|
TUARASCÁILScrúdú ar Ionstraim Reachtúil1. Scrúdaigh an Comhchoiste Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhar), 1979 [I.R. Uimh. 390 de 1979] a rinne an tAire Comhshaoil faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 an 7 Nollaig 1979. Deirtear sna Rialacháin sin gur chuige atá siad éifeacht a thabhairt do Threoir Uimh. 75/442/CEE ón gComhairle, 15 Iúil 1975. Rinne an Fo-Choiste ar Ionstraimí Reachtúla agus Cúrsaí Dlí faoi Cheannas an tSeanadóra Dáithí Ó Maoldhomhnaigh mionscrúdú ar an ionstraim don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Ó Maoldhomhnaigh agus a Fho-Choiste as ucht a gcuid oibre. 2. Cuireann na Rialacháin freagracht ar údaráis áitiúla i dtaobh oibríochtaí a bhaineann le diúscairt iarmhair ina gcuid limistéar a phleanáil, a eagrú, a údarú agus a mhaoirsiú agus ceanglaíonn siad orthu pleananna a ullmhú. Ní foláir do dhuine nach bailitheoir iarmhair poiblí cead a bheith aige ó údarás áitiúil chun iarmhar a chóireáil, a stóráil nó a scaoileadh amach i limistéar an údaráis sin thar ceann duine eile. Ní foláir do shealbhóir iarmhair gan a dhiúscairt a cheadú ag duine eile seachas bailitheoir iarmhair poiblí nó sealbhóir ceada. Má chuireann sé an t-iarmhar de láimh é féin toirmisctear air déanamh amhlaidh ar dhóigh a chuirfeadh sláinte daoine i mbaol nó a dhéanfadh dochar don timpeallacht. Ar dhuine a chiontú go hachomair i gcion dlífear fíneáil nach mó ná £600 nó príosúnacht sé mhí nó iad araon a chur air. Tá foráil ann go ngearrfar pionóis freisin mar gheall ar gan clár ceart ar oibríochtaí iarmhair a choimeád nó a thabhairt ar aird nó gan faisnéis ábhartha a thabhairt do dhuine údaraithe agus mar gheall ar bhac nó cur isteach a dhéanamh ar dhuine den sórt sin. Oibleagáid atá á cur le Treoir ón gComhairle3. Forálann Airteagal 3.1 den Treoir ón gComhairle go ndéanfaidh Ballstáit na bearta is cuí do chabhrú le hiarmhar a chosc, lena athrothlú agus lena phróiseáil, le hamhábhair agus b’fhéidir fuinneamh a bhaint as agus le haon phróis eile chun iarmhar a athúsáid. Ó dhealraíonn sé go bhfuil na Rialacháin Aire bainteach geall leis go hiomlán le bailiú agus diúscairt iarmhair, scríobh an Comhchoiste go dtí an Roinn Comhshaoil ag fiafraí conas mar a bhí comhlíonadh á dhéanamh ar an oibleagáid do chabhrú le hiarmhar a athrothlú agus a phróiseáil le go bhféadfaí é a athúsáid. D’fhreagair an Roinn mar a leanas:— “Ní mheastar gur gá foráil a dhéanamh le Rialachán chun Airteagal 3 den Treoir a chur i ngníomh agus is ar mhodh riaracháin a chuirfear i ngníomh é. Tá sé sin curtha in iúl do Choimisiún CEE. Sa mhéid a bhaineann leis an Roinn Comhshaoil spreagfar údaráis áitiúla chun comhoibriú le haon tograí i dtaobh iarmhar a athrothlú. Is ar Ranna eile, e.g. ar an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta agus ar an Roinn Fuinnimh atá an mhórfhreagracht maidir le athrothlú agus caomhnú fuinnimh a chur chun cinn”. Gá le Comhordú4. Dá bhféadfaí iarmhar a athrothlú thabharfadh sin bunadh eile amhábhar agus chaomhnófaí acmhainní dá thoradh agus chabhródh sé freisin leis an timpeallacht a chosaint trí laghdú a thabhairt ar an méid iarmhair a bheadh le cur de láimh. Sa daicheadú tuarascáil uaidh (Prl. 7930) faoi dháta 7 Márta, 1979 chuir an Comhchoiste in iúl go raibh sé ag tacú le togra ón gCoimisiún do chlár taighde agus forbartha ar iarmhar uirbeach agus tionscail a athrothlú agus go raibh dóchas aige go bhfionnfadh an clár teicneolaíocht nua chun an athúsáid is fairsinge a bhaint as iarmhar agus a mhéid a laghdú. Dúirt an Coiste, áfach, gur cuireadh in iúl dó go bhféadfaí cuid ar a laghad d’iarmhar tís a athrothlú leis an teicneolaíocht atá ann agus go mb’fhiú sin a dhéanamh agus go raibh sé á dhéanamh cheana féin i dtíortha eile. Mhol sé dá bhrí sin nár mhiste do na húdaráis iomchuí náisiúnta agus áitiúla fiosrú féachaint an bhféadfadh siad féin scéimeanna oiriúnacha athrothlaithe a thionscnamh sa tír seo gan feitheamh le torthaí an chláir Chomhphobail. Cuireann Treoir Uimh. 75/442/CEE d’oibleagáid ar an Stát cheana féin féachaint le hiarmhar a chosc nó é a athrothlú agus a phróiseáil le go bhféadfaí é a athúsáid agus amhábhair agus fuinneamh a bhaint as agus tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé beartaithe an oibleagáid sin a chomhlíonadh ar mhodh riaracháin. Dealraíonn sé go bhfuil freagrachtaí ar Ranna Rialtais eile sa limistéar seo, seachas údaráis áitiúla agus an Roinn Comhshaoil. Má tá dul chun cinn le déanamh creideann an Comhchoiste go mb’fhéidir gur gá freagracht chomhiomlán a thabhairt d’aon chomhlacht amháin. Molann sé dá bhrí sin go dtabharfaí mar chúram d’aon chomhlacht amháin, do Choiste Idir-Rannach b’fhéidir, clár comhordaithe a oibriú amach, i gcomhairle le páirtithe leasmhara eile, chun iarmhar a athrothlú agus chun na húdaráis éagsúla a bheadh páirteach do dhéanamh faireachais ar chur-i-ngníomh an chláir. (Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 4 Meitheamh, 1980 |
||||||||||||