Committee Reports::Report No. 49 - Publication of Information by Companies whose Transferrable Securities are Admitted to Official Stock Exchange Listing::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

Réamhrá

1. San ochtú tuarascáil is daichead uaidh (Prl. 5939) dar dáta an 9 Nollaig 1976 phléigh an seanchomhchoiste faoi reachtaíocht thán-aisteach CE tograí le haghaidh dhá Threoir ón gComhairle a bhain, faoi seach, le réamheolairí cuideachtaí agus leis na coinníollacha le haghaidh ligean isteach ar liostáil oifigiúil stocmhargaidh. Tá an Comhchoiste atá anois ann tar éis scrúdú a dhéanamh ar an tríú togra (4356/79) le haghaidh Treorach ón gComhairle a bhfuil ceaptha dó an dá cheann roimhe sin a leanúint. Baineann sé le faisnéis a bheidh le foilsiú go rialta ag cuideachtaí a ndéantar a n-urrúis inaistrithe a ligean isteach ar liostáil oifigiúil stocmhargaidh.


2. Dála an dá thogra roimhe tá an ceann is déanaí bunaithe ar Airteagal 54 (3) (9) de Chonradh CEE a bhaineann le dlí na gcuideachtaí a chomhchuibhiú. Is é is aidhm do na trí thogra go mbeidh trasghabháil amhail idir stocmhargaí CEE trí dheireadh a chur leis na bacainní atá ann de dheasca na rialacha agus na rialacháin náisiúnta éagsúla. Dá nglacfaí leo ba chéim mhór ar aghaidh é, i dtuairim an Choimisiúin, chun margadh caipitil Eorpach a bhunú. Féachann na tograí freisin lena chinntiú go ndéanfar na caighdeáin chosanta d’infheisteoirí a choinneáil ar leibhéal ard cothrom ar fud an Chomhphobail.


3. I mí na Márta seo caite ghlac an Chomhairle go foirmiúil leis an Treoir a bhaineann le ligean isteach ar liostáil oifigiúil stocmhargaidh. Is gearr go mbeidh deireadh leis an mbreithniú ag leibhéal Comhphobail ar an Treoir bheartaithe faoi réamheolairí cuideachtaí agus tugadh le fios don Choiste gur cosúil go dtiocfaidh sé os comhair na Comhairle go luath. Cuireadh in iúl dó freisin go dtosóidh Meitheal Oibre ón gComhairle ag déanamh breithniú ar an togra nua i dtaobh faisnéis a thabhairt go luath i 1980.


Achomaireacht ar an Tograí

4. Chuirfeadh an Treoir atá á beartú ag an gCoimisiún faoi láthair d’oibleagáid ar chuideachtaí, a bhfuil a n-urrúis inaistrithe liostáilte go hoifigiúil ar stocmhargadh de chuid CEE, tuarascáil a fhoilsiú in aghaidh na leathbhliana. D’fhéadfaí an foilsiú a dhéanamh sna nuachtáin náisiúnta nó san Iris Oifigiúil nó éifeacht a thabhairt dó trína chur ar fáil don phobal ag áit a d’ainmneofaí i bpreas-fhógraí nó ar bhealach éigin a cheadódh na húdaráis náisiúnta.


5. Bheadh ar áireamh sa tuarascáil figiúirí a léireodh an méid seo a leanas ar a laghad maidir leis na sé mhí lena mbainfeadh agus leis an mbliain airgeadais roimhe sin: láimhdeachas glan, ioncam oibríochta eile, muirir oibríochta, toradh oibríochta comhiomlán agus díbhinní eatramhacha (más ann) a íocadh nó atá beartaithe. Bheadh ráiteas míniúcháin ann freisin á thaispeáint, ar a laghad, an líon daoine atá ar fostú, infheistíochtaí a rinneadh nó ar ar cinneadh, staid an leabhair orduithe, cor an stoic i ndáil le táirgí críochnaithe, an chéim cumas-úsáide, agus aon táirgí nó gníomhaíochtaí tábhachtacha nua.


6. Bheadh saorchead ag Ballstáit oibleagáidí a fhorchur a bheadh níos déine ná na cinn atá sa Treoir nó de bhreis orthu. Bheadh orthu údarás náisiúnta a ainmniú chun a chinntiú go gcuirfí an Treoir i bhfeidhm na gcríocha. Chuirfí ar chumas an údaráis náisiúnta ceanglais na Treorach a chur in oiriúint do raon gníomhaíochtaí cuideachta nó cuideachta a shaoradh ó na ceanglais sin i gcás gan ach beag-thábhacht a bheith leis an bhfaisnéis nó nochtadh na faisnéise sin a bheith contrártha don leas poiblí nó an-dochrach don chuideachta.


7. Bheadh Coiste Teagmhála ann freisin chun feidhm comhchuibhithe na Treorach ar fud an Chomhphobail a mhaoirsiú agus chun athruithe ar na rialaca a mholadh, dá mba ghá.


Ciallachais d’Éirinn

8. Cuideachtaí in Éirinn a bhfuil a n-úrrúis liostáilte ar an Stocmhargadh ceanglaíonn a chuid rialacha siúd orthu tuarascáil a fhoilsiú in aghaidh na leathbhliana ach ní ceanglas reachtúil é sin.


9. Áirítear ar na figiúirí is gá a thabhairt don Stocmhargadh sa tuarascáil leathbhliantúil—


(a)Láimhdeachas.


(b)Brabús (nó caillteanas) tar éis na muirir go léir, agus cánacha a áireamh, a bheith glanta.


(c)Cánachas baile agus, má bhaineann sé le hábhar, cánachas coigríche a muirearaíodh le linn (b) a ríomh.


(d)Má bhaineann sé le hábhar, an éifeacht a bhí ag creidmheasanna speisialta (lena n-áirítear aistriú ó chúlchistí) agus/nó fiacha ar (b).


(e)Rátaí na ndíbhinní a íocadh agus atá beartaithe agus an méid a thóg sé sin.


(f)Maidir le bliain nó tréimhse chuntasaíochta iomlán ar bith eile, tuillimh in aghaidh na scaire arna sonrú de réir pinginí an scair.


(g)Figiúirí comparáideacha faoi (a) go (f) go huile don tréimhse chomhréireach roimhe sin.


10. Mar is léir ó alt 5 den tuarascáil seo níl ceanglais na Treorach beartaithe chomh tromaí leis na cinn a mheasann an Stocmhargadh is gá chun brabúsmhaireacht chuideachta a mheas. De réir na Treorach, áfach, cheadófaí do Bhallstáit oibleagáidí níos déine a fhorchur nó a choimeád i bhfeidhm de bhreis ar na hoibleagáidí íosta a fhorordaítear inti.


11. Maidir leis an bhfaisnéis nár mhór a thabhairt sa ráiteas míniúcháin beartaithe a shonraítear i mír 5 den tuarascáil seo, oibleagáid nua é sin fad is a bhaineann le cuideachtaí Éireannacha. Faoi láthair ní iarrann an Stocmhargadh ach aon fhaisnéis bhreise a mheasann na Stiúrthóirí is gá chun léirmheas réasúnach a dhéanamh ar thorthaí na bliana nó ar athruithe ábhartha eile i gcomhiomláin an fhuílligh sa chuntas sochair agus dochair agus cúlchistí eile.


Barúlacha an Chomhchoiste

12. Is dóigh leis an gComhchoiste, má táthar chun aidhmeanna na Treorach beartaithe a bhaint amach, go gcaithfeadh ábhar a bheith sna tuarascálacha leathbhliantúla a chuirfeadh ar chumas infheisteoirí comparáidí fóinteacha a dhéanamh idir brabúsmhaireacht chuideachtaí i mBallstáit éagsúla. D’fhéadfadh Ballstáit oibleagáidí a fhorchur a bheadh níos déine ná na cinn a léirítear sa Treoir nó de bhreis orthu ach measann an Coiste gur cosúil go mbeadh na ceanglais íosta fairsing go leor chun léargas réasúnach a thabhairt d’infheisteoirí ar staid na cuideachta. Ní léir don Choiste conas is féidir leis sin a dhéanamh gan léiriú éigin ar oibleagáidí cánach na cuideachta. Síleann sé gur chóir go n-áireofaí ar na figiúirí is gá don Treoir meastachán ar an muirear cánach don tréimhse agus an glanbhrabús is inchurtha i leith scairshealbhóirí maille le tuillimh in aghaidh na scaire agus an creidmheas cánach a bhfuil teideal ag scairshealbhóirí chuige.


13. Os a choinne sin measann an Coiste go bhfuil an dréacht-Treoir ró-dhocht ar fad maidir leis na sonraí a leagan síos nach mór a bheith ar áireamh sna ráitis mhíniúcháin a ghabhann leo. Cuireadh in iúl don Choiste go bhféadfadh faisnéis i dtaobh an líon daoine atá ar fostú a bheith an-mhíthreorach i roinnt mhaith cásanna, mar shampla, i gcás athrú a theacht ar an ngnó ó shéasúr go séasúr agus cuireadh ar a shúile freisin go bhféadfadh iomaitheoirí nó custaiméirí móra an chuid is mó den fhaisnéis eile a úsáid i ndálaí áirithe chun aimhleas na cuideachta. Tá an-tábhacht leis an bpointe is déanaí sin i gcás na hÉireann, dar leis an gCoiste, toisc gan oiread sin de na mórghnóthais thrádála a bheith faoi réir cheanglais an Stocmhargaidh. Níl an Coiste sásta gur leor de shárú ar an deacracht sin an fhoráil sa dréacht-Treoir a chuireann ar chumas an údaráis náisiúnta cuideachta áirithe a shaoradh ó fhaisnéis a bheadh fíor-dhochrach di a nochtadh. Measann sé gur chóir Airteagal 5.4 a leasú tríd an méid atá i ndiaidh na chéad abairte a scriosadh agus trí fhoráil a chur ina ionad á chur ar chumas an údaráis náisiúnta glacadh le ráiteas míniúcháin a thugann, i dtuairim Stiúrthóirí na Cuideachta, dóthain faisnéise chun gur féidir léirmheas réasúnach a dhéanamh ar staid na cuideachta. Tá sé níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, i gcás cuideachtaí liostáilte a bhíonn in iomaíocht ar an margadh baile nó ar mhargadh na Ríochta Aontaithe le cuideachtaí atá cláraithe sa R. A. ach nach bhfuil faoi réir a leithéid d’oibleagáidí.


14. Is é tuairim an Chomhchoiste maidir le hAirteagal 9 den dréacht-Treoir a bhaineann leis an gcaoi a fhoilseofar an tuarascáil leathbhliantúil ná go bhfuil sé solúbtha go leor le go bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis na socruithe atá i bhfeidhm in Éirinn faoi láthair.


15. Léiríodh don Choiste freisin go bhféadfadh dálaí a bheith ann ina mbeadh sé neamhphraiticiúil, e.g. athrú sa bhliain airgeadais, nó mí-threorach, e.g. iomathruithe séasúracha, do chuideachta tuarascáil leathbhliantúil a fhoilsiú. Measann an Coiste gur chóir, d’fhonn freastal do na cásanna sin, a chumasú go sonrach don údarás náisiúnta díolúine ó fhoilsiú a thabhairt. Ar an gcuma chéanna ba chóir cead a thabhairt don údarás náisiúnta in imthosca neamhchoitianta maolú a dhéanamh ar an riail bheartaithe nach mór foilsiú a dhéanamh laistigh de thrí mhí roimh dheireadh na tréimhse iomchuí sé mí.


16. Má ghlactar leis an Treoir déanann an Coiste talamh slán de gurb é an Stocmhargadh a ainmneofar mar údarás náisiúnta sa tír seo. Cuireadh i bhfáir air, áfach, go mb’fhéidir gur ghá Airteagal 11.1 den Treoir a leasú lena áirithiú gur ar an mBallstát agus nach ar an údarás náisiúnta a bheadh an fhreagracht i gcoitinne. Tugtar le fios dó nach mbainfidh aon deacrachtaí don Stocmhargadh má dhéantar oibleagáid reachtúil d’fhorálacha na Treorach.


Buíochas

17. Le linn don Chomhchoiste a bheith ag breithniú na dréacht-Treorach fuair sé an-chuid cabhrach ón Stocmhargadh, ón Dlí-Chumann, ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann, ó Bhanc Infheistíochta na hÉireann Teo., ó Mergers Ltd., agus ó Fhoras na Rúnaithe agus na Riarthóirí Cairte. Ba mhaith leis fíorbhuíochas a ghabháil leis na comhlachtaí sin.


(Sínithe) MICHEÁL Ó NUANÁIN.


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine 1979