Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1978::08 May, 1980::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 8 Bealtaine, 1980

Thursday, 8th May, 1980

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i LLáthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Béalatún, Filgate, Ó Murghaile agus Ó hAnnluain.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1978


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1978. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí, Coimisiún na Státseirbhíse, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Luach Saothair, Leas Sóisialach, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh S. Mac Gamhna (Rúnaí, Roinn na Seirbhíse Poiblí), C. Ó Coileáin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), A. Mac a’Bhaird (Rúnaí, an Roinn Dlí agus Cirt) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.