|
IMEACHTAÍ AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 13 Márta, 1980Thursday, 13th March, 19801. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí Béalatún, Ó Briain agus Mac Gabhann. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1978 Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1978. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas— Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An Phríomh-Óifig Staidrimh, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Iascaigh, Foraoiseacht. 4. Finnéithe a Ceistíodh Ceistíodh D. Ó Riain (Coimisinéir Luachála), T. Ó Luineacháin (Stiúrthóir, An Phríomh-Oifig Staidrimh), S. S. Mac Cárthaigh (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), A. Ó Dúgáin (Rúnaí, An Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta), B. Ó Ciosáin agus T. Ó Conchúir (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá Chuaigh an Coiste are athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn. |
||||||||||||