ndéanfar, i bprionsabal, aon scéim a bhí ar áireamh sa chéad chlár a fhadú, agus (b) nach bhféadfaí treoirscéimeanna tábhachtacha nua a thabhairt isteach toisc ré an chláir eatramhaigh a bheith chomh gearr sin. Dealraíonn sé nach mbeadh i gceist sa chlár eatramhach ach treoirstaidéir a dhéaraidh na Ballstáit i gcomhpháirt lena chéile ar ghnéithe éagsia den bhochtaineacht agus na beartais feabhsúcháin a shaothraonn na Ballstáit. 11. Sna pléití a bhí aige leis na grúpaí a bhfuil baint acu le clár na hÉireann cuireadh in iúl don Chomhchoiste nach bhfuil an-chuid de na tionscadail atá i gceist i ngníomh dáirire ach le dhá bhliain anus. Cé go leagann siad béim air nach dteastaíonn uathu fad míchuí a chur lena ngniomhaíochtaí bhí roinnt grúpaí daingean ar an mbarúil go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun gnéithe nua de thionscadail éagsúla a chomhdhlúthú nó a thabhairt chun críche. Is dóigh leis an gCoiste nach ceart cinneadh i bprionsabal gan cúnamh ar bith a thabhairt faoi chlár eatramhach beartaithe an Chomhphobail d’aon cheann de na tionscadail atá ann faoi láthair. Maidir le leanúint le cúnamh a thabhairt do na tionscadail sin, be chóir go mbrathfadh sin ar an gcéim a bheadh sroichte ag tionscadal áirithe agus ar an gcion a d’fhéadfadh an obair bhreise atá beartaithe a dhéanamh chun aidhmeanna an chláir trí chéile a ghnóthú. Tá imní ar an gCoiste go mb’fhéidir nach gcríochnófaí tionscadail úsáideacha dá gcuirfí deireadh le cúnamh Comhphobail. Sa chás sin bheadh na tionscadail sin ag brath ar airgead ó fhoinsí áitiúla nó ó Rialtas na hÉireann agus tá eagla ar an gCoiste go mbeadh gearradh anuas éigin, ar a laghad, i ndán dóibh ansin, rud ba thrua leis. 12. Dá bhrí sin tá an Coiste á thathant ar Rialtas na hÉireann a mholadh go nglacfadh Comhairle na nAirí beartas níos solúbtha ag an gcruinniú a bheidh acu ar an 9 Meitheamh 1980, ionas go n-áireofar ar an gclár eatramhach dhá bhliain na staidéir thaighde atá molta ag an gCoimisiún agus maoiniú leanúnach Comhphobail do na treoirthionscadail sin a mheasann an Coiste Náisiúnta um Threoirscéimeanna do Chomhrac na Bochtaine, tar éis meastóireacht a dhéanamh i scríbhinn, gur fíú tuilleadh tacaíochta a thabhairt dóibh idir an dá linn. Tá an Coiste á thathant freisin ar Rialtas na hÉireann an bhreis airgid a fháil ó bhuiséad an Chomhphobail is gá don chlár dhá bhliain má ghlactar leis an mbeartas sin. Buíochas13. Le linn don Chomhchoiste togra an Choimisiúin a bhreithniú fuair sé cabhair an-mhór ó chomhlachtaí agus ó ghrúpaí leasmhara agus ba mhaith leis a fhíorbhuíochas a ghabháil leis an gCoiste Náisiúnta um Threoirscéimeanna do Chomhrac na Bochtaine, leis an Lárionad Oideachais/Cearta agus leis na grúpaí go léir atá luaite sa liosta san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 4 Meitheamh, 1980. |
||||||||||||