Committee Reports::Report No. 54 - Construction Products::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí a rinne an Coimisiún le haghaidh (a) Treoir ón gComhairle ar chomhfhogasú dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát maidir le táirgí foirgníochta agus (b) Rún ón gComhairle ag leagan síos liosta de tháirgí tosaíochta lena mbainfidh Treoracha eile ag cur na Treorach thuasluaite [R/3289/78 (ECO 272)] i ngníomh.


2. Tá an Treoir bheartaithe bunaithe ar Airteagal 100 de Chonradh CEE agus dá bhrí sin tá de chuspóir léi deireadh a chur le bacainní teicniúla neamhfhioscacha ar thrádáil laistigh den Chomhphobal i dtáirgí a úsáidtear sa tionscal foirgníochta. Is Treoir ghréaschló í a bhfuil i gceist inti go ndéanfar Treoracha feidhmiúcháin a chumhdódh táirgí ar leith nó grúpaí táirgí nó a fhorordóidh nithe a bhainfidh leis na táirgí uile. Baineann an Rún beartaithe ón gComhairle leis na táirgí dá dtabharfar tosaíocht le linn Treoracha feidhmiúcháin a ghlacadh.


Treoir Ghréaschló

3. Bhainfeadh an Treoir ghréaschló bheartaithe leis na táirgí uile a úsáidtear le linn foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta a dhéanamh cé go mbeadh gá, mar a dúradh cheana, le Treoracha feidhmiúcháin chun an córas atá i bhfís a chur i bhfeidhm i leith táirgí leithleacha. Leagann an dréacht-Treoir ghréaschló síos na nósanna imeachta is féidir a chleachtadh agus na prionsabail a bheidh le comhlíonadh le linn Treoracha a fheidhmiú. Foráiltear nach dtig le Ballstáit margú táirgí a dhiúltú, a thoirmeasc nó a shrianadh más táirgí iad a chomhlíonann na Treoracha iomchuí agus mheasfaí gurb amhlaidh do tháirgí a bhfuil marcanna agus/nó deimhnithe comhréireachta CEE faighte acu de réir nósanna imeachta forordaithe.


4. Is iad na nósanna imeachta atá beartaithe (a) cineál-cheadú CEE ó Bhallstát, (b) cineál-scrúdú CEE arna sheoladh ag Comhlachtaí ag a bhfuil údarás ó Bhallstát agus (c) féindeimhniúchán CEE ó mhonaróirí. Féadfaidh fíorú CEE ar chineál-chomhréireacht, arna sheoladh ag comhlachtaí a cheadaigh an Ballstát, a bheith ag gabháil leis an dá cheann tosaigh díobh sin.


5. Is le sláinte agus sábháilteacht is mó a bhaineann na prionsabail a bheidh le comhlíonadh. Bheadh rian na bprionsabal sin le brath ar ábhar teicniúil na Treorach feidhmiúcháin a chumhdódh, de réir mar ba ghá,


airíonna teicniúla, ag féachaint don úsáid a bheartaítear a bhaint astu,


modhanna tástála,


códanna ríomhaireachta do shaintréithe agus do ghníomhaíocht,


aicmiú agus modhanna aicmithe,


modhanna cigireachta,


rialacha lena gcur i ngníomh.


Dréacht-Rún

6. Ag féachaint do líon agus éagsúlacht na dtáirgí molann an Coimisiún go nglacfadh an Chomhairle, le Rún, liosta táirgí tosaíochta do na Treoracha feidhmiúcháin. Seo iad na cúig fhoroinn sa liosta atá á mholadh aige, eadhon, (a) táirgí a bhfuil cobhsaíocht struchtúrtha an-riachtanach iontu, (b) táirgí adhmaid, (c) táirgí plaisteacha agus sintéiseacha, (d) táirgí chun tithe a fheistiú agus (e) cáilíocht ábhar agus comhábhar foirgníochta i gcás tine.


Treoracha Feidhmiúcháin

7. Is í an Chomhairle, ag gníomhú dí d’aontoil, a dhéanann treoracha, faoi Airteagal 100 de Chonradh CEE, arb é is cuspóir dóibh deireadh a chur le bacainní teicniúla ar thrádáil trí dhlíthe náisiúnta a chomhchuibhiú. Ag baint feidhme dó as Airteagal 155 den Chonradh a cheadaíonn don Choimisiún na cumhachtaí a fheidhmiú a thabharfaidh an Chomhairle dó chun na Rialacha a chur i ngníomh a bheidh leagtha síos ag an gComhairle, molann an Coimisiún nós imeachta nua sa Treoir ghréaschló chun Treoracha feidhmiúcháin a dhéanamh. Is é an Coimisiún a dhéanfadh dréachtú ar Threoracha feidhmiúcháin agus dhéanfaí breithniú orthu ag Coiste ar a mbeadh ionadaithe ó na Ballstáit agus bheadh ar an gCoiste tuairim a thabhairt ar gach dréacht ar leith laistigh de thréimhse áirithe ama. Dhéanfaí tuairimí a ghlacadh le tromlach 41 vóta as na 61 vóta a bheadh ar fáil do na Ballstáit agus lena ngabhfadh meáchan de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 148 (2) den Chonradh. De réir an nós imeachta sin bheadh trí vóta ag Éirinn. Dá mba thuairim fhabhrach í, d’eiseodh an Coimisiún na Treoracha feidhmiúcháin ansin. Murab ea nó mura mbeadh Tuairim ar bith ann, chuirfeadh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle gan mhoill agus ghníomhódh an Chomhairle ansin trí thromlach cáilithe. Mura ngníomhódh an Chomhairle laistigh de 3 mhí, d’fhéadfadh an Coimisiún ansin na dréacht-Treoracha feidhmiúcháin a eisiúint.


8. Cuireann an Coimisiún an nós imeachta sin i gcosúlacht leis na córais reachtaíochta tarmligthe atá in úsáid i mBallstáit agus deir sé go n-éascódh agus go dtapódh sé an comhchuibhiúchán. Deir an Coimisiún go bhfuil córas mar sin ann cheana féin chun Treoracha a chur in oiriúint do dhul chun cinn i gcúrsaí teicniúla.


Modhanna Comhchuibhiúcháin

9. Maidir leis an modh comhchuibhiúcháin atá le húsáid sna Treoracha feidhmiúcháin luann an Coimisiún dhá cheann, modh roghnach agus modh iomlán. Faoin modh “roghnach” thabharfaí ráthaíocht do mhonaróirí go mbeadh saorchúrsaíocht ar mhargadh an Chomhphobail ag táirgí a bheadh i gcomhréir le caighdeáin fhorordaithe an Chomhphobail ach d’fhágfadh sé de cheart ag na Ballstáit ar leith a chinneadh an bhféadfaí, agus na coinníollacha faoina bhféadfaí, táirgí nach mbeadh i gcomhréir amhlaidh a dhíol agus a úsáid ar a gcuid críocha féin. Chuirfeadh an modh “iomlán” d’fhiacha ar Bhallstáit gan aon táirgí a ligean isteach ar a gcuid margaí ach na táirgí sin amháin a chomhlíonann na Treoracha iomchuí. Tugann an Coimisiún le fios go bhfuil sé i bhfabhar an modh roghnach a úsáid tríd is tríd, i leith táirgí foirgníochta cé nach bhfágann sé an modh iomlán as an áireamh do chásanna eisceachtúla.


Ciallachais d’Éirinn

10. Feidhmítear rialúcháin fhoirgníochta in Éirinn le fodhlíthe arna ndéanamh faoi na hAchtanna Sláinte Poiblí agus áiritear orthu. inter alia, rialacháin áirithe ar ábhair atá le húsáid san fhoirgníocht. Níl ach sé údarás áitiúil ar fad a bhfuil fodhlíthe den chineál sin déanta acu, mar atá, Bardais Chorcaí, Bhaile Átha Cliath, Dhún Laoghaire agus Luimnigh, Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath, agus Comhairle Cheantair Uirbigh Bhré. Tugadh le fios don Chomhchoiste go mbeartaítear sraith chuimsitheach Rialachán foirgníochta, ina ndréacht faoi láthair, a chur in ionad na bhfodhlíthe sin agus bheadh ar áireamh iontu alt a bhainfeadh le hoiriúnacht ábhar. Tá an reachtaíocht is gá san Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963. Ní féidir a rá ag an bpointe seo an mbeidh gá le reachtaíocht leasaitheach chun na ceanglais atá i roinnt de na Treoracha feidhmiúcháin a chomhlíonadh ach tugadh le fios don Choiste nach cosúil go mbeidh gá le leasú mar thoradh díreach ar an Treoir ghréaschló.


11. Maidir leis an gcomhchuibhiú ar dhlíthe náisiúnta a bhaineann le hábhair fhoirgníochta, ghabhfadh buntáistí leis i gcás tionscail onnmhairiúcháin ach ag an am céanna bheadh ar an margadh baile aghaidh a thabhairt ar a thuilleadh iomaíochta ón gcoigrích. Bheifí ag súil le caighdeáin níos airde ach tugadh le fios don Choiste nach dócha go n-ísleofaí praghsanna. Cuireadh in iúl don Choiste freisin nach dóigh le Córas Tráchtála go gcuirfidh an comhchuibhiú atá beartaithe aon mhórdheiseanna nua onnmhairíochta ar fáil do chuideachtaí na hÉireann.


Barúlacha an Chomhchoiste

12. Ós rud é go bhfuil bacainní neamhfhioscacha ar shaorchúrsaíocht ábhar foirgníochta ar fud an Chomhphobail, cuireann Airteagal 100 de Chonradh CEE d’oibleagáid ar institiúidí an Chomhphobail féachaint chuige go gcuirfear deireadh leo. Ní féidir cur in aghaidh na Treorach gréaschló beartaithe, mar sin, fad is atá sé dírithe chuige sin.


13. Ó thaobh prionsabail de, áfach, tá cúiseanna tromaí ann le nach nglacfaí leis an modh a bheartaítear chun na Treoracha feidhmiúcháin a ghlacadh. Is dóigh leis an gComhchoiste go bhfuil sé ar neamhréir le brí Airteagal 100 de Chonradh CEE, mura bhfuil sé contrártha ar fad dó. Ós rud é go leagtar síos sa Chonradh an nós imeachta iomchuí maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta ar mhaithe leis an gCómhargadh ní léir leis an gCoiste conas is féidir glacadh le nós imeachta eile, go háirithe nuair is nós imeachta é atá contrártha ar fad do chumhacht vótála na mBallstát mar atá sin sonraithe sa Chonradh féin.


14. Maidir leis an argóint go gcuirfeadh an tarmligean chuig an gCoimisiún feabhas ar nósanna imeachta an Chomhphobail, tá an Comhchoiste in aghaidh athruithe den chineál sin a mholadh ar bhealach neamheagartha mar sin, go háirithe ag an bpointe seo. Tá coiste ar a bhfuil triúr mór le rá ag déanamh scrúdú faoi láthair ar son Chomhairle na hEorpa ar cheist na gcoigeartuithe ar shásra agus nósanna imeachta institiúideacha chun freastal do riachtanais fhairsingiúcháin. Is é tuairim an Chomhchoiste gur cóir breithniú ar aon nósanna imeachta nua a chur siar go dtí go mbeidh deis ag Comhairle na hEorpa tuarascáil an choiste a bhreithniú agus a scrúdú.


15. Maidir leis an gceist faoi chomhchuibhiú iomlán nó comhchuibhiú roghnach, creideann an Comhchoiste gurb é is tábhachtaí gan cur isteach ar chor ar bith ar shainchumais na rialtas náisiúnta. Faoi Airteagal 100 de Chonradh CEE ní cheadaítear d’institiúidí an Chomhphobail ach an oiread comhchuibhiúcháin a dhéanamh agus is gá do bhunú nó do ghníomhú an chómhargaidh agus níl cead acu comhchuibhiú a dhéanamh ar a shon féin. Is deacair leis an gCoiste na dálaí a shamhlú ina dtarlódh nach mbeadh comhchuibhiúchán roghnach leordhóthanach chun críocha Airteagal 100. Ar aon nós ní bheadh glacadh ar chor ar bith le comhchuibhiúchán iomlán de réir an nós imeachta.


16. Mar atá cúrsaí beidh sé tamall maith sula nglacfar Treoracha feidhmiúcháin a chumhdóidh táirgí éagsúla. Measann an Comhchoiste dá bhrí sin nach cóir moill a chur ar na rialacháin foirgníochta náisiúnta atá beartaithe agus ba mhaith leis dá gcuirfí i bhfeidhm go luath iad.


Buíochas

17. Chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus leis an gCónaidhm Tionscail Fhoirgníochta i ndáil le tograí an Choimisiún. Is mian leis a bhuíochas a chur in iúl as an gcúnamh a fuair sé.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979.