Committee Reports::Report No. 48 - Energy Labels for Electrical Household Appliances and Plastic Packaging::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

RÉAMHRÁ

Tograí a Scrúdaíodh

1. Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na tograí seo a leanas dar cuspóir deireadh a chur le bacainní neamhfhioscacha ar thrádáil trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta iomchuí na mBallstát:


(a)Dréacht-Treoracha ón gComhairle [R/2163/78 (ENER 54) (ECO 182)]


faoin méid fuinnimh a chaitheann gairis tís a thaispeáint trína lipéadú


faoin Treoir thuasluaite a chur i bhfeidhm maidir le hoighinn leictreacha,


(b)Dréacht-Treoir ón gComhairle [R/1444/78 (AGRI 437] faoin teorainn ascnaimh ghinearálta maidir le comhpháirteanna ábhar plaisteach agus airceadal a thiocfadh i dteagmháil le hearraí bia.


2. Bhí scrúdú déanta ag an gCoiste ar na tograí seo nuair a ghlac an Chomhairle, ar an 14 Bealtaine 1979, na tograí atá ar áireamh i ndoiciméad R/2163/78. Chinn sé mar sin féin a chuid barúlacha faoin doiciméad a thuairisciú do na Tithe de bhrí gurbh éard a bhí i dtogra amháin a glacadh togra le haghaidh gréas-Treorach ina socrófaí na prionsabail ar a mbunófar Treoracha sonracha amach anseo.


GAIRIS TÍS LEICTREACHA

Cúlra

3. Measann an Coimisiún gurbh é ba bhun leis an bprionsabal lipéid a chur ar ghairis tís leictreacha ná moladh ón gComhairle dar dáta an 4 Bealtaine 1976 maidir le caitheamh réasúnach fuinnimh i leith na ngaireas sin. Cuireann sé in iúl go bhfuil córas lipéadaíochta atá éigeantach go hindíreach tugtha isteach ag Ballstát amháin ó shin mar chuid dá rialacháin i dtaobh fógraíochta agus go bhfuil sé ar intinn ag Ballstáit eile córais éigeantacha nó saorálacha a thabhairt isteach atá beagán difriúil. Is é tuairim an Choimisiúin go gcuirfeadh an beart sin bac ar thrádáil laistigh den Chomhphobal.


Ábhar na dTreorach

4. Séard atá sna Treoracha (1) gréas-Treoir a cheanglóidh ar Bhallstáit a thug isteach, nó a thabharfaidh isteach, lipéad caite fuinnimh do ghairis tís leictreacha (oighinn, reoiteoirí, teilifíseáin, etc.) feidhm a bhaint as an lipéad a fhorordófar sna Treoracha sonracha a ghlacfar maidir le gach gaireas ar leith agus (ii) Treoir shonrach ina bhforordaítear lipéad a bheidh le húsáid i ndáil le hoighinn leictreacha. Chuirfeadh na lipéid sin in iúl don phobal caitheamh fuinnimh na bhfearas faoi ghnáthdhálaí úsáide i dtreo is go gcuirfí chun cinn táirgeadh agus úsáid gaireas a chaitheann fuinneamh go tíosach.


5. Ní chuireann an gréas-Treoir de cheangal ar Bhallstáit córas lipéadaíochta a thabhairt isteach ach má dhéanann siad amhlaidh ní mór do mhonaróirí úsáid a bhaint as an lipéad a fhorordaítear in aon Treoir shonrach a bhaineann leis an ngaireas sin. Measann an Coimisiún nach gá faoi láthair córas sainordaitheach a thabhairt isteach ag a mbeadh feidhm i ngach Ballstát.


Ciallachais d’Éirinn

6. Maidir leis na gairis lena mbaineann an gréas-Treoir, monaraítear cuisneoirí, aonaid domhain-reo agus teilifíseáin sa tír seo. Má ghlactar Treoracha sonracha i leith na ngaireas sin, beidh ar mhonaróirí, dá gcinnfí córas lipéadaíochta fuinnimh a thabhairt isteach sa tír seo, lipéid chaite fuinnimh a chur ar fáil. Fiú mura dtabharfaí córas sainordaitheach isteach anseo, cheanglófaí mar sin féin go mbeadh aon lipéad a bheadh á úsáid ag freagairt don lipéad a fhorordófaí in aon Treoir shonrach iomchuí.


Barúlacha an Chomhchoiste

7. Cúis áthais don Chomhchoiste gur glacadh leis na Treoracha ós dóigh leis go spreagfadh córas lipéadaíochta táirgeadh agus úsáid gaireas ísealchaithimh agus go gcabhródh sé dá bhrí sin le fuinneamh a úsáid go stuama. Tugtar le fios don Choiste nach dtiocfadh mórán de mhéadú ar chostais mhonaróirí de bharr na lipéadaíochta.


Buíochas

8. Is mian leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann as an gcúnamh fíorthábhachtach a thug sé le linn dó na Treoracha a bhreithniú.


PACÁISTÍOCHT PHLAISTEACH

Cúlra

9. Mar chuid den chlár atá aici chun deireadh a chur le bacainní teicniúla ar thrádáil ghlac an Chomhairle le creat-Treoir ar an 23 Nollaig 1976 chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na dlíthe a bhaineann le hábhair agus nithe a thiocfadh i dteagmháil le hearraí bia. Shocraigh sé na prionsabail, na critéir agus an nós imeachta ginearálta a bheidh le comhlíonadh le linn dréachtú a dhéanamh ar na Treoracha feidhmiúcháin sonracha is infheidhme maidir le hábhair shonracha. Is é seo an tríú togra atá déanta ag an gCoimisiún le haghaidh Treorach sonraí agus leanann sé na tograí i dtaobh ábhar ceirmeach agus i dtaobh ábhar agus earraí ina bhfuil monaiméir de chlóiríd vinile [féach An Naoú Tuarascáil is Caoga ón sean-Chomhchoiste (Prl. 6267)] nach bhfuil glactha fós.


10. Tar éis do phlaistigh bheith i dteagmháil le hearraí bia feadh tréimhsí réasúnta fada, tig leo substaintí, lena n-áirítear substaintí toscaineacha, a aistriú trí phróiseas ascnaimh isteach sna hearraí bia féin. Sna Ballstáit uile tá srianta de shaghas éigin ar na substaintí a cheadaítear a úsáid i bplaistigh. Chomh maith leis sin tá ceithre cinn de na Ballstáit (An Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ísiltír) tar éis reachtaíocht a ghlacadh a fhorordaíonn uasleibhéil ascnaimh d’ábhair phlaisteacha. Is é tuairim an Choimisiúin go gcuireann an reachtaíocht éagsúil atá glactha sna Ballstáit bac teicniúil ar thrádáil agus gur gá glacadh leis an Treoir bheartaithe d’fhonn deireadh a chur leis an mbac sin.


Ábhar an Togra

11. Molann an dréacht-Treoir nach rachadh an leibhéal ginearálta ascnaimh do chomhpháirteanna ábhar plaisteach agus airceadal isteach in earraí bia nó isteach orthu thar teorainneacha forordaithe. Bhainfí feidhm as gnáththástálacha ascnaimh chun fíorú na dteorainneacha sin a sheoladh agus tá bunrialacha na dtástálacha sin leagtha amach sa dréacht-Treoir. D’fhéadfaí na teorainneacha agus na tástálacha a athrú ó am go ham dá mba ghá sin ag féachaint d’fhorbairtí ar eolas eolaíochta agus teicneolaíochta.


Ciallachais d’Éirinn

12. Níl reachtaíocht ar bith ar an ábhar seo i bhfeidhm in Éirinn faoi láthair. Ó tharlaíonn nach monaraítear amhábhair nó comhpháirteanna le haghaidh ábhar agus airceadal plaisteach in Éirinn, síleadh i dtosach go gcomhlíonfadh tionscail na hÉireann an Treoir dá bhfaighidís ráthaíochtaí comhréireachta i scríbhinn ó sholáthróirí a gcuid amhábhar. Is cosúil, áfach, nach amhlaidh atá an scéal agus nár mhór do thionscail, leis an Treoir a chomhlíonadh, saoráidí costasacha tástála a chur ar bun chun tástáil a dhéanamh ar phacáistí sula seolfaí chuig úsáidirí iad. Dá bhíthin sin thiocfadh méadú ar chostais ábhar pacáistíochta, méadú a thitfeadh gan dabht ar na monaróirí bia ina dhiaidh sin agus uaidh sin ar an tomhaltóir deiridh. Tugadh le fios don Chomhchoiste go mbeadh suas le 2 faoin gcéad de mhéadú ar chostais mhonaróirí.


Barúlacha an Chomhchoiste

13. Measann an Comhchoiste go bhfuil sé fíor-riachtanach maidir le Tionscal Bia na hÉireann go mbeadh rochtain gan bhac ag a chuid táirgí ar aon chuid den Chomhphobal agus ba chóir gurbh é sin an ní is mó a chuirfí san áireamh le linn an dréacht-Treoir a bhreithniú. Tá sé tugtha le fios don Choiste áfach fiú dá nglacfaí leis an Treoir bheartaithe, nach gcuirfeadh sin deireadh le bac ar thrádáil. Chuir Comhlachas na dTionscal Plaisteach in iúl don Chomhchoiste, maidir leis na rialuithe dlí san bhFrainc, sa Bheilg, san Iodáil agus san Ísiltír, nach sonraítear teorainn ascnaimh ghinearálta iontu agus nach bac ar thrádáil leis na tíortha sin iad. Síleann an Comhlachas nach bhfuil fianaise ar bith á chruthú go mbeadh ábhar áirithe i gcomhréir leis an dlí atá i bhfeidhm i dtír amháin ach nach mbeadh sé amhlaidh i dtír éigin eile. Más mar sin atá is léir nach mbeadh sé ceart ná cóir Treoir a ghlacadh faoi Air-teagal 100 de Chonradh CEE agus molann an Coiste go ndéanfar scrúdú faoi leith ar an togra ón taobh sin de sula rachfar ar aghaidh leis.


14. Tá sé curtha ar a shúile don Chomhchoiste freisin nach bhfuil fianaise ar bith ann a chruthódh go dtabharfadh an Treoir bheartaithe tuilleadh cosanta don tomhaltóir. Faoi mar a dúradh leis an gCoiste, má tá dúile míchuibhiúla le fáil i bplaistigh a thagann i dteagmháil le bia chaithfí iad a rialú go sonrach le teorainneacha ascnaimh sonracha agus tá an leibhéal ascnaimh ginearálta atá á bheartú chomh híseal sin gur bheag an tionchar a bheadh aige chun truailliú a chosc. Ag féachaint do na tuairimí sin agus mar gheall ar na costais a bheadh i gceist molann an Coiste go ndéanfaí grinnmheas ar an bhfianaise eolaíochta ar a bhfuil an dréacht-Treoir bunaithe má chruthaítear go bhfuil bac trádála ann ba ghá a dhíchur.


Buíochas

15. Is mian leis an gComhchoiste a rá go bhfuair sé cúnamh fíorthábhachtach ó Chomhlacht na dTionscal Plaisteach, ó Fhoras Pacáistíochta Éireann agus ó Chónaidhm na dTionscal Bianna, Deochanna agus Tobac le linn dó an togra seo a scrúdú agus ba mhaith leis buíochas a ghabháil leo.


(Sínithe) MICHEÁL Ó NUANÁIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979.