Committee Reports::Report No. 71 - Discharge of Mercury and Pressure Vessels::04 June, 1980::Report

TUARASCÁIL

A. RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thograí a rinne an Coimisiún le haghaidh Treoracha ón gComhairle i ndáil leis na hábhair seo a leanas:—


Na teorainn-luachanna is infheidhme i leith díluchtú mearcair isteach sa timpeallacht uisce ón tionscal leictrealaithe clóir- alcaile (7735/79); agus


cuspóirí cáilíochta don timpeallacht uisce a ndéantar mearcair a dhíluchtú isteach ann ón tionscal leictrealaithe clóir-alcaile (7735/79), agus


Comhfhogasú ar dhlíthe na mBallstát maidir le cineálacha áirithe brú-árthach simplí (R/3608/78).


2. Rinne a Fho-Choiste ar Chúrsaí Sóisialta, Timpeallachta agus Ilghnéitheacha, faoi Cheannas an tSeanadóra Máire Bean Mhic Róibín, scrúdú mion ar na tograí sin don Chomhchoiste. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an Seanadóir Mhic Róibín agus ag a Fo-Choiste as a gcuid oibre.


Comhlachtaí lena ndeachthas i gcomhairle

3. Mar aon leis na Ranna Rialtais éagsúla lena mbaineann, chuathas i gcomhairle le Comhar Ceardchumann na hÉireann i ndáil leis an togra i dtaobh brú-árthach agus le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Cumann Cónaidhme na bhFostóirí i ndáil leis na trí thogra.


B. DÍLUCHTÚ MEARCAIR

Tograí an Choimisiúin

4. I mí Bealtaine, 1976, ghlac an Chomhairle Treoir 76/464/CEE i dtaobh cosaint na timpeallachta uisce ar thruailliú ó shubstaintí contúirteacha áirithe. Tá foráil sa Treoir sin le haghaidh Treoracha eile a ghlacadh ina leagfaí síos leibhéil astaíochta do shubstaintí áirithe agus ina sonrófaí cuspóirí cáilíochta don uisce ina ndíluchtaitear iad. Is le haghaidh Treoracha den sórt sin an dá thogra a scrúdaigh an Comhchoiste agus is é is cuspóir dóibh caighdeáin a shocrú i ndáil le hastaíochtaí mearcair ón tionscal leictrealaithe clóir-alcaile. Táirgeann an tionscal sin Clóirín agus Sóid Loiscneach trí chóireáil leictrealaíoch, go hiondúil clóiríd shóidiam (gnáthshalann). Tá mearcar ina chuid bhunúsach den phróiseas. Is iolchumaisc an-mhóra iad gléasraí clóir- alcaile, a bhíonn le fáil go hiondúil in éineacht le buntionscal ceimiceach an-fhorbartha. Baineann an chéad Treoir bheartaithe le teorainn- luachanna le haghaidh díluchtú mearcair agus a chomhdhúile agus baineann an dara Treoir le cuspóirí cáilíochta d’uisce a ndéantar na substaintí a dhíluchtú isteach ann.


Ciallachais d’Éirinn

5. Ós rud é nach bhfuil aon ghléasraí leictrealaithe clóir-alcaile sa tír seo ní bhaineann na tograí sin go díreach leis an tír seo faoi láthair. Is díol spéise iad mar sin féin sa mhéid go dtaispeánann siad go mbeidh Treoracha eile faoi astaíochtaí mearcair á ndéanamh agus go bhféadfadh sé tarlú freisin go dtarraingeofaí gléasra clóir-alcaile chun a bhunaithe anseo sa todhchaí.


Barúlacha an Chomhchoiste

6. Cuireann na Treoracha beartaithe de cheangal ar Bhallstáit rialú a dhéanamh ar dhíluchtú indíreach mearcair (m.sh. díluchtúcháin ó mhearcair a scaoileadh amach san aer laistigh nó lasmuigh den ghléasra agus a chuaigh in uisce, mar shampla, de thoradh báistí: díluchtúcháin de dheasca iarmhair ón ngléasra a leagadh in áit éigin eile). Os díluchtú indíreach an chuid is mó den díluchtú mearcair ó na gléasraí sin is dócha go luíonn an méid sin le réasún ach tá sé curtha ar a súile don Chomhchoiste gur cosúil go mbeadh sé i bhfad níos deacra díluchtú indíreach a rialú ná díluchtú díreach. Measann an Coiste mar sin nach mór a chinntiú go mbeidh costais aon chórais rialúcháin indírigh i gcomhréir leis an tairbhe don timpeallacht ar chóir, le réasún, a bheith ag súil léi.


7. Faoi na Treoracha beartaithe cheanglófaí ar Bhallstáit eolas sonraithe a thabhairt don Choimisiún. Measann an Comhchoiste gur chóir a fhoráil go sonrach gur faoi rún a thabharfaí an t-eolas sin. Thiocfadh dó sin a bheith tábhachtach dá mba rud é nach mbeadh sa Bhallstát ach gléasra amháin, rud a d’fhéadfadh tarlú sa tír seo.


C. BRÚ-ÁRTHAÍ

8. I mí Iúil, 1976, ghlac an Chomhairle gréas-Treoir Uimh. 76/767/CEE maidir le comhfhogasú dlíthe na mBallstát i ndáil le comhfhorálacha do bhrú-árthaí agus do mhodhanna chun iad a scrúdú. Tá sé i bhfís ann go nglacfaí Treoracha feidhmiúcháin do chineálacha áirithe brú-árthach agus is togra den chineál sin an togra a scrúdaigh an Comhchoiste, an ceathrú ceann a cuireadh faoi bhráid na Comhairle.


9. Baineann an Treoir bheartaithe le brú-árthaí táthchruach neamh- fhaghartha ar chruth sonraithe a bhfuil sé ceaptha go mbeadh iontu aer comhbhrúite nó gáis chomhbhrúite neamhchreimneacha neamhthocsaineacha, faoi réir theorainneacha áirithe ar bhrú, teocht, toirt, sonraíochtaí miotail agus tiús. I mbeagán focal, forálann sí nach dtig le Ballstát árthaí mar sin a chosc óna gcur ar an margadh ina chríocha má chomhlíonann siad ceanglais na gréas-Treorach agus tá na ceanglais sin leagtha amach sa dréacht-Treoir féin.


Ciallachais d’Éirinn

10. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil roinnt gnólachtaí Éireannacha ag gabháil do mhonarú brú-árthach simplí, go háirithe árthaí nach mbaineann le sraith táirgthe, i.e. ar orduithe speisialta. Tugadh le fios dó gur cosúil nach gcuirfídh forálacha na Treorach beartaithe aon deacrachtaí ar leith sa tslí ar mhonaróirí na hÉireann. Cuireadh in iúl dó freisin nach ndéanfaí difear ar bith do reachtaíocht na hÉireann dá nglacfaí an Treoir bheartaithe.


Barúlacha an Chomhchoiste

11. Níl aon ní ag an gComhchoiste i gcoinne an togra sin.


(Sínithe) ALEXIS MAC GEARAILT,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Meitheamh, 1980.