Committee Reports::Report No. 47 - Financing the Community Budget::30 May, 1979::Report

TUARASCÁIL

RÉAMHRÁ

1. Tá breithniú déanta ag an gComhchoiste ar Chumarsáid [R/3185/78 (FIN 855)] a chuir an Coimisiún chuig an gComhairle an 27 Samhain 1978. “Maoiniú an bhuiséid Chomhphobail—an bealach romhainn” teideal na cumarsáide sin, agus baineann sé leis an ioncam a bheidh ag teastáil chun an buiséad Comhphobail a mhaoiniú i ndiaidh 1981. Rinne meitheal oibre ad hoc ón gComhairle breithniú uirthi agus pléadh í ag Comhchomhairle na nAirí Gnóthaí Eachtracha agus na nAirí Airgeadais an 2 Aibreán 1979. I ndeireadh na cainte thug an tUachtarán dá aire go raibh fadhbanna an-chasta i gceist leis an ábhar sin agus gur dheacair a thuar cathain a ídeofaí acmhainní dílse reatha an Chomhphobail. Dúradh gur ghá dá bhrí sin bheith fíor-thíosach ag riaradh beartais Chomhphobail agus iarradh ar an gCoimisiún na ceisteanna sin a bhreithniú ag féachaint dá raibh le rá ag an gComhairle.


Maoiniú an Bhuiséid Chomhphobail

2. Maoinítear an Buiséad Comhphobail de réir chóras na “nAcmhainní Dílse” a tugadh isteach faoi Chinneadh ón gComhairle dar dáta 21 Aibreán 1970 agus ar ghlac Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Danmhairg leis san Ionstraim Aontachais. Faoin gcóras sin, dar cuspóir neamhspleáchas éigin a thabhairt don Chomhphobal i gcúrsaí airgeadais, ceanglaítear ar Bhallstáit leithreasú iomlán a dhéanamh don Bhuiséad ar na hioncaim a fhaightear faoi na ceannteidil seo a leanas, ós “Acmhainní Dílse” an Chomhphobail na hioncaim sin de réir Chinneadh an 21 Aibreán 1970:


(i)an chomhtharaif chustam (CTC);


(ii)tobhaigh thalmhaíochta ar thrádáil le Stáit nach Ballstáit;


(iii)tobhaigh ar tháirgeadh agus stóráil siúcra;


(iv)an toradh ó ráta CBL, nach mó ná 1 faoin gcéad, a gcuirtear i bhfeidhm ar an mbonn cothrom measúnachta dá bhforáiltear sa Séú Treoir ón gComhairle faoi CBL (agus an ráta sin a chinneadh faoi chuimsiú an bhuiséid. Is éard é ná an difríocht idir an ioncam a fhaibhríonn faoi (i), (ii) agus (iii) agus na riachtanais bhuiséadachta chomhiomlána, agus an difríocht sin á shonrú mar chéatadán de bhonn CBL an Chomhphobail mar a mhínítear é sa Séú Treoir).


Déantar 10 faoin gcéad den CTC, de na tobhaigh thalmhaíochta agus de na tobhaigh siúcra a aisíoc le Ballstáit chun a gcuid costas bailiúcháin a íoc. Maidir le (iv), sa Chinneadh ón gComhairle dar dáta an 21 Aibreán 1970 foráiltear maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta is gá achtaithe acu chun an Séú Treoir CBL a chur i ngníomh, gur de réir a scair choibhneasach in olltáirgeacht náisiúnta an Chomhphobail a mhaoineofar an méid sin den Bhuiséad a mhaoineofaí, mura mbeadh sin, trí ranníoc CBL —choibhneasa.


Ranníoc na hÉireann

3. I mí na Nollaig 1978 d’achtaigh an tOireachtas an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 chun an Séú Treoir ón gComhairle a chur i ngníomh agus tháing forálacha an Achta sin in éifeacht an 1 Márta 1979. Toisc nach raibh an Séú Treoir curtha i ngníomh ag Éirinn faoin 1 Eanáir 1979 fágann sin go mbeidh ár gcuid ranníoc buiséadachta do 1979 i gcoibhneas lenár scair in Olltáirgeacht Náisiúnta an Chomhphobail. Le héifeacht ó Bhuiséad 1980 dlífear dínn ranníocaí a íoc a bheidh bunaithe ar CBL.


4. Sa tréimhse dar críoch deireadh mhí na Nollag, 1979, d’fhonn go rachfar ar aghaidh go héasca chuig lánpháirtíocht i gcóras na nAcmhainní Dílse, tá ranníocaí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na Danmhairge á ríomh de réir forálacha idirthréimhseacha san Ionstraim Aontachais. Is iad seo a leanas ranníocaí na hÉireann sa tréimhse sin:


Eischur

Ranníoc

Aisíoc 10%

Glan-Ranníoc

 

 

£m

£m

£m

 

1973/74

6.0

0.5

5.5

Aibreán-Nollaig

1974

4.2

0.5

3.7

 

1975

10.8

1.0

9.8

 

1976

14.6

1.2

13.4

 

1977

24.7

2.6

22.1

 

1978

44.9*

3.6

41.3

Meastachán

1979

64.0*

4.0

60.0

Maidir le 1979, beidh ar Éirinn, de réir na bhforálacha idirthréimhseacha atá in Airteagal 131 den Ionstraim Aontachais, méid is ionann agus iomlán ár ndliteanas d’Acmhainní Dílse (£68m) a íoc leis an mBuiséad. Aisíocfaidh an Coimisiún leis an Státchiste an tsuim ar mó an íocaíocht sin ná ár ndliteanas arna ríomh de réir Airteagal 131. Meastar gur £64m an dliteanas glan, sula gcuirtear an t-aisíoc 10 faoin gcéad san áireamh, i leith an Bhuiséid Chomhphobail do 1979.


5. Déantar fáltais ó dhleachtanna custam agus ó thobhaigh thalmhaíochta a thabhairt chun cuntais sa Státchiste mar ioncam cánach; is muirear ar an bPríomh-Chiste ranníoc buiséid na hÉireann i.e. is buan-mhuirear ar ioncam an Stáit é agus ní gá do Dháil Éireann é a vótáil chuile bhliain; agus déantar an t-aisíoc 10 faoin gcéad i leith costas bailiúcháin a chreidiúnú don Státchiste mar ioncam neamhchánach. An chuid sin dár gcuid ranníoc is inaisíochta faoi Airteagal 131 agus nach dtarlóidh arís tar éis na bliana seo, déileáltar leis mar idirbheart caipitiúil de chuid an Státchiste.


6. Ó 1980 amach, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag forálacha idirthréimhseacha. Ní mór do na Ballstáit uile, agus Éire ina measc, freastal dá ndliteanas iomlán faoin gcóras acmhainní dílse. Maidir leis an athrú ó ranníocaí atá ceangailte leis an olltáirgeacht náisiúnta go dtí acmhainní dílse CBL i 1980, cé is moite ar fad de dheireadh a chur leis na forálacha idirthréimhseacha, tiocfaidh méadú dá chionn ar ranníocaí buiséid na hÉireann.


Ionchas Buiséadachta

7. Mar is léir don Choimisiún ní dhéantar dleachtanna custam ná tobhaigh thalmhaíochta a thobhach go sonrach chun an buiséad Comhphobail a mhaoiniú. Is mó de chuspóirí eacnamaíochta agus polaitiúla ná de chuspóirí airgeadais atá le dleachtanna custaim agus ar aon nós tá fáltais ón bhfoinse seo as dul i laghad dáiríre. Is é príomh-chríoch na dtobhach talmhaíochta an comhbheartas talmhaíochta a chur i ngníomh agus bíonn a dtoradh neamhsheasmhach agus éiginnte mar gheall ar iad a bheith ag brath ar athruithe trádála, praghsanna agus airgeadaíochta. Dá bhrí sin ní mór don Chomhphobal bheith ag brath ar CBL thar aon fhoinse eile chun freastal don chaiteachas atá ag dul i méid. Ach tá ráta CBL an Chomhphobail ag druidim cheana féin leis an uasteorainn 1 faoin gcéad a leagadh síos sa Chinneadh ón gComhairle dar dáta 21 Aibreán 1970. 0.72 faoin gcéad an ráta do na Ballstáit sin a bhfuil acmhainní dílse CBL i ngníomh acu i 1979 agus, de réir na meastachán is déanaí ón gCoimisiún, sroichfear an uasteorainn 1 faoin gcéad i 1981. Measann an Coimisiún gurb é a tharlóidh nuair a shroichfear an uasteorainn 1 faoin gcéad, nach mbeidh an méadú bliantúil réamh-mheasta ar na hacmhainní dílse atá ann de bharr buacachta leor-dhóthanach chun coinneáil suas leis an gcaiteachas réamh-mheasta. Ina theannta sin, i réamhmheastacháin caiteachais an Choimisiúin do 1980 agus 1981, níl foráil ar bith maidir le caiteachas breise de bharr fhairsingiúchán an Chomhphobail agus athnuachan Choinbhinsiún Lomé.


8. Mura nglactar leis go gcuirfidh an t-ioncam ó na hacmhainní dílse atá ar fáil teorainn fhorlámhach le caiteachas an Chomhphobail is léir go mbeidh gá le hioncam breise i ndiaidh 1981. Tá foinse airgid ann do bheart Comhphobail i ndáil le hinfheistíocht agus lean-iasachtú, eadhon, iasachtaí a fháil, ach diúltaíonn an Coimisiún, agus an ceart aige dar leis an gComhchoiste, do mhaoiniú easnaimh mar bheart chun freastal do chaiteachas reatha. Mar gheall ar na deacrachtaí polaitiúla a bhainfeadh leis tá an Coimisiún in aghaidh iompó arís ar ranníocaí díreacha airgid ó Bhallstáit. Tá an Comhchoiste ar aon fhocal go mbeadh a leithéid de bheart ar neamhréir leis na Conarthaí ó thaobh ábhair agus brí dóibh. B’fhearr leis an gCoimisiún acmhainn dhílis nua a aimsiú. Toisc gur cheist chonspóideach ó thaobh polaitíochta í an cheist seo tá sé beartaithe aige barúlacha na mBallstát a fháil sula gcuireann sé togra foirmiúil isteach. Dá bhrí sin is cineál páipéir díospóireachta an doiciméad faoi láthair.


Cumas Inchánaithe

9. Maidir le cothromas i maoiniú Comhphobail tá sásra ann cheana féin (ar a dtugtar “Sásra Bhaile Átha Cliath”) a oibrítear trí thaobh an chaiteachais den bhuiséad agus faoinar féidir íocaíochtaí a dhéanamh leis na Ballstáit sin a bhfuil ualach díréireach ar a gcuid geilleagair i ndáil le maoiniú an Bhuiséid. I dtreo is go mbainfidís sochar as an sásra sin, áfach, níor mhór do Bhallstáit critéir gheilleagair áirithe a chomhlíonadh. Cé gur cosúil go sasódh Éire formhór na gcritéar sin, ní féidir in aon chás aisíoc a thabhairt do Bhallstát is glan-tairbhí ón mBuiséad. De réir an Cambridge Economic Policy Review dar dáta Aibreán 1979 is glan-tairbhí bliantúil Éire ón mBuiséad go feadh méid £254,000,000. Dá bhrí sin ní bhainfeadh an sásra le hÉirinn. Ardaíonn páipéar an Choimisiúin an cheist ar chóir ar mhaithe lena chinntiú go leathnófaí ualach an mhaoinithe Chomhphobail go cothrom, ar chóir go mbeadh socrú sna leasuithe ar chóras na n-acmhainní dílse is gá le haghaidh acmhainn bhuiséadachta nua, á fhoráil gur cheart freisin dliteanais Ballstát faoin gcóras a bheith i gcoibhneas lena gcumas íoca (i.e. coincheap an chumais inchánaithe). Ós rud é nárbh fhéidir teacht ar acmhainn dhílis nua de ghné fhioscach a dhéanfadh ann féin dliteanais iomlána na mBallstát faoin gcóras a thabhairt ar chomhrian le scála an chumais inchánaithe a roghnófaí, theastódh sásra speisialta ar thaobh na n-acmhainní den Bhuiséad. D’fhéadfadh an sásra sin ranníocaí Ballstát a chur i mbaint go díreach lena n-ioncam, abair—i.e. coincheap an chumais inchánaithe a fheidhmiú go neamh-chúlaitheach. De rogha air sin d’fhéadfaí feidhm a bhaint as chun acmhainní a athdháileadh idir Ballstáit i.e. thabharfadh na Ballstáit is láidre geilleagar ranníocaí níos airde, agus iad ag ardú i gcónaí, ná na Ballstáit is laige.


Foinsí Ioncaim Bhreise a d’fhéadfaí a úsáid

10. Measann an Coimisiún gurbh inmhianaithe maidir le haon acmhainn dhílis (a) go dtoibheofaí ar bhonn comhchuibhithe cánach í, (b) go bhféadfaí í a chur i bhfeidhm go fairsing, (c) go mbeadh toradh ard buacach uirthi, (d) nach mbeadh ach an deis ba lú ann í a sheachaint agus (e) go mbeadh sí simplí le riaradh.


11. Déanann an Coimisiún breithniú ina pháipéar ar na foinsí seo a leanas mar fhoinsí ioncaim bhreise:


(a)Cánacha Indíreacha


(i) CBL, (ii)Dleachtanna toitíní, (iii)Dleachtanna alcóil,


(b)Cánacha Díreacha


(i) Cáin Chorparáide, (ii) Cáin Ioncaim, (iii) Cáin Fhuinnimh.


Bheadh an Coimisiún áfach níos mó i bhfábhar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: ardú ar ráta CBL an Chomhphobail, is é sin, an uasteorainn 1 faoin gcéad atá le CBL a ardú; cuid den cháin atá ar pheitreal a aistriú chuig an gComhphobal; nó cuid den cháin atá ar thoitíní a aistriú. Cé is moite de CBL agus dleachtanna toitíní, is beag, más ann, an comhchuibhiú atá déanta ar na bunaidh cánach eile. Tá comhchuibhiú déanta cheana féin ar an mbunadh CBL faoin Séú Treoir agus is dóigh leis an gCoimisiún go bhfuil na dleachtanna atá á bhforchur ag Ballstáit ar thoitíní comhchuibhithe go leor le go n-úsáidfí iad sin mar acmhainn dhílis. Measann an Coimisiún go bhféadfaí cáin Chomhphobail ar pheitreal a chosaint ó thaobh beartas fuinnimh de. Is é a thuairim freisin go bhféadfaí sásra feabhais a bheadh bunaithe ar chumais inchánaithe a chur i bhfeidhm chun coigeartú a dhéanamh ar thionchar ginearálta na bhfáltas uile (seachas dleachtanna custam agus tobhaigh thalamhaíochta) agus molann sé mar aidhm dó sin neamh-chúlú (gan ligean do na difríochtaí geilleagair atá ann faoi láthair dul in olcas) nó dul chun cinn (na difríochtaí sin a laghdú).


Barúlacha an Chomhchoiste

12. Is é tuairim an Chomhchoiste go bhfuil ní amháin i mionscrúdú an Choimisiúin nach bhfuil dul uaidh agus is é sin go mbeidh foinse nua ioncaim ag teastáil ón gComhphobal i ndiaidh 1981. Ní bheadh sé oiriúnach fiú amháin sa ghearrthéarma, dar leis an gCoiste, easnaimh sa bhuiséad a chúiteamh le hiasachtaí agus ní bheadh sé ciallmhar, ó thaobh polaitíochta nó forbartha, iompó arís ar chóras ranníocaí ó Bhallstáit. Tagann an Coiste le tátal an Choimisiúin mar sin gur chóir don Chomhphobal acmhainn dhílis nua a fháil.


13. Aontaíonn an Coiste leis an gCoimisiún go bhfuil sé tábhachtach, le linn breithniú a dhéanamh ar na foinsí ioncaim a bhféadfadh an Comhphobal úsáid a bhaint astu, aird chuí a thabhairt ar chumhachtaí buiséadachta Pharlaimint na hEorpa. Is le caiteachas buiséadachta is mó a bhaineann cumhachtaí na Parlaiminte. Tar éis na ndíorthoghchán is ag ionadaithe tofa a bheidh an chumhacht faoi dheireadh maidir le réimsí tábhachtacha de chaiteachas an Chomhphobail. Níor chóir, dar leis an gCoiste, go mbeadh an t-ioncam le haghaidh an chaiteachais sin ag brath ar chinntí a dhéanfadh Ballstáit ó am go ham.


14. An ní ba mhó tábhacht, áfach, le linn acmhainn dhílis nua a thabhairt isteach, dar leis an gCoiste, aird chuí ar chumas inchánaithe. Ar mhaithe le comhghréamú níos fearr sa Chomhphobal creideann an Coiste gur chóir aon cháin nua a thobhach sa tslí gur chabhair é chun na difríochtaí geilleagair idir Ballstáit a laghdú.


15. Mar gheall ar a laghad comhchuibhiúcháin atá déanta go dtí seo, tá teorainn de riachtanas leis na foinsí is féidir a úsáid le haghaidh an ioncaim bhreise is gá. Dealraíonn sé don Choiste faoi láthair gurbh í an fhoinse ioncaim bhreise ab oiriúnaí ardú éigin ar ráta CBL an Chomhphobail arna thobhach de réir sásra ceartaithe chuí. B’fhearr leis an gCoiste áfach moladh grinnmheasta uaidh a chur siar go dtí go mbeidh deis aige scrúdú a dhéanamh i dtráth cuí ar thograí foirmiúla an Choimisiúin.


16. Is é tuairim an Choiste gur chóir dul go práinneach anois i mbun na ceiste seo faoi mhaoiniú an Chomhphobail san am le teacht. Tá an Chomhairle ar aon fhocal cheana féin ó thaobh prionsabail de gur gá acmhainní breise a chur ar fáil chun freastal do riachtanais fairsingiúcháin. Toisc críoch a bheith leis na caibidlí leis an nGréig ní fada go mbeidh ar an gComhairle dul i mbun gnímh maidir lena hoibleagáidí. Ós rud é go mbeidh Uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn ón 1 Iúil 1979 measann an Coiste gur cóir leas a bhaint as an Uachtaránacht sin chun cinneadh a lorg go luath ar an scéal seo.


Buíochas

17. Le linn dó breithniú a dhéanamh ar dhoiciméad an Choimisiúin chuaigh an Comhchoiste i gcomhairle le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, le Cónaidhm Thionscail na hÉireann, le Comhar Ceardchumann na hÉireann, le Coiste Comhairleach Monaróirí Tobac na hÉireann agus leis an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Is mian leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil leo as an gcúnamh a fuair sé.


(Sínithe) MICHEÁL Ó NUANÁIN,


Leas-Chathaoirleach an Chomhchoiste.


30 Bealtaine, 1979.


* Tar éis an t-aisíoc faoi Airteagal 131 den Ionstraim Aontachais a chur san áireamh.