Committee Reports::Report No. 51 - Problems of Enlargement::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

A. GINEARÁLTA

Réamhrá

1. Sa tuarascáil seo is mian leis an gComhchoiste aird na dTithe a tharraingt ar fhadhbanna áirithe a bhaineann leis an bhfairsingiú atá beartaithe ar Chomhphobail Eacnamaíochta na hEorpa de bhíthin aontachas na Gréige, na Spáinne agus na Portaingéile. I dtosach báire ghabh an Coiste i mbun scrúdú ina thaobh sin d’fhonn bheith in ann an éifeacht a bheadh ag comhaltas na Gréige a mheas, go háirithe i gcás na hÉireann. Ach tháinig sé i bhfios go soiléir don Choiste go mbeidh mórán de na fadhbanna a ghabhann le haontachas na Gréige ag teacht faoina bhráid arís, agus i bhfoirm níos géire, i gcás aontachas na Spáinne agus na Portaingéile, agus is é tuairim an Choiste gur chóir aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin anois ag cuimhneamh ar chomhaltas gach ceann de na trí thír amach anseo.


Scrúdú an Chomhchoiste

2. Ag breithniú an ábhair seo don Chomhchoiste, scrúdaigh sé na doiciméid atá luaite san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo. Chuaigh sé i gcomhairle freisin leis na Ranna go léir lena mbaineann. Ina theannta sin bhí sé de bhuntáiste ag comhaltaí an Chomhchoiste caibidil fhorleathan a bheith acu leis an gCoimisinéir Risteard de Búrca mar aon le Liam Ó hAnragáin óna ardchomhairle, agus le R. Goffin agus D. Ó Corbaí ó fhoireann an Choimisiúin. Tá an Comhchoiste faoi chomaoin ag an gCoimisinéir de Búrca agus ag a oifigigh as ucht a n-iarrachtaí saothracha chun gach gné den fhairsingiú a chur á shoiléiriú dóibh.


Staid na Caibidlíochta

3. Síníodh Conradh Aontachais na Gréige leis na Comhphobail Eorpacha san Aithin an 28 Bealtaine 1979. Cuirfear an Conradh chun a dhaingnithe ag gach ceann de na Stáit Chonarthacha de réir a bhforálacha reachtúla faoi seach. Chomh fada is a bhaineann le hÉirinn cuireadh i bhfios don Choiste go gcuirfear an Conradh faoi bhráid Dháil Éireann lena fhormheas i dtráth cuí ach nach bhfuil sé cinnte fós an mbeidh gá le haon reachtaíocht iarmhartach don daingniú. Is é atá ar intinn comhaltas na Gréige a theacht in éifeacht ar an 1 Eanáir 1981.


4. Rinne an Phortaingéil iarratas go nglacfaí ina comhalta í ar an 28 Márta 1977 agus d’aontaigh an Chomhairle ar an 5 Aibreán 1977 tús a chur leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí. Seoladh Tuairim an Choimisiúin ar an iarratas chuig an gComhairle ar an 19 Bealtaine 1978. Ag cruinniú na Comhairle ar an 6 Meitheamh 1978 tugadh freagra fabhrach ar an iarratas. Osclaíodh caibidlíocht go hoifigiúil ar an 17 Deireadh Fómhair 1978 agus tá sin ag dul ar aghaidh de réir sceidil ar ar comhaontaíodh. Tuigtear don Chomhchoiste go bhfuil páipéir staide ar ghnéithe éagsúla den chaibidlíocht tugtha dá chéile ag toscaireachtaí an Chomhphobail agus na Portaingéile.


5. Rinne an Spáinn iarratas go nglacfaí ina comhalta í ar an 28 Iúil 1977 agus d’aontaigh an Chomhairle ar an 19 Meán Fómhair 1977 tús a chur leis na nósanna imeachta ba ghá. Seachadadh Tuairim an Choimisiúin don Chomhairle ar an 29 Samhain 1978, agus ar an 19 Nollaig 1978 chinn an Chomhairle ar chaibidlíocht i dtaobh aontachais a oscailt. Osclaíodh an chaibidlíocht sin go foirmiúil ar an 5 Feabhra 1979 ach cuireadh i bhfios don Choiste nach dócha go dtosófar ar chaibidlíocht shubstainteach roimh fhómhar na bliana seo.


6. Ní féidir a rá go deimhneach cén uair a chríochnófar an chaibidlíocht leis an Spáinn agus leis an bPortaingéil ach cuireadh i bhfios don Chomhchoiste go bhfuil cosúlachtaí ann go mb’fhéidir go mbeadh an dá thír ina gcomhaltaí um an 1 Eanáir 1983.


Staid na dTíortha Iarrthacha

7. I suirbhéireacht ar fhorbairt eacnamaíoch sa Spáinn, sa Ghréig agus sa Phortaingéil, agus ar a staid eacnamaíoch faoi láthair tharraing an Coimisiún aird ar ghnéithe áirithe is coiteann do na trí thír agus a mbeidh ar Chomhphobal Dáréag aghaidh a thabhairt orthu chun forás a athbhunú agus dálaí a fheabhsú. Is iad seo iad: leibhéil an-íseal forbraíochta, tábhacht na talmhaíochta ó thaobh na táirgeachta agus ó thaobh na fostaíochta, éagumas ar leordhóthain post oibre a chur ar fáil, agus dá dheasca sin sreabhadh lucht saothair, míchothromaíochtaí réigiúnacha agus comhchruinniú tionscail ar earnálacha a mbaineann deacracht leo cheana féin sa Chomhphobal láithreach.


8. Ar an láimh eile tá difríochtaí soiléire ann a bheireann gur gá gach tír díobh a bhreithniú ar leithligh. Tá margadh mór (35 milliún) ag an Spáinn agus ráta ard foráis faoi agus is iomaitheoir mór í, in earnálacha áirithe ar aon nós. Meastar an cumas foráis ag geilleagar na Spáinne a bheith níos airde ná mar atá ag an dá thír eile. Táthar ar súil go dtabharfaidh an tuilleamh as turasóireacht agus as loingseoireacht agus an riachtanas le brostú faoin tionsclaíocht ardú ar ráta meántéarmach foráis sa Ghréig más rud é go réiteofar fadhbanna maidir le comhardú íocaíochtaí. Tá an t-olltáirgeadh náisiúnta sa Spáinn agus sa Ghréig níos ísle ná mar atá san Iodáil agus in Éirinn ach níl sé mórán níos ísle. Os a choinne sin is ionann an t-olltáirgeadh náisiúnta in aghaidh an duine sa Phortaingéil agus 60 faoin gcéad den olltáirgeadh in Éirinn, an tír is lú olltáirgeadh den Naonúr. Ó 1974 i leith tá an phortaingéil ag plé le deacrachtaí móra eacnamaíocha i ndiaidh díchóilíniú ar mhórscála agus athruithe fairsinge ar struchtúr an gheilleagair. In éineacht leis an moilliú ar fhorás eacnamaíoch ar fud an domhain, tá na tosca sin tar éis easnaimh ollmhóra a thabhairt ar íocaíochtaí eachtracha.


B. GNÉITHE INSTITIÚIDEACHA AGUS EARNÁLACHA

Iarmhairtí Institiúideacha

9. Ceapadh institiúidí an Chomhphobail ag cuimhneamh ar shé cinn de Bhallstáit agus cheana féin tá an fairsingiú go naoi gcinn tar éis strus mór a chur ar na hinstitiúidí sin agus ar nós imeachta maidir le cinneadh ar chúrsaí. Is féidir bheith ag súil leis go dtabharfaidh fairsingiú breise deacrachtaí sa bhreis go háirithe maidir le cinneadh cúrsaí. I mí na Nollag seo caite d’aontaigh an Chomhairle Eorpach cuireadh a thabhairt do thrí dhuine iomráiteacha (“Triúr Saoi”) breithniú a dhéanamh chun a fháil amach cad iad na coigeartuithe bá ghá ar mheicníochtaí agus imeachtaí institiúidí le go bhfeidhmeodh an Comhphobal fairsingithe mar is cuí. Táthar ag coinne le tuarascáil uathu a bheith ar fáil don Chomhairle Eorpach san fhómhar agus feictear don Chomhchoiste gur ceart an breithniú ar inchialla an fhairsingithe ó thaobh na n-institiúidí a chur siar go dtí go mbeidh an tuarascáil sin ar fáil.


Aontas Custam

10. Éascófar lánpháirtíocht na dtíortha iarrthacha san aontas custam de thairbhe an Chomhaontaithe Comhlachais leis an nGréig agus an Chomhaontaithe Trádála leis an Spáinn atá i bhfeidhm ón 1 Samhain 1962 agus ón 1 Deireadh Fómhair 1970, faoi seach agus de thairbhe Comhaontaithe CEE agus CEGC a cuireadh i gcrích leis an bPortaingéil mar thír de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa i 1972.


11. Ó Shamhain 1974 baineann comhshocruithe faoi shaoirse ó dhleacht le honnmhairí tionsclaíocha na Gréige go dtí an Comhphobal, amach ó ghual agus ó tháirgí cruach, agus le dhá thrian d’onnmhairí tionsclaíocha an Chomhphobail go dtí an Ghréig. Déanfar na srianta atá fós i bhfeidhm ar onnmhairí an Chomhphobail a chéimniú amach go hiomlán um dheireadh na hidirthréimhse chúig bliana a bhforálfar di sa Chonradh Aontachais. Maidir leis sin de, cuireadh i bhfios don Chomhchoiste gur thairg an Coimisiún idirthréimhse seacht mbliana chun srianta cainníochtúla ar onnmhairí ón gComhphobal, agus gach beart comhéifeachta, a chéimniú amach ach go mbeidh críoch anois leis na srianta sin i gcomhthráth le críochnú na hidirthréimhse. Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste gur beag má bhaineann tábhacht ar bith leis na srianta cainníochtúla do thionscail na hÉireann. Maidir le tríú tíortha tá glactha cheana ag an nGréig le Comhtharaif Chustam an Chomhphobail i gcás na dtáirgí sin a thig isteach anois ón gComhphobal saor ó dhleacht. Chomh fada is a bhaineann le táirgí talmhaíochta ní dheachthas chun cinn poinn i dtreo leorscaoileadh faoin gComhaontú Comhlachais.


12. Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste nach leanfaidh aon fhadhbanna substainteacha do thionscail na hÉireann as aontachas na Gréige de bhrí go bhfuil comhshocruithe um shaoirse ó dhleacht i bhfeidhm cheana féin i leith onnmhairí tionsclaíocha ón nGréig. Faoin gConradh Comhlachais, beidh ar an nGréig scor den scéim éarlaise ar allmhairí (suas le 150 faoin gcéad de luach na n-allmhairí) laistigh de thrí bliana i ndiaidh an aontachais agus scor dá coinníollacha riaracháin maidir le sonrase pro-forma ar an aontachas a theacht i gcrích. Cuireadh i bhfios don Chomhchoiste gur chóir go mbeadh na bearta sin tairbheach d’onnmhaireoirí Éireannacha.


13. I gcás táirgí tionsclaíocha bhí lamháltais taraife 40 faoin gcéad nó 60 faoin gcéad (de réir an táirge), á gcur chun feidhme ag an gComhphobal cheana féin i 1976 ar 98 faoin gcéad dá allmhairí ón Spáinn. Ar thaobh na Spáinne de lámháiltear 25 faoin gcéad nó 60 faoin gcéad de réir an táirge áirithe ar allmhairí tionsclaíocha ón gComhphobal. I gcás na talmhaíochta baineann lamháltais an Chomhphobail ar allmhairí ón Spáinn le 46 faoin gcéad d’allmhairí agus is ionann agus 20 faoin gcéad luí a dtaraife. Baineann lamháltas comhréire na Spáinne le 57 faoin gcéad d’onnmhairí an Chomhphobail agus is ionann agus 25 faoin gcéad luí na taraife. Níl aon srianta cainníochtúla á gcur chun feidhme ag an gComhphobal in aghaidh na Spáinne ach tá srianta curtha chun feidhme ag an Spáinn ar thimpeall 5 faoin gcéad de tháirgí an Chomhphobail.


14. Cuireadh deireadh leis na srianta cainníochtúla uile ar allmhairí tionsclaíocha Portaingéalacha ar an 1 Eanáir 1973. Ón 1 Iúil 1976 ligtear isteach sa Chomhphobal saor ó dhleachtanna custam táirgí uile CEGC agus na táirgí tionsclaíocha uile beagnach de thionscnamh na Portaingéile. Laghdaíodh an chomhtharaif chustam ar roinnt táirgí úra agus táirgí próiseáilte talmhaíochta. Ón 1 Iúil 1977 tá timpeall 40 faoin gcéad d’onnmhairí tionsclaíocha an Chomhphobail chuig an bPortaingéil díolmhaithe ó dhleacht chustam. Tá díolúine i gcás timpeall 37 faoin gcéad fairis sin ceaptha don 1 Eanáir 1980, agus i gcás an 23 faoin gcéad a bheidh fágtha don 1 Eanáir 1985. Níl aon socrú déanta i dtaobh lamháltais ar bith don Chomhphobal i gcás táirgí talmhaíochta.


15. I 1977 luacháladh ar £6.6m na honnmhairí ó Éirinn go dtí an Ghréig. Ullmhóidí bia, cógais leighis, innealra leictreach, ceimiceáin agus mianach luaidhe a bhí ina bhformhór. Sa tréimhse chéanna sin luacháladh ar £2.4m ár n-allmhairí ón nGréig agus ba iad seo na táirgí a bhí sa mhórchuid díobh: maignéisít, torthaí triomaithe, abhras cadáis agus éadaí. Is iad seo na figiúirí don Spáinn agus don Phortaingéil i 1957:—


 

 

Allmhairí

Onnmhairí

An Spáinn

£20,767,000

£18,473,000

An Phortaingéil

£8,337,000

£2,290,000

Talmhaíocht

16. In earnáil na talmhaíochta baineann leis na trí thír iarrthacha airíona áirithe mar a bhaineann le réigiúin Mheánmhuirí an Chomhphobail láithrigh. Tá an Coimisiún ag coinne leis go dtiocfaidh méadú tar éis a n-aontachais ar an ráta féin-soláthair sa Chomhphobal in earnálacha áirithe (fíon, ola ológ, torthaí agus glasraí úra áirithe) mar a bhfuil an iomarca de na táirgí sin ar fáil sa Chomhphobal láithreach. Ar an láimh eile tá táirgí áirithe (táirgí bainne, feoil) iomarcach sa Chomhphobal láithreach ach easnamhach sna tíortha iarrthacha.


17. Táirgtear an-chuid torthaí talmhaíochta sa Spáinn; tá líon an lucht talmhaíochta ann inchomparáide lena líon sa Fhrainc agus san Iodáil. I gcás mórán táirgí cuirtear ar fáil dhá oiread, ar a laghad, an mhéid a chuirtear ar fáil sa Phortaingéil agus sa Ghréig. Onnmhairítear ón Spáinn mórchuid torthaí ciotrais agus torthaí eile, glasraí, fíon agus ola ológ, agus bíonn farasbarr glan ag a hallmhairí i gcás feola agus táirgí bainne, cruithneacht, siúcra agus gráin chothaithe. Ba chóir nach dtarraingeodh aontachas na Gréige agus na Portaingéile athruithe móra ar leibhéal féin-dóthanachta an Chomhphobail sa talmhaíocht. I gcás na Gréige níl sna táirgí ar bhain deacrachtaí leo go dtí seo ar mhargadh an Chomhphobail ach cuid cuíosach beag den táirgeacht bhaile, agus is onnmhaireoir táirgí déiríochta, feola agus siúcra an Ghréig.


I gcomparáid leis an gComhphobal, tá táirgeadh agus tomhailt na dtáirgí talmhaíochta ag na Portaingéalaigh cuíosach íseal.


18. Tá 36 faoin gcéad den daonra ag gabháil don talmhaíocht sa Ghréig, 28 faoin gcéad sa Phortaingéil agus 23 faoin gcéad sa Spáinn; 23 faoin gcéad an figiúr d’Éirinn agus tá an mheánuimhir don Chomhphobal faoi bhun 9 faoin gcéad. Is ionann agus 9 faoin gcéad cion na talmhaíochta den olltáirgeadh náisiúnta sa Spáinn, 15 faoin gcéad atá ann i gcás na Gréige agus timpeall 4.5 faoin gcéad sa Chomhphobal láithreach.


19. Tuigtear don Chomhchoiste nach bhfuarthas sa chaibidlíocht leis an nGréig gur cosúil go mbeadh poinn iomaíochta idir táirgí talmhaíochta na Gréige agus táirgí na hÉireann. Ba dhóigh leis an gCoiste go mbeadh an scéal amhlaidh freisin i gcás na Spáinne agus na Portaingéile nuair a rachfar chun caibidlíochta leis na tíortha sin. Ach creideann an Comhchoiste go bhféadfadh aontachas na dtrí thír éifeacht mhór a bheith aige ar an gcomhbheartas talmhaíochta. Níorbh aon ionadh é bogadh éigin a theacht ón treisiú ar tháirgí an chreasa mheasartha sa tuaisceart mar gheall ar an bhfreagracht bhreise a chur ar an gComhphobal i dtaobh táirgí agus struchtúr na talmhaíochta meánmhuirí. Beidh ar an gComhphobal caighdeán cóir maireachtála a áirithiú do mhórán eile feirmeoirí agus oibrithe feirme atá sách bocht.


Beartais Réigiúnacha agus Beartais Shóisialta

20. Tá an Coimisiún ag coinne leis go rachaidh an dífhostaíocht chun donais mar gheall ar athstruchtúrú tionsclaíochta agus talmhaíochta agus ar an gclaonadh i dtreo tionscal tromchaipitil. Faoi láthair tá 7.5 milliún duine ar fad gan fostaíocht sa dá thír dhéag, agus sa tréimhse deich mbliana atá chugainn beidh fadhb na n-ógánach gan fostaíocht go háirithe ar cheann de na dúshláin mhóra.


21. Cheana féin tá méadú mór ar mhíchothromaíochtaí inmheánacha réigiúnacha sna tíortha iarrthacha agus d’fhéadfaidís dul san ainmhéid tar éis an léirscaoileadh trádála i ndiaidh an aontachais. I dtuairim an Choimisiúin beidh gá le bearta ceartúcháin i bhfoirm “beartais réigiúnacha ar mhórscála”.


22. Creideann an Comhchoiste mar gheall ar an bhfairsingiú, go dtabharfar fadhb nua isteach maidir le beartas sóisialach an Chomhphobail i leith na mban. D’fhéadfaí a rá faoi na trí thír iarrthacha nach bhfuil an fhorbairt shóisialach chéanna orthu is atá ar an gComhphobal láithreach agus creideann an Coiste gur faide chun deiridh iad ná Éire sna ceisteanna go léir a bhaineann le staid na mban. Mar gheall ar an éileamh breise a bheidh á dhéanamh ar an gCiste Sóisialach dá dhroim sin bheadh an Coiste ag súil nach gcuirfí isteach ar an gcabhair a chuireann an Comhphobal ar fáil chun cóir oibre níos fearr a chur ar mhná na tíre seo. Is é dearcadh an Choiste gur chóir na hearnálacha a bhaineann le cabhair ón gCiste Sóisialach a leathnú chun cinniúint na mban a fheabhsú go sonrach agus is é a dhóchas nach gcuirfidh fairsingiú an Chomhphobail treampán ar an bhfeabhsú sin. Mar bheart tosaigh, chun an méadú mór a bheidh ar líon na mban sa Chomhphobal a chur san áireamh, d’fhéadfadh an Coimisiún féin féachaint chuige go ndéanfaí athchoiriú ar fhoireann an dá rannán dá chuid a bhíonn ag plé le ceisteanna ban. Ní leor a líon in aon chor, go fiú, do riachtanais na linne seo.


Iompar de Mhuir

23. I gcúrsa a scrúdaithe ar aontachas na Gréige thug an Comhchoiste chun suntais, ó tharla go bhfuil an Ghréig ar cheann de na tíortha mórúinéireachta loingis ar fud an domhain, gur chóir go gcuideodh sin leis na bearta atá á gcur i bhfeidhm chun cosc a chur le truailliú na mara ag tancaeir, ceist a bhí faoi phlé ag an gCoiste san ochtú tuarascáil is tríocha uaidh dar dáta 7 Márta 1979 (Prl. 7928).


Nuair a bheidh an Ghréig in aontachas leis an gComhphobal tiocfaidh ó 20 go 30 faoin gcéad de mhéadú ar chéatadán an Chomhphobail de loingeas an domhain. Beidh cúnamh tábhachtach ansin don Chomhphobal chun na Coinbhinsiúin um an Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-Rialtasach (IMCO), um MARPOL agus um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS) a thabhairt i bhfeidhm. Ina theannta sin, ar an aontachas a theacht i ngníomh tiocfaidh loingeas na Gréige faoi réir na reachtaíochta i dtaobh tancaer a mbeidh glactha léi ag an gComhphobal.


C. CONCLÚIDÍ AN CHOMHCHOISTE

Gnéithe Polaitiúla

24. Bhí fáilte ag Rialtas na hÉireann, mar a bhí ag Rialtais Bhallstát eile, roimh iarratais na Gréige, na Portaingéile agus na Spáinne chun bheith ina gcomhaltaí de na Comhphobail Eorpacha óir creideann siad go dtacóidh a gcomhaltas le forbairt an daonlathais sna tíortha sin. Is léir gurbh iad na tairbhí polaitiúla ba mhó tábhacht leis an gComhairle Airí, agus sháraigh siad agóidí ab fhéidir a dhéanamh ar bhonn deacrachtaí institiúideacha nó eacnamaíocha. Mar sin féin is fíor i gcónaí gur gá oibleagáid eacnamaíoch a bheith ag gabháil leis an oibleagáid pholaitiúil; mura mbeadh d’fhágfadh an fairsingiú gur Comhphobal níos laige a bheadh ann nach bhféadfadh freastal d’ardaidhmeanna a Bhallstát nua ná d’ardaidhmeanna a Bhallstát faoi láthair. Tugann an Comhchoiste dá aire gur chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha in iúl sa Dáil ar an 15 Feabhra 1978 (T.O. Iml. 305, Col. 1315), go bhfuil glactha ag an gComhairle le hoibleagáid chun gustail an Chomhphobail a leathnú i gcomhréir leis an méadú ar líon a chomhaltaí agus gur taifeadadh é sin i miontuairiscí na Comhairle. Ós dócha go mbeidh an Ghréig ina comhalta roimh i bhfad agus go bhféadfaidh an chaibidlíocht leis an Spáinn dul chun cinn go gasta, feictear don Chomhchoiste gur mithid tosú anois ar an oibleagáid sin a chomhlíonadh.


Iarmhairtí Buiséadacha

25. Tá sé déanta amach ag an gCoimisiún go bhféadfadh na Stáit iarrthacha, á chur i gcás go raibh siad ina gcomhaltaí iomlána i 1978, sreabhadh glan airgeadais a fháil sa bhliain sin de 1,000 aonad cuntais trí aistrithe ó bhuiséad an Chomhphobail maille le 500 milliún aonad cuntais i modh iasachtaí.


Ina theannta sin d’fhéadfaidís tarraingt ar thacaíocht chomhardú íocaíochtaí, le cabhair airgeadais meántéarmach, b’fhéidir, ab ionann agus suim idir 1,000 milliún agus 2,500 milliún aonad d’airgeadra Eorpach.


26. Chom fada is a bhaineann le buiséad an Chomhphobail tharraing an Coimisiún cheana féin aird na Comhairle ar an bhfíoras nach mbeidh leordhóthain gustail ag an gComhphobal féin, fiú gan fairsingiú a chur san áireamh in aon chor, chun freastal don chaiteachas i ndiaidh 1981. Maidir leis sin tá moltaí tugtha ag an gCoimisiún i dtaobh breis ioncaim a chruinniú agus tá tuarascáil ar leith á cur ar fáil ina thaobh sin ag an gComhchoiste. Is leir go dtabharfaidh aontachas Ballstát Nua a ghnóthóidh cuid mhaith de thairbhe a n-aontachais méadú trom ar dheacrachtaí buiséadacha an Chomhphobail agus go gcuirfidh sé fiú beartais láithreacha i mbaol mura gcuirtear gustail bhreise ar fáil. Cheana féin tá glactha ag an gComhairle féin leis go bhfuil gá le gustail bhreise, agus feictear don Chomhchoiste nach foláir teacht ar chinntí daingne sula dtosóidh comhaltas na Gréige ar an 1 Eanáir 1981.


Fadhbanna Eacnamaíocha

27. I dteachtaireacht a cuireadh chuig an gComhairle ar an 20 Aibreán 1978 chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé riachtanach chun na trí stát iarrthacha a dhéanamh lánpháirteach sa Chomhphobal, go ndéanfaí bearta in earnálacha sonracha a bhéarfadh, i dtuairim an Choimisiúin, go n-aistreofaí gustail chucu roimh an aontachas. Thug an Coimisiún le fios nach foláir tosú air sin láithreach bonn, mar go gcaithfear dlús a chur leis na hiarrachtaí láithreacha chun méadú a thabhairt ar aistrithe chuig na réigiúin laga den Chomhphobal a mbeidh éifeacht ag an bhfairsingiú orthu le go gcuirfí ar a gcumas an fód a sheasamh in éadan a iarmhairtí. Ní foláir leis an gComhchoiste a rá gurb ionadh leis nár cuireadh poinn béime ar an ngné thábhachtach sin agus molann sé go láidir go gcuirfí dlús agus dithneas go dian leis an ngnó chun a dheimhniú go ndéanfaidh an Chomhairle gníomh mar is cuí.


Iomaíocht

28. Tuigtear don Chomhchoiste gur éirigh leis an nGréig Prótacal a thabhairt i gcrích atá cosúil le Prótacal 30 sa Chonradh Aontachais maidir le hÉirinn. Tar éis aontachas na Gréige agus ina dhiaidh sin na Portaingéile agus na Spáinne, is féidir bheith ag coinne leis go gcaithfidh Éire dul i ngleic le hiomaíocht is géire fós chun infheistíocht a mhealladh.


Dealraíonn sé, dá réir sin, don Chomhchoiste nach foláir an úsáid is iomláine is féidir a dhéanamh de Phrótacal 30 ina mbaineann le cabhracha náisiúnta i gcóir infheistíochta agus fairis sin chun cóir fabhrach a iarraidh in oibriú beartas Comhphoblach, á choimeád i gcuimhne go n-aithnítear i bPrótacal 30, go bhfuil sé d’aidhm ag gach Ballstát an caighdeán maireachtála in Éirinn a chur ar chomhréim le caighdeán náisiún Eorpach eile agus deireadh a chur leis an tearcfhostaíocht agus difríochtaí ó réigiún go chéile a chur ar ceal.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979.