Committee Reports::Report No. 53 - Safety Standards in respect of Ionising Radiation::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar thogra an Choimisiúin le haghaidh Treoir (EURATOM) ón gComhairle ag leasú na Treorach a leagann síos na bunchaighdeáin shábháilteachta athbhreithnithe chun sláinte an phobail i gcoitinne agus oibrithe a chosaint ar chontúirtí na radaíochta ianúcháin (4555/79). Tá an togra bunaithe ar Airteagail 31 agus 32 de Chonradh EURATOM faoinar féidir leis an gComhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bunchaighdeáin sin a shocrú agus iad a athbhreithniú nó a fhorlíonadh ó am go ham. I 1959 a leagadh síos bunchaighdeáin ar dtús agus is le Treoir 76/579/EURATOM a rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí orthu ach tá dáta feidhmiúcháin na Treorach sin curtha siar ag an gComhairle go dtí an 12 Iúil 1980. Is é is cuspóir don togra seo forálacha Threoir 1976 a thabhairt chun dáta.


Forálacha atá ann faoi láthair

2. Forálann Treoir 76/579/EURATOM nach mór tuairisc a thabhairt d’údarás náisiúnta i dtaobh táirgeadh, próiseáil, láimhseáil, úsáid, coimeád, stóráil, iompar agus diúscairt substaintí radaighníomhacha nádúrtha agus saorga agus gníomhaíocht ar bith eile lena ngabhann contúirt ó radaíocht ianúcháin agus gur chóir bearta a ghlacadh lena chinntiú go gcosnófar idir oibrithe agus pobal araon ar radaíocht ianúcháin.


3. Na prionsabail chosanta in aghaidh radaíochta atá i dTreoir 1976, tá siad bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chosaint in aghaidh Radaíochta (CICR). Aithnítear gurb é an CICR an chomhlacht ag a bhfuil údarás treoir a thabhairt i réimse na cosanta radaíochta agus déanann sé amhlaidh trí mholtaí a eisiúint á fhágáil faoi na húdaráis náisiúnta bheith freagrach as na moltaí sin a ghlacadh sa reachtaíocht náisiúnta. Bunaíodh Treoir 1976 ar na moltaí a rinne an CICR roimhe sin. I 1977, áfach, d’eisigh an CICR moltaí nua agus measann an Coimisiún gur gá Treoir 1976 a leasú ag féachaint do na moltaí sin.


Gearrchuntas ar an Togra

4. I moltaí an CICR, dá dtabharfaidh an Treoir bheartaithe nua éifeacht, sainmhínítear coincheapa agus aonaid nua agus tugtar roinnt luachanna nua i ndáil le cosaint na sláinte ar fhiontair rise. Tá níos mó leanúnachais ag gabháil le coincheapadh na luachanna nua sin, ós rud é go dtugann siad aird ar shonraí meitibileacha nua, agus ríomhtar ar bhealach níos loighciúla iad, mar go gcuireann siad san áireamh, don chéad uair riamh, breisitheacht na radaíochta a bhfuil na baill bheatha agus na fíocháin éagsúla faoina léith. Níl mórán difir idir na luachanna sin agus na luachanna a bhí ann roimhe seo, áfach. I gcoitinne tá cuid acu níos déine, go háirithe na cinn a bhaineann leis na dúile trasúráineacha. Tá cuid eile acu nach bhfuil chomh dian sin. Measann an Coimisiún gurb é toradh atá air sin i gcoitinne córas ríomhaireachta nua atá níos leanúnaí agus a fhreagraíonn níos luaithe do na próiseanna bitheolaíochta agus meitibileacha iarbhír agus is dóigh leis gur chóir glacadh leis an gcóras gan mhoill má táthar le feidhm a bhaint as an eolas eolaíochta is déanaí.


Reachtaíocht na hÉireann

5. Bhí Treoir ón gComhairle dar dáta an 2 Feabhra, 1959 (arna modhnú le Treoracha ina dhiaidh sin) i bhfeidhm faoin gceist nuair a chuaigh Éire isteach sa Chomhphobal i 1973. Faoi Airteagal 152 agus pointe XIII d’Iarscríbhinn XI den Ionstraim Aontachais díolmhaíodh Éire ó fhorálacha na Treorach sin go dtí an 1 Eanáir 1974. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gur tugadh an díolúine toisc go raibh forálacha an Chomhphobail á n-athbhreithniú.


6. Faoin Ordú um Fhuinneamh Núicléach (Rialú Ginearálta ar Bhreoslaí Inscoilte, Substaintí Radaighníomhacha agus Gaireas Ionradaithe), 1977 (I.R. Uimh. 166 de 1977) a rinne an tAire Iompair agus Cumhachta faoi alt 6 den Acht um Fhuinneamh Núicléach (An Bord Fuinnimh Núicléigh), 1971 (Uimh. 12 de 1971), toirmisctear breoslaí inscoilte, substaintí radaighníomhacha, feistí radaighníomhacha, gaireas ionradaithe agus táirgí fuíll radaighníomhacha a choimeád, a úsáid, a mhonarú, a allmhairiú, a dháileadh, a iompar, a onnmhairiú, nó a chur de láimh ar shlí eile ach amháin faoi cheadúnas arna eisiúint ag an mBord Fuinnimh Núicléigh a bunaíodh faoin Acht. Tá sé curtha i bhfios don Choiste go ndéanann an tOrdú sin Airteagail áirithe sa Treoir dar dáta 1 Meitheamh 1976 a chur i ngníomh. Cuireann an Bord ag gabháil le gach ceadúnas cibé coinníollacha a mheasann sé is gá chun sábháilteacht a áirithint.


7. Tugtar le fios don Choiste freisin go bhfuil an Bord Fuinnimh Núicléigh tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, leis an Roinn Saothair agus leis an Roinn Sláinte, tar éis dréacht-Rialacháin a ullmhú ina leagtar síos córas cosanta in aghaidh radaíochta d’Éirinn a chuirfeadh i ngníomh na codanna sin de Threoir 1976 ón gComhairle nach bhfuil curtha i ngníomh roimhe seo le hOrdú 1977 dá dtagraítear thuas. Tuigtear don Coiste go bhfuil aird tugtha, a mhéid is féidir, ar mholtaí 1977 ón CICR le linn na Rialacháin seo a ullmhú le súil go nglacfar leis an Treoir leasaitheach ón gComhairle.


Barúlacha an Chomhchoiste

8. Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste go bhfuil gá sa tír seo, agus an gá sin ag méadú, le bearta cosanta in aghaidh contúirtí na radaíochta ianúcháin a thagann ó ghníomhaíochtaí i gcúrsaí tionscail, leighis agus taighde. Tugtar le fios dó freisin go leagann an Treoir bheartaithe amach gréasán do chód cuimsitheach cleachtais a bheidh bunaithe ar an gcomhairle eolaíochta is fearr atá ar fáil. Tá sé i bhfábhar an Treoir bheartaithe a ghlacadh, mar sin, agus tá súil aige go gcuirfear bearta feidhmiúcháin cuí i bhfeidhm sa tír seo a luaithe is féidir.


9. Measann an Coiste go gcuireann an Conradh Aontachais, ó thaobh dlí, de dhualgas ar Éirinn forálacha na Treorach ón gComhairle, dar dáta an 2 Feabhra 1959, arna leasú, a chur i bhfeidhm amhail ón 1 Eanáir 1974. Glacann sé leis nach ndearnadh sin toisc go raibh roinnt mhaith dul chun cinn déanta chun an Treoir sin a leasú. Cibé cúiseanna praiticiúla a bhí leis, áfach, ní fheictear don Choiste conas a fhéadfadh aon bhonn dlí a bheith leis an moilliú.


Buíochas

10. Ba mhaith leis an gComhchoiste a fhíorbhuíochas a ghabháil le hOspidéal Mater Misericordiae mar gheall ar bharúlacha na foirne ar an togra seo a chur ar fáil.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979.