Committee Reports::Report No. 79 - Consumer Credit::23 July, 1980::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 23 Iúil, 1980

Wednesday, 23rd July, 1980

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 3 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


An Seanadóir Mac Gearailt (i gCeannas), na Teachtaí Lionard, Ó Cuinn agus Mac Gabhann; na Seanadóirí Ó Maolchatha agus Bean Mhic Roibín.


3. Dréacht-Tuarascáil ar Threoir Bheartaithe faoi Chreidmheas Tomhaltóirí.


D’athchrom an Comhchoiste ar an Dréacht-Tuarascáil a bhreithniú.


Tarraingíodh siar an Dréacht-Tuarascáil, faoi chead.


Bhreithnigh an Comhchoiste Dréacht-Tuarascáil athbhreithnithe a thug an Seanadóir Ó Maolchatha ar aghaidh.


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 11, go huile.


(ii) Mír 12.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Bean Mhic Roibín):


“In the fourth sentence, to delete ‘recommends that the Directive be amended to exclude from its provisions’ and substitute ‘therefore recommends that the Commission be asked to examine whether it would be possible to exclude from the provisions of the Directive’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh míreanna 13 go 17, go huile.


(iv) Mír 18.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Bean Mhic Roibín).


“In page 10, line 15, after ‘amount’ to insert ‘(e.g. IR£10,000)’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(v) Aontaíodh míreanna 19 go 25, go huile.


(vi) Mír 26.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Mac Gearailt):


“In page 14, line 2, to delete ‘creditor’ and substitute ‘consumer’.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(vii) Aontaíodh mír 27.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


3. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 4.35 p.m.