Committee Reports::Report No. 52 - Community Quota for the Carriage of Goods::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

Togra a Scrúdaíodh

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra seo leanas a rinne an Coimisiún faoi Airteagal 75 de Chonradh CEE a bhaineann leis an gcomhbheartas iompair a chur i ngníomh:—


Dréacht-Rialachán ón gComhairle ag leasú Rialachán (CEE) Uimh. 3164/76 i dtaobh an chuóta Comhphobail le haghaidh iompar earraí de bhóthar idir Ballstáit [(R/3492/78(TRANS 182)].


2. Cuireadh in iúl don Choiste nach féidir a rá ag an bpointe seo cathain a chríochnóidh na hinstitiúidí Comhphobail a gcuid breithniú ar an togra. Tá an Coimisiún, áfach, ag iarraidh an Rialachán beartaithe a thabhairt i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1980.


Comhlachtaí lena ndeachthas i gComhairle

3. Rinne an Comhchoiste, le linn dó an togra seo a bhreithniú, tuairimí a lorg ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann, Comhar Ceardchumann na hÉireann, Comhlachas Iompair Trasmhara na hÉireann, Comhlachas Tarló Bóthair na hÉireann, Córas Iompair Éireann, Gasra Chros an Deiscirt agus Cumann Cónaitheoirí na Dothra. Is mian leis an gCoiste a bhuíochas a chur in iúl as an mórchúnamh a fuair sé.


An Scéim faoi láthair

4. Faoin scéim, dáiltear cuóta bliantúil údarúchán ar na Ballstáit. Na daoine a bhfuil na húdarúcháin sin acu, is féidir leo earraí a iompar de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht idir Ballstáit CEE ar bhonn déthaobhach (idir tír an tarlaitheora féin agus tír eile CEE) agus ar bhonn iltaobhach (i.e. idir dhá thír CEE, nach tír an tarlaitheora féin ceachtar acu). Bíonn gach údarúchán bailí ar feadh bliana féilire.


5. 3,122 údarúchán atá mar chuóta Comhphobail do 1979 agus faigheann Éire 65 údarúchán díobh. Is é an tAire Turasóireachta agus Iompair a thugann na húdarúcháin sin do na tarlaitheoirí in Éirinn. Tá barúlacha an Chomhchoiste i dtaobh dáileadh na hÉireann do 1979 le fáil sa cheathrú tuarascáil is tríocha uaidh (Prl. 7635) dar dáta an 13 Nollaig 1978.


Togra an Choimisiúin

6. De réir thogra an Choimisiúin bheadh de chumas ag Ballstáit, faoin 1 Eanáir gach bhliain, suas le 10 faoin gcéad den líon údarúchán bliantúil a dháiltear orthu a athrú go húdarúcháin ghearrthéarmacha agus tréimhse bhailíochta deich lá an ceann acu. Féadfar 40 údarúchán gearrthéarmach a dhéanamh de gach údarúchán bliantúil.


Ciallachais d’Éirinn

7. Séard a chiallaíonn an togra fad is a bhaineann le cuóta na hÉireann de go mbeadh deis ann 10 faoin gcéad den dáileadh bliantúil údarúchán a athrú go húdarúcháin ghearrthéarmacha. Ar bhonn an dáilte bhliantúil do 1979 d’fhéadfaí athrú a dhéanamh ar suas le 10 faoin gcéad i.e. sé cinn nó seacht gcinn d’údarúcháin de réir mar a dhéanfar na huimhreacha a chothromú suas nó síos mar údarúcháin ghearrthéarmacha. Dá bharr sin, bheadh 240 nó 280 údarúchán gearrthéarmach ar fáil do tharlaitheoirí na hÉireann. Fearacht gnáth-údarúchán bliantúil, ní féidir ach feithicil amháin sa turas a úsáid faoi gach údarúchán gearrthéarmach.


Barúlacha na nEagraíochtaí Iompair

8. Cuireann Comhlachas Tarló Bóthair na hÉireann agus Comhlachas Iompair Trasmhara na hÉireann (IOTA) fáilte roimh an togra ann féin ach tá siad ar aon fhocal nach bhfuil an teorainn deich lá atá á beartú le haghaidh údarúchán gearrthéarmach fada go leor do tharlaitheoirí na hÉireann ag taisteal dóibh go dtí an Mór-Roinn. Is cúis imní do IOTA freisin go mb’fhéidir go mbeidh ró-rialú ag lucht biúrócráide ar oibriú an chórais. Maidir leis na húdarúcháin ghearrthéarmacha, b’fhearr leis freisin nach é an cuóta i gcoitinne a bheadh thíos leo.


9. Fáiltíonn CIE roimh an togra láithreach seo, cé go bhfuil sé in amhras faoi tharló bóthair sa Chomhphobal a léirscaoileadh. Tá sé ráite aige, áfach, nach foláir bheith san airdeall ar mhí-úsáid.


Barúlacha an Chomhchoiste

10. Measann an Comhchoiste nach leor ar chor ar bith an scair de chuóta an Chomhphobail atá ag Éirinn faoi láthair agus b’fhearr leis go mór dá mbeadh na húdarúcháin ghearrthéarmacha bheartaithe ar fáil de bhreis ar an gcuóta údarúcháin bliantúil atá againn faoi láthair. Mura mbeidh glacadh ag an gComhairle leis seo ba cheart an teorainn bheartaithe deich lá a ligean ar lár ag féachaint d’uiríolla na n-eagraíochtaí iompair. Is é tuairim an Choiste gur chóir ré na n-údarúcháin gearrthéarmach a fhágáil faoi na Ballstáit. Glacann an Coiste le barúil CIE go mbeidh sé riachtanach, i gcás údarúchán gearrthéarmach, a bheith fíor-airdeallach nach mbainfear mí-úsáid astu.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979