|
IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTEPROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEEDé Céadaoin, 16 Aibreán, 1980Wednesday, 16th April, 19801. Chruinnigh an Comhchoiste ar 6 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhi na Comhaltai seo a leanas i láthair: Na Teachtaí Ó Donnagáin, Lionard agus Ó Cuinn; na Seanadóirí Mac Conraoi, Ní Athairne, Ó Maoldhomhnaigh agus Ó Maolchatha. 3. Cathaoirleach Gníomhach a Thoghadh. Rinneadh tairiscint (An Seanadóir Ó Maolchatha). “That Senator Molony be Chairman of this meeting.” Cuireadh agus aontaíodh an Cheist. Chuaigh an Seanadóir Ó Maoldhomhnaigh i gCeannas dá réir sin. 4. Dréacht-Tuarascáil ar Chúnamh Comhphobail le hAghaidh Forbairt Bhonneagair in Éirinn. Thug an Seanadóir Ó Maolchatha Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas: Rinne an Comhchoiste breithniúchán. Ordaíodh: Go gcuirfí tuilleadh breithniú ar an Dréacht-Tuarascáil ar atráth. 5. Athlá. Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 7.05 p.m. |
||||||||||||