|
AN GHNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTACLÁR NA TUARASCÁLA
AN DÓÚ TUARASCÁIL DÉAGAN GHNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTAI RÉAMHRÁ(a) Cúlra1. I mí na Nollag 1960 rinneadh an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta (nó an GFN mar a thugtar uirthi) a chorprú mar chuideachta theoranta phríobháideach faoi Acht na gCuideachtaí, le scairchaipiteal £100. Bunaíodh an Ghníomhaireacht go príomha le go bhféadfaí tithe agus seirbhísí gabhálacha a éilítear i ndáil le leathnú tionsclaíoch a chur ar fáil ar mhodh níos éasca, go háirithe in aon chás nach acmhainn d’údaráis áitiúla dóthain tithe a chuí-sholáthar agus nach slánaíonn aon fhiontar príobháideach an t-easnamh sin ar chaoi eile. Go gairid, bunaíodh í chun gnó gníomhaireachta foirgníochta a dhéanamh. 2. Sna chéad thrí bliana, rinne an Chuideachta Cairde Tionscail maoiniú ar an GFN, ar bhonn sealadach1. Leis an Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 cuireadh cúrsaí airgid an GFN ar bhonn níos rialta agus níos daingne. Thug an tAcht cumhacht don Aire Airgeadais scaireanna a ghlacadh sa Ghníomhaireacht suas go teorainn £100,000 agus airleacain a thabhairt as an Státchiste don Ghníomhaireacht. Chuir an tAcht ar chumas an Aire Comhshaoil (Rialtas Áitiúil an tráth sin) iasachtú na Gníomhaireachta a ráthú. Le hAchtanna eile ina dhiaidh sin—na hAchtanna um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta (Leasú), 1969 agus 1974—ardaíodh go £10 milliún agus £15 mhilliún, faoi seach, an teorainn £2 mhilliún ar iasachtuithe neamhíoctha iomlána na gníomhaireachta, a leagadh síos le hAcht 1963. (b) Eagraíocht3. Is é an tAire Comshaoil, le comhaontú an Aire Airgeadais, a cheapann stiúrthóirí na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta. Faoi láthair, is é atá sa Bhord Stiúrthóirí ná naoi gcomhalta, lena n-áirítear an Stiúrthóir Bainistíochta. Toisc nach cuideachta ainmnithe an GFN faoin Acht um Páirteachas Lucht Oibre (Fiontair Stáit), 1977 níl aon stiúrthóirí lucht oibre ar an mBord. 4. Tá sé de dhualgas ar an GFN cuntais iniúctha agus tuarascáil na stiúrthóirí a chur faoi bhráid an Aire Comhshaoil gach bliain. Ó bunaíodh é, tá cuntais na Gníomhaireachta á iniúchadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Is é an Stiúrthóir Bainistíochta príomh-oifigeach na Gníomhaireachta. De réir a tuarascáil bhliantúil do 1979, príomhfheidhmeannaigh eile is ea an Rialaitheoir Conarthaí, an Rialaitheoir Airgeadaíochta, an tInnealtóir Sinsearach, na trí Phríomh-Ailtirí agus an Rúnaí. Seachtó duine ar an meán a bhí go díreach ar fhoireann na Gníomhaireachta sa bhliain 1979. Sin ceathrar breise ar líon na bliana 1978. Bhain an Ghníomhaireacht úsáid as seirbhísí cheithre ghnólacht comhairleach is tríocha sa bhliain 1979. B’shin laghdú de shé ghnólacht ar líon na bliana roimhe sin. (c) Oibríocht6. Sna chéad bhlianta, ba é príomhdhualgas a bhí ar an GFN forbairt tionsclaíoch a éascú trí thithe a sholáthar d’fheidhmeannaigh agus do lucht oibre i dtionscal agus trí thithe a thógáil d’fhostaithe Stáit a raibh orthu a n-áit chónaithe a athrú. Leathnaigh an Rialtas raon gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta sa bhliain 1965. Chuir sin ar chumas na Gníomhaireachta tithe a sholáthar d’údaráis áitiúla ar iarratas uathusan agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile a bhaineann le tithe agus seirbhísí timpeallachta a sannadh dó ag an Aire Comhshaoil, le comhaontú aon Aire eile lena mbaineann, nuair is iomchuí sin.2 7. I 1974, thionscnaigh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach clár chun cúnamh, i bhfoirm iasachtaí ús-laghdaithe, a thabhairt d’oibrithe sna tionscail gual agus cruach le soláthar dá riachtainis títhíochta. Cuireadh an fhreagracht ar an GFN clár an CEGC in Éirinn a chomhordú agus an t-airgead ón gComhphobal a imdháileadh. Luaigh Cathaoirleach na Gníomhaireachta i dtuarascáil bhliantúil 1978 go raibh “an chuid sin de ghnó na Gníomhaireachta ag dul i léig an oiread sin nach mbeadh de chúram ar an nGníomhaireacht go luath sa chuid sin dá gnó ach tráthchodanna na n-iasachtaí a bhailiú”. 8. Mar chuid dá gnó ag soláthar tithíochta le haghaidh cúrsaí tionscail cuireann an Ghníomhaireacht iasachtaí chun tithe a cheannach ar fáil d’iarratasóirí a bhíonn ceadaithe ag an Údarás Forbartha Tionscail. (UFT). Ar shocruithe a bhí ann roimhe seo idir an Ghníomhaireacht agus an tÚdarás bhain scéimeanna chun tithe a thógáil go díreach. Ach de réir na socruithe atá ann faoi láthair, ní luaitear níos mó ar Chlár Comhardaithe na GFN aon obair a bhíonn ar siúl ar thithíocht sa réim forbartha tionscail. 9. Chríochnaigh an Ghníomhaireacht 1,300 teach i 1979. D’fhág sin gur tógadh 22, 748 teach ar fad ó cuireadh tús leis an GFN i mí na Nollag 1960. Ar ghníomhaíochtaí foirgníochta na GFN áirítear teaghais singile a chur suas do dhaoine a fhostaítear i dtionscail; scéimeanna speisialta chun tithe a sholáthar do lucht an Gharda agus an Airm; comharscéimeanna do dhreamanna príobháideacha: tithe d’oibrithe sa tionscal gual agus cruach de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach; beartais speisialta d’oibrithe tionscail go ginearálta; agus scéimeanna móra d’údaráis áitiúla. Ina chuid fianaise don Choiste dúirt Cathaoirleach na GFN; “Ba é ár dtuiscint riamh orainn féin nach raibh ionainn ach forlíonadh le cur le córacha eile atá ar fáil i gcomhthéacs gnólachtaí poiblí a bhaineann le húdarás áitiúil nó gnólachtaí poiblí eile.”3 II OIBRÍOCHTAÍ AGUS CUSPÓIRÍ NA CUIDEACHTA(a) Limistéir Oibríochta10. Níl i gceist i raon gníomhaíochta na Ghníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta mar atá faoi láthair ach tithíocht a sholáthar d’údaráis áitiúla i dteannta foirgnimh fánacha eile agus morgáistí a riaradh a chuireann an tÚdarás Forbartha Tionscail (UFT) ar fáil d’oibrithe tionscail. De réir Mheamram agus Airteagail Chomhlachais na GFN d’fhéadfadh a raon oibríochta a bheith i bhfad níos fairsinge ná mar atá faoi láthair. 11. Cé gurbh é an phríomh-aidhm a bhí leis an GFN ó bunaíodh í i gcéaduair ag an Aire Rialtais Áitiúil ag an am ná gníomhú go príomha mar ghníomhaireacht foirgníochta tithe, bhí i gceist sna téarmaí tagartha a áiríodh sa Mheamram, oifigí, foirgnimh tionscail, scoileanna agus foirgnimh gnó a thógáil, talamh a urghabháil agus a fhorbairt; seirbhísí comhghabhálacha a sholáthar, mar shampla scéimeanna uisce agus draenála; agus airgeadas tithíochta a chomhordú. 12. Níor pholasaí ag an GFN é féachaint go gníomhach lena gnó a leathnú ná ní dhearna sí iarracht a seirbhísí a chur ar fáil ar bhonn tráchtála do mhargadh níos fairsinge. Déanann an GFN, mar ghníomhaireacht, freastal ar aon iarratas ó Ranna Rialtais agus ó údaráis áitiúla ar sheirbhísí teicniúla agus bainistíochta. 13. Feictear don Chomhchoiste gur comhairleoirí bainistíochta tithíochta an GFN a oibríonn go príomha sa raon tithíochta. Cuireann an GFN plean iomlán, gairmiúil i láthair a chuimsíonn mioneolas a ullmhú i dtaobh an tionscadail foirgníochta i gcomhairle leis an gcustaiméir, is é sin, an t-údarás áitiúil nó an Roinn Rialtais. Chuige sin, tugann sí le chéile agus eagraíonn sí foireann saineaolaithe gairmiúla riachtanacha chun dearadh agus sonraíocht an tionscadail a chur i gcrích agus iarratais phleanála a dhéanamh mar is gá, tairiscintí a ghlacadh ó chonraitheoirí foirgníochta, tógálaí a cheapadh, súil a choimeád ar thógáil an tionscadail agus an tionscadal sin, ar é bheith críochnaithe, a thabhairt don údarás a d’iarr é. 14. Áirítear a lán cineálacha foirgníochta i gclár foirgníochta an Rialtais, mar atá, ospidéil, scoileanna, oifigí, malartáin teileafóin, beairicí Gardaí agus monarchana. Tionscnaíonn Ranna Rialtais agus comhlachtaí Stát-tionscanta éagsúla na tionscadail sin agus cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí nó na Ranna nó na comhlachtaí, de réir mar a bheidh, i gcrích iad. Dúirt an tUas. J. Boland, comhalta de Bhord an NBA, ina chuid fianaise: “… tá bonn láidir leis an tuairim gur chóir gnó na Gníomhaireachta a athscrúdú trí athrú agus leathnú a dhéanamh air le go ndéanfaí é a fhorbairt mar ghníomhaireacht foirgníochta Stáit.”4 Chaith an Coiste tamall réasúnta fada ag cíoradh an togra sin le linn dóibh fianaise a ghlacadh ó fhinnéithe na GFN.5 Níl aon ní ag an gCoiste in aghaidh leathnú agus athrú a dhéanamh ar an GFN mar ghníomhaireacht foirgníochta Stáit ach, mar atá léirithe i míreanna 31 go 33, caithfear tabhairt faoi roinnt mórphointí eile a réiteach ar dtús. Ar a shon sin, is é tuairim an Choiste go mbeadh sábháil airgid ann don Stát dá bhféadfadh ranna ar nós an Roinn Sláinte, an Roinn Poist agus Telegrafa, an Roinn Oideachais, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an tÚdarás Forbartha Tionscail úsáid a bhaint as sainoilteacht bhainistíochta na GFN i gcúrsaí foirgníochta agus as an eolas fairsing atá acu ar chonraitheoirí foirgníochta i bpáirteanna éagsúla den tír. (b) Tithíocht Údarás Áitiúil15. Faoi láthair, tá baint ag an GFN le 21% de thithíocht údarás áitiúil go hiomlán, sa Stát. Scrúdaigh an Comhchoiste na hargóintí i bhfábhar méadú nó laghdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na GFN sa limistéar sin. Luaigh an Stiúrthóir Bainistíochta, i bhfianaise béil go raibh “… roinnt nithe a d’fhéadfadh údaráis tithíochta a dhéanamh de rogha. Tá rogha acu a gcuid foirne féin a úsáid chun an obair a dhéanamh, gnólacht comhairleoirí a chur ina bun nó seirbhísí na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta a úsáid. Is rud maith é sin. Coinníonn sé an Ghníomhaireacht, ar comhlacht Stát-tionscanta í, ar a barraicíni agus san iomaíocht go pointe áirithe. Bíonn orainn a chruthú d’údaráis áitiúla go bhfuilimid inniúil agus tá a fhios againn go mbainfear úsáid as ár seirbhísí chomh fada is a chuirimid tithe ar fáil ar an gcaighdeán a iarrtar agus laistigh den am a éilítear.”6 16. Is é tuairim an Chomchoiste nár chóir aon laghdú a dhéanamh ar fheidhmiú údarás áitiúil i bhfabhar tionscadail tithíochta lárnaithe faoi rialú na GFN. An saor-rogha atá ag udaráis áitiúla faoi láthair ceadaíonn sé dul i mbun easnamh tithíochta ar bhonn daonlathach i raon na tithíochta áitiúla agus cuidíonn sé leis an GFN a bheith níos éifeachtúla sna seirbhísí a sholáthraíonn sí. Má bhíonn an GFN éifeachtúil agus gur léir go bhfuil ag éirí go maith leis an tithíocht faoina cúram, beidh ansin tóir ag níos mó údaráis áitiúla ar an tseirbhís a sholáthraíonn sí d’fhon n cur lena gcláir foirgníochta féin nó aon easnamh iontu a shlánú. Mar a dúirt an tUas. J. Boland, comhalta de bhord na GFN, arb é Bainisteoir Contae an Chláir freisin é, “… ní chuideoinn in aon chor leis an tuairim a deir nár chóir d’údarás áitiúil a bheith páirteach ina chlár foirgníochta tithíochta féin.”6 17. Is é tuairim an Chomhchoiste freisin nach féidir le heagraíocht lárnach ar nós an GFN riar mór de thionscadail bheaga tithíochta, scaipthe ar fud na tíre, a rialú go héifeachtúil. Sin gníomhaíocht a bheadh níos oiriúnaí d’fhoireann údarás áitiúil ar choinníoll go mbainfeadh na húdaráis sin úsáid as an raon leathan dearthaí agus caighdeán i gcúrsaí tithíochta a chuireann an GFN ar fáil. 18. Dúirt Cathaoirleach na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta leis an gCoiste, “Caithfidh duine a mheabhrú chomh maith gur scéimeanna beaga go ginearálta scéimeanna údaráis áitiúil … Níorbh inmholta mar bheartas é don GFN a ladhar a chur isteach i ngnó atá á dhéanamh go críochnúil ag innealtóirí áitiúla agus ag foirne maoirseachta éagsúla.”6 Mar sin féin, mar a dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta chomh maith “… bíodh is gur údarás tithíochta beag sinn, ghlacamar idir lámha scéim de dhaichead teaghas a chur suas agus leanamar le tionscadal arb é a bhí ann ceithre theaghas a thógáil mar chuid d’athfhorbairt sráide. Mar a dúirt mé, … tá solúbthacht ag baint linn ó thaobh scála agus scóip ár n-oibríochtaí.”7 (c) Staidéir Phleanála19. Le déanaí, tá an GFN tar éis leathnú a dhéanamh ar a seirbhísí gairmiúla chun beart-phleananna cuimsitheacha a chur ar fáil ar a bhfuil pleanáil i dtaobh úsáid talún, réigiúnú, leagadh amach bóithre, seirbhísí sláintíochta, agus saoráidí caitheamh aimsire. Mhínigh Stiúrthóir Bainistíochta na GFN mar seo: “Tá roinnt pleananna i dtaobh úsáid talún ullmhaithe againn—ceann do Chomhairle Cheantar Uirbeach Dhún Dealgan, ceann do Bhardas Bhuirg Dhún Laoghaire agus ceann do Chomhairle Cheantar Uirbeach Cheatharlach, agus táimid faoi láthair, ag ullmhú plean an-tábhachtach do Bhardas Luimnigh. Tá 200 acra i gceist sa phlean seo agus síneann sé ón bpointe mar a gcríochnaíonn foirgnimh na cathrach faoi láthair go dtagann chun críche sa limistéar tuaithe ó dheas ó Luimneach. Sa bheart-phlean sin bheadh nithe ar nós tithíocht, scóip-spásanna, seirbhísí forbairt tionscail, agus mar sin de, i gceist.”8 Thug sé cuntas freisin ar mhór-staidéar pleanála atá idir lámha acu do Bhardas Bhaile Atha Cliath i gcomharsanacht shléibhte Bhaile Átha Cliath. 20. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfeabhsófaí an timpeallacht do thithíocht dá gcloífí le pleananna leathana mar atá luaite mar a bhfuil comhar agus rialtacht á sholáthar sna seirbhísí foghabhálacha agus molann an Coiste don GFN é bheith mar phríomh-chuspóir acu cur lena gcuid oibre go luath sa raon seo. (d) Talamh a fháil21. De réir Mheamram agus Airteagail Chomhlachais na GFN is féidir leo páirt a ghlacadh i mbearta chun talamh a fháil agus a fhorbairt chun críocha tithíochta agus foirgnimh eile. Suas go seacht mbliana ó shin rinne an GFN, agus iad ag gníomhú thar ceann an UFT, talamh a cheannach do thithíocht tionscail in ionaid sonracha ar fuaid na tíre. Níor leanadh leis an nós sin óir d’athraigh an UFT a bpolasaí. In áit tithíocht tionscail a chur suas tríd an GFN chloígh siad le hiasachtaí a thabhairt chun tithe a cheannach sna limistéir i gceist. Tá banc talún ag an GFN i roinnt contaetha ach faoi láthair tá sé d’aidhm ag an nGníomhaireacht an talamh sin a thabhairt don údarás áitiúil i ngach ceantar tar éis dóibh toiliú an UFT a fháil. Níor cheannaigh an GFN aon talamh le seacht mbliana anuas. (e) Morgáistí22. Tá baint ag an GFN le morgáistí a riaradh chun tithe príobháideacha a cheannach. Ag deireadh 1979 bhí suim £7.5m i bhfoirm morgáistí le híoc. B’shin 1260 morgáiste. Morgáistí iad sin a tháinig as an bhforbairt tithíochta tionscail agus is iad an UFT a thug an t-airgead ina gcomhair. Tá na morgáistí sin á gcur ar fáil i gcónaí. 23. I gcomhar leis na cumainn fhoirgníochta, tá an GFN páirteach i gcomhráití chun grúpmhorgáistí a réiteach faoi chomhair tionscadail tithíochta ag comharghrúpaí. Tá baint ag gníomhaíocht na Gníomhaireachta san obair seo, lena gcuid oibre ag soláthar dearadh agus bainistíocht chonartha i gcúrsaí tithíochta. Is geall le frithghealladh do na grúpscéimeanna sain-oilteacht na gníomhaireachta i mbainistíocht tionscadail agus is fusa dá thoradh sin do chumann foirgníochta an t-airgead a chur ar fáil do na daoine aonaracha atá páirteach ann. Tá an Comhchoiste den tuairim go bhfuil an obair sin i measc na ngníomhaíochtaí is oiriúnaí don GFN agus molann siad don Ghníomhaireacht cibé táillí a ghearradh a bheidh dóthanach chun na costais lena mbaineann a ghlanadh agus a chuirfidh le farasbarr na Gníomhaireachta. (f) Comharchumainn Tithíochta24. Tá an GFN ag soláthar seirbhísí gairmiúla do chomharghrúpaí tithíochta, lena n-áirítear tithe a dhearadh, conarthaí a eagrú agus airgead a fháil. Oibríonn an GFN le comharghrúpaí agus ráthaíonn siad costais deiridh an dtithe do chomhaltaí an chomharchumainn.9 Is é tuairim an Chomhchoiste gur éirigh, go nuige seo, le tithíocht chomharchumainn agus gur chóir don GFN leanacht lena gcuid oibre sa raon sin. (g) Cáilíocht Seirbhísí na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta25. Ba chuid tábhachtach den fhiosrúchán seo ag an gComhchoiste breith a thabhairt an bhfuil ag éirí leis na seirbhísí a sholáthraíonn an GFN nó nach bhfuil. Chuige sin, cheistigh an Comhchoiste udaráis áitiúla10 agus Ranna Rialtais a d’oibrigh leis an GFN. Tá sonraí a bhaineann leis na freagraí ó na comhlachtaí sin leagtha amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Ar an gcuid is mó de, ba é taithí na n-údarás áitiúil, a nocht a gcuid tuairimi, ná go raibh an tseirbhís a thug an GFN sásúil. Mar a dúirt Cathaoirleach na Gníomhaireachta ina chuid fianaise— “Is é an cruthú dearfa air sin ná go seolann an ghníomhaireacht an gnó tithíochta ar fad do roinnt údarás áitiúil atá measartha mór, mar shampla, Bardas na Gaillimhe, Bardas Luimnigh agus riar maith den ghnó do Bhardas Loch Garman.”11 26. San aighneacht scríofa a rinne Bardas Chorcaí chun an Chomhchoiste thug siad cuntas cuimsitheach ar a dtaithí ar an GFN.12 San aighneacht sin, áiríodh cuntas ar na fadhbanna a d’éirigh as scéimeanna GFN roimhe sin ag an Tóchar, ag an Gleann agus ag Baile na Bealtaine. Tá scrúdú ar na heasnaimh sna scéimeanna sin leagtha amach i Roinn VII thíos. Deimhníonn an aighneacht ó Bhardas Chorcaí, áfach, go raibh an obair is déanaí a rinne an GFN an-sásúil … “Is é an taithí atá ag Bardas Chorcaí ar obair na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta ná gur de chineál athrach í. Tá an Bardas sásta nach dtarlóidh na fadhbanna níos mó a tharla sa scéim bhunaidh. Is é ár dtuairim freisin gur obair den chaighdeán agus den cháilíocht is airde an obair a rinne an GFN ar an dá scéim is déanaí agus gurbh ábhar mórtais don Ghníomhaireacht agus don Chathair an obair sin.” Ag cur síos go sonrach ar thionscadal tithíochta ag Curraichín, dúirt Bardas Chorcaí … “Tá an Chathair ar fad tar éis an dearadh agus an caighdeán foirgníochta a cuireadh i bhfeidhm sa scéim seo a úsáid mar mhúnla agus tá an-éileamh ar na tithe mar gheall ar sin. Mar fhocal scoir, is mar seo a labhair Bardas Chorcaí agus iad ag tagairt do leibhéal na comhairle agus na seirbhíse a sholáthraíonn foireann na Gníomhaireachta “… tá an Bardas faoi chomaoin ag oifigigh na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta a bhí ar fáil gach tráth chun dul dhun cinn agus fadhbanna a d’éirigh as na scéimeanna a phlé. Ar iarratas ó chomhaltaí tofa agus ó oifigigh Bhardas Chorcaí rinne siad freastal ar chruinnithe ag tráthanna an-mhíchaothúla ar fad agus sin gan aon réamh-fhógra ceart a bheith faighte acu. Mar chríoch lena n-aighneacht dúirt Comhairle Chontae Loch Garman “… is é taithí údaráis áitiúla Loch Garman gur thug an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta seirbhís a bhí sásúil agus ar chaighdeán ard agus gur chomhlíon sí a dualgaisí i leith na gComhairlí éagsúla ar chaiteachas a bhí an-réasúnta.” 27. Ó am go ham caitear anuas go poiblí ar an GFN toisc easnaimh a heith ar thionscadail tithíochta críochnaithe nó de dheasca moill a dhéanamh conarthaí tithíochta a thabhairt chun críche. Scrúdaigh an Comhchoiste roinnt den chaitheamh anuas sin faoi na príomhphointí seo a leanas: —Fadhbanna teicniúla i dtithíocht na Gníomhaireachta. —Cáineadh i dtaobh eagraíochta ó údaráis is custaiméirí. —Nósanna oibre a cháineadh, a bhaineann le conraitheoirí foirgníochta a thástáil agus a cheapadh. Tá tuairisc sonrach faoi na nithe sin leagtha amach sna hIarscríbhinní agus i Roinn VII. Mar is léir ón méid eolais a fuair an Coiste amach ó údaráis áitiúla tá bunáite a bhformhór go mór i bhfabhar na Gníomhaireachta faoi láthair. Lochtanna a bhain le pointí teicniúla agus eagraíochta agus a bhí ann roimhe sin, dealraítear don Chomhchoiste go bhfuil siad curtha ina gceart, geall leis ar fad, anois. (h) An leibhéal oibre amach anseo28. Tithe d’údaráis áitiúla a thógann suas 98% de ghnó na gníomhaireachta faoi láthair agus chuirfeadh sé isteach ar an GFN dá ngearrfadh an Rialtas siar go mór ar a gclár tithíochta. Dúirt Cathaoirleach na Gníomhaireachta ina chuid fianaise “gur thug an tAire gealltanas nach ngearrfaí siar ar an gclár d’údaráis áitiúla agus go gcoimeádfaí é ag an leibheál ginearálta céanna, is é sin, tuairim 6,000 aonad críochnaithe i 1980.”13 Ina dhiaidh sin luaigh an Stiúrthóir Bainistíochta gur ghlac an Bord clár idir lámha in Eanáir 1980 a raibh sé i gceist leis go ndéanfadh an ghníomhaireacht, de réir a ndóchas, 1,500 teaghas a chríochnú i 1980. Lean sé air “… tá orduithe faighte againn faoi láthair a chinnteoidh go mbeidh obair sé nó seacht de bhliana againn de réir ár ngnáth-chur amach agus ní áirítear ansin na gnáthorduithe, fiú, a fhaibhreoidh, sé ár ndóchas, sna sé bliana atá le teacht.”14 Is é dóchas an Chomhchoiste go ndéanfar gach iarracht chun a chinntiú go dtógfar an líon is airde tithe gach bliain ionas go bhféadfar an úsáid is fearr a bhaint as an oilteacht i gcúrsaí tithíochta atá ag bainistíocht agus ag foireann na gníomhaireachta. III COMHDHÉANAMH AGUS EAGRÚ FOIRNE(a) An Fhoireann29. 70 duine an gnáth-líon a bhí fostaithe go díreach ag an nGníomhaireacht sa bhliain 1979. Ina chuid fianaise dúirt a Stiúrthóir Bainistíochta leis an gCoiste … “is beag an t-athrú a thagann ar fhoireann sinsearach na Gníomhaireachta agus réitíonn an bord, an stiúrthoir bainistíochta agus an fhoireann go breá le chéile.”15 Chomh maith le fostaíocht díreach soláthraíonn an GFN fostaíocht de chineál indíreach ar thionscadail tithíochta agus do ghnólachtaí comhairleacha. Bhí os cionn 1,600 fostaithe ag conraitheoirí ar thionscadail Gníomhaireachta ag deireadh na bliana 1979. B’shin méadú de bhreis is 300 i gcomparáid leis an líon fostaíochta i 1978. D’úsáid an Ghníomhaireacht seirbhísí cheithre ghnólacht is tríocha i 1979, i gcomparáid le daichead gnólacht i 1978. 30. Is é an Stiúrthóir Bainistíochta príomh-oifigeach na Gníomhaireachta. Taispeánann clár eagraíochta na Gníomhaireachta16 go bhfuil naoi n-oifigeach go díreach faoina chúram. Is iad sin, na trí Phríomh-Ailtire, An Ceannasaí Conarthaí, an Ceannasaí Airgeadais, an tInnealtóir Sinsearach, an Suirbhéir Cainníochta, an Rúnaí Cuideachta agus an tOifigeach Riaracháin. Is léir ó leagadh amach na heagraíochta sa GFN go bhfuil mórchuid comhordaithe ag titim ar an Stiúrthóir Bainistíochta sa mhéid a bhaineann le limistéir teicniúla agus riaracháin. Le linn dó fianaise a thabhairt dúirt sé “… tá an Bord á scrúdú seo faoi láthair agus tuigeann siad gur mhaith an rud é athruithe áirithe a dhéanamh. Díreoimid ár n-aird, gan aon agó, ar an méid sin sna hochtóidí. Tá imthosca áirithe agus deacrachtaí praiticiúla ag baint le hathruithe a dhéanamh ar na struchtúir sin.”17 31. Tuigeann an Comhchoiste go mbainfeadh deacrachtaí le hatheagrú a dhéanamh ar eagraíocht ar nós an GFN. Mar sin féin, is é a dtuairim gur chóir comhdhéanamh na Gníomhaireachta a bheith níos céimnithe ná mar atá sé faoi láthair. Dá mbeadh bainisteoirí ranna i gceist i gcomhdhéanamh na Gníomhaireachta, sna ranna teicniúla, airgeadúla agus riaracháin, d’fhágfadh sin nach mbeadh ach trí bhainisteoir sinsearach freagrach go díreach don Stiúrthóir Bainistíochta agus bheadh na bainisteoirí ranna freagrach faoi seach as a gcuid ranna féin a stiúradh. Faoi chomhdhéanamh mar sin bheadh an fhreagracht i dtaobh feidhmiú polasaí agus obair laethúil na Gníomhaireachta ar an Stiúrthoir Bainistíochta go díreach ach bheadh cúnamh á fháil aige ó thrí bhainisteoir ranna a mbeadh freagracht ar leithligh orthu maidir le príomhranna na Gníomhaireachta. Ar a laghad, ba chóir don Ghníomhaireacht bainisteoir ranna a cheapadh a bheadh freagrach as obair ailtirí, innealtóirí agus suirbhéirí cainíochta a oibríonn don GFN agus as riaradh a dhéanamh ar chonarthaí a sheolann an GFN. Molann an Comhchoiste gur chóir do Bhord na Gníomhaireachta an cheist seo faoi athchomhdhéanamh na heagraíochta a scrúdú a luaithe in aon chor is féidir é. 32. Tá, i dtuairim an Chomchoiste, easnamh amháin eile ar chomhdhéanamh foirne na Gníomhaireachta. Níl aon suirbhéir cainníochta sinsearach uirthi.18 Ceapann an Comhchoiste gur chóir suirbhéir cainníochta sinsearach a cheapadh ar a mbeadh an fhreagracht maidir le dearadh, costas, pleanáil agus stiúradh, maoirseacht costais ghinearálta a dhéanamh ar chonarthaí na Gníomhaireachta agus suirbhéirí cainníochta comhairleacha a cheapadh agus a mhaoirsiú. Bheadh an suirbhéir cainníochta sinsearach freagrach don bhainisteoir ranna (teicniúil). 33. Creideann an Comhchoiste go bhfeidhmeodh an Ghníomhaireacht le breis éifeacht amach anseo dá gcuirfí i gcrích na hathruithe atá molta sna míreanna sin roimhe seo. (b) An Bord34. Is é an tAire Comhshaoil, le comhaontú an Aire Airgeadais, a cheapann Bord Stiúrthóirí na Gníomhaireachta. Roimh 1973, sé chomhalta a bhí sa Bhord ar státseirbhísigh sinsearacha as Ranna Rialtais éagsúla iad. Ach i mí Iúil, 1973, mhéadaigh an tAire Comhshaoil comhaltas an Bhoird go naoi gcomhalta. Agus é á dhéanamh sin chuir sé stiúrthóirí ar an mBord a raibh taithí phraiticiúil acu mar chomhaltaí nó mar oifigigh ar údaráis áitiúla nó i ngnéithe gairmiúla tithíochta. 35. Ina príomh-aighneacht chun an Choiste seo,19 mhínigh an GFN gurb iad a bhí ar a Bord, triúr státseirbhíseach sinsearacha (beirt ón Roinn Comhshaoil agus duine ón Roinn Airgeadais), bainisteoir contae, suirbhéir cainníochta, ceantálaí, oifigeach ceardchumainn, bainisteoir gnó scortha agus Stiúrthóir Bainistíochta na Gníomhaireachta. Chuaigh téarma oifige an Bhoird Stiúrthóirí sin i léig an 30 Meitheamh 1980. Tá roinnt daoine nua ar an mBord nua. Níl ach triúr comhaltaí ó lasmuigh den roinn phoiblí ar an mBord nua murab ionann is ceathrar ar an mBord roimhe sin. 36. Ina n-aighneacht chun an Choiste, mhol an Chónaidhm Tionscail Fhoirgníochta20 “gur chóir don Ghníomhaireacht, ina gcuid riarachán, béim níos mó a chur ar an taobh teicniúil dá cuid oibre óir tá sí ag gabháil de nithe teicniúla …” Tá an Coiste tar éis a dtuairimí a nochtadh cheana féin ar na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chomhdhéanamh foirne na Gníomhaireachta (Feic míreanna 31-33). Maidir le ceapadh an Bhoird is é an tAire Comhshaoil, le comhaontú an Aire Airgeadais, a dhéanann stiúrthóirí a cheapadh agus a aistriú. Is cúram ar na stiúrthóirí féachaint chuige go mbeidh dóthain taithí ag comhaltaí uile na Gníomhaireachta. Tugann siad daoine cáilithe isteach ón taobh amuigh chun cur leis an bhfoireann bainistíochta. 37. Creideann an Comhchoiste go neartódh sé obair na foirne bainistíochta agus go n-éascódh sé saothar agus forbairt na Gníomhaireachta dá n-áireofaí daoine innti ó chúlra tráchtála go háirithe daoine sna ranna gairmiúla agus tógála den tionscal foirgníochta. Molann an Coiste gur chóir don Aire Comhshaoil aird a thabhairt ar na moltaí sin nuair a bheidh na chéad-cheapacháin eile á ndéanamh aige. (c) Déileáil leis an Roinn Comhshaoil38. Tá dlúthcheangal idir an GFN agus an Roinn Comhshaoil. Ina chuid fianaise os comhair an Chomhchoiste dúirt Cathaoirleach na Gníomhaireachta gur ón Aire a fuair an Ghníomhaireacht a cuid orduithe ón uair a bunaíodh í. Lean sé air: “Is féidir leis an nGníomhaireacht moltaí a dhéanamh chun an Aire tríomsa mar Chathaoirleach agus mar oifigeach don Aire ach is é an tAire a chinneann polasaí na Gníomhaireachta”.21 39. Luaigh an tAire Comhshaoil sa Dáil nach ndéanann sé maoirseacht ó lá go lá ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Foirgníochta Naisiúnta22. Sa mhéid gur tithíocht údarás áitiúil 98 faoin gcéad d’obair na Gníomhaireachta, caitheann an Roinn Comhshaoil a bhfuil an fhreagracht deiridh uirthi i gcás na tithíochta sin, a bheith páirteach go ginearálta i nithe a bhaineann le caighdeáin, agus costais agus i ngníomhaíochtaí ginearálta na Gníomhaireachta. Creideann an Comhchoiste, sa mhéid a bhaineann le maoirsiú na Gníomhaireachta gur chóir don Roinn Comhshaoil gach iarracht a dhéanamh a bheith bainteach go ginearálta le pleanáil agus le hobair na Gníomhaireachta ach nár chóir dóibh baint le hoibríochtaí sonracha dá cuid ná lena stiúradh ó lá go lá. 40. Mar a dúradh cheana i mír 14, níl aon ní ag an gComhchoiste in aghaidh an tagartha go bhféadfaí gnó na Gníomhaireachta a leathnú agus a athrú agus gníomhaireacht Foirgníochta Stáit a dhéanamh aisti. Ach sula scrúdófaí an togra sin, níor mhór don GFN, i dtuairim an Choiste, athscrúdú a dhéanamh ar a cuid eagraíochta, comhdhéanamh agus foirne teicniúla—feic míreanna 31-33. D’admhaigh Stiúrthóir Bainistíochta na Gníomhaireachta an méid sin nuair a dúirt sé ina chuid fianaise “go mbeadh ar an GFN dá leathnódh sí a gníomhaíochtaí agus tionscadail a ghlacadh idir lámha narbh ionann is tithíocht, buan-fhoi-reann teicniúil na Gníomhaireachta a mheas arís lena leathnú chun na críche sin.”23 Rud eile, níor mhór athbhreithniú a dhéanamh ar an gceangal atá idir an Ghníomhaireacht agus an Roinn Comhshaoil chun a chinntiú go mbeadh dóthain neamhspleáchais ag an nGníomhaireacht le modh oibre níos éifeachtaí a aimsiú ina cuid déileála le Ranna agus le comhlachtaí Stát-tionscanta eile. IV GNÍOMHÚ AIRGEADAIS AGUS COMHDHÉANAMH CAIPITIL(a) Gníomhú a Thomhas41. Tá roinnt slata tomhais i dTuarascáil agus i gCuntais Bhliantúla na Gníomhaireachta lena gníomhú a mheas. An chéad slat-tomhais ná ioncam na Gníomhaireachta. Mhéadaigh an t-ioncam ó £1.5 mhilliún i 1975 go £2.46 mhilliún i 1979. Níl ansin ach dearbh-mhéadú de 1% nuair a chuirtear boilsciú san áireamh. Cur amach thar an ngnáth a bhí ann i 1975 áfach mar atá soiléir i bhFoscríbhinn 3. Dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta leis an gCoiste “… mhéadaíomar ár gcur amach an bhliain sin agus thógamar breis is 2,800 teach. Suas le 1,200 go 1,500 teach in aghaidh na bliana a chuirimid suas de ghnáth.”24 42. Is é an dara slat tomhais ar ghníomhú ná “airgead a láimhseáiltear”. Is ionann é sin agus luach airgeadúil na gconarthaí foirgníochta a láimhseálann an GFN in aon bhliain amháin ar bith. Sa bhliain atá díreach thart, 1979, láimhseáil an GFN £22.2 mhilliún. Bhain breis is £20 milliún den suim sin le clár foirgníochta do thithíocht údarás áitiúil. Is féidir é sin a chur i gcomparáid le suim £19.1 mhilliún a láimhseáladh i 1975, bliain ina raibh an GFN, mar a dúradh cheana, an-ghnóthach ar fad. Níor mhór cuimhneamh ar an méid sin in aon mhíniú a thugtar ar an laghdú réalach de 28% a tharla sa suim a láimhseáladh idir 1975 agus 1979.25 43. An tríú slat tomhais ná an chainníocht tithíochta a chuireann an GFN ar fáil gach bliain. I bhFoscríbhinn 3A taispeántar an méid tithe a thóg an GFN sna hocht mbliana atá caite agus an chomhréir eatarthu. Is é an chuid is suntasaí anseo ná an t-ardú mór a tharla sa chur amach i 1975, nuair a tógadh 2,847 teach. B’ionann é sin agus 10% den mhéid tithe ar fad a tógadh an bhliain sin. Sa bhliain atá díreach caite, 1979, thóg an GFN 1,300 teach. B’shin 5% beagnach den iomlán a tógadh an bhliain sin. Is féidir cur amach na Gníomhaireachta a mheas ar chaoi eile, is é sin, an coibhneas idir cur amach na GFN agus cur amach na n-údarás áitiúil. Sa bhliain ard-sprice, 1975, b’ionann an méid tithe a thóg an GFN agus trian nach mór de mhéid na n-údarás áitiúil. Maidir leis an mbliain atá díreach thart, 1979, b’ionann cur amach na gníomhaireachta agus 21 faoin gcéad nach mór de chur amach na n-údarás áitiúil. (b) Brabús44. Faoi láthair níl aon sprioc airgid fhoirmiúil leagtha síos ag an Rialtas don GFN. Ina chuid fianaise os comhair an Choiste dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta “nach bhfuil sé d’aidhm ag an GFN brabús mór a dhéanamh …”26 Is mar sin a bhí go deimhin le cúpla bliain anuas (Feic Tábla A). I 1979, áfach, bhí breis is £35,000 fágtha mar bharrachas tar éis cánach. B’shin breis is dúbailt an ghnáth-bharrachais a bhí ann sna ceithre bliana roimhe sin ó 1975 go 1978. TÁBLA A Brabús na GFN, 1975-1979
Foinse: Tuarascálacha agus Cuntais Bhliantúla na GFN, eagráin éagsúla. 45. Slí eile le barrachais na Gníomhaireachta a mheas is ea comparáid a dhéanamh idir na barrachais sin agus ioncam. Sin modh a úsáideann a lán cuideachtaí chun a gcuid oibre thar tréimhse áirithe ama a mheas. Fág go mbeidh athrú ar an gcoibhneas ó thionscail go tionscail, ach is treoir úsáideach ar ghníomhú cuideachta an coibhneas brabúis díolacháin laistigh den tionscail. Tá céatadáin na GFN do na cúig bliana atá thart leagtha amach i dTábla B. Bhí na torthaí do 1975 sásúil go leor, mar a raibh na barrachais ríofa in aghaidh ioncam comhionann le 5.4% (roimh cháin) agus 2.5% (tar éis cánach). Chuaigh na tuairisceáin in olcas go mór sna blianta ina dhiaidh sin. I gcaitheamh na dtrí bliana, 1976, 1977 agus 1978, ba 1ú ná 0.8% den ioncam méid an bharrachais (roimh cháin) ar an meán agus ní raibh sa bharrachas (tar éis cánach) ach 0.4% ar an meán27. Tháinig feabhas ar chúrsaí i 1979 nuair a mhéadaigh na tuairisceáin 1.7% (roimh cháin) agus 1.4% (tar éis cánach). D’ainneoin an dul chun cinn sin, is léir don Chomhchoiste go gcaithfidh an Ghníomhaireacht rátaí níos airde ná sin a bhaint amach má tá fúithi a cúlchiste a neartú sna blianta amach anseo. TÁBLA B Barrachais agus loncam na GFN
Foinse: Tuarascáil agus Cuntais Bhliantúla na GFN, eagráin éagsúla. 46. Ríomhtar barrachais na Gníomhaireachta tar éis costas cothabhála ar scéimeanna críochnaithe a chur san áireamh. Thug an Coiste faoi deara gur mhó ná £62,000 na costais chothabhála ar scéimeanna críochnaithe i 1978. Ar é cheistiú faoin gcaitheachas seo luaigh an Stiúrthóir Bainistíochta go raibh freagracht na cothabhála sin ar an nGníomhaireacht agus maidir le haon chás amháin “… ní raibh dul as ach díon nua ar fad a sholáthar ar scéim a thógamar faoin gclár ísealchostais.”28 Bhí áthas ar an gComhchoiste a thabhairt faoi deara go raibh an caiteachas ar chothabháil den sórt sin tite go £26,000 i 1979. Mholfadh an Comhchoiste go ndéanfadh an Ghníomhaireacht gach iarracht as seo amach chun a chinntiú go ndéanfaidh na caighdeáin deartha a bheidh leagtha síos agus le leanacht an obair chothabhála ar scéimeanna críochnaithe a choimeád chomh híseal agus is féidir. 47. Cé nach bhfuil aon sprioc airgid fhoirmiúil leagtha síos ag an nGníomhaireacht, tá iarracht á dhéanamh sprioc a leagadh síos do na blianta atá le teacht. Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta na GFN leis an gCoiste gurbh é ba mhian leis féin go sroichfeadh an Ghníomhaireacht, diaidh ar ndiaidh, le ceadú an Bhoird, sprioc mar a mbeadh cúlchiste ar láimh aici a bheadh comhionann ar a laghad le himchostais dochta bliana.29 Meastar gur tuairim £500,000 a bhí sna himchostais do 1980. Ag deireadh 1979 bhí an cúlchiste pas beag faoi bhun £200,000. Má tá faoin nGníomhaireacht an sprioc a bhaint amach atá leagtha amach ag an Stiúrthóir Bainistíochta, agus sin thart faoi 1985 abair, caithfidh na barrachais, mar sin, a bheith breis is trí oiread na mbarrachas sin a baineadh amach sna cúig bliana dheireanacha. Agus ní áirítear ansin aon mhéadú ar na himchostais dochta—agus is beag seans in aon chor go bhfanfaidh siad amhlaidh. Is dúshlán ceart sprioc dá leithéid sin don Ghníomhaireacht. Mar sin féin, creideann an Comhchoiste gur chóir do Bhord agus so bhainistíocht na Gníomhaireachta é chur rompu go sonrach feabhas a chur ar an ngnó ó thaobh brabúis de sna cúig bliana atá romhainn. (c) Faireachas ar Bhrabús48. Táillí gníomhaireachta agus ús morgáiste agus ús de chineál eile is bonn d’ioncam na Gníomhaireachta. Scrúdaigh an Ghníomhaireacht an méid ar chóir cuntais na Gníomhaireachta a bhriseadh síos agus a shonrú maidir le gach limistéar oibríochta nó cineál conartha. Ní mór don bhainistíocht, chun bainistí a dhéanamh in aon chuideachta, eolas a bheith aici faoi oibriú brabúis nó dochair na cuideachta agus ina theannta sin eolas faoin méid a chuireann gach roinn ar leith den chuideachta leis an iomlán brabúis i gcoitinne. Rinne an GFN, ina cuid fianaise, tagairt do na srianta airgeadais atá uirthi. Ullmhaítear buiséid bhliantúla agus is féidir a fháil amach go beacht laistigh de sheachtain de dheireadh aon mhí, ó chóras cuntasaíochta na Gníomhaireachta, cé mar atá staid admhálacha agus íocaíochtaí údarás áitiúil. Luaigh an Stiúrthói r Bainistíochta freisin gur chuir an stiúrthóir airgeadais sonraí ar fáil dó “faoin gcaoi a bhfuil aon fhadhb ar leith, á meas maidir le himchostais agus mar sin de.”30 Creideann an Comhchoiste gur chóir go mbeadh raon iomlán gníomhaíochtaí na GFN áirithe sna córais cuntasaíochta bainistíochta. Ba chóir go léireodh an fhaisnéis sin cibé atá brabús á dhéanamh i gcoitinne ag an nGníomhaireacht nó nach bhfuil agus ina theannta sin ba chóir di cion brabúis gach roinn de ghnó na Gníomhaireachta a shonrú go beacht agus cibé atá conarthaí aonaracha in ann brabús a dhéanamh nó nach bhfuil. 49. Gearrann an Ghníomhaireacht táillí ar na seirbhísí a sholáthraíonn sí faoina hobair thionscadail fhoirgníochta arb í an phríomhghníomhaíocht í atá idir lámha aici faoi láthair. Ina príomh-aighneacht chun an Choiste seo31 chuir an Ghníomhaireacht síos ar an réimse seirbhísí a ghabhann sí idir lámha d’údaráis áitiúla ag soláthar gnáthscéimeanna tithíochta uirbeacha. Gearrann sí cúig faoin gcéad den chostas tógála, móide costas maoirsithe na láithreach, ar an údarás áitiúil. Is ionann sin agus sé faoin gcéad den chostas tógála. Sin céatadán atá, de réir an Stiúrthóra Bainistíochta “… fós faoi bhun an chostais a thabhódh údarás áitiúil dá dtabharfaidis an obair do chomhairleoirí ón taobh amuigh.”32 Cé go réitíonn an Comhchoiste le hiarrachtaí na GFN lena cuid táillí a choimeád faoi bhun na dtáillí a thabhódh údaráis áitiúla dá rachaidis i muinín comhairleoirí ón taobh amuigh, ceapann siad gur chóir don GFN táillí a ghearradh a bheadh dóthanach chun brabús réasúnach a áirithiú le go mbeadh cúlchiste ann do theagmhais agus d’fhorbairt i gcoitinne. 50. Riaradh morgáistí dara gnó na Gníomhaireachta. Ag deireadh 1979, bhí suas le £7½ milliún amuigh i bhfoirm morgáistí—1,260 morgáiste ar fad. Morgáistí iad sin a cruthaíodh i ndáil le clár tithíochta tionscail na GFN.33 Is é polasaí reatha na Gníomhaireachta, iasachtaí a chur ar fáil ar ráta leath faoin gcéad níos airde ná an ráta a ghearrann an tUdarás Forbartha Tionscail ar airgead a thugann sé ar iasacht. Dar leis an nGníomhaireacht gur leor é sin chun imchostais a ghlanadh.34 Sna blianta atá le teacht áfach, is dealraitheach go n-ardóidh imchostais de dheasca boilscithe agus go dtitfidh an t-ús a fhaightear, mura ndéanfar airleacain nua. Dá réir sin, tharlódh sé tráth éigin amach anseo go mbeadh an caiteachas níos mó ná an t-ioncam sa limistéar seo d’oibríochtaí na Gníomhaireachta mura gcoimeádtar faireachas níos géire ar chúrsaí. Molann an Comhchoiste go ndéanfadh an GFN oibríochtaí na roinne morgáiste a athbhreithniú ó am go ham le go leanfadh an roinn sin de bhrabús a dhéanamh. (d) Comhdhéanamh Airgeadúil51. Mar a thaispeántar i mír I, bhí scair chaipitil £100 ag an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta nuair a bunaíodh í i 1960. Nuair a cuireadh cúrsaí airgid na GFN ar bhonn rialta faoi Acht 1963, tugadh cumhacht don Aire Airgeadais scaireanna suas go teorainn £100,000 a thógáil sa chuideachta. Mar a tharla, £100 atá fós sa scair chaipitil eisithe. 52. Tá cúlchistí carnacha díreach faoi bhun £200,000, i bhfoirm cúlchistí ginearálta agus barrachais carnaithe, ag an GFN. Airleacain athiníoctha atá sa chuid atá fágtha dá cistí caipitiúla. Is as an Státchiste an phríomh-chuid de na hairleacain athiníoctha. Faoi Acht 1963 (mar a leasaíodh i 1974) féadann an Ghníomhaireacht iasacht a fháil ón Statchiste, agus ar mhodh iasachtaí ráthaithe Stáit, laistigh de theorainn £15 milliún san iomlán. Sa chlár comhardaithe den 31 Nollaig 1979, £7.4 mhilliún a bhí sna hairleacain athiníoctha ón Státchiste. £2.1 mhilliún a bhí sna hairleacain ón Údarás Forbartha Tionscail agus £0.3 mhilliún a bhí iontusan ón gComphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. 53. I gcomparáid leis an meascán de chaipiteal cothromais agus d’iasachtuithe lena maoinítear gnáth-chuideachta príobháideach, tá caipiteal na GFN déanta suas nach mór go hiomlán d’iasachtuithe. Toradh amháin atá ar an luí mór sin ar iasachtuithe ná nach bhfágann sé comhdhéanamh na Gníomhaireachta solúbtha go leor le go bhféadfaí riar níos 1ú úis a íoc i mbliain trádála dheacair. Dá bharr sin, is cúis imní athuair é don Chomhchoiste go bhféachfadh an Ghníomhaireacht lena cion brabúis a fheabhsú sna chúig bliana atá romhainn d’fhonn riar méadaithe cúlchistí a áirithiú—feic mír 47. 54. Thug an Coiste faoi deara go raibh talamh liostáilte dár luach breis is £1 mhilliún i sócmhainní reatha na Gníomhaireachta ag deireadh 1979. Ceannaíodh an talamh i gcéaduair i ndáil leis an gclár tithíochta tionscail. De bharr athrú a theacht ar pholasaí an Údaráis Forbartha Tionscail, ní thógann an GFN tithe a thuilleadh d’oibrithe tionscail ach dáileann siad ina ionadsan iasachtaí chun tithe a cheannach d’iarratasóirí a mholann an tÚdarás. Faoi láthair, dá réir sin, tá an ghníomhaireacht ag cur talamh, a bhí acu, de láimh agus á thabhairt d’údaráis áitiúla. 35 Tá an praghas atá á ghearradh ar an talamh seo bunaithe ar dhá threoirmharc, an chéad cheann, luacháil ag an gCoimisinéir Luachála agus an dara ceann, an praghas ceannaigh bunaidh móide na muirir sealbhaíochta. Maidir leis na muirir sealbhaíochta, mhínigh an Stiúrthóir Bainistíochta ina chuid fianaise go bhfuarthas an t-airgead, a úsáideadh chun na sealbháin talún a cheannach, ar iasacht ón Státchiste agus “… . go gcaithfimid an t-airgead sin a aisíoc agus déanaimid an t-ús a ghearrtar orainn a charnadh inár n-aisíocaíochtaí leis an Státchiste ar na sócmhainni”36 Tuigeann an Comhchoiste go bhfuil ar an GFN anois de dhroim athrú ar pholasaí an Údaráis Forbartha Tionscail, athrú a dhéanamh ar a polasaí maidir lena banc talún. Na treoirmharcanna a úsáidtear chun praghas díolta talún a chinneadh is treoracha réasúnacha iad i dtuairim an Chomhchoiste chomh fada is nach dtiteann praghas díolta aon chuid den bhanc talún faoi bhun an phraghais bhunaidh móide táillí sealbhaíochta. 55. Thug an Comhchoiste faoi deara go raibh, de réir an Chláir Comhardaithe, £2 mhilliún nach mór ag an nGníomhaireacht sna bainc, ag deireadh 1978. Dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta leis an gCoiste gur chor neamhghnách é sin “… bhí suim £1.25 mhilliún ón Údarás Forbartha Tionscail áirithe ansin dár n-oibríochtaí morgáiste do 1979. Ina theannta sin, bhí airgead áirithe ann a bhain le fuascailt morgáistí ag morgáisteoirí éagsúla ar fuaid na tíre”.37 Dheimhnigh sé, áfach, gur fhéach an ghníomhaireacht chuige go bhfuil an t-airgead sin á infheistiú ar chaoi a thuillfidh oiread agus is féidir. Go gairid, is é a chiallaíonn “airgead sna bainc” i gClár Comhardaithe na GFN ná “airgead gearrthéarmach ar taisce.” Molann an Comhchoiste go mb’fhearr é dá n-úsáidfí an cur síos deiridh sin thuas in aon chuntais amach anseo. V POLASAÍ TITHÍOCHTA(a) Tithíocht Údarás Áitiúil a sholáthar56. Ceist chasta í tithíocht a sholáthar i láithreacha uirbeacha agus tuaithe. Baineann cúrsaí timpeallacha agus pleanála léi chomh maith le héilimh ar sheirbhísí agus ar saoráidí a ghabhann leis an tithíocht sin. Cuireann nithe ar nós srianta costais, soláthar talún, rialacha ag údaráis áitiúla agus brú ama isteach ar sholáthar tithíochta. Tithíocht nua a chur suas, láthair na tithíochta sin i gcomparáid leis na bailte móra atá ann cheana féin, leagadh amach na tithíochta agus an tslí a luíonn sí isteach leis an gcóras bóithre, is nithe an-tábhachtacha iad sin maidir le dreach agus cumraíocht ár mbailte móra agus an bheo-thimpeallacht don phobal sna blianta atá romhainn. Tá sé fíor-riachtanach mar sin go ndéanfaí an oiread réamh-phleanáil agus is féidir agus go dtabharfaí mór-chuid aire don ghné fíor-thábhachtach seo den fhorbairt náisiúnta. Tá sé ráite ag Stiúrthóir Bainistíochta na GFN go gcuirfeadh an GFN fáilte roimh aon chomhoibriú leis na húdaráis áitiúla an tráth is luaithe is féidir, fiú chomh luath le tráth fála na talún. Is dá thoradh sin a fháiltíonn an GFN roimh an mbaint bhreise atá aici le staidéir phleanála um usáid talún agus le beart-phleananna ceantair. 57. Is é tuairim an Chomhchoiste gur chóir don GFN a bheith gníomhach tráth níos túisce ná mar atá ina comhoibriú le húdaráis áitiúla ag roghnú láithreacha do thithíocht nua agus ag pleanáil an chaoi a luíonn an tithíocht sin isteach le bailte móra agus sráidbhailte atá ann cheana féin, le leagadh amach príomhbhóithre agus séaracha agus le saoráidí comhghabhálachta á chur ar fáil ar nós scoileanna, séipéil agus áiseanna siopadóireachta agus sóisialta. (b) Limistéir Tithíochta a Dhearadh58. Tá dul chun cinn nach beag déanta go hidirnáisiúnta le roinnt blianta anuas ag cur feabhas ar dhearadh tithíochta nua le go réiteoidh an tithíocht sin le dreach áitiúil cathracha agus bailte móra. Is é tuairim na GFN go bhfuil dul chun cinn mór déanta i ndearnadh a n-eastáit tithíochta féin agus gur fearr anois a réitíonn na heastáit sin leis an timpeallacht. Mhínigh an Stiúrthóir Bainistíochta gur “… gné amháin í sin a gcuirimid an-bhéim uirthi. Cé go bhfuil sonraí curtha ar fáil againn dár dtithe, tá sin déanta againn ar shlí a ligeann do gach duine dár bpríomhailtirí déileáil ina shlí féin le hingearchló speisialta na dtithe. Ní theastaíonn uainn an tír a chlúdach leis an gcóireáil céanna ingearchló do gach scéim tithíochta. Is cúis mórtais dúinn na hiarrachtaí a dhéanaimid athruithe a dhéanamh ó limistéar go limistéar agus fiú ó ghlac amháin tithe go dtí a chéile sa scéim chéanna.”38 59. Réitíonn an Comhchoiste leis an nGníomhaireacht go bhfuil cuid mhaith dul chun cinn déanta maidir le dearadh. Ceapann siad, áfach, go bhféadfaí níos mó dul chun cinn a dhéanamh go háirithe i scéimeanna uirbeacha agus tuaithe agus molann siad go ndéanfaí, tríd an GFN, an obair thaighde agus an fhorbairt atá á dhéanamh anois ag an bhForas Forbartha ar dhearadh maidir le leagadh amach tithe, caighdeáin bhóithre, dlús agus spásanna oscailte, a chur chun cinn agus a chur os comhair údarás áitiúil. (c) Athchóiriú agus athnuachan uirbeach60. Glactar leis go forleathan anois go bhféadfaí tithe nua a chur ar fáil ar mhodh a bheadh níos saoire ach seanfhoirgnimh a athchóiriú agus tithíocht athlíonta a thógáil. Bheadh sin fíor nuair a chuirfí san áireamh an méid a shábhálfaí ag soláthar bonnstruchtúr agus seirbhísí. Tá taithí ag an GFN ar athnuachan uirbeach agus ar thógáil athlíonta chomh maith le láithreacha úra, agus bruachbhailte nua. Is é tuairim an Chomhchoiste, dá bhrí sin, gur chóir don GFN, i dteannta an Fhorais Forbartha agus na n-údarás áitiúil, staidéar comparáideach a dhéanamh ar an mbuntáiste a bhaineann le tithíocht a sholáthar ar láithreacha úra, nua ar bhruach cathracha agus bailte móra agus athnuachan uirbheach a chur i gcrích trí athchóiriú agus forbairt athlíonta, ag cur an costas san áireamh a leanann iompar, seirbhísí agus saoráidí sóisialta agus comhghabhálacha. Bheadh tionchar fíor-thábhachtach ag torthaí an staidéir sin ar pholasaí tithíochta amach anseo, ar leibhéal náisiúnta agus áitiúil. (d) Sábháil Fuinnimh i nDearadh Tithíochta61. An cor i gcúrsaí fuinnimh a tharla roinnt blianta ó shoin thug sé fadhbanna nua leis maidir le dearadh tithíochta, go háirithe i nithe a bhaineann le insliú teirmeach agus soláthar teasa. 62. Is é an t-aonad srathach an cineál tithíochta is minicí a chuireann an GFN suas d’údaráis áitiúla. Tá an cineál tithíochta sin measartha éifeachtach ó thaobh fuinnimh. Tá oiread sin feabhais curtha ar insliú na mballaí agus na ndíonta seachtracha nach dóichí go mbeadh aon deacrachtaí ann anois i gcás fraighfhliuchrais, taise agus fás caonaigh mar a tharla i gcéad-tithíocht na GFN nach raibh inslithe go ró-mhaith. Laghdóidh caighdeáin inslithe feabhsaithe costais téite agus tá tine oscailte nó sorn breosla soladaigh á gcur isteach anois i ngach teach GFN. Thuairisc an GFN go bhfuil trialacha ar bun aici a bhaineann le córais téite móin-bhreoslaithe de chineál nua áirithe. Ón uair, áfach, go bhfuil praghas ola, leictreachas agus breosla soladach ag ardú an oiread sin, ceapann an Comhchoiste gur chóir scrúdú níos bunúsaí a dhéanamh ar ghnéithe fuinnimh tithe údarás áitiúil agus gur chóir don GFN comhoibriú leis an Institiúid um Thaighde Tionscail agus Caighdeán agus leis an bhForas Forbartha d’fhonn na buntáistí fadtéarmacha costais a mheas a bhaineann le teicnící deartha i gcúrsaí sábháil fuinnimh, ar nós gloine-dhúblú, siorradh-dhíonadh ar fhuinneoga agus ar dhoirse, iartaí teas-scaiptheacha, aeráil mheicniúil le malartáin teasa agus téamh gréine. (e) Teicnící Tógála a chóimheas63. Luaigh Stiúrthóir Bainistíochta na GFN ina chuid fianaise “… sna seascaidí bhí claonadh ann i dtreo córas-fhoirgnithe agus foirgníochta réamh-dhéanta i gcúrsaí tógála agus chreid conraitheoirí tógála go bhféadfaidis, ach dóthain orduithe a fháil, tithíocht saor a chur ar fáil. Bhí fadhbanna againn de dheasca an chóras-fhoirgnithe sin. Feictear dúinn anois nach mbíonn fadhb ar bith againn má leanaimid leis an sean-nós foirgníochta”39 agus “chomh maith leis sin is é modh an tsean-nós foirgníochta an modh is fearr.”40 Glacann an Comhchoiste leis nár éirigh go ró-mhaith le hiarrachtaí ar chóras-fhoirgniú a triaileadh cúpla bliain ó shoin ach go bhfuil ag éirí go maith le polasaí láithreach na Gníomhaireachta, is é sin, luí leis an sean-nós foirgníochta mar go laghdaítear fadhbanna teicniúla agus gearáin ó thionóntaithe. 64. Ba é an locht is mó a bhí ar na tithe córas-fhoirgnithe sna seascaidí agus sna luathsheachtóidí ná insliú balla agus aeráil lochtach agus córais téite a bheith iontu a bhí ró-dhaor agus a bhí ina chúis fraighfhliuchrais, taise agus fás caonaigh ar bhallaí. Bhí deacrachtaí teicniúla eile de chineál sonrach i gceist ach níorbh é an córas fhoirgniú faoi deara iad sin. I Roinn VII tá scrúdú déanta ar na fadhbanna teicniúla a bhaineann le tithíocht na GFN. (f) Cineálacha tithe65. Luann an GFN gurb é an teach srathach dhá-urlár an cineál tí is saoire a chur suas agus is é an cineál sin tí an cineál is comónta ina chlár tithíochta. An cineál is fearr ina dhiaidh sin ná teach dhá-urlár leathscoite. 66. Is é taithí na Gníomhaireachta é agus iad ag dearadh cineálacha tithe do láithreacha príobháideacha gurb iad na haonaid scoite is fearr a thaithníonn le húinéirí óir bíonn siad i gceannas a gcuid maoine go hiomlán. Is féidir tithe leath-scoite a chur sa roinn sin ach beirt a bheith sásta péire tithe a thógaint i dteannta a chéile. 67. Cé is moite de thithíocht uirbeach, ní théann an GFN níos airde lena dtithe ná dhá urlár. Níl aon tithíocht ardtógtha, is é sin, aon tithíocht os cionn ceithre urlár, á tógáil anois ag an GFN. Táthar faoi láthair i gcoinne an chineál sin tithíochta agus glactar leis gur tithíocht níos daoire í le cur suas. 68. Cheistigh an Comhchoiste inniúlacht na GFN chun fóirithint ar theaglaigh de mhéideanna difriúla, go háirithe ag féachaint d’úsáid na bpleananna caighdeánaithe tithe. Ceapann an GFN go bhfuil raon cuimsitheach de phleananna tithe acu agus gur féidir leo cóiríocht a chur ar fáil do dheichniúr nó mar sin in aghaidh gach tí. 69. Cheistigh an Comhchoiste freisin úsáid na bpleananna caighdeánacha tithe agus an chaoi a rachaidis i bhfeidhm ar dhreach eastáit tithíochta. Mhínigh an GFN gur fíor go n-úsáidtear pleananna caighdeánaithe ach go bhfuil saorchead ag an ailtire do gach tionscadal ingearchlónna deartha a úsáid a bheadh oiriúnach don ionad agus don láthair. 70. Cé go nglacann an Comhchoiste leis na pointí sin thuas ceapann siad gur chóir, i gceantair leochaileacha uirbeacha agus tuaithe, leagadh amach na tithíochta, pleananna na dtithe agus láimhseáil an ingearchló a ullmhú le chéile mar aon ní amháin, tráth an deartha. (g) Ábhair de bhunús na hÉireann a úsáid71. Ba pholasaí i gcónaí é ábhair agus táirgí de bhunús na hÉireann a úsáid i dtithíocht údarás áitiúil agus Stáit, a mhéid is féidir é. Luaigh an GFN go raibh roinnt mhaith deacrachta acu príomhphíopaí uisce aispeiste nó suiminte, cré-bhrící agus tíleachta coincréite a fháil agus ó thaobh seirbhísí de bhain roinnt mhaith moille le seirbhís a fháil in am ó Bhord Soláthair an Leictreachais. Tá súil ag an gComhchoiste go mbeidh cúnamh le fáil i gcás na ndeachrachtaí seo ón Rannán Faireachais agus Comhairle sa Roinn Tionscail, Tráchtála agus Turasóireachta, nuair a bhunófar é, agus ó Bhord Soláthair an Leictreachais. (h) Modhanna Athbhreithnithe maidir le Polasaí Tithíochta72. Níl aon mhodhanna athbhreithnithe foirmiúla ag an GFN chun a dul chun cinn nó a mhalairt i gcás a tionscadal tithíochta agus gnéithe sonraithe eile de dhearadh a tithíochta, a mheas. 73. Fiosruithe de chineál ginearálta, cuairteanna ar láithreacha tithíochta tar éis críochnaithe agus gnáth-eolas a fhaightear ar ais trí údaráis áitiúla is tríothusan is mó a fhaightear leid i dtaobh tuairimí na dtionóntaithe agus na n-áititheoirí ar an obair chríochnaithe. Molann an Comhchoiste gur chóir don GFN modhanna athbhreithnithe rialta a thosú d’fhonn eolas a fháil ar ais i dtaobh costais riartha agus cothabhála na dtionscadal críochnaithe. (i) Costais Tithíochta74. Bhí fonn ar an gComhchoiste eolas cruinn a fháil a chuirfeadh ar a gcumas costais tithíochta na GFN a chur i gcomparáid le costais tithíochta údarás áitiúil, a chuirtear ar fáil go neamhspleách. Ón eolas staitisticiúil a chuir an Roinn Comhshaoil ar fáil, ní raibh aon difríocht sonrach le tabhairt faoi deara ó thaobh costais idir tithíocht na GFN agus tithíocht údarás áitiúil. Maidir leis an moladh gur chóir don GFN, trína clár leathan comheasta, a costais foirgníochta a laghdú, is é freagra na GFN go gcuirtear aon sábháil i gcúrsaí costas, a thagann de thoradh coimheasa, ar ais arís sna tionscadail chun tírdhreachú, ballaí cumhdaigh agus cóireáil ingearchlóch feabhsaithe a chur ar fáil. VI NA MODHANNA TIONSCADAL(a) Na Modhanna Deartha75. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na modhanna a úsáideann an GFN chun a pleananna, a dearadh tionscadail agus a líníochtaí agus a sonraíochtaí conartha a ullmhú dá forbairt tithíochta. Tá sonraí i dtaobh na gceisteanna a cuireadh agus na freagraí a fuarthas ón GFN leagtha amach i bhFoscríbhinn 2. 76. Ón bhfianaise a chuir an Ghníomhaireacht isteach tá an chuma air go bhfuil na modhanna a úsáidtear anois sásúil, is é sin, an plean tionscadail a réiteach leis an údarás is custaiméir agus a áirithiú sa tslí sin go gcuirfidh an GFN scéim ar fáil a shásóidh na héilimh acu. Mar shampla, luaigh Comhairle Chontae Loch Garman, ina cuid aighneachta “… is é ár dtaithí le déanaí go bhfuil na comhchainteanna idir na húdaráis áitiúla agus an GFN, faoi phleananna a réiteach, níos sásúla anois ná mar a bhí i mblianta roimhe seo”. Faoi láthair tá, go ginearálta, na comhchainteanna reatha sásúil a mbaintear feidhm astu le linn forbairt a bheith á déanamh ar an dearadh tionscadail chun deis a thabhairt d’údaráis a gcuid tuairimí a nochtadh i dtaobh na dtograí deartha. Luaigh Comhairle Cheantair Uirbeach Cheatharlach ina gcuid aigneachta “gur glacadh gach uile chomhairle, d’fhonn comhaontú a éascú i gcás dearadh tithíochta agus an clár foirgníochta. Chomhaontaigh an GFN leis an gComhairle sa mhéid sin d’fhonn Plean Gníomha Ceantair a choimisiúnú le go n-éascófaí cinneadh ar aon chlár foirngíochta, etc” Luaigh Bardas Luimnigh “… an chomhairle faoina dtéitear i gcás foirne teicniúla agus riaracháin an Údaráis Áitiúil agus na Gníomhaireachta is comhairle uileghabhálach iomlán íogair í” agus luaigh Bardas Bhaile Átha Cliath “… glactar leis freisin go bhfuil an chomhairle faoina dtéitear i gcainteanna idir an ghníomhaireacht agus an Bardas leardhóthanach ag an bpointe seo”. 77. Taispeánann na tuairimí a nocht na húdaráis áitiúla i dtaobh obair na GFN le déanaí, go bhfuil modhanna eagraíochta na gníomhaireachta sa limistéar seo sásúil anois go ginearálta agus gur féidir dearaí tionscadail agus teilgin chostais a chur i gcrích agus forbairt tithíochta a bheadh sásúil a theacht dá thoradh-san. (b) Comhairleoirí a úsáid78. Baineann an GFN úsáid as comhairleoirí ailtireachta, innealtóireachta agus suirbhéireacht cainníochta i gcás mórchuid dá cuid tionscadal chun aon bhearnaí a líonadh i bhfoireann ghairmiúil iomlán na GFN. Luaigh Cathaoirleach na GFN le linn fianaise a thabhairt “… go mbraitheann úsáid comhairleoirí go ginearálta ar an gcineál tionscadail a fhaighimid agus ar an uimhir a thagann inár dtreo aon tráth áirithe … tá 31 ghnólacht chomhairleach ag obair dúinn ar thionscadail éagsúla. Ní bheadh puinn le déanamh maidir linne ag cuid de na comhairleoirí sin. Bheadh baint ag cuid eile acu le tionscadal níos tábhachtaí.”41 79. Tá an tuairim ag an gComhchoiste gur socrú sásúil é comhairleoirí a fhostú agus go gceadaíonn sé solúbhthacht ar leith i ngníomhaíochtaí na GFN nach mbeadh ann dá mbeadh foireann mhór ghairmiúil lánaimseartha fostaithe ag an nGníomhaireacht. Léirigh Bardas Phort Láirge ina chuid aighneachta “… féachfaidh an Bardas chuige in aon scéimeanna amach anseo go bhfostóidh an Ghníomhaireacht comhairleoirí inniúla áitiúla. Faoi láthair tá an iomarca béime ar an ró-láithriú i mBaile Átha Cliath”42 Tagann an Comhchoiste le tuairim Bhardas Phort Láirge gur chóir féachaint chuige go bhfostófaí comhairleoirí áitiúla do thionscadail i láithreacha difriúla ar fuaid na tíre. 80. Tugann an Comhchoiste faoi deara nár tháinig aon athrú suntasach le trí bliana ar an liosta ailtirí agus comhairleoirí eile a oibrionn don GFN agus molann siad don GFN gur chóir di an painéal comhairleoirí a fhostaíonn sí faoi láthair a athbhreithniú ó am go ham. (c) Modhanna Foirgníochta81. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar mhodhanna úsáidte na GFN maidir le fostú conraitheoirí foirgníochta, foirgníocht a mhaoirsiú agus tionscadail a aistriú anonn chuig na húdaráis áitiúla ar leith. Tá na sonraí i dtaobh na gceisteanna a cuireadh agus i dtaobh na bhfreagraí orthu ón GFN leagtha amach i bhFoscríbhinn 2. 82. Cheistigh an Comhchoiste modhanna oibre na GFN maidir le tairiscintí le haghaidh conarthaí agus roghnú tógálaithe. Luaigh an Stiúrthóir Bainistíochta ina chuid fianaise “De ghnáth glacaimid leis an tairiscint is ísle. Is fearr liom tairiscint atá oscailte. Ceadaítear dúinn, áfach, úsáid a bhaint as modh tairisceanna dá ngairtear rogh-thairiscint tar éis fógraíocht phoiblí a dhéanamh ag tabhairt cuireadh do chonraitheoirí, ag a bhfuil an inniúlacht is gá, iarratas a dhéanamh iad a chur ar phainéal, ach is fearr liom féin tairiscint atá oscailte óir bíonn gach rogha ansin againn. Feictear don saol go bhfuil gach beart is gá á dhéanamh againn chun airgeadas poiblí a chosaint agus, i ndeireadh na dála, tá solúbthacht ag baint linn i gcónaí.”43 Is é tuairim an Chomhchoiste gur modhanna atá sásúil na modhanna tairiscintí oscailte a chleachtann an GFN chun tairiscintí a fháil agus conraitheoirí a roghnú. 83. Scrúdaigh an Comhchoiste freisin ar chóir conarthaí tógála a chur idir lámha gan banna árachais a bheith faighte roimh ré ó chomhlacht árachais chun a áirithiú go gcríocnófaí an conradh i gcás mainneachtana ag an gconraitheoir an obair a thabhairt chun críche, mar gheall ar fhéimheacht, droch-dhul chun cinn, droch-obair nó ar aon chúis eile. Réitíonn an Comhchoiste le polasaí láithreach na GFN, nár chóir conarthaí tógála a chur idir lámha go dtí go mbeadh banna árachais faighte ag an gconraitheoir tógála faoi chomhair chríochnú na hoibre. Ba chóir go gcinnteodh an modh sin go ndéanfaí scrúdú iomlán ar chúrsaí airgeadais an chonraitheora lena mbaineann. Tugann an Comhchoiste faoi deara gur gnáthnós anois é banna 12½% a ghlacadh murab ionann is roimhe seo nuair a bhí banna—leibhéal 25% riachtanach. Molann an Coiste, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Roinn Comhshaoil, an GFN agus ionadaithe na n-údarás áitiúil is mó athbhreithniú ar na modhanna bannaíochta lena fhíorú an leor banna 12½% chun aon chaillteanas a chealú a d’fhaibhreodh de dheasca faillí ag conraitheoir conradh a chomhlíonadh. 84. Bhailigh an Comhchoiste eolas ó na húdaráis áitiúla maidir leis na modhanna a úsáideann an GFN chun conarthaí atá á gcur i gcrích a mhaoirsiú. Go ginearálta bhí an t-eolas a bailíodh fabharach don GFN ach moladh go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí sa limistéar sin. 85. Luaigh Comhairle Chontae Loch Garman “dealraíonn sé go ndearnadh leor-mhaoirsiú ar an bhfoirgníocht agus níor deineadh aon ghearáin shuntasacha i dtaobh aon droch-obair. Meastar, mar sin féin, go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeadh an Chomhairle in ann comhoibriú le Cléireach Oibre ar gach scéim …”. Dúirt Bardas Chorcaí”. … go raibh an Bardas sásta maidir le maoirsiú na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta ar fhoirgníochtaí agus ar a modhanna chun scéimeanna críochnaithe a ghlacadh idir lámha.” Luaigh Comhairle Cheantair Uirbeach Cheatharlach go raibh “caighdeán ard maoirseachta á cleachtadh i gcónaí ag an GFN ar a cuid foirgníochta. Tá sé níos fusa don Chomhairle a bheith páirteach sa dul chun cinn foirgníochta nuair a bhíonn ionad aici ag cruinniú láithreáin míosúil …” Dúirt Bardas Shligigh, áfach, “go raibh an Bardas sásta le maoirseacht na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta i gcás scéim atá á tógáil faoi láthair … Níl an modh le scéim chríochnaithe a ghlacadh idir lámha ró-chinnte, áfach.” Dúirt Comhairle Chontae na hIarmhí, maidir le scéim a críochnaíodh le déanaí “Is é ár mbreith faraoir nach ró-shásta a bhíomar. B’fhéidir gurb é an rogha togálaí a rinneadh ba chúis le cuid mhór den mhíshástacht sin …” Luaigh Bardas Bhaile Átha Cliath “Is í an Ghníomhaireacht a dhéanann an maoirsiú ar fad. Tharla roinnt uaireanta go ndearnadh obair nach raibh sasúil agus d’fhéadfaí a rá gur ceal maoirsithe ba chúis leis sin.” 86. Tá an Comhchoiste sásta go ginearálta lena bhfuil á dhéanamh faoi láthair chun conarthaí atá á gcur i gcrích a mhaoirsiú ach tagann siad leis na tuairimí atá ag roinnt údarás áitiúil gur chóir go mbeadh ionadaithe maoirseachta ó na húdaráis áitiúla atá ina gcustaiméirí páirteach sa mhaoirseacht agus gur chóir Cléireach Oibre a bheith fostaithe in oiread tionscadal agus ab fhéidir. Rud eile, ceapann an comhchoiste go bhféadfaí feabhas a chur ar an gcaoi a gcomhoibríonn an GFN agus na húdaráis áitiúla le linn foirgníochta i limistéir áirithe den tír. De réir tuairiscí a fuarthas ó údaráis áitiúla, ceapann an Comhchoiste nach bhfuil na modhanna atá ann chun conarthaí a thabhairt chun críche, iad a aistriú anonn go dtí na húdaráis áitiúla agus chun lochtanna iontu a cheartú, sásúil agus molann an Coiste dá bhrí sin don GFN athbhreithniú a dhéanamh ar na modhanna sin a bhaineann lena bhfuil luaite d’fhonn féachaint chuige nach mbeidh aon cháineadh le déanamh amach anseo ag na húdaráis áitiúla sin a rinne cáineadh san am atá thart.44 87. Dúirt Bardas Bhaile Átha Cliath “go gairid, cé is moite de na heisceachtaí atá luaite, d’fhéadfaí glacadh leis go bhfuil oibríochtaí na Gníomhaireachta ar son Bhardas Bhaile Átha Cliath, sásúil agus go bhfuil curtha go maith acu le Clár Tithíochta an Bhardais. Mar chruthú ar cé chomh sásta a bhí an Bardas chuir siad, le déanaí, an cúram ar an nGníomhaireacht trí mhór-láithreán tithíochta a ullmhú agus a thógáil, rud a chinnteoidh go mbeidh an Ghníomhaireacht gníomhach go leanúnach go ceann roinnt blianta le teacht.” Tugann an Comhchoiste faoi deara gurb é an dea-fhocal is coitianta i measc na n-údarás áitiúil in aon tagairtí don GFN. VII MIONSONRAÍ TEICNIÚLA AGUS EAGRAÍOCHTA(a) Ginearálta88. Ó am go ham dírítear aird an phobail ar thurascálacha conspóideacha a bhaineann le fadhbanna teicniúla i dtionscadail tithíochta na GFN a leanann as gearáin ó údaráis áitiúla agus ó thionóntaithe. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar na tuarascálacha i dtaobh fadhbanna teicniúla nó lochtanna i dtionscadail tithíochta na GFN. Gheofar in bhFoscríbhinn 2 na mionsonraí a bhaineann leis na ceisteanna a cuireadh agus na freagraí a fuarthas ón GFN. Bhí roinnt tuarascálacha faoina mbráid ag an gComhchoiste freisin a bhain le lochtanna teicniúla agus a d’ullmhaigh an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán agus an British Building Research Establishment. 89. Thug an Comhchoiste dá n-aire maidir le lochtanna teicniúla i dtithíocht na GFN gur tharla siad i dtionscadail a tionscnaíodh sna seascaidí agus le linn na tréimhse idir 1970-1974 mar a raibh Tionscadal Tithíochta Ísealchostas nó Ordú Ráthaithe an Rialtais i réim. Thug an Comhchoiste dá n-aire chomh maith nach bhfuil i gceist sna fadhbscéimeanna conspóideacha mórphoiblíochta sin ach riar beag den líon mór tithe a tógadh faoi sheirbhís bainistíochta na GFN agus gur tithe maithe an chuid is mó de na tithe sin agus go raibh na húdaráis áitiúla agus a dtineontaithe sásta leo. Ón méid a dúirt mórchuid de na húdaráis áitiúla agus de réir ualach oibre reatha na Gníomhaireachta45 is léir go gceapann a cuid custaiméirí, go ginearálta, go bhfuil an GFN ag comhlíonadh a dualgais go sásúil. 90. Tá achoimriú déanta ag an gComhchoiste anseo thíos ar na fadhbthionscadail is conspóidí agus ar athmheasúnú ar na fadhbanna a haimsíodh, conas a tharla siad agus seasamh na GFN i ngach cás. (b) Tithe i mBaile na Bealtaine, sa Ghleann agus sa Tóchar, i gCorcaigh.91. Cuireadh tús leis na tionscadail tithíochta i mBaile na Bealtaine, sa Ghleann agus sa Tóchar, i gCorcaigh sa bhliain 1965. An tráth sin bhí éileamh mór ar thithe nua i limistéar Chorcaí agus bhí 260 acra de thalamh ar fáil ag Bardas Chorcaí. An uair sin, bhí Bardas Chorcaí ag tógáil 200 teach in aghaidh na bliana agus braitheadh nach bhféadfaidis freastal ar an méid a bhí leagtha amach sa chlár, is é sin, 1800 teaghas a thógáil i dtréimhse 4 bliana. D’iarr an Roinn Rialtais Áitiúil ar an GFN na tionscadail a ghlacadh idir lámha agus sa bhliain 1968 síníodh an conradh go dtógfadh an Ghníomhaireacht na tithe. Críochnaíodh na tithe sin i 1972. 92. Cáineadh dearadh na dtithe, leagadh amach na scéime gan aon ghairdíní tosaigh leo agus nithe eile ar nós fuinneoga agus aeráil. Cáineadh na córais téite sna tithe chomh maith, rud a chuir le fadhbanna fraighfhliuchrais trí athchúrsaíocht a dhéanamh ar an aer ón gcistin, a bhí, mar chóras, an-chostasach le hoibriú. Go sonrach, áfach, bhain na fadhbanna is mó le fás caonaigh agus taise istigh sna tithe. Rinne an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán agus an British Building Research Establishment scrúdú mion ar na nithe sin. 93. Dúradh gur drochaeráil faoi deara na lochtanna sin i dteannta neamh-chumas na dtineontaithe leibhéal, ceart teasa a choimeád chun fraighfhliuchras agus fás caonaigh taobh istigh a chosc, rud a bhí níos deacra mar gheall ar an ardú mór a tháinig ar an gcostas téite. Níor cuireadh iarta in aon teach acu agus d’fhág sin nach raibh aon aeráil nádúrtha simléir ar fáil ná aon tslí go lasfaí tine oscailte. In aon deacrachtaí fraighfhliuchrais áfach, ní féidir neamhaird, a dhéanamh den easpa inslithe i ndéanamh na mballaí binne agus dearadh an mhodh tógála mar ar úsáideadh crosbhallaí dlúthchoincréite ciumhais-nochta a d’fhág “fuardhroichid” ann aon áit ar shín ballaí teorainn mar eití amach faoin aer lasmuigh. D’fhéadfaí a rá gur príomh-locht sonraíochta é sin ach má scrúdaítear an taithí a bhí ar mhodhanna córastógála ag an am inar dearadh agus inar tógadh na tionscadail sin, gheofar amach go raibh na deacrachtaí céanna acu i Sasana i dtionscadail dá samhail a tógadh an tráth céanna. 94. Rinne an British Building Research Establishment moltaí chun cumas inslithe na dtithe i gceist a fheabhsú. Tá tuairisc tugtha ag an GFN i dtaobh na mbearta leighis a rinneadh saor in aisce i gcás Bhardas Chorcaí óir is iad na conraitheoirí a bhí páirteach sa ghnó, agus an GFN, a dhíol as. Deir an GFN nach raibh aon lámh acu sa chúram ón uair a ghlac Bardas Chorcaí seilbh ar an obair chríochnaithe agus chomh fada agus is eol dóibh tá na tithe sin curtha i gceart anois. Dúirt Bardas Chorcaí ina n-aighneacht, áfach, gur “… fadhb i gcónaí na tithe sin a mhéid a bhaineann siad le Bardas Chorcaí mar nach bhfuil siad dírithe, ó thaobh deartha de, ar dhaoine le hioncaim ísle i suíomh ard-dhlúite.” 95. Sa ráiteas a thug an tUas. Pádraig Ó Ciaragáin, nach maireann (a bhí ina Sheandóir an tráth sin), an 20 Feabhra 1974, sa Seanad, tá achoimre ar an scéal seo go léir “amach anseo ba chóir dúinn a bheith níos cúramaí le scéimeanna chomh mór sin. Ba chóir aon trialacha a dhéanamh ar láithreacha beaga agus ar scéimeanna beaga … Bhí an scéim seo ró-mhór mar scéim thrialach agus mar gheall ar sin cáinim an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta. Ní tithe den chineál traidisiúnta na tithe seo. Is tithe córas-chineáil iad. Ní dóigh liom go raibh dóthain taithí againn chun triail a bhaint as an gcineál sin tógála ar scála mór mar sin.” 96. Tugann an Comhchoiste faoi deara nach n-úsáideann an GFN struchtúir chóras-tógtha den chineál sin níos mó, agus go bhfuil siad ag tógaint de réir an mhodha atá níos traidisiúnta arís. Ní raibh aon ghearáin mhóra den chineál sin i gceist in aon tionscadail dá gcuid le déanaí. (c) Sleamhnú díonta i bhFionnghlas Theas, Baile Átha Cliath.97. Go luath i 1978 braitheadh sleamhnú sna díonta i dtithe de chuid na GFN i bhFionnghlas Theas, Baile Átha Cliath. Tógadh na tithe seo mar chuid de mhargadhh deartha agus tógála faoi Thionscadal Tithíochta Ordú Ráthaithe an Rialtais agus conraitheoir foirgníochta mór amháin a thóg iad. Tosaíodh orthu i 1972 agus críochnaíodh iad i 1973. 98. Rinne an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán scrúdú anmhion ar an sleamhnú sna díonta agus gheofar na torthaí sna freagraí a thug an GFN ar cheisteanna i bhFoscríbhinn 2. Bhain cúis an tsleamhnaithe sna díonta le húsáid trus-rachtaí réamhdhéanta a húsáidtí go minic agus atá fós in úsáid go rialta i ndéanamh díonta. Sa chás seo cuireadh na trusanna suas gan aon fhiar-neartú ná aon chineál tras-chobhsaíochta in aghaidh na gaoithe a bheith déanta orthu agus tógadh roinnt de na trusanna ó shuíomh ingearach. Dá thoradh-san ar fad tharla sleamhnú cothrománach sna díonta. Mhol innealtóirí comhairleacha déanmhais ón Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán agus ón GFN go ndéanfaí obair cheartúcháin shubstaintiúil ar spásanna díonta na dtithe. Tá an obair cheartúcháin sin críochnaithe anois agus is iad na conraitheoirí lenar bhain sé agus an GFN a dhíol as. Níor chosain sé tada ar Bhardas Bhaile Átha Cliath. 99. Tá sé ráite ag an GFN i bhFoscríbhinn 2 nach raibh “… de réir an ghnáthchleachtas san am aon fhiar-neartú in aghaidh na gaoithe déanta ar na trus-rachtaí réamhdhéanta.” Luaigh an Roinn Comhshaoil, ina n-aighneacht an 30 Meitheamh 1980 “An tráth a tógadh an 346 teach i bhFionnghlas Theas sa roinn sin de inar tharla sleamhnú díonta i gcuid di, ní raibh aon Sonraíocht Chaidhdeánach Éireannach ann do thrusrachtaí agus níor ghnáthchleachtas é na trusanna a neartú in aghaidh na gaoithe”. 100. Is eol don Chomhchoiste go bhfuair an GFN, chomh fada siar le 1968, comhairle ó innealtóir déanmhais a bhain le neartú in aghaidh gaoithe a dhéanamh ar dhíon-trusanna réamhdhéanta. Mhol an t-innealtóir gur chóir neartú fiartha a dhéanamh in éagmais aon saghas neartaithe eile. Sa Treoir Deartha “Timber-lab 29” a d’fhoilsigh an tSaotharlann Taighde do Tháirgí Foraoise i Sasana, dúradh, san athchóiriú i 1972, maidir le húsáid trus-rachtaí réamhdhéanta:— “Consideration should also be given to the need to provide permanent lateral bracing to the roof. Where walls are of insufficient strength to provide resistance to lateral forces acting on the roof, lateral bracing of the trussed rafters should be provided independent of the walls. This should take the form of a system of members nailed to the underside of each rafter and sloping diagonally from ridge to eaves and spanning at least four trusses at each end of the roof. Where the walls are capable of providing lateral resistance they may be used as fixing points for the lateral bracing of the trussed rafters. This could be done by positioning trussed rafters hard up against the walls and securing the tiling battens to the walls by positive fixings …” 101. I bPleananna Tithe Caighdeánacha de chuid na Roinne Rialtais Áitiúil do theaghais ar leith a dearadh an tráth céanna agus a foilsíodh i 1972 áiríodh fiar-neartú in aghaidh na gaoithe sna líníochtaí agus sna sonraíochtaí do dhíonta le trus-rachtaí. I gcás Fhionnghlaise Theas, tógadh na díon-trusanna gan aon fhiar-neartú agus níor leagadh iad gar don bhalla teorainn ná do na ballaí binne ná níor greamaíodh orthu sin iad. Feictear ón líníocht don tionscadal gur leagadh na trusanna amach ón mballa teorainn le go rachadh aer-phíopa trí spás an dín. Ní raibh aon stoic simléir ann a d’fhéadfaí a úsáid chun cobhsaíocht a thabhairt do na díonta ar shleamhnú cliathánach. 102. Cé nach raibh aon bhreith deimhneach tugtha ar úsáid trusrachtaí tráth deartha agus tógála na dtithe i bhFionnghlas Theas, is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil fianaise ann a thugann le fios nár chóir na tithe i bhFionnghlas Theas a thógáil gan fiar-neartú in aghaidh na gaoithe nó fiarchobhsaíocht eile sna díonta a bheith déanta orthu, ag féachaint don eolas a bhí ar fáil ag an am sin. Caithfear cuid den fhreagracht a chur ar an GFN toisc nár thug siad faoi deara go raibh tras-chobhsaíocht riachtanach i gcás na dtithe seo. Caithfear leis cuid den fhreagracht a chur ar an GFN mar nar fhéach siad chuige go raibh na trus-díonta sin alínithe go ceart-ingearach, i gcás na dtithe sin. (d) Damáiste stoirme ar dhíonta i b Páirc na Coiribe, Gaillimh103. Rinne gálaí móra an-damáiste do dhíonta tíleacha i bPáirc na Coiribe, an Caisleán Nua, Gaillimh, an 27/28 Eanáir, 1974. Tionscadal tithíochta faoi Ordú Ráthaithe na GFN ab ea an tionscadal sin agus críochnaíodh na tithe i Meitheamh, 1973. 104. Iarradh ar an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán tuarascáil a ullmhú ar an laige ansin agus gheofar sliocht as an bhfreagra uathu i bhFoscríbhinn 2. 105. Deirtear i dtuarascáil na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán gur shásaigh na tíleacha sonraíocht na GFN (cé is moite de Headlap), go raibh an tairneáil easnamhach, de réir na sonraíochta, agus nár chomhlíon an tairneáil sonraithe an tsonraíocht a bhí molta ag déantóirí na dtíleacha do dhíonta i láithreacha sceirdiúla. Dealraíonn sé don gComhchoiste gur dearmad sa tsonraíocht ag an GFN ba chúis leis na deacrachtaí sa chás seo. Tuigeann an Coiste, áfach, go ndéanfaí dochar éigin, fiú dá mbeadh an tsonraíocht i gceart, óir bhí an stoirm an-dona, ach is cinnte nach mbeadh an damáiste chomh holc agus a bhí chor ar bith. (e) Taise i dtithe i bPáirc na Coiribe, Gaillimh106. Déanach sa bhliain 1974 agus go luath sa bhliain 1975, tuairiscíodh go raibh taise i dtithe i bPáirc na Coiribe, an Caisleán Nua, Gaillimh. Tógadh na tithe seo faoin tionscadal Ordaithe Ráthaithe agus críochnaíodh iad i Meitheamh na bliana 1973. 107. D’ullmhaigh an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeatn tuarascáil i dtaobh na bhfadhbanna sin agus gheofar, i bhFoscribhinn 2, sliocht as an bhfeagra uathu mar chuid de na freagraí a sholáthraigh an GFN. 108. Bhí ballaí cuasacha traidisiúnta ag na tithe sin a tógadh le bloic choincréite agus ceapadh gurb é ba chúis leis an taise agus leis an bhfás caonaigh a lean as ná an fraighfhliuchras a tharla de dheasca drochaerála agus easpa teasa agus a bhí níos measa fós de cheal tinte agus simléir thraidisiúnta nó deis aerála sna ballaí seachtracha. 109. Maidir leis na fadhbanna fraighfhliuchrais sa tionscadal sin tuigtear don Chomhchoiste gur fadhbanna iad a bhaineann le tithíocht sa Bhreatain agus in áiteanna eile. Níl aon locht ar dhéanmhas na dtithe ach tharla an iomarca taise laistigh den déanmhas mar gheall ar úsáid na dtithe, droch aeráil, mórchostas breosla agus ardleibhéil taisligh sa cheantar. (f) Taise i dtithe ag Eastát Pháirc an Chaisleáin, Tamhlacht110. Tharla taise dá leithéid sin roimhe sin i dtithe in Eastát Pháirc an Chaisleáin i dTamhlacht agus tugadh cuntas air i 1972 sular críochnaíodh an tionscadal. 111. Tá na freagraí i dtuarascáil na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán áirithe i bhfreagraí na GFN i bhFoscríbhinn 2. Sa chás seo, tógadh ballaí na dtithe le coincréit den chineál neamh-mhín (“no fines”) agus ní raibh aon iarta iontu cé go raibh deis aerála sna ballaí seachtracha. Ní raibh aon rian báistí trí na ballaí agus dúradh arís gur fraighfhliuchras a tharla de dheasca droch-aerála agus easpa teasa ba chúis leis an taise. Mar gheall ar dhroch-insliú ó na ballaí seachtracha, nach raibh cuasach, agus de dheasca líneáil inslithe inmheánamh a bheith in easnamh, ní raibh na tionóntaithe in ann dóthain teasa a choimeád sna tithe chun fraighfhliuchras a chosc ar éadan inmheánach na mballaí seachtracha, bíodh go raibh deiseanna buan-aerála sna ballaí. 112. Ní úsáidean an GFN aon choincréit neamh-mhínithe (“no fines”) ina gclár tithíochta reatha. Tuigeann an Comhchoiste, áfach, gur tógadh tithe le coincréit den saghas sin agus go bhfuil siad fós á dtógáil go forleathan ach go dtuigtear anois go gcaithfear líneáil bhalla inslithe a chur isteach chomh maith. (g) Tine i dteach i gCeathrú an Rodaigh, i gCo. Thiobraid Árann113. Um Nollaig 1975 fuair roinnt daoine i dteaghlach i gCeathrú an Rodaigh Co. Thiobraid Árann bás nuair a tharla tine ina dteach le linn dóibh bheith ina gcodladh thuas staighre. Teach de chuid na GFN a bhí i gceist. Bhí imní ar an údarás áitiúil nach raibh an déanamh ar thithe den chineál sin sábháilte agus d’iarr an GFN ar an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán an cineál tógála sin a scrúdú. Tosaíodh ar sin i 1976 agus níor críochnaíodh é go dtí 1980 mar gheall ar dheacrachtaí a bhuail leis an Institiúid cruinnithe sainordaitheacha a thionól leis an údarás áitiúil agus le comhairleoir dóiteáin na Roinne Comhshaoil. 114. Tógadh na tithe sin de réir an Thionscadail faoi Ordú Ráthaithe trí theicníc chóras-tógála a úsáid arb é atá i gceist léi cros-bhalla coincréite in-situ agus athlíonadh de thógáil éadrom adhmaid frámaithe agus díonta leibhéalta. Tógadh tithe den chineál céanna in áiteanna eile ar fuaid na tíre agus úsáideadh na teicnící foirgníochta céanna. An éadroime nádúrtha a bhaineann leis an bhfoirgníocht athlíonta sna tithe sin is rud é a thug ar na húdaráis áitiúla sna ceantair inar tógadh iad na tithe sin a lochtú go ginearálta agus ceistíodh cé chomh sábháilte a bhí tógáil na dtithe céanna nuair a tharla tine ar an láthair le linn tógála i scéim i mBré, Co. Chill Mhantáin. Tá an chuma air ón tine i gCeathrú an Rodaigh go raibh bunús leis an drochamhras a bhí ar dhaoine i dtaobh an chineál tógála sin. 115. Tá in Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán tar éis déanamh na dtithe sin a scrúdú ag féachaint do dhréacht-Rialacháin Foirgníochta na hÉireann atá bunaithe ar an meán ar Rialacháin Foirgníochta na Breataine. Is iad na Rialacháin sin atá mar bhonn le haon bhreith ar mhodh foirgníochta tí ar bith is cuma cé acu tógtha go traidisiúnta nó de réir córais. 116. Bhunaigh tuarascáil na hInstitiúide Taighde Tionscail agus Caighdeán gur chomhlíon na tithe ag Ceathrú an Rodaigh, Co. Thiobraid Árann na dréacht-Rialacháin Foirgníochta. Aimsíodh locht beag sonraithe amháin a bhaineann le staonadh dóiteáin ag deireadh na n-urlár uachtair ach cinneadh nach raibh aon bhaint aige le leathadh an dóiteáin ar fuaid na dtithe agus bás na ndaoine a tharla mar gheall ar an leathadh sin. Bhunaigh tuarascáil na ITTC mar sin gur dearadh agus gur tógadh na tithe i gceart ag féachaint don chritéir teicniúil cuí ar dá réir a measadh leordhóthanacht an mhodha foirgníochta agus nach raibh aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go seachnófaí na básanna sa teaghlach sin faoi na himthosca tine céanna dá mba theach tógtha ar an modh traidisiúnta a bheadh sa teach. (h) Freagracht na GFN maidir le lochtanna teicniúla sa Tionscadal Tithíochta faoi Ordú Ráthaithe117. Tá iarracht déanta ag an gComhchoiste cúram na GFN faoi gach roinn dá gnó a shoiléiriú chomh maith le gnó na Roinne Rialtais Áitiúil a thug breith ar na tograí agus a rinne maoirseacht orthu maidir le togáil tithe de réir an Tionscadail Tithíochta faoi Ordú Ráthaithe. 118. San aighneacht ón Roinn Comhshaoil an 30 Meitheamh 1980 tá an cúlra tugtha a ghabhann leis an Tionscadal Tithíochta faoi Ordú Ráthaithe agus oibriú an Tionscadail sin (Feic Foscríbhinn 4). 119. De réir na dtreoracha ón Rialtas i leith an chláir a bhí beartaithe thug an Rialtas cuireadh do chonraitheoirí tógála dlúth-phlean deartha agus tógála a chur isteach i gcomhair tithe íseal-chostais agus cead acu cibí teicnící tionsclaíocha a bheadh iomchuí a úsáid. Bhí sé sonraithe cur suas le laghdú éigin ar na caighdeáin foirgníochta sa mhéid a bhain le saolré dá mba rud é go bhféadfaí sábháil suntasach a dhéanamh ar an gcostas caipitil ach chaithfeadh tograí a bheith de réir na gnáthshonraíochta maidir le nithe ar nós cobhsaíocht, insliú agus baol dóiteáin. 120. Luaitear san aighneacht ón Roinn Comhshaoil go bhfuil “… comhoibriú dlúth seasmhach idir comhairleoirí teicniúla na Roinne agus an Ghníomhaireacht, atá geall leis comhionann le carn eolais agus inniúlachta ag an dá thaobh”, agus go raibh “… doiciméid an chonartha deiridh le scrúdú go comhpháirteach ag an Roinn agus ag an nGníomhaireacht nó ag an Údarás Aitiúil”. 121. Tuigeann an Comhchoiste as an méid sin go raibh príomh-bhaint ag an GFN le measúnú a dhéanamh ar na dearaí agus ar an leordhóthanacht teicniúil a bhain leis na tograí sa dlúth-phlean a chuir conraitheoirí foirgníochta isteach ina dtairiscint faoin Tionscadal Tithíochta faoi Ordú Ráthaithe. 122. Ag féachaint don chastacht teicniúil a leanann foirgníocht tógála, sonraíocht agus mionsonruithe eile a chuireann ar fhoirne saineolaithe a lán ama a chaitheamh le leordhóthanacht teicniúil na gcineálacha nua foirgníochta a mheas, is é tuairim an Chomhchoiste go mbeadh ar an GFN, mar gheall ar an Tionscadal faoi Ordú Ráthaithe Rialtais, seirbhísí saineolaithe san Institiúid Taighde Tionscail agud Caighdeán a fhostú chomh maith le saotharlanna éagsúla um thaighde tógála, chun é bheith ar a cumas measúnacht iomlán a dhéanamh ar an tograí go léir a cuireadh isteach i gcás teicnící foirgníochta a bhaineann le tithíocht den chineál chóras-tógtha. 123. Rud eile a bhaineann le gnó na GFN sa Tionscadal faoi Ordú Ráthaithe is ea an cáineadh a rinneadh ar thionscadail ar nós Ceathrú an Rodaigh, Co. Thiobraid Árann. Mar a dúradh i dtuarascáil na ITTC i dtaobh na dtithe sin ní raibh aon locht teicniúil orthu ó thaobh na foirgníochta de ach rinne an t-údarás áitiúil agus na tionóntaithe cáineadh ar leagadh amach na foirgníochta. Tá scéimeanna eile ar fuaid na tíre in áiteanna difriúla agus cáineadh amhlaidh iad. Mar a dúirt an Roinn Comhshaoil ina haighneacht dar dháta 30 Meitheamh 1980 dúradh i dtéarmaí tagartha an Tionscadail faoi Ordú Ráthaithe “D’fhéadfadh sé gur tograí iad sin do theaghais a mbeadh saolré níos giorra acu ná teaghais den saghas traidisiúnta, ach chaithfí féachaint chuige go mbraithfí sábháil dá réir iontu ar an gcostas caipitil.” Is léir ón ráiteas sin go rabhthas ar tí teacht ar shocrú leath-bhealaigh éigin maidir le caighdeáin foirgníochta agus sonraíochta. Is é tuairim an Chomhchoiste nach féidir an fhreagracht a chur ar an GFN mar gheall ar an gcineál foirgníochta a úsáidtear i dtionscadail “íseal-chostas” tithíochta faoin Tionscadal faoi Ordú Ráthaithe, i gcás gur comhlíonadh na rialacháin iomchuí a rialaíonn tógáil tithe, eadhon, dréacht-Rialacháin Foirgníochta na hÉireann agus Rialacháin agus Cóid Chleachtais chomhfhreagracha na Breataine agus go mbaineann cáineadh an chineál foirgníochta sin lena “shaoire” bunaidh a léiríodh i bpolasaí an Rialtais an tráth sin. 124. Cé go n-admhaíonn an Comhchoiste go raibh brú ar an GFN ón Rialtas breis tithe agus tithe níos saoire a thógáil i rith an ama sin, is é tuairim an Chomhchoiste go gcaithfear cuid den fhreagracht a chur ar an GFN sa mhéid a bhain le cuid de na lochtanna teicniúla ar na scéimeanna Tionscadail Tithíochta faoi Ordú Ráthaithe. I gcásanna áirithe, mar shampla, sleamhnú díonta agus droch-thíleacha ar dhíonta, ba chóir go bhféadfaí, i dtuairim an Chomhchoiste, na fadhbanna sin a sheachaint. An cheist is deacra, áfach, is é sin, insliú, téamh agus aeráil easnamhach as a dtáinig taise agus fás caonaigh, is é tuiscint an Chomhchoiste gur tharla fadhbanna den chineál céanna i dtíortha eile i gcás tionscadal dá samhail a tógadh an tráth céanna, inar úsáideadh teicnící saora córastógtha gan tine oscailte ar bith. 125. Is eol don Chomhchoiste gur éirigh an GFN as úsáid teicnící córas-tógtha roinnt blianta ó shoin agus gur modhanna traidisiúnta a úsáideadh sna cúig bliana dheireanacha i dtionscadail tithíochta na GFN agus gur ghlac údaráis áitiúla agus tionóntaithe leo go fabharach óir bhíodar go ginearálta saor ó aon lochtanna teicniúla. (i) Seasamh na GFN maidir le leachtú Lakeglen Construction Ltd.126. Sa bhliain 1978, tharla go ndeachaigh Lakeglen Construction Ltd. faoi leachtú le linn dó a bheith faoi chonradh cúig thionscadal tithíochta a thógáil don GFN. Bhí nodanna sa phreas a thug le fios nár scrúdaigh an GFN staid airgeadais Lakeglen Construction Ltd. sách dóthanach agus gur shínigh an GFN conradh tógála leis an gcuideachta sin nuair ab eol go raibh sí i dtrioblóid ó thaobh airgid. Bhí an tuairim chéanna ag an gConaidhm Tionscail Fhoirgníochta. 127. An córas atá ag cuideachtaí árachais bannaí árachais a eisiúint do chonraitheoirí is córas é lena áirithiú go gcríochnófaí conarthaí a bheadh idir lámha, i gcás go dteipfeadh ar na conraitheoirí na hoibreacha a chríochú ar chúis ar bith, ar nós féimheacht, droch-obair nó droch-dhul chun cinn. An chuideachta árachais a eisíonn an deimhniú banna do chonraitheoir féachann sí le scrúdú iomlán a dhéanamh ar staid airgeadais an chonraitheora i gceist, lena n-áirítear tuairiscí bainc, tagarthaí trádála agus cuntais agus gníomhú gnó an chonraitheora. Glactar leis de ghnáth gur fianaise leordhóthanach ar sheasamh airgeadais conraitheora é má eisíonn cuideachta árachais deimhniú banna tar éis mionscrúdú a dhéanamh ar an gconraitheoir sin agus an scrúdú sin a bheith fabharach. 128. I gcás na GFN agus Lakeglen Construction, áfach, tugadh tionscadal amháin don Lakeglen Construction i mí na Bealtaine 1977, 10 mí roimh leachtú na Cuideachta, gan aon bhanna árachais. Tá cruthú faoin gcinneadh a rinneadh conradh a thabhairt gan bhanna, le fáil in aighneacht na GFN i scríbhinn, an 24 Aibreán 1980. Is é tuairim an Chomhchoiste nach raibh sé mí-réasúnta don GFN ligean leis an tionscadal dul ar aghaidh gan bhanna, nuair a chuirtear san áireamh dálaí luaite i dtaobh gníomhaithe roimhe sin, praghas tairisceana an-iomaí agus bannaí de 12½% a bheith eisithe an tráth sin ar dhá chonradh chomhaimseartha eile. 129. In Eanáir 1978 chuir an GFN conradh eile ar fáil do Lakeglen Construction i gcomhair scéim ag Seanchonach, Co. Bhaile Átha Cliath, a raibh £859,916 curtha ar leithligh dó. Seo é an uair a líomhnaítear gurbh eol go raibh Lakeglen Construction i dtrioblóid ó thaobh airgid de. Bhí an GFN áfach in ann banna árachais 25% a fháil ó Lakeglen Construction a d’eisigh Corparáid Árachais na hÉireann, a raibh trí bhanna eisithe acu roimhe sin don Lakeglen Construction Ltd. B’shin banna níos airde ná mar a soláthraíodh roimhe sin. 130. Tá an Comhchoiste sásta nach bhféadfadh an GFN aon ní breise a dhéanamh a léireodh di cé chomh sábháilte a bhí an Lakeglen Construction Ltd. ó thaobh airgid de. B’shin é breith an Chomhchoiste tar éis dóibh a fháil amach go bhfuair an GFN banna 25% ó Chorparáid Árachais na hÉireann faoi chomhair an chonartha don scéim ag Seanchonach, Co. Bhaile Átha Cliath, a tugadh don Lakeglen Construction Ltd., in Eanáir na bliana 1978. 131. Maidir le gnéithe eile de leachtú an Lakeglen Construction Ltd, a chuir as go mór do na tionscadail tithíochta a bhí idir lámha acu, dúirt Bardas Chorcaí ina n-aighneacht i scríbhínn “gur cheart ard-mholadh ar fad a thabhairt don GFN as an gcaoi a láimhseáil siad leachtú an chonraitheora lena mbaineann agus fostú conraitheora eile chun an scéim a chríochnú.” Ón bhfianaise scríofa a chuir Bárdas Chorcaí isteach, creideann an Comhchoiste gur raibh an GFN dúthrachtach agus freagrach ag réiteach na ndeacrachtaí a tharla de dheasca an leachtaithe sin agus an chur isteach ar chonarthaí a raibh an Lakeglen Construction Ltd. bainteach leo. VIII CRÍOCH132. Thóg an Coiste síos fianaise ó ionadaithe de chuid na Gníomhaireachta Foirgníochta Náisiúnta Teoranta. An fhianaise i scríbhinn, a thugtar i bhfoirm Iarscríbhinní leis an Tuarascáil seo sholáthraigh na dreamanna seo a leanas é: An Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta, an Roinn Comhshaoil, an Roinn Cosanta, Oifig na nOibreacha Poiblí, aon údarás áitiúil is fiche, Cónaidhm Thionscail na hÉireann, Cónaidhm Tionscail Fhoirgníochta agus an Teachta Micheál Céitinn. Ba mhaith leis an gCoiste a mbuíochas a ghabháil le gach duine a thug fianaise dóibh. 133. Mar chríoch, ba mhaith leis an gCoiste a mbuíochas a ghabháil leis an Uas. Ó Loingsigh, leis an Uas. N. Mac Eoin, Ailtire Comhairleach agus le Tomás P. Ó Fearais, Eacnamaí, as ucht a gcúnamh san fhiosruchán seo. (Sínithe) EOIN Ó RIAIN. Cathaoirleach an Chomhchoiste. 2 Deireadh Fómhair 1980 1Díospóireachtaí Dála, Imleabhar 206, Col 618. 2Díospóireachtaí Dála, Iml. 241, Colún 2052-2053. 5Feic Fianaise (Ceist 1 go 4, 9 go 21 agus 43 go 45). 18Feic Foscríbhinn 1A (Leáráid Eagraíochta na Gníomhaireachta Foirgníochta). 22Feic Díospóireachtaí Dála (Imleabhar 311, colún 883). 25Arna choigeartú mar gheall ar bhoilsciú. * Tagann “Barrachas tar éis cánach” do 1977 roimh choigeartú ar cháin na bliana roimhe sin. 27Tagann “Barrachas tar éis cánach” do 1977 roimh choigeartú ar cháin na bliana roimhe sin. * Tagann “Barrachas tar éis cánach” do 1977 roimh choigeartú ar cháin na bliana roimhe sin. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||