|
TUARASCÁILA. RÉAMHRÁIonstraimí a Scrúdaíodh1. Ó eisíodh an ceathrú tuarascáil is daichead uaidh (Prl. 7934) dar dáta an 7 Márta 1979 tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar naoi n-ionstraim reachtúla eile ar faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 a rinneadh iad uile. Tá liosta de na hionstraimí sin i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo. 2. Ba mhaith leis an gCoiste trácht ar thrí cinn de na hionstraimí sin. B. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (CÚNAMH FRITHPHÁIRTEACH I RAON CÁNACHAIS DHÍRIGH), 1978. [I.R. Uimh. 334 de 1978]Treoir Bhunaidh3. Is in aghaidh seachaint chánach a rinneadh Treoir 77/799/CEE ón gComhairle agus forálann sé eolas a mhalartú idir údaráis náisiúnta ioncaim d’fhonn cabhrú leo chun measúnú ceart a dhéanamh ar chánacha atá dlite ar ioncam agus ar chaipiteal. San aonú tuarascáil is caoga (Prl. 6165) dar dáta 23 Márta 1977 ón sean-Chomhchoiste faoi reachtaíocht thánaisteach CEE pléadh, inter alia, an Treoir nuair a bhí sí fós i bhfoirm togra. Cuireann na Rialacháin thuasluaite an Treoir i ngníomh in Éirinn. Oibleagáid eolas a thabhairt ar é a iarraidh4. Is mar seo a leanas d’Airteagal 2.1 den Treoir— Féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile an t-eolas dá dtagraítear in Airteagal 1 (1) a chur ar aghaidh i gcás áirithe. Ní gá d’údarás inniúil an Stáit iarrtha déanamh de réir an iarratais más cosúil nach bhfuil údarás inniúil an Stáit iarrthaigh tar éis a ghnáthfhoinsí eolais féin a ídiú, a bhféadfadh sé feidhm a bhaint astu, de réir na n-imthosca, chun an t-eolas atá á iarraidh a fháil gan an toradh atá á lorg a chur i mbaol. Níl an fhoráil sin soiléir ar chor ar bith ach d’fhéadfaí a cheapadh go gciallaíonn sí gur cheart go mbeadh údarás roghnach ag an údarás iarrtha eolas a thabhairt fiú mura deimhin leis nach bhfuil an t-údarás iarrthach tar éis a fhoinsí eolais féin a ídiú. Más léiriú ceart é sin, measann an Comhchoiste nach dtugann Rialacháin na hÉireann aon rogha den sórt sin do na Coimisinéirí Ioncaim agus is daingniú ar an tuairim sin an freagra a fuair sé ar fhiafraí a sheol sé chuig an Roinn Airgeadais (féach Foscríbhinn II). Fiafraithe5. Forálann Airteagal 2.2 den Treoir go socróidh údarás ioncaim, i gcás ina n-iarrfaidh údarás i mBallstát eile eolas air, go ndéanfar cibé fiafraithe is gá chun an t-eolas sin a fháil. Níl aon fhoráil i leith fiafraithe i rialacháin na hÉireann agus dá bhrí sin d’iarr an Coiste ar an Roinn Airgeadais a chur in iúl cén t-údarás reachtúil a bhféadfaí na fiafraithe sin a dhéanamh dá dhroim. 6. Sa fhreagra uaithi (féach Foscríbhinn II) déanann an Roinn tagairt d’Airteagal 8.1 den Treoir a fhorálann nach gcuirfidh an Treoir d’oibleagáid fiafraithe a dhéanamh … dá gcuirfeadh a ndlíthe nó a gcleachtais riaracháin cosc ar an mBallstát, ar chóir dó an t-eolas a thabhairt, na fiafraithe sin a dhéanamh. Ina dhiaidh sin tarraingíonn sí aird ar chumhachtaí éagsúla atá ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht Cánach Ioncaim, 1967. Is é tuairim an Chomhchoiste nach gcuireann na cumhachtaí reachtúla sin ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim fiafraithe a dhéanamh ach amháin chun dliteanas i leith cánach na hÉireann a chinneadh. Tá sé tagtha ar an tuairim, mar sin, nach bhfuil cumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim fiafraithe a dhéanamh d’fhonn eolas a fháil amach do Bhallstáit eile ach amháin má tharlaíonn gur gá na fiafraithe sin chun dliteanas i leith cánach na hÉireann a shuíomh. Más mar sin atá an scéal shásódh sé an moladh a rinne an sean-Chomhchoiste ina thuarascáil ar an dréacht-Treoir. C. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (MEÁ-INNILL NEAMHUATHOIBRÍOCHTA), 1979 [I.R. Uimh. 128 de 1979]Táillí7. Rinneadh na Rialacháin sin chun Treoracha CEE maidir le meáinnill neamhuathoibríocha a chomhlíonadh. Cuireann siad i bhfeidhm i leith na n-inneall sin córas atá i ngníomh cheana féin sa tír seo chun cineál-cheadú CEE a thabhairt d’ionstraimí tomhais agus forálann siad go gceadaítear innill ó Bhallstáit eile a bhfuil an ceadú sin faighte acu a dhíol agus a úsáid anseo. Áirítear orthu freisin foráil go ngearrfar táille £0.50 i leith gach innill a chuirfear isteach le haghaidh fíorú tosaigh CEE. 8. Dála a réamhtheachtaí ba ábhar cáinte ag an gComhchoiste ionstraimí reachtúla a shocraíonn táillí a ghearradh ach a fhágann faoin lucht riaracháin méid na dtáillí sin a shonrú. Mar a léiríodh san fhichiú tuarascáil (Prl. 7279) ón gCoiste dar dáta 28 Meitheamh 1978, is é is éifeacht d’fhorálacha den sórt sin táillí a scaoileadh ó úrlámhas na parlaiminte. Dá bhrí sin is cúis áthais don Choiste a thabhairt faoi deara go ndéantar i Rialacháin I.R. Uimh. 128 de 1979, méid na táille atá le gearradh a shonrú. Tá súil ag an gComhchoiste go ndéanfar amhlaidh feasta in ionstraimí reachtúla faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972. D. RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (SAOIRSE CHUN SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR) (DLÍODÓIRÍ), 1979 [I.R. Uimh. 58 de 1979]Fógraíocht9. Cuireann na Rialacháin seo Treoir 77/249/CEE ón gComhairle i ngníomh chun a chumasú do dhlíodóirí ó Bhallstáit eile seirbhísí dlí a sholáthar sa tír seo. Creideann an Comhchoiste gur chóir forálacha na hionstraime a chur i bhfios go foirmiúil don lucht dlí sa tír seo. Molann sé go rachadh an Roinn Dlí agus Cirt i gcomhairle leis na comhlachtaí gairmiúla lena mbaineann féachaint conas ab fhearr é sin a dhéanamh. Reacht a Leasú10. Tugann sé dá aire go ndéanann an ionstraim seo, inter alia, An tAcht Aturnaethe, 1954 a leasú. Cé go nglacann an Comhchoiste leis gur féidir le hAirí reachtanna a leasú le rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, níor mhaith leis go mbeadh leasuithe ar reachtanna, go háirithe reachtanna a bhíonn in úsáid go coitianta, scaipthe ar fud ionstraimí reachtúla go ceann tréimhse éiginnte. Creideann sé gur chóir leasuithe den sórt sin a chur i reachtaíocht leasaitheach a luaithe a fhaightear deis chuige sin. (Sínithe) MICHEÁL Ó NUANÁIN, Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste. 30 Bealtaine 1979. |
||||||||||||