Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1978::17 April, 1980::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 17 Aibreán, 1980

Thursday, 17th April, 1980

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Ó hArgáin, Ó Loideáin, Ó Murghaile, Ó Briain agus Mac Pháidín.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1978


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1978. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Teaghlachas an Uachtaráin, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, An tSeirbhís Sicréideach, Costais Ilghnéitheacha, Deontais Talmhaíochta, Sláinte, Talmhaíocht, Tailte.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh T. F. Ó Cofaigh (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), An Dochtúir B. Ó hAonghusa (Rúnaí, An Roinn Sláinte), S. Ó Mathúna (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.